AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.10.2020
COM(2020) 649 final
2020/0290(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí i ndáil le hIarscríbhinní 1, 3, 4, 6, Codanna I, II agus III, 10, Imleabhair I agus II, 11, 14, Imleabhair I agus II, 15 agus 16, Imleabhair I, II agus III, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta agus ag Comhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, i leith glacadh Leasuithe 46 agus 39 ar Iarscríbhinn 6, Codanna I agus II, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin, a bhaineann le cur siar an cheanglais le haghaidh trealamh sa todhchaí le haghaidh taifeadán gutha cúig uair is fiche ó chró an phíolóta chun iarmhairtí neamhbheartaithe mar gheall ar theagmhas a bhaineann le paindéim COVID-19 a chosc.
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Is leis an méid seo a leanas a bhaineann an togra:
-
an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) maidir leis na difríochtaí ar ina leith is gá fógra a thabhairt do ICAO maidir leis na leasuithe seo a leanas ar Iarscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta arna glacadh ag Comhairle ICAO sa 219ú seisiún dá chuid agus atá foilsithe sna litreacha seo a leanas:
– Litir Stáit de chuid ICAO 20/19 maidir le Glacadh Leasú 176 ar Iarscríbhinn 1
– Litir Stáit de chuid ICAO 20/16 maidir le Glacadh Leasú 79 ar Iarscríbhinn 3
– Litir Stáit de chuid ICAO 20/23 maidir le Glacadh Leasú 61 ar Iarscríbhinn 4
– Litir Stáit de chuid ICAO 20/18 maidir le Glacadh Leasú 4 ar Iarscríbhinn 6, Cuid I
– Litir Stáit de chuid ICAO 20/31 maidir le Glacadh Leasú 37 ar Iarscríbhinn 6, Cuid II
– Litir Stáit de chuid ICAO 20/32 maidir le Glacadh Leasú 23 ar Iarscríbhinn 6 , Cuid III
– Litir Stáit de chuid ICAO 20/20 maidir le Glacadh Leasú 92 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I
– Litir Stáit de chuid ICAO 20/21 maidir le Glacadh Leasú 92 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar II
– Litir Stáit de chuid ICAO 20/39 maidir le Glacadh Leasú 52 ar Iarscríbhinn 11
– Litir Stáit de chuid ICAO 20/35 maidir le Glacadh Leasú 15 ar Iarscríbhinn 14, Imleabhar I
– Litir Stáit de chuid ICAO 20/22 maidir le Glacadh Leasú 9 ar Iarscríbhinn 14, Imleabhar II
– Litir Stáit de chuid ICAO 20/24 maidir le Glacadh Leasú 41 ar Iarscríbhinn 15
– Litir Stáit de chuid ICAO 20/28 maidir le Glacadh Leasú 13 ar Iarscríbhinn 16, Imleabhar I
– Litir Stáit de chuid ICAO 20/29 maidir le Glacadh Leasú 10 ar Iarscríbhinn 16, Imleabhar II
– Litir Stáit de chuid ICAO 20/30 maidir le Glacadh Leasú 1 ar Iarscríbhinn 16, Imleabhar III
-
an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 221ú seisiún de chuid Chomhairle ICAO maidir leis an nglacadh Leasuithe 46 agus 39 ar Iarscríbhinn 6, Codanna I agus II atá beartaithe a bhaineann le cur siar an cheanglais le haghaidh trealamh sa todhchaí le haghaidh taifeadán gutha cúig uair is fiche ó chró an phíolóta chun iarmhairtí neamhbheartaithe mar gheall ar theagmhas a bhaineann le paindéim COVID-19 a chosc;
–-
an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais tar éis do ICAO Leasuithe 46 agus 39 a ghlacadh ar Iarscríbhinn 6, Codanna I agus II i Litir Stáit ina n-iarrtar ar na Ballstáit fógra míshástachta a thabhairt, nó fógra i leith aon difríocht a bheidh ann, nó fógra maidir leis an gcomhlíonadh a dhéanfaidh sé ar an mbeart a glacadh.
2.COMHTHÉACS AN TOGRA
2.1.An Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta
Is é is aidhm don Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún Chicago”) rialú a dhéanamh ar an aeriompar idirnáisiúnta. An 4 Aibreán 1947 a tháinig Coinbhinsiún Chicago i bhfeidhm, agus is leis a bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.
Tá na Ballstáit go léir ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chicago.
2.2.An Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta
Is sainghníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe í an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta. Is iad aidhmeanna agus cuspóirí na hEagraíochta prionsabail agus teicnící na haerloingseoireachta idirnáisiúnta a fhorbairt, agus pleanáil agus forbairt an aeriompair idirnáisiúnta a chothú.
Is comhlacht buan de chuid ICAO í Comhairle ICAO, comhlacht a bhfuil 36 stát chonarthacha ina gcomhaltaí ann, agus is é Comhthionól ICAO a thoghann na Stáit chonarthacha sin ar feadh tréimhse trí bliana. Tá ionadaithe ó sheacht mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh ar Chomhairle ICAO le haghaidh na tréimhse 2019-2022.
I measc na bhfeidhmeanna éigeantacha atá ar Chomhairle ICAO, feidhmeanna a liostaítear in Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, tá glacadh na gcaighdeán idirnáisiúnta agus na gcleachtas molta, dhá rud a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
Tar éis ghlacadh na mbeart seo nó a leithéid eile, ní mór do Stáit ICAO fógra míshástachta a thabhairt, sin nó fógra faoi aon difríocht a bheidh ann, nó fógra maidir leis an gcomhlíonadh a dhéanfaidh siad ar na bearta sula dtagann siad i bhfeidhm agus sula mbíonn siad ceangailteach ó thaobh dlí de.
De bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, más dofheidhmithe d'aon Stát a leithéid de chaighdeán nó de nós imeachta idirnáisiúnta a chomhlíonadh ar gach bealach, sin nó más dofheidhmithe dó a rialacháin nó a chleachtais féin a chur ar comhréir iomlán maidir lena leithéid de chaighdeán nó de nósanna imeachta idirnáisiúnta, nó má mheasann sé é a bheith riachtanach rialacháin nó cleachtais a ghlacadh atá difriúil ar dhóigh ar bith leis na rialacháin nó na cleachtais arna mbunú le caighdeán idirnáisiúnta, tabharfaidh an Stát sin fógra láithreach don Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta faoi na difríochtaí idir a chleachtas féin agus an cleachtas arna bhunú leis an gcaighdeán idirnáisiúnta.
2.3.Na gníomhartha a glacadh le linn an 219ú seisiún de chuid Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus an gaol atá acu le rialacha reatha an Aontais
Le linn an 219ú seisiún dá chuid, ghlac Comhairle ICAO Leasuithe ar Iarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago mar a liostaítear i Roinn 1 thuas. Leis na Litreacha Stáit de chuid ICAO lena gcuirfear Stáit Chonarthacha ICAO ar an eolas faoi ghlacadh na Leasuithe, cuirfear i gcuimhne do na Stáit a n-oibleagáidí faoi Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago fógra a thabhairt do ICAO faoi aon dhifríocht a d'fhéadfadh teacht chun cinn.
Leagtar amach forléargas na Leasuithe éagsúla ar na hIarscríbhinní, mar a glacadh ag Comhairle ICAO ag an 219ú seisiún thíos, le tuilleadh mionsonraí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh ón gComhairle atáthar a bheartú.
2.3.1.Leasú 176 ar Iarscríbhinn 1 maidir le Ceadúnú Pearsanra
Eascraíonn Leasú 176 ar Iarscríbhinn 1 de chuid ICAO ó mholtaí a d'fhorbair tascfhórsa ICAO um Oiliúint agus Measúnú ar Bhonn Inniúlachtaí (CBTA-TF) agus Rúnaíocht IACO, leasú a bhaineann le hailíniú le Leasú 5 ar Nósanna Imeachta maidir le Seirbhísí Aerloingseoireachta — Oiliúint (PANS-TRG, Doic 9868), sainmhínithe nua, nuashonrú ar cheanglais le haghaidh oifigigh oibríochtaí eitilte/riarthóirí na n-aerárthaí, foráiltear leis sin leasú ar fhorálacha maidir le haerárthaí ingear-chumhachtaithe agus a n-infheidhmeacht a chur ar athló, agus tugtar forálacha isteach maidir le teagascóirí oiliúna aerthráchta ar an láthair oibre.
Déanann na leasuithe difear do Rialachán (AE) 1178/2011 maidir le haerchriú, do Rialachán (AE) 1321/2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach agus do Rialachán (AE) 2015/340 maidir le rialtóirí aerthráchta. Tagann substaint na leasaithe faoi reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Tá roinnt athruithe riachtanach chun foclaíocht na sainmhínithe a ailíniú, ionas go ndéanfar leasuithe eagarthóireachta agus ceanglas maidir le maoirseacht ó theagascóir rialtóra aerthráchta iomchuí a léiriú. Ceanglaítear leis an gceanglas deireanach sin, mar aon le trasuí roinnt sainmhínithe i rialacha an Aontais Eorpaigh, difríochtaí a chomhdú do ICAO ar feadh tréimhse teoranta ama. Tá sé beartaithe go ndéanfar na leasuithe ábhartha ar rialacha an Aontais Eorpaigh in 2020 agus 2021.
2.3.2.Leasú 79 ar Iarscríbhinn 3 maidir le Seirbhísí Meitéareolaíocha um Aerloingseoireacht Idirnáisiúnta
I ndiaidh Leasú 79 ar Iarscríbhinn 3 ICAO, beidh gá leis an Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2017/373 ón gCoimisiún a nuashonrú.
Meastar go mbeidh tionchar íosta ag formhór na leasuithe ar pháirtithe leasmhara an Aontais Eorpaigh agus bainfidh siad tairbhe fhoriomlán as sábháilteacht agus éifeachtúlacht na n-oibríochtaí. I roinnt cásanna, beidh nuashonrú ar bhogearraí riachtanach, agus meastar iad a bheith comhréireach leis na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo agus iad a bheith inláimhsithe. Mar sin, táthar ag súil go ndéanfar roinnt de na leasuithe a ionchorprú i rialacháin an Aontais Eorpaigh faoin tríú ráithe de 2021 gan athrú, i ndiaidh na nósanna imeachta faoi seach arna dtionscnamh ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh. Go dtí go nglacfar na hathruithe rialála sin, ní mór do roinnt do na leasuithe a chur in iúl mar dhifríocht.
2.3.3 Leasú 61 ar Iarscríbhinn 4 maidir le Cairteacha Aerloingseoireachta
Ceanglaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún faoi phointe AIS.OR.325 'cairteacha Aerloingseoireachta’ faoi phointe (a)(2) agus (3) go n-áiritheoidh soláthraí Sheirbhís Faisnéise Aerloingseoireachta (AIS) i measc rudaí eile, go mbeidh cairt aeradróim/héileapoirt agus cairt ghluaiseachta ar an talamh aeradróim, i gcás ina gcuirtear ar fáil, mar chuid den Fhoilseachán Faisnéise Aerloingseoireachta (AIP) nó go gcuirtear iad ar fáil ar leithligh do fhaighteoirí AIP. Athrófar an creat rialála le linn 2020 chun an Leasú seo a chur san áireamh. Dá réir sin, níor cheart difríochtaí a bheith ann an 4 Samhain 2021 idir na rialacháin agus/nó cleachtais an Aontais agus forálacha Iarscríbhinn 4, lena n-áirítear gach leasú agus Leasú 61 san áireamh.
2.3.4.Leasú 44 ar Chuid I d'Iarscríbhinn 6 maidir le hOibríochtaí Uile-aimsire Aerárthaí
Go dtí go gcríochnófar leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ina léirítear Leasú 44 ar Chuid I d'Iarscríbhinn 6, ba cheart difríochtaí a chur in iúl i leith Chaighdeán 4.2.8.2 agus i leith na sainmhínithe. Á thabhairt faoi deara gur cheart do na Ballstáit difríocht a bheith curtha in iúl cheana féin i leith Chaighdeán 4.2.8.1.1 mar ní cheadaítear le Rialachán (AE) 965/2012 faoi láthair ach creidiúintí oibríochtúla le haghaidh taispeántais cheann-in-airde agus córais léargais feabhsaithe .
2.3.4.1.Téarmaí údaruithe, glactha agus formheasa a chomhchuibhiú
Ceanglaítear leis an leasú sin difríocht a chomhdú, cé gur cheart do na Ballstáit comhdú a bheith déanta acu cheana féin ar dhifríocht i gcoinne na gcaighdeán agus na gcleachtas molta a bhaineann le hoibríochtaí ama atreoraithe leathnaithe, toisc nár trasuíodh an coincheap seo i Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 fós (baintear úsáid as oibríochtaí le réimse leathnaithe i gcás eitleán dé-inneallach (ETOPS) ina ionad sin).
2.3.4.2.Airteagal 83 bis
De réir an athraithe ar an Iarscríbhinn, is gá cóip fhíordheimhnithe d'achoimre an chomhaontaithe a tugadh i gcrích a iompar ar bord an eitleáin, an comhaontú atá bunaithe ar Airteagal 83 bis de Choinbhinsiún Chicago. Thairis sin, le hAguisín 10 nua a ghabhann le hIarscríbhinn 6, Cuid I, tugtar isteach foirm chaighdeánaithe d'achoimre ar chomhaontú. Tá an fhaisnéis ábhartha ar fad atá ag teastáil ann agus soláthraítear leis foirm d'oibreoirí chun í a iompar le húsáid le linn imscrúduithe rampa nó le linn gníomhaíochtaí fíoraithe eile d'fhonn maolú a dhéanamh ar mhíthuiscintí nuair is infheidhme comhaontú Airteagal 83 bis maidir leis an aerárthach atáthar a imscrúdú. Ceanglaítear freisin go dtarchuirfear achoimre ar an gcomhaontú chuig ICAO nuair a chuirtear isteach comhaontú Airteagal 83 bis le haghaidh clárúchán.
Faoin gcreat dlíthiúil arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1139 agus lena ghníomhartha cur chun feidhme agus a ghníomhartha tarmligthe, déantar aistriú feidhmeanna Stáit Chláraithe idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh trí chóras rialála an Aontais Eorpaigh ar dóigh go gcomhlíonfar go hiomlán cuspóirí Airteagal 83 bis de Choinbhinsiún Chicago. Tá an córas sin infheidhme maidir le haon aerárthach ar chlár aon Bhallstáit den Aontas Eorpach, aerárthach a n-oibríonn oibreoir é agus a bhfuil a phríomháit ghnó aige i mBallstát eile den Aontas Eorpach agus a chomhlíonann freagrachtaí Stát an Oibreora.
Meastar go gcruthófar leis na caighdeáin agus cleachtais mholta a glacadh le deireanas tuilleadh ualach riaracháin le haghaidh oibreoirí chun saincheist (nach mbaineann le cúrsaí sábháilteachta) le haghaidh iniúchóirí rampa a réiteach. Thairis sin, tá ICAO ag leasú a Rialacha Clárúcháin chun comhaontuithe Airteagal 83 bis a chur ar fáil trí chóras idirghníomhach ar an ngréasán. Más féidir córas den sórt sin a rochtain ar fud an domhain, is mó an t-ábhar amhrais é fós an ceanglas maidir le doiciméad a iompar ar bord aerárthaigh.
Níl sé beartaithe Rialachán (AE) 965/2012 a leasú chun comhlíonadh an chaighdeáin áirithe sin a áirithiú.
Dá bhrí sin, ba cheart difríocht atá ann idir caighdeáin agus cleachtais mholta nua de chuid ICAO a chur in iúl.
2.3.4.3.
Foinse chumhachta iontaofa do thaifeadáin eitilte éadroma
Is gá taifeadáin eitilte atá cosanta i gcás tuairte (amhail taifeadán sonraí eitilte nó taifeadán gutha ó chró an phíolóta) a shuiteáil le cumhacht leictreach ó fhoinse a sholáthraíonn iontaofacht uasta le haghaidh a bhfeidhmithe. Níl ann d'fhorálacha den sórt sin maidir le taifeadáin éadroma (amhail córas taifeadta fuaime ó chró an phíolóta nó córais taifeadáin sonraí aerárthaigh). Tugadh isteach caighdeán nua is infheidhme maidir le heitleáin a bhfuil deimhniú tosaigh aeracmhainneachta aige arna eisiúint tar éis 2016 (Caighdeán 1.6 d'Iarscríbhinn 6, Cuid I, Aguisín 8) le haghaidh taifeadáin éadroma atá le ceangail le foinse chumhachta, foinse lena n-áirithítear taifead cuí agus iontaofa ina dtimpeallacht oibríochtúil.
Ceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 taifeadán eitilte éadrom a iompar le haghaidh roinnt catagóirí eitleán éadrom a oibrítear le haghaidh aeriompar tráchtála, má eisítear ar dtús deimhniú aeracmhainneachta aonair don aerárthach lena mbaineann an 5 Meán Fómhair 2022 nó dá éis sin (féach pointe CAT.IDE.A.191 d'Iarscríbhinn IV (Cuid-CAT) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012). Dá ndéanfaí Caighdeán nua 1.6 d'Iarscríbhinn 6, Cuid I, Aguisín 8 a thrasuí i gceanglais an Aontais Eorpaigh, ní bheadh sé infheidhme maidir leis na catagóirí sin d'eitleáin éadroma ach amháin go rachadh sé chun sochair do shábháilteacht agus éifeachtúlacht na n-oibríochtaí de bharr measúnú breise ar thrasuí an chaighdeáin sin i rialacha an Aontais Eorpaigh agus forleathnú an raoin infheidhmeachta. Ina theannta sin, toisc go bhfuil an Caighdeán nua in Aguisín in Iarscríbhinn 6 Cuid I, ba cheart ráiteas comhlíontachta nó ráiteas difríochta maidir leis an Aguisín i leith an Chaighdeáin lena bhforordaítear taifeadán eitilte éadrom a iompar agus lena dtagraítear don Aguisín sin. Dá bhrí sin, ba cheart difríocht a chur in iúl.
2.3.4.4.
Teachtaireachtaí cumarsáide an nasctha sonraí a thaifeadadh
Níor trasuíodh Caighdeán 6.3.3.1.2 d'Iarscríbhinn 6 Cuid I i Rialachán (AE) Uimh. 965/2012. Ba cheart do na Ballstáit difríocht leis an gCaighdeán sin a bheith comhdaithe acu cheana féin. Le Leasú 44, coinneofar an difríocht.
2.3.4.5.
Suíomh aerárthaigh atá i nguais
Trasuíodh forálacha maidir le suíomh eitleán atá i nguais i bpointe CAT.GEN.MPA.210 d'Iarscríbhinn IV (Cuid-CAT) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012, atá infheidhme maidir le roinnt catagóirí eitleán ar eisíodh deimhniú aeracmhainneachta aonair dóibh ar dtús an 1 Eanáir 2023 nó dá éis sin. Leis an leasú ar Chaighdeán 6.18.1, déanfar an Caighdeán seo a ailíniú ar bhealach níos fearr le CAT.GEN.MPA.210 atá infheidhme maidir le heitleáin ar eisíodh deimhniú aeracmhainneachta aonair dóibh ar dtús an 1 Eanáir 2023 nó dá éis sin. Ba cheart an difríocht a comhdaíodh a choinneáil, áfach, toisc gur difriúil critéir uasmhais dheimhnithe éirí de thalamh agus uaschumraíocht oibríochtúil do shuíocháin paisinéirí idir Caighdeán 6.18.1 agus CAT.GEN.MPA.210.
2.3.5.Leasú 37 ar Chuid II d'Iarscríbhinn 6 maidir le hOibríochtaí Aerárthaí
2.3.5.1.
Oibríochtaí uile-aimsire
Go dtí go gcríochnófar leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 965/2012, ba cheart difríochtaí a chur in iúl i leith na sainmhínithe. Ba cheart do na Ballstáit difríocht i gcoinne 2.2.2.2.1.1 a bheith comhdaithe acu cheana féin toisc nach gceadaítear le Rialachán (AE) 965/2012 faoi láthair ach creidmheasanna oibríochtúla le haghaidh HUDanna agus EVS.
Ba cheart do na Ballstáit difríocht i gcoinne 2.2.2.2.1 a bheith comhdaithe acu cheana féin toisc go ndírítear leis an riail ar an oibreoir seachas ar an bpíolóta i gceannas in Iarscríbhinn VI (Cuid-Lárionad Náisiúnta Comhordaithe) a ghabhann le Rialachán (AE) 965/2012; i dtaca le hoibríochtaí faoi choinníollacha drochléargais, is é an t-oibreoir an t-údarás inniúil arna bhunú le Iarscríbhinn V (Cuid-SPA) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.
2.3.5.2.
Airteagal 83 bis
De réir an athraithe ar an Iarscríbhinn, is gá cóip fhíordheimhnithe d'achoimre an chomhaontaithe a tugadh i gcrích a iompar ar bord an eitleáin, an comhaontú atá bunaithe ar Airteagal 83 bis de Choinbhinsiún Chicago. Thairis sin, le hAguisín 10 nua a ghabhann le hIarscríbhinn 6 Cuid I tugtar isteach foirm chaighdeánaithe d'achoimre ar chomhaontú. Tá an fhaisnéis ábhartha ar fad atá ag teastáil ann agus soláthraítear leis foirm d'oibreoirí chun í a iompar le húsáid le linn imscrúduithe rampa nó le linn gníomhaíochtaí fíoraithe eile d'fhonn maolú a dhéanamh ar mhíthuiscintí nuair is infheidhme comhaontú Airteagal 83 bis maidir le haerárthach atáthar a imscrúdú. Ina theannta sin, ceanglaítear go dtarchuirfear achoimre ar chomhaontú chuig ICAO nuair a chuirtear isteach comhaontú Airteagal 83 bis le haghaidh clárúcháin.
Faoin gcreat dlíthiúil arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha cur chun feidhme agus a ghníomhartha tarmligthe, déantar aistriú fheidhmeanna Stáit Cláraithe idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh trí chóras rialála an Aontais Eorpaigh ar dhóigh a gcomhlíonfar go hiomlán cuspóirí Airteagal 83 bis de Choinbhinsiún Chicago. Tá an córas sin infheidhme maidir le haon aerárthach ar chlár aon Bhallstáit den Aontas Eorpach, aerárthach a n-oibríonn oibreoir é agus a phríomháit ghnó aige i mBallstát eile den Aontas Eorpach agus a chomhlíonann freagrachtaí Stát an Oibreora.
Meastar go gcruthófar leis na caighdeáin agus cleachtais mholta nua tuilleadh ualach riaracháin le haghaidh oibreoirí chun saincheist (nach mbaineann le cúrsaí sábháilteachta) le haghaidh iniúchóirí rampa a réiteach.
Thairis sin, tá ICAO ag leasú a Rialacha Clárúcháin chun comhaontuithe Airteagal 83 bis a chur ar fáil trí chóras idirghníomhach atá ar an ngréasán. Más féidir córas den sórt sin a rochtain ar fud an domhain, is mó an t-ábhar amhrais é fós an ceanglas maidir le doiciméad a iompar ar bord aerárthaigh.
Níl sé beartaithe Rialachán (AE) 965/2012 a leasú chun comhlíonadh an chaighdeáin áirithe sin a áirithiú.
Ba cheart, dá bhrí sin, difríochtaí i leith na caighdeáin agus cleachtais mholta nua de chuid ICAO a chur in iúl.
2.3.6.Leasú 23 ar Chuid III d'Iarscríbhinn 6 maidir le hOibríochtaí Aerárthaí
2.3.6.1.
Oibríochtaí uile-aimsire
Go dtí go gcríochnófar leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 965/2012, ba cheart difríochtaí a chomhdú i leith Chaighdeán 2.2.8.2 agus i leith sainmhínithe. Ba cheart do na Ballstáit difríocht maidir le 2.2.8.1.1 a chomhdú cheana féin, toisc nach gceadaítear le Rialachán (AE) 965/2012 faoi láthair ach oibríochtaí creidmheasa le haghaidh HUDanna agus EVS.
2.3.6.2.
Airteagal 83 bis
De réir an athraithe ar an Iarscríbhinn, is gá cóip fhíordheimhnithe d'achoimre an chomhaontaithe a tugadh i gcrích a iompar ar bord an eitleáin, an comhaontú atá bunaithe ar Airteagal 83 bis de Choinbhinsiún Chicago. Thairis sin, le hAguisín 10 nua a ghabhann le hIarscríbhinn 6 Cuid I tugtar isteach foirm chaighdeánaithe d'achoimre ar chomhaontú. Tá an fhaisnéis ábhartha ar fad atá ag teastáil ann agus soláthraítear leis foirm d'oibreoirí chun é a iompar le húsáid a bhaint as le linn imscrúduithe rampa nó le linn gníomhaíochtaí fíoraithe eile chun míthuiscintí nuair is infheidhme comhaontú Airteagal 83 bis don aerárthach a ndéantar imscrúdú air a mhaolú. Ina theannta sin, ceanglaítear go dtarchuirfear achoimre ar chomhaontú chuig ICAO nuair a chuirtear isteach comhaontú Airteagal 83 bis le haghaidh clárúcháin.
Faoin gcreat dlíthiúil arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha cur chun feidhme agus a ghníomhartha tarmligthe, déantar aistriú fheidhmeanna Stáit Cláraithe idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh trí chóras rialála an Aontais Eorpaigh ar dhóigh a gcomhlíonfar go hiomlán cuspóirí Airteagal 83 bis de Choinbhinsiún Chicago. Tá an córas sin infheidhme maidir le haon aerárthach ar chlár aon Bhallstáit den Aontas Eorpach, aerárthach a n-oibríonn oibreoir é agus a phríomháit ghnó aige i mBallstát eile den Aontas Eorpach agus a chomhlíonann freagrachtaí Stát an Oibreora.
Meastar go gcruthófar leis na caighdeáin agus cleachtais mholta a glacadh le deireanas tuilleadh ualach riaracháin le haghaidh oibreoirí chun saincheist (nach mbaineann le cúrsaí sábháilteachta) le haghaidh iniúchóirí rampa a réiteach.
Thairis sin, tá an ICAO ag leasú a Rialacha Clárúcháin chun comhaontuithe le haghaidh clárúchán Airteagal 83 bis a chur ar fáil trí chóras idirghníomhach atá ar an ngréasáin. Más féidir córas den sórt sin a rochtain ar fud an domhain, is mó an t-ábhar amhrais é fós an ceanglas maidir le doiciméad a iompar ar bord aerárthaigh.
Ag an bpointe seo, níl sé beartaithe aon leasú a mholadh le haghaidh Rialachán (AE) 965/2012 chun comhlíonadh an chaighdeáin áirithe sin a áirithiú.
Ba cheart, dá bhrí sin, difríochtaí i leith na caighdeáin agus cleachtais mholta nua de chuid ICAO a chur in iúl.
2.3.6.3.
Taifeadáin eitilte
Is gá taifeadáin eitilte atá cosanta i gcás tuairte (amhail taifeadán sonraí eitilte nó taifeadán gutha ó chró an phíolóta) a shuiteáil le cumhacht leictreach ó fhoinse a sholáthraíonn iontaofacht uasta le haghaidh a bhfeidhmithe. Níl ann d'fhorálacha den sórt sin le haghaidh taifeadáin éadroma (amhail CARS nó ADRS). Tugadh isteach Caighdeán nua (Caighdeán 1.6 d'Iarscríbhinn 6 Cuid III Aguisín 4) le haghaidh taifeadáin éadroma atá le ceangal le foinse cumhachta, foinse lena n-áirithítear taifead cuí agus iontaofa ina dtimpeallacht oibríochtúil.
Ceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 taifeadán eitilte éadrom a iompar le haghaidh roinnt catagóirí de héileacaptair éadroma a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí aeriompair thráchtála, má eisítear ar dtús deimhniú aeracmhainneachta aonair don aerárthach lena mbaineann an 5 Meán Fómhair 2022 nó dá éis sin (féach CAT.IDE.H.191 d'Iarscríbhinn IV (Cuid-CAT) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012). Dá ndéanfaí Caighdeán 1.6 d'Iarscríbhinn 6 Cuid III Aguisín 4 a thrasuí i gceanglais an Aontais Eorpaigh, ní bheadh sé infheidhme maidir leis na catagóirí sin de héileacaptair éadroma ach amháin go rachadh sé chun sochair do shábháilteacht agus éifeachtúlacht na n-oibríochtaí de bharr measúnú breise ar thrasuí an chaighdeáin sin i rialacha an Aontais Eorpaigh agus forleathnú an raoin infheidhmeachta. Ina theannta sin, toisc go bhfuil an Caighdeán nua in Aguisín in Iarscríbhinn 6 Cuid III, ba cheart ráiteas comhlíontachta nó ráiteas difríochta maidir leis an Aguisín in aghaidh an Chaighdeáin lena bhforordaítear taifeadán eitilte éadrom a iompar agus lena dtagraítear don aguisín sin. Forordaítear le Caighdeán 4.3.1.1.4 taifeadán eitilte a iompar le haghaidh héileacaptair ar lú Uasmhais Dheimhnithe Éirí de Thalamh ná 3 175 kg, agus féadfaidh sé gur ARDS é an taifeadán sin.
Níl ann do cheanglas iompar CARS in Iarscríbhinn 6 Cuid III. Dá bhrí sin, ba cheart difríocht a chur in iúl maidir le Caighdeán 4.3.1.2.4, le sonrú i gcás ina mbaintear úsáid as ADRS, níl aon cheanglas ar leibhéal an Aontais Eorpaigh faoi láthair maidir le haghaidh a thabhairt ar iontaofacht a fhoinse cumhachta.
2.3.6.4.
Teachtaireachtaí cumarsáide an nasctha sonraí a thaifead
Níor trasuíodh Caighdeáin 4.3.3.1.2 agus 4.7.3.1.1.1 d'Iarscríbhinn 6 Cuid III i Rialachán (AE) Uimh. 965/2012. Ba cheart do na Ballstáit difríocht leis an gCaighdeán sin a bheith comhdaithe acu cheana féin. Le leasú 3, coinneofar an difríocht.
2.3.7.Leasú 92 ar Iarscríbhinn 10 Imleabhar I maidir le Teileachumarsáidí Aerloingseoireachta
Tagraítear d'Iarscríbhinn 10 de chuid ICAO, Imleabhar I, gach leasú agus Leasú 89 san áireamh, in CNS.TR.100 de Fhochuid B d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/373, ‘Modhanna oibre agus nós imeachta oibríochta le haghaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide, aerloingseoireachta agus faireachais’. Tá sé beartaithe an fhoráil sin a athrú chun gach leasú agus Leasú 92 atá molta i Litir Stáit de chuid ICAO 20/20 dá dtagraítear in CS.TR.100 roimhe seo a chur san áireamh. As sin amach, maidir le forálacha ar imir leasuithe go dtí Leasú 92 tionchar orthu, ba cheart difríochtaí a chur in iúl.
2.3.8.Leasú 92 ar Iarscríbhinn 10 Imleabhar II maidir le Teileachumarsáidí Aerloingseoireachta
Is leasú iarmhartach é sin de thoradh Leasú 79 ar Iarscríbhinn 3 (Seirbhís Mheitéareolaíocha Aerloingseoireachta Idirnáisiúnta) a dhéanann difear don tseirbhís fhosaithe aerloingseoireachta (AFS).
Tagraítear d'Iarscríbhinn 10 de chuid ICAO, Imleabhar II, gach leasú agus Leasú 89 san áireamh, in CNS.TR.100 de Fhochuid B d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/373, ‘Modhanna oibre agus nós imeachta oibríochta le haghaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide, aerloingseoireachta agus faireachais’. Tá sé beartaithe an fhoráil sin a athrú chun gach leasú agus Leasú 92 atá molta i Litir Stáit de chuid ICAO 20/21 dá dtagraítear in CS.TR.100 roimhe seo a chur san áireamh, ba cheart sin a chur in iúl maidir le caighdeáin agus cleachtais mholta leasuithe dá dtagraítear in CS.TR.100. Dá bhrí sin, na difríochtaí seo
2.3.9.Leasú 56 ar Iarscríbhinn 11 maidir le Seirbhísí Aerthráchta
Maidir le comhordú gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith guaiseach d'aerárthaigh shibhialta, mar a fhoráiltear cheana i bpointe 2.19.1 de Chaibidil 2 d'Iarscríbhinn 11, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/469 a thug Airteagal 3c isteach i Rialachán (AE) 2017/373 lena leagtar síos ceanglais chomhfhreagracha a bheidh infheidhme amhail ó 27 Eanáir 2022. Táthar ag súil go dtabharfar aghaidh in am trátha ar na ceanglais bhreise a thugtar isteach le Leasú 52 ar Chaibidil 2 a bhaineann le measúnú riosca. Go dtí go nglacfar an Rialachán comhfhreagrach, ba cheart difríochtaí a chur in iúl.
Tugadh aghaidh cheana féin ar chaighdeáin Chaibidil 3 d'Iarscríbhinn 11 a glacadh le deireanas i ndáil leis an gceanglas maidir le tiománaithe feithiclí oibríochtúla chun na páirteanna sábháilteachta de na treoracha a tarchuireadh trí ghuth a aisléamh, sa leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 a mholtar, atáthar ag súil leis a bheith foilsithe faoi dheireadh 2020. Chun an rialachán sin a ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 923/2012 (Rialacha Caighdeánaithe Eorpacha an Aeir (SERA)), is ceart aghaidh a thabhairt ar na ceanglais sin in am trátha, mar aon le ceanglas an rialtóra aerthráchta maidir le héisteacht leis an aisléamh. Tá ceanglais ar chead rialaithe agus ar fhaisnéis maidir le sábháilteacht i mír (e) de SERA.8015 ‘Cead Rialaithe Aerthráchta’ de Rialachán (AE) Uimh. 923/2012, agus meastar leis go príomha an chumarsáid idir foireann eitilte agus rialtóir aerthráchta. Cheadófaí le leasú an phointe sin de Limistéir Eorpaigh Aonair Iarnróid (SERA) comhlíonadh Leasú 52 d'Iarscríbhinn 11 faoi 2023.
Go dtí go nglacfar an Rialachán comhfhreagrach, ba cheart difríochtaí a chur in iúl.
2.3.10.Leasú 15 ar Iarscríbhinn 14 Imleabhar I maidir le hAeradróim
D'éileofaí le leasuithe ar fhorálacha Chaibidil 3, 5 agus 9 leasú ar shonraíochtaí deimhniúcháin sonracha de chuid Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, atá beartaithe a ghlacadh le Q3/2021. Go dtí go nglacfar an leasú sin, bá ghá comhdú na ndifríochtaí do na caibidlí sin. Ba cheart, dá bhrí sin, difríochtaí i leith na caighdeáin agus cleachtais mholta leasuithe de chuid ICAO a chur in iúl.
2.3.11.Leasú 9 ar Iarscríbhinn 14, Imleabhar II maidir le haeradróim
Léirítear le hanailís ar na hathruithe a tugadh isteach le hIarscríbhinn 14 Imleabhar II go n-éileofaí lena dtrasuí leasuithe a bhaineann go príomha le sonraíochtaí deimhniúchán dearthaí an héileapoirt. Tabharfar aghaidh le leasuithe den sórt sin sa todhchaí ar na hathruithe a tugadh isteach le Caibidil 1, 3, 4 agus 5 d'Iarscríbhinn 14 Imleabhar II. I gcásanna áirithe, áfach, ní mheastar é a bheith iomchuí na sonraíochtaí atá ann faoi láthair (mar shampla; sonraíochtaí córais soilsiúcháin héileapoirt), mar a léiríodh cheana sa mholadh do Litir Stáit de chuid ICAO A4/1.1.58-18/97.
I gcásanna eile, d'éileofaí leis na leasuithe ar fhorálacha Iarscríbhinn 14 Imleabhar II ( i gcaibidle 2 agus 6) leasú ar an gcreat rialála a tugadh isteach le Rialachán 139/2014 é féin.
Dá bhrí sin, ba cheart difríochtaí ábhartha a chur in iúl go dtí go ndéantar leasú ar fhorálacha rialála ábhartha an Aontais Eorpaigh.
2.3.12.Leasú 41 ar Iarscríbhinn 15 maidir le Seirbhísí Faisnéise Aerloingseoireachta
Is é is aidhm leis na leasuithe feabhas a chur ar an bhfaisnéis faoi na gníomhaíochtaí atá contúirteach d'eitlíocht shibhialta a fógraíodh tríd an bhFógra d'Eitleoirí (NOTAM), agus aghaidh a thabhairt ar chás sonrach na limistéar ina bhfuil coinbhleacht.
Áirítear le Rialachán (AE) 2017/373, mar a leasaíodh le Rialachán (AE) 2020/469, na Caighdeáin agus Cleachtais Mholta agus Nósanna Imeachta um Sheirbhísí Aerloingseoireachta d'Iarscríbhinn 15 de chuid ICAO — forálacha Bhainistíochta Faisnéise Aerloingseoireachta (PANS-AIM) in Iarscríbhinn VI (Cuid-AIS). Is gá difríocht a chur in iúl, áfach, toisc nach bhfuil na leasuithe a glacadh ag an ICAO san áireamh fós in Iarscríbhinn VI (Cuid-AIS) a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/373.
2.3.13.Leasú 13 ar Iarscríbhinn 16 Imleabhar I maidir le Cosaint an Chomhshaoil
Tá an leasú infheidhme ó Iarscríbhinn 16 beartaithe sa chéad fhomhír d'Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1139 agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2022.
De réir Litir Stáit de chuid ICAO 20/28, áfach, is é an 1 Eanáir 2021 dáta chur i bhfeidhm Leasú 13 ar Iarscríbhinn 16 Imleabhar I.
2.3.14.Leasú 10 ar Iarscríbhinn 16 Imleabhar II maidir le Cosaint an Chomhshaoil
Tá an leasú infheidhme ó Iarscríbhinn 16 Imleabhar II beartaithe sa chéad fhomhír d'Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1139.
De réir Litir Stáit de chuid ICAO 20/29, is é an 1 Eanáir 2021 dáta chur i bhfeidhm Leasú 10 ar Iarscríbhinn 16 Imleabhar II. Tá leasú ábhartha a dhéanfar trí phróiseas ábhartha Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh beartaithe. Beidh difríocht ann, áfach, go dtí an 31 Márta 2022 idir rialacháin agus/nó cleachtais an Aontais Eorpaigh agus forálacha Iarscríbhinn 16, Imleabhar II, lena n-áirítear gach leasú suas le Leasú 10 san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart difríocht a chur in iúl.
2.3.15.Leasú 1 ar Iarscríbhinn 16 Imleabhar III maidir le Cosaint an Chomhshaoil
De réir Litir Stáit de chuid ICAO 20/30, is é an 1 Eanáir 2021 dáta chur i bhfeidhm Leasú 1 ar Iarscríbhinn 16 Imleabhar III. Déantar foráil maidir leis an leasú comhfhreagrach ar Iarscríbhinn 16 Imleabhar III sa chéad fhomhír d'Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1139.
2.4.Glacadh Leasuithe 46 agus 39 atá beartaithe ar Iarscríbhinn 6, Codanna I agus II ag Comhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta a bhaineann le cur siar ceanglais trealaimh sa todhchaí le haghaidh taifeadán gutha ó chró an phíolóta cúig uair is fiche chun iarmhairtí neamhbheartaithe de bharr phlean teagmhasach COVID-19 a chosc
Déanfar Leasuithe 46 agus 39 ar Iarscríbhinn 6, Codanna I agus II a bhaineann le cur siar ceanglais trealaimh sa todhchaí le haghaidh taifeadán gutha ó chró an phíolóta cúig uair is fiche chun iarmhairtí neamhbheartaithe de bharr phlean teagmhasach COVID-19 a chosc chun cinn le glacadh ag an 221ú cruinniú de chuid Chomhairle ICAO.
Is é is aidhm do na Leasuithe sin ar Iarscríbhinn 6 – Oibriú Aerárthaí, Cuid I – Aeriompar Tráchtála Idirnáisiúnta – Eitleáin agus Cuid II – Eitlíocht Ghinearálta Idirnáisiúnta - Eitleáin a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago – oibleagáidí taifeadtaí nua ar thaifeadáin ghutha cúig uair is fiche ó chró an phíolóta a chur ar athló go dtí an 1 Eanáir 2022 nuair a bheidh na Leasuithe atá beartaithe ceangailteach ar pháirtithe Choinbhinsiún Chicago.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
3.1.Na difríochtaí ar gá fógra a thabhairt ina leith
Le linn an 219ú seisiún de Chomhairle ICAO, a mhair ón 2 Márta go dtí an 20 Márta 2020, glacadh roinnt Leasuithe ar Iarscríbhinní éagsúla a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, sna réimsí a bhaineann le sábháilteacht, leis an gcomhshaol agus le haerloingseoireacht.
Tagraítear le hIarscríbhinn a ghabhann le togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle do reachtaíocht ábhartha an Aontais, le haghaidh gach Iarscríbhinn de chuid ICAO. Beidh na Leasuithe go léir dá dtagraítear sna réimsí sin a chumhdaítear le dlí an Aontais agus, mar sin, faoi inniúlacht eisiach sheachtrach de chuid an Aontais. Anuas air sin, taispeántar go mion san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle na difríochtaí ar ina leith is gá fógra a thabhairt do ICAO. Sainaithnítear sa liosta thíos an gá atá ann difríochtaí a chur in iúl do ICAO de réir gach Iarscríbhinne:
– Litir Stáit 20/19 maidir le Glacadh Leasú 176 ar Iarscríbhinn 1 – difríochtaí ar ina leith is gá fógra a thabhairt
– Litir Stáit 20/16 maidir le Glacadh Leasú 79 ar Iarscríbhinn 3 – difríochtaí ar ina leith is gá fógra a thabhairt
– Litir Stáit 20/18 maidir le Glacadh Leasú 44 ar Iarscríbhinn 6, Cuid I – difríochtaí ar ina leith is gá fógra a thabhairt
– Litir Stáit 20/31 maidir le Glacadh Leasú 37 ar Iarscríbhinn 6, Cuid II – difríochtaí ar ina leith is gá fógra a thabhairt
– Litir Stáit 20/32 maidir le Glacadh Leasú 23 ar Iarscríbhinn 6 , Cuid III – difríochtaí ar ina leith is gá fógra a thabhairt
– Litir Stáit 20/20 maidir le Glacadh Leasú 92 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I – difríochtaí ar ina leith is gá fógra a thabhairt
– Litir Stáit 20/21 maidir le Glacadh Leasú 92 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar II – difríochtaí ar ina leith is gá fógra a thabhairt
– Litir Stáit 20/39 maidir le Glacadh Leasú 52 ar Iarscríbhinn 11 – difríochtaí ar ina leith is gá fógra a thabhairt
– Litir Stáit 20/35 maidir le Glacadh Leasú 15 ar Iarscríbhinn 14, Imleabhar I – difríochtaí ar ina leith is gá fógra a thabhairt
– Litir Stáit 20/22 maidir le Glacadh Leasú 9 ar Iarscríbhinn 14, Imleabhar II – difríochtaí ar ina leith is gá fógra a thabhairt
– Litir Stáit 20/24 maidir le Glacadh Leasú 41 ar Iarscríbhinn 15 – difríochtaí ar ina leith is gá fógra a thabhairt
Sa chomhthéacs sin, ag féachaint do reachtaíocht ábhartha an Aontais, is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais difríochtaí a chur in iúl i gcomhréir le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle.
3.2.Leasuithe 46 agus 39 ar Iarscríbhinn 6, Codanna I agus II
Is é an príomhathrú atá le tabhairt isteach leis an togra le haghaidh Leasuithe 46 agus 39 ar Iarscríbhinn 6, Codanna I agus II a ghabhann le rialacha an Aontais atá ann faoi láthair, dáta chur chun feidhme na rialach trealaimh nua cúig uair is fiche a beartaíodh an chéad lá don 1 Eanáir 2021 a chur ar athló go dtí an 1 Eanáir 2022.
De bharr phaindéim COVID, níl sé indéanta ach oiread riail trealaimh nua cúig uair is fiche a beartaíodh an chéad lá don 1 Eanáir 2021 a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais. Tá an Coimisiún i mbun an dáta sin a chur siar a ghlacadh ar leibhéal an Aontais, trí bhíthin leasuithe ar an Rialachán ábhartha ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht a thabhairt don chur siar atá á bheartú ag ICAO. Thairis sin, nuair a fhógraíonn an ICAO glacadh Leasuithe 46 agus 39 ar Iarscríbhinn 6, Codanna I agus II i Litir Stáit ina n-iarrtar ar na Ballstáit fógra míshástachta a thabhairt, nó fógra i leith aon difríocht a bheidh ann, nó fógra maidir leis an gcomhlíonadh a dhéanfaidh sé ar an mbeart a glacadh, ba cheart é a bheith d'aidhm ag seasamh an Aontais fógra a thabhairt i leith comhlíonadh.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos "na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe."
Tá feidhm ag Airteagal 218(9) CFAE gan beann ar cé acu atá an tAontas ina chomhalta den chomhlacht nó ina pháirtí sa chomhaontú.
Áirítear ar na “gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo” gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d'fhéadfadh “tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh”.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht í Comhairle ICAO a bunaíodh de chomhaontú, mar atá an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’).
I gcomhréir le hAirteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, glacann Comhairle ICAO na Caighdeáin idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta, mar a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Bíonn éifeachtaí dlíthiúla leis na gníomhartha sin. D'fhéadfadh sé go mbeadh éifeachtaí dlíthiúla áirithe na ngníomhartha sin ag brath ar fhógra faoi dhifríochtaí a chur isteach, agus ar théarmaí na bhfógraí sin. Dá bhrí sin, is faoi raon feidhme Airteagal 218(9) CFAE a ghlactar seasamh an Aontais maidir le fógraí den sórt sin.
Na difríochtaí a bhfuil fógra le tabhairt fúthu mar fhreagra ar litreacha Stáit ó ICAO mar a liostaítear thuas, tá feidhm acu i dtaca leis na héifeachtaí dlíthiúla atá ag na caighdeáin arna mbunú faoi Choinbhinsiún Chicago.
Tagann na héifeachtaí dlíthiúla sin faoi réimse a chumhdaítear le rialacha an Aontais, is é sin Rialachán (AE) 2018/1139, Rialachán (AE) 2017/373, Rialachán (AE) 965/2012, Rialachán (AE) 2020/469 agus Rialachán (AE) 139/2014 ón gCoimisiún. Ciallaíonn sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de CFAE, go bhfuil inniúlacht sheachtrach eisiach ag an Aontas i leith an ábhair sin.
Ní dhéantar creat institiúideach an chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú de thoradh na ngníomhartha a glacadh.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) de CFAE an bunús dlí nós imeachta don chinneadh atáthar a bheartú.
4.2.Bunús substainteach dlí
4.2.1.Prionsabail
Braitheann an bunús substainteach dlí maidir le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus inneachar an ghnímh a glacadh a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh a glacadh nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús substainteach dlí aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus inneachar an ghnímh a glacadh leis an gcomhbheartas iompair.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 100(2) CFAE bunús substainteach dlí an nós imeachta don chinneadh atáthar a bheartú.
4.3.Conclúid
Is é Airteagal 100(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, an bunús dlí atá leis an gCinneadh ón gComhairle atáthar a bheartú
2020/0290 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí i ndáil le hIarscríbhinní 1, 3, 4, 6, Codanna I, II agus III, 10, Imleabhair I agus II, 11, 14, Imleabhair I agus II, 15 agus 16, Imleabhair I, II agus III, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta agus ag Comhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, i leith glacadh Leasuithe 46 agus 39 ar Iarscríbhinn 6, Codanna I agus II, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin, a bhaineann le cur siar an cheanglais le haghaidh trealamh sa todhchaí le haghaidh taifeadán gutha cúig uair is fiche ó chró an phíolóta chun iarmhairtí neamhbheartaithe mar gheall ar theagmhas a bhaineann le paindéim COVID-19 a chosc.
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig An Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’) lena rialaítear aeriompar idirnáisiúnta, i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) leis.
(2)Is stáit chonarthacha i gCoinbhinsiún Chicago iad na Ballstáit agus is comhaltaí de ICAO iad, agus tá stádas breathnóra ag an Aontas Eorpach i gcomhlachtaí áirithe ICAO. Tá ionadaithe ó sheacht mBallstát i gComhairle ICAO.
(3)De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, féadfaidh Comhairle ICAO caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta a ghlacadh.
(4)De bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, más dofheidhmithe d'aon Stát a leithéid de chaighdeán nó de nós imeachta idirnáisiúnta a chomhlíonadh ar gach bealach, sin nó más dofheidhmithe dó a rialacháin nó a chleachtais féin a chur i gcomhréir go hiomlán lena leithéid de chaighdeán nó de nósanna imeachta idirnáisiúnta, nó má mheasann sé é a bheith riachtanach rialacháin nó cleachtais a ghlacadh atá éagsúil ar dhóigh ar bith leis na rialacháin nó na cleachtais arna mbunú le caighdeán idirnáisiúnta, tabharfaidh an Stát sin fógra láithreach do ICAO faoi na difríochtaí idir a chleachtas féin agus an cleachtas arna bhunú leis an gcaighdeán idirnáisiúnta.
(5)Le linn an 219ú seisiún, a bhí ar siúl an 2 go 20 Márta 2020, ghlac Comhairle ICAO Leasuithe ar Iarscríbhinní 1, 3, 4, 6 (Codanna I, II agus III), 10 (Imleabhair I agus II), 11, 14 (Imleabhair I agus II), 15, agus 16 (Imleabhair I, II agus III) a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, sna réimsí a bhaineann le sábháilteacht, comhshaol agus aerloingseoireacht. Leis na Litreacha Stáit comhfhreagracha de chuid ICAO lena gcuirfear Stáit Chonarthacha ICAO ar an eolas faoi ghlacadh na Leasuithe, cuirfear i gcuimhne do na Stáit a n-oibleagáidí faoi Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago fógra a thabhairt do ICAO faoi aon dhifríocht a d'fhéadfadh teacht chun cinn.
(6)Tiocfaidh na leasuithe go léir a ghlac Comhairle ICAO faoi na réimsí a chumhdaítear faoi dhlí an Aontais agus, dá bhrí sin, faoi inniúlacht eisiach sheachtrach an Aontais. Go deimhin, d'fhéadfadh na caighdeáin agus na cleachtais mholta nua tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(7), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún, Rialachán (AE) 965/2012 ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/469 agus Rialachán (AE) 139/2014.
(8)Tá roinnt Leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago ina gcuid de reachtaíocht ar fud an Aontais cheana agus táthar i mbun leasuithe eile a thabhairt isteach i rialacha an Aontais.
(9)Le haghaidh gach Iarscríbhinne leasaithe a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, tagraíonn an Iarscríbhinn ar an gCinneadh seo do reachtaíocht ábhartha an Aontais. Anuas air sin, taispeántar san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo na difríochtaí ar gá fógra a thabhairt fúthu chuig ICAO.
(10)Dá bhrí sin, is iomchuí seasamh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais mar fhreagra ar Litreacha Stáit ICAO, eadhon fógra a thabhairt faoi chomhlíonadh, faoi dhifríochtaí nó faoi easaontú leis na caighdeáin agus na cleachtais mholta nua a ghlacadh ag an 219ú seisiún de Chomhairle ICAO i ndáil le hIarscríbhinní 1, 3, 4, 6, 1, 10, 11, 14, 15, agus 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago.
(11)Bhí tionchar diúltach ag paindéim dhomhanda COVID-19 ar oibreoirí aerárthaigh, monaróirí aerárthaí agus soláthróirí foshraithe do mhonaróirí agus chuir sé moill ar chórais nua a fhorbairt. Tá seachadtaí aerárthaigh á gcur ar ceal nó siar ag oibreoirí aerárthaigh, agus dá thoradh sin, tá aerárthaí atá beartaithe a sheachadadh in 2020 curtha ar athló go 2021. Teastaíonn athchumrú ó aerárthach monaraithe a cumraíodh le haghaidh seachadadh in 2020 agus ar cuireadh a sheachadadh siar go 2021 chun go mbeidh sé in oiriúint do na forálacha is infheidhme tar éis 1 Eanáir 2021. Tá oibreoirí aerárthaí agus monaróirí aerárthaí i ngleic le hualach airgeadais míchuí más gá aisfheistiú a dhéanamh ar na aerárthaí sin. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún i mbun atráth i leith an dáta sin a ghlacadh ar leibhéal an Aontais a ghlacadh, trí bhíthin leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 965/2012. Baintear úsáid as an taifeadán gutha ó chró an phíolóta mar thacaíocht d'imscrúdú tionóiscí agus teagmhas. Ní bhaineann riosca suntasach sábháilteachta le moill ar chur chun feidhme fhad an taifeadáin gutha ó chró an phíolóta ó dhá huair go cúig uair is fiche, ach déantar an leas sábháilteachta a bhaineann le fad níos mó ar an taifead gutha ó chró an phíolóta a ailíniú leis na dálaí atá ann faoi láthair agus dálaí a mbíonn an tionscal eitlíochta i ngleic leo. Is láidir a thacaíonn an tAontas leis an dícheall a dhéanann ICAO le feabhas a chur ar shábháilteacht eitlíochta. I bhfianaise na staide nach bhfacthas a leithéid riamh, áfach, de bharr phaindéim COVID-19 agus ó nach bhfuil riosca suntasach sábháilteachta ann, ba cheart don Aontas tacaíocht a thabhairt do na Leasuithe sin.
(12)Seasamh an Aontais le linn an 221ú seisiún de chuid Chomhairle ICAO, seisiún maidir le Leasú 46 agus 39 ar Iarscríbhinn 6, Codanna I agus II, is seasamh é gur cheart tacaíocht a thabhairt do na leasuithe sin, agus is seasamh é atá le cur in iúl ag na Ballstáit den Aontas atá ina gcomhaltaí de Chomhairle ICAO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais.
(13)Maidir le seasamh an Aontais tar éis do Chomhairle ICAO Leasuithe 46 agus 39 ar Iarscríbhinn 6, Codanna I agus II, a ghlacadh, rud atá le fógairt ag Ardrúnaí ICAO trí Nós Imeachta Litreach Stáit de chuid ICAO, ba cheart é a bheith d'aidhm ag an seasamh sin fógra a thabhairt maidir le comhlíonadh na leasuithe sin, agus tá sé le cur in iúl ag Ballstáit uile an Aontais.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais mar fhreagra ar an méid seo a leanas:
–Litir Stáit de chuid ICAO 20/19 maidir le Glacadh Leasú 176 ar Iarscríbhinn 1,
–Litir Stáit de chuid ICAO 20/16 maidir le Glacadh Leasú 79 ar Iarscríbhinn 3,
–Litir Stáit de chuid ICAO 20/23 maidir le Glacadh Leasú 61 ar Iarscríbhinn 4 ,
–Litir Stáit de chuid ICAO 20/18 maidir le Glacadh Leasú 44 ar Iarscríbhinn 6, Cuid I,
–Litir Stáit de chuid ICAO 20/31 maidir le Glacadh Leasú 37 ar Iarscríbhinn 6, Cuid II,
–Litir Stáit de chuid ICAO 20/32 maidir le Glacadh Leasú 23 ar Iarscríbhinn 6 , Cuid III,
–Litir Stáit de chuid ICAO 20/20 maidir le Glacadh Leasú 92 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar I,
–Litir Stáit de chuid ICAO 20/21 maidir le Glacadh Leasú 92 ar Iarscríbhinn 10, Imleabhar II,
–Litir Stáit de chuid ICAO 20/39 maidir le Glacadh Leasú 52 ar Iarscríbhinn 11,
–Litir Stáit de chuid ICAO 20/35 maidir le Glacadh Leasú 15 ar Iarscríbhinn 14, Imleabhar I,
–Litir Stáit de chuid ICAO 20/22 maidir le Glacadh Leasú 9 ar Iarscríbhinn 14, Imleabhar II,
–Litir Stáit de chuid ICAO 20/24 maidir le Glacadh Leasú 41 ar Iarscríbhinn 15,
–Litir Stáit de chuid ICAO 20/28 maidir le Glacadh Leasú 13 ar Iarscríbhinn 16, Imleabhar I,
–Litir Stáit de chuid ICAO 20/29 maidir le Glacadh Leasú 10 ar Iarscríbhinn 16, Imleabhar II,
–Litir Stáit de chuid ICAO 20/30 maidir le Glacadh Leasú 1 ar Iarscríbhinn 16, Imleabhar III,
a d'eisigh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), leagtar amach an seasamh sin san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
(1)Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 221ú seisiún de Chomhairle ICAO tacaíocht a thabhairt do Leasú 46 agus Leasú 39 atá beartaithe ar Iarscríbhinn 6, Codanna I agus II, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (‘Coinbhinsiún Chicago’) ina n-iomláine.
(2)Is é an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais tar éis do Chomhairle ICAO Leasuithe 46 agus 39 ar Iarscríbhinn 6, Codanna I agus II, i gCoinbhinsiún Chicago a ghlacadh, fógra a thabhairt maidir le comhlíonadh an bhirt a glacadh mar fhreagra ar an litir Stáit de chuid ICAO lena mbaineann.
Airteagal 3
(1)An seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 agus Airteagal 2(2), is seasamh é a ndéanfaidh Ballstáit uile an Aontais a chur in iúl.
(2)Déanfaidh na Ballstáit den Aontas ar comhaltaí iad de Chomhairle ICAO, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a chur in iúl.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán