EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Coinbhinsiún ar Chosaint na nAlp

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 96/191/CE – conclúid an Choinbhinsiúin ar Chosaint na nAlp (Coinbhinsiún na nAlp)

An Coinbhinsiún ar chosaint na nAlp (Coinbhinsiún na nAlp)

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOINBHINSIÚN?

  • Baineann an cinneadh le conclúid an Choinbhinsiúin ar chosaint na nAlp (Coinbhinsiún na nAlp) a faomhadh ansin thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh.
  • Is é is aidhm le Coinbhinsiún na nAlp cosaint fhadtéarmach éiceachóras nádúrtha na nAlp agus forbairt inbhuanaithe sa limistéar, chomh maith le leasanna eacnamaíocha na gcónaitheoirí a chosaint. Is iad treoirphrionsabail an Choinbhinsiúin cosc, gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus comhar trasteorann.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is iad na páirtithe sa choinbhinsiún an tAontas Eorpach (AE), an Eilvéis, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, Lichtinstéin, Monacó, an Ostair agus an tSlóivéin.
  • Chun cuspóirí an choinbhinsiúin a chomhlíonadh go héifeachtach, gníomhaíonn na páirtithe sa choinbhinsiún sna réimsí maidir le pleanáil réigiúnach, caomhnú an dúlra agus na tuaithe, feirmeoireacht sléibhe, foraoisí sléibhe, caomhnú ithreach, turasóireacht agus caitheamh aimsire, fuinneamh, iompar, cosc ar thruailliú aeir, bainistíocht uisce, an daonra agus cultúr, agus bainistíocht dramhaíola.
  • Déanann an coinbhinsiún foráil maidir le dréachtú agus glacadh prótacal cur chun feidhme maidir le gach ceann de na réimsí sin chomh maith le díospóidí a réiteach idir na páirtithe.
  • Tá sé d’oibleagáid ar na páirtithe comhoibriú sna réimsí taighde agus monatóireachta réigiúnaigh agus ar chúrsaí dlíthiúla, eacnamaíocha agus teicniúla.
  • Tionólann Comhdháil na bPáirtithe Conarthacha (“Comhdháil na nAlp”) cruinnithe rialta (gach 2 bhliain i bprionsabal) chun breathnú ar cheisteanna comhleasa do na páirtithe conarthacha agus chun cinntí agus moltaí a dhéanamh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN CHOINBHINSIÚIN?

  • Tá an cinneadh i bhfeidhm ón 26 Feabhra 1996.
  • Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an 14 Aibreán 1998.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 96/191/CE ón gComhairle an 26 Feabhra 1996 maidir le conclúid an Choinbhinsiúin ar Chosaint na nAlp (Coinbhinsiún na nAlp) (IO L 61, 12.3.1996, lch. 31)

An Coinbhinsiún ar chosaint na nAlp (Coinbhinsiún na nAlp) (IO L 61, 12.3.1996, lgh. 32-36)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh 98/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 1997 maidir le conclúid an Phrótacail maidir le hAontachas Phrionsacht Mhonacó leis an gCoinbhinsiún ar Chosaint na nAlp (Coinbhinsiún na nAlp) (IO L 33, 7.2.1998, lch. 21)

Cinneadh 2005/923/CE ón gComhairle an 2 Nollaig 2005 maidir le síniú, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Phrótacail ar Chosaint Ithreacha, an Phrótacail ar Fhuinneamh, an Phrótacail ar Thurasóireacht le Coinbhinsiún na nAlp (IO L 337, 22.12.2005, lgh. 27-28)

Cinneadh 2006/516/CE ón gComhairle an 27 Meitheamh 2006 maidir le conclúid, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Phrótacail ar Chosaint Ithreacha, an Phrótacail ar Fhuinneamh, an Phrótacail ar Thurasóireacht le Coinbhinsiún na nAlp (IO L 201, 25.7.2006, lgh. 31-33)

Cinneadh 2006/655/CE ón gComhairle an 19 Meitheamh 2006 maidir le faomhadh, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Phrótacail ar chur chun feidhme Choinbhinsiún na nAlp 1991 sa réimse feirmeoireachta sléibhe (IO L 271, 30.9.2006, lgh. 61-62)

Cinneadh 2007/799/CE ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2006 maidir le síniú, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Phrótacail ar Chur chun Feidhme Choinbhinsiún na nAlp sa réimse iompair (IO L 323, 8.12.2007, lgh. 13-14)

Cinneadh 2013/332/AE ón gComhairle an 10 Meitheamh 2013 maidir le conclúid, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail ar chur chun feidhme Coinbhinsiún na nAlp 1991 sa réimse iompair (IO L 177, 28.6.2013, lch. 13)

Nuashonraithe 22.02.2017

Top