Astaíochtaí tionsclaíocha
ACHOIMRE AR:
Treoir 2010/75/AE — maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Leatar síos léi, rialacha chun astaíochtaí tionsclaíocha san aer, san uisce gus ar an talamh a chosaint, nó i gcás nach indéanta sin, iad a laghdú, agus chun giniúint dramhaíola a chosc d’fhonn ardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
- Cumhdaítear gníomhaíochtaí tionsclaíocha sna hearnálacha seo a leanas sa reachtaíocht:
- fuinneamh;
- táirgeadh agus próiseáil miotail;
- mianraí;
- ceimiceáin;
- bainistíocht dramhaíola;
- Agus earnálacha eile amhail táirgeadh an laín agus an pháipéir, seamlais agus diantógáil éineola agus muc.
- Ní mór go laghdódh agus go gcoiscfeadh na suiteálacha a chumhdaítear faoin treoir truailliú trí na teicníochtaí is fearr atá ar fáil (BAT)* a chur i bhfeidhm agus dul i ngleic le húsáid éifeachtach fuinnimh, dramhaíl a chosc agus a bhainistiú agus bearta chun timpistí a chosc agus na hiarmhairtí a bhaineann leo a theorannú.
Ceadanna
- Ní féidir na suiteálacha a oibriú ach má tá cead ag gabháil leo agus ní mór dóibh cloí leis na coinníollacha atá leagtha amach ann.
- Tá na coinníollacha ceada bunaithe ar na conclúidí BAT ar ghlac an Coimisiún Eorpach leo.
- Ní mór luachanna teorann astaíochtaí a leagan síos ag leibhéal a chinntíonn nach sáraíonn astaíochtaí truailleán na leibhéil a bhaineann le húsáid BAT, ach féadfaidh na luachanna teorann na leibhéil seo a shárú, i gcás go gcruthaítear go mbeadh costais díréireach i gcomparáid leis na tairbhí comhshaoil mar thoradh air sin amháin.
- Ní mór d’údaráis náisiúnta cigireacht rialta a dhéanamh ar na suiteálacha.
Rialacha sonracha
Leagtar amach leis an treoir na híoscheanglais le haghaidh earnálacha sonracha i gcaibidlí ar leithligh. Áirítear leis rialacha sonracha a bhaineann leis an méid seo a leanas:
- stáisiúin dócháin — gnéithe oibriúcháin, teorainneacha astaíochta, rialacha monatóireachta agus comhlíonta;
- stáisiúin loiscthe dramhaíola agus stáisiúin chomh-loiscthe dramhaíola — ceanglais oibriúcháin, teorainneacha astaíochta, rialacha monatóireachta agus comhlíonta;
- suiteálacha agus gníomhaíochtaí a úsáideann tuaslagaithe orgánacha — lena n–áirítear teorainneacha astaíochta, scéimeanna laghdaithe agus ceanglais chun substaintí eile a úsáid in ionad substaintí guaiseacha;
- Suiteálacha a tháirgeann dé-ocsaíd tíotáiniam — leagtar amach teorainneacha astaíochta, rialacha monatóireachta, agus coisctear cineálacha áirithe dramhaíola a dhiúscairt i dobharlach ar bith.
Aisghairm
Aisghairtear an treoir agus 7 dtreoir a bhí ann cheana agus cuirtear an treoir sin ina n–ionad: an Treoir maidir le cosc agus rialú iomlánaithe ar an truailliú (IPPC) (Treoir 2008/1/CE), an Treoir maidir le Mórghléasra Dócháin (Treoir 2001/80/CE), an Treoir maidir le Loscadh Dramhaíola (Treoir 2000/76/CE), an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tuaslagáití (Treoir 1999/13/CE) agus 3 threoir maidir le Dé-ocsaíd Tíotáiniam (78/176/CEE, 82/883/CEE, 92/112/CEE).
CÉN UAIR A MBEIDH TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 6 Eanáir 2011 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 7 Eanáir 2013.
CÚLRA
- Leagtar amach i dTreoir 2011/92/AE rialacha le haghaidh measúnachtaí tionchair timpeallachta do raon leathan tionscadal poiblí agus príobháideach — féach an achoimre.
- Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Na teicníochtaí is fearr atá ar fáil (BAT): na teicníochtaí is éifeachtúla chun astaíochtaí a chosc nó a laghdú, teicníochtaí atá indéanta ón taobh teicniúil de agus inmharthana ón taobh eacnamaíoch de laistigh den earnáil.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (athmhúnlú) (IO L 334, 17.12.2010, lgh. 17-119)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2010/75/AE a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2011/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú ar na héifeachtaí a bhíonn ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lgh. 1-21)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 30.06.2020