EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Gáis cheaptha teasa a laghdú faoi 2020: An Cinneadh maidir le Comhroinnt Díchill
Leis an gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill (CCD) bunaítear spriocanna bliantúla um astaíochtaí gás ceaptha teasa do thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) don tréimhse 2013-20. Baineann na spriocanna le hastaíochtaí ó bhformhór na n-earnálacha nach bhfuil san áireamh i Scéim an AE maidir le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS), amhail iompar (seachas eitlíocht agus loingseoireacht mhuirí idirnáisiúnta), foirgnimh, talmhaíocht agus dramhaíl.
GNÍOMH
Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarracht Thíortha AE a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun tiomantais an Chomhphobail um laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa suas go dtí 2020 a bhaint amach.
ACHOIMRE
Leis an gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill (CCD) bunaítear spriocanna bliantúla um astaíochtaí gás ceaptha teasa do thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) don tréimhse 2013-20. Baineann na spriocanna le hastaíochtaí ó bhformhór na n-earnálacha nach bhfuil san áireamh i Scéim an AE maidir le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS), amhail iompar (seachas eitlíocht agus loingseoireacht mhuirí idirnáisiúnta), foirgnimh, talmhaíocht agus dramhaíl.
Tá an Cinneadh maidir le Comhroinnt Díchill ina chuid de shraith beartas agus beart maidir leis an athrú aeráide agus fuinneamh - ar a dtugtar an pacáiste um athrú aeráide agus um fhuinneamh - a chuideoidh leis an Eoraip a aistriú i dtreo geilleagar ísealcharbóin agus a mhéadóidh a slándáil fuinnimh.
CAD A DHÉANANN AN CINNEADH?
Leagtar síos spriocanna astaíochtaí náisiúnta sa Chinneadh maidir le Comhroinnt Díchill do 2020, atá léirithe mar athruithe céatadáin ó leibhéil astaíochtaí 2005. Lena chois sin, socraítear an méid tonaí d’astaíochtaí gás ceaptha teasa is féidir le gach tír AE a astú gach bliain ó 2013 go dtí 2020 sna hearnálacha atá cuimsithe faoin gCinneadh.
PRÍOMHPHOINTÍ
CÁ HUAIR A BHEIDH FEIDHM AG AN GCINNEADH?
Ó 2013 go 2020.
CÚLRA
Chun dul i ngleic le téamh domhanda, tá an tAontas Eorpach tiomanta dá astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 20 % ar a laghad faoi 2020 i gcomparáid le 1990. Chun an sprioc sin a bhaint amach, tá 2 phríomhdhlí glactha ag AE:
Scéim AE maidir le Trádáil Astaíochtaí, ina gcumhdaítear os cionn 11 000 ionad cumhachta agus gléasra tionsclaíoch, chomh maith le haerlínte, agus
an Cinneadh maidir le Comhroinnt Díchill (CCD), lena gcuirtear oibleagáid ar na 28 tír AE cion le sciar sainiúil a chur le sprioc fhoriomlán lúide 20 % AE. Tarlaíonn sé sin trí laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhformhór na n-earnálacha nach bhfuil san áireamh i Scéim AE maidir le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS).
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach leathanach gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill.
TAGAIRTÍ
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta do thrasuíomh sna Ballstáit. |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Cinneadh Uimh. 406/2009/CE |
25.6.2009 |
- |
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Cinneadh 2013/162/AE ón gCoimisiún an 26 Márta 2013 maidir le leithdháiltí bliantúla astaíochtaí Bhallstáit AE a chinneadh don tréimhse ó 2013 go 2020 de bhun Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Iris Oifigiúil L 90 an 28.3.2013, lgh 106-110).
Cinneadh Cur chun Feidhme 2013/634/AE ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2013 maidir le coigeartuithe ar leithdháiltí bliantúla astaíochtaí Bhallstáit AE a chinneadh don tréimhse ó 2013 go 2020 de bhun Chinneadh Uimh.406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Iris Oifigiúil L 292 an 1.11.2013, lgh. 19-22).
Nuashonraithe 26.03.2015