EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Meicníocht dhomhanda um thuairisciú maidir le mionarmáin, le harmáin agus le harmlón neamhcheadaithe chun riosca na trádála neamhcheadaithe a laghdú

Tacaíonn an tAontas Eorpach (AE) le córas domhanda bainistíochta faisnéise atá furasta feidhm a bhaint as a bhunú, a bhaineann le harmáin atreoraithe nó gháinneála. Tacaíonn sé chomh maith le taighde a dhéanamh ar na harmáin agus ar an armlón atá i gcúrsaíocht i gceantair choinbhleachta ar fud an domhain.

ACHT

Cinneadh 2013/698/CBES ón gComhairle ar mhaithe le meicníocht dhomhanda um thuairisciú maidir le mionarmáin agus le harmáin éadroma neamhcheadaithe agus le gnáth-armáin agus le gnáth-armlón neamhcheadaithe eile chun riosca na trádála neamhcheadaithe a laghdú.

ACHOIMRE

D’aontaigh an AE tacú le córas domhanda bainistíochta faisnéise atá furasta feidhm a bhaint as, a bhaineann le mionarmáin neamhcheadaithe, le gnáth-armáin éadroma neamhcheadaithe agus eile agus le gnáth-armlón éadrom neamhcheadaithe agus eile, chun riosca na trádála neamhcheadaithe a laghdú. Tugtar iTrace ar an chóras seo. Fuarthas leithdháileadh EUR 2.32 mhilliún ó bhuiséad an AE le haghaidh an tionscadail.

Tá seans ann go rachaidh an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe in olcas mar gheall ar mhonarú, ar aistriú agus ar chúrsaíocht neamhcheadaithe mionarmán agus armán éadrom (SALW), agus gur féidir cur go mór le spreagadh agus le leathadh coinbhleachtaí dá mbarr. Cuireadh páipéar straitéise AE le chéile sa bhliain 2006 agus deirtear sa pháipéar seo go bhfuair beagnach ceithre mhilliún duine bás agus go raibh ar bhreis is 18 mhilliún duine a dtithe nó a dtíortha a fhágáil, ó 1990 i leith, de bharr na gcoinbhleachtaí seo, coinbhleachtaí a raibh an pháirt ba thábhachtaí ag SALW iontu.

Córas ar líne atá inrochtana go poiblí

Bunófar córas ar líne atá inrochtana go poiblí faoin tionscadal seo, córas a bhainfear feidhm as chun SALW agus gnáth-armáin agus gnáth-armlón neamhcheadaithe eile a rianú, agus chun cineálacha sonracha armán, mar aon le soláthraithe, bealaí iompair agus faighteoirí neamhcheadaithe, a leagadh amach.

Cuirfear ar chumas rialtais náisiúnta faireachán córasach a dhéanamh ar gháinneáil i SALW agus i ngnáth-armáin agus i ngnáth-armlón eile.

Ionchur do lucht déanta beartais

Ceann de phríomhaidhmeanna an chórais ná ionchur a thabhairt do lucht déanta beartais agus do shaineolaithe gnáth-armán ionas go bhféadfaidh siad straitéisí níos éifeachtaí agus réimsí tosaíochta a shainiú chun déileáil leis an fhadhb seo. Mar shampla, b’fhéidir trí bhíthin deiseanna um chomhar réigiúnach, stoc-charn náisiúnta neamhshlán de SALW nó bealaí iompair neamhdhlíthiúla a aithint.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh 2013/698/CBES ón gComhairle

25.11.2013

-

IO L 320, 30.11.2013, lch. 34

Nuashonrú is déanaí: 11.06.2014

Top