Trealamh cosanta pearsanta sábháilte d’úsáideoirí a chinntiú
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) 2016/425 — trealamh cosanta pearsanta sábháilte
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
-
Leagtar síos ann na ceanglais maidir le trealamh cosanta pearsanta* (TCP) a dhearadh agus a mhonarú.
-
Tá sé mar aidhm leis sláinte agus sábháilteacht úsáideoirí a chinntiú agus cead a thabhairt chun trealamh a dhíol agus a úsáid ar fud an Aontais Eorpaigh (AE).
-
Tagann sé in ionad reachtaíochta roimhe seo (Treoir 89/686/CEE ón gComhairle).
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Ní cheadaítear trealamh cosanta pearsanta a dhíol nó a úsáid ach amháin:
-
i gcás go gcomhlíonann sé an rialachán, i gcás ina ndéantar é a chothabháil i gceart agus ina n-úsáidtear é le haghaidh na críche atá beartaithe dó, go háirithe Iarscríbhinn II ina leagtar amach na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta;
-
mura gcuireann sé sláinte nó sábháilteacht daoine, peataí nó réadmhaoine i mbaol.
-
Ní mór do mhonaróirí:
-
a chinntiú go bhfuil earraí TCP deartha agus déanta de réir na reachtaíochta;
-
gach TCP a chur faoi réir an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta;
-
an doiciméadúchán teicniúil ábhartha agus dearbhú comhréireachta AE a choinneáil ar feadh 10 mbliana;
-
tástáil shamplach ar TCP a dhéanamh agus, más gá, clár um ghearáin a choinneáil, maidir le TCP neamh-chomhréireach agus TCP a aisghairtear;
-
sonraí a thabhairt, amhail an trádainm cláraithe agus a seoladh poist, ar phacáistiú TCP nó ar na doiciméid a ghabhann leis;
-
treoracha shothuigthe ar úsáid agus ar shábháilteachta a chur ar fáil;
-
na húdaráis náisiúnta a chur ar an eolas láithreach má bhaineann riosca le TCP.
-
Cuirtear oibleagáidí ar allmhaireoirí agus ar dháileoirí a chinntiú go gcomhlíonann TCP caighdeáin AE.
-
Cuireann comhlachtaí náisiúnta éagsúla um measúnú comhréireachta nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i gcrích ag brath ar cibé ceann de na trí chatagóir rioscaí a bhfuil TCP ceaptha chun cosaint a thabhairt d’úsáideoirí ina choinne:
-
catagóir I — íosrioscaí;
-
catagóir II — rioscaí nach bhfuil san áireamh i gcatagóirí I nó III;
-
catagóir III — rioscaí an-tromchúiseach amhail bás nó dochar doleigheasta don tsláinte.
-
Cuireann tíortha AE na comhlachtaí atá údaraithe chun tástálacha measúnaithe comhréireachta a dhéanamh in iúl don Choimisiún Eorpach.
-
Eagraíonn an Coimisiún malartú taithí idir na húdaráis náisiúnta.
-
Níl feidhm ag an reachtaíocht maidir le trealamh cosanta:
-
a úsáideann na fórsaí armtha nó a úsáidtear chun cúrsaí dlí agus oird a chaomhnú;
-
a úsáidtear d’fhéinchosaint, seachas gníomhaíochtaí spóirt;
-
a úsáidtear ar bhonn príobháideach i gcoinne dálaí aimsire nach dálaí adhaimsire iad; tais agus uisce le linn níochán mias;
-
a úsáidtear ar shoithí muirghabhála agus ar aerárthaí atá faoi réir na gconarthaí idirnáisiúnta iomchuí;
-
a úsáideann tiománaithe agus paisinéirí gluaisrothar agus móipéidí.
-
Ní mór do thíortha AE pionóis a bheith i bhfeidhm acu i gcomhair sáruithe ar bith ar an dlí faoin 21 Márta 2018.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 21 Aibreán 2018, seachas airteagail áirithe ina ndéileáiltear den chuid is mó le comhlachtaí agus nósanna imeachta um fhógra. Tá siad sin i bhfeidhm ón 21 Deireadh Fómhair 2016.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
I ndiaidh na ráige de COVID-19 agus d’fhonn bearta a thabhairt isteach dul i ngleic le tionchar na géarchéime, ghlac an Coimisiún Eorpach an méid seo a leanas:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Trealamh cosanta pearsanta: trealamh atá deartha agus monaraithe lena chaitheamh nó lena iompar ag duine ar mhaithe le cosaint a fháil ar riosca amháin nó níos mó maidir lena sláinte nó lena sábháilteacht.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena aisghairtear Treoir 89/686/CEE (IO L 81, 31.3.2016, lgh. 51-98)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 89/686/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhfhógasú dhlíthe na mBallstát i dtaca le trealamh cosanta pearsanta (IO L 399, 30.12.1989, lgh. 18-38)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 89/686/CEE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 02.06.2020
Top