This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Solúbthacht thíortha AE maidir le saothrú orgánach géinmhodhnaithe
ACHOIMRE AR:
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Leasaítear léi Treoir 2001/18/CE maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe (OGManna)* isteach sa chomhshaol ionas gur féidir le tíortha aonair AE a saothrú ar a gcríoch féin a chosc nó a shrianadh. Faoi na seanrialacha, d’fhéadfaí é sin a dhéanamh i gcás Times New Roman gur bhain riosca leis an OGM lena mbaineann do shláinte an duine nó don chomhshaol.
PRÍOMHPHOINTÍ
Leis an treoir nua cuirtear foclaíocht le treoir 2001. Tá sí i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, trína dtugtar níos mó solúbthachta maidir le saothrú OGManna do thíortha AE gan dul i gcion ar an measúnú riosca don chomhshaol, atá ina chuid de chóras údaraithe OGM AE i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus i dTreoir 2001/18/CE. Tugtar cead léi do thíortha AE saothrú OMG a chosc nó a shrianadh faoi choinníollacha áirithe:
Ní mór go gcloífidh an beart a dhéanfaidh tíortha AE le dlí AE agus ní mór dó a bheith réasúnaithe, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Féadfaidh tíortha AE athbhreithniú a dhéanamh níos déanaí ar a gcinntí agus iad a chomhtháthú arís i raon feidhme údaraithe OGM.
Ní mór do thíortha AE ina saothraítear OGManna beart a dhéanamh i limistéir teorann chun an seans go n–éilleofaí tíortha AE in aice láimhe a sheachaint i gcás go bhfuil saothrú na OGManna sin coiscthe.
Tuarascálacha
Faoin 3 Aibreán 2019, tuairisceoidh an Coimisiún Eorpach ar úsáid na treorach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, lena n–áirítear a húsáid ag tíortha AE maidir le saothrú OGManna a shrianadh nó a chosc agus éifeacht ar bith atá aici ar mhargadh aonair AE. D’fhéadfaí tuilleadh tograí reachtacha a mholadh sa tuarascáil.
Tuairisceoidh an Coimisiún chomh maith ar fheabhsúchán iarbhír na ndamáistí comhshaoil a d’fhéadfadh tarlú mar gheall ar shaothrú OGM.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 2 Aibreán 2015.
CÚLRA
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir (AE) 2015/412 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 lena leasaítear Treoir 2001/18/CE maidir le féidearthacht na mBallstát chun saothrú orgánach géinmhodhnaithe (OGManna) ar a gcríoch a shrianadh nó a chosc (IO L 68, 13.3.2015, lgh. 1-8)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha géinmhodhnaithe (IO L 268, 18.10.2003, lgh. 1-23)
Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol agus lena n–aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle — Dearbhú ón gCoimisiún (IO L 106, 17.4.2001, lgh. 1-39)
Féach leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 08.03.2018