EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Córas Faisnéise Schengen neartaithe

Córas Faisnéise Schengen neartaithe

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2018/1860 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen (CFS) chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh

Rialachán (AE) 2018/1861 maidir le CFS a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme

Rialachán (AE) 2018/1862 maidir le CFS a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN SIN?

Bunachar sonraí ar mhórscála a thacaíonn le rialú teorann inmheánaí agus comhar i bhforfheidhmiú an dlí idir balltíortha Chomhaontú Schengen is ea Córas Faisnéise Schengen (CFS), arna chruthú in 1995 nuair a cuireadh deireadh leis na rialuithe teorann inmheánaí in AE.

Ceapadh na 3 rialachán chun cur leis na bearta reatha in CFS II — a bunaíodh in 2006 agus atá i bhfeidhm ó 2013 — go háirithe i bhfianaise na ndúshlán nua imirce agus slándála. Gabhfaidh siad in ionad Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, agus Cinneadh 2007/533/CGB.

Déantar cur síos san achoimre ar an dóigh a n–oibreofar CFS nuair a bheidh na tri rialachán nua i bhfeidhm go hiomlán.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ailtireacht

Cuimsítear sa CFS:

  • lárchóras (CFS Láir) lena bhfuil
    • feidhm tacaíocht teicniúla (LC-CFS), ina bhfuil bunachar sonraí (bunachar sonraí CFS) a fheidhmíonn maoirseacht theicniúil agus sainchúraimí riaracháin, agus CFS láir cúltaca.
    • comhéadan náisiúnta aonfhoirmeach (CN-CFS) i ngach tír a úsáideann a baill chun sonraí CS a iontráil, a nuashonrú, a scriosadh agus a chuardach;
    • córas náisiúnta (CFS.N) i ngach tír chun cumarsáid a dhéanamh le CFS Láir, lena n–áirítear CFS.N cúltaca náisiúnta nó comhroinnte amháin ar a laghad. Ní féidir comhaid sonraí a chuardach i CFS.N eile, mura bhfuil sé aontaithe ag na tíortha lena mbaineann an comhad a roinnt;
  • le bonneagar cumarsáide idir LC-CFS, LC-CFS cúltaca agus CN-CFS soláthraítear líonra fíorúil criptithe le haghaidh sonraí CFS agus le haghaidh a malairte idir Biúrónna SIRENE.

Maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a Dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA):

  • cuireann sí réitigh theicniúla chun feidhme chun infhaighteacht gan bhriseadh CFS a neartú;
  • i gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh sí cóip bhreise de bhunachar sonraí CFS a fhorbairt;
  • ní mór di, tráth nach déanaí ná an 28 Nollaig 2019, tuarascáil a chur i láthair maidir le roghanna le haghaidh réitigh theicniúla, ina mbeidh measúnú tionchair neamhspleách agus anailís costais is tairbhe;
  • foilsíonn sí liosta de na hoifigí CFS.N agus Biúrónna SIRENE.

Sonraítear i rialacha nós imeachta:

  • nár cheart foláirimh* a choinneáil i CFS ach ar feadh na tréimhse ama atá riachtanach dá gcuspóir sonrach agus ní mór iad a scriosadh nuair a bhaintear a gcuspóir amach;
  • ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar fholáirimh laistigh de thréimhsí sainithe. Féadfaidh an balltír ansin a chinneadh iad a shíneadh, seachas sin scriosfar go huathoibríoch iad. Is iad na tréimhsí athbhreithnithe
    • 5 bliana: daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha géillte nó eiseachadta agus daoine atá ar iarraidh ar gá, nó nach gá, iad a chur faoi chosaint
    • 3 bliana: daoine a lorgaítear chun cúnamh a thabhairt le himeacht breithiúnach agus daoine anaithnide a bhfuiltear sa tóir orthu
    • 1 bhliain: leanaí i mbaol, daoine leochaileacha ar gá iad a chosc ó bheith ag taisteal agus daoine le haghaidh seiceálacha discréideacha, fiosrúcháin nó sonracha
    • 10 mbliana: nithe le haghaidh seiceálacha discréideach, fiosrúcháin nó sonracha nó lena n–úrgabháil nó lena n–úsáid mar fhianaise in imeachtaí coiriúla;
  • catagóirí sonraí atá le hiontráil sa chóras. Tá siad ceaptha chun cuidiú le húsáideoirí deiridh cinntí a dhéanamh go gasta. Áirítear orthu íoscheanglais (sloinne, dáta breithe, cúis leis an bhfoláireamh agus an beart atá le déanamh) agus sonraí eile amhail an cineál ciona, faisnéis fhótagrafach agus dhachtalascópach*, má tá sí ar fáil;
  • ní foláir nó go gcloífear le dlí AE agus cearta bunúsacha, agus go gcomhlíonfar íoschaighdeáin cháilíochta agus sonraíochtaí teicniúla agus sonraí bithmhéadracha agus dachtalascópacha á n–úsáid;
  • ní foláir nó go mbeidh cás leordhóthanach, ábhartha agus sách tábhachtach chun foláireamh CFS a éileamh ina leith, mar shampla, foláireamh a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta agus a chomhlíonann na critéir sin;
  • ní fhéadfaidh ach leis an balltír eisiúna sonraí a mhionathrú, cur le sonraí, iad a nuashonrú nó a scriosadh sa CFS;
  • féadfaidh tír a mheasfadh go mbeadh gníomhú de réir foláirimh contrártha lena dlí náisiúnta, oibleagáidí idirnáisiúnta nó leasanna riachtanacha bratach* a chur leis an bhfoláireamh. Léirítear leis sin nach ndéanfaidh sí gníomh ar bith ar a críoch.

Costais:

  • íoctar as buiséad AE na costais a bhaineann le hoibriú, cothabháil agus forbairt CFS Láir agus an bhonneagair cumarsáide;
  • íocann balltíortha Schengen na costais a bhaineann le hoibriú, cothabháil agus forbairt a CFS.N féin.

Catagóirí foláirimh in aghaidh an rialacháin

Le Rialachán (AE) 2018/1860 neartaítear forfheidhmiú bheartas um fhilleadh AE agus laghdaítear na dreasachtaí maidir le hinimirce neamhdhleathach isteach in AE:

  • leagtar síos leis coinníollacha agus nósanna imeachta comhchoiteanna maidir le foláirimh a iontráil agus a phróiseáil agus maidir le faisnéis fhorlíontach ar náisiúnaigh neamh-AE atá faoi réir cinntí um fhilleadh*;
  • ceanglaítear leis ar údaráis náisiúnta foláirimh a iontráil a luaithe a dhéanfar cinneadh um fhilleadh;
  • bunaítear leis nósanna imeachta comhchuibhithe maidir le
    • catagóirí sonraí atá le hiontráil san fholáireamh,
    • fíorú má cloíodh le cinneadh um fhilleadh agus, murar cloíodh leis, an beart leantach idir na húdaráis ábhartha,
    • coinneáil agus scriosadh foláireamh lena áirithiú nach mbeidh moill idir imeacht an náisiúnaigh neamh-AE agus gníomhachtú an thoirmisc ar iontráil,
    • comhairliúchán éigeantach idir údaráis náisiúnta sula ndéanfar,
      • cead cónaithe nó víosa fadfhanachta a dheonú nó a shíneadh do náisiúnach neamh-AE a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar i bhfoláireamh um fhilleadh i dtír eile AE,
      • foláireamh a iontráil maidir le cinneadh um fhilleadh má tá an duine ag fanacht go dleathach áit éigin eile in AE.

Clúdaítear i Rialachán (AE) 2018/1861 an úsáid as CFS maidir le toirmisc ar iontráil agus seiceálacha teorann:

  • bunaítear leis coinníollacha agus nósanna imeachta comhchoiteanna maidir le foláirimh a iontráil agus a phróiseáil agus maidir le faisnéis fhorlíontach* a mhalairt i ndáil le náisiúnaigh neamh-AE ar diúltaíodh dá n–iontráil nó dá gceart fanacht in AE;
  • tugtar isteach leis nósanna imeachta comhchuibhithe maidir le
    • catagóirí sonraí atá le hiontráil san fholáireamh,
    • iontráil éigeantach foláirimh i gcás go ndiúltaítear d’iontráil nó do cheart fanachta náisiúnaigh neamh-AE toisc go mbaineann bagairt slándála leo nó go bhfuil siad faoi réir ordú sriantach lena gcuirtear cosc orthu teacht isteach i dtír AE, nó taisteal trí AE,
    • náisiúnaigh neamh-AE ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas Eorpach,
    • comhairliúchán éigeantach idir údaráis náisiúnta sula ndéanfar cead cónaithe nó víosa fadfhanachta a dheonú nó a shíneadh do náisiúnach neamh-AE ar diúltaíodh dá gceart chun dul isteach nó fanacht i dtír eile AE;
  • cinntítear leis go bhfuil an ceart ag náisiúnaigh neamh-AE go gcuirfí ar an eolas iad i scríbhinn má tá siad ina ábhar i bhfoláireamh.

Le Rialachán 2018/1862 déantar úsáid as CFS maidir le comhar idir na húdaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha a fheabhsú agus a leathnú:

  • bunaítear leis coinníollacha agus nósanna imeachta comhchoiteanna maidir le foláirimh a iontráil agus a phróiseáil sa CFS maidir le daoine agus nithe, agus chun faisnéis fhorlíontach agus sonraí sa chomhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla a mhalartú;
  • clúdaítear ann nósanna imeachta maidir le foláirimh i ndáil le:
    • daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha géillte nó eiseachadta;
    • daoine atá ar iarraidh;
    • daoine leochaileacha ar gá iad a chosc ó bheith ag taisteal, ar mhaithe lena gcosaint féin nó chun bagairt ar an ord poiblí nó ar an tslándáil a chosc;
    • leanaí atá i mbaol, go sonrach, go ndéanfaí iad a fhuadach, go ndéanfaí gáinneáil orthu nó go mbeadh siad bainteach i sceimhlitheoireacht;
    • daoine aonair a bhfuiltear sa tóir orthu cúnamh a thabhairt le himeacht breithiúnach mar fhinné toisc gur cuireadh toghairm orthu i ndáil le himeachtaí coiriúla;
    • daoine anaithnide a bhfuiltear sa tóir ar a gcéannacht;
    • seiceálacha agus fiosrúcháin dhiscréideacha nó shonracha chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, pianbhreith choiriúil a fhorghníomhú nó bagairtí ar an tslándáil phoiblí a chosc;
    • míreanna atá le gabháil nó le húsáid mar fhianaise in imeachtaí coiriúla, go háirithe nithe atá inaitheanta go héasca amhail carranna, báid, aerárthaí, airm thine, doiciméid aitheantais agus nótaí bainc.

Cearta sonraí

Tá an ceart ag daoine aonaracha:

  • fios a bheith acu cé acu an bhfuil nó nach bhfuil a sonraí pearsanta á bpróiseáil, an fáth a bhfuiltear á bpróiseáil agus na coinníollacha faoina bhfuil siad á bpróiseáil;
  • gearán a dhéanamh le húdarás maoirseachta;
  • go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú gan mhoill mhíchuí;
  • go ndéanfaí sonraí pearsanta a scriosadh mura bhfuil gá a thuilleadh lena n–úsáid nó i gcás go ndearnadh iad a phróiseáil go neamhdhleathach;
  • gníomhú chun faisnéis a rochtain, a cheartú, a scriosadh nó a fháil nó cúiteamh a fháil maidir le foláireamh a bhaineann leo;
  • cúiteamh ó bhalltír as damáiste ábhartha nó neamhábhartha ar bith a tharla dóibh de bharr phróiseáil neamhdhleathach a sonraí pearsanta.

Maidir le rialtais is comhaltaí CFS:

  • tá siad tiomanta do rialacha maidir le cearta um chosaint sonraí a fhorfheidhmiú;
  • tuairiscíonn siad ar bhonn bliantúil don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí maidir le líon na n–iarratas a fhaigheann siad maidir le rochtain ar shonraí agus ar mhíchruinneas a cheartú agus méid na gcásanna cúirte agus a dtoradh.

Déanann údaráis neamhspleácha agus mhaoirseachta monatóireacht ar dhlíthiúlacht phróiseáil náisiúnta na sonraí pearsanta sa CFS; feidhmíonn an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2018/1725 an ról céanna le haghaidh eu-LISA. Comhoibríonn an bheirt acu chun maoirseacht chomhordaithe CFS a áirithiú.

  • Ní aistreofar sonraí a phróiseáiltear sa CFS agus faisnéis fhorlíontach ghaolmhar chuig tíortha neamh-AE nó eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ní chuirfear na sonraí nó an fhaisnéis sin ar fáil dóibh.
  • Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag eu-LISA, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Eurojust.
  • Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir (AE) 2016/680 maidir le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag údaráis inniúla náisiúnta agus seirbhísí náisiúnta.

Tá rochtain acu seo a leanas ar shonraí sa CFS:

  • Údaráis náisiúnta atá freagrach as
    • seiceálacha rialaithe teorann, seiceálacha póilíní agus seiceálacha custaim;
    • cosc, brath, imscrúdú nó ionchúiseamh gníomhartha sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile;
    • cinntí, lena n–áirítear cinntí maidir le ceadanna agus víosaí fadfhanachta, i ndáil le teacht isteach, fanacht agus filleadh náisiúnach neamh-AE;
    • seiceálacha slándála ar dhaoine a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar chosaint idirnáisiúnta;
    • cinntí um eadóirsiú;
    • ionchúisimh phoiblí in imeachtaí coiriúla agus fiosrúcháin bhreithiúnacha;
    • deimhnithe a eisiúint le haghaidh feithiclí, bád, aerárthaí agus airm thine;
  • tá an ceart ag gníomhaireachtaí AE thíos chun na sonraí sa CFS a theastaíonn uatha le haghaidh chomhlíonadh a bhfreagrachtaí a rochtain agus a chuardach. Cuirfidh siad an balltír eisiúna ar an eolas i gcás go léirítear sa chuardach go bhfuil foláireamh ann. Ní fhéadfaidh siad codanna de CFS a nascadh ná sonraí ar bith dá chuid a aistriú chuig a gcóras féin
    • Europol: féadfaidh sé na sonraí a rochtain, agus ní cuid díobh go díreach, mar a bhí roimhe seo. Ní mór do bhalltíortha CFS an ghníomhaireacht um fhorfheidhmiú an dlí a chur ar an eolas maidir le hamais nó foláirimh ar bith a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta;
    • Eurojust, a láimhseálann comhar breithiúnach ábhar coiriúil;
    • An Garda Teorann agus Cósta Eorpach, foirne atá páirteach i sainchúraimí a bhaineann le filleadh agus foirne tacaíochta um bainistíocht imirce.

Déanann an Coimisiún Eorpach measúnú gach 5 bliana ar an úsáid a bhaineann na gníomhaireachtaí sin as CFS.

Freagrachtaí

Déanann gach balltír CFS:

  • a áirithiú go bhfuil na sonraí beacht, cothrom le dáta agus go ndéanfar iad a iontráil agus a stóráil sa CFS go dleathach, agus go gcloífidh siad leis na rialacha ginearálta maidir le próiseáil sonraí;
  • a CFS.N a chur ar bun, a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt, de réir caighdeáin chomhchoiteanna, prótacal agus nósanna imeachta teicniúla, agus nascann siad é le CN-CFS;
  • infhaighteacht gan bhriseadh sonraí CFS d’úsáideoirí deiridh a áirithiú;
  • a foláirimh a tharchur trína CFS.N;
  • Oifig CFS.N a ainmniú ag a bhfuil an fhreagracht lárnach as oibriú rianúil agus slándáil a CFS.N, rochtain na n–údarás inniúil ar CFS, comhlíonadh iomlán maidir le rialú agus infhaighteacht chuí CFS do gach úsáideoir deiridh a áirithiú;
  • údarás náisiúnta (Biúró SIRENE) a cheapadh mar phointe teagmhála aonair a oibríonn ar bhonn 24/7 le haghaidh mhalartú agus infhaighteacht na faisnéise forlíontaí ar fad maidir le foláirimh agus chun beart leantach a éascú;
  • pleananna slándála, leanúnachais ghnó agus athshlánaithe ó thubaiste a ghlacadh chun sonraí a chosaint agus rochtain neamhúdaraithe a chosc;
  • rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil agus maidir le rúndacht a chur i bhfeidhm, lena n–áirítear dlúthmhonatóireacht ar chonraitheoirí seachtracha. Tá cosc ar chuideachtaí príobháideacha agus ar eagraíochtaí príobháideach bainistíocht oibriúcháin a dhéanamh ar CFS.N;
  • logaí leictreonacha a choinneáil, a scriosfar i ndiaidh 3 bliana de ghnáth, maidir le foláirimh agus malartú sonraí pearsanta lena sheiceáil an raibh an cuardach dleathach nó nach raibh agus sláine agus slándáil na sonraí a áirithiú;
  • clár náisiúnta oiliúna CFS a fheidhmiú don fhoireann ag a bhfuil rochtain ar CFS maidir le slándáil sonraí, cearta bunúsacha, lena n–áirítear cosaint sonraí, agus rialacha agus rialacháin um próiseáil sonraí.

Maidir leis an gCoimisiún:

  • déanann sé gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe a ghlacadh maidir le gnéithe teicniúla CFS agus tugann sé iad sin cothrom le dáta de réir mar is gá;
  • faoi Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, tá ról comhordaithe foriomlán aige maidir leis an sásra meastóireachta agus monatóireachta a chuireann sé chun feidhme le rialtais AE lena áirithiú go gcuirfear rialacha Schengen i bhfeidhm go hiomlán ar bhonn náisiúnta. Áirítear leis sin meastóireacht ar CFS;
  • cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus rialtais AE faoin 28 Nollaig 2019, agus gach bliain ina dhiaidh sin, go dtí go gcinnfear an dáta ar a dtosóidh oibríochtaí CFS, an cás mar atá maidir le hullmhúcháin le haghaidh chur chun feidhme iomlán rialachán leasaithe 2018/1862 maidir le CFS;
  • déanann sé meastóireacht fhoriomlán ar CFS Láir, ar mhalartú na faisnéise forlíontaí idir údaráis náisiúnta, lena n–áirítear measúnú ar gcóras aitheantais uathoibrithe méarlorg (AFIS) agus feachtas faisnéise CFS 3 bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm an rialacháin agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin.

eu-LISA freagrach as:

  • CFS Láir: a bhainistíocht oibriúcháin, lena n–áirítear seiceálacha cáilíochta ar na sonraí atá ann, agus na cúraimí ar fad is gá lena áirithiú go bhfeidhmíonn sé 24/7 gach lá den bhliain;
  • bonneagar cumarsáide: príomhghnéithe, go sonrach maoirseacht, slándáil, comhordú idir balltíortha agus soláthraithe, agus saincheisteanna buiséadacha agus conarthacha;
  • biúrónna SIRENE: gníomhaíochtaí tástála a chomhordú, a bhainistiú agus tacú leo, sonraíochtaí teicniúla a choimeád agus a nuashonrú maidir le malartú faisnéise forlíontaí idir na Biúrónna agus maidir leis an mbonneagar cumarsáide, agus athrú teicniúil a bhainistiú;
  • na bearta is gá a ghlacadh chun sonraí a chosaint agus rochtain nó úsáid neamhúdaraithe a chosc, lena n–áirítear pleananna slándála, leanúnachais ghnó agus athshlánaithe ó thubaiste maidir le CFS Láir agus maidir leis an mbonneagar sonraí;
  • rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil agus maidir le rúndacht a chur i bhfeidhm, agus coimeád logaí leictreonacha faoi na coinníollacha céanna leis na húdaráis náisiúnta;
  • liosta de na húdaráis náisiúnta atá údaraithe chun sonraí a chuardach sa CFS a chur ar fáil go poiblí trí Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
  • staidreamh laethúil, míosúil agus bliantúil a sholáthar maidir le líon na dtaifead in aghaidh na catagóire foláireamh, agus sonraí pearsanta ar bith a fhágáil ar lár. Cuirtear a chuid tuarascálacha ar fáil don phobal.

Feachtas faisnéise

  • Reáchtálann an Coimisiún, i gcomhar le húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, an feachtas. Seoltar é sin nuair a thagann an reachtaíocht i bhfeidhm agus seoltar arís é ag eatraimh rialta, chun an pobal a chur ar an eolas maidir le:
    • aidhmeanna CFS;
    • na sonraí a choinnítear ann;
    • na húdaráis a bhfuil rochtain acu air;
    • cearta daoine aonair.
  • Coimeádann an Coimisiún suíomh gréasáin atá ar fáil go poiblí ina bhfuil an fhaisnéis ábhartha uile ar CFS.
  • Ní mór do thíortha AE, ag obair lena n–údaráis mhaoirseachta, an pobal a chur ar an eolas faoi CFS.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

Beidh feidhm acu de réir a chéile agus ar an iomlán beidh siad i bhfeidhm go hiomlán faoi tráth nach déanaí ná an 28 Nollaig 2021. Cinnfidh an Coimisiún an dáta nuair a fhíorófar gur comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:

  • glacadh gníomhartha cur chun feidhme;
  • rinne údaráis náisiúnta na socruithe riachtanacha chun sonraí CFS a phróiseáil agus faisnéis fhorlíontach a mhalartú;
  • chuir eu-LISA a cheanglais tástála ar fud i gcrích go rathúil.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Foláireamh: tacar sonraí lena gcuirtear ar chumas údarás duine nó ní a shainaithint agus feidhmiú dá réir.
Sonraí dachtalascópacha: sonraí maidir le pailmeacha agus méarloirg.
Bratach: bailíocht foláirimh ar an leibhéal náisiúnta a chur ar fionraí.
Cinntí um fhilleadh: cinneadh breithiúnach nó riaracháin maidir le náisiúnach neamh-AE a meastar go bhfuil sé nó sí ag fanacht go neamhdhleathach agus ar cheart é nó í a fhilleadh ar a thír nó ar a dtír thionscnaimh.
Faisnéis fhorlíontach: faisnéis nach bhfuil ina cuid de shonraí an fholáirimh sa CFS, ach atá bainteach leo.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lgh. 1-13)

Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lgh. 14-55)

Rinneadh na leasuithe leanúnacha ar Rialachán (AE) 2018/1861 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lgh. 56-106)

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Oibríochtúil córas mórscála TF i limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 99-137)

Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB (IO L 88, 31.3.2017, lgh. 6-21)

Rialachán (AE, Euratom) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (CE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lgh. 1-76)

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1-88)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lgh. 1-52)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n–aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lgh. 27-37)

Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh ó thíortha neamh-AE atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lgh. 98-107)

Acquis Schengen dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Chinneadh 1999/435/CE ón gComhairle an 20 Bealtaine 1999 (IO L 239, 22.9.2000, lgh. 1-473)

Nuashonraithe 04.05.2020

Top