This document is an excerpt from the EUR-Lex website
European business statistics
Staidreamh gnó Eorpach
Staidreamh gnó Eorpach
Rialachán (AE) 2019/2152 maidir le staidreamh gnó Eorpach
Bunaítear leis rialacha maidir le:
Cumhdaítear i staidreamh gnó Eorpach:
Is é an creat Eorpach um chláir ghnó staidrimh an fhoinse údarásach chun daonraí clár gnó staidrimh ardchaighdeáin agus comhchuibhithe a fháil chun staidreamh gnó Eorpach a sholáthar. Cuimsítear ann:
Féadfaidh údaráis staidrimh náisiúnta thíortha AE úsáid a bhaint as na foinsí seo a leanas chun staidreamh gnó a sholáthar agus cláir ghnó staidrimh náisiúnta a chur ar bun:
Cumhdaítear na réimsí seo a leanas i staidreamh gnó Eorpach:
Ní foláir ná go gcumhdaítear príomhthopaic amháin nó níos mó i ngach réimse, mar shampla daonra, aschuir agus feidhmíocht gnó, úsáid TFC agus ríomhthráchtáil, ionchuir T & F, slabhraí luacha domhanda agus trádáil idirnáisiúnta earraí agus seirbhísí. Cuirtear síos go mion ar na topaicí in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán.
In Iarscríbhinn II leagtar amach an mhinicíocht (míosúil, ráithiúil, bliantúil nó ilbhliantúil), an tréimhse thagartha agus an t–aonad staidrimh maidir le gach topaic.
Déanann tíortha AE:
Tá feidhm ag rialacha sonracha maidir le malartú sonraí rúnda idir Eurostat, údaráis staidrimh náisiúnta agus bainc cheannais agus an Banc Ceannais Eorpach i ndáil le grúpaí ilnáisiúnta agus trádáil inmheánach AE in earraí, ar an gcoinníoll go mbeidh sé sin chun críocha staidrimh amháin.
Maidir le Eurostat:
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh chun an reachtaíocht a leasú, ar an gcoinníoll nach bhforchuirfear costas nó ualach suntasach breise ar na húdaráis náisiúnta nó ar fhreagróirí dá mbarr. Ghlac sé na gníomhartha seo a leanas.
Féadfaidh AE tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’institiúidí staidrimh náisiúnta agus d’údaráis eile le haghaidh gníomhaíochtaí éagsúla, amhail modheolaíocht de cháilíocht níos fearr nó ar chostas níos ísle a fhorbairt.
Aisghairm
Aisghairtear leis an rialachán:
Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021.
Roimhe seo, bhí faisnéis staidrimh maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha gnólachtaí náisiúnta bunaithe ar phíosaí éagsúla reachtaíochta. Cuireadh cosc leis sin ar chomhsheasmhacht sonraí staidrimh aonair agus ar chur chuige comhtháite i gcomhair staidreamh gnó a fhorbairt, a sholáthar agus a scaipeadh. Feabhsaítear na fabhtanna sin leis an rialachán nua.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n–aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (IO L 327, 17.12.2019, lgh. 1-35)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1470 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir le hainmníocht tíortha agus críoch le haghaidh staidreamh Eorpach maidir le trádáil idirnáisiúnta in earraí agus maidir leis an miondealú geografach le haghaidh staidrimh ghnó eile (IO L 334, 13.10.2020, lgh. 2-21)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2020 lena leagtar sonraíochtaí agus socruithe teicniúla de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n–aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (IO L 271, 18.8.2020, lgh. 1-170)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1030 gCoimisiún an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla maidir le ceanglais sonraí don topaic “úsáid TFC agus ríomhthráchtáil” don bhliain tagartha 2021, de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 227, 16.7.2020, lgh. 12-20)
Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le staidreamh an Chomhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach ballstáit iad agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 (IO L 152, 16.6.2009, lgh. 23-29)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (CE) Uimh. 295/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le staidreamh struchtúrach gnó (athmhúnlú) (IO L 97, 9.4.2008, lgh. 13-59)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 177/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 lena mbunaítear creat coiteann do chláir ghnó chun críocha staidrimh agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2186/93 ón gComhairle (IO L 61, 5.3.2008, lgh. 6-16)
Rialachán (CE) Uimh. 716/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le struchtúr agus le gníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche (IO L 171, 29.6.2007, lgh. 17-31)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 808/2004 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil leis an tsochaí faisnéise (IO L 143, 30.4.2004, lgh. 49-55)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil earraí idir na Ballstáit agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3330/91 ón gComhairle (IO L 102, 7.4.2004, lgh. 1-8)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 48/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le staidreamh bliantúil Comhphobail i ndáil leis an tionscadal cruach le haghaidh na mblianta tagartha 2003-2009 a sholáthar (IO L 7, 13.1.2004, lgh. 1-6)
Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh Uimh. 1608/2003/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le staidreamh Comhphobail maidir le heolaíocht agus teicneolaíocht a tháirgeadh agus a fhorbairt (IO L 230, 16.9.2003, lgh. 1-3)
Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le staidreamh gearrthréimhseach (IO L 162, 5.6.1998, lgh. 1-15)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CEE) Uimh. 3924/91 ón gComhairle 19 Nollaig 1991 maidir le suirbhé Comhphobail ar tháirgeadh tionsclaíoch a bhunú (IO L 374, 31.12.1991, lgh. 1-3)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 04.12.2020