EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Riachtanais maidir le cineálcheadú agus le faireachas margaidh le haghaidh gluaisrothar/móipéidí agus cuadrothar san Eoraip

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 — maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Is í is príomhchúis leis truailliú ó iompar a laghdú agus sábháilteacht fheidhmiúil fheithiclí de chatagóir L* nua a mhéadú.
  • Féachtar leis an rialachán riachtanais AE fheidhmiúla sábháilteachta agus chomhshaoil d’fheithiclí de chatagóir L a uasghrádú mar riachtanas maidir le clárú feithiclí.
  • Cuirtear an rialachán i bhfeidhm freisin maidir le gluaisrothair enduro, le gluaisrothair thrialach agus le cuadrothair throma ilraoin a d’fhéadfaí a úsáid ar bhóthar nó ar thalamh eile.

PRÍOMHPHOINTÍ

Údaráis um cheadú agus um fhaireachas margaidh

Ní mór do Bhallstáit AE an méid seo a leanas a ainmniú:

  • údaráis um cheadú lena dheimhniú go gcloíonn cineál áirithe feithicle leis na riachtanais éagsúla riaracháin agus theicniúla a leagtar síos faoin dlí;
  • údaráis um fhaireachán margaidh lena chinntiú go gcloíonn feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith, a chuirtear ar fáil ar an margadh, leis an dlí agus nach ndéanann siad dochar do shláinte, do shábháilteacht ná d’aon ghné eile de chosaint leas an phobail.

Cineálcheadú

  • Leagtar amach riachtanais um chineálcheadú le haghaidh na monaróirí (feithiclí), na húdaráis um cheadú agus na seirbhísí teicniúla (e.g. comhlachtaí imscrúdaithe) lena mbaineann. A luaithe is a chloíonn feithicil le sraith uilechuimsitheach riachtanas, is féidir an cineál feithicle sin a dhíol ar mhargadh AE.
  • Bíonn ar an monaróir deimhniú comhréireachta a chur ar fáil le haghaidh gach feithicle; cuireann deimhniú comhréireachta ar chumas an úinéara an fheithicil a chlárú.

Riachtanais fheidhmiúla maidir le sábháilteacht

Leagtar síos riachtanais sábháilteachta sa rialachán, lena n-áirítear:

  • ní mór do ghluaisrothair nua atá níos mó ná 125 cm3 a bheith feistithe le córas coscánaithe frithghlasála;
  • ar ghluaisrothar ar a bhfuil dhá roth faoi 125 cm3, fágtar feistiú córas coscánaithe frithghlasála, córas comhcheangailte coscánaithe nó an dá cheann acu sin faoi rogha an mhonaróra;
  • le haghaidh radharc níos fearr:
    • ó Iúil 2014 ar aghaidh, ní mór gach cineál feithiclí nua de chatagóir L a fheistiú le sásra a chuireann na soilse ar siúl go huathoibríoch,
    • ón 1 Eanáir 2016 ar aghaidh, ní mór do gach cineál de na feithiclí sin atá ann cheana an méid sin a chomhlíonadh freisin;
  • ní mór do chuadrothair agus do chineálacha eile feithiclí trí agus ceithre roth, de chatagóir L, a bheith feistithe le giar difreálach (a ligeann do rothaí ar an acastóir céanna casadh ag rátaí difriúla), rud a chinntíonn gur féidir leo dul timpeall cúinne go sábháilte.

Riachtanais maidir le feidhmíocht chomhshaoil

  • Ní mór d’fheithicil de chatagóir L cloí le hocht gcineál éagsúla thástála chun cineálcheadú a fháil, amhail tástálacha le haghaidh astaíochtaí galaitheacha (gala breosla), gléasanna um rialú truaillithe agus éifeachtúlacht fuinnimh agus fuaime.
  • Leagtar amach sa rialachán riachtanais chomhshaoil maidir le dhá chéim de laghduithe astaíochta. Cuireadh an chéad chéim (Euro 4) i bhfeidhm maidir le cineálacha nua feithicle ón 1 Eanáir 2016 ar aghaidh. Cuireadh an dara céim (Euro 5) i bhfeidhm ó 2020, rud a chuir ar chumas monaróirí agus soláthróirí ullmhú don mheántéarma.

Oibleagáidí monaróirí, a n--ionadaithe, allmhaireoirí agus dáileoirí

Leagtar amach sa rialachán na hoibleagáidí atá ar gach uile pháirtí atá sa slabhra soláthair:

  • nuair a bhaineann baol mór d’úsáideoirí nó don chomhshaol le feithicil, ní mór don mhonaróir nó do pháirtithe eile sa slabhra soláthair bearta éifeachtacha cosanta a dhéanamh, lena n-áirítear feithiclí a aistarraingt, más gá;
  • ní mór do mhonaróirí rochtain neamhshrianta ar dhiagnóisic ar bord ag úsáid nascóir caighdeánaithe agus rochtain ar fhaisnéis maidir le deisiú agus le cothabháil feithiclí trí láithreáin ghréasáin a chur ar fáil do dhíoltóirí agus deisitheoirí údaraithe, agus d’oibreoirí neamhspleácha. Ní bhaineann an oibleagáid seo le feithiclí “sraitheanna teoranta”.

Gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme

Glac an Coimisiún gníomhartha tarmligthe mar fhorlíonadh ar Rialachán (AE) Uimh. 168/2013:

  • Leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 3/2014 na riachtanais theicniúla agus na nósanna imeachta tástála a bhaineann le sábháilteacht fheidhmiúil maidir le formheas agus le faireachas margaidh feithiclí de chatagóir L agus na córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin. Leasaíodh é le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1824 chun é a chur in oiriúint maidir le dul chun cinn teicniúil.
  • Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 134/2014 maidir le ceanglais ar fheidhmíocht chomhshaoil agus córas tiomána agus lena leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 168/2013. Leasaigh Rialacháin Tharmligthe (AE) 2016/1824 agus (AE) 2018/295 an rialachán sin chun na riachtanais theicniúla agus na nósanna imeachta tástála a fheabhsú agus iad a chur in oiriúint de réir dul chun cinn teicniúil.

Ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 901/2014 maidir le ceanglais riaracháin um chineálcheadú agus faireachas margaidh feithiclí ar a bhfuil dhá nó trí roth agus cuadrothair. Rinne Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) 2016/1825 agus (AE) 2020/239 an rialachán cur chun feidhme sin a leasú idir an dá linn.

Aisghairtear reachtaíocht roimhe seo

Déantar Treoir 2002/24/CE a aisghairm le Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 agus cuirtear é ina hionad ón 1 Eanáir 2016.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2016.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Feithiclí de chatagóir L: feithiclí ísealchumhachta amhail rothair chumhachtaithe, móipéidí dhá agus trí roth, gluaisrothair (le nó gan carr cliathánach), trírothaigh agus cuadrothair.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lgh. 52-128)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 901/2014 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2014 a chuireann chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le riachtanais riaracháin maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 249, 22.8.2014, lgh. 1-202)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 134/2014 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le riachtanais feidhmíochta chomhshaoil agus córas tiomána agus lena leasaítear Iarscríbhinn V den rialachán sin (IO L 53, 21.2.2014, lgh. 1-10)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 44/2014 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le riachtanais tógála feithiclí agus ghinearálta maidir le ceadú feithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothar (IO L 25, 28.1.2014, lgh. 1-102)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 3/2014 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le riachtanais fheidhmiúla sábháilteachta feithiclí maidir le ceadú feithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothar (IO L 7, 10.1.2014, lgh. 1-12)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 28.05.2021

Top