EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cóireáil dramhuisce uirbigh

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 91/271/CEE – cóireáil dramhuisce uirbigh

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Dírítear léi ar an timpeallacht san Aontas Eorpach AE) a chosaint ar éifeachtaí díobhálacha (amhail eotrófú*) an dramhuisce uirbighagus
  • leagtar amach inti rialacha a chuirtear i bhfeidhm ar fud AE maidir le bailiú, le cóireáil agus le sceitheadh dramhuisce. Pléitear sa dlí freisin le dramhuisce a thagann ó thionscail amhail tionscail agrai-bhia (próiseáil bia agus grúdaireacht mar shampla).

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Bíonn ar thíortha AE:
    • dramhuisce a bhailiú agus a chóireáil i lonnaíochtaí uirbeacha a bhfuil 2,000 duine ar a laghad ina gcónaí iontu, agus cóireáil thánaisteach* a dhéanamh ar an dramhuisce a bhailítear;
    • ardchóireáil a chur i bhfeidhm i lonnaíochtaí uirbeacha a bhfuil 10,000 duine ar a laghad ina gcónaí iontu, lonnaíochtaí atá suite i limistéir íogaire*;
    • a chinntiú go ndéantar gléasraí cóireála a chothabháil i gceart ionas go bhfeidhmeoidh siad go leordhóthanach agus gur féidir iad a oibriú faoi ghnáthchoinníollacha aimsire;
    • bearta a dhéanamh chun an méid uisce stoirme a theorannú a théann isteach in uiscí glactha i gcúinsí foircneacha, amhail báisteach atá níos troime ná mar is gnách;
    • monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht na ngléasraí cóireála agus na n-uiscí glactha;
    • monatóireacht a dhéanamh ar dhiúscairt agus ar athúsáid sloda mhúnlaigh.
  • De bhreis ar léargas ginearálta a thabhairt ar mhodhanna monatóireachta agus measúnaithe torthaí, liostaítear in Iarscríbhinn I na riachtanais ghinearálta le haghaidh:
    • córas bailiúcháin,
    • sceití ó ghléasraí cóireála le haghaidh dramhuisce uirbigh, lena n-áirítear a dteorainneacha silte,
    • dramhuisce thionsclaíoch a ligtear isteach i gcórais bhailiúcháin uirbeacha.
  • Déantar cur síos in Iarscríbhinn II ar na critéir a úsáidtear chun limistéir íogaire agus limistéir níos lú íogair a aithint.
  • Sonraítear sa tuarascáil is déanaí atá ar fáil ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an stádas cur chun feidhme agus cláir chur chun feidhme, a foilsíodh in 2016, go raibh ról riachtanach ag an treoir seo maidir le feabhas a chur ar cháilíocht uiscí AE. Mar sin féin, tá roinnt bearnaí cur chun feidhme ann go fóill, go háirithe maidir leis an leibhéal cuí cóireála. Tá na hinfheistíochtaí a rinneadh go dtí seo agus na cinn atá beartaithe ag tíortha AE ina n-infheistíochtaí suntasacha, ach tá siad riachtanach chun an bhearna a luadh thuas a dhúnadh ach freisin chun comhlíontacht a choimeád. Lena chois sin, tá an cion substaintiúil atá curtha ag an earnáil dramhuisce uirbigh leis an bhfás eacnamaíoch agus cruthú post ina chion suntasach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH??

Ón 29 Bealtaine 1991, le spriocdhátaí éagsúla do na riachtanais éagsúla. Sa bhliain 1998, ghlac an Coimisiún le Treoir 98/15/CE chun cuid de na rialacha a shoiléiriú a bhí á léamh go difriúil ag tíortha difriúla. Cuireadh an treoir seo i ngníomh an 27 Márta 1998. Tá spriocdhátaí eile ag na tíortha a tháinig leis an Aontas Eorpach ó 2004 ar aghaidh. Sonraítear na spriocdhátaí sin sna Conarthaí Aontachais leis na tíortha lena mbaineann.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Eotrófú: saibhriú uisce le cothaithigh — amhail cumaisc fosfair agus nítrigine — rud a chuireann isteach ar chothromaíocht orgánach an uisce agus ar chaighdeán an uisce i gcoitinne.

Cóireáil thánaisteach: próiseas a bhaineann le cóireáil bhitheolaíoch de ghnáth, chun go gcomhlíonfar na ceanglais in Iarscríbhinn I den Treoir.

Limistéir íogaire: uiscí nádúrtha a bhíonn eotrófach nó a d’fhéadfadh bheith eotrófach sula i bhfad mura ndéantar beart cosanta, nó na cinn a dteastaíonn ardchóireáil a dhéanamh orthu chun treoracha AE eile a chomhlíonadh (e.g. an Treoir um Uisce Snámha).

PRÍOMHDHOICMÉAD

Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil dramhuisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lgh. 40–52)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 91/271/CEE a chorprú isteach sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/431/AE ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2014 maidir le formáidí tuairiscithe le haghaidh na gclár náisiúnta a bhaineann le Treoir 91/271/CEE ón gComhairle a chur i bhfeidhm (IO L 197, 4.7.2014, lgh. 77–86)

Tuarascáil ón gCoimisiún — Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil dramhuisce uirbigh a chur i bhfeidhm, arna leasú le Treoir 98/15/CE ón gCoimisiún an 27 Feabhra 1998 — Achoimre ar na bearta arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit agus measúnú ar an bhfaisnéis a fuarthas de bhun Airteagal 17 agus 13 den Treoir (COM(98) 775 final, an 15.1.1999)

Tuarascáil ón gCoimisiún — Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil dramhuisce uirbigh a chur i bhfeidhm, arna leasú le Treoir 98/15/CE ón gCoimisiún an 27 Feabhra 1998 (COM(2001) 685 final, an 21.11.2001)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil dramhuisce uirbigh a chur i bhfeidhm, arna leasú le Treoir 98/15/CE ón gCoimisiún an 27 Feabhra 1998 (COM(2004) 248 final, an 23.4.2004)

Doiciméad Inmheánach Oibre ón gCoimisiún — Doiciméad a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — “I dTreo Bainistíochta Inbhuanaithe Uisce san Aontas Eorpach” — An chéad chéim de chur i bhfeidhm na Creat-Treorach Uisce 2000/60/CE [COM(2007) 128 final] [SEC(2007) 363] (SEC(2007) 362 final, an 22.3.2007)

Doiciméad Oibre Foirne ón gCoimisiún — An cúigiú suirbhé ón gCoimisiún i ndáil leis an Treoir maidir le Cóireáil Dramhuisce Uirbigh a chur i bhfeidhm (SEC(2009) 1114 final, an 3.8.2009)

Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin — An 6ú Achoimre ón gCoimisiún i ndáil leis an Treoir maidir le Cóireáil Dramhuisce Uirbigh a chur i bhFeidhm (SEC(2011) 1561 final, an 7.12.2011)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Seachtú tuarascáil ón gCoimisiún i ndáil leis an Treoir maidir le Cóireáil Dramhuisce Uirbigh a chur i bhFeidhm 91/271/CEE) (COM(2013) 574 final, 7.8.2013)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Ochtú Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le Stádas Cur Chun Feidhme agus Cláir um Chur Chun Feidhme (mar a cheanglaítear le hAirteagal 17) Threoir 91/271/CEE ón gComhairle maidir le cóireáil dramhuisce uirbigh (COM(2016) 105 final, 4.3.2016)

Nuashonraithe 13.02.2017

Top