EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Leagtar síos leis na rialacha maidir le húsáid a bhaint as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) le haghaidh comhar riaracháin idir údaráis inniúla thíortha AE i réimsí beartais a bhaineann leis an Margadh Aonair.
Mórthairbhí don phobal
Trí bhíthin nósanna imeachta a bhrostú agus cumarsáid idir údaráis phoiblí a fheabhsú, laghdaítear le IMI na costais a bhaineann le moilleanna, agus cuirtear ar chumas na n–údarás seirbhís níos fearr a sholáthar do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí. Is uirlis é IMI, mar sin, a chabhraíonn go hindíreach le daoine aonair agus le gnólachtaí lántairbhe a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil dóibh i Margadh Inmheánach an Aontais Eorpaigh.
Na réimsí ina mbaintear feidhm as IMI
Príomhfheidhmeanna
Cuirtear na príomhfheidhmeanna a leanas ar fáil le IMI:
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012
Rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 a leasú ionas go bhféadfaí IMI a úsáid sna comhthéacsanna a leanas:
Le Rialachán (AE) 2020/1055 leasaítear an iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, lena gcuirtear Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 maidir le rialacha oibriúcháin le haghaidh cuideachtaí iompair de bhóthar agus cuideachtaí iompair paisinéirí (féach an achoimre) leis an liosta gníomhartha AE a cuireadh chun feidhme trí bhíthin IMI.
Ghlac an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sa leanas:
Tá feidhm le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ón 4 Nollaig 2012.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (IO L 316, 14.11.2012, lgh. 1-11)
Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) 2020/1055 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009, (CE) Uimh. 1072/2009 agus (AE) Uimh. 1024/2012 d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí san earnáil iompair de bhóthar (IO L 249, 31.7.2020, lgh. 17-32)
Treoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais forfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 249, 31.7.2020, lgh. 49-65)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2212 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2019 maidir le treoirthionscadal chun forálacha áirithe um chomhar riaracháin atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhar idir na húdaráis atá freagrach as forfheidhmiú na ndlíthe um chosaint tomhaltóirí a chur chun feidhme trí bhíthin Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IO L 332, 23.12.2019, lgh. 159-162)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1253 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2019 maidir le treoirthionscadal chun na forálacha um chomhar riaracháin atá leagtha amach i gCinneadh 2001/470/CE ón gComhairle lena mbunaítear Líonra Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus thráchtála a chur chun feidhme trí bhíthin Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IO L 195, 23.7.2019, lgh. 40-42)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/743 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2018 maidir le treoirthionscadal chun na forálacha um chomhar riaracháin atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme trí bhíthin Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IO L 123, 18.5.2018, lgh. 115-118)
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/89/AE ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2014 maidir le treoirthionscadal chun na hoibleagáidí um chomhar riaracháin atá leagtha amach i dTreoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme trí bhíthin Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IO L 45, 15.2.2014, lgh. 36-39)
Nuashonraithe 16.10.2020