EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Pléascáin shábháilte le haghaidh úsáide neamh-mhíleata a chinntiú

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2014/28/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta a chur ar fáil ar an margadh agus a mhaoirsiú

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach ann rialacha maidir le pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta san Aontas Eorpach (AE) a chur ar an margadh agus a mhaoirsiú. Níl feidhm aige maidir le:

  • pléascáin a ceapadh lena n-úsáid ag na fórsaí armtha nó ag na póilíní;
  • earraí piriteicniúla (tinte ealaíne); nó
  • armlón (faoi réir eisceachtaí).

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar síos sa treoir freagrachtaí na monaróirí, na n-allmhaireoirí agus na ndáileoirí maidir le trádáil i bpléascáin thráchtála.

  • Maidir leis na pléascáin a chuirtear ar fáil ar mhargadh an AE, ní mór an comhartha comhréireachta CE a bheith orthu chun a léiriú go gcomhlíonann siad na ceanglais riachtanacha sábháilteachta uile faoi dhlí an AE.
  • Chun marc comhréireachta a fháil, bíonn ar an monaróir measúnú comhréireachta a dhéanamh, doiciméid mhionsonraithe theicniúla a dhréachtú le haghaidh na dtáirgí agus a chinntiú gur féidir iad a rianú.
  • Ní mór d’allmhaireoirí a chinntiú go bhfuil measúnuithe cearta comhréireachta déanta ag monaróirí agus ní mór dóibh an t-údarás náisiúnta, a ceapadh chun monatóireacht a dhéanamh ar an tsábháilteacht, a chur ar an eolas má mheasann siad go mbaineann baol leis an bpléascán.
  • Ní mór an doiciméadúchán riachtanach go léir a thaifeadadh agus a choimeád ar feadh 10 mbliana.
  • Ní mór don doiciméadúchán agus don fhaisnéis sábháilteachta a bheith scríofa i dteanga atá éasca le tuiscint ag úsáideoirí deiridh.
  • Ní mór do mhonaróirí agus d’allmhaireoirí a seoladh poist a sholáthar ar an bpléascán.
  • Ní mór do dháileoirí a chinntiú go bhfuil marc CE ar an bpléascán agus go bhfuil na doiciméid riachtanacha ag gabháil leis, mar aon le treoracha scríofa i dteanga atá éasca le tuiscint ag úsáideoirí deiridh sa tír cinn scríbe. Má chreideann siad go bhfuil baol ag baint leis na pléascáin, ní mór dóibh é sin a chur in iúl don údarás náisiúnta a ceapadh chun monatóireacht a dhéanamh ar shábháilteacht.

Déantar na nithe seo a leanas leis an treoir freisin:

  • leagtar síos sa treoir riachtanais do na comhlachtaí a dhéanann measúnuithe comhréireachta, ar gá dóibh a bheith neamhspleách agus neamhchlaonta;
  • sonraítear sa treoir na céimeanna atá le glacadh ag údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh chun táirgí neamhchomhlíontacha a aithint, chun allmhairiú táirgí contúirteacha ó thíortha neamh-AE a chosc agus chun an beart críochnaitheach cuí a dhéanamh.

Leis an treoir, déantar Treoir 93/15/CEE agus Treoir 2004/57/CE a aisghairm agus a ionadú amhail ón 20 Aibreán 2016. Tá dhá ghníomh cur chun feidhme, a glacadh fad a bhí Treoir 93/15/CEE i bhfeidhm, fós infheidhme:

  • Leagtar amach i gCinneadh 2004/388/CE ón gCoimisiún an múnla de dhoiciméad (ar a dtugtar an doiciméad um aistriú pléascán laistigh den Chomhphobal) nach mór do na húdaráis ábhartha glacadh leis mar dhoiciméad bailí aistrithe a ghabhann leis na pléascáin lena n-aistriú idir Ballstáit go dtí go sroicheann na pléascáin a gceann scríbe.
  • Le Treoir 2008/43/CE ón gCoimisiún tugtar isteach córas chun pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta a shainaithint agus a rianú. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh gnólachtaí in earnáil na bpléascán a mhonaraíonn nó a allmhairíonn pléascáin nó a chóimeálann pléascáin agus gach aonad pacáistithe is lú a mharcáil le sainaithint uathúil.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

B’éigean an treoir a thrasuí faoin 19 Aibreán 2016. Tá na rialacha sin i bhfeidhm ón 20 Aibreán 2016.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2014/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta a chur ar fáil ar an margadh agus a mhaoirsiú (athmhúnlú) (IO L 96, 29.3.2014, lgh. 1-44).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2008/43/CE ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2008 lena mbunaítear, de bhun Threoir 93/15/CEE ón gComhairle, córas chun pléascáin le haghaidh úsáidí sibhialta a shainaithint agus a rianú (IO L 94, 5.4.2008, lgh. 8-12).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2008/43/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh 2004/388/CE ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2004 maidir le doiciméad pléascán a aistriú laistigh den Chomhphobal (IO L 120, 24.4.2004, lgh. 43-47).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 02.08.2022

Top