EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rún ón gComhairle Eorpach maidir le comhordú na mbeartas eacnamaíoch

 

ACHOIMRE AR:

Rún ón gComhairle Eorpach maidir le comhordú na mbeartas eacnamaíoch in AEA

CAD IS AIDHM LEIS AN RÚN?

  • Léirítear leis gealltanas foirmiúil na Comhairle Eorpaí maidir le forálacha an Chonartha a urramú i gcomhthéacs faireachas agus comhordú a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha.
  • Neartaítear leis chomh maith comhoibriú i ngníomh, idir tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) a roinneann an t-airgeadra aonair (i measc nithe eile trí Ghrúpa Euro neamhfhoirmiúil a chur ar bun) agus idir na tíortha sin agus na tíortha nach bhfuil rannpháirteach.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Roinnfidh na tíortha i limistéar an euro beartas airgeadaíochta aonair agus ráta malairte aonair, agus beidh na gnéithe eile den bheartas eacnamaíoch fós ina gceisteanna náisiúnta. A mhéid is a bheidh tionchar ag forbairtí náisiúnta eacnamaíocha ar na dálaí airgeadaíochta i limistéar an euro, beidh gá le faireachas agus comhordú níos dlúithe a dhéanamh ar na beartais eacnamaíocha i measc tíortha i limistéar an euro.
  • Ní mór do gach tír AE, lena n-áirítear na tíortha nach ndeachaigh isteach i limistéar an euro (an Danmhairg, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe (1)) a chur san áireamh i gcomhordú na mbeartas eacnamaíoch, toisc go bhfuil siad go léir páirteach sa mhargadh aonair agus féadfaidh siad páirt a ghlacadh chomh maith imeicníocht an ráta malairte.
  • Ba cheart go gcumhdófar na réimsí seo a leanas faoi fhaireachas agus comhordú feabhsaithe:
    • forbairtí maicreacnamaíocha i dtíortha AE agus forbairt an ráta malairte don euro;
    • staideanna agus beartais bhuiséadacha;
    • beartais struchtúracha margaí saothair, táirgí agus seirbhísí, chomh maith le treochtaí costas agus praghsanna.
  • Ní mór don chomhordú cloí le prionsabal na coimhdeachta.
  • Chun feidhmiú rianúil an aontais eacnamaíochta agus airgeadaíochta (AEA) a chinntiú, ba cheart treoirlínte níos nithiúla agus níos sonraí le tír a sholáthar sna treoirlínte ginearálta maidir le beartais eacnamaíocha agus iad a bheith dírithe níos mó ar bhearta chun feabhas a chur ar an acmhainneacht fáis agus poist a chruthú.
  • Ní mór do thíortha AE iad féin a thiomnú do mhalartú faisnéise cuimsitheach agus tapa maidir le forbairtí eacnamaíocha agus cuspóirí beartais lena bhfuil tionchar trasteorann, fiú mura bhfuil an baol ann go rachadh an staid bhuiséadach in olcas. Óna taobh féin de, d’fhéadfadh an Chomhairle mian níos mó a léiriú chun dul i ngleic le moltaí na dtíortha nach bhfuil a mbeartais eacnamaíocha ag teacht leis na treoirlínte ginearálta.
  • Tá an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) sa staid shainithe ag croílár an phróisis um chomhordú agus um chinnteoireacht eacnamaíoch. Cibé cúrsaí comhleasa a phléifear, déanfaidh airí gach tíre AE iad a phlé. Féadfaidh airí na dtíortha atá rannpháirteach i limistéar an euro, áfach, teacht le chéile ar bhonn neamhfhoirmiúil eatarthu féin chun plé a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann lena bhfreagrachtaí sonracha comhroinnte don airgeadra aonair (tagann bunú seo na n-airí le chéile an lá roimh chruinniú Chomhairle ECOFIN de ghnáth).
  • Toisc go gcaithfidh an Chomhairle monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt ráta malairte an euro, tá sé tábhachtach go mbeadh sí ábalta dearcthaí agus faisnéis a mhalartú leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE). Féadfaidh sí, i gcúinsí eisceachtúla, treoirlínte ginearálta a cheapadh do bheartas ráta malairte i ndáil le hairgeadraí neamh-AE. Ní mór dóibh sin neamhspleáchas an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais a urramú agus a bheith comhsheasmhach le príomhchuspóir CEBC, is é sin cobhsaíocht praghsanna a choimeád.
  • Ba cheart don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoi staid AE maidir le ceisteanna a bhaineann go sonrach le AEA, i ndáil le caidreamh déthaobhach le tíortha AE agus imeachtaí in eagraíochtaí idirnáisiúnta nó grúpála neamhfhoirmiúla idirnáisiúnta. Ní féidir ach le tíortha limistéar an euro páirt a ghlacadh sna vótaí.
  • Déanfaidh an Chomhairle agus an Banc Ceannais Eorpach ionadaíocht do AE ar leibhéal idirnáisiúnta agus i gcomhréir le leithdháileadh na gcumhachtaí arna leagan síos sa Chonradh. Maidir le gnéithe beartas eacnamaíoch seachas an beartas airgeadaíochta agus ráta malairte, ba cheart do thíortha AE leanúint lena mbeartais a chur i láthair lasmuigh de chreat an Chomhphobail, agus leas AE á chur san áireamh go hiomlán.
  • Ba cheart ionadaíocht in eagraíochtaí idirnáisiúnta rialacha na n-eagraíochtaí sin a chur san áireamh. Mar shampla, ní féidir ach le tíortha a bheith ina gcomhaltaí den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.
  • I bhfianaise leithdháileadh na bhfreagrachtaí atá leagtha síos sa Chonradh, beidh gá le hidirphlé leanúnach le haghaidh fhorbairt chomhchuí eacnamaíoch AE idir an Chomhairle agus BCE, ina mbeidh an Coimisiún Eorpach bainteach agus gach gné de neamhspleáchas CEBC a urramú.
  • Soláthróidh an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais an creat faoina mbeifear ábalta an t-idirphlé a ullmhú agus a shaothrú ar leibhéal oifigiúil sinsearach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rún ón gComhairle Eorpach an 13 Nollaig 1997 maidir le comhordú na mbeartas eacnamaíoch i gcéim 3 de AEA agus ar Airteagail Chonartha 109 agus 109b de Chonradh CE (IO C 35, 2.2.1998, lgh. 1–4)

Nuashonraithe 21.02.2017



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top