EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Saorghluaiseacht maidir le hearraí piriteicniúla laistigh den mhargadh aonair

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2013/29/AE — rialacha AE maidir le hearraí piriteicniúla

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach léi na rialacha le saorghluaiseacht earraí piriteicniúla* a bhaint amach laistigh de mhargadh an Aontais Eorpaigh (AE) agus, ag an am céanna, féachaint le hardleibhéal cosanta don tsláinte agus don tsábháilteacht agus don chomhshaol a áirithiú.

Déantar athbhreithniú ann ar na rialacha atá ann cheana maidir le hearraí piriteicniúla (Treoir 2007/23/CE) chun iad a ailíniú leis an “gcreat reachtach nua”, pacáiste beart chun faireachas margaidh agus cáilíocht na measúnuithe comhréireachta a fheabhsú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Liostaítear sa treoir na catagóirí d’earraí piriteicniúla a bhfuil feidhm aici leo de réir an chineáil úsáide.

Tinte ealaíne arna dtógáil ag monaróir dá n-úsáid féin agus nach bhfuil formheasta lena n-úsáid ach amháin sa Bhallstát AE ina bhfuil an monaróir bunaithe agus atá fós sa Bhallstát sin nach gcumhdaítear leis an treoir.

Leagtar síos inti na ceanglais riachtanacha sábháilteachta atá le comhlíonadh ag earraí piriteicniúla ionas go gcuirfear ar fáil ar an margadh iad. Tá siad sin liostaithe in Iarscríbhinn I den treoir.

Leagtar amach ann na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, i gcás ina bhfuil cineálscrúdú AE* ann a dhéantar. Déanann comhlacht dá dtugtar fógra scrúdú ar dhearadh teicniúil earra agus fíoraíonn sé agus dearbhaíonn sé go gcomhlíonann an dearadh sin ceanglais na treorach.

Leagtar amach inti íosteorainneacha aoise agus srianta eile maidir le rochtain ar earraí piriteicniúla.

  • Tinte ealaíne. Catagóir F1: 12 bhliain; Catagóir F2: 16 bliana; Catagóir F3: 18 mbliana.
  • Earraí piriteicniúla amharclannacha. Catagóir T1: 18 mbliana.
  • Earraí piriteicniúla eile. Catagóir P1: 18 mbliana.
  • D’fhéadfadh sé nach gcuirfí roinnt earraí piriteicniúla ar fáil ach amháin do dhaoine ag a bhfuil saineolas acu, mar shampla tinte ealaíne chatagóir F4, (tinte ealaíne le haghaidh a n-úsáid ar bhonn gairmiúil), a mbaineann guais ard leo.

Féadfaidh na Ballstáit na teorainneacha aoise sin a mhéadú agus féadfaidh siad srian breise a chur ar roinnt earraí piriteicniúla a bheith ar fáil don phobal i gcoitinne ar fhorais an oird phoiblí, na slándála, na sláinte agus na sábháilteachta agus chosaint an chomhshaoil.

Ní mór do gach gnólacht agus gach eagraíocht sa slabhra soláthair agus dáileacháin a áirithiú nach gcuirfidh siad ar fáil ar an margadh ach na hearraí pirteicniúla úd a chomhlíonann ceanglais na treorach seo. Leagtar síos sa treoir oibleagáidí gach páirtí feadh an tslabhra seo.

Ní mór do mhonaróirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh poist ag a bhféadfar dul i dteagmháil leo a lua ar an bhfearas nó, mura bhfuil sé sin indéanta, ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann le gach earra. Ní mór na sonraí teagmhála a bheith i dteanga is féidir le húsáideoirí deiridh agus le húdaráis faireachais margaidh araon a thuiscint gan stró.

Ní mór treoracha agus faisnéis sábháilteachta a thabhairt i dteanga is féidir le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile a thuiscint gan stró sa Bhallstát ina gcuirfear an t-earra ar fáil ar an margadh.

Ní mór an lipéadú a dhéanamh i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina gcuirtear an t-earra piriteicniúla ar fáil. Ní foláir nó go mbeidh an t-íosmhéid faisnéise a cheanglaítear leis an treoir seo ar an lipéadú sin.

Chun críocha faireachais margaidh, ní mór do mhonaróirí dearbhú comhréireachta AE do gach táirge a tharraingt suas i gcomhréir leis an tsamhail in Iarscríbhinn III na treorach. Sonraítear leis sin go gcomhlíonann an táirge na híoscheanglais sábháilteachta. Tríd an dearbhú comhréireachta AE a dhréachtú, glacadh an monaróir chuige féin an fhreagracht dhlíthiúil as comhlíonadh an earra piriteicniúil maidir le ceanglais na treorach.

Ní mór do mhonaróirí a áirithiú go bhfuil an uimhir chláraithe tugtha don táirge ag an gcomhlacht dá dtugtar fógra a dhéanann an measúnú comhréireachta ar an lipéadú.

Ní mór d’allmhaireoirí a áirithiú nach gcuireann siad ar an margadh ach táirgí a chomhlíonann an treoir sin. Ní mór dóibh an méid seo a leanas a áirithiú:

  • go ndearna an monaróir an nós imeachta cuí um measúnú comhréireachta;
  • go bhfuil an comhartha comhréireachta CE ar an earra piriteicniúil;
  • go gcomhlíonann an lipéadú na ceanglais;
  • go bhfuil na doiciméid a dhréachtaigh an monaróir ar fáil do na húdaráis inniúla ar iarratas.

Ní mór do mhonaróirí agus d’allmhaireoirí taifid a choinneáil d’uimhreacha clárúcháin na n-earraí a chuireann siad ar fáil ar an margadh. Le Treoir Cur Chun Feidhme 2014/58/AE tugtar isteach córas le haghaidh inrianaitheacht earraí piriteicniúla.

Leis an treoir, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach bhféadfaidh monaróirí, allmhaireoirí, dáileoirí, miondíoltóirí, etc. earraí piriteicniúla a chur ar an margadh ach amháin ar choinníoll go stóráiltear i gceart iad agus go n-úsáidtear iad chun na críche atá beartaithe dóibh, ionas nach gcuirfidh siad sláinte agus sábháilteacht i mbaol.

Ní mór do na Ballstáit rialacha a thabhairt isteach maidir le pionóis a bheidh le cur i bhfeidhm i gcás nach gcomhlíonann páirtithe ceanglais na treorach. D’fhéadfadh pionóis choiriúla as sáruithe tromchúiseacha a bheith i gceist leis na rialacha sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

Tá feidhm ag formhór na rialacha nua atá i dTreoir 2013/29/AE ón 1 Iúil 2015, agus tá feidhm ag na rialacha maidir le ceanglais sábháilteachta nua do na catagóirí earraí piriteicniúla is contúirtí (catagóirí P1, P2, T2 agus F4) ón 4 Iúil 2013.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Earraí piriteicniúla. Earraí ina bhfuil substaintí pléascacha nó meascán pléascach substaintí atá deartha chun teas, solas, fuaim, gás nó toit nó teaglaim de na héifeachtaí sin a tháirgeadh. I measc samplaí tá tinte ealaíne, earraí piriteicniúla amharclannacha, gléasanna adhainte agus málaí aeir feithiclí.
Cineálscrúdú AE. Is cuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta é ina scrúdaíonn comhlacht dá dtugtar fógra dearadh teicniúil fearais nó feistis agus ina bhfíoraíonn agus ina bhfianaíonn sé go gcomhlíonann dearadh teicniúil an fhearais nó an fheistis ceanglais Threoir 2013/29/AE a bhfuil feidhm acu maidir leis.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hearraí piriteicniúla a chur ar fáil ar an margadh (athmhúnlú) (IO L 178, 28.6.2013, lgh. 27-65).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún i gcreat chur i bhfeidhm Treoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hearraí piriteicniúla a chur ar an margadh (Teidil agus tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe á bhfoilsiú faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais) (IO C 149, 12.5.2017, lgh. 1-5).

Treoir Cur chun Feidhme 2014/58/AE ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, de bhun Threoir 2007/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, córas le haghaidh inrianaitheacht earraí piriteicniúla (IO L 115, 17.4.2014, lgh. 28-31).

Nuashonraithe 12.07.2022

Top