EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020)

Seoladh Eoraip na Cruthaitheachta chun na dúshláin a chomhlíonadh a bhaineann le hilroinnt an mhargaidh, leis an aois dhigiteach, le domhandú agus le bailiú sonraí, agus féachtar leis éagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa a chur chun cinn agus iomaíochas na hEorpa sna hearnálacha cultúrtha, closamhairc agus cruthaitheachta a spreagadh.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE.

ACHOIMRE

Meastar go bhfuil 8.5 mhilliún duine ag obair in earnáil chultúrtha na hEorpa. De bharr éagsúlacht cultúr agus traidisiún na hEorpa bíonn ilroinnt an mhargaidh i dtreis san earnáil seo go minic, rud a théann go crua ar údair agus ar aisteoirí agus iarracht á déanamh acu lucht féachana idirnáisiúnta i dtíortha eile a shroicheadh agus a margadh a aimsiú.

Ina theannta sin, tá athrú réabhlóideach ag teacht ar chruthaitheacht agus ar an bhealach a dháiltear na healaíona agus a ndéantar iad a rochtain buíochas leis an domhandú agus le teicneolaíochtaí digiteacha. Tá mórathrú ag teacht chomh maith ar shamhlacha gnó agus ar an bhealach a chúitítear ealaíontóirí. Agus níl ann ach do mhéid beag sonraí inchomparáide, ar leibhéal na hEorpa, a chabhródh leis an tacaíocht, a thugtar do na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheachta, a mhionchoigeartú. Iarrtar leis an chlár seo dul i ngleic leis na dúshláin seo agus leas a bhaint as na sochair a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leo.

Is iad seo a leanas cuid de na gníomhartha a chumhdaítear sa chlár:

  • Tionscnaimh chultúrtha: comhar trasteorann, ardáin chun ealaíontóirí éiritheacha a chur chun cinn, líonrú, agus aistriúchán liteartha a chur chun cinn;
  • Tionscnaimh san earnáil chlosamhairc: forbairt, táirgeadh agus dáileadh oibreacha closamhairc, mar aon le rochtain orthu, a chur chun cinn;
  • Snáithe trasearnála: lena n-áirítear Saoráid Ráthaíochta chun mioneagraíochtaí agus eagraíochtaí beaga agus meánmhéide a mhaoiniú agus comhar um beartas trasnáisiúnta.

Bainistíocht

Déantar an clár a bhainistiú ag an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir sa Bhruiséil.

Cáilitheacht

Tá cead ag Ballstáit den AE páirt a ghlacadh sa chlár agus, má chomhlíontar coinníollacha áirithe, tá cead ag na tíortha seo a leanas páirt a ghlacadh ann chomh maith: tíortha i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha ar bhallraíocht AE, agus tíortha i limistéar bheartas comharsanachta an AE (an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, an Mholdóiv, an Úcráin, an Ailgéir, an Éigipt, Maracó, an Túinéis, an Iordáin, an Liobáin, Libia, an Phalaistín, an tSiria agus Iosrael).

Buiséad

Is ionann buiséad Eoraip na Cruthaitheachta don tréimhse 2014-20 agus EUR 1.46 bhilliún. Bíonn ar thíortha nach tíortha den AE iad íoc as ranníocaíocht chun páirt a ghlacadh sa chlár.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013

21.12.2013

-

IO L 347, 20.12.2013, lch. 221

Nuashonrú is déanaí: 27.06.2014

Top