EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Aisghabháil gal peitril le linn stórála

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 94/63/CE – maidir le rialú astaíochtaí de chomhdhúile soghalaithe orgánacha (CSO) a thagann ó stóráil peitril agus óna dháileadh ó theirminéil go stáisiúin seirbhíse

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Is é is aidhm léi laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí ó chomhdhúile so-ghalaithe orgánacha i ngeall ar ghalú peitril sa slabhra stórála agus dáileacháin breoslaí.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Cumhdaítear sa treoir seo na hoibríochtaí, na fearais, na feithiclí agus na soithigh a úsáidtear le haghaidh stóráil, lódáil agus iompar peitril ó theirminéal amháin go teirminéal eile nó ó theirminéal go stáisiún seirbhíse.
  • Leagtar síos sa treoir sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe maidir le dearadh agus úsáid:
    • fearais stórála ag teirminéil;
    • trealamh chun gabhdáin shoghluaiste a lódáil agus a dhílodáil ag teirminéil;
    • gabhdáin shoghluaiste;
    • trealamh do lódáil isteach i bhfearais stórála ag stáisiúin seirbhíse.
  • Leagtar síos tréimhsí idirthréimhseacha le haghaidh na sonraíochtaí sin a chur chun feidhme.
  • Féadfaidh tíortha AE bearta níos doichte a choimeád nó a éileamh ná na cinn atá leagtha síos sa treoir ar fud a gcríocha nó i limistéir gheografacha i gcás go bhfuil sé cinnte gur gá bearta dá leithéid chun sláinte an duine nó an comhshaol a chosaint.
  • Déantar foráil sa treoir chun na hIarscríbhinní a oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 20 Eanáir 1995. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 1995

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 94/63/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le rialú astaíochtaí de chomhdhúile soghalaithe orgánacha (CSO) a thagann ó stóráil peitril agus óna dháileadh ó theirminéil go stáisiúin seirbhíse (IO L 365, 31.12.1994, lgh. 24-33)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 94/63/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2009/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 le maidir le gal pheitril Céim II a aisghabháil le linn mótarfheithiclí a athbhreoslú i stáisiúin pheitril (IO L 285, 31.10.2009, lgh. 36-39)

Féach an leagan comhdhlúite

Nuashonraithe 13.02.2017

Top