EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Treoracha an Aontais Eorpaigh

Treoracha an Aontais Eorpaigh

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) — treoracha

CAD IS AIDHM LEIS AN AIRTEAGAL?

Sainítear ann na cineálacha éagsúla gníomhartha dlíthiúla a fhéadfaidh AE a ghlacadh, lena n–áirítear treoracha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá an treoir ina cuid de dhlí tánaisteach AE. Tá sí glactha, dá réir sin ag institiúidí AE i gcomhréir leis na conarthaíbunaidh. Nuair a ghlactar ar leibhéal AE í, déanann tíortha AE í a chorprú — nó a thrasuí — agus mar sin déantar dlí di ina dtíortha.

Mar shampla, leis an treoir ar eagrú ama oibre leagtar amach na tréimhsí éigeandála sosa agus an teorainn ar am oibre seachtainiúil atá údaraithe in AE.

Is faoi gach tír aonair atá sé, áfach, a dlíthe féin a fhorbairt chun an dóigh leis na rialacha sin a chur i bhfeidhm a chinneadh.

Gníomh ceangailteach a bhfuil feidhm ghinearálta aige

In Airteagal 288 de CFAE sonraítear go bhfuil treoir ceangailteach ar na tíortha ar a ndíríonn sí (ceann amháin díobh, nó iad ar fad) maidir leis an toradh atá le baint amach, agus fágtar an inniúlacht faoin bhfoirm agus faoin modh faoi na húdaráis áitiúla.

Tá treoir difriúil ó rialachán nó ó chinneadh, áfach:

  • murab ionann is rialachán, a bhíonn infheidhme i ndlí inmheánach thíortha AE díreach i ndiaidh dó teacht i bhfeidhm, ní bhíonn treoir infheidhme go díreach i dtíortha AE. Ní mór í a thrasuí sa dlí náisiúnta sula mbeidh sí infheidhme i ngach tír AE;
  • murab ionann is cinneadh, téacs is ea an treoir lena bhfuil feidhm ghinearálta i dtíortha uile AE.

Glacadh

Glactar le treoir tar éis nós imeachta reachtach. Gníomh tarmligthe is ea é atá glactha ag an gComhairle agus ag an bParlaimint faoin ngnáthnós imeachta nó leis an gComhairle amháin faoi na nósanna imeachta reachtacha speisialta; sa chás sin, ba cheart don Pharlaimint a toiliú a thabhairt nó ba cheart dul i gcomhairle léi.

Trasuí éigeantach

Chun treoir a chur i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta, bíonn ar thíortha AE dlí a ghlacadh lena trasuí. Ní foláir nó go mbainfí amach na cuspóirí atá leagtha amach sa treoir leis an mbeart náisiúnta sin. Ní mór do na húdaráis náisiúnta an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas faoi na bearta sin.

Ní mór an treoir a thrasuí faoin spriocdháta a leagtar amach nuair a ghlactar an treoir (laistigh de 2 bhliain de ghnáth).

I gcás nach ndéanann tír AE treoir a thrasuí, féadfaidh an Coimisiún tús a chur le himeachtaí um shárú agus imeachtaí a thionscnamh i gcoinne na tíre sin os comhair Chúirt Bhreithiúnais AE (má theipeann ar an tír an breithiúnas a chur i bhfeidhm sa chás sin, d’fhéadfaí í a chiontú agus fíneálacha a ghearradh uirthi).

Comhchuibhiú uasta agus íosta

Tá sé tábhtachtach idirdhealú a dhéanamh idir ceanglais maidir le comhchuibhiú íosta agus comhchuibhiú uasta (nó iomlán) i dtreoracha.

I gcás comhchuibhiú íosta, leagtar amach íoschaighdeáin i dtreoir, ionas go n–aithneofar, go minic, go bhfuil caighdeáin níos airde leagtha amach sna córais dlí i roinnt thíortha AE cheana. Sa chás sin, tá an ceart ag tíortha AE caighdeáin níos airde ná na cinn atá leagtha amach sa treoir a leagan amach.

I gcás comhchuibhiú uasta, ní fhéadfaidh tíortha AE rialacha atá níos doichte ná na cinn atá leagtha amach sa treoir a thabhairt isteach.

Daoine aonair a chosaint i gcás nach ndéantar treoracha a thrasuí i gceart

I bprionsabal, níl éifeacht ag an treoir go dtí go ndéantar í a thrasuí. Measann an Chúirt, áfach, gur féidir éifeachtaí áirithe a bheith ag treoir neamhthrasuite sna cásanna seo a leanas:

  • i gcás nach ndearnadh treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta nó go bhfuil sí trasuite go mícheart;
  • i gcás go bhfuil forálacha neamhchoinníollacha i gceist leis an treoir agus go bhfuil na forálacha sin soiléir agus cruinn go leor;
  • i gcás go dtugtar cearta do dhaoine aonair le téarmaí na treorach.

Nuair a chomhlíontar na coinníollacha sin, féadfaidh daoine aonair brath ar an treoir in imeachtaí cúirte i gcoinne thír AE. Ní fhéadfaidh duine aonair, áfach, éileamh a dhéanamh i gcoinne duine aonair eile maidir le héifeacht dhíreach na treorach más rud é nach ndearnadh an treoir sin a thrasuí (féach an Breithiúnas sa Chás C-91/92 Paola Faccini Dori v Recreb Srl).

Faoi choinníollacha áirithe chomh maith, tugann an Chúirt Bhreithiúnais cead do dhaoine aonair cúiteamh a fháil i leith treoracha nach dtrasaítear i gceart nó má bhíonn moill ar a dtrasuí (Breithiúnas i gCásanna C-6/90 agus C-9/90 Francovich agus Bonifaci).

Moilleanna ar thrasuí a chomhrac

Tá moill ar thrasuí na dtreoracha ag tíortha AE fós ina fadhb mharthanach, rud a chuireann cosc ar na saoránaigh agus ar na gnóthais tairbhe a bhaint as buntáistí follasacha dhlí AE.

Tá sé beartaithe ag AE an t–easnamh trasuí a laghdú go dtí 1%. Taispeántar ar an tábla faoi thrasuí threoracha AE ar an margadh aonair a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach i mí na Nollaig 2016, nach raibh 20 tír ábalta an cuspóir sin a bhaint amach agus nár éirigh ach le 1 tír easnamh comhlíonta de faoi bhun 0.5% a bhaint amach maidir le reachtaíocht náisiúnta, figiúr a moladh sa Ghníomh um an Margadh Aonair ó mhí Aibreáin 2011.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 2 — Gníomhartha dlíthiúla an Aontais, nósanna imeachta glactha agus forálacha eile — Alt 1 — Gníomhartha dlíthiúla an Aontais — Airteagal 288 (Airteagal 249 CCE roimhe seo) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 171-172)

Nuashonraithe 11.07.2018

Top