EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ag tabhairt ar an earnáil phríobháideach bheith páirteach i bpoist agus i bhfás a chruthú i dtíortha i mbéal forbartha

Leagtar amach creat straitéiseach sa chumarsáid seo ón gCoimisiún Eorpach maidir le ról na hearnála príobháidí i dtíortha i mbéal forbartha a neartú. Is é an aidhm fás agus poist a mhéadú trí chuidiú le tairbhithe le feabhas a chur ar a dtimpeallacht ghnó agus ar rochtain ar mhargaí airgeadais úra.

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: Ról Níos Láidre na hEarnála Príobháidí chun Fás Cuimsitheach agus Inbhuanaithe a Bhaint Amach sna Tíortha i mBéal Forbartha (COM(2014) 263 final, 13.5.2014).

ACHOIMRE

Leagtar amach creat straitéiseach sa chumarsáid seo ón gCoimisiún Eorpach maidir le ról na hearnála príobháidí i dtíortha i mbéal forbartha a neartú. Is é an aidhm fás agus poist a mhéadú trí chuidiú le tairbhithe le feabhas a chur ar a dtimpeallacht ghnó agus ar rochtain ar mhargaí airgeadais úra.

CAD IAD NA PRÍOMHCHUSPÓIRÍ SA CHUMARSÁID SEO?

Príomhdhúshláin

Tá 90 % de na poist i dtíortha i mbéal forbartha san earnáil phríobháideach, agus dá bhrí sin is comhpháirtí riachtanach í sa chomhrac in éadan na bochtaineachta. Mar sin féin, tá dúshláin mhóra le sárú inti. Áirítear orthu siúd easpa rochtana ar mhaoiniú (go háirithe do ghnólachtaí meánmhéide), iomaíochas easpórtála lag, córais chánach neamhéifeachtúla, ganntanais bhonneagair agus chumhachta, neamhchinnteacht dhlíthiúil agus éillitheacht.

FÁS INBHUANAITHE

Chun cuidiú le tíortha i mbéal forbartha beartais a chur i bhfeidhm chun tacú leis an earnáil phríobháideach, is mian leis an gCoimisiún:

acmhainneacht na hearnála príobháidí mar chomhpháirtí maoinithe, gníomhaire feidhmithe nó idirghabhálaí a neartú: is é an aidhm tacaíocht ón Aontas Eorpach (AE) a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí san fhorbairt áitiúil agus i réimsí amhail fuinneamh agus talmhaíocht inbhuanaithe, chomh maith le bonneagar,

ról níos láidre a imirt mar éascaitheoir thiomantas na gcuideachtaí féin don fhorbairt, trí infheistíocht fhreagrach a spreagadh i slabhraí soláthair agus patrúin táirgthe inbhuanaithe.

POIST A CHRUTHÚ

Féadfadh cúnamh AE raon leathan gníomhartha a chumhdach atá ceaptha le timpeallacht ghnó níos fearr a chruthú chun infheistíocht eachtrannach a mhealladh chomh maith le táirgiúlacht a mhéadú, a mhéadóidh deiseanna ioncaim agus fostaíochta dá réir sin.

D’fhéadfadh na cineálacha eile tacaíochta seo a leanas a bheith i gceist:

rómhaorlathas agus bacainní rialála maidir le gnó a laghdú,

athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar bheartais chun cuidiú le trádáil,

seirbhísí a chur ar fáil amhail oiliúint agus faisnéis chun feabhas a chur ar scileanna bainistíochta chomh maith le saineolas agus aistriú teicneolaíochta a spreagadh,

micrea-ghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide áitiúla a neartú.

Micreamhaoiniú ina thosaíocht fosta. D’fhéadfaí raon de tháirgí iasachta, coigilteas agus árachais a thairiscint do ghrúpaí ísealioncaim i dtíortha i mbéal forbartha chomh maith.

AG OIBRIÚ LE COMHPHÁIRTITHE

Agus a thacaíocht á cur i bhfeidhm aige, d’oibreodh AE le heagraíochtaí idirnáisiúnta (amhail an Banc Eorpach Infheistíochta agus gníomhaireachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe), institiúidí poiblí ó na tíortha comhpháirtíochta, cuideachtaí príobháideacha, eagraíochtaí saoránach nó príobháideacha (amhail comhlachais tráchtála), agus tíortha AE.

Beidh gá le beartais a fhorbairt chun comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha agus cumasc tionscadal (i.e. a bhaineann le cistí ó roinnt foinsí) a chur chun cinn.

Cúnamh AE 2014-2020

Tagann an creat straitéiseach le cláreagrú um chúnamh forbartha AE ó 2014-2020, go háirithe cláir théamacha, clár um Ionstraim Airgeadais le haghaidh Comhar um Fhorbairt.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Forbairt na hearnála príobháidí ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chomh maith.

Nuashonraithe 05.11.2014

Top