This document is an excerpt from the EUR-Lex website
E-commerce - standard EU rules
Rialacha caighdeánacha AE maidir le ríomhthráchtáil
Rialacha caighdeánacha AE maidir le ríomhthráchtáil
Rialacha caighdeánacha AE maidir le ríomhthráchtáil
ACHOIMRE AR:
Treoir 2000/31/CE — ríomhthráchtáil in AE
ACHOIMRE
CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR?
Faoin treoir seo, cuirtear rialacha caighdeánacha ar bun san Aontas Eorpach (AE) maidir le saincheisteanna éagsúla a bhaineann le ríomhthráchtáil.
PRÍOMHPHOINTÍ
Cumhdaíonn an treoir seirbhísí ar líne, lena n-áirítear:
— |
seirbhísí nuachta (amhail láithreáin ghréasáin nuachta);
|
— |
díol (leabhair, seirbhísí airgeadais, seirbhísí taistil, srl.);
|
— |
fógraíocht;
|
— |
seirbhísí gairmiúla (dlíodóirí, dochtúirí, gníomhairí eastáit);
|
— |
seirbhísí siamsaíochta;
|
— |
bunseirbhísí idirmheánacha (seirbhísí Idirlín, óstáil agus tarchur faisnéise);
|
— |
seirbhísí saor in aisce a mhaoinítear le fógraíocht, le hurraíocht, srl.
|
Leagtar amach sa treoir an prionsabal nach ndéantar rialú ar oibreoirí na seirbhísí sin (maidir le húsáid agus le lorg na seirbhísí) ach sa tír AE ina bhfuil a gceanncheathrú cláraithe — ní dhéantar rialú orthu sa tír AE ina bhfuil a gcuid freastalaithe, seoltaí ríomhphoist nó boscaí poist.
Ní mór do rialtais náisiúnta a chinntiú go ndéanann oibreoirí faisnéis bhunúsach a fhoilsiú, i bhformáid bhuan inrochtana, faoina gcuid gníomhaíochtaí (ainm, seoladh, uimhir chláraithe trádála, srl.).
Fógraíocht
Ní mór do rialtais náisiúnta a chinntiú go leantar rialacha áirithe maidir le fógraíocht:
— |
is soiléir go bhfuil fógraíocht i gceist;
|
— |
is féidir an duine nó an chuideachta atá freagrach as an bhfógra a aithint go soiléir;
|
— |
is féidir tairiscintí, cluichí nó comórtais bholscaireachta a aithint go soiléir; agus tá na coinníollacha inrochtana go héasca agus curtha i láthair i dtéarmaí soiléire simplí.
|
Turscar
Ní mór a bheith ábalta ríomhphost neamhiarrtha (“turscar”) a aithint go soiléir freisin. Ní mór do chuideachtaí a sheolann ríomhphoist turscair amach breathnú go rialta ar “chláir dhíliostála” agus cloí leis na cláir sin. Is féidir le daoine nach mian leo ríomhphoist dá leithéid a fháil a n-ainmneacha a chur síos ar na cláir sin.
Conarthaí ar líne
Ní mór an stádas dlíthiúil céanna a thabhairt do chonarthaí leictreonacha is a thugtar do chonarthaí páipéir i ngach tír AE.
Ní mór na rudaí seo a leanas a bheith mínithe go soiléir freisin, i dtéarmaí soiléire intuigthe, sna conarthaí sin:
— |
na céimeanna teicniúla atá le leanúint ag tomhaltóirí chun an conradh a chur i gcrích;
|
— |
cibé an ndéanfar an conradh a chomhdú ag soláthraí na seirbhíse agus cibé an mbeidh tomhaltóirí ábalta amharc air níos déanaí;
|
— |
conas is féidir le tomhaltóirí earráidí clóscríofa a aithint agus a cheartú sula gcuirfidh siad ordú isteach;
|
— |
na teangacha inar féidir an conradh a shíniú.
|
Ní mór do thomhaltóirí a bheith ábalta conarthaí agus coinníollacha ginearálta a shábháil agus a phriontáil.
Féach freisin Treoir 2011/83/AE maidir le cearta tomhaltóirí.
Orduithe ar líne
Cuirtear na ceanglais seo a leanas i bhfeidhm maidir le horduithe ar líne:
— |
ní mór do sholáthraí na seirbhíse a dheimhniú go leictreonach (ríomhphost, ríomhtheachtaireacht eile) agus gan mhoill mhíchuí go bhfuarthas an t-ordú;
|
— |
meastar go bhfuarthas an t-ordú (nó deimhniú fáltais) nuair is féidir leis an díoltóir (tomhaltóir) é a rochtain.
|
Féach freisin Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe.
An reachtaíocht reatha a fhorghníomhú
Spreagtar féinrialú ag oibreoirí agus iarrachtaí comhrialála le rialtais sa treoir, mar shampla:
— |
cóid iompair ar leibhéal AE;
|
— |
córais ar líne maidir le malairt modhanna chun díospóidí a réiteach, go háirithe mura bhfuil an díoltóir agus an ceannaitheoir sa tír chéanna.
|
Ní mór do thíortha AE fadhbanna dlíthiúla ar líne a réiteach go tapa agus go héifeachtúil agus pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm.
Dliteanas na soláthraithe seirbhíse
Na soláthraithe seirbhísí ar líne a ghníomhaíonn mar sholáthraithe seirbhísí bealaigh, taiscthe nó óstála, ní bhíonn siad freagrach as an bhfaisnéis a tharchuirtear nó a óstáiltear, má chomhlíonann siad coinníollacha áirithe. Bíonn soláthraithe seirbhísí óstála díolmhaithe ó dhliteanas fad agus nach bhfuil:
— |
aon eolas acu ar ghníomhaíocht ná ar fhaisnéis neamhdhlíthiúil; agus
|
— |
má chuirtear ar an eolas iad faoin ngníomhaíocht nó faisnéis sin, fad agus a chuirtear beart i bhfeidhm acu ar an bpointe chun rochtain ar an bhfaisnéis a bhaint nó a dhíchumasú.
|
Ní féidir le rialtais náisiúnta aon oibleagáid ghinearálta mhonatóireachta a fhorchur ar na “hidirghabhálaithe” sin mar gheall ar an bhfaisnéis a sheolann siad agus a stórálann siad, chun gníomhaíocht neamhdhlíthiúil a chuardach agus a chosc.
CÚLRA
Treoir maidir le ríomhthráchtáil.
GNÍOMH
Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlíthiúla de sheirbhísí sochaí faisnéise, go háirithe an ríomhthráchtáil, sa Mhargadh Inmheánach (“Treoir maidir le ríomhthráchtáil”)
TAGAIRTÍ
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 2000/31/CE |
17.7.2000 |
16.1.2002 |
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a chur i bhfeidhm (an Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí) (IO L 364, 9.12.2004, lgh. 1–11)
Nuashonraithe 13.10.2015