Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE)

Sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) cuimsítear 27 mBallstát AE agus 3 thír de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) le chéile (an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) i margadh aonair faoi réir na rialacha céanna.

Cumhdaítear na ceithre shaoirse ann — saorghluaiseacht earraí, caipitil, seirbhísí agus daoine — chomh maith le rialacha ar iomaíocht agus ar Státchabhair, agus réimsí eile a bhaineann leis na ceithre shaoirse. Ráthaítear cearta agus oibleagáidí comhionanna ann laistigh den mhargadh aonair do shaoránaigh agus do ghnóthaí ar fud LEE chomh maith.

Cuireadh LEE ar bun le Comhaontú LEE a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

Ní chumhdaítear an méid a leanas i gComhaontú LEE:

  • comhbheartais talmhaíochta agus iascaigh;
  • aontas custaim;
  • comhbheartas trádála;
  • comhbheartas eachtrach agus slándála;
  • ceartas agus gnóthaí baile, cé go bhfuil tíortha CSTE ina mbaill den limistéar Schengen
  • cánachas díreach agus indíreach
  • aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta.

Comhroinneann AE agus trí thír CSTE bainistíocht LEE.

FÉACH FREISIN

Top