EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Conradh ar an Aontas Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

An Conradh ar an Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN GCONRADH?

  • Tá an Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE) ar cheann de phríomhchonarthaí AE, mar aon leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Tá sé mar bhunús le dlí AE, trí chuspóir AE, rialachas a institiúidí lárnacha, a leagan amach.
  • Tá CAE bunaithe ar Chonradh Maastricht lenar sonraíodh céim nua den lánpháirtiú Eorpach trí dhul níos faide ná an bunchuspóir eacnamaíoch (cómhargadh). Réitíodh an bealach leis do lánpháirtiú polaitiúil le haistriú ó Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) go dtí an tAontas Eorpach (AE).
  • Tugadh isteach líon athruithe suntasacha le Conradh Maastricht ar struchtúir, ar institiúidí agus ar chinnteoireacht, ar réimsí beartais agus ar raon feidhme an Aontais Eorpaigh nua sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Príomhghnéithe Chonradh Maastricht

Leasuithe a rinneadh ar an gConradh

Rinneadh Conradh Maastricht a leasú ina dhiaidh sin leis na conarthaí seo a leanas:

  • Le Conradh Amstardam (1997) méadaíodh cumhachtaí AE trí bheartas fostaíochta Comhphobail a chruthú, trí roinnt de na réimsí a bhí faoi réir comhar idir-rialtais sna réimsí ceartais agus gnóthaí baile a aistriú chuig na comhphobail, trí bhearta a thabhairt isteach ina ndírítear ar AE a thabhairt níos gaire dá shaoránaigh agus trí chomhar níos dlúithe idir tíortha áirithe AE a éascú (comhar feabhsaithe). Leathnaíodh leis chomh maith nós imeachta na comhchinnteoireachta agus an vótáil trí thromlach cáilithe agus rinneadh airteagail na gConarthaí a shimpliú agus a athuimhriú leis.
  • Le Conradh Nice (2001) déileáladh go bunúsach leis na fadhbanna institiúideacha a bhain le méadú nár réitíodh in 1997: comhdhéanamh an Choimisiúin, ualú na vótaí sa Chomhairle agus leathnú na réimsí um vótáil trí thromlach cáilithe. Rinneadh na rialacha um nós imeachta maidir le comhar feabhsaithe a shimpliú leis agus rinneadh an córas breithiúnach níos éifeachtaí leis.
  • Rinneadh athchóirithe móra le Conradh Liospóin (2007). Cuireadh deireadh leis an gComhphobal Eorpach leis — rinneadh an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach a athainmniú mar an “Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh”. Cuireadh deireadh le struchtúr 3 cholún AE roimhe seo leis agus leithdháileadh inniúlachtaí idir AE agus tíortha AE leis. Rinneadh an dóigh a bhfeidhmíonn institiúidí AE agus an próiseas cinnteoireachta a athbhreithniú chomh maith, chun oiriúnú do AE méadaithe de 28 tír AE. Rinneadh athchóiriú chomh maith ar líon bheartais inmheánacha agus sheachtracha AE agus cuireadh ar chumas na n–institiúidí gníomhú i réimsí beartais nua. Neartaíodh gné dhaonlathach AE tuilleadh leis.
  • I ndiaidh 1992, leasaíodh an CAE leis na conarthaí aontachais éagsúla, lenar méadaíodh líon thíortha AE ó 12 go 28 de réir a chéile.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME LEAGAN NUA AN CHONARTHA?

Arna shíniú an 13 Nollaig 2007, tháinig Conradh Liospóin — ina gcuimsítear an CAE agus an CFAE — i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009.

CÚLRA

  • Tá an Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE) bunaithe ar Chonradh Maastricht, síníodh é an 7 Feabhra 1992, agus tagann a leagan reatha, i ndiaidh leasuithe éagsúla, ó Chonradh Liospóin (2007).
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Conradh ar an Aontas Eorpach an 13 Nollaig 2007 — leagan comhdhlúite (IO C 202, 7.6.2016 lgh. 13-46)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Conradh ar an Aontas Eorpach (IO C 191, 29.7.1992, lgh. 1-112)

Ionstraim a bhaineann le coinníollacha aontachais Ríocht na hIorua, Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne, Phoblacht na Sualainne agus leis na coigeartuithe ar na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe, Ábhair (IO C 241, 29.8.1994, lch. 9-404)

Conradh Amstardam lena leasaítear an Conradh ar an Aontas Eorpach, na Conarthaí lena mbunaítear na Comhphobail Eorpacha agus gníomhartha gaolmhara áirithe (IO C 340, 10.11.1997, lgh. 1-144)

Conradh Nice lena leasaítear an Conradh ar an Aontas Eorpach, na Conarthaí lena mbunaítear na Comhphobail Eorpacha agus gníomhartha gaolmhara áirithe (IO C 80, 10.3.2001, lch. 1-87)

Conradh idir Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Éire, Poblacht na hIodáile, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, Poblacht na Fionlainne, Poblacht na Sualainne, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit an Aontais Eorpaigh) agus Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, maidir le haontachas Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice leis an Aontas Eorpach (IO L 236, 23.9.2003, lgh. 17-930)

Conradh idir Ríocht na Beilge, Poblacht na Seice, Poblacht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Éire, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Poblacht na Sualainne, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit an Aontais Eorpaigh) agus Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin i ndáil le haontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach (IO L 157, 21.6.2005, lgh. 11-395)

Conradh Liospóin lena leasaítear an Conradh ar an Aontas Eorpach, na Conarthaí lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach, arna síniú ag Liospóin an 13 Nollaig 2007 (IO C 306, 17.12.2007, lgh. 1-271)

Conradh idir Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Poblacht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Poblacht na Sualainne, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit an Aontais Eorpaigh) agus Poblacht na Cróite i ndáil le haontachas Phoblacht na Cróite san Aontas Eorpach (IO L 112, 24.4.2012, lgh. 10-110)

Nuashonraithe 04.04.2018

Top