EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Lipéadú coisbhirt

Cuireann lipéadú coisbhirt agus chomhpháirteanna an choisbhirt faisnéis ar fáil do thomhaltóirí, a chuireann ar a gcumas cinntí eolasacha ceannacháin a dhéanamh. Cabhraíonn an lipéadú freisin le tionscal an choisbhirt a chosaint ar iomaíocht éagórach agus cuireann sé feabhas ar fheidhmiú mhargadh inmheánach an Aontais Eorpaigh (AE).

GNÍOMH

Treoir 94/11/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Márta 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát, a bhaineann leis an hábhair a lipéadú a úsáidtear i bpríomhpháirteanna den choisbheart a dhíoltar leis an tomhaltóir

ACHOIMRE

Cuireann lipéadú coisbhirt agus chomhpháirteanna an choisbhirt faisnéis ar fáil do thomhaltóirí, a chuireann ar a gcumas cinntí eolasacha ceannacháin a dhéanamh. Cabhraíonn an lipéadú freisin le tionscal an choisbhirt a chosaint ar iomaíocht éagórach agus cuireann sé feabhas ar fheidhmiú mhargadh inmheánach an Aontais Eorpaigh (AE).

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

Leagtar síos sa treoir na rialacha maidir le lipéadú coisbhirt:

  • inneachar agus cruth an lipéid,
  • cé atá freagrach as an lipéadú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní gá ach na hábhair seo a leanas a shonrú ar an lipéad: ábhair a chumhdaíonn 80 % nó níos mó de limistéir dhromchla uachtar, líneáil agus stoca an choisbhirt, nó a chumhdaíonn 80 % nó níos mó de thoirt an bhoinn sheachtraigh. Murab ionann ábhar amháin agus 80 % nó níos mó den choisbheart, ní mór faisnéis faoin dá phríomhábhar a thabhairt ar an lipéad.
  • Ní mór faisnéis faoi na trí chomhpháirt seo a leanas a thabhairt ar an lipéad:
    • an t-uachtar,
    • an líneáil agus an stoca,
    • an bonn seachtrach.
  • Is féidir lipéad scríofa nó lipéad i bhfoirm picteagraim a úsáid.
  • Ní mór don lipéad a bheith infheicthe, ceangailte go daingean den choisbheart agus inrochtana.
  • Ní mór don lipéad a bheith:
    • priontáilte nó cabhartha ar an gcoisbheart, nó,
    • ceangailte den choisbheart trí, mar shampla, lipéad greamaitheach a úsáid, nó
    • greamaithe trí, mar shampla, ceanglóir nó sreang a úsáid.
  • Ní mór an lipéad a chur ar 1 as 2, ar a laghad, de chomhpháirteanna an phéire bróg, buataisí, srl.
  • Is iad na monaróirí AE atá freagrach as an lipéad a chur ar fáil agus as cruinneas an lipéid. Nuair a dhéantar an coisbheart a iompórtáil, is é an duine a chuireann an coisbheart ar an margadh AE atá freagrach as na riachtanais sin. Tá miondíoltóirí freagrach go fóill as a chinntiú go bhfuil an lipéad cuí ar an gcoisbheart atá á dhíol acu.
  • Sonraítear sna hiarscríbhinní:
    • sainmhínithe (e.g. uachtar, bonn, srl.), agus na picteagraim nó téacsanna scríofa comhfhreagracha, a bhaineann leis an gcoisbheart atá faoi thrácht (Iarscríbhinn I) a aithint;
    • samplaí den choisbheart atá cumhdaithe sa treoir (Iarscríbhinn II). Mar shampla, ní chumhdaítear coisbheart a úsáidtear chun críocha sláinte agus sábháilteachta san ionad oibre. Cuirtear rialacha AE maidir le trealamh cosanta pearsanta i bhfeidhm maidir leis an gcoisbheart sin.

éicilipéad deonach AE ann freisin le haghaidh coisbhirt. Cabhraíonn an lipéad seo le tomhaltóirí coisbheart a aithint nach bhfuil ach tionchar beag ag a shaolré (táirgeadh, úsáid agus diúscairt) ar an gcomhshaol.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 94/11/CE

9.5.1994

23.9.1995

IO L 100, 19.4.1994, lgh. 37-41

Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2006/96/CE

1.1.2007

1.1.2007

IO L 363, 20.12.2006, lgh. 81-106

Treoir 2013/15/AE

1.7.2013

1.7.2013

IO L 158, 10.6.2013, lgh. 172-183

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar an Treoir 94/11/CE. Is chun críocha tagartha amháin an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonraithe 19.08.2015

Top