EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gné cheartaitheach: an nós imeachta um easnamh iomarcach

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle — cur i bhfeidhm nós imeachta um easnamh iomarcach a ghéarú agus a shoiléiriú

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?

Cuid lárnach de dhisciplín buiséadach an Aontais Eorpaigh (AE) is ea an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF). Rialaítear an nós imeachta um easnamh iomarcach le gné cheartaitheach an chomhshocraithe. Tacaíonn an nós imeachta um easnamh iomarcach le heasnaimh phoiblí iomarcacha nó le fiachas poiblí iomarcach a cheartú go pras.

Féachtar leis an rialachán an nós imeachta um easnamh iomarcach a shoiléiriú agus a ghéarú faoi Airteagal 126 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Má theipeann ar thír AE cloí leis an disciplín buiséadach a éilítear faoin CCF, feadfar nós imeachta um easnamh iomarcach, a chuimsíonn roinnt céimeanna, a chur i bhfeidhm maidir leis an tír sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tús a chur leis an nós imeachta

Faoin CCF, spreagtar an nós imeachta um easnamh iomarcach bunaithe ar chritéir easnaimh agus fiachais:

  • Critéar easnaimh: más rud é go bhfuil easnamh ginearálta an rialtais níos airde ná an luach tagartha de 3 % den Olltáirgeacht Intíre (OTI), ag praghsanna margaidh, meastar go bhfuil easnamh iomarcach ann; nó
  • Critéar fiachais: fiachas níos airde ná 60 % den OTI; theip ar an tír freisin an sprioc chun an fiachas a laghdú faoi fhichiú cuid gach bliain, a bhaint amach le trí bliana anuas.

Céimeanna an nós imeachta

  • ullmhaíonn an Coimisiún Eorpach tuarascáil faoin tír AE a bhfuil na teorainneacha sonracha easnaimh nó fiachais sáraithe aici, agus déantar measúnú sa tuarascáil sin ar cibé an ndéanfar nó nach ndéanfar nós imeachta um easnamh iomarcach a sheoladh;
  • ansin, má mheasann an Coimisiún go bhfuil fiachas iomarcach ann, seolann sé fógra chuig an tír atá faoi thrácht agus cuireann sé an Chomhairle ar an eolas;
  • ar thogra ón gCoimisiún, cinneann an Chomhairle trí thromlach cáilithe cibé an easnamh iomarcach atá ann, ag breathnú ar bhreathnóireachtaí na tíre lena mbaineann;
  • má chinneann an Chomhairle go bhfuil easnamh iomarcach ann, tugann sí moltaí don tír agus leagann sí uasteorainn ama amach chun gníomh éifeachtach a dhéanamh (3 nó 6 mhí);
  • má theipeann ar an tír go fóill na moltaí a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle fógra foirmiúil a thabhairt di chun bearta a ghlacadh a laghdódh an t-easnamh laistigh de thréimhse ama shonraithe;
  • mura gcloíonn an tír le cinntí na Comhairle, féadfaidh an Chomhairle smachtbhannaí a chur i bhfeidhm.

Smachtbhannaí

Mura laghdaítear an t-easnamh, cuirfear smachtbhannaí i bhfeidhm. I gcás tíortha i limistéar an euro, cuirtear na smachtbhannaí sin i bhfeidhm ar bhonn céimneach, ag tosú le:

  • hoibleagáid chun taisce úsmhar de 0.2 % den OTI a chur i dtaisce leis an gCoimisiún sa chéim choisctheach;
  • hoibleagáid chun taisce neamhúsmhar de 0.2 % den OTI a chur i dtaisce sa chéim cheartaitheach. Mura gcloítear leis na moltaí chun an t-easnamh iomarcach a cheartú, tiontófar an éarlais sin i bhfíneáil de 0.5 % nó níos lú den OTI.

Ina theannta sin, féadfar ceangaltais nó íocaíochtaí de Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta AE a chur ar fionraí do na tíortha AE uile (ach amháin an Ríocht Aontaithe (1)). Cuirtear pionóis i bhfeidhm freisin i gcás cúblála staitistiúla.

Córas vótála

Déantar cinntí faoin gcuid is mó de smachtbhannaí, faoin nós imeachta um easnamh iomarcach, trí thromlach cáilithe aisiompaithe. Ciallaíonn sé sin go meastar go nglactar le fíneáil ach amháin má chinneann an Chomhairle trí thromlach cáilithe go ndiúltófar di.

Thairis sin, d’aontaigh na 25 thír a shínigh an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas go gcuirfidís vótáil trí thromlach cáilithe aisiompaithe i bhfeidhm níos luaithe arís sa nós imeachta, mar shampla nuair a dhéantar cinneadh maidir le nós imeachta um easnamh iomarcach a chur i bhfeidhm ar thír AE.

Solúbthacht CCF

I mí Eanáir 2015, d’fhoilsigh an Coimisiún teachtaireacht a thugann treoir do thíortha AE maidir le leas a bhaint as solúbthacht na rialacha reatha sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. Rinneadh é sin chun na gcríoch seo a leanas: chun cur i bhfeidhm éifeachtach na n-athchóirithe struchtúrtha a spreagadh, chun infheistíocht a chur chun cinn agus chun staid eacnamaíoch gach tíre AE a chur san áireamh níos fearr.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?

Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 1 Eanáir 1999.

CÚLRA

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le cur i bhfeidhm nós imeachta um easnamh iomarcach a ghéarú agus a shoiléiriú (IO L 209, 2.8.1997, lgh. 6-11)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Rialachán (CE) Uimh. 1467/97. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1173/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le faireachas buiséadach a fhorfheidhmiú go héifeachtach sa limistéar euro (IO L 306, 23.11.2011, lgh. 1-7)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta: An úsáid is fearr a bhaint as solúbthacht na rialacha reatha sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (COM(2015) 12 final an 13.1.2015)

Nuashonraithe 22.02.2016



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top