EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Europeana — ár n-oidhreacht chultúrtha a chur i láthair

 

ACHOIMRE AR:

Conclúidí ón gComhairle maidir le ról Europeana le haghaidh oidhreacht chultúrtha na hEorpa a dhéanamh inrochtana, infheicthe agus inúsáidte ar bhonn digiteach

CAD IS AIDHM LEIS NA CONCLÚIDÍ?

Leagtar amach moltaí sna conclúidí chun feabhas a chur ar mhaoiniú, ar rialachas, ar cháilíocht na sonraí atá ar fáil agus ar áisiúlacht bhailiúcháin ar líne Europeana.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cad is Europeana ann?

Tionscadal comhpháirteach cultúrtha is ea Europeana chun oidhreacht chultúrtha na hEorpa a rochtain agus a chur i láthair.

Dúshláin

Leagadh amach líon dúshlán sna conclúidí a chaithfear a chomhlíonadh chun forbairt leanúnach Europeana a chinntiú. Áirítear orthu sin:

  • feabhas a chur ar an teicneolaíocht ionas go mbeidh institiúidí oidhreachta cultúrtha ábalta a n-ábhar a nascadh, a chomhroinnt agus a uaslódáil;
  • an suíomh gréasáin ilteangach a dhéanamh níos áisiúla;
  • an t-ábhar a chomhroinntear a chur i láthair ar bhealaí níos mealltaí agus níos éagsúla;
  • a rialachas a dhéanamh níos cuimsithí;
  • an modh maoinithe a fheabhsú.

Gníomhaíochtaí

Moltar sna conclúidí luach cultúrtha agus nuálaíochta digití Europeana a neartú trí athmheasúnú a dhéanamh ar an ardán croísheirbhíse faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF), ag díriú ar:

  • ardán idirlín iltaobhach* a choimeád chun meiteashonraí agus ábhar a chomhroinnt agus a úsáid (athúsáid);
  • pointe rochtana ilteangach ginearálta ar ábhar cultúrtha a chur ar fáil;
  • cur chun cinn teicneolaíoch a bhaint amach;
  • tacú le líonraí gairmiúla amhail Cumann Líonra Europeana.

Ar bhonn na spriocanna ginearálta sin, moltar gníomhaíochtaí sonracha dírithe sna conclúidí ina ndírítear ar na páirtithe éagsúla atá bainteach le Europeana.

Iarrtar ar oibreoir Europeana roinnt beart a dhéanamh, lena n-áirítear:

  • dul i mbun oibre le heagraíochtaí comhpháirtíochtaí nó eagraíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcomhpháirtithe go háirithe i dtíortha nach bhfuil mórán eolais acu faoin tionscadal;
  • iniúchadh a dhéanamh ar fhéidearthachtaí chun comhordú a dhéanamh le tionscnaimh AE atá ann cheana go háirithe sa réimse taighde;
  • teagmháil níos córasaí a dhéanamh le tíortha AE agus iad a tharraingt isteach i gceapadh beartas agus i gcinnteoireacht.

Iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach roinnt beart a dhéanamh, lena n-áirítear:

  • athbhreithniú neamhspleách ar Europeana a thíolacadh do Chomhairle an Aontais Eorpaigh faoi Dheireadh Fómhair 2017, lena n-áirítear treoracha soiléire dá fhorbairt mheántéarmach agus fhadtéarmach;
  • an modh maoinithe a athrú go comhcheangal soláthair agus deontas. Tabharfaidh AE tacaíocht iomlán do chomhordú lárnach Europeana trí sholáthar, agus déanfaidh sé tionscadail chultúrtha dírithe ar úsáideoirí agus bunaithe ar Europeana (e.g. bailiúcháin théamacha a bhaineann le stair ealaíne nó “Europeana 1914-1918”) a chómhaoiniú trí dheontais.

Iarrtar ar na tíortha AE roinnt beart a dhéanamh, lena n-áirítear:

  • digitiú na mbailiúchán oidhreachta cultúrtha a chur chun cinn tuilleadh, chomh maith leis an rochtain is leithne is féidir ar an oidhreacht chultúrtha dhigiteach agus athúsáid na hoidhreachta cultúrtha digití;
  • tacú le gníomhaíochtaí Europeana trí ranníocaíochtaí airgeadais deonacha d’Fhondúireacht Europeana.

Iarrtar sna conclúidí chomh maith ar na páirtithe uile luach Europeana a chur chun cinn trí na hearnálacha taighde agus nuálaíochta, oideachais, turasóireachta agus cruthaitheachta a tharraingt isteach.

CÚLRA

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Ardán iltaobhach: is é seo ceann de shamhlacha gheilleagar an idirlín atá i réim. Cruthaítear fiúntas le hardáin iltaobhacha trí idirghníomhaíocht a éascú idir dhá ghrúpa nó níos mó ar grúpaí ar leith iad ach atá idirspleách ar a chéile. Dá bhrí sin ní bheidh an t-ardán fiúntach do ghrúpa amháin úsáideoirí ach amháin má bhíonn an grúpa eile úsáideoirí i láthair.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Conclúidí ón gComhairle maidir le ról Europeana le haghaidh oidhreacht chultúrtha na hEorpa a dhéanamh inrochtana, infheicthe agus inúsáidte ar bhonn digiteach (IO C 212, 14.6.2016, lgh. 9-13)

Nuashonraithe 17.01.2017

Top