EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cumas Míleata Pleanála agus Seolta AE

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh AE 2017/971 ón gComhairle — socruithe pleanála agus seolta le haghaidh misean neamhfheidhmiúcháin chomhbheartas slándála agus cosanta AE

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Bunaítear leis struchtúr ceannais agus rialaithe míleata, an Cumas Míleata Pleanála agus Seolta (MPCC) laistigh d’Fhoireann Mhíleata AE (EUMS), cuid den tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), chun tacaíocht a sholáthar do Stiúrthóir an MPCC (atá ina Ard-Stiúrthóir ar EUMS chomh maith) ina ról mar cheannasaí na n–oibríochtaí le haghaidh mhisean míleata neamhfheidhmiúcháin* oibríochtaí míleata AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Bunaítear leis an gcinneadh an Cumas Míleata Pleanála agus Seolta (MPCC) laistigh d’Fhoireann Mhíleata AE (MMAE). Tá an MPCC ina chuid de chur chun feidhme Straitéis Dhomhanda AE maidir le slándáil agus cosaint.

Soláthróidh an MPCC tacaíocht do cheannasaí misean míleata neamhfheidhmiúcháin AE — oibríochtaí neamhchomhraic i dtíortha neamh-AE.

Faoi láthair, tá 3 mhisean den sórt sin ag AE, misin oiliúna sna tíortha seo a leanas:

Ról an MPCC

Soláthraíonn an MPCC struchtúr ceannais agus rialaithe atá statach, as an láthair ar an leibhéal míleata straitéiseach. Tá sé freagrach as pleanáil agus seoladh oibríochtúil na misean neamhfheidhmiúchán. Áirítear leis sin tógáil, lainseáil, coimeád agus tarrtháil fhórsaí AE.

Struchtúr agus freagracht

Tá an MPCC bunaithe laistigh d’Fhoireann Mhílteata AE, ar huid de SEGS é. Oibreoidh sé i gcomhar leis an gCumas Sibhialtach Pleanála agus Seolta.

Tá Ard-Stiúrthóir EUMS ina Stiúrthóir ar an MPCC chomh maith. Tá roinnt freagrachtaí aige lena n–áirítear:

  • bheith i gceannas ar na 3 mhisean oiliúna reatha agus ar mhisin mhíleata neamhfheidhmiúcháin ionchasacha eile a d’fhéadfadh bheith ar siúl amach anseo agus iad a rialú;
  • athlonnú agus téarnamh na misean chomh maith leis an mbuiséad foriomlán, iniúchóireacht agus tuairisciú.

Rialú polaitiúil

Tuairisceoidh stiúrthóir an MPCC don Choiste Polaitiúil agus Slándála, atá comhdhéanta d’ambasadóirí thíortha AE agus é lonnaithe sa Bhruiséil. Coinneoidh sé Coiste Míleata AE

Maoiniú

Maoinítear na hoibríochtaí trí Athena, sásra AE chun oibríochtaí míleata nó cosanta AE a mhaoiniú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 8 Meitheamh 2017.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Neamhfheidhmiúcháin: tacaíonn an oibríocht leis an óstnáisiún le ról comhairleach amháin.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh (CBES) 2017/971 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2017 lena ndearbhaítear na socruithe pleanála agus seolta le haghaidh mhisean míleata neamhfheidhmiúcháin BECS, AE agus lena leasaítear Cinneadh 2010/96/CBES maidir le misean míleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint fhórsaí slándála na Somáile, Cinneadh 2013/34/CBES maidir le misean míleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint fhórsaí armtha an Mhailí (EUTM Mailí) agus Cinneadh (CFSP) 2016/610 maidir le misean míleata oiliúna CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (MMAE PAL) (IO L 146, 9.6.2017, lgh. 133-138)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh (CFSP) 2017/971 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh (CBES) 2016/610 ón gComhairle an 19 Aibreán 2016 maidir le Misean Míleata Oiliúna CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) (IO L 104, 20.4.2016, lgh. 21-26)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh (CBES) 2015/528 ón gComhairle an 27 Márta 2015 lena mbunaítear sásra do mhaoiniú costas coiteann oibríochtaí de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta ag gabháil leo (Athena) a riar agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2011/871/CBES (IO L 84, 28.3.2015, lgh. 39-63)

Cinneadh 2013/34/CBES ón gComhairle an 17 Eanáir 2013 maidir le misean míleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint Fhórsaí Armtha an Mhailí (EUTM Mailí) (IO L 14, 18.1.2013, lgh. 19-21)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lgh. 30–40)

Cinneadh 2010/96/CBES ón gComhairle an 15 Feabhra 2010 maidir le misean míleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint fhórsaí armtha na Somáile (IO L 44, 19.2.2010, lgh. 16-19)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2001/80/CBES ón gComhairle an 22 Eanáir 2001 maidir le Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh a bhunú (IO L 27, 30.1.2001, lgh. 7-11)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 07.12.2017

Top