EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Staidreamh AE ar dhálaí ioncaim agus maireachtála

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 — Staidreamh AE ar dhálaí ioncaim agus maireachtála

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Bunaítear córas chun staidreamh a bhailiú agus a thiomsú ar dhálaí ioncaim agus maireachtála san Aontas Eorpach (AE), ar a dtugtar EU-SILC.
  • Tá na sonraí seo ann chun faireachán a dhéanamh ar an Straitéis Eoraip 2020 agus go háirithe ar sprioc na straitéise maidir le laghdú na bochtaineachta, agus is é sin an chúis go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil na sonraí a bhailítear inchomparáide trína áirithiú go bhfuil na rialacha maidir lena mbailiú agus lena dtiomsú comhchuibhithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Féachtar in EU-SILC le sonraí tráthúla trasghearrthacha* agus fadaimseartha* a bhailiú ar ioncam agus ar leibhéal agus ar chomhdhéanamh na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta ar leibhéil náisiúnta agus Eorpacha.
  • Cumhdaítear ann sonraí trasghearrthacha ar dhálaí ioncaim, bochtaineachta, eisiaimh shóisialta agus dálaí maireachtála eile, chomh maith le sonraí fadaimseartha atá srianta d’ioncam, saothar agus líon teoranta táscairí neamhairgeadaíochta den eisiamh sóisialta (e.g. fadhbanna maidir le greim a choinneáil faoin bhfiacail, méid an fhiachais agus easpa bunriachtanas).
  • Ní mór do shonraí trasghearrthacha agus fadaimseartha a bheith bunaithe ar shamplaí atá ionadach go náisiúnta bunaithe ar dhóchúlacht.
  • Leagtar síos sraith rialacha sa rialachán ina sainítear na liostaí comhchuibhithe de sprioc-athróga príomha agus tánaisteacha nach mór do thíortha AE a tharchur chuig oifig staidrimh an Choimisiúin Eorpaigh, Eurostat:
    • bailítear athróga príomha gach bliain agus áirítear leo, ar leibhéal teaghlaigh, bunsonraí, tithíocht, díth ábhartha agus ioncam, agus ar leibhéal pearsanta, bunsonraí, oideachas, sláinte, saothar agus ioncam;
    • athróga tánaisteacha, a bhailítear gach 4 bliana nó níos lú, agus áirítear leo faisnéis ar leibhéal teaghlaigh nó pearsanta ar ghnéithe amhail dálaí tithíochta, bochtaineacht a théann ar aghaidh ó ghlúin amháin go dtí an chéad ghlúin eile agus díth ábhartha.
  • Ionas go mbeifear in ann anailís iltoiseach a dhéanamh ar leibhéal na dteaghlach agus na ndaoine agus go háirithe chun imscrúdú a dhéanamh ar mhór-shaincheisteanna a bhfuil imní fúthu go sóisialta atá nua agus a éilíonn taighde sonrach, ní mór na sonraí teaghlaigh agus na sonraí aonair go léir a bheith in-nasctha sa chomhpháirt thrasghearrthach agus sa chomhpháirt fhadaimseartha.
  • Féachann tíortha AE lena áirithiú go gcoinnítear uainiú a mbailiúchán sonraí mar an gcéanna ó bhliain go bliain.
  • Ar feadh na chéad 4 bliana de EU-SILC, fuair tíortha AE ranníocaíocht airgeadais ó AE i dtreo na hoibre a bhain le bailiú sonraí.
  • Féadfaidh Eurostat rochtain a dheonú ar a áitreabh ar shonraí rúnda nó tacair mhicrea-sonraí anaithnide a eisiúint ón bhfoinse EU-SILC, chun críocha eolaíocha.
  • Cuidíonn an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach ar a bhfuil saineolaithe náisiúnta leis an gCoimisiún agus déanann an Coimisiún cathaoirleacht ar an gcoiste. Glacann sé cinneadh ar shaincheisteanna amhail spriocréimsí tánaisteacha atá le cumhdach.
  • Leasaíodh an rialachán 3 huaire chun teacht le:
    • in 2004, méadú AE chun 10 dtír nua a áireamh;
    • in 2007, méadú breise AE chun an Bhulgáir agus an Rómáin a áireamh; agus
    • in 2013, cuimsiú na Cróite.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 23 Iúil 2003.

CÚLRA

Seoladh EU-SILC den chéad uair in 2003, nuair a cumhdaíodh sé thír AE ann (an Bheilg, an Danmhairg, Éire, an Ghréig, Lucsamburg agus an Ostair), chomh maith leis an Iorua, agus tá sé ina chuid lárnach den Chóras Staidrimh Eorpach. Thar na blianta, tá an cumhdach atá aige leathnaithe chun 28 dtír AE, na trí thír i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa (An Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn), chomh maith le Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, an tSeirbia agus an Tuirc a chumhdach.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Sonraí trasghearrthacha: sonraí a bhaineann le ham nó le tréimhse ama ar leith. Is féidir na sonraí sin a asbhaint ó shuirbhéanna samplacha trasghearrthacha agus féadfar iad a chomhcheangal le tabhall sonraí (i.e. sonraí ar dhaoine, teaghlaigh nó teaghaisí a tiomsaíodh ó chlár riaracháin nó staidrimh).

Sonraí fadaimseartha: sonraí a bhaineann le hathruithe ar leibhéal aonair thar am, a bhreathnaítear go tréimhsiúil thar thréimhse áirithe. D’fhéadfadh siad teacht díreach ó shuirbhé trasghearrthach le sampla rothlach i gcás ina ndéantar daoine aonair, a luaithe is a roghnaítear iad, a leanúint suas nó ó shuirbhé painéil úrnua. Féadfar iad a chomhcheangal le tabhall sonraí.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2003 maidir le staidreamh Comhphobail ar dhálaí ioncaim agus maireachtála (EU-SILC) (IO L 165, 3.7.2003, lgh 1-9)

Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1980/2003 an 21 Deireadh Fómhair 2003ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail ar dhálaí ioncaim agus maireachtála (EU-SILC) i dtaca le sainmhínithe agus sainmhínithe nuashonraithe (IO L 298, 17.11.2003, lgh. 1-22)

Féach leagan comhdhlúite

Rialachán (CE) Uimh. 1981/2003 an 21 Deireadh Fómhair 2003 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail ar dhálaí ioncaim agus maireachtála (EU-SILC) i dtaca le gnéithe na hoibre allamuigh agus na nósanna imeachta um iontráil bharúlach (IO L 298, 17.11.2003, lgh. 23-28

Rialachán (CE) Uimh. 1982/2003 an 21 Deireadh Fómhair 2003 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail ar dhálaí ioncaim agus maireachtála (EU-SILC) i dtaca leis na rialacha um shampláil agus um rianú (IO L 298, 17.11.2003, lgh. 29-33)

Rialachán (CE) Uimh. 1983/2003 an 7 Samhain 2003ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail ar dhálaí ioncaim agus maireachtála (EU-SILC) i dtaca le liosta na sprioc-athróg príomha (IO L 298, 17.11.2003, lgh. 34-85)

Féach an leagan comhdhlúite

Rialachán (CE) Uimh. 28/2004 an 5 Eanáir 2004 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail ar dhálaí ioncaim agus maireachtála (EU-SILC) i dtaca le hábhar mionsonraithe na dtuarascálacha cáilíochta idirmheánacha agus deiridh (IO L 5, 9.1.2004, lgh. 42-56)

Nuashonraithe 18.11.2016

Top