This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Ilchríoch Cheangailte: pacáiste athchóirithe uaillmhianach do mhargadh teileachumarsáide na hEorpa
Tháinig an Coimisiún Eorpach aníos le moltaí rialála chun margadh aonair an AE i gcomhair teileachumarsáid a chomhlánú agus chun Eoraip níos idirnasctha ó thaobh cúrsaí digiteacha de a chruthú.
ACHT
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, chuig Coiste na Réigiún maidir leis an Margadh Aonair Teileachumarsáide [COM (2013) 634) deiridh an 11.9.2013 - níor foilsíodh san Iris Oifigiúil é.]
ACHOIMRE
Is i aidhm uileghabhálach na moltaí seo ná ilchríoch níos cónasctha agus níos iomaíocha a chruthú ionas gur féidir le tomhaltóirí tairbhe a bhaint as seirbhísí digiteacha agus gur féidir le gnólachtaí Eorpacha agus fiontraithe poist na todhchaí a chruthú.
Tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil earnáil eacnamaíocha ag braith níos láidre de réir a chéile ar deá-nascacht gréasáin chun a bheith iomaíoch agus is é an freagra dá bhrí sin ná feidhm a bhaint as féidearthachtaí teicneolaíocht eolais agus cumarsáide (TFC) i margadh aonair an AE.
Thabharfadh na moltaí seo dá phríomhphrionsabal conartha an AE chun réadúlacht saoirse seirbhisí teileachumarsáide a sholáthar agus a chur ar fáil, cíbe áit san AE ina bhfuil an duine.
Earnáil teileachumarsáide atá réidh don todhchaí
Is í aidhm na togra ná earnáil teileachumarsáide dinimiciúil, rathúil agus iomaíoch a fhorbairt, réidh chun dul i ngleic leis an todhchaí. Brúfaidh siad an earnáil teileachumarsáide isteach go ré na sonraí gréasáin lárnach, ag cur dreasachtaí maidir le comhoibriú trasteorann ar fáil, múnlaí gnó nua agus níos mó infheistíochta i mbonneagair agus i seirbhisí nua, nuálacha.
Idirlíon oscailte, deireadh le táillí fánaíochta agus cosaint tomhaltóirí níos fearr
Moltar sna tograí:
Poist nua
Ach, ní bhaineann na tograí seo leis an earnáil teileachumarsáide amháin. Beidh buntáistí ann don ngeilleagar níos leithne ó mhargadh aonair teileachumarsáide mar bhraitheann gach earnáil geilleagair níos láidre de réir a chéile ar dhea-nascacht chun a bheith iomaíoch. Táthar ag tnúth mar sin go gcuirfidh an pacáiste seo go mór le nuálaíocht, fás agus poist i ngeilleagar na hEorpa ina iomlán.
Cumasaítear leis na tograí seo cruthú poist fhadtéarmacha tríd an gheilleagair agus go háirithe san earnáil dhigiteach, arb í is príomhthréith ann ná fórsa oibre an-óg. Chomh maith le sin, molann an Coimisiún comhoibriú le cuideachtaí i gcomhcheangal mór le haghaidh scileanna digiteacha agus poist chun dífhostaíocht i measc an ógra a chomhrac san Eoraip.
Nuashonrú is déanaí: 15.05.2014