This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Authorisation, import and manufacture of veterinary medicines
Táirgí íocshláinte tréidliachta a údarú, a allmhairiú agus a mhonarú
Táirgí íocshláinte tréidliachta a údarú, a allmhairiú agus a mhonarú
Táirgí íocshláinte tréidliachta a údarú, a allmhairiú agus a mhonarú
ACHOIMRE AR:
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Leagtar amach rialacha ann maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta (VMPanna) a dhíol, a mhonarú, a allmhairiú, a onnmhairiú, a sholáthar, a dháileadh, a rialú agus a úsáid, chun:
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá an rialachán ina chuid de phacáiste dlíthe maidir le feabhas a chur ar shláinte ainmhithe agus an duine, ina gcuimsítear chomh maith:
Táirgí íocshláinte tréidliachta
Substaint ar bith a bheartaítear d’ainmhithe is ea táirge íocshláinte tréidliachta, a úsáidtear sna cásanna seo a leanas:
Creat dlíthiúil nuálach comhaimseartha
Infhaighteacht táirgí íocshláinte tréidliachta a chur chun cinn trí nuálaíocht agus iomaíocht a spreagadh
Frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac
Leis an rialachán leantar le comhrac AE in aghaidh na frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus neartaítear é tríd an méid seo a leanas a thabhairt isteach:
Lena chois sin, maidir lena n–onnmhairiú in AE, beidh ar thíortha neamh-AE meas a bheith acu ar an gcosc ar ábhair fhrithmhiocróbacha chun fás a chothú agus toradh a mhéadú, chomh maith leis na srianta ar ábhair fhrithmhiocróbacha atá ainmnithe lena gcoinneáil d’úsáid an duine in AE. Cuirtear feabhas leis sin ar chosaint tomhaltóirí in AE ar riosca na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a leatar trí allmhairí ainmhithe nó allmhairí táirgí de bhunadh ainmhíoch.
Aisghairm
Aisghairtear leis an rialachán Treoir 2001/82/CE (féach achoimre ar rialacha AE maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a údarú, a allmhairiú agus a mhonarú) le héifeacht ón 27 Eanáir 2022.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 28 Eanáir 2022.
CÚLRA
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n–aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lgh. 43-167)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2019/5 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n–úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 maidir le táirgí íocshláinte le haghaidh úsáid phéidiatraice agus Treoir 2001/83/CE maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n–úsáid ag an duine (IO L 4, 7.1.2019, lgh. 24-42)
Rialachán (AE) 2019/4 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le beatha íocleasaithe a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Treoir (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Treoir 90/167/CEE ón gComhairle (IO L 4, 7.1.2019, lgh. 1-23)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — Aon Sláinte Amháin — Plean Gníomhaíochta maidir le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha (COM(2017) 339 críochnaitheach, 29.6.2017)
Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críocha eolaíochta (IO L 276, 20.10.2010, lgh. 33-79)
Nuashonraithe 27.02.2019