EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Is é SPA an chéad chreat-chomhaontú déthaobhach riamh idir AE agus an tSeapáin. Is é is aidhm leis comhar polaitiúil agus eacnamaíoch níos dlúithe ar a lán saincheisteanna déthaobhacha, réigiúnacha agus iltaobhacha a áirithiú.
Mar aon le réimsí beartais ar leith, dearbhaíonn an SPA tiomantas na gcomhpháirtithe do shíocháin agus do shlándáil idirnáisiúnta a chaomhnú, agus do luachanna agus do phrionsabail dhaonlathacha chomhroinnte a chur chun cinn.
Leis an gcinneadh féadfar an SPA a shíniú thar ceann an Aontais Eorpaigh.
Clúdaítear leis an SPA fadréimseach comhar ar:
Forálann an SPA i leith:
Mar gheall ar a thábhachtaí atá sé an SPA a chur chun feidhme a luaithe is féidir, chomhaontaigh an tAontas Eorpach agus an tSeapáin roinnt d’airteagail an SPA a chur i bhfeidhm go sealadach go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Cumhdaítear an méid a leanas leis na hairteagail seo:
Tiocfaidh an SPA i bhfeidhm tar éis nósanna imeachta formheasta arna ndéanamh ag tíortha AE a thabhairt chun críche agus tar éis do Pharlaimint na hEorpa a toiliú a thabhairt.
I gcomhthráth leis an gcaibidlíocht ar an SPA, d’oscail AE agus a thíortha AE caibidlíocht le haghaidh comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche leis an tSeapáin an 29 Samhain 2012. Thosaigh siad sin i mí Aibreáin 2013 agus tugadh inneachar an chéad chreat-chomhaontaithe dhéthaobhaigh idir AE agus an tSeapáin chun críche in Aibreán 2018.
Ar an 26 Meitheamh 2018, rinne Comhairle an Aontais Eorpaigh síniú an chomhaontaithe comhpháirtíochta straitéisí a údarú thar ceann AE. Shínigh AE agus an tSeapáin an SPA ag an 25ú cruinniú mullaigh idir AE agus an tSeapáin i dTóiceo an 17 Iúil 2018. Síníodh Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche AE-an tSeapáin i dTóiceo an 17 Iúil 2018 freisin.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
Cinneadh ón gComhairle (AE) 2018/1197 an 26 Meitheamh 2018 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Straitéisí idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeapáin, den pháirt eile (IO L 216, 24.8.2018, lgh. 1-3)
Comhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeapáin, den pháirt eile (IO L 216, 24.8.2018, lgh. 4-22)
Cinneadh ón gComhairle (AE) 2018/966 an 6 Iúil 2018 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin le haghaidh Comhpháirtíocht Eacnamaíoch (IO L 174, 10.7.2018, lch. 1)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus forálacha sainiúla maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha sainiúla maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Alt 1 — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 37 (sean-Airteagal 24 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 36)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Cúig — Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Teideal III — Comhar le tríú tíortha agus cabhair dhaonnúil — Caibidil 2 — Comhar eacnamaíoch, airgeadais agus teicniúil le tríú tíortha — Airteagal 212 (iar-Airteagal 181a CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 142)
Nuashonraithe 14.12.2018