Córas faisnéise custaim (CIS)
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 515/97 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus comhar idir údaráis riaracháin na mBallstát agus an Coimisiún a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Féachtar leis le comhar riaracháin (cúnamh frithpháirteach) a neartú i measc údaráis náisiúnta agus idir na húdaráis agus an Coimisiún Eorpach maidir le cur i bhfeidhm reachtaíocht chustaim agus talmhaíochta AE.
- Cuidíonn an córas faisnéise custaim (CIS) sáruithe ar reachtaíocht chustaim nó talmhaíochta AE a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
- Méadaítear leis éifeachtacht nósanna imeachta comhair agus rialaithe na n–údarás náisiúnta trí shonraí agus faisnéis a scaipeadh go tapa.
- Leis an gcóras chomh maith féadfar sonraí a mhalartú ar earraí atá ag gluaiseacht idir críoch custaim an Aontais Eorpaigh agus tíortha neamh–AE.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Sainítear na coinníollacha ina bhfeidhmíonn CIS sa rialachán féin. Ní bhaineann na sonraí a chuirtear isteach sa CIS ach le:
- tráchtearraí (earraí);
- modh iompair;
- gnólachtaí;
- daoine;
- treochtaí calaoise;
- fáil ar shaineolas;
- earraí a coinníodh, a urghabhadh nó a coigistíodh;
- airgead tirim a coinníodh, a urghabhadh nó a coigistíodh.
- Is féidir le heagraíochtaí idirnáisiúnta nó réigiúnacha rochtain a fháil ar CIS trí chinneadh ón gComhairle. Faoi choinníollacha áirithe, is féidir sonraí a roinnt le húdaráis náisiúnta eile, le tíortha nach tíortha AE iad agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta nó réigiúnacha, agus/nó le gníomhaireachtaí AE.
Cosaint sonraí
- D’fhéadfadh sé tarlú go bhfuil sonraí pearsanta* san fhaisnéis a mhalartaítear. Ní dhéantar sonraí pearsanta a mhalartú ach amháin nuair is gá chun cuspóirí an chórais a bhaint amach, mar shampla, chun críocha dearcaidh, seiceálacha sonracha nó anailís oibríochtúil*.
- Tá na sonraí go léir sa CIS faoi rún agus ní féidir iad a atáirgeadh ach ar chúiseanna teicniúla, mar shampla i gcásanna a bhfuil údar leo leis an gcuardach faisnéise. Ar údarú ón údarás a chuir isteach iad, is féidir sonraí pearsanta a tharchur chuig córais bhainistíochta riosca a úsáidtear le haghaidh rialuithe custaim náisiúnta nó le haghaidh córais anailíse oibríochtúla a úsáidtear ar leibhéal AE.
Bunachar sonraí um shainaithint comhad custaim
Is cuid shonrach den CIS é an bunachar sonraí um shainaithint comhad custaim (FIDE). Déanann sé comhaid a bhaineann le daoine agus le gnólachtaí a lárú a bhfuil amhras fúthu, nó a bhfuarthas ciontach as cionta iad.
Bainistiú riosca níos fearr agus calaois a bhrath agus a chosc
- Rialachán (AE) 2015/1525, atá i bhfeidhm ón 1 Meán Fómhair 2016, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 515/97 lena bhféachtar le feabhas a chur ar bhrath, ar imscrúdú, agus ar chosc calaoise a bhaineann le custaim, trí mhalartú faisnéise agus an fhianaise atá ar fáil a chuíchóiriú, agus feidhmiú an chórais bhunaithe a fheabhsú. Tugtar aghaidh ann ar easnaimh sna córais chun calaois a bhaineann le custaim a bhrath chomh maith le haghaidh a thabhairt ar mhoilleanna ar imscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).
- Rialachán (AE) 2015/1525:
- tugtar isteach leis eolaire de theachtaireachtaí tuairiscithe maidir le stádas coimeádáin (Eolaire CSM). Tá an leibhéal céanna rochtana ag tíortha AE is atá ag an gCoimisiún ar eolaire CSM;
- bunaítear leis stór láraithe le haghaidh sonraí allmhairithe, onnmhairithe agus idirthurais;
- soiléirítear leis an deis chun faisnéis a úsáid a fhaightear trí chúnamh frithpháirteach mar fhianaise in imeachtaí breithiúnacha agus riaracháin;
- leagtar amach leis an nós imeachta lena gceadaítear don Choimisiún doiciméid tacaíochta a fháil atá i seilbh gnólachtaí. Ar iarratas ón gCoimisiún, ní mór do thíortha AE doiciméid tionlacain a sholáthar leis na dearbhuithe allmhairithe agus onnmhairithe, agus ní mór an t–iarratas sin a phróiseáil laistigh de 4 seachtaine;
- simplítear leis an nós imeachta maidir le stóráil sonraí sa CIS trí dheireadh a chur leis an oibleagáid athbhreithniú a dhéanamh ar shonraí go bliantúil agus trí thréimhse stórála uasta 5 bliana a shocrú ar féidir í a mhéadú, faoi réir fírinniú, ar feadh tréimhse bhreise 2 bhliain;
- éilítear ar an gCoimisiún, faoin 9 Deireadh Fómhair 2017, measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le raon feidhme na sonraí onnmhairithe atá le fáil sna heolairí lena mbaineann a leathnú, chomh maith leis an bhféidearthacht go leathnófaí raon feidhme na sonraí san eolaire iompair, trí shonraí maidir le hearraí a allmhairiú, a onnmhairiú agus a aistriú ar tír agus san aer.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 13 Márta 1998.
CÚLRA
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Sonraí pearsanta: aon fhaisnéis maidir le duine fisiciúil, atá aitheanta nó inaitheanta (ciallaíonn sé sin go bhféadfaí an duine a shainaithint go díreach nó go hindíreach, go háirithe le huimhir aitheantais nó le gnéithe a bhaineann go sainiúil le féiniúlacht fhisiciúil, fhiseolaíoch, shíceolaíoch, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine sin).
Anailís oibríochtúil: an próiseas anailíse ar oibríochtaí ar sáruithe iad, nó a dhealraítear gur sáruithe iad, le linn a lán céimeanna amhail bailiú faisnéise, meastóireacht ar iontaofacht na faisnéise, nascadh faisnéise, chomh maith le moltaí a cheapadh atá dírithe ar dhaoine nó gnólachtaí atá gafa a shainaithint agus/nó cionta eile a bhrath.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí maidir le hábhair chustaim nó ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lgh. 1-16)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/757 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2016 lena gcinntear na hoibríochtaí sin i ndáil le cur i bhfeidhm na rialachán talmhaíochta lena gceanglaítear faisnéis a thabhairt isteach sa Chóras Faisnéise Custaim (IO L 126, 14.5.2016, lgh. 1-2)
Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 89-131)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/345 ón gCoimisiúin an 10 March 2016 lena leagtar amach an mhinicíocht maidir le teachtaireachtaí stádais coiméadán, formáid na sonraí agus an modh tarchuir (IO L 65, 11.3.2016, lgh. 38-39)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/346 ón gCoimisiún an 10 Márta 2016 lena gcinntear na míreanna a bheidh chur san áireamh sa Chóras Faisnéise Custaim (IO L 65, 11.3.2016, lgh. 40-48)
Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise chun críocha custaim (IO L 323, 10.12.2009, lgh. 20-30)
Cinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht chustaim gan pháipéar i gcomhair custaim agus trádála (IO L 23, 26.1.2008, lgh. 21-26)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 29.10.2019