This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Cinneadh 2010/638/CBES maidir le bearta sriantacha de bharr an cháis sa Ghuine
Rialachán (AE) Uimh. 1284/2009 maidir le bearta sriantacha de bharr an cháis sa Ghuine
Is cuid de bhosca uirlisí chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) an Aontais Eorpaigh (AE) iad an cinneadh agus an rialachán, lena gcuirtear cuspóirí CBES chun cinn tríd an mbunús dlí a chur ar fáil do smachtbhannaí AE i bhfianaise na staide sa Ghuine i ndiaidh imeachtaí an 28 Meán Fómhair 2009.
Cuimsítear an méid seo a leanas sa chinneadh agus sa rialachán, a leasaíodh go leor uaireanta:
Tá na daoine atá faoi réir na mbeart sin liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán agus leis an gcinneadh. Déanann an Chomhairle cinneadh maidir le hathruithe ar an liosta sin.
Díolúintí
Ceadaítear díolúintí ó na bearta sin leis an gcinneadh agus leis an rialachán araon, agus áirítear leo sin:
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Cinneadh 2010/638/CBES ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2010 maidir le bearta sriantacha in aghaidh Phoblacht na Guine (IO L 280, 26.10.2010, lgh. 10-17).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2010/638/CBES a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) Uimh. 1284/2009 ón gComhairle an 22 Nollaig 2009 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Ghuine (IO L 346, 23.12.2009, lgh. 26-38).
Féach an leagan comhdhlúite.
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Roinn 1 — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 29 (sean–Airteagal 15 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 33).
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a cúig — Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Teideal IV — Bearta sriantacha — Airteagal 215 (sean-Airteagal 301 CFAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144).
Nuashonraithe 17.11.2023