This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Córas an Aontais Eorpaigh um malartú faisnéise muirí
Bunaíonn dlí an Aontais Eorpaigh (AE) córas um monatóireacht agus um malartú faisnéise ar árthaí tráchta . Féachtar ann le feabhas a chur ar shábháilteacht mhuirí, ar shlándáil phort agus mhuirí, ar chosaint an chomhshaoil agus ar ullmhacht truaillithe. Ceadaíonn sé faisnéis bhreise lena n-éascaítear trácht agus iompar éifeachtach muirí a mhalartú agus a chomhroinnt chomh maith.
GNÍOMH
Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear an córas Comhphobail um monatóireacht agus faisnéis árthaí tráchta agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle.
ACHOIMRE
Bunaíonn dlí an Aontais Eorpaigh (AE) córas um monatóireacht agus um malartú faisnéise ar árthaí tráchta . Féachtar ann le feabhas a chur ar shábháilteacht mhuirí, ar shlándáil phort agus mhuirí, ar chosaint an chomhshaoil agus ar ullmhacht truaillithe. Ceadaíonn sé faisnéis bhreise lena n-éascaítear trácht agus iompar éifeachtach muirí a mhalartú agus a chomhroinnt chomh maith.
CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?
Bunaítear córas inti chun monatóireacht a dhéanamh ar uiscí agus ar chósta na hEorpa - faireachán muirí agus feasacht suímh (suíomhanna long) - ag tacú le tíortha AE ina dtascanna oibriúcháin.
Chun feabhas a chur ar fheasacht suímh sa réimse muirí agus chun réitigh shaincheaptha a chur ar fáil d’údaráis, leasaíodh an dlí le Treoir 2014/100/AE ón gCoimisiúnCuireann sé seo teagmhas ar fáil chun an fhaisnéis a bhailítear agus a mhalartaítear ag baint úsáid as Córas AE um malartú faisnéise muirí (SafeSeaNet (SSN)) a chomhtháthú le sonrú ó chórais eile mhonatóireachta agus rianaithe AE, amhail CleanSeaNet, agus ó chórais sheachtracha (m.sh. uathchórais aithinte satailíte (AISanna)).
Leagtar síos na freagrachtaí ann atá ag tíortha AE, údaráis mhuirí, seoltóirí, oibreoirí loingseoireachta agus máistrí long.
PRÍOMHPHOINTÍ
Cumhdaítear gach long d’ollmheáchan 300 tona agus níos mór, cibé acu an n-iompraíonn siad earraí contúirteacha nó nach n-iompraíonn, ach ní chumhdaítear:
— |
longa cogaidh;
|
— |
árthaí iascaireachta, longa traidisiúnta agus árthaí caitheamh aimsire níos lú ná 45 méadar ar fad;
|
— |
buncair faoi 1 000 tona.
|
Ceanglais ar oibreoirí long atá ag triall ar phoirt AE
Ní mór dóibh faisnéis faoi leith (aitheantas na loinge, líon iomlán na ndaoine atá ar bord, an port ceann scríbe, am measta teachta, srl.) a chur in iúl don fhuinneog shingil náisiúnta mhuirí (ón 1 Meitheamh 2015 i leith).
Trealamh agus suiteálacha
Ní mór go mbeadh an méid seo a leanas feistithe ar longa a thagann isteach ar phort thír AE:
— |
uathchóras aithinte, agus
|
— |
córas taifeadán sonraí turas (VDR) (“’bosca dubh”’) chun imscrúduithe i ndiaidh timpistí a éascú.
|
— |
Ní mór do thíortha AE agus do thíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch glacadóirí AIS a bheith acu agus ní mór dóibh na fuinneoga singile náisiúnta/SSN náisiúnta a nascadh leis an lárchóras SSN.
|
Earraí contúirteacha nó truaillithe ar bord long
— |
sula dtugann siad earraí den sórt sin ar bord, ní mór do sheoltóirí iad sin a dhearbhú leis an oibreoir;
|
— |
ní mór d’oibreoir, gníomhaire nó máistir loinge faisnéis ghinearálta, amhail aitheantas na loinge agus an fhaisnéis a sholáthraíonn an seoltóir, a chur in iúl don údarás inniúil chomh maith.
|
Monatóireacht ar longa guaiseacha agus idirghabháil i gcás teagmhas agus timpistí
Ní mór d’údaráis ar cuireadh ar an eolas iad faoi longa a mbaineann an méid seo a leanas leo é sin a chur in iúl do na tíortha AE lena mbaineann:
— |
a bhí bainteach i dteagmhais nó i dtimpistí ar muir roimhe;
|
— |
nár chloí le ceanglais um fhógra agus um thuairisciú;
|
— |
a dhiúscair truailleáin d’aon turas nó;
|
— |
ar diúltaíodh rochtain ar phoirt dóibh;
|
Ní mór do mháistir na loinge tuairisciú a dhéanamh láithreach maidir le:
— |
teagmhas nó timpiste ar bith a théann i gcion ar shábháilteacht na loinge;
|
— |
teagmhas nó timpiste ar bith a dhéanann dochar do shábháilteacht loinge;
|
— |
cás ar bith a d’fhéadfadh bheith ina chúis le truailliú uiscí nó chósta thír AE;
|
— |
ábhair agus gabhdáin agus pacáistí truaillithe ar bith a fheictear ag síobadh ar an muir.
|
Áiteanna foscaidh
Ní mór do gach tír AE/LEE pleananna a dhréachtú chun freastal ar longa a mbeidh cuidiú de dhíth orthu in áiteanna tearmainn. Ní mór dóibh teacht le chéile fosta chun taithí a roinnt agus comhbhearta feabhsúcháin a dhéanamh.
Comhlíontacht
Ní mór do thíortha AE oibriú a gcóras faisnéise a sheiceáil agus córas pionóis airgeadais a thabhairt isteach lena n-úsáid mar iombhagairt i gcoinne neamhchomhlíonadh cheanglais na treorach.
Bainistíocht
Déanann an Coimisiún Eorpach agus na tíortha AE/LEE an córas a fhorbairt agus a bhainistiú. Tá an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí freagrach as a oibríocht theicniúil.
CÚLRA
Tá an treoir seo ina cuid dhílis de beartas sábháilteachta muirí an Aontais Eorpaigh. Le taobh a róil maidir le sábháilteacht, slándáil agus inbhuanaitheacht a choinneáil, tá an córas agus an t-ardán lárnach maidir le limistéar muirí aonair Eorpach gan bhacainní - an Spás Eorpach d’Iompar Muirí a chruthú.
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar ó:
— |
— |
TAGAIRTÍ
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Treoir 2002/59/CE |
5.8.2002 |
5.2.2004 |
Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Treoir 2009/17/CE |
31.5.2009 |
31.11.2010 |
|
Treoir 2011/15/AEón gCoimisiún |
16.3.2011 |
16.3.2012 |
|
Treoir 2014/100/AEón gCoimisiún |
18.11.2014 |
18.11.2015 |
Nuashonrú is déanaí: 23.04.2015