EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bainne leasaithe

Ní mór go gcloífeadh bainne leasaithe atá díhiodráitithe go páirteach nó go hiomlán, agus a ceapadh lena chaitheamh ag an duine, leis na forálacha sonracha atá leagtha amach i dTreoir 2001/113/CE. Forlíontar leis na forálacha seo na rialacha ginearálta maidir le lipéadú bia-ábhair a ndéantar foráil dóibh sa reachtaíocht Eorpach.

ACHT

Treoir 2001/114/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le bainne áirithe leasaithe atá díhiodráitithe go páirteach nó go hiomlán a ceapadh lena chaitheamh ag an duine [Féach an t-acht leasaitheach/na hachtanna leasaitheacha].

ACHOIMRE

Sainítear bainne leasaithe bunaithe ar chomhdhéanamh an bhainne agus ar na próisis ullmhúcháin a chuirtear i bhfeidhm ina leith. Féachtar anseo le húsáid thráchtáil na sonrúchán, ar úsáid cheart agus neamh-mhíthreorach í, a chur chun cinn.

Bainne leasaithe

Cumhdaítear na táirgí seo a leanas sa treoir seo:

  • bainne atá díhiodráitithe go páirteach (milsithe nó gan a bheith milsithe);
  • bainne atá díhiodráitithe go hiomlán (a bhfuil céatadáin éagsúla saille ann).

Thairis sin, sainítear sa treoir na sonrúcháin ar leith a úsáidtear i dtíortha agus i dteangacha áirithe (féach Iarscríbhinn II a ghabhann leis an treoir).

Lipéadú

Ní mór na táirgí atá á rialú ag an treoir seo a mhargú i gcomhréir leis an Treoir maidir le lipéadú agus le cur i láthair bia-ábhair agus ní mór an t-eolas seo a leanas a thabhairt ar lipéad bainne leasaithe:

  • an céatadán saille (ach amháin i gcás bainne chomhdhlúite, bainne chomhdhlúite mhilsithe leathbhearrtha agus bainne bhearrtha thriomaithe);
  • céatadán an eastóscán bainne thriomaithe saor ó shaill (do na cineálacha éagsúla bainne atá díhiodráitithe go páirteach);
  • an modh caolaithe nó athbhuanaithe (i gcás bainne dhíhiodráitithe);
  • nár ceapadh an táirge mar bhia le haghaidh naíonán faoi bhun dhá mhí déag d’aois (i gcás bainne dhíhiodráitithe).

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2001/114/CE

17.1.2002

17.7.2003

IO L 15, 17.1.2002, lch. 19

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2007/61/CE

7.10.2007

31.8.2008

IO L 258, 4.10.2007, lch. 27

ACHTANNA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1021/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 1999/4/CE agus Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/111/CE, Treoir 2001/113/CE agus Treoir 2001/114/CE ón gComhairle maidir leis na cumhachtaí atá le tabhairt don Choimisiún [Iris Oifigiúil L 287, 29.10.2013, lch. 1].

Leis an rialachán seo cuirtear cumhachtaí cur chun feidhme reatha an Choimisiúin, a ndéantar foráil dóibh sna cúig threoir bricfeasta mar a dtugtar orthu, ar chomhréim leis an Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus go háirithe le hAirteagal 290 a chuireann ar chumas an Choimisiúin glacadh le gníomhartha tarmligthe.

Nuashonrú is déanaí: 29.04.2014

Top