EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Aerthruailliú ó mheánghléasraí dócháin

ACHOIMRE AR:

Threoir (AE) 2015/2193 chun teorainn a chur le hastaíochtaí áirithe truailleán a scaoiltear isteach san aer ó mheánghléasraí dócháin

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

Leagtar síos sa treoir rialacha chun rialú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde sulfair (SO2), ocsaíde de nítrigin (NOx) agus (cáithníní) deannaigh a scaoiltear isteach san aer ó mheánghléasraí dócháin*, mar aon le rialacha chun monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí aonocsaíde carbóin (CO) ó na gléasraí sin.

An aidhm ná an dochar a d’fheadfaí a dhéanamh don duine agus don chomhshaol a laghdú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) a áirithiú:
    • go bhfuil cead ag gach meánghléasra dócháin nua, i.e. gléasraí a fheidhmeofar i ndiaidh an 19 Nollaig 2018, nó go bhfuil siad cláraithe;
    • go mbeidh cead ag gach gléasra reatha faoin 1 Eanáir 2024, gléasraí a bhfuil ionchur (nó cumas) rátáilte teirmeach acu atá níos mó ná 5 mheigeavata (MW), nó go mbeidh siad cláraithe;
    • go mbeidh cead ag gach gléasra reatha faoin 1 Eanáir 2029, gléasraí a bhfuil ionchur rátáilte teirmeach acu atá comhionann le nó níos lú ná 5 MW, nó go mbeidh siad cláraithe.
  • Ní mór don údarás inniúil i ngach tír AE clár a chur ar fáil go poiblí a bhfuil faisnéis ann faoi gach gléasra, amhail an cineál breosla a úsáidtear agus líon na n-uaireanta a fheidhmítear an gléasra gach bliain.
  • Leagtar amach sa reachtaíocht uasluachanna na n-astaíochtaí de réir chatagóir an bhreosla. Déantar idirdhealú sa reachtaíocht freisin idir gléasraí nua agus gléasraí reatha. Seans nach gcuirtear na teorainneacha i bhfeidhm maidir le gléasraí áirithe.
  • Cuirfear na luachanna teorann i bhfeidhm ón 20 Nollaig 2018 maidir le gléasraí nua agus ó 2025 nó 2030 maidir le gléasraí reatha, ag brath ar mhéid na ngléasraí.
  • Ní mór d’oibreoirí gléasra:
    • monatóireacht a dhéanamh ar a gcuid astaíochtaí;
    • taifead a choimeád ar feadh 6 bliana ar a laghad de na rudaí seo a leanas: torthaí na monatóireachta ar astaíochtaí, uaireanta oscailte, cineál agus cainníochtaí an bhreosla a úsáidtear agus mionsonraí mífheidhme nó cliste.
  • Ní mór do thíortha AE:
    • iniúchtaí éifeachtacha a chur ar bun chun scrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh luachanna teorann na n-astaíochtaí;
    • tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh faoin 1 Eanáir 2021 le meastachán ann ar astaíochtaí iomlána bliantúla CO;
    • faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil a sheoladh chuig an gCoimisiún faoin 1 Deireadh Fómhair 2026 maidir le cur i bhfeidhm na treorach. Ní mór na rudaí seo a leanas a shonrú: astaíochtaí measta iomlána bliantúla SO2, NOx agus (cáithníní) deannaigh ó ghléasraí, bunaithe ar chineál agus ar chumas an ghléasra agus ar an mbreosla a úsáidtear;
    • tuarascáil eile maidir le cur i bhfeidhm na treorach a chur faoi bhráid an Choimisiún faoin 1 Deireadh Fómhair 2031.
  • Déanfaidh an Coimisiún:
    • tuarascáil achomair a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle laistigh de 12 mhí ón dáta a ghlactar leis na tuarascálacha náisiúnta maidir le cur i bhfeidhm na treorach;
    • athbhreithniú, faoin 1 Eanáir 2020, ar an dul chun cinn a dhéantar maidir le héifeachtúlacht fuinnimh na meánghléasraí dócháin, agus measúnú ar na buntáistí a bhaineann le híoschaighdeáin éifeachtúlachta fuinnimh a leagadh amach;
    • measúnú, faoin 1 Eanáir 2023, ar cibé an ceart athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe den reachtaíocht, lena n-áirítear an riachtanas chun luachanna teorann astaíochtaí níos géire a leagadh amach le haghaidh gléasraí nua agus chun astaíochtaí CO a rialú.
  • Ní chuirtear an treoir i bhfeidhm maidir le gléasraí áirithe dócháin, amhail:
    • foirnéisí cheallra cóic;
    • tuirbíní agus innill gháis eischósta;
    • imoibreoirí a úsáidtear sa tionscal ceimiceach; agus
    • gléasraí atá cumhdaithe ag reachtaíocht AE eile, lena rialaítear a n-astaíochtaí, amhail Treoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú).
  • Ní chuirtear an treoir i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí coimhdeacha taighde, forbartha agus tástála.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 18 Nollaig 2015. Ní mór do thíortha AE an treoir a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 19 Nollaig 2017.

CÚLRA

Líonann an reachtaíocht an bhearna rialála idir mórghléasraí dócháin (breis is 50 meigeavata), atá cumhdaithe ag an Treoir maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, agus fearais níos lú, amhail téitheoirí agus coirí, atá cumhdaithe ag an Treoir maidir le hÉiceadhearadh.

Úsáidtear meánghléasraí dócháin chun raon leathan feidhmeanna a chomhlíonadh (giniúint leictreachais, téamh agus fuarú baile/cónaithe, teas/gal a chur ar fáil le haghaidh próiseas tionsclaíoch, etc.).

PRÍOMHTHÉARMA

* Meánghléasra dócháin: gléasra ina ndóitear breosla agus ina n-úsáidtear an teas a ghintear, a bhfuil ionchur rátáilte teirmeach aige atá comhionann le nó níos mó ná 1 MW agus atá níos lú ná 50 MW, beag beann ar an gcineál breosla a úsáidtear.

GNÍOMH

Treoir (AE) 2015/2193 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le teorainn a chur le hastaíochtaí áirithe truailleán a scaoiltear isteach san aer ó mheánghléasraí dócháin (IO L 313, 28.11.2015, lgh. 1-19)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lgh. 17-119)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Threoir 2010/75/AE. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonraithe 14.03.2016

Top