This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Cúirteanna Eorpacha agus idirnáisiúnta
ACHOIMRE AR:
Airteagal 19 den Chonradh ar an Aontas Eorpach
Airteagal 257 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá a lán cúirteanna ann a oibríonn ar leibhéal idirnáisiúnta agus ní bhíonn sé éasca i gcónaí a ndlínse a idirdhealú. Is é is aidhm leis an achoimre seo na cúirteanna Eorpacha a chur i láthair agus idirdhealú a dhéanamh idir na cúirteanna atá ina gcuid den Aontas Eorpach (AE) agus na cúirteanna ar le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile iad.
Cúirteanna AE
Is éard is Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) ann córas breithiúnach iomlán AE. Tá sí comhdhéanta de dhá chúirt:
An Chúirt Bhreithiúnais
Tá dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais maidir le caingne a thionscnaíonn tíortha AE nó institiúidí AE. D’fhéadfadh sí dlínse na dídine deiridh a bheith aice i mbreithiúnais arna seachadadh ag an gCúirt Ghinearálta chomh maith. Sa chás seo, rialaíonn sí ar cheisteanna dlí amháin agus ní ar fhíricí an cháis.
An Chúirt Ghinearálta
Tá an Chúirt Ghinearálta ceangailte leis an gCúirt Bhreithiúnais agus tá sí ceaptha le hualach oibre na Cúirte a laghdú. Tá dlínse ag an gCúirt Ghinearálta caingne a éisteacht ag an gcéad chéim a thionscnaíonn tíortha AE nó daoine aonair sna cásanna dá ndéantar foráil sna conarthaí.
Cúirteanna speisialaithe
Faoi Airteagal 257 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cúirteanna speisialaithe a bhunú de réir an ghnáthnós imeachta reachtaigh. Tá dlínse ag an gcéad chéim ag na cúirteanna seo i gcatagóirí áirithe caingne ar chúrsaí faoi leith. Mar shampla, bunaíodh Binse Sheirbhís Shibhialta na hEorpa in 2005 chun déileáil le díospóidí a bhaineann le seirbhís shibhialta AE. Díscaoileadh an binse agus, ón 1 Meán Fómhair 2016 i leith, aistríodh a chuid oibre chuig an gCúirt Ghinearálta.
Cineálacha éagsúla caingne
Tá CBAE freagrach as a chinntiú go gcloítear le dlí AE. Tá dlínse aici maidir le caingne a thionscnaíonn tíortha AE, institiúidí AE nó saoránaigh AE. Tá roinnt cineálacha nós imeachta ann:
Cúirteanna idirnáisiúnta
Tá raon leathan cúirteanna agus binsí ann ina n-éistear díospóidí ar leibhéal idirnáisiúnta agus a bhfuil a gceanncheathrú ar chríoch Eorpach. Mar sin féin, ní thagann na cúirteanna sin faoi choimirce AE. Is iad sin:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Airteagal 19 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (OI C 202, 7.6.2016, lch. 27)
Airteagal 257 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lch. 160)
Nuashonraithe 22.08.2016