Gréasán aonair iarnróid don Eoraip
ACHOIMRE AR:
Treoir 2012/34/AE lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Féachtar le Treoir 2012/34/AE leis na rialacha dlí a bhaineann le hearnáil iarnróid an Aontais Eorpaigh a shoiléiriú chun:
- cáilíocht a feabhsú trí iomaíocht a spreagadh;
- maoirseacht ar an margadh a neartú; agus
- coinníollacha infheistíochta a fheabhsú.
Leis an treoir comhcheanglaítear agus aisghairtear na trí threoir ón “gcéad phacáiste iarnróid”. Ina measc siúd tá:
- forbairt iarnróid AE (Treoir 2001/12/CE);
- ceadúnú gnóthas iarnróid (Treoir 2001/13/CE); agus
- bainistíocht an bhonneagair iarnróid (Treoir 2001/14/CE).
Le Treoir (AE) 2016/2370 leasaítear Treoir 2012/34/CE maidir leis an margadh le haghaidh seirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d’iarnród a oscailt agus maidir le rialachas an bhonneagair iarnróid.
PRÍOMHPHOINTÍ
Caighdeán feabhsaithe trí iomaíocht
Treoir 2012/34/AE:
- éascaítear léi níos mó trédhearcachta maidir le coinníollacha na rochtana ar an margadh iarnróid;
- feabhsaítear léi an rochtain atá ag oibreoirí ar sheirbhísí a bhaineann leis an iarnród amhail:
- stáisiúin iarnróid
- críochfoirt lasta agus
- saoráidí cothabhála.
Bainisteoirí bonneagair *
- Nuair a fheidhmíonn cuideachtaí iarnróid an bonneagar a raibh ceannasacht acu go stairiúil ar an margadh, ní mór dó bheith:
- neamhspleách ó thaobh eagrúcháin agus cinnteoireachta de; agus
- córais chuntasaíochta ar leithligh a bheith aige.
- Faoi réir cosaintí cuí a bheith i bhfeidhm chun neamhspleáchas an bhainisteora bonneagair a áirithiú maidir le feidhmeanna riachtanacha*, bainistíocht tráchta agus pleanáil chothabhála, le Treoir leasaitheach (AE) 2016/2370 féadfaidh tíortha AE rogha a dhéanamh idir samhlacha eagraíochtúla éagsúla. Ar na samhlacha sin tá deighilt struchtúrach iomlán agus comhtháthú ingearach.
- Le Treoir leasaitheach (AE) 2016/2370 tugtar isteach rialacha maidir le hiasachtaí, díbhinní d’úinéirí cuideachtaí iarnróid agus sreafaí airgeadais isteach i ngnóthais atá comhtháite go hingearach. Ceapadh iad sin chun saobhadh na hiomaíochta a chosc, go háirithe riosca tras–fhóirdheonaithe i struchtúir chomhtháite.
Seirbhísí paisinéirí intíre
Le Treoir leasaitheach (AE) 2016/2370 áirithítear go bhfuil rochtain chothrom ar raonta agus ar stáisiúin ag gach cuideachta iarnróid. Mar sin féin, féadfaidh tíortha AE an ceart chun rochtana ar sheirbhísí paisinéirí a theorannú idir áit imeachta ar leith agus ceann scríbe ar leith nuair a chumhdaíonn conradh seirbhíse poiblí amháin nó níos mó an bealach céanna. Tá sé sin amhlaidh freisin nuair a chumhdaíonn conradh seirbhíse poiblí amháin nó níos mó bealach malartach, dá gcuirfeadh an ceart sin isteach ar chothromaíocht eacnamaíoch an chonartha nó na gconarthaí atá i gceist.
Rialú rialála
- Neartaítear le Treoir 2012/34/AE neamhspleáchas na gcomhlachtaí rialála náisiúnta a dhéanann maoirsiú ar an margadh náisiúnta iarnróid. Féadfaidh na comhlachtaí sin fíneálacha a ghearradh i gcás iompar míchuí nó féadfaidh siad iniúchtaí a dhéanamh. Neartaítear rialú rialála trí dhlúthchomhar idir na comhlachtaí rialála agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as sábháilteacht agus ceadúnú iarnróid.
- Le Treoir leasaitheach (AE) 2016/2370 tugtar an chumhacht do chomhlachtaí rialála faireachán a dhéanamh ar an méid a leanas:
- bainistíocht tráchta
- pleanáil athnuachana agus
- oibreacha cothabhála sceidealaithe agus neamhsceidealaithe.
Maoiniú iarnróid
Ní mór do na húdaráis inniúla phoiblí straitéisí infheistíochta níos fadtéarmaí a ullmhú chun níos mó cobhsaíochta a chur ar fáil don bhainisteoir bonneagair, maidir le cinntí infheistíochta a dhéanamh agus maidir le pleanáil oibreacha, mar aon le níos mó cinnteachta d’infheisteoirí, d’fhonn cuideachtaí a spreagadh chun infheistíocht a dhéanamh chun bonneagar a nuachóiriú. Ba cheart go gcumhdófar tréimhse 5 bliana ar a laghad sna straitéisí sin agus ní mór dóibh a bheith inathnuaite.
Gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe a ghlacadh
Ghlac an Coimisiún Eorpach sraith gníomhartha cur chun feidhme lena bhforlíontar Treoir 2012/34/AE agus a bhaineann leis an méid seo a leanas.
- Tástáil chothromaíochta eacnamaíche atá le feidhmiú i gcás seirbhísí nua paisinéirí iarnróid (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 869/2014). Ón 12 Nollaig 2020, déanfar Rialachán (AE) Uimh. 869/2014 a aisghairm le Rialachán (AE) 2018/1795 agus cuirfear in ionad an rialacháin sin é lena áirithítear go mbeidh na critéir agus na nósanna imeachta céanna i bhfeidhm maidir le gach seirbhís iarnróid do phaisinéirí, beag beann ar cé acu an seirbhísí intíre nó seirbhísí idirnáisiúnta iad.
- Critéir le haghaidh iarratasóirí maidir le toilleadh bonneagair iarnróid (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/10).
- Gnéithe áirithe den nós imeachta maidir le gnóthais iarnróid a cheadúnú (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/171).
- Na módúlachtaí atá le leanúint chun na muirir do na costais a bhaineann le héifeachtaí torainn a chur i bhfeidhm ( Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/429).
- Ríomh costas díreach maidir le húsáid as bonneagar iarnróid (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/909).
- Oibleagáidí tuairiscithe thíortha AE maidir le faireachán ar an margadh iarnróid (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1100).
- Nósanna imeachta agus critéir maidir le comhaontuithe réime maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a chionroinnt (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/545).
- Rochtain ar áiseanna seirbhíse agus ar sheirbhísí a bhaineann le hiarnród (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177).
In 2017, ghlac an Coimisiún Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/2075 a chuirtear in ionad Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2012/34/AE. Baineann sé sin leis an sceideal don phróiseas maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a chionroinnt.
Paindéim COVID-19
- Le Rialachán (AE) 2020/698 tugtar isteach solúbthacht shealadach maidir le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus maidir le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúna tréimhsiúla áirithe i réimsí áirithe de reachtaíocht iompair AE chun cuidiú le cuideachtaí agus le húdaráis déileáil leis na himthosca eisceachtúla atá mar thoradh ar phaindéim COVID-19. Leis an rialachán cuirtear síneadh 6 mhí leis na teorainneacha ama maidir le hathbhreithniú a dhéanamh go rialta ar na ceadúnais agus ar bhailíocht na gceadúnas sealadacha arna leagan síos i dTreoir 2012/34/AE. Tá rialacha in Airteagal 13 a ghabhann leis chomh maith maidir le cóireáil ceadúnas gnóthas iarnróid i gcás nach gcomhlíonódh siad ceanglais maidir le folláine airgeadais.
- Leagtar síos le Rialachán (AE) 2020/1429 rialacha sealadacha maidir le muirir a ghearradh le haghaidh úsáid bonneagair iarnróid d’fhonn a chur ar chumas údaraithe náisiúnta agus bainisteoirí bonneagair déileáil le hiarmhairtí diúltacha a tháinig chun cinn mar thoradh ar phaindéim COVID-19 fad agus a mhairfidh na hiarmhairtí sin. Tá feidhm aige maidir le húsáid bonneagair le haghaidh seirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta a chumhdaítear faoi Threoir 2012/34/AE ar feadh na tréimhse tagartha ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020. Ceadaítear leis bainisteoirí bonneagar muirir le haghaidh pacáistí íosrochtana agus na muirir áirithe a laghdú, a tharscaoileadh nó a iarchur. Mar gheall ar chineál neamh–intuartha na paindéime, is féidir leis an gCoimisiún síneadh a chur leis an tréimhse thagartha ina mbeidh feidhm ag na bearta faoin rialachán.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
- Tá feidhm le Treoir 2012/34/CE ón 15 Nollaig 2012 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 16 Meitheamh 2015.
- Déanfar cur i bhfeidhm go leor de na rialacha a tugadh isteach le Treoir leasaitheach (AE) 2016/2370 a thabhairt isteach de réir a chéile thar thréimhse idir an 1 Eanáir 2019 agus an 14 Nollaig 2020 (féach Airteagal 3(2) den treoir).
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Bainisteoir bonneagair: aon chomhlacht nó aon ghnólacht atá freagrach as bonneagar iarnróid a oibriú, a chothabháil agus a athnuachan ar líonra, chomh maith le bheith rannpháirteach ina fhorbairt mar a chinnfidh tír AE mar chuid dá beartas ginearálta maidir le bonneagar a fhorbairt agus a mhaoiniú.
Feidhmeanna riachtanacha: cinnteoireacht maidir le:
- cionroinnt bealaí traenach, lena n–áirítear sainiú agus measúnú ar infhaighteacht agus cionroinnt bealaí traenach aonair; agus
- muirearú bonneagair, lena n–áirítear muirir a chinneadh agus a bhailiú.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lgh. 32-77)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2012/34/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2020/1429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 lena mbunaítear margadh iarnróid margadh inbhuanaithe iarnróid i bhfianaise ráig COVID-19 (IO L 333, 12.10.2020, lgh. 1-5)
Rialachán (AE) 2020/698 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 lena leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha i bhfianaise ráig COVID-19 agus i dtaca le deimhnithe, ceadúnais agus údaruithe áirithe a athnuachan nó síneadh a chur leo agus le cur ar athlá seiceálacha tréimhsiúla áirithe agus oiliúint thréimhsiúil áirithe i réimsí áirithe den reachtaíocht iompair (IO L 165, 27.5.2020, lgh. 10-24)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1795 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2018 lena leagtar síos nós imeachta agus critéir maidir leis an scrúdú cóimheá eacnamaíche a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 11 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 21.11.2018, lgh. 5-14)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2017 maidir le rochtain ar shaoráidí seirbhíse agus ar sheirbhísí a bhaineann le hiarnród (IO L 307, 23.11.2017, lgh. 1-13)
Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/2075 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2017 lena n–ionadaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2012/34 AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 295, 14.11.2017, lgh. 69-73)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/545 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2016 maidir le nósanna imeachta agus critéir a bhaineann le comhaontuithe réime maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a chionroinnt (IO L 94, 8.4.2016, lgh. 1-11)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1100 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2015 maidir le hoibleagáidí tuairiscithe na mBallstát faoi chuimsiú an fhaireacháin ar an margadh iarnróid (IO L 181, 9.7.2015, lgh. 1-26)
Rialachán Cur Chun feidhme (AE) 2015/909 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2015 maidir leis na rialacha mionsonraithe i ndáil le ríomh an chostais a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an tseirbhís traenach a oibriú (IO L 148, 13.6.2015, lgh. 17-22)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/429 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 lena leagtar amach na rialacha mionsonraithe atá le leanúint chun an muirearú ar chostas na n–éifeachtaí torainn a chur i bhfeidhm (IO L 70, 14.3.2015, lgh. 36-42)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/171 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2015 maidir le gnéithe áirithe den nós imeachta maidir le gnóthais iarnróid a cheadúnú (IO L 29, 5.2.2015, lgh. 3-10)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/10 ón gCoimisiún an 6 Eanáir 2015 maidir le critéir d’iarratasóirí i ndáil le toilleadh bonneagair iarnróid a chionroinnt agus lena n–aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 870/2014 (IO L 3, 7.1.2015, lgh. 34-36)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 869/2014 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2014 maidir le seirbhísí nua paisinéirí iarnróid (IO L 239, 12.8.2014, lgh. 1-10)
Nuashonraithe 25.01.2021