EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Idirbhearta níos sláine ar an Idirlíon

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 910/2014: maidir le ríomh-aitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart slán sa mhargadh inmheánach

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN SEO?

  • Cruthaítear leis an Rialachán maidir le Ríomh-Aitheantas agus Seirbhísí Iontaoibhe (eIDAS) córas nua le haghaidh ríomh-idirbheart slán ar fud AE idir gnóthaí, saoránaigh agus údaráis phoiblí.
  • Féachtar leis an rialachán iontaoibh i ríomh-idirbhearta AE a fheabhsú, chun cur le héifeachtacht seirbhísí poiblí agus príobháideacha ar líne agus le héifeachtach na ríomhthráchtála. Cuirtear an rialachán i bhfeidhm maidir le:
    • scéimeanna ríomh-shainaitheantais a chuirtear in iúl don Choimisiún Eorpach ag tíortha AE;
    • soláthraithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe in AE.
  • Cuirtear deireadh ann le bacainní reatha ar úsáid ríomh-shainaitheantais in AE. Mar shampla, bheadh sé simplí anois do ghnólacht ón bPortaingéil tairiscint a chur isteach ar chonradh seirbhísí poiblí sa tSualainn. Chomh maith leis sin, is féidir deontais chistiúcháin AE a bhainistiú go hiomlán ar líne anois.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ríomh-shainaitheantas

  • Ní mór ríomh-shainaitheantas a eisítear i dtír AE amháin a aithint sna Ballstáit AE eile. Ní chuirtear an riail seo i bhfeidhm ach amháin sa chás go gcloíonn an ríomh-shainaitheantas le riachtanais an rialacháin agus go bhfuil sé curtha in iúl don Choimisiún agus foilsithe i liosta. Táthar ag súil go mbeidh aitheantas frithpháirteach an ríomh-shainaitheantais éigeantach ón 28 Meán Fómhair i leith agus go n-éascófar ríomh-idirbhearta slána leis ar fud AE.
  • Faoi scéim ríomh-shainaitheantais ní mór ceann amháin de thrí leibhéal muiníne (íseal, réasúnach, ard) a shonrú don chineál ríomh-shainaitheantais a eisítear faoin scéim sin. Ní bhíonn an t-aitheantas frithpháirteach éigeantach ach amháin nuair a úsáideann an comhlacht iomchuí earnála poiblí na leibhéil “réasúnach” nó “ard” chun an tseirbhís sin a rochtain ar líne.

Fógra

  • Agus scéimeanna ríomh-shainaitheantais á gcur in iúl ag tíortha AE don Choimisiún, bíonn orthu faisnéis a chur ar fáil faoi ghnéithe áirithe, mar shampla:
    • na leibhéil chinnteachta agus eisitheoir na ríomh-shainaitheantas faoin scéim sin;
    • na córais maoirseachta agus dliteanais is infheidhme;
    • an comhlacht a dhéanann clárú na sonraí uathúla aitheantais phearsanta a bhainistiú.
  • Má dhéantar slándáil na scéime ríomh-shainaitheantais nó an fhíordheimhnithe a shárú, ní mór don tír AE a thugann an fógra:
    • fíordheimhniú AE nó na codanna scéime a cuireadh i gcontúirt a chur ar fionraí/chúlghairm go tapa; agus
    • na tíortha AE eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi.

Dliteanas

  • I gcás idirbhirt idir tíortha den Aontas Eorpach nuair a theipeann orthu cloí le hoibleagáidí an rialacháin, is féidir leis na páirtithe seo a leanas a chur faoi dhliteanas as aon damáiste a dhéantar d'aon ghnó nó le faillí do dhuine nó do chomhlacht:
    • an tír AE a thugann an fógra;
    • an páirtí a eisíonn an ríomh-shainaitheantas;
    • an páirtí a dhéanann an nós imeachta fíordheimhnithe a bhainistiú.

Comhar agus inoibritheacht idir na tíortha AE

  • Ní mór do na scéimeanna náisiúnta ríomh-shainaitheantais a chuirtear in iúl a bheith comh-inoibritheach. Ní mór don chreat inoibritheachta a bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochtade , agus gan a bheith i bhfabhar réiteach náisiúnta teicniúil ar leith don ríomh-shainaitheantas.

Seirbhísí iontaoibhe

  • An sainmhíniú a thugtar ar sheirbhísí iontaoibhe sa rialachán ná seirbhísí íoctha a chuireann san áireamh
    • cruthú, fíorú, bailíochtú, láimhseáil agus caomhnú ríomhshínithe;ríomhshéalaí; nó ríomhstampaí ama; ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe agus ríomhdheimhnithe a bhaineann leis na seirbhísí sin; nó;
    • cruthú, fíorú agus bailíochtú deimhniúcháin um fhíordheimhniú láithreáin ghréasáin; nó
    • caomhnu ríomhshínithe, ríomhshéalaithe nó ríomhdheimhnithe a bhaineann leis na seirbhísí sin.
  • Má chomhlíonann soláthraithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe in AE riachtanais infheidhmithe an rialacháin, meastar go bhfuil siad “cáilithe”. Tá cead dlíthiúil acu seirbhísí cáilithe iontaoibhe (m.sh. ríomhshínithe, ríomhshéalaí nó ríomhdheimhnithe cáilithe) a chur ar fáil i dtíortha uile AE. Is féidir glacadh le seirbhísí iontaoibhe, a chuirtear ar fáil ag soláthraithe seirbhíse ó thíortha neamh-AE, mar sheirbhísí atá mar an gcéanna ó thaobh an dlí de le seirbhísí cáilithe. Ní mór do chomhaontú a bheith sínithe ag AE agus an tír neamh-AE nó eagraíocht idirnáisiúnta ar dtús.

Maoirseacht

  • Ní mór do thíortha AE comhlacht amháin nó níos mó a roghnú le haghaidh gníomhaíochtaí maoirseachta faoin rialachán seo. Bíonn ar na comhlachtaí sin comhoibriú le húdaráis chosanta sonraí más iomchuí.
  • Déantar maoirseacht ar na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe uile agus ní mór dóibh fógra a thabhairt faoi bhainistíocht riosca agus faoi sháruithe slándála.
  • Déantar maoirseacht tadhaill éadroim ar sholáthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe, .i. ní ghníomhaíonn an comhlacht maoirseachta ach amháin má mheastar go bhfuil mí-iompar ar siúl ag an soláthraí.
  • Déantar maoirseacht chruinn ar na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe in AE. Áirítear leis seo réamhúdarú ó chomhlachtaí maoirseachta agus iniúchadh gach dhá bhliain ar a laghad ag eagraíocht a dhéanann measúnú ar cibé an bhfuil ceanglais an rialacháin á gcomhlíonadh acu.
  • Bainfear úsáid as trustmharc AE deonach nua chun na seirbhísí cáilithe iontaoibhe a aithint a chuirtear ar fáil ag soláthraithe iomchuí.

I sraith gníomhartha arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach le linn 2015 leagadh amach an méid seo a leanas:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 17 Meán Fómhair 2014 ar aghaidh.

PRÍOMHTHÉARMA

* ríomh-shainaitheantas: cineálacha aitheantais láimhsithe nó doláimhsithe a bhfuil sonraí aitheantais phearsanta iontu, a úsáidtear chun seirbhís ar líne a fhíordheimhniú.

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lgh. 73-114)

Rinneadh na leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a chorprú isteach sa buntéacs. Is chun críche faisnéise amháin atá an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonraithe 17.03.2016

Top