AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.4.2025
COM(2025) 180 final
2025/0097(COD)
An pacáiste ródacmhainneachta
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2014/45/AE maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí agus Treoir 2014/47/AE maidir le hiniúchadh teicniúil cois bóthair ar ródacmhainneacht feithiclí tráchtála a bhíonn ag gluaiseacht san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2025) 119 final} - {SWD(2025) 96 final} - {SWD(2025) 97 final} - {SWD(2025) 98 final} - {SWD(2025) 99 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Gabhann an meabhrán míniúcháin seo leis an togra le haghaidh athbhreithniú ar dhá Threoir:
(1)Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí;
(2)Treoir 2014/47/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiniúchadh teicniúil cois bóthair ar ródacmhainneacht feithiclí tráchtála a bhíonn ag gluaiseacht san Aontas.
Tá ról ríthábhachtach ag an iompar de bhóthar maidir le gnólachtaí agus tomhaltóirí a nascadh ar fud an Aontais, an trádáil a éascú agus tacaíocht a thabhairt don fhás eacnamaíoch agus don fhostaíocht. Bíonn fadhbanna áirithe ag gabháil leis freisin, áfach, amhail imbhuailtí bóthair agus truailliú aeir.
Tá imbhuailtí bóthair ar cheann de na hiarmhairtí is tubaistí ag an iompar de bhóthar, agus tá costais mhóra ar an tsochaí dá ndeasca. Is iad na príomhchúiseanna le himbhuailtí bóthair iad tiomáint róghasta, tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí, tiomáint agus seachmall ar dhuine agus earráidí éagsúla an tiománaí (amhail míléamh ar chás nó tiomáint faoi thuirse). Áirítear ar chúiseanna eile drochstaid nó dearadh bonneagair (amhail dromchlaí sleamhna, marcálacha neamhleora agus droch-chothabháil) agus fabhtanna feithicle. I ngeall ar rialacha cineálcheadaithe AE agus ar chóras dea-fhorbartha iniúchtaí teicniúla le linn saolré feithicle, ní bhíonn fabhtanna feithicle ina gcúis ach le céatadán beag d’imbhuailtí bóthair san Aontas. Ciallaíonn sé sin freisin, áfach, go mbíonn imbhuailtí inseachanta fós ag tarlú de dheasca fabhtanna feithicle. Éilíonn cur chuige an Chórais Shábháilte go ndéantar gníomhaíocht sna réimsí sin uile, agus é á aithint go mbíonn na codanna éagsúla den chóras – lena n‑áirítear úsáideoirí, feithiclí, bonneagar agus práinnfhreagairt – ag oibriú le chéile mar chóras iomlán.
Is iad astaíochtaí truailleán aeir ó iompar de bhóthar an phríomhfhoinse ocsaídí nítrigine (NOX), arbh iad ba chúis le 35,5 % d’astaíochtaí in 2021 agus le sciar mór d’astaíochtaí ábhair cháithnínigh (PM) (8,1 % de PM2.5 agus 9,5 % d’astaíochtaí PM10). I gcathracha go háirithe, tá coinne leis go mbeidh na céatadáin sin níos airde fós agus go mbeidh mar thoradh orthu ardleibhéal nochta do na truailleáin sin ó iompar de bhóthar. Measadh gur astaíochtaí ó iompar de bhóthar ba chúis le suas le 70 000 bás anabaí san Aontas in 2018. Chun na hastaíochtaí sin a laghdú, leagadh amach rialacha athbhreithnithe maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip i dTreoir (AE) 2024/2881. Is é is aidhm don Treoir an tAontas a chur ar an mbealach chun truailliú aeir nialasach a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a ailíniú níos dlúithe le treoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte, lena gceanglaítear bearta níos déine chun astaíochtaí a laghdú ag a bhfoinse.
Déanann an tionscnamh seo forbairt ar phacáiste ródacmhainneachta 2014, atá comhdhéanta de na trí threoir seo a leanas.
·Le Treoir 2014/45/AE maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ceanglaítear go ndéantar tástáil thréimhsiúil ar fheithiclí bóthair chun a áirithiú go gcomhlíonann siad tacar íoscheanglas. Tá feidhm aici maidir le gach gluaisteán, veain, trucail, bus, leantóir trom, tarracóir tapa agus, ó bhí mí Eanáir 2022 ann, gach feithicil mhór dhá roth nó trí roth agus gach cuadrothar.
·Le Treoir 2014/47/AE maidir le hiniúchtaí teicniúla cois bóthair comhlánaítear Treoir 2014/45/AE trína cheangal ar na Ballstáit iniúchtaí cois bóthair a dhéanamh ar fheithiclí paisinéirí agus earraí troma agus ar leantóirí na bhfeithiclí sin.
·Le Treoir 2014/46/AE maidir le deimhnithe clárúcháin feithicle, déantar foráil maidir le taifeadadh leictreonach a dhéanamh ar shonraí na bhfeithiclí uile atá cláraithe i ngach Ballstát agus maidir le nósanna imeachta comhchuibhithe um chlárú feithicle a chur ar fionraí.
Tá pacáiste ródacmhainneachta 2014 ina chomhlánú ar na ceanglais sábháilteachta agus chomhshaoil nach mór d’fheithiclí a chomhlíonadh chun go mbeidh siad in ann gluaiseacht ar bhóithre an Aontais, i.e. na rialacháin chineálcheadaithe AE faoi seach do mhótarfheithiclí. Leagtar amach leis na rialacháin sin freisin na ceanglais maidir le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí. Ní air sin a dhíríonn an pacáiste ródacmhainneachta, áfach. Cé go bhfuil sé d’aidhm ag forálacha faireachais margaidh a áirithiú go leanfaidh feithiclí dá gceanglais chineálcheadaithe a chomhlíonadh nuair a chuirtear ar an margadh iad agus ar feadh tréimhse theoranta ina dhiaidh sin agus go ndíríonn siad ar fhreagrachtaí an mhonaróra, díríonn an pacáiste ródacmhainneachta ar a áirithiú go mbeidh íoschaighdeáin á gcoinneáil ar bun ag úinéirí i gcaitheamh saolré feithicle. Ina theannta sin, cé go gceanglaítear le faireachas margaidh tástáil a dhéanamh ar líon teoranta feithiclí in aghaidh an mhúnla, tá feidhm ag iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla maidir le beagnach gach feithicil chláraithe. Dá bhrí sin, comhlánaíonn an pacáiste ródacmhainneachta an reachtaíocht maidir le faireachas margaidh chun sábháilteacht ar bhóithre agus feidhmíocht chomhshaoil feithiclí a áirithiú le linn a saolré.
In éineacht le pacáiste ródacmhainneachta 2014 agus le reachtaíocht ghaolmhar eile an Aontais a glacadh ó shin, tá feabhas tagtha ar theicneolaíocht feithiclí, lena n‑áirítear córais sábháilteachta ghníomhacha agus córais chliste cúnta tiománaí i bhfeithiclí nua. D’ainneoin an dul chun cinn sin, áfach, bíonn feithiclí neamhshábháilte fós ag gluaiseacht ar bhóithre an Aontais agus ag cur le himbhuailtí, bídís ina bpríomhchúis leo nó ina dtoisc rannpháirteach. Déantar roinnt feithiclí neamhshábháilte a shainaithint ag iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla nó ag iniúchtaí cois bóthair, i.e. feithiclí a bhfuil móreasnaimh nó easnaimh chontúirteacha orthu. D’fhéadfadh sé nach mbraithfí cinn eile toisc nach féidir iad a bhrath in iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla nó in iniúchtaí cois bóthair nó toisc nach bhfuil siad faoi réir tástála. Áirítear ar na cásanna sin feithiclí a ndearnadh crioscaíl le gnéithe sábháilteachta díobh agus feithiclí nár daingníodh a lasta go cuí.
Fadhb eile is ea na seiceálacha neamhleora ar astaíochtaí truailleán aeir agus torainn ó fheithiclí. Roinnt de na tástálacha a úsáidtear in iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla an lae inniu, níl siad íogair go leor a thuilleadh chun teipeanna astaíochtaí feithiclí nua-aimseartha a bhrath, agus níl na nósanna imeachta tástála atá ann faoi láthair oiriúnach chun spriocanna beartais an Aontais maidir le truailliú aeir agus torann a chomhlíonadh. Ní chumhdaítear fós leis an bpacáiste ródacmhainneachta atá ann faoi láthair astaíochtaí NOX nó luachanna lín cáithníní (PN) a thomhas i gcás gluaisteáin nua, agus níl aon riail AE ann faoi láthair maidir lena thástáil an bhfuil córais iarchóireála NOX nó scagairí cáithníní ag feithiclí a ndearnadh crioscaíl leo nó atá lochtach. I bhfianaise na n‑easnamh sin, níl an pacáiste ródacmhainneachta chomh héifeachtach céanna ó thaobh laghdú a dhéanamh ar an líon feithiclí ardastaíochta.
Thairis sin, níl Treoir 2014/45/AE ná Treoir 2014/47/AE éifeachtach chun cuidiú le rialacha an Aontais maidir le trácht trasteorann agus trádáil feithiclí a fhorfheidhmiú.
Cé go ndearnadh leasú beag ar na Treoracha sin trí ghníomhartha tarmligthe chun iad a ailíniú le catagóirí feithiclí nuashonraithe sa reachtaíocht maidir le cineálcheadú agus chun tástáil eCall a thabhairt isteach in iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla, tá na príomhrialacha mar an gcéanna ó bhí 2014 ann. Leis an Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste iarradh go ndéanfaí coigeartuithe ar an gcreat reachtach maidir le ródacmhainneacht chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh feithicil caighdeáin astaíochtaí agus sábháilteachta ar feadh a saolré, rud a chuirfeadh le creat beartais an Aontais maidir le sábháilteacht ar bhóithre 2021-2030 agus a thacódh le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.
Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh seo tuilleadh feabhais a chur ar shábháilteacht ar bhóithre san Aontas, rannchuidiú leis an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus saorghluaiseacht daoine agus earraí san Aontas a éascú. Tugtar tuairisc thíos ar na cuspóirí chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an phacáiste ródacmhainneachta, go háirithe Treoir 2014/45/AE agus Treoir 2014/47/AE.
(1)Comhsheasmhacht, oibiachtúlacht agus cáilíocht na tástála ródacmhainneachta ar fheithiclí an lae inniu agus an lae amárach a áirithiú. Go sonrach, ní mór a áirithiú go ndéanfar tástáil ar fheithiclí leictreacha agus ar shábháilteacht leictreonach, lena n‑áirítear ardchórais cúnta tiománaí (ACCT), sula mbeidh an chéad iniúchadh teicniúil tréimhsiúil le déanamh ar fhormhór na bhfeithiclí atá feistithe leis na córais sin. Maidir le gan tástálacha astaíochtaí atá ann cheana a bheith in ann feithiclí ardastaíochta a shainaithint, ní mór modhanna tástála nuafhorbartha a ionchorprú in iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla agus in iniúchtaí cois bóthair chun dul i ngleic leis sin.
(2)Laghdú mór a dhéanamh ar chrioscaíl agus feabhas a chur ar bhrath feithiclí lochtacha a bhfuil córais sábháilteachta agus rialaithe astaíochtaí acu atá lochtach nó a ndearnadh crioscaíl leo, chomh maith le hodaiméadair a ndearnadh crioscaíl leo. Is féidir é sin a bhaint amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) feabhas a chur ar thástáil astaíochtaí (truailliú aeir agus torann); (ii) uirlisí níos fearr a sholáthar chun modhnuithe ar ghnéithe sábháilteachta, go háirithe bogearraí feithicle, a bhrath; agus (iii) iniúchtaí a dhéanamh níos minice agus ar bhealach níos spriocdhírithe. Sa lá atá inniu ann, ní dhéantar tástáil sách minic nó in aon chor ar roinnt feithiclí lochtacha, rud a fhágann na heasnaimh sin gan bhrath.
(3)Feabhas a chur ar stóráil leictreonach agus ar mhalartú sonraí ábhartha aitheantais agus stádais feithicle chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a bhaineann le gan sonraí leordhóthanacha a bheith ar fáil agus chun aitheantas frithpháirteach ag údaráis forfheidhmithe a éascú. Sonraí stádais (amhail míleáiste) níos cruinne agus malartú faisnéise éifeachtúil éifeachtach i measc na mBallstát, cuideoidh siad freisin le sainaithint a dhéanamh ar fheithiclí a ndearnadh crioscaíl lena n‑odaiméadar.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an t‑athbhreithniú atá beartaithe ar an bpacáiste ródacmhainneachta, go háirithe Treoracha 2014/45/AE agus 2014/47/AE, comhsheasmhach leis na cuspóirí a leagtar amach i gcreat beartais an Aontais maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus rannchuideoidh sé leis an gcuspóir laghdú 50 % a dhéanamh ar an líon básanna agus gortuithe tromchúiseacha faoi 2030. Leis an athbhreithniú atá beartaithe, áiritheofar freisin go dtiocfar leis an bpacáiste sábháilteachta ar bhóithre 2023, i.e. na tograí chun leasú a dhéanamh ar an Treoir maidir le ceadúnais tiomána agus an Treoir lena n‑éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre. Leagtar amach sa togra seo na rialacha maidir le deimhnithe clárúcháin feithicle, maidir leis an bhféidearthacht go ndigiteofaí deimhnithe amach anseo agus maidir le faisnéis a bhaineann le feithiclí a mhalartú i measc na Ballstát chun críoch forfheidhmithe.
Tá an t‑athbhreithniú comhsheasmhach freisin le cuspóirí beartais an Aontais maidir le haer glan, lena n‑áirítear cuspóirí na Treorach maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh agus na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, lena gceanglaítear ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun truailleáin aeir san atmaisféar a laghdú i gcomhréir le spriocanna an phlean gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú.
Den chuid is mó, bíonn an tástáil ródacmhainneachta ag brath ar na Rialacháin maidir le Cineálcheadú. Tá an togra ailínithe leis na ceanglais sábháilteachta agus chomhshaoil a leagtar amach sna rialacha sin, agus áirítear ann bearta arb é is aidhm dóibh a áirithiú go mbeidh íoschaighdeáin á gcoinneáil ar bun ag úinéirí i gcaitheamh shaolré na feithicle. Tá sé comhsheasmhach leis an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta agus lena réamhtheachtaithe, agus le caighdeáin astaíochtaí Euro, agus áiritheoidh sé go mbeidh aon trealamh nua a thabharfar isteach a chomhlíonann na rialacháin sin ag oibriú mar a bhfuil coinne leis agus, dá thoradh sin, go soláthróidh sé na tairbhí a bhfuil coinne leo. Áirithítear leis an togra go mbeidh an tástáil maidir le hiniúchadh teicniúil tréimhsiúil agus iniúchadh cois bóthair ailínithe leis an bpróiseas cineálcheadaithe, lena n‑áirítear i ndáil le hiniúchtaí teicniúla tréimhsiúla leictreonacha a úsáid. An chianbhraiteacht a úsáid in iniúchtaí cois bóthair ar gach feithicil, tá sé ábhartha go háirithe maidir leis an bhfaireachas margaidh toisc gur féidir scagadh a dhéanamh ar chuid mhór den fhlít feithiclí léi. Tugann sé sin léargas luachmhar ar shaincheisteanna a thagann chun cinn arís agus arís eile maidir le teicneolaíochtaí/réitigh shonracha a úsáidtear mar chuid de chórais rialaithe astaíochtaí, múnlaí feithicle, blianta an chineáil, etc. Tá coinne leis freisin go mbeidh sineirgí le Rialachán Euro 7, ar rialachán nua é, lena n‑áirítear gnéithe faireacháin ar bord a úsáid chun cuidiú le measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí NOX le linn iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla agus iniúchtaí cois bóthair.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an t‑athbhreithniú ar an bpacáiste ródacmhainneachta, go háirithe Treoracha 2014/45/AE agus 2014/47/AE, comhsheasmhach leis an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach trí rochtain ar líne ar fhaisnéis a bhaineann le feithiclí, na nósanna imeachta riaracháin ábhartha, agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a éascú. Rannchuidíonn sé freisin le cuspóirí na straitéise Eorpaí maidir le sonraí chun spásanna Eorpacha sonraí a fhorbairt le haghaidh riaracháin phoiblí is féidir tacú le forfheidhmiú reachtaíochta, lena n‑áirítear reachtaíocht maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus reachtaíocht chomhshaoil. Tá rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta infheidhme freisin maidir le faisnéis faoi dheimhnithe clárúcháin feithicle agus faoi dheimhnithe ródacmhainneachta a mhalartú, agus maidir le sonraí gaolmhara clárúcháin feithicle, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí).
Faoi láthair, tá an Coimisiún ag obair freisin ar thionscnamh maidir le rochtain chothrom neamh-idirdhealaitheach ar shonraí infheithicle, rud atá ríthábhachtach chun go mbeidh lárionaid iniúchtaí teicniúla in ann a gcúraimí laethúla a dhéanamh. Déanfaidh an tionscnamh sin an Gníomh um Shonraí a chomhlánú le treoraíocht, agus togra reachtach ina diaidh sin b’fhéidir, maidir le rochtain ar shonraí, feidhmeanna agus acmhainní feithiclí, atá fíor-riachtanach chun seirbhísí a bhraitheann ar shonraí a sholáthar san earnáil mótarfheithiclí. Déanfaidh sé na tacair sonraí ábhartha a chaighdeánú agus áiritheoidh sé go mbeidh rochtain éifeachtach, neamh-idirdhealaitheach agus shlán ag seirbhísí iarmhargaidh agus soghluaisteachta. Tá iarrtha ag raon soláthraithe seirbhíse mótarfheithiclí, lena n‑áirítear cuideachtaí deisithe agus údaráis iniúchta feithiclí, go ndéanfaidh an Coimisiún togra uaillmhianach chun cothrom iomaíochta agus rochtain gan bhac ar na sonraí infheithicle ábhartha a áirithiú. Leis an athbhreithniú ar Threoir 2014/45/AE (agus lena ghníomh cur chun feidhme maidir leis an bhfaisnéis theicniúil is gá le haghaidh tástáil ródacmhainneachta) leagfar amach forálacha sonracha lena n‑éascófar rochtain ar na sonraí is gá le haghaidh iniúchtaí teicniúla.
Ar deireadh, leagtar amach leis an gCinneadh ón Aontas maidir le Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach gur cheart do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do na Ballstáit dul i gcomhar le chéile chun spriocanna digiteacha a bhaint amach san Aontas faoi 2030. Áirítear orthu sin sprioc i dtaobh seirbhísí poiblí a dhigitiú: Ba cheart 100 % de na príomhsheirbhísí poiblí a bheith ar fáil ar líne agus, i gcás inarb ábhartha, ba cheart daoine agus gnólachtaí san Aontas a bheith in ann idirghníomhú le riaracháin phoiblí ar líne.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•An bunús dlí
Is é Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra. Leagtar amach le hAirteagal 91(1)(c) CFAE go bhfuil inniúlacht ag an Aontas i réimse an iompair bearta a leagan síos chun feabhas a chur ar shábháilteacht iompair, lena n‑áirítear sábháilteacht ar bhóithre.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tá an tAontas inniúil cheana féin i réimse na ródacmhainneachta, de bhua Threoracha 2014/45/AE agus 2014/47/AE atá ann faoi láthair. Tugadh isteach bearta éagsúla ar leibhéal an Aontais ó bhí 1977 ann, nuair a tugadh isteach le Treoir 77/143/CEE an ceanglas go ndéanfaí tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar mhótarfheithiclí. Ba é glacadh an phacáiste ródacmhainneachta in 2014 ba chúis leis an athrú is déanaí sa réimse sin. Tá na rialacha nua atá le tabhairt isteach sa togra seo fós laistigh de na hinniúlachtaí a thugtar don Aontas faoi Airteagal 91(1) CFAE agus, i bhfianaise a naisc leis an gcreat ródacmhainneachta atá ann cheana, ní féidir iad a bhaint amach go leormhaith ach ar leibhéal an Aontais.
Ós earnálacha idirnáisiúnta iad an t‑iompar de bhóthar agus an tionscal gluaisteán, tá sé i bhfad níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal náisiúnta. Cé go bhfuil difríochtaí idir cleachtais náisiúnta go stairiúil, is é atá níos éifeachtaí ná iliomad réiteach náisiúnta neamh-chomhordaithe a bheith ann íosleibhéal comhchuibhithe a bheith i dtástáil feithiclí agus réitigh a bheith arna gcomhaontú chun sonraí feithiclí a mhalartú idir na Ballstáit. Agus rialacha comhchoiteanna á gcur i bhfeidhm maidir le teicneolaíochtaí feithiclí nua-aimseartha a thástáil (feithiclí leictreacha, ACCT agus an trealamh rialaithe astaíochtaí is déanaí), beidh barainneachtaí scála ag na Ballstáit agus beidh monaróirí trealaimh tástála in ann oibriú i margadh níos aonfhoirmí. Cuirfear feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh aonair freisin toisc go mbeidh feithiclí faoi réir tástálacha comhchosúla faoi dhálaí comhchosúla, agus beidh costais chomhchosúla ar oibreoirí iompair agus beidh orthu íoscheanglais chomhchosúla a chomhlíonadh.
Tá comhaontú forleathan i measc údaráis náisiúnta agus saineolaithe tionscail nach bhfuil na Treoracha atá ann faoi láthair ailínithe a thuilleadh leis na forbairtí rialála agus teicneolaíocha is déanaí maidir le sábháilteacht feithiclí agus rialú astaíochtaí. In éagmais gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, leanfadh na Ballstáit d’iniúchtaí tréimhsiúla agus iniúchtaí cois bóthair a dhéanamh. Mar sin féin, ní móide in aon chor go gcuirfí modhanna tástála ná raon feidhme na na n‑iniúchtaí a cheanglaítear le reachtaíocht an Aontais (e.g. tástáil a dhéanamh ar choscáin, ar chrochadh, ar chórais sábháilteachta leictreonacha agus ar threalamh laghdaithe astaíochtaí) i bhfeidhm ar bhealach comhchuibhithe nó comhordaithe. Chuirfeadh na Ballstáit réitigh ilroinnte éagsúla i bhfeidhm, rud a d’fhágfadh go mbeadh difríochtaí sábháilteachta agus feidhmíochta comhshaoil feithiclí níos mó fós ná mar atá siad inniu. Bheadh an baol ann go saobhfadh sé sin an margadh aonair agus go gcruthódh sé tuilleadh bacainní ar shaorghluaiseacht. Dá bhrí sin, tugann an tionscnamh aghaidh ar na riachtanais sábháilteachta agus cosanta comhshaoil atá ‘ábhartha don Aontas’.
•Comhréireacht
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní théann na bearta sa togra seo thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach – feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre, rannchuidiú leis an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus saorghluaiseacht daoine agus earraí san Aontas a éascú.
Go ginearálta, tá raon feidhme an togra teoranta don mhéid is fearr is féidir a bhaint amach ar leibhéal an Aontais chun modhanna tástála agus raon feidhme a chomhchuibhiú. Mar shampla, ní dhírítear sa togra ar fheithiclí a úsáidtear go háitiúil den chuid is mó, amhail móipéidí agus tarracóirí.
Maidir leis an rogha ionstraime le haghaidh ghníomhaíocht an Aontais, meastar gurb é an réiteach is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar Threoracha 2014/45/AE agus 2014/47/AE atá ann cheana. Fágann sé sin gur féidir na cuspóirí maidir le comhchuibhiú de réir a chéile sa réimse sin a bhaint amach, agus dóthain solúbthachta á tabhairt do na Ballstáit na hathruithe a chur chun feidhme ar bhealach a oireann dá gcomhthéacs náisiúnta sonrach trí leanúint de shocruithe náisiúnta seanbhunaithe a chur i bhfeidhm maidir le tástáil ródacmhainneachta. Leis an rogha sin, trí íoscheanglais a úsáid in ionad an chur chuige chéanna, cuirfear ar a chumas don tionscal na réitigh theicniúla is éifeachtúla a fhorbairt a theastaíonn ón réimse sin a bhíonn ag athrú go leanúnach.
•An rogha ionstraime
Chun dréachtú dlíthiúil soiléir comhsheasmhach a áirithiú, is é an réiteach dlíthiúil is oiriúnaí athbhreithniú ar Threoir 2014/45/AE agus ar Threoir 2014/47/AE, lena leasaítear an dá cheann in aon togra amháin le haghaidh Treorach.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
In 2023, rinne an Coimisiún meastóireacht ar phacáiste ródacmhainneachta 2014, ina ndearnadh measúnú ar a ábharthacht, a bhreisluach AE, a chomhleanúnachas, a éifeachtacht agus a éifeachtúlacht. Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht gur éirigh go páirteach leis an bpacáiste ródacmhainneachta a chuspóirí a bhaint amach, gur rannchuidigh sé le sábháilteacht ar bhóithre níos fearr agus gur chuidigh sé le hastaíochtaí truailleán aeir ó iompar de bhóthar a laghdú. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach mbraithfí feithiclí lochtacha i gcónaí toisc nach bhfuil roinnt catagóirí feithiclí faoi réir iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla nó iniúchtaí cois bóthair i roinnt Ballstát nó toisc nár oiriúnaíodh minicíocht nó raon feidhme na tástála do na rioscaí sábháilteachta agus comhshaoil níos airde a bhaineann leis na catagóirí sin. Mar gheall ar na laigí a sainaithníodh sa phacáiste ródacmhainneachta atá ann faoi láthair, go háirithe Treoracha 2014/45/AE agus 2014/47/AE, is gá na Treoracha a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ní hamháin ar na riachtanais atá ann faoi láthair ach ar dhúshláin a bheidh ann amach anseo freisin.
Tugtar tuairisc thíos ar chonclúidí na meastóireachta.
(1)Níl an pacáiste ródacmhainneachta oiriúnaithe do na teicneolaíochtaí is déanaí, amhail ardchórais cúnta tiománaí agus gnéithe sábháilteachta leictreonacha. Níl prótacail shonracha tástála ann lena n‑áiritheofaí comhlíonadh agus cothabháil feithiclí leictreacha agus hibrideacha, lena n‑áirítear nuashonruithe bogearraí. Chaithfí iniúchtaí teicniúla a thabhairt cothrom le dáta chun sonraí tábhachtacha a bhaineann le sábháilteacht a fháil go héifeachtúil agus chun faireachán a dhéanamh ar bhraiteoirí agus ar ghnéithe nua.
(2)Maidir le hastaíochtaí, ní mór roinnt tástálacha agus trealamh iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla a oiriúnú toisc nach bhfuil siad in ann clistí astaíochtaí a bhrath a thuilleadh sna feithiclí innill dócháin inmheánaigh is déanaí. Tá an tomhas teimhneachta as dáta toisc nach féidir feithiclí díosail ag a bhfuil scagairí cáithníní lochtacha nó catalaíoch lena ndearnadh crioscaíl, as a dtagann ardleibhéal astaíochtaí cáithníní agus NOX, a bhrath leis. Ina ionad sin, ba cheart tomhas líon cáithníní agus NOX a úsáid chun a sheiceáil an bhfuil fabhtanna ar fheithiclí díosail agus peitril níos nuaí agus an ndearnadh crioscaíl lena gcórais rialaithe astaíochtaí.
(3)An creat atá ann faoi láthair chun faisnéis maidir le torthaí tástála a mhalartú idir na Ballstáit, níl sé éifeachtach. Cé go luaitear sa reachtaíocht go bhféadfaí sonraí leictreonacha a mhalartú idir údaráis na mBallstát, níl sé sin curtha chun feidhme ag gach ceann acu. Fiú dá mbeadh sé níos éasca do dhaoine feithiclí ó Bhallstáit eile agus ó LEE a chlárú de bharr chomhchuibhiú na ndeimhnithe clárúcháin feithicle, d’fhéadfaí feabhas a chur ar an bpróiseas malartaithe agus digitithe sonraí. D’fhéadfadh athchlárú a bheith ina phróiseas anásta fós, agus tá deis ann feabhas a chur ar aitheantas frithpháirteach iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla idir na Ballstáit.
(4)Leis an bpacáiste ródacmhainneachta ba cheart úsáid níos fearr a bhaint as na tairbhí a bhaineann le malartú sonraí digiteacha agus doiciméid feithicle a chomhchuibhiú níos mó chun an t‑ualach riaracháin agus na costais riaracháin a laghdú. Ina theannta sin, d’fhéadfadh deimhnithe clárúcháin feithicle digiteacha tuilleadh éascaíochta a dhéanamh do dhigitiú na bpróiseas clárúcháin agus coimeádta sonraí feithicle agus cuidiú le costais a laghdú.
D’fhéadfaí feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht idir an pacáiste ródacmhainneachta, go háirithe Treoracha 2014/45/AE agus 2014/47/AE, agus ionstraimí ábhartha an Aontais trí chaighdeánú a dhéanamh ar shonraí feithicle atá ábhartha don tsábháilteacht agus ar fhreagrachtaí gaolmhara monaróirí le linn shaolré na feithicle. Trí fhreagrachtaí a shoiléiriú agus sainordú a thabhairt go gcuirfí faisnéis áirithe ar fáil le haghaidh iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla ó Bhallstát go chéile, d’fhéadfaí éiginnteacht agus an t‑am a chaitear ag cuardach faisnéise a laghdú, rud a d’fhéadfadh feabhas a chur ar chruinneas agus ar éifeachtúlacht fhoriomlán na n‑iniúchtaí. Ba cheart an pacáiste ródacmhainneachta, go háirithe Treoracha 2014/45/AE agus 2014/47/AE, a ailíniú níos fearr leis na Rialacháin maidir le Sábháilteacht Ghinearálta agus Euro 7.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Bhí dhá chuspóir ag na comhairliúcháin. Ba é an chéad chuspóir measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an phacáiste ródacmhainneachta i gcomparáid leis na cúig chritéar meastóireachta, saincheisteanna féideartha maidir leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana a shainaithint agus, ar an mbonn sin, teacht ar chonclúidí maidir le gníomhaíocht amach anseo. Ba é an dara cuspóir oibriú le páirtithe leasmhara chun tuiscint an Choimisiúin ar na saincheisteanna atá idir lámha a bhailíochtú, liosta de bhearta beartais féideartha a tharraingt suas agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar is dócha a bheadh acu ar na catagóirí éagsúla páirtithe leasmhara.
Bhailigh na comhairliúcháin fianaise freisin maidir leis na costais agus na tairbhí lena bhfuil coinne ó na bearta beartais atá á mbreithniú. Bhí siad ina gcuidiú le bearnaí a shainaithint sa loighic idirghabhála nó réimsí ar gá díriú a thuilleadh orthu. Is éard a bhí i gceist leis na gníomhaíochtaí comhairliúcháin comhairliúcháin phoiblí (trí mheasúnú tionchair tosaigh agus comhairliúchán poiblí oscailte a foilsíodh ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin ‘Cloisimis uait’) agus comhairliúcháin spriocdhírithe, lena n‑áirítear suirbhéanna agus agallaimh. Rinneadh na gníomhaíochtaí comhairliúcháin spriocdhírithe i gcaitheamh an phróisis meastóireachta agus measúnaithe tionchair agus cumhdaíodh na gnéithe ábhartha uile leo. Díríodh sa suirbhé agus sna hagallaimh ar na bearta beartais éagsúla a tharraingt suas chun na cuspóirí a leagtar amach mar chuid den athbhreithniú ar an bpacáiste ródacmhainneachta a bhaint amach, go háirithe chun costais agus tionchar féideartha na mbeart sin a shainaithint agus a chainníochtú. Na cúiseanna atá le fadhbanna an phacáiste ródacmhainneachta agus na bearta beartais a d’fhéadfadh a bheith ann, rinneadh plé forleathan orthu sin freisin le páirtithe leasmhara, e.g. sa Ghrúpa Saineolaithe um Ródacmhainneacht, agus is toradh iad freisin ar ghníomhaíochtaí comhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa mheastóireacht.
Chuathas i gcomhairle le raon leathan páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear: (i) údaráis phoiblí atá i gceannas ar shábháilteacht ar bhóithre (lena n‑áirítear a gcomhlachais ionadaíocha, amhail EReg agus CORTE); (ii) comhlachais agus cuideachtaí tionscail (lena n‑áirítear a gcomhlachais ionadaíocha, amhail CITA agus EGEA, monaróirí feithiclí agus soláthróirí comhpháirteanna feithiclí); (iii) ionadaithe grúpaí úsáideoirí; (iv) eagraíochtaí taighde agus eagraíochtaí neamhrialtasacha um shábháilteacht ar bhóithre; agus (v) an pobal.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Chuathas i gcomhairle le réimse leathan saineolaithe ó na Ballstáit, ón tionscal agus ó ghrúpaí páirtithe leasmhara eile le linn na hoibre ullmhúcháin ar na saincheisteanna a bhaineann le tástáil ródacmhainneachta, iniúchadh cois bóthair agus cláir feithiclí. Bhí trí cheardlann thiomnaithe ar siúl inar phléigh comhaltaí an Ghrúpa Saineolaithe maidir le Ródacmhainneacht agus Doiciméid Chlárúcháin Feithiclí (RWEG) gnéithe teicniúla an togra. Rinne an Coimisiún conradh le beirt chomhairleoirí seachtracha chun staidéir shonracha thacaíochta a dhéanamh a bhí mar bhonn taca leis an meastóireacht agus leis an measúnú tionchair. Comhlánaíodh an t‑ionchur sin le comhairliúcháin ad hoc le saineolaithe tionscail agus le taithí an Choimisiúin féin ar fhaireachán a dhéanamh ar na Treoracha agus ar a gcur chun feidhme.
•Measúnú tionchair
Tá measúnú tionchair, ar cuireadh dréacht de faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB) an 20 Samhain 2023, ag gabháil leis an togra seo. D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach a raibh roinnt agús léi an 15 Nollaig 2023. Coigeartaíodh an measúnú tionchair dá réir sin chun aghaidh a thabhairt ar bharúlacha an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála. Tugtar achoimre thíos ar na roghanna beartais a ndearnadh anailís orthu.
Ceapadh ceithre rogha beartais (PO1a, PO1b, PO2, PO3) chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh. Áirítear na bearta seo a leanas sna roghanna beartais uile:
–iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla a oiriúnú d’fheithiclí leictreacha agus ítimí nua tástála a áireamh trí iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla leictreonacha (lena n‑áirítear tástáil a dhéanamh ar shláine bogearraí córas sábháilteachta agus rialaithe astaíochtaí);
–modhanna nua tástála astaíochtaí le haghaidh cáithníní agus NOX, a bhfuil gá leo chun oiriúnú do theicneolaíochtaí rialaithe astaíochtaí le déanaí agus chun feithiclí ardastaíochta a shainaithint, lena n‑áirítear iad siúd a ndearnadh crioscaíl leo;
–a cheangal go ndéanfaí tástáil ródacmhainneachta tar éis aon athrú mór, mar shampla, ar an gcóras tiomána nó ar an aicme astaíochtaí;
–an deimhniú ródacmhainneachta a dhigitiú;
–cláir náisiúnta feithiclí a nascadh le chéile agus an tacar sonraí comhchuibhithe feithicle sna cláir sin a leathnú;
–a cheangal ar na Ballstáit léamha odaiméadair a thaifeadadh i mbunachair sonraí náisiúnta agus na taifid sin a chur ar fáil do Bhallstáit eile i gcás ina ndéantar feithicil a athchlárú.
I dteannta na mbeart coiteann, díríonn rogha beartais PO1a ar úsáid níos éifeachtúla a bhaint as sonraí (clárúcháin agus stádais) feithicle, lena n‑áirítear deimhnithe clárúcháin a eisiúint i bhformáid dhigiteach. Díríonn rogha beartais PO1b ar iniúchtaí teicniúla níos éifeachtaí trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht chianbhraiteachta, rud a chuidíonn le feithiclí a d’fhéadfadh a bheith ina bhfeithiclí ardastaíochta a shainaithint, ar feithiclí iad ar féidir ceachtar díobh seo a leanas a dhéanamh ina leith: (i) iniúchadh a dhéanamh orthu ag seiceáil cois bóthair ina dhiaidh sin díreach tar éis a sainaitheanta; nó (ii) a iarraidh go dtabharfar chuig lárionad ródacmhainneachta iad le haghaidh tástáil astaíochtaí. Leis an rogha seo, dhéanfaí an méid seo a leanas freisin: (i) deireadh a chur leis an bhféidearthacht go ndíolmhófaí gluaisrothair ó iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla; (ii) a cheangal go ndéanfaí tástáil bhliantúil ar astaíochtaí feithiclí tráchtála éadroma; (iii) an iniúchadh ar dhaingniú lasta a dhéanamh éigeantach; agus (iv) iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla bliantúla éigeantacha a thabhairt isteach d’fheithiclí atá níos sine ná 10 mbliana. Le PO1b d’éascófaí saorghluaiseacht daoine trína cheangal ar an mBallstát a chláraíonn feithicil an deimhniú iniúchta theicniúil thréimhsiúil arna eisiúint ag Ballstát eile a aithint ar feadh tréimhse suas le 6 mhí, ar choinníoll go ndéanfar an chéad iniúchadh teicniúil tréimhsiúil eile i mBallstát an chláraithe.
Le rogha beartais PO2 comhcheanglaítear an chuid is mó de na bearta a mholtar in PO1a agus in PO1b. Áirítear ann beart breise maidir le rialachas sonraí, arb é is aidhm dó na nósanna imeachta um fhaisnéis theicniúil feithicle (lena n‑áirítear sonraí infheithicle) agus na modhanna rochtana uirthi a leagan amach. Le PO2 tugtar isteach freisin iniúchtaí cois bóthair d’fheithiclí tráchtála éadroma.
Is í rogha beartais PO3 an rogha beartais is uaillmhianaí toisc go dtéann sí níos faide fós maidir le raon feidhme agus modhanna tástála ródacmhainneachta a chomhchuibhiú agus maidir le haitheantas frithpháirteach deimhnithe iniúchta theicniúil thréimhsiúil. I dteannta bhearta PO2, déantar na nithe seo a leanas le PO3: (i) leathnaítear an raon feidhme don iniúchadh teicniúil tréimhsiúil chun gach gluaisrothar, gan eisceacht, agus leantóirí éadroma a chumhdach; (ii) leathnaítear an iniúchadh cois bóthair chuig gach gluaisrothar; agus (iii) ceanglaítear leis go dtabharfaidh Ballstát an chláraithe aitheantas gan srianta do dheimhnithe iniúchta theicniúil thréimhsiúil arna n‑eisiúint in aon Bhallstát eile.
Tagtar ar an gconclúid sa mheasúnú tionchair gurb í rogha beartais PO2 an rogha ab fhearr. Meastar go bhfuil an rogha sin éifeachtach chun na cuspóirí beartais atá beartaithe a bhaint amach, go bhfuil ardéifeachtúlacht agus glantairbhí arda ag baint léi agus go bhfuil sí comhréireach le cuspóirí an tionscnaimh. Tá sí comhleanúnach freisin leis na beartais náisiúnta atá seanbhunaithe sa réimse.
Tá coinne leis go gcuirfidh na roghanna beartais feabhas ar shábháilteacht ar bhóithre san Aontas trí fheithiclí a bhfuil mórfhabhtanna agus fabhtanna contúirteacha acu a shainaithint ar bhealach níos éifeachtaí, rud ba cheart a bheith ina chúis le laghdú ar imbhuailtí bóthair de dheasca fabhtanna teicniúla. Dá thoradh sin, ba cheart go dtiocfadh laghdú ar an líon básanna agus gortuithe (idir thromchúiseach agus éadrom). Áirítear sna roghanna beartais freisin bearta eile a chuireann le sábháilteacht ar bhóithre, a bhaineann le cur chun feidhme agus forfheidhmiú níos fearr na reachtaíochta ródacmhainneachta (amhail malartú sonraí i measc údaráis na mBallstát).
Faoin rogha beartais thosaíochta RB2, meastar go sábhálfar thart ar 7 000 beatha agus go seachnófar thart ar 65 000 gortú thromchúiseacha idir 2026 agus 2050, i gcomparáid leis an gcás bunlíne. I dtéarmaí airgeadaíochta, meastar gurb é thart ar EUR 74,2 billiún an laghdú ar chostais sheachtracha tionóiscí, arna shloinneadh mar luach láithreach i gcaitheamh na tréimhse céanna, i gcomparáid leis an gcás bunlíne.
Rannchuideoidh gach rogha beartais freisin leis an tsoghluaisteacht inbhuanaithe trí astaíochtaí truailleán aeir agus torainn a laghdú. Beidh laghdú ar chostais sheachtracha na n‑astaíochtaí sin mar thoradh air sin: meastar go mbeidh EUR 83,4 billiún de choigilteas in RB2.
Éascóidh gach rogha beartais saorghluaiseacht daoine agus earraí san Aontas trí dheireadh a chur le bacainní ar fheithiclí a athchlárú i mBallstát eile. Meastar go mbeidh PO1a, PO2 agus PO3 chomh héifeachtach céanna, ach meastar nach mbeidh PO1b chomh héifeachtach céanna i ngeall ar easpa beart maidir le deimhnithe clárúcháin feithicle digiteacha agus sonraí breise a áirítear sa chlár feithiclí.
Maidir le deireadh a chur le bacainní a bhaineann le tástáil ródacmhainneachta, meastar gurb é PO3 an rogha is éifeachtaí toisc go leathnaíonn sé chuig gach feithicil an t‑aitheantas uile-Aontais a thugann Ballstát an chláraithe do dheimhnithe iniúchta theicniúil thréimhsiúil arna n‑eisiúint i mBallstát eile, agus ina diaidh sin tá PO2 agus PO1b (aitheantas uile-Aontais teoranta do dheimhnithe iniúchta theicniúil thréimhsiúil,). Meastar gurb é PO1a an rogha is lú éifeacht, agus é ag brath ar chomhaontuithe déthaobhacha chun deimhnithe iniúchta theicniúil thréimhsiúil a aithint.
Is gné lárnach de chur chuige an Chórais Shábháilte í sábháilteacht feithiclí agus tá sí ina croíphrionsabal de Dhearbhú Stócólm 2020 na Náisiún Aontaithe maidir le sábháilteacht ar bhóithre. Rannchuidíonn an tionscnamh freisin le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 3 de chuid na Náisiún Aontaithe (Saol sláintiúil a áirithiú agus dea-bhail a chur chun cinn do gach duine gan beann ar aois), lena n‑áirítear spriocanna 3.6 (an líon básanna agus gortuithe de dheasca tionóiscí tráchta ar bhóithre a laghdú faoina leath) agus 3.9 (an líon básanna agus galar de dheasca ceimiceáin ghuaiseacha agus truailliú agus éilliú aeir, uisce agus ithreach a laghdú go mór). Tá sé comhsheasmhach freisin le cuspóirí comhshaoil an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Dlí Aeráide Eorpaigh.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Mar chuid den chlár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), rannchuidíonn an togra seo le héifeachtúlacht na reachtaíochta atá ann cheana a mhéadú ar bhealaí éagsúla tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) réitigh úrscothacha a chur in ionad modhanna tástála atá imithe i léig ag seiceálacha tréimhsiúla agus ag seiceálacha cois bóthair araon trína cheangal go n‑úsáidfear na teicnící agus an teicneolaíocht tomhais is déanaí chun líon mór feithiclí ardastaíochta a bhrath ar bhealach níos éifeachtaí; (ii) tástálacha simplí ach fóinteacha a thabhairt isteach chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht agus ar fheidhmíocht chomhshaoil feithiclí nua-aimseartha ar bhealach comhchuibhithe; agus (iii) bunachair sonraí náisiúnta a idirnascadh chun cuidiú le sonraí feithicle a chomhroinnt agus a rochtain, seachas a bheith ag brath ar nósanna imeachta anásta. Tá coinne leis go ndéanfaidh an tionscnamh laghdú mór ar chalaois a bhaineann le córais atá ábhartha don tsábháilteacht agus do rialú astaíochtaí, agus ar an gcrioscaíl míleáiste a dhéantar le feithiclí athláimhe, go háirithe i ndíolacháin trasteorann. Bheadh coigilteas mór costas seachtrach mar thoradh air sin agus sheachnófaí costas agus damáiste do thomhaltóirí.
Cuimsítear leis an tionscnamh an prionsabal ‘digiteach mar réamhshocrú’, lena gcuirtear an claochlú digiteach chun cinn i gcás inar féidir. Ba cheart go n‑imreodh formáid leictreonach éigeantach deimhnithe ródacmhainneachta tionchar dearfach ar an gclaochlú digiteach san Aontas, mar shampla. Maidir leis an bpróiseas athchlárúcháin, sábhálfaidh údaráis agus an pobal am agus airgead trí imeacht ó fhaisnéis agus sonraí a mhalartú tríd an ríomhphost. Sábhálfaidh na húdaráis agus an pobal am agus airgead freisin a bhuí leis an deimhniú clárúcháin digiteach, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca agus níos tapúla rochtain a fháil ar an bhfaisnéis ábhartha agus í a mhalartú.
An prionsabal ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ a chur i bhfeidhm
Leis an gcur chuige ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’, fritháirítear aon ualach nua ar dhaoine agus ar ghnólachtaí a leanann as tograí an Choimisiúin trí dheireadh a chur le hualach coibhéiseach atá ann cheana sa réimse beartais céanna. Tá an togra seo mar chuid den phacáiste ródacmhainneachta a bhfuil coinne leis go mbeidh, mar thoradh air, costais riaracháin le híoc ag lárionaid iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla agus monaróirí feithiclí i ngeall ar an mbeart rialachais sonraí, agus costais le híoc ag garáistí, déileálaithe mótarfheithiclí, stáisiúin seirbhíse bonn agus stáisiúin deisiúcháin i ngeall ar an mbeart maidir le léamha odaiméadair. Ar an iomlán, meastar gurb é EUR 218 milliún in 2026 a bheidh sna costais riaracháin aonuaire bhreise i gcoibhneas leis an gcás bunlíne atá ábhartha don phrionsabal ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ sa rogha beartais ab fhearr. Arna sloinneadh mar ghlanluach láithreach bliantúlaithe i gcaitheamh na tréimhse ábhartha, is é EUR 25,5 milliún atá iontu. Ina theannta sin, is é EUR 26,4 milliún in aghaidh na bliana atá sna costais riaracháin athfhillteacha i gcoibhneas leis an gcás bunlíne. Dá réir sin, meastar gurb é EUR 51,9 milliún in aghaidh na bliana atá sna costais riaracháin bhreise iomlána (aonuaire agus athfhillteacha) atá ábhartha don phrionsabal ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ i gcoibhneas leis an gcás bunlíne.
•Cearta bunúsacha
Leis an togra, tugtar lánurraim do chearta an duine agus do chearta bunúsacha, agus ní bheidh aon tionchar diúltach aige ar na cearta bunúsacha a leagtar amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt).
Tá bearta sa togra chun cuidiú leis an leibhéal astaíochtaí truailleán aeir ó fheithiclí a laghdú (tástáil bhliantúil ar astaíochtaí feithiclí tráchtála éadroma, tástáil bhliantúil feithiclí atá 10 mbliana d’aois nó níos sine agus tomhas NOX in iniúchadh cois bóthair trí chianbhraiteacht agus trí thóir scairdghaile). Cuideoidh na bearta sin le feabhas a chur ar cháilíocht an chomhshaoil i gcomhréir le hAirteagal 37 den Chairt. Trí mhodhanna iniúchta theicniúil thréimhsiúil a oiriúnú chun feithiclí leictreacha a thástáil, lena n‑áirítear cigirí a oiliúint, agus trí iniúchtaí ar dhaingniú lasta in iniúchadh cois bóthair a dhéanamh éigeantach, soláthrófar timpeallacht oibre níos sábháilte do chigirí feithiclí agus do thiománaithe gairmiúla (Airteagal 31). Bearta a cheaptar chun calaois odaiméadair a chomhrac, cuideoidh siad le cosaint tomhaltóirí a mhéadú i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chairt. Trí fhoráil a dhéanamh maidir le haitheantas frithpháirteach deimhnithe ródacmhainneachta agus tríd an bpróiseas clárúcháin a dhigitiú, rannchuideofar leis an tsaoirse gluaiseachta agus cónaithe, i gcomhréir le hAirteagal 45 den Chairt. Le bearta chun a áirithiú nach mbeidh úinéirí feithiclí nach ndearnadh crioscaíl leo faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le húinéirí feithiclí a ndearnadh crioscaíl leo, cuideofar le comhionannas os comhair an dlí a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 3 den Chairt.
Áirítear sa togra beart maidir le léamha odaiméadair, a bhfuil tionchar aige ar an gceart go gcosnófaí sonraí pearsanta i gcás ina ndéantar sonraí a stóráil agus a mhalartú. Ceanglaítear ar na Ballstáit leis léamha odaiméadair a thaifeadadh i mbunachar sonraí náisiúnta agus na taifid a chur ar fáil do Bhallstáit eile i gcás athchlárúcháin. Thairis sin, bunaítear leis ceanglas maidir le deimhniú ródacmhainneachta a eisiúint i bhformáid leictreonach, agus asphrionta páipéir mar rogha. Ó thaobh sábháilteacht ar bhóithre de, tá buntáistí móra ag baint le hinrochtaineacht uathoibríoch ar dheimhnithe trí chóras comhroinnte, go háirithe chun iniúchtaí trasteorann a éascú agus áisiúlacht a fheabhsú do thomhaltóirí. Measadh go raibh gá leis an bpróiseáil sonraí a bhaineann leis na bearta sin agus go raibh sí comhréireach, agus ní féidir í a úsáid ach amháin chun críoch sonrach a shonraítear sa togra.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Baineann na himpleachtaí do bhuiséad an Aontais go príomha le gnéithe an chórais um malartú sonraí TF (MOVE-HUB) a leathnú. Áirítear orthu sin costais oiriúnaithe aonuaire agus nuashonruithe agus costais chothabhála athfhillteacha. Tá gá leo sin chun eilimintí sonraí nua a chur leis na cláir feithiclí, lena dtugtar rochtain leictreonach ar shonraí ábhartha (lena n‑áirítear rochtain ar thuarascálacha iniúchta theicniúil thréimhsiúil arna stóráil i mbunachair sonraí náisiúnta) agus lena gcumasaítear malartú léamha odaiméadair ó bhunachair sonraí na mBallstát. Meastar gurb é atá sna costais ghaolmhara EUR 0,2 milliún de chostais aonuaire agus EUR 0,05 milliún in aghaidh na bliana de chostais athfhillteacha, lena gcumhdaítear cur chun feidhme foriomlán an phacáiste ródacmhainneachta
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme agus éifeachtacht an tionscnaimh seo trí roinnt gníomhaíochtaí agus trí shraith príomhtháscairí lena dtomhaisfear an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí oibríochtúla a bhaint amach. Chun rath an tionscnaimh a thomhas, socraítear na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas: (i) modhanna nua tástála sábháilteachta agus astaíochtaí a chur i bhfeidhm; (ii) cláir feithiclí agus bunachair sonraí odaiméadair na mBallstát a idirnascadh trí mhol coiteann; (iii) doiciméid feithicle a dhigitiú; agus (iv) an líon feithiclí ar bhóithre an Aontais atá lochtach agus a ndearnadh crioscaíl leo a laghdú. Bainfidh na sonraí chun measúnú a dhéanamh ar na cuspóirí oibríochtúla sin leas as tuairisciú tráthrialta ó na Ballstáit agus as iarrachtaí bailithe sonraí ad hoc, lena n‑áirítear úsáid córas um malartú sonraí, amhail MOVE-HUB.
5 bliana ó thiocfaidh an reachtaíocht athbhreithnithe i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a baineadh amach cuspóirí an tionscnaimh.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
Chuir na Ballstáit Treoracha 2014/45/AE agus 2014/47/AE chun feidhme ar bhealaí éagsúla, agus tá líon mór leasuithe á moladh. Dá thoradh sin, ní mór doiciméad amháin nó níos mó a bheith ag gabháil leis na fógraí a thabharfaidh na Ballstáit faoina mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena míneofar an gaol idir codanna an dá threoir agus na codanna comhfhreagracha de na dlíthe náisiúnta.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tá an togra le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar Threoracha 2014/45/AE agus 2014/47/AE bunaithe ar na trí phríomhchuspóir beartais a leagtar amach i gCaibidil 1. Tá na cuspóirí sin idirghaolmhar agus tá sé d’aidhm acu feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre san Aontas, rannchuidiú leis an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus saorghluaiseacht daoine agus earraí san Aontas a éascú. Tugtar tuairisc thíos ar na príomhfhorálacha lena n‑athraítear na Treoracha go substaintiúil nó lena gcuirtear eilimintí nua leo.
Le hAirteagal 1(1) leasaítear Airteagal 2 de Threoir 2014/45/AE maidir le raon feidhme
Chun feabhas a chur ar a chomhleanúnachas, leasaítear an t‑airteagal chun gluaisrothair faoi thiomáint leictreach a áireamh sa raon feidhme maille leo siúd a bhfuil innill dócháin inmheánaigh acu, a thagann faoin raon feidhme cheana féin. Ar an gcúis chéanna, baintear an rogha go ndéanfaí gluaisrothair a eisiamh ó raon feidhme na tástála ródacmhainneachta.
Le hAirteagal 1(2) leasaítear Airteagal 3 de Threoir 2014/45/AE maidir le sainmhínithe
Cuirtear na sainmhínithe ar ‘fheithicil nasctha’ agus ar ‘dheimhniú sealadach ródacmhainneachta’ leis ionas go sonrófar na téarmaí a úsáidtear i ndáil leis na forálacha maidir le léamha odaiméadair a thaifeadadh (Airteagal 4a nua de Threoir 2014/45) agus maidir le deimhnithe ródacmhainneachta a aithint (Airteagal 4 leasaithe), faoi seach.
Cuirtear Airteagal 1(3) in ionad Airteagal 4 de Threoir 2014/45/AE maidir le freagrachtaí
Chun saorghluaiseacht daoine agus earraí a éascú, comhlánaítear leis na forálacha seo a leanas an ceanglas atá ann faoi láthair nach mór don Bhallstát a chláraíonn an fheithicil tástálacha ródacmhainneachta a dhéanamh.
Leasaítear an t‑airteagal chun deis a thabhairt d’úinéirí nó do shealbhóirí gluaisteán paisinéirí tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta a dhéanamh i mBallstát seachas Ballstát an chláraithe. Beidh an deimhniú sealadach ródacmhainneachta a eiseofar sa chás sin bailí ar feadh 6 mhí. Ní mór an iniúchadh teicniúil tréimhsiúil ina dhiaidh sin a dhéanamh i mBallstát an chláraithe, ach amháin má aithníonn an Ballstát sin go haontaobhach deimhnithe ródacmhainneachta arna n‑eisiúint ag Ballstáit eile. Tá an rogha sin ar fáil do na Ballstáit i gcás aon chatagóir feithicle.
Sonraítear san airteagal freisin nach mór do mhonaróirí feithiclí an fhaisnéis theicniúil is gá le haghaidh tástáil ródacmhainneachta a chur ar fáil saor in aisce d’údaráis inniúla na mBallstát. Ní mór do na húdaráis sin na sonraí a chur ar fáil ansin dá lárionaid tástála. Ina theannta sin, cumhachtaítear an Coimisiún an fhaisnéis theicniúil, an fhormáid sonraí agus na nósanna imeachta rochtana a shonrú trí ghníomhartha cur chun feidhme.
Le hAirteagal 1(4) cuirtear isteach Airteagal 4a nua i dTreoir 2014/45/AE maidir le léamha odaiméadair a thaifeadadh
Leis an airteagal déantar an oibleagáid chun léamha odaiméadair a thaifeadadh a leathnú ó lárionaid iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla chuig aon soláthraí seirbhíse a dhéanann deisiúcháin nó obair chothabhála ar fheithicil ar íocaíocht. Féadfar na léamha taifeadta a stóráil i mbunachar sonraí náisiúnta tiomnaithe nó sa chlár náisiúnta feithiclí.
Ní mór do mhonaróirí feithiclí léamha tráthrialta odaiméadair a sheoladh óna bhfeithiclí nasctha freisin. Leis an airteagal ceanglaítear freisin ar na Ballstáit an stair odaiméadair a roinnt le cigirí, le sealbhóir an deimhnithe clárúcháin agus leis na húdaráis inniúla sna Ballstáit.
Le hAirteagal 1(5) leasaítear Airteagal 5 de Threoir 2014/45/AE maidir le dáta agus minicíocht na tástála
Leasaítear pointe (a) d’Airteagal 5(1) lena cheangal go ndéanfar tástáil bhliantúil ar ghluaisteáin agus ar veaineanna atá níos sine ná 10 mbliana d’aois. Ceanglaítear leis freisin go gcuirfear veaineanna faoi réir tástálacha astaíochtaí sceite gach bliain tar éis dháta a gcéadchláraithe. Sonraítear leis an bpointe sin freisin an chaoi a ríomhfar an iniúchadh teicniúil tréimhsiúil ina dhiaidh sin tar éis do dheimhniú sealadach ródacmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2014/45/AE dul in éag.
Leasaítear Airteagal 5(2) de Threoir 2014/45/AE chun é a ailíniú leis an athrú a rinneadh in Airteagal 2 maidir le gluaisrothair faoi thiomáint leictreach a áireamh i raon feidhme iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla.
Ar deireadh, simplítear na coinníollacha faoina bhféadfaidh na Ballstáit nó na húdaráis inniúla a cheangal go ndéanfaí tástáil ródacmhainneachta ar fheithicil roimh dháta éaga a deimhnithe ródacmhainneachta. Cé go mbaintear ceithre cinn de na cúig fhéidearthacht atá ann cheana a liostaítear i mír 4 d’Airteagal 5 de Threoir 2014/45/AE, déantar an ceann a bhaineann le modhnuithe móra ar chórais sábháilteachta agus chomhshaoil na feithicle, ar gá tástáil a dhéanamh orthu, a chur i gcuid de mhír 2a nua.
Le hAirteagal 1(6) leasaítear Airteagal 6 de Threoir 2014/45/AE maidir le hinneachar agus modhanna tástála
Leasaítear an t‑airteagal chun freastal ar leathnú an raoin feidhme chuig gluaisrothair faoi thiomáint leictreach agus chun ligean do na Ballstáit gan ach na feithiclí sin ar éirigh leo i gin iniúchadh teicniúil chomhfhreagrach cois bóthair le linn na 6 mhí roimh an iniúchadh teicniúil tréimhsiúil a dhíolmhú ó thástáil astaíochtaí sceite nó torainn.
Cuirtear Airteagal 1(7) in ionad Airteagal 8 de Threoir 2014/45/AE maidir le deimhnithe ródacmhainneachta
Cé go gceadaítear leis na rialacha atá ann cheana (mír 2 d’Airteagal 8) úsáid a bhaint as deimhnithe ródacmhainneachta ‘arna dtáirgeadh go leictreonach’, leasaítear an t‑airteagal sin i riocht agus gurb é an leagan digiteach an réiteach réamhshocraithe. Beidh an duine a thugann an fheithicil i láthair in ann asphrionta deimhnithe a iarraidh. Beidh ar na Ballstáit uile na deimhnithe sin, lena n‑áirítear deimhnithe sealadacha, a aithint.
Le hAirteagal 1(8) leasaítear Airteagal 9 de Threoir 2014/45/AE maidir le bearta leantacha ar easnaimh
Leasaítear míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 9 chun foráil a dhéanamh maidir leis an malartú faisnéise is gá, lena n‑áirítear i gcás ina gcuirtear clárú ar fionraí, idir Ballstát an chláraithe agus na Ballstáit ina ndearnadh tástáil ródacmhainneachta ar an bhfeithicil.
Cuireadh mír 4 leis chun foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha i gcás ina ndearnadh crioscaíl fhollasach le comhpháirteanna feithicle, lena n‑áirítear córais rialaithe astaíochtaí agus sábháilteachta.
Le hAirteagal 1(9) cuirtear Airteagal 16 nua maidir le malartú sonraí idir údaráis na mBallstát in ionad Airteagal 16 de Threoir 2014/45/AE
Le hAirteagal 16 nua, tugtar isteach oibleagáid ar na Ballstáit a gcláir náisiúnta feithiclí agus a mbunachair sonraí ródacmhainneachta a nascadh le hardán MOVE-HUB a d’fhorbair an Coimisiún, chun go malartófar sonraí ábhartha le linn tástáil thréimhsiúil ródacmhainneachta. Áirítear leis an malartú faisnéise sonraí clárúcháin feithicle, sonraí maidir le hinneachar an deimhnithe comhréireachta, inneachar an deimhnithe ródacmhainneachta deiridh agus inneachar aon tuarascála maidir le hiniúchadh cois bóthair.
Faoi mhír 2 d’Airteagal 16 nua, beidh ar an gCoimisiún rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na socruithe, na formáidí sonraí agus inneachar na dteachtaireachtaí chun an malartú sonraí a chur chun feidhme laistigh de 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na treorach leasaithí seo. Ní mór an malartú sonraí a bheith i bhfeidhm laistigh de 1 bhliain amháin ina dhiaidh sin.
Le hAirteagal 1(10) leasaítear Airteagal 17 de Threoir 2014/45/AE maidir le gníomhartha tarmligthe
Leasaítear Airteagal 17 chun an chumhacht a tharmligean don Choimisiún na modhanna a shonrú le haghaidh na dtástálacha nua astaíochtaí (a tugadh isteach le haghaidh chatagóirí feithiclí M agus N a bhfuil innill dócháin inmheánaigh acu) i Roinn 8.2 d’Iarscríbhinn I.
Cuirtear Airteagal 1(11) in ionad Airteagal 20 de Threoir 2014/45/AE maidir le tuairisciú
Leasaítear Airteagal 20 chun léiriú a thabhairt ar na hathruithe is mó ar na rialacha a mbeidh ar an gCoimisiún tuairisciú ina leith.
Le hAirteagal 1(12) cuirtear isteach Airteagal 20a nua i dTreoir 2014/45/AE maidir le faisnéis a chur in iúl don Choimisiún
Tugtar isteach Airteagal 20a chun cur leis an tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme Threoir 2014/45/AE. Cé go dtuairiscíonn na Ballstáit iniúchtaí teicniúla cois bóthair a dhéantar ina gcríocha gach 2 bhliain cheana féin, ní raibh faisnéis chomhchosúil ar fáil go córasach don Choimisiún maidir le hiniúchtaí teicniúla tréimhsiúla. Is é is aidhm don Airteagal sin an bhearna sin a líonadh trína cheangal ar na Ballstáit tacar íosta faisnéise a bhaineann le hiniúchtaí teicniúla tréimhsiúla a chur in iúl gach 3 bliana. Leagfar síos an fhormáid tuairiscithe i ngníomh cur chun feidhme a ghlacfaidh an Coimisiún.
Cuirtear Airteagal 1(13) in ionad Airteagal 22 de Threoir 2014/45/AE maidir le síneadh a chur le bailíocht deimhnithe ródacmhainneachta i gcás géarchéime
Tugtar isteach an tAirteagal 22 nua sin chun foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht go gcuirfí síneadh le bailíocht deimhnithe ródacmhainneachta i gcás nárbh fhéidir iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla a dhéanamh go tráthúil i ngeall ar ghéarchéim, amhail paindéim.
Cuirtear Airteagal 2(1) in ionad Airteagal 1 de Threoir 2014/47/AE maidir le hábhar
Tugtar an t‑alt cothrom le dáta chun cianbhraiteacht astaíochtaí feithiclí a áireamh ann.
Le hAirteagal 2(2) leasaítear Airteagal 2 de Threoir 2014/47/AE maidir le raon feidhme
I mír 1 d’Airteagal 2 de Threoir 2014/47/AE, cuirtear veaineanna leis an raon feidhme (pointe (aa)). Thairis sin, cuirtear an dara fomhír leis chun a shonrú go bhfuil na forálacha maidir le cianbhraiteacht infheidhme maidir le gluaisteáin agus gluaisrothair freisin. Coigeartaítear mír 2 chun léiriú a thabhairt ar na hathruithe i mír 1.
Le hAirteagal 2(3) leasaítear Airteagal 3 de Threoir 2014/47/AE maidir le sainmhínithe
Is iad na hathruithe is mó na sainmhínithe ar ‘chianbhraiteacht’ agus ar ‘thóir scairdghaile’ a chuirtear leis.
Cuirtear Airteagal 2(4) in ionad Airteagal 4 de Threoir 2014/47/AE maidir le córais maidir le hiniúchadh cois bóthair
Tugtar an t‑alt cothrom le dáta trí thagairt don chianbhraiteacht a áireamh ann.
Le hAirteagal 2(5) cuirtear isteach Airteagal 4a nua maidir le cianbhraiteacht
Cuirtear an t‑airteagal nua sin leis chun a cheangal ar na Ballstáit úsáid a bhaint as teicneolaíocht chianbhraiteachta chun astaíochtaí torainn agus sceite codanna móra dá bhflít feithiclí a scagadh chun feithiclí a d’fhéadfadh a bheith ina bhfeithiclí ardastaíochta (d’aon chatagóir feithicle) a shainaithint. Ceanglaítear le mír 3 go seiceálfaidh na Ballstáit astaíochtaí na bhfeithiclí sin ag seiceáil cois bóthair nó trína iarraidh ar úinéir nó ar shealbhóir na feithicle í thabhairt chuig lárionad iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla. Déantar foráil i mír 4 maidir leis na modhanna chun seiceáil a dhéanamh ar astaíochtaí feithiclí atá cláraithe i mBallstát seachas an Ballstát ina ndearnadh an tomhas cianbhraiteachta.
Le hAirteagal 2(6) leasaítear Airteagal 5 de Threoir 2014/47/CE maidir le céatadán na bhfeithiclí a bhfuil iniúchadh le déanamh orthu
Tugtar an t‑airteagal cothrom le dáta chun an sprioc 5 % atá ann cheana (den líon iomlán feithiclí tráchtála troma) a nascadh le gach Ballstát seachas í a bheith ina sprioc uile-Aontais.
Ina theannta sin, moltar sprioc 2 % le haghaidh iniúchtaí cois bóthair ar fheithiclí tráchtála éadroma, i.e. veaineanna de chatagóir N1.
Le hAirteagal 2(7) leasaítear Airteagal 6 de Threoir 2014/47/AE maidir le córas rátála riosca
An t‑aon athrú ar Airteagal 6 is ea gur cuireadh isteach tagairt do veaineanna (sainmhíniú (aa) in Airteagal 2(1)).
Le hAirteagal 2(8) leasaítear Airteagal 7 de Threoir 2014/47/AE maidir le freagrachtaí
Tugtar mír 1 d’Airteagal 7 cothrom le dáta chun a cheangal go n‑aithneofar fianaise leictreonach, amhail an deimhniú iniúchta theicniúil thréimhsiúil is déanaí.
Cuirtear Airteagal 2(9) in ionad Airteagal 9 de Threoir 2014/47/AE maidir le feithiclí a roghnú le haghaidh iniúchadh teicniúil tosaigh cois bóthair
Tugtar an t‑alt cothrom le dáta chun cianbhraiteacht a áireamh ann mar bhonn féideartha ar a roghnófaí feithicil le haghaidh iniúchadh cois bóthair.
Le hAirteagal 2(10) leasaítear Airteagal 10 de Threoir 2014/47/AE maidir le hinneachar agus modhanna iniúchtaí teicniúla cois bóthair
Leasaítear pointí (a) agus (c) chun iad a ailíniú leis na leasuithe a bhaineann le deimhnithe ródacmhainneachta agus ceanglais maidir le daingniú lasta.
Cuirtear Airteagal 2(11) in ionad Airteagal 13 de Threoir 2014/47/AE maidir le hiniúchadh a dhéanamh ar dhaingniú lasta
Leasaítear Airteagal 13 chun seiceálacha ar dhaingniú lasta (i gcomhréir le hIarscríbhinn III) a dhéanamh éigeantach do na Ballstáit agus ní roghnach.
Cuirtear Airteagal 2(12) de Threoir 2014/47/AE in ionad Airteagal 14 de Threoir 2014/47/AE maidir leis an obair leantach i gcás móreasnamh nó easnaimh chontúirteacha
Cuirtear an ceathrú mír le hAirteagal 14 chun foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha i gcás ina ndearnadh crioscaíl fhollasach le comhpháirteanna feithicle, lena n‑áirítear córais rialaithe astaíochtaí agus sábháilteachta.
Le hAirteagal 2(13) leasaítear Airteagal 16 de Threoir 2014/47/AE maidir leis an tuarascáil iniúchta agus na bunachair sonraí i dtaobh iniúchtaí teicniúla cois bóthair
Leasaítear mír 2 d’Airteagal 16 chun leagan leictreonach den tuarascáil a sholáthar mar réamhshocrú.
Le hAirteagal 2(14) de Threoir 2014/47/AE leasaítear Airteagal 18 de Threoir 2014/47/AE maidir le comhar idir na Ballstáit.
Tugtar Airteagal 18 cothrom le dáta chun tagairt a dhéanamh do na rialacha cur chun feidhme a ghlac an Coimisiún cheana féin maidir le fógra a thabhairt faoi mhóreasnaimh agus easnaimh chontúirteacha a aimsítear le linn seiceálacha cois bóthair ar fheithiclí atá cláraithe i mBallstát eile.
Le hAirteagal 2(15) cuirtear isteach Airteagal 18a nua i dTreoir 2014/47/AE maidir le malartú sonraí idir údaráis na mBallstát
Amhail Airteagal 16 nua de Threoir 2014/45/AE, tugtar isteach leis an Airteagal 18a nua sin oibleagáid ar na Ballstáit a gcláir náisiúnta feithiclí agus a mbunachair sonraí ródacmhainneachta a nascadh le hardán MOVE-HUB a d’fhorbair an Coimisiún, chun go malartófar sonraí ábhartha le linn tástáil thréimhsiúil ródacmhainneachta. Áirítear leis an malartú faisnéise sonraí clárúcháin feithicle, sonraí maidir le hinneachar an deimhnithe comhréireachta, inneachar an deimhnithe ródacmhainneachta deiridh agus inneachar aon tuarascála maidir le hiniúchadh cois bóthair.
Faoi mhír 2 d’Airteagal 18a nua, beidh ar an gCoimisiún rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na socruithe, na formáidí sonraí agus inneachar na dteachtaireachtaí chun an malartú sonraí a chur chun feidhme laistigh de 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na treorach leasaithí seo. Ní mór an malartú sonraí a bheith i bhfeidhm laistigh de 1 bhliain amháin ina dhiaidh sin.
Cuirtear Airteagal 2(16) in ionad Airteagal 20 maidir le faisnéis a chur in iúl don Choimisiún
Tugtar Airteagal 20 cothrom le dáta chun ceanglais maidir le tuairisciú a chuíchóiriú agus a shimpliú ar na bealaí seo a leanas: (i) beidh gá le tuarascálacha nach bhfuil chomh mionsonraithe céanna (féach athruithe ar Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2014/47/AE); (ii) beidh gá leis na tuarascálacha sin gach 3 bliana seachas gach 2 bhliain; agus (iii) bainfidh na Ballstáit úsáid as ardán coiteann tuairiscithe seachas as ríomhphoist a sheoladh agus comhaid Excel i gceangal leo.
Le hAirteagal 2(17) de Threoir 2014/47/AE leasaítear Airteagal 21 de Threoir 2014/47/AE maidir le gníomhartha tarmligthe
Cuirtear an ceathrú agus an cúigiú fleasc leis chun an Coimisiún a chumhachtú an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun teorainnluachanna coiteanna a shocrú le haghaidh tomhas cianbhraiteachta; agus (ii) na modhanna tástála a shonrú chun an líon cáithníní agus ocsaídí nítrigine a thomhas ag seiceálacha cois bóthair.
Cuirtear Airteagal 2(18) in ionad Airteagal 24 de Threoir 2014/47/CE maidir le tuairisciú.
Tugtar an t‑airteagal cothrom le dáta chun léiriú a thabhairt ar na hathruithe is mó ar na rialacha a mbeidh ar an gCoimisiún tuairisciú ina leith.
Le hIarscríbhinn I leasaítear na hiarscríbhinní seo a leanas a ghabhann le Treoir 2014/45/AE.
·Iarscríbhinn I - ÍOSCHEANGLAIS MAIDIR LE hINNEACHAR NA dTÁSTÁLACHA AGUS MODHANNA MOLTA NA TÁSTÁLA
Leasaítear an iarscríbhinn chun na nithe seo a leanas a áireamh inti: (i) ítimí nua tástála atá ábhartha d’fheithiclí ceallra-leictreacha agus hibrideacha (Roinn 4.14 maidir le córais ardvoltais); (ii) tástálacha nua astaíochtaí chun astaíochtaí cáithníní sármhíne agus ocsaíde nítrigine ó fheithiclí peitril agus díosail a thomhas (Roinn 8.2); agus (iii) Roinn 10 nua maidir le córais sábháilteachta leictreonacha a thástáil agus úsáid á baint as comhéadan leictreonach na feithicle. Ina theannta sin, déantar roinnt athruithe beaga ar ítimí eile chun tuairimí na saineolaithe sa réimse sin a léiriú.
·Iarscríbhinn III – ÍOSCHEANGLAIS MAIDIR LE SAORÁIDÍ RÓDACMHAINNEACHTA AGUS TREALAMH TÁSTÁLA
Cuirtear pointí 16 agus 17 leis chun a cheangal go ndéanfar lárionaid tástála a fheistiú leis na gairis is gá chun an líon cáithníní agus ocsaídí nítrigine a thomhas ag iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla.
·Iarscríbhinn IV - ÍOSCHEANGLAIS MAIDIR LE hINNIÚLACHT, OILIÚINT AGUS DEIMHNIÚCHÁN NA gCIGIRÍ
Tugtar an iarscríbhinn cothrom le dáta chun oiliúint a éileamh ar chigirí ionas gur féidir leo córais tiomána mhalartacha a thástáil (lena n‑áirítear córais ardvoltais, hibrideacha agus hidrigine).
Le hIarscríbhinn II leasaítear na hiarscríbhinní seo a leanas a ghabhann le Treoir 2014/47/AE.
·Iarscríbhinn II – RAON FEIDHME INIÚCHTAÍ TEICNIÚLA COIS BÓTHAIR
Ar an gcaoi chéanna le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/45/AE, leasaítear an iarscríbhinn seo chun ítimí nua tástála a áireamh inti maidir leis na nithe seo a leanas: (i) feithiclí ceallra-leictreacha agus hibrideacha (Roinn 4.14 maidir le córais ardvoltais); (ii) tástálacha nua astaíochtaí chun astaíochtaí cáithníní sármhíne agus ocsaíde nítrigine ó fheithiclí peitril agus díosail a thomhas (Roinn 8.2); agus (iii) Roinn 10 nua maidir le córais sábháilteachta leictreonacha a thástáil agus úsáid á baint as comhéadan leictreonach na feithicle. Ina theannta sin, déantar roinnt athruithe beaga ar ítimí eile chun tuairimí na saineolaithe sa réimse sin a léiriú.
·Iarscríbhinn III – DAINGNIÚ LASTA
An chéad abairt i gCaibidil II. Leasaítear Roinn 3 chun na rialacha maidir le hiniúchadh ar na hítimí sonracha daingnithe lasta a liostaítear i dTábla 1 a dhéanamh éigeantach.
·Iarscríbhinn IV – TUARASCÁIL NÍOS MIONSONRAITHE MAIDIR LE hINIÚCHADH TEICNIÚIL COIS BÓTHAIR LENA nIONCHORPRAÍTEAR SEICLIOSTA
Tugtar pointe 6 den eiseamal cothrom le dáta chun N1 (veaineanna) a áireamh sna catagóirí feithiclí. Tugtar pointe 10 cothrom le dáta chun na hítimí nua tástála maidir le córais ardvoltais (4.14), tástáil astaíochtaí (ítim 8.2 athbhreithnithe) agus córais sábháilteachta leictreonacha (ítim 10 nua) a áireamh.
·Iarscríbhinn V – FOIRM CHAIGHDEÁNACH CHUN TUAIRISC A CHUR CHUIG AN gCOIMISIÚN
Tugtar an fhoirm cothrom le dáta trí na colúin is gá le haghaidh fheithiclí N1 a chur léi, tríd an liosta de thíortha cláraithe a cheartú, agus tríd an gceanglas tuairiscithe a shimpliú ach an chuid de a bhaineann le ‘mionsonraí fabht’ a bhaint.
2025/0097 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoir 2014/45/AE maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí agus Treoir 2014/47/AE maidir le hiniúchadh teicniúil cois bóthair ar ródacmhainneacht feithiclí tráchtála a bhíonn ag gluaiseacht san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá forálacha maidir le tástáil ródacmhainneachta ina gcuid de reachtaíocht an Aontais leis na scórtha bliain. Tá siad faoi réir comhchuibhiú de réir a chéile, áfach. Rinneadh dlí an Aontais chuige sin a athbhreithniú an uair dheireanach in 2014 leis an ‘bPacáiste Ródacmhainneachta’ Chun feabhas a chur ar fhorfheidhmiú, le hathbhreithnithe leantacha ar na rialacha sin, leathnaíodh de réir a chéile raon feidhme na bhfeithiclí atá le tástáil agus raon feidhme na rialacha comhchuibhithe, lena n‑áirítear iad siúd maidir le hiniúchtaí cois bóthair agus deimhnithe clárúcháin feithicle. Shonraigh siad agus thug siad cothrom le dáta na modhanna tástála, na nósanna imeachta agus na doiciméid ghaolmhara is gá chun an dul chun cinn teicneolaíoch a léiriú.
(2)Leagtar amach i dTreoir 2014/45/AE inneachar agus minicíocht íosta na tástála le haghaidh gach catagóire feithicle, cé is moite de ghluaisrothair, a bhfuil discréid níos leithne ag na Ballstáit ina leith. Leagtar amach leis an Treoir sin freisin íoscheanglais maidir le neamhspleáchas lárionad tástála agus oiliúint cigirí, maidir le trealamh tástála, agus maidir le hinneachar an deimhnithe ródacmhainneachta. Tá bailíocht an deimhnithe sin, chomh maith le haon chruthúnas eile ar thástáil, le haithint ag na Ballstáit chun críoch saorchúrsaíochta agus athchlárúcháin feithicle atá cláraithe cheana i mBallstát eile.
(3)Le Treoir 2014/47/AE, comhlánaítear Treoir 2014/45/AE trína cheangal ar na Ballstáit iniúchtaí cois bóthair a dhéanamh ar fheithiclí tráchtála troma os cionn 3,5 tona, lena n‑áirítear busanna, leoraithe agus a leantóirí, agus é d’aidhm aige sin iniúchadh a dhéanamh ar 5 % de fhlít an Aontais gach bliain. Áirítear ar na hiniúchtaí sin iniúchadh tosaigh cois bóthair agus, má mheasann an cigire go bhfuil gá léi, iniúchadh teicniúil níos mionsonraithe cois bóthair. Tá na hítimí a thástáiltear sna hiniúchtaí mionsonraithe mar an gcéanna leis na hítimí a thástáiltear le linn tástálacha tréimhsiúla agus féadfar iniúchadh ar dhaingniú lasta a áireamh orthu freisin. I gcás ina dtiocfar ar mhóreasnamh nó easnamh contúirteach le linn iniúchadh cois bóthair, ní mór don Bhallstát ina ndearnadh an iniúchadh fógra a thabhairt do Bhallstát an chláraithe chun go bhforfheidhmeoidh sé deisiú na feithicle a cuireadh ar fionraí ó bheith ag gluaiseacht i dtrácht.
(4)I ngeall ar dhul chun cinn tapa na teicneolaíochta, tá roinnt de na rialacha atá ann faoi láthair maidir le feithiclí a thástáil as dáta agus ba cheart iad a leasú chun iad a oiriúnú do theicneolaíochtaí agus d’fheithiclí nua. Leis an gcreat tástála ba cheart rannchuidiú a thuilleadh le hastaíochtaí ón iompar a laghdú agus le dlús a chur leis an digitiú in earnáil an iompair agus le tairbhiú den digitiú sin. Ba cheart an creat a oiriúnú níos fearr d’fhorbairtí i dteicneolaíocht feithiclí, i gcomhdhéanamh flíteanna agus i modhanna tástála atá ag teacht chun cinn.
(5)Tá an t‑aistriú digiteach ar cheann de thosaíochtaí an Aontais. I gcomhthéacs na rialacha atá ann faoi láthair maidir le tástáil feithiclí a thabhairt cothrom le dáta, tá sé tábhachtach freisin nósanna imeachta riaracháin a chomhchuibhiú, a shimpliú agus a dhigitiú agus deireadh a chur leis na bacainní ar shaorghluaiseacht atá fós ann. Áirítear ar na bacainní sin neamhaithint iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla arna ndéanamh i mBallstáit seachas Ballstát an chláraithe. D’fhéadfadh sé sin bac a chur ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas agus ar a gceart dul chun cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an fheithicil cláraithe faoi láthair.
(6)Ní leor cuid de na modhanna tástála astaíochtaí atá ann faoi láthair chun tástáil a dhéanamh ar fheithiclí a bhfuil teicneolaíocht nua-aimseartha rialaithe astaíochtaí truailleán aeir agus astaíochtaí bunlíne ísle acu. D’fhéadfaí astaíochtaí truailleán aeir a laghdú a thuilleadh freisin trí thástálacha agus seiceálacha níos iomchuí. Dá gcuirfí na modhanna tástála is fearr atá ar fáil i bhfeidhm, chuideofaí leis na Ballstáit caighdeáin níos déine maidir le cáilíocht an aeir a bhaint amach, is é sin na teorainnluachanna chun sláinte an duine a chosaint a leagtar síos le Treoir (AE) 2024/2881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, go háirithe i gcás mínábhar cáithníneach agus ocsaídí nítrigine (NOX).
(7)Tá an líon básanna agus gortuithe tromchúiseacha ar bhóithre an Aontais fós ar leibhéal i bhfad ró-ard, óir bhí 20 400 bás ann in 2023. Dá bhrí sin, tá gá le tuilleadh gníomhaíochta chun na spriocanna maidir le sábháilteacht ar bhóithre a leagtar amach i gcreat beartais an Aontais um shábháilteacht ar bhóithre 2021-2030 a bhaint amach.
(8)Tá tairbhí soiléire ó thaobh sábháilteachta ar bhóithre de ag baint le ródacmhainneacht gluaisrothar a thástáil. Tá sé sin léirithe freisin ag an líon Ballstát a áiríonn gluaisrothair cheana féin ina gcórais tástála ródacmhainneachta. Dá thoradh sin, an rogha atá ann faoi láthair gan gluaisrothair a bhfuil toilleadh innill os cionn 125 cm3 acu a bheith páirteach, níl sí iomchuí a thuilleadh agus ba cheart tástáil thréimhsiúil a bheith éigeantach d’fheithiclí den sórt sin gan eisceacht.
(9)De réir an aiseolais a fuarthas ó na Ballstáit agus ó ionadaithe tionscail, is léir nach éifeachtach iad na ceanglais dhlíthiúla atá ann faoi láthair, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go bhfuil na sonraí teicniúla is gá chun iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla a dhéanamh ar fáil do lárionaid tástála. Is gá a shonrú, dá bhrí sin, gur cheart tacar íosta faisnéise a chur ar fáil saor in aisce agus gan moill mhíchuí do na húdaráis inniúla, agus gur cheart dóibh a áirithiú ansin go bhfaighidh na lárionaid tástála arna n‑údarú acu an rochtain is gá freisin.
(10)Ba cheart do Bhallstát an chláraithe deimhniú sealadach ródacmhainneachta arna eisiúint ag Ballstát eile a aithint ar feadh tréimhse suas le 6 mhí, ar choinníoll go ndéantar an iniúchadh teicniúil tréimhsiúil ina dhiaidh sin i mBallstát an chláraithe. Cuideoidh sé sin le saorghluaiseacht daoine a éascú agus urramófar an tráth céanna an buncheanglas go ndéanfar feithiclí a thástáil go ginearálta i mBallstát an chláraithe.
(11)Ar an gcúis chéanna, ba cheart do Bhallstát cláraithe a bheith in ann a roghnú deimhnithe ródacmhainneachta arna n‑eisiúint ag Ballstát eile a aithint. Má dhéanann sé amhlaidh, ba cheart dó na Ballstáit eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas. Ba cheart do gach Ballstát a mheas go bhfuil na deimhnithe ródacmhainneachta lena mbaineann coibhéiseach le deimhnithe arna n‑eisiúint ag Ballstát an chláraithe.
(12)Chun calaois a bhaineann le míleáiste feithiclí athláimhe a chomhrac, áirítear i dtástáil thréimhsiúil ródacmhainneachta léamha odaiméadair a thaifeadadh. Mar sin féin, tá éifeachtacht an bhirt teoranta toisc nach ndéantar an chéad tástáil ach 4 bliana tar éis an chéadchláraithe i bhformhór na mBallstát agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin i roinnt mhaith acu. Chun dul i ngleic a thuilleadh le calaois odaiméadair, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar léamha odaiméadair aon uair a dhéanann soláthraí seirbhíse obair chothabhála nó deisiúcháin ar fheithicil agus go ndéanfar na léamha a thaifeadadh i mbunachar sonraí náisiúnta nó i gclár náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit na léamha sin a chur ar fáil i bhformáid anaithnidithe do chigirí, do na húdaráis inniúla agus do shealbhóir an deimhnithe clárúcháin. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar mhonaróirí léamha odaiméadair feithiclí nasctha a tharchur gach 3 mhí. Chun é a chur ar a gcumas do thomhaltóirí calaois odaiméadair a bhrath sula gceannóidh siad feithicil, ba cheart do na Ballstáit tomhaltóirí a chur ar an eolas freisin faoin stair odaiméadair a bheith ar fáil do shealbhóir an deimhnithe clárúcháin, go háirithe i gcomhthéacs díolachán feithiclí. Chun feabhas a chur ar infhaighteacht staitisticí maidir le húsáid feithiclí gan ualach breise tuairiscithe a chur ar riaracháin náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit na léamha odaiméadair a chur ar fáil, i bhfoirm anaithnidithe, do na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus don Choimisiún (Eurostat).
(13)Cé go bhfuil feithiclí leictreacha, lena n‑áirítear feithiclí leictreacha hibrideacha, i gcúrsaíocht le blianta fada, agus cé go bhfuil a líon ag dul i méid de réir a chéile, níl aon riail chomhchuibhithe ann maidir le tástáil ródacmhainneachta ar chórais ardvoltais na bhfeithiclí sin, rud a fhágann go bhforbraíonn na Ballstáit prótacail tástála éagsúla. Chun oibriú sábháilte na bhfeithiclí sin ar feadh a saolré ionchais a áirithiú agus chun nach mbeidh cleachtais tástála sna Ballstáit ag teacht salach ar a chéile, ba cheart ítimí tástála ábhartha a áireamh sna híoscheanglais maidir leis an inneachar tástála agus na modhanna molta tástála.
(14)Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle go suiteálfar ardchórais cúnta tiománaí éagsúla, a cheaptar ionas go seachnófar imbhuailtí agus go laghdófar an líon taismeach agus gortuithe tromchúiseacha. Ní bhainfear amach na tairbhí a bhfuil coinne leo, áfach, má thagann meath ar na córais sin le himeacht ama nó má bhíonn siad faoi réir crioscaíola. Dá bhrí sin, ba cheart na córais leictreonacha nua sin a áireamh in iniúchtaí tréimhsiúla agus in iniúchtaí cois bóthair chun a áirithiú go soláthróidh siad na tairbhí sábháilteachta a bhfuil coinne leo. Chun oibriú sábháilte feithiclí uathoibrithe agus tástáil córas sábháilteachta leictreonach ar feadh a saolré ionchais a áirithiú, ba cheart ítimí ábhartha a bhfuil tástáil le déanamh orthu a áireamh sna híoscheanglais maidir leis an inneachar tástála agus na modhanna molta tástála a leagtar amach sna hIarscríbhinní faoi seach a ghabhann le Treoracha 2014/45/AE agus 2014/47/AE.
(15)Cé go gcuireann iompar de bhóthar le sciartha móra d’astaíochtaí díobhálacha truailleán aeir, go háirithe NOX agus cáithníní míne, níl na modhanna tástála atá ann faoi láthair le haghaidh astaíochtaí sceite arna n‑oiriúnú d’fheithiclí ná do theicneolaíochtaí le déanaí. Ba é Moladh (AE) 2023/688 ón gCoimisiún an chéad chéim chun an tomhas ar an líon cáithníní a chomhchuibhiú le linn tástáil ródacmhainneachta. Ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí, le cosaint an chomhshaoil agus le hiomaíocht chóir, ba cheart tomhas ar an líon cáithníní agus tomhas NOX a áireamh anois ar na hítimí ábhartha atá le tástáil le linn iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla a leagtar amach sna hiarscríbhinní a ghabhann le Treoracha 2014/45/AE agus 2014/47/AE.
(16)Bíonn níos mó fabhtanna de ghnáth ar fheithiclí níos sine, is minice a bhíonn baint acu le himbhuailtí agus tá cion níos airde d’fheithiclí ardastaíochta ina measc. Trí iniúchadh a dhéanamh ar ghluaisteáin níos sine agus ar fheithiclí tráchtála éadroma gach bliain, is féidir rannchuidiú go mór le himbhuailtí agus astaíochtaí díobhálacha a laghdú. Ba cheart, dá bhrí sin, iniúchadh a dhéanamh ar ghluaisteáin agus ar fheithiclí tráchtála éadroma go bliantúil tar éis 10 mbliana ar a dhéanaí ó dháta an chéadchláraithe.
(17)Thairis sin, ós déine an úsáid a bhaintear as feithiclí tráchtála éadroma ná gluaisteáin phríobháideacha, i limistéir ina bhfuil dlús ard daonra go minic, ba cheart iniúchadh astaíochtaí a dhéanamh orthu gach bliain tar éis 1 bhliain amháin ó dháta an chéadchláraithe.
(18)I dteannta iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla sceidealaithe, ba cheart feithiclí a chur faoi réir tástáil ródacmhainneachta freisin más rud é gur athraíodh nó gur modhnaíodh córais agus comhpháirteanna sábháilteachta nó comhshaoil na feithicle go mór. Áirítear leis sin cásanna ina n‑athraítear an chatagóir feithicle nó na leibhéil astaíochtaí, mar shampla tar éis scagaire cáithníní a shuiteáil nó i gcás ina dtiontaítear feithicil chun go rithfidh sí ar bhreosla malartach.
(19)Chun an t‑aistriú digiteach a éascú agus chun na costais ar lárionaid tástála a laghdú, ba cheart deimhnithe ródacmhainneachta a eisiúint i bhformáid chaighdeánaithe leictreonach. Ba cheart asphrionta páipéir den deimhniú ródacmhainneachta a eisiúint freisin don duine a thug an fheithicil i láthair lena tástáil arna iarraidh sin. Ba cheart do na Ballstáit glacadh leis an dá fhormáid nuair a athraítear úinéireacht na feithicle nó nuair a athchláraítear an fheithicil i mBallstát eile. Ar chúiseanna comhchosúla, ba cheart an tuarascáil ar an iniúchadh níos mionsonraithe cois bóthair a eisiúint i bhformáid leictreonach.
(20)Ba cheart a áirithiú go gcomhlíontar creat cosanta sonraí an Aontais agus sonraí pearsanta á bpróiseáil chun an Treoir seo a chur chun feidhme, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcomhréir le prionsabal na cosanta sonraí mar réamhshocrú, chun deimhnithe ródacmhainneachta a fhíorú ba cheart úsáid a bhaint as teicnící fíoraithe nach gceanglaíonn go dtarchuirfear sonraí pearsanta ar dheimhnithe aonair.
(21)Chun foráil a dhéanamh maidir le bearta leantacha leordhóthanacha ar easnaimh i gcás ina dteipeann ar fheithicil san iniúchadh teicniúil thréimhsiúil de dheasca móreasnamh amháin nó níos mó i mBallstát seachas Ballstát an chláraithe, ba cheart fógra a thabhairt do Bhallstát an chláraithe faoi thoradh na tástála agus faoin sprioc-am don tástáil ina dhiaidh sin agus é a thaifeadadh sa chlár feithiclí. Níor cheart spriocdháta na tástála ina dhiaidh sin a bheith níos faide amach ná 2 mhí agus ba cheart í a dhéanamh i gceachtar de na Ballstáit. Ina theannta sin, chun rioscaí láithreacha don tsábháilteacht ar bhóithre nó don chomhshaol a sheachaint, ba cheart don Bhallstát inar theip ar fheithicil san iniúchadh teicniúil tréimhsiúil de dheasca easnamh contúirteach amháin nó níos mó nó d’údarás inniúil an Bhallstáit sin a bheith in ann a chinneadh nach bhfuil an fheithicil i gceist le húsáid ar bhóithre poiblí agus a iarraidh ar Bhallstát an chláraithe údarú na feithicle lena húsáid i dtrácht ar bhóithre a chur ar fionraí go dtí go gceartófar na heasnaimh. Ba cheart an fhionraí a thaifeadadh i gclár feithiclí Bhallstát an chláraithe.
(22)Ba cheart a mheas gur móreasnamh nó easnamh contúirteach é crioscaíl nó ionramháil a dhéanamh ar aon chomhpháirt d’fheithicil agus, dá bhrí sin, ba cheart é a bheith inphionóis le pionóis atá éifeachtach, comhréireach, athchomhairleach agus neamh-idirdhealaitheach.
(23)Leis na ceanglais atá ann faoi láthair a leagtar amach i dTreoracha 2014/45/AE agus 2014/47/AE do na Ballstáit dul i gcomhar le chéile agus na Treoracha sin á gcur chun feidhme acu, ní chuirtear ar a gcumas do na Ballstáit stádas dlíthiúil agus teicniúil feithicle a sheiceáil i gcásanna trasteorann. Chun éifeachtacht níos fearr a áirithiú, lena n‑áirítear i gcásanna den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit cúnamh a thabhairt dá chéile chun an Treoir a chur chun feidhme ar bhealach níos córasaí. Dá bhrí sin, is gá rialacha a leagan amach maidir le malartú faisnéise agus sonraí feithiclí chun go mbeidh na Ballstáit in ann cláir feithiclí agus bunachair sonraí ródacmhainneachta a chéile a cheadú, lena n‑áirítear inneachar deimhnithe ródacmhainneachta agus tuarascálacha maiDIr le hiniúchtaí teicniúla cois bóthair.
(24)Chun faisnéis a mhalartú maidir le feithiclí atá cláraithe san Aontas, d’fhorbair an Coimisiún ardán malartaithe teachtaireachtaí MOVE-HUB chun cláir náisiúnta leictreonacha na mBallstát a idirnascadh. Faoi láthair, óstálann an t‑ardán idirnascadh Chláir Eorpacha na nGnóthas Iompair de Bhóthair (ERRU), na gclár um cheadúnais tiomána (RESPER), na gclár um oiliúint tiománaithe gairmiúla (ProDriveNet) agus na gclár um chártaí tiománaí tacagraif (TACHOnet) agus tugtar fógra ann faoi fheithiclí a dteipeann orthu in iniúchadh cois bóthair.
(25)Ba cheart feidhmiúlachtaí MOVE-HUB a leathnú chun gur féidir an malartú faisnéise agus sonraí feithicle is gá a dhéanamh chun críocha Threoracha 2014/45/AE agus 2014/47/AE. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a gcórais leictreonacha ina bhfuil faisnéis maidir le deimhnithe ródacmhainneachta agus stair odaiméadair a nascadh le MOVE-HUB. Ba cheart malartú faisnéise agus sonraí trí MOVE-HUB a bheith oibríochtúil laistigh de 1 bhliain amháin tar éis ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme comhfhreagracha de bhun Airteagal 16 de Threoir 2014/45/AE agus Airteagal 18a de Threoir 2014/47/AE.
(26)D’fhéadfadh géarchéimeanna arb iad teagmhais thromchúiseacha is cúis leo, a tharlaíonn laistigh nó lasmuigh den Aontas, cur isteach go mór ar oibriú a chórais ródacmhainneachta. Le linn géarchéime, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann síneadh a chur le bailíocht deimhnithe ródacmhainneachta, lena n‑áirítear deimhnithe sealadacha ródacmhainneachta. Faoi réir údarú an Choimisiúin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit síneadh 6 mhí a chur le bailíocht riaracháin deimhnithe ródacmhainneachta agus deimhnithe sealadacha ródacmhainneachta atá ag dul in éag. I gcás ina mairfidh an ghéarchéim, ba cheart é a bheith indéanta síneadh breise a chur leis an mbailíocht.
(27)I bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar an líon feithiclí tráchtála éadroma atá i gcúrsaíocht laistigh den Aontas, ba cheart feithiclí tráchtála éadroma a bheith faoi réir iniúchtaí cois bóthair freisin chun cothrom iomaíochta a chur chun cinn d’oibreoirí tráchtála ar fud an Aontais agus chun tuilleadh feabhais a chur ar a sábháilteacht agus ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil.
(28)Maidir le hiniúchtaí cois bóthair, chun feithiclí ardastaíochta a shainaithint, is beart éifeachtach é úsáid a bhaint as trealamh cianbhraiteachta chun astaíochtaí sceite líon mór feithiclí a scagadh. Méadaíonn sé rátaí braite go mór i gcomparáid le modhanna tástála éigeantacha. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit trealamh cianbhraiteachta a úsáid go córasach chun scagadh a dhéanamh ar sciartha móra den fhlít feithiclí i bhfíordhálaí bóthair. Tomhas cianbhraiteachta aonair amháin lena léirítear astaíochtaí arda os cionn na dteorainneacha dlíthiúla, d’fhéadfadh baint a bheith aige le tosca éagsúla, amhail luasghéarú sealadach nó inneall fuar. Tomhais iomadúla, áfach, lena léirítear go córasach astaíochtaí atá i bhfad níos airde ná an meán, d’fhéadfaidís a bheith ina léiriú go bhfuil córas rialaithe astaíochtaí lochtach nó go ndearnadh modhnuithe neamhúdaraithe, amhail crioscaíl. Ós rud é go ngineann fabhtanna agus modhnuithe den sórt sin astaíochtaí iomarcacha a chuireann sláinte an duine agus an comhshaol i mbaol, ba cheart iad a dheisiú, agus ba cheart smachtbhannaí a fhorchur i gcás aon chrioscaíola.
(29)Dá thoradh sin, ba cheart an scagadh sin trí chianbhraiteacht a bheith ina chuid de chóras maidir le hiniúchadh cois bóthair gach Ballstáit. Chun go mbeidh an scagadh éifeachtach, ba cheart do gach Ballstát scagadh a dhéanamh ar choibhéis 30 % ar a laghad dá fhlít chláraithe mótarfheithiclí, lena n‑áirítear gluaisteáin agus gluaisrothair. Ar bhonn na sonraí cianbhraiteachta sin, ba cheart do na Ballstáit seiceáil a dhéanamh ar astaíochtaí sceite agus leibhéal torainn aon fheithicle a bhfuil amhras ann go n‑astaíonn sí níos mó ná dhá oiread mheánleibhéal na n‑astaíochtaí sin ó fheithiclí comhchosúla, nó níos mó ná 3 dB os cionn an mheánleibhéil torainn. D’fhéadfaí an tseiceáil sin a dhéanamh in iniúchadh cois bóthair díreach tar éis tomhas cianbhraiteachta nó i lárionad tástála ródacmhainneachta i mBallstát an chláraithe. I gcás feithiclí atá cláraithe i mBallstát eile, ba cheart don údarás inniúil mar a ndearnadh an tomhas cianbhraiteachta fógra a thabhairt d’údarás inniúil Bhallstát an chláraithe faoi thoradh an tomhais agus faoi thoradh aon iniúchta cois bóthair ina dhiaidh sin.
(30)Sonraítear le Treoir 2014/47/AE sciar íosta d’fheithiclí tráchtála troma atá le tástáil cois bóthair gach bliain san Aontas ach ní shocraítear aon sprioc léi ar leibhéal na mBallstát, rud a fhágann go bhfuil sé deacair forfheidhmiú an sciar íosta sin a áirithiú. Chun a áirithiú go rannchuideoidh iniúchtaí cois bóthair ar fheithiclí tráchtála le feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre agus le truailliú aeir a laghdú ar fud an Aontais, ba cheart do gach Ballstát líon iomlán iniúchtaí teicniúla tosaigh cois bóthair a dhéanamh gach bliain, arb é a bheidh ann 5 % ar a laghad den líon iomlán feithiclí tráchtála troma atá cláraithe ar a gcríoch.
(31)Chun claochlú digiteach a chur chun cinn agus chun costais a laghdú in earnáil an iompair, ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar a n‑údaráis inniúla glacadh le fianaise leictreonach ar chiiniúchtaí cois bóthair.
(32)Ós rud é go bhféadfadh daingniú neamhleor nó contúirteach lasta a bheith ina bhagairt thromchúiseach ar shábháilteacht ar bhóithre agus ar an gcomhshaol, ba cheart iniúchtaí ar dhaingniú lasta a bheith ina gcuid éigeantach d’iniúchtaí cois bóthair i ngach Ballstát.
(33)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún na rudaí seo a leanas a shonrú: (a) an tacar faisnéise teicniúla agus sonraí is gá le haghaidh tástáil ródacmhainneachta nach mór a chur ar fáil do na húdaráis inniúla, (b) gnéithe idir-inoibritheachta agus bearta slándála is infheidhme maidir leis na cóid QR a thugtar isteach ar dheimhnithe ródacmhainneachta, (c) na gnéithe agus na ceanglais is gá maidir le formáid agus inneachar na faisnéise agus na sonraí atá le malartú, agus (d) an fhormáid ina bhfuil na sonraí maidir le tástáil thréimhsiúil agus iniúchtaí cois bóthair le cur in iúl. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(34)Chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach, go háirithe chun na hiarscríbhinní a ghabhann le Treoracha 2014/45/AE agus 2014/17/AE a oiriúnú d’aon fhorbairt theicniúil, oibríochtúil nó eolaíoch, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún ionas (a) go sonróidh sé na modhanna chun an líon cáithníní ó innill adhainte deimhní a thomhas agus chun NOX ó innill adhainte comhbhrú agus deimhní a thomhas; agus ionas (b) go sonróidh sé na teorainneacha coiteanna le hastaíochtaí sceite nó torainn nó an dá rud, ar teorainneacha iad ba cheart a úsáid chun feithiclí ardastaíochta a shainaithint. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart go mbeadh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(35)Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, is iad sin feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre, saorghluaiseacht daoine a éascú agus astaíochtaí truailleán aeir a laghdú, a bhaint amach go leormhaith agus iad ag gníomhú ina n‑aonar toisc go bhfágfadh na rialacha náisiúnta lena rialófaí na seiceálacha sin ar fheithiclí go mbeadh ceanglais éagsúla ann. Dá thoradh sin, is fearr is féidir na cuspóirí sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais trí íoscheanglais choiteanna agus rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le hiniúchtaí teicniúla tréimhsiúla agus iniúchtaí teicniúla cois bóthair ar fheithiclí a bhíonn ag gluaiseacht laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(36)Cé go bhfuil sonraí maidir le hoibriú córas tástála ródacmhainneachta ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, níl sonraí den sórt sin ar fáil ar leibhéal an Aontais. Cuireann an easpa sonraí sin isteach ar anailís agus meastóireacht a dhéanamh ar an gcóras tástála ródacmhainneachta. Chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin, ba cheart do na Ballstáit, agus Treoir 2014/45/AE á cur chun feidhme acu, príomhshonraí a thuairisciú go tráthrialta don Choimisiún maidir leis an líon lárionad tástála i ngach Ballstát, an líon iomlán feithiclí a ndearnadh iniúchadh orthu de réir catagóire, na réimsí a seiceáladh, na hítimí ar theip orthu agus faisnéis maidir le tástálacha ródacmhainneachta arna ndéanamh ar fheithiclí atá cláraithe i mBallstát eile. Maidir le hiniúchtaí cois bóthair, ba cheart na hoibleagáidí tuairiscithe atá ar na Ballstáit faoi láthair a laghdú agus a shimpliú, agus gan gá a bheith le tuairisciú chomh minic céanna.
(37)Chun an t‑ualach riaracháin a íoslaghdú agus úsáideacht na faisnéise tuairiscithe a áirithiú an tráth céanna, ba cheart do na Ballstáit cur chun feidhme Threoracha 2014/45/AE agus 2014/47/AE a thuairisciú gach 3 bliana.
(38)Bíonn tionchar díreach ag an gcóras ródacmhainneachta ar shábháilteacht ar bhóithre, ar thorann agus ar astaíochtaí agus ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh air dá bhrí sin. Ar bhonn an ionchuir ó údaráis na mBallstát, ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le héifeachtacht fhorálacha Threoir 2014/45/AE, lena n‑áirítear forálacha maidir le raon feidhme, minicíocht tástála agus aithint deimhnithe sealadacha ródacmhainneachta, agus Threoir 2014/47/AE, lena n‑áirítear forálacha maidir le cianbhraiteacht.
(39)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an [DD/MM/YYYY].
(40)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n‑ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.
(41)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/45/AE agus Treoir 2014/47/AE a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2014/45/AE
Leasaítear Treoir 2014/45/CEE mar a leanas:
(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú fleasc:
‘–
feithiclí dhá roth nó trí roth – catagóirí feithiclí L3e, L4e, L5e agus L7e ag a bhfuil toilleadh innill is mó ná 125 cm3 nó ag a bhfuil uaschumhacht rátaithe leanúnach nó glanchumhacht uasta is mó ná 11 kW;
–
tarracóirí ar rothaí de chatagóirí T1b, T2b, T3b, T4.1b, T4.2b agus T4.3b, a n‑úsáidtear go príomha iad ar bhóithre poiblí, ag a bhfuil uasluas dearaidh is mó ná 40 km/h.
(b)i mír 2, scriostar an seachtú fleasc;
(2)Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
(a)cuirtear isteach an pointe (6a) seo a leanas:
‘(6a) ciallaíonn ‘feithicil nasctha’ aon fheithicil a bhfuil gaireas suiteáilte inti a cheaptar sa chaoi gur féidir nascadh gan sreang nó cumarsáid a dhéanamh le gairis, feithiclí, líonraí nó seirbhísí seachtracha;’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 10:
‘(10) ciallaíonn ‘formheas’ nós imeachta lena ndeimhníonn Ballstát go gcomhlíonann feithicil na forálacha riaracháin ábhartha agus na ceanglais theicniúla dá dtagraítear i Rialacháin (AE) Uimh. 167/2013, (AE) 168/2013 agus (AE) 2018/858;’
(c)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12:
‘(12) ciallaíonn ‘deimhniú ródacmhainneachta’ tuarascáil tástála ródacmhainneachta arna heisiúint ag an údarás inniúil nó ag lárionad tástála;’;
(d)cuirtear isteach an pointe (12a) seo a leanas:
(12a) ciallaíonn ‘deimhniú sealadach ródacmhainneachta’ deimhniú ródacmhainneachta arna eisiúint ag an údarás inniúil, nó ag lárionad tástála atá bunaithe i mBallstát seachas Ballstát cláraithe na feithicle i gcomhréir le hAirteagal 4(3);’;
(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:
‘Airteagal 4
Freagrachtaí
1.Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfar tástáil thréimhsiúil ar fheithiclí a chláraítear ar a chríoch i gcomhréir leis an Treoir seo.
2.Gab dochar do mhíreanna 3 agus 4, is é Ballstát cláraithe na feithicle a dhéanfaidh na tástálacha ródacmhainneachta, sin nó comhlacht poiblí ar ar chuir an Ballstát sin cúram sin i leith na dtástálacha céanna a dhéanamh nó forais a d’ainmnigh an Ballstát sin agus a ndéanann sé maoirseacht orthu, is gá chun an tástáil ródacmhainneachta a dhéanamh ar na nithe atá le tástáil, lena n‑áirítear comhlachtaí poiblí nó príobháideacha údaraithe.
3.I gcás fheithiclí M1, féadfar tástálacha ródacmhainneachta a dhéanamh freisin i mBallstát seachas Ballstát cláraithe na feithicle. Áireofar toradh na tástála ródacmhainneachta sin ar dheimhniú sealadach ródacmhainneachta, a bheidh bailí ar feadh 6 mhí. Cuirfidh an t‑údarás inniúil toradh na tástála in iúl do Bhallstát an chláraithe, agus déanfaidh an Ballstát é a thaifeadadh sa chlár náisiúnta feithiclí. Mar sin féin, mura n‑aithníonn Ballstát an chláraithe deimhnithe ródacmhainneachta arna n‑eisiúint ag an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le mír 4, déanfar an tástáil ródacmhainneachta ina dhiaidh sin i mBallstát cláraithe na feithicle.
4.Féadfaidh na Ballstáit deimhniú ródacmhainneachta arna eisiúint ag Ballstát seachas Ballstát cláraithe na feithicle a aithint, seachas an deimhniú sealadach ródacmhainneachta dá dtagraítear i mír 3. I gcásanna den sórt sin, measfar go mbeidh an deimhniú ródacmhainneachta sin coibhéiseach leis an deimhniú ródacmhainneachta arna eisiúint ag Ballstát an chláraithe. Na Ballstáit a chinnfidh aitheantas a thabhairt do dheimhniú ródacmhainneachta arna eisiúint ag Ballstát eile, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas dá réir sin.
5.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun a shonrú cén tacar faisnéise teicniúla is gá chun tástáil ródacmhainneachta a dhéanamh ar na hítimí atá le tástáil, ar úsáid na modhanna molta tástála, agus chun rialacha mionsonraithe i ndáil le formáid na sonraí a bhunú, agus na nósanna imeachta um rochtain a fháil ar an bhfaisnéis theicniúil ábhartha. Féadfar a áireamh san fhaisnéis theicniúil sin, go háirithe, treoracha agus sonraí maidir le comhéadan leictreonach na feithicle a úsáid, maidir le cóid diagnóise fabht, agus leaganacha bogearraí, agus tuairiscí agus léirithe ar tháscairí rabhaidh nó leideoirí.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).
6.I gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/858, cuirfidh monaróirí feithiclí an tacar faisnéise teicniúla dá dtagraítear i mír 5 ar fáil saor in aisce, agus gan moill mhíchuí, do na húdaráis inniúla ábhartha, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus i bhformáid mheaisín-inléite. Cuirfidh na húdaráis inniúla sin an fhaisnéis theicniúil sin ar fáil do na lárionaid tástála a údaróidh siad.
7.Áiritheoidh na Ballstáit go leagtar amach na cúraimí maidir le bail ródacmhainneach shábháilte a choinneáil ar fheithiclí sa dlí náisiúnta.
(4)cuirtear an tAirteagal 4a a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 4a
Léamha odaiméadair a thaifeadadh
1.Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun gur féidir léamha odaiméadair a thaifeadadh i mbunachar sonraí náisiúnta nó sa chlár náisiúnta feithiclí. Cuirfidh siad de cheangal ar aon soláthraí seirbhíse, chomh maith le haon lárionad tástála, a eisíonn sonrasc nó doiciméad eile i ndáil le haon obair dheisiúcháin nó chothabhála a dhéantar ar fheithicil, an léamh odaiméadair a thaifeadadh sa bhunachar sonraí sin nó sa chlár náisiúnta feithiclí sin nuair a dhéanfar an obair sin. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal freisin ar mhonaróirí feithiclí léamha odaiméadair feithiclí nasctha arna dtáirgeadh acu a tharchur gach 3 mhí ó dháta chéadchlárú na feithicle.
2.Déanfaidh na Ballstáit stair odaiméadair na bhfeithiclí atá cláraithe acu a chur ar fáil do chigirí, do shealbhóir an deimhnithe clárúcháin agus d’údaráis inniúla sna Ballstáit atá freagrach as tástáil ródacmhainneachta, as clárú feithiclí agus as ceadú feithiclí.
3.Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun ceannaitheoirí féideartha feithiclí athláimhe a chur ar an eolas faoin stair odaiméadair dá dtagraítear i mír 2 a bheith ar fáil.
4.Déanfaidh na Ballstáit na sonraí odaiméadair a stóráiltear sna bunachair sonraí náisiúnta agus sna cláir náisiúnta feithiclí dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil freisin, i bhfoirm anaithnidithe lena n‑áirítear na chéad 10 gcarachtar den uimhir aitheantais feithicle, do na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus don Choimisiún (Eurostat) i gcomhréir le hAirteagail 17a agus 17b de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009*.
Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164, ELI:
http://data.europa.eu/eli/reg/2009/223/oj
).’;
(5)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:
Airteagal 5
Dáta agus minicíocht na dtástálacha
1.Beidh feithiclí faoi réir tástálacha ródacmhainneachta ar a laghad laistigh de na hidirthréimhsí seo a leanas, gan dochar don tréimhse solúbthachta a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit faoi réir mhír 4:
(a)feithiclí de chatagóir M1 agus N1: 4 bliana tar éis dháta chéadchlárú na feithicle, agus gach 2 bhliain as sin amach go dtí 10 mbliana tar éis dháta chéadchlárú na feithicle, agus gach bliain as sin amach; beidh feithiclí de chatagóir N1 faoi réir tástála ródacmhainneachta freisin, áfach, maidir leis na hítimí a liostaítear i Roinn 8.2 d’Iarscríbhinn I, 1 bhliain amháin tar éis dháta chéadchlárú na feithicle, agus gach bliain ina dhiaidh sin;
(b)feithiclí de chatagóir M1 a úsáidtear mar thacsaithe nó mar otharcharranna, feithiclí de chatagóirí M2, M3, N2, N3, O3 agus O4: bliain amháin tar éis an dáta a céadchláraíodh an fheithicil, agus gach bliain as sin amach;
(c)Tarracóirí ar rothaí de chatagóirí T1b, T2b, T3b, T4.1b, T4.2b agus T4.3b a úsáidtear go príomha ar bhóithre poiblí chun críoch tarlaithe tráchtála de bhóthar: 4 bliana tar éis an dáta a céadchláraíodh an fheithicil, agus gach 2 bhliain as sin amach.
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, i gcás na dtástálacha ródacmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3), déanfar dáta éaga an deimhnithe ródacmhainneachta ina dhiaidh sin a chomhaireamh ó dháta éaga an deimhnithe shealadaigh ródacmhainneachta a eisíodh de thoradh na tástála sin.
2.Bunóidh na Ballstáit eatraimh iomchuí ina mbeidh feithiclí de chatagóirí L3e, L4e, L5e agus L7e le cur faoi réir tástála ródacmhainneachta, ar feithiclí iad ag a bhfuil toilleadh innill is mó ná 125 cm³ nó uaschumhacht rátaithe leanúnach nó glanchumhacht uasta is mó ná 11 kW.
3.D’ainneoin an dáta a rinneadh an tástáil ródacmhainneachta dheireanach ar fheithicil, déanfar tástáil ródacmhainneachta ar fheithiclí i gcás inar athraíodh nó inar modhnaíodh córais agus comhpháirteanna sábháilteachta agus comhshaoil na feithicle go mór.
4.Féadfaidh na Ballstáit nó na húdaráis inniúla tréimhse réasúnta a bhunú, tréimhse nach faide ná na hidirthréimhsí a leagtar síos i mír 1, ar lena linn a dhéanfar an tástáil ródacmhainneachta.’;
(6)Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
Maidir leis na catagóirí feithiclí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, cé is moite de chatagóirí L3e, L4e, L5e agus L7e, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcumhdófar leis na tástálacha ródacmhainneachta na réimsí dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn I.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3.
I gcás feithiclí de chatagóirí L3e, L4e, L5e agus L7e, ag a bhfuil toilleadh innill is mó ná 125 cm3 nó uaschumhacht rátaithe leanúnach nó glanchumhacht uasta is mó ná 11 kW, cinnfidh na Ballstáit na réimsí, na hítimí agus na modhanna iomchuí tástála.’;
(c)cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:
‘4.
Féadfaidh Ballstát an chláraithe a chinneadh gan a cheangal go ndéanfar ítimí 8.1 nó 8.2 de phointe 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a thástáil le linn na tástála ródacmhainneachta ar fheithicil i gcár inar éirigh leis an bhfeithicil sin i dtástáil astaíochtaí sceite nó i dtástáil torainn chomhfhreagrach, nó sa dá cheann, lena mbaineann seiceáil ar ítim 8.1 nó 8.2 nó ar an dá cheann de phointe 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/47/AE le linn na 6 mhí roimh dháta dlite na tástála ródacmhainneachta.’;
(7)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:
‘Airteagal 8
Deimhniú ródacmhainneachta
1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na lárionaid tástála, nó nuair is iomchuí, na húdaráis inniúla, a rinne tástáil ródacmhainneachta ar fheithicil, deimhniú ródacmhainneachta a eisiúint le haghaidh na feithicle sin ina mbeidh ar a laghad eilimintí caighdeánaithe chóid comhchuibhithe comhfhreagracha an Aontais mar a leagtar síos in Iarscríbhinn II. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar deimhnithe ródacmhainneachta a eisiúint mar ríomhdhearbhuithe tréithe do Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sna deimhnithe ródacmhainneachta an fhaisnéis is gá chun na deimhnithe sin a fhíordheimhniú agus a bhailíochtú.
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi eisitheoirí iontaofa deimhnithe ródacmhainneachta a choimeádfaidh siad cothrom le dáta. Cuirfidh an Coimisiún liosta de na heisitheoirí sin ar fáil go poiblí trí bhealach slán agus i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bheidh oiriúnach do phróiseáil uathoibríoch.
2.Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na lárionaid tástála nó, i gcás inarb ábhartha, ar na húdaráis inniúla asphrionta deimhnithe den deimhniú ródacmhainneachta a sholáthar, arna iarraidh sin, don duine a thabharfaidh an fheithicil i láthair lena tástáil. Beidh na hasphriontaí sin so-úsáidte agus beidh [barrachód][cód QR] idir-inoibritheach iontu, lena mbeifear in ann barántúlacht, bailíocht agus sláine na n‑asphriontaí a fhíorú. Faoi cheann 6 mhí ó ghlactar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 9, comhlíonfaidh an [barrachód][cód QR] na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme sin. Déanfar an fhaisnéis atá sa deimhniú a thaispeáint freisin i bhfoirm atá inléite ag an duine agus a sholáthar i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit eisiúna ar a laghad.
3.D’ainneoin Airteagal 5, i gcás ina ndéanfar athchlárú ar fheithicil atá cláraithe i mBallstát eile cheana, aithneoidh gach Ballstát an deimhniú ródacmhainneachta a d’eisigh an Ballstát eile sin, cibé acu i bhformáid leictreonach nó i bhformáid pháipéir, amhail agus gurbh é féin a d’eisigh an deimhniú sin, ar choinníoll go bhfuil an deimhniú ródacmhainneachta fós bailí i dtéarmaí na n‑idirthréimhsí minicíochta atá bunaithe le haghaidh tástálacha ródacmhainneachta tréimhsiúla i mBallstát an athchláraithe. Déanfaidh na Ballstáit aon eiseamal nua den deimhniú ródacmhainneachta, agus an tuairisc ar an tacar sonraí a eisítear do dheimhnithe ródacmhainneachta mar ríomhdhearbhuithe tréithe, a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile gan moill mhíchuí. Foilseoidh an Coimisiún na heiseamail sin agus na tuairiscí sin ar na tacair sonraí.
4.I dteannta fhorálacha mhír 3, aithneoidh na Ballstáit bailíocht deimhnithe ródacmhainneachta, bíodh sé i bhformáid leictreonach nó pháipéir, i gcás ina dtagann athrú ar úinéireacht feithicle a bhfuil cruthúnas bailí ar thástáil thréimhsiúil ródacmhainneachta ina leith.
5.Aithneoidh Ballstát an chláraithe bailíocht deimhnithe shealadaigh ródacmhainneachta arna eisiúint i mBallstát eile.
6.Cuirfidh na lárionaid tástála in iúl go leictreonach d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann an fhaisnéis atá sna deimhnithe ródacmhainneachta a eisíonn siad. Cuirfear sin in iúl laistigh de thréimhse ama réasúnta tar éis gach deimhniú ródacmhainneachta a eisiúint. Cinnfidh na Ballstáit an tréimhse a mbeidh ar an údarás inniúil an fhaisnéis sin a choinneáil lena linn. Tréimhse nach lú ná 36 mí a bheidh sa tréimhse sin, gan dochar do chórais náisiúnta chánach na mBallstát.
7.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis a áiríodh sa dheimhniú ródacmhainneachta roimhe seo a chur ar fáil do na cigirí.
8.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar fógra faoi thorthaí na tástála ródacmhainneachta a thabhairt don údarás atá freagrach as an bhfeithicil a chlárú a luaithe is féidir, é sin nó áiritheoidh siad go gcuirfear ar fáil go leictreonach iad. Beidh san fhógra sin an fhaisnéis atá san áireamh sa deimhniú ródacmhainneachta.
9.Faoin [dáta teacht i bhfeidhm + 2 bhliain], glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na sonraíochtaí teicniúla agus na rialacha a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
(a)na deimhnithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a eisiúint agus a fhíorú ar bhealach slán;
(b)cosaint agus slándáil sonraí pearsanta a áirithiú;
(c)struchtúr coiteann sonraí deimhnithe ródacmhainneachta a leagan síos;
(d)[barrachód][cód QR] bailí, slán agus idir-inoibritheach a eisiúint agus a fhíorú
(e)fógra a thabhairt d’eisitheoirí iontaofa deimhnithe ródacmhainneachta.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).
________________________________
**Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32014R0910)’;
(8)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:
‘Airteagal 9
Obair leantach maidir le heasnaimh
1.I gcás nach mbeidh ann ach mioneasnaimh, measfar gur éirigh leis an bhfeithicil sa tástáil, déanfar na heasnaimh a leigheas agus ní dhéanfar í a thástáil an athuair.
2.I gcás ina mbeidh móreasnaimh ann, measfar gur theip ar an bhfeithicil sa tástáil. Cinnfidh an Ballstát nó an t‑údarás inniúil an tréimhse ar lena linn a fhéadfar an fheithicil i gceist a úsáid sula mbeidh sé de cheangal uirthi dul faoi thástáil ródacmhainneachta eile, tástáil a dhéanfar tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis na tástála tosaigh. Déanfar toradh na tástála agus an teorainn ama go dtí an tástáil ina dhiaidh sin a chur in iúl do Bhallstát an chláraithe agus iad a thaifeadadh sa chlár feithiclí i gcomhréir le hAirteagal 3a(1) de Threoir 1999/37/CE ón gComhairle***. Féadfar an tástáil ina dhiaidh sin a dhéanamh sa Bhallstát inar theip ar an bhfeithicil sa tástáil tosaigh, nó i mBallstát an chláraithe.
3.I gcás easnaimh chontúirteacha, measfar gur theip ar an bhfeithicil sa tástáil. Féadfaidh an Ballstát nó an t‑údarás inniúil a chinneadh nach n‑úsáidfear an fheithicil i gceist ar bhóithre poiblí agus go gcuirfear an t‑údarú lena húsáid i dtrácht ar bhóithre ar fionraí ar feadh tréimhse theoranta ama, gan gá a bheith le próiseas nua clárúcháin. Déanfar fógra faoi iarraidh den sórt sin ar fhionraí a thabhairt do Bhallstát an chláraithe agus an fhionraí a thaifeadadh sa chlár feithiclí i gcomhréir le hAirteagal 3a(1) de Threoir 1999/37/CE. Nuair a cheartófar na heaspaí, eiseofar deimhniú nua ródacmhainneachta gan mhoill lena ndeimhneofar go bhfuil an fheithicil i riocht ródacmhainneach. Is é an t‑údarás inniúil a d’iarr an fhionraí a eiseoidh an deimhniú nua.
4.I gcás ina ndearnadh crioscaíl nó ionramháil fhollasach ar aon chomhpháirt den fheithicil, lena n‑áirítear a córas rialaithe astaíochtaí, a ciúnadóir, na córais aici a bhaineann le sábháilteacht, nó a hodaiméadair, d’fhonn taifead faid feithicle a laghdú nó mífhaisnéis a thabhairt ina leith, measfar gur móreasnamh nó easnamh contúirteach í an chrioscaíl nó an ionramháil sin agus beidh sí inphionóis le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha, athchomhairleacha agus neamh-idirdhealaitheacha.
***
Treoir 1999/37/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1999 maidir le deimhnithe clárúcháin feithicle (IO L 138, 1.6.1999, lch. 57, ELI:
http://data.europa.eu/eli/dir/1999/37/oj
)’;
(9)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:
‘Airteagal 16
Malartú sonraí idir údaráis na mBallstát
1.Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile i gcur chun feidhme na Treorach seo. Malartóidh siad faisnéis agus sonraí, go háirithe d’fhonn seiceáil a dhéanamh, tráth na tástála ródacmhainneachta, ar stádas dlíthiúil agus teicniúil na feithicle, i gás inar gá sa Bhallstát ina bhfuil sé cláraithe.
Tabharfaidh na Ballstáit rochtain ar shonraí clárúcháin feithicle, ar shonraí maidir le hinneachar na ndeimhnithe comhréireachta, inneachar an deimhnithe ródacmhainneachta dheireanaigh, inneachar aon tuarascála maidir le hiniúchadh teicniúil cois bóthair agus stair odaiméadair na feithicle atá stóráilte i mbunachair sonraí náisiúnta, d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus do lárionaid tástála arna n‑údarú ag na Ballstáit eile.
Déanfaidh na Ballstáit a gcórais leictreonacha maidir le deimhnithe ródacmhainneachta agus stair odaiméadair a idirnascadh trí chóras leictreonach MOVE-HUB a d’fhorbair an Coimisiún i riocht agus go mbeidh údaráis inniúla agus lárionaid tástála údaraithe aon Bhallstáit in ann bunachar sonraí ábhartha nó clár náisiúnta feithiclí aon Bhallstáit eile a cheadú i bhfíor-am.
2.Faoin [CUIR ISTEACH DÁTA: 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na treorach seo], glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na socruithe is gá chun feidhmiúlachtaí chóras leictreonach MOVE-HUB a chur chun feidhme agus lena sonraítear na híoscheanglais maidir le formáid agus inneachar na faisnéise agus na sonraí atá le malartú ag na Ballstáit maidir le feithiclí atá faoi réir tástáil ródacmhainneachta. Áiritheofar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin go gcosnófar sonraí pearsanta agus glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).
3.Beidh idirnaisc na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i mír 1 oibríochtúil laistigh de 1 bhliain amháin tar éis ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2.’;
(10)Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:
‘–
na hainmniúcháin catagóirí feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), Airteagal 5(1) agus (2), agus Airteagal 6(1) agus (2) amháin a nuashonrú de réir mar is iomchuí i gcás athruithe ar na catagóirí feithiclí de dheasca leasuithe ar an reachtaíocht chineálcheadúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2(1), gan difear a dhéanamh do raon feidhme ná minicíocht tástála;’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc:
‘–
pointe 3 d’Iarscríbhinn I a oiriúnú, tar éis measúnú dearfach ar na costais agus na tairbhí lena mbaineann, i ndáil leis an liosta d’ítimí tástála, modhanna, cúiseanna leis an teip agus measúnú ar easnaimh;’;
(c)cuirtear an ceathrú fleasc seo a leanas leis:
‘–
na modhanna a shonrú chun an líon cáithníní (PN) ó innill adhainte deimhní a thomhas agus chun na hocsaídí nítrigine (NOX) ó innill adhainte comhbhrú agus deimhní a thomhas dá bhforáiltear i Roinn 8.2 de phointe 3 d’Iarscríbhinn I.’;
(11)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:
‘Airteagal 20
Tuairisciú
Faoin [2 bhliain ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 20a(1)], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus éifeachtaí na Treorach seo, go háirithe a mhéid a bhaineann le héifeachtacht na bhforálacha maidir lena raon feidhme, go háirithe i ndáil le feithiclí de chatagóir L, minicíocht na tástála, aitheantas frithpháirteach do dheimhnithe ródacmhainneachta i gcásanna ina ndéantar feithiclí de thionscnamh Ballstáit eile a athchlárú agus aitheantas do dheimhnithe sealadacha ródacmhainneachta. Déanfar anailísiú sa tuarascáil freisin féachaint an gá na hIarscríbhinní a nuashonrú, go háirithe i bhfianaise dul chun cinn theicniúil agus cleachtas teicniúil.’;
(12)cuirtear an tAirteagal 20a a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 20a
Faisnéis a chur in iúl don Choimisiún
1.Faoin 31 Márta 2030, agus faoin 31 Márta gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, tríd an ardán tuairiscithe ar líne dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**** (‘ríomhardán’), na sonraí a bailíodh a bhaineann le gach ceann de na 3 bliana féilire roimhe sin agus leis na feithiclí a ndearnadh iniúchadh orthu ar a gcríoch. Áireofar sna sonraí sin na nithe seo a leanas (in aghaidh na bliana féilire):
(a)an líon lárionad tástála in aghaidh an Bhallstáit;
(b)an líon iomlán feithiclí a ndearnadh iniúchadh orthu;
(c)an líon feithiclí a ndearnadh iniúchadh orthu in aghaidh na catagóire;
(d)na réimsí a seiceáladh, agus na hítimí ar theip orthu, i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo;
(e)líon, catagóir agus [ráta teipe][toradh tástála] na bhfeithiclí arna dtástáil agus arna gclárú i mBallstát eile.
Cumhdófar 2027, 2028 agus 2029, ar leithligh, leis an gcéad tuarascáil.
2.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an fhormáid atá le húsáid ag na Ballstáit chun na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a chur in iúl tríd an ríomhardán. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).
Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na sonraí arna mbailiú de bhun mhír 1.
****
Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1, ELI :
https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32018R1999
).’;
(13)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:
‘Airteagal 22
Síneadh a chur le bailíocht deimhnithe ródacmhainneachta i gcás géarchéime
1.Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)ciallaíonn ‘géarchéim’ teagmhas eisceachtúil, gan choinne agus tobann, atá nádúrtha nó de dhéantús an duine agus de chineál agus de scála urghnách a tharlaíonn laistigh nó lasmuigh den Aontas, a imríonn tionchair mhóra dhíreacha nó indíreacha ar réimse an iompair de bhóthar agus a choisceann nó a chuireann isteach go mór freisin ar an bhféidearthacht ag úinéirí nó ag sealbhóirí feithiclí atá cláraithe sna Ballstáit nó ag údaráis náisiúnta ábhartha tástálacha ródacmhainneachta a dhéanamh;
(b)ciallaíonn ‘tréimhse ghéarchéime’ an tréimhse ar lena linn a údaraíonn an Coimisiún Ballstát, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2, na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh.
2.I gcás géarchéime lena gcumhdaítear críoch iomlán Ballstáit nó cuid di, féadfaidh an Ballstát sin an t‑ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún, trí bhíthin iarraidh chuí-réasúnaithe, d’fhonn cinneadh a ghlacadh lena n‑údarófar don Bhallstát sin na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh maidir lena chríoch uile nó maidir le cuid dá chríoch. Féadfar bearta den sórt sin a chur i bhfeidhm ar feadh uastréimhse 6 mhí. Féadfaidh an Coimisiún a údarú go gcuirfear síneadh leis na bearta, arna iarraidh sin don Bhallstát, ar feadh tréimhsí breise 6 mhí, fad a mhairfidh an ghéarchéim.
3.Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh gur thosaigh an tréimhse ghéarchéime sular tharchuir an Ballstát i gceist an t‑ábhar de bhun mhír 2.
4.Má fhaigheann an Coimisiún iarrataí cuí-réasúnaithe ó dhá Bhallstát nó níos mó a bhaineann le cás géarchéime aonair lena gcumhdaítear a gcríocha uile nó cuid díobh, féadfaidh sé cinneadh aonair a ghlacadh a mbeidh feidhm aige maidir leis na Ballstáit sin uile.
5.D’ainneoin Airteagal 5(1), Airteagal 10(1) agus phointe 8 d’Iarscríbhinn II, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát síneadh a chur le tréimhse bhailíochta deimhnithe ródacmhainneachta na gcatagóirí feithiclí uile nó catagóirí áirithe feithiclí atá dulta in éag nó a rachadh in éag murach sin le linn na tréimhse géarchéime, ar feadh uastréimhse 6 mhí. Féadfar an tréimhse sin a athnuachan ar feadh tréimhsí breise comhleanúnacha 6 mhí, fad a mhairfidh an ghéarchéim, agus fad a údaróidh an Coimisiún iad.
6.Tabharfar fógra láithreach don Choimisiún faoi na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit ar bhonn an Airteagail seo, agus cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.’;
(14)Leasaítear Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo.
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 2014/47/AE
Leasaítear Treoir 2014/47/CEE mar a leanas:
(1)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:
‘Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Treoir seo íoscheanglais maidir le córas iniúchtaí teicniúla cois bóthair ar ródacmhainneacht feithiclí tráchtála, agus maidir le cianbhraiteacht feithiclí, a bhíonn ag gluaiseacht laistigh de chríoch na mBallstát.’;
(2)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i)
cuirtear an pointe (aa) seo a leanas isteach:
‘(aa) mótarfheithiclí arna ndearadh agus arna dtógáil go príomha le hearraí a iompar ag a bhfuil uasmhais nach mó ná 3.5 tona – catagóir feithiclí N1;’;
(ii)
cuirtear isteach an dara fomhír seo a leanas:
‘Beidh feidhm ag Airteagal 4a freisin maidir le mótarfheithiclí arna ndearadh agus arna dtógáil go príomha chun daoine agus a gcuid bagáiste a iompar nach bhfuil níos mó ná ocht gcinn d’ionaid suí iontu de bhreis ar ionad suí an tiománaí – catagóir feithicle M1, agus maidir le mótarfheithiclí dhá roth, trí roth nó ceithre roth dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***** – catagóir feithicle L.
*****
Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1, ELI:
https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32013R0167
).’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do cheart na mBallstát iniúchtaí teicniúla cois bóthair a dhéanamh ar fheithiclí nach dtagraítear dóibh i mír 1, ná gnéithe eile iompair de bhóthar agus sábháilteachta a sheiceáil, ná iniúchtaí a dhéanamh in áiteanna seachas ar bhóithre poiblí. Ní chuirfidh aon ní sa Treoir seo de chosc ar Bhallstát teorainn a chur le húsáid cineál áirithe feithicle ar chodanna faoi leith dá ghréasán bóithre ar mhaithe le sábháilteacht ar bhóithre.’;
(3)Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11:
‘(11) ciallaíonn ‘deimhniú ródacmhainneachta’ tuarascáil tástála ródacmhainneachta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (12) de Threoir 2014/45/AE;’;
(b)scriostar pointe 18;
(c)cuirtear pointí (21) agus (22) isteach mar a leanas:
‘(21) ciallaíonn ‘cianbhraiteacht’ feithiclí a scagadh trí astaíochtaí sceite, lena n‑áirítear ocsaídí nítrigine agus ábhar cáithníneach, a thomhas ar an mbóthar nó tomhas a dhéanamh ar leibhéil torainn feithiclí a théann gar do threalamh seasta nó soghluaiste cois bóthair, nó trí thóir scairdghaile i gcás feithiclí a scagadh i ndáil le hastaíochtaí truailleán aeir;
(22) ciallaíonn ‘tóir scairdghaile’ astaíochtaí truailleán aeir ó fheithiclí a bheith á dtomhas ar an mbóthar ag feithicil tóraíochta feistithe le gaireas samplála agus ionstraim tomhais iomchuí agus í ag teacht ina ndiaidh.’;
(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:
‘Airteagal 4
Córas iniúchta cois bóthair
Áireofar sa chóras maidir le hiniúchadh teicniúil cois bóthair cianbhraiteacht dá dtagraítear in Airteagal 4a, iniúchtaí teicniúla tosaigh cois bóthair dá dtagraítear in Airteagal 10(1), agus iniúchtaí teicniúla níos mionsonraithe cois bóthair dá dtagraítear in Airteagal 10(2).’
(5)cuirtear an tAirteagal 4a a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 4a
Cianbhraiteacht
1.Bainfidh na Ballstáit úsáid as teicneolaíocht chianbhraiteachta chun mótarfheithiclí a scagadh i ndáil lena n‑astaíochtaí truailleán aeir agus torainn. Gach bliain, déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun scagadh a dhéanamh ar choibhéis 30 % ar a laghad den fhlít mótarfheithiclí atá cláraithe ar a chríoch agus úsáid á baint as an teicneolaíocht sin.
2.Bainfidh na Ballstáit úsáid as torthaí na cianbhraiteachta sin chun feithiclí ardastaíochta a shainaithint. Mar sin féin, ní mheasfar gur theip ar fheithicil in iniúchadh cois bóthair ná gur éirigh léi ar bhonn tomhas cianbhraiteachta aonair.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun astaíochtaí sceite nó leibhéal torainn nó an dá rud a fhíorú i gcás aon fheithicil a bhfuil amhras ann fúithi, bunaithe ar shonraí cianbhraiteachta de thrí thomhas ar a laghad ón bhfeithicil sin laistigh de thréimhse 6 mhí, go n‑astaíonn sí os cionn leibhéal áirithe. I gcás astaíochtaí sceite, beidh an leibhéal sin dhá oiread an mheánleibhéil i gcás feithiclí a bhaineann leis an gcatagóir feithicle chéanna, leis an aicme astaíochtaí chéanna, agus a bhfuil an cineál céanna adhainte acu, is é sin adhaint dheimhneach nó chomhbhrú. Maidir le torann, beidh an leibhéal 3 dB os cionn an mheánleibhéil i gcás feithiclí a bhaineann leis an gcatagóir feithicle chéanna.
Féadfaidh na Ballstáit an fíorú sin a dhéanamh mar a leanas:
(a)díreach tar éis tomhas cianbhraiteachta, mar chuid d’iniúchadh teicniúil cois bóthair arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 10, lena n‑áirítear tástáil torainn nó astaíochtaí sceite nó an dá rud i gcomhréir le pointe 3, ítim 8 d’Iarscríbhinn II;
(b)laistigh de 15 lá ón tomhas cianbhraiteachta deireanach i lárionad tástála dá dtagraítear in Airteagal 12 de Threoir 2014/45/AE, i gcás feithiclí atá cláraithe sa Bhallstát ina ndearnadh na tomhais chianbhraiteachta, tar éis don údarás inniúil fógra a thabhairt don úinéir laistigh de 5 lá ón tomhas cianbhraiteachta deireanach.
3.Maidir le feithiclí atá cláraithe i mBallstát eile, tabharfaidh an t‑údarás inniúil fógra d’údarás inniúil Bhallstát an chláraithe faoi na tomhais chianbhraiteachta agus faoi aon iniúchadh teicniúil cois bóthair ina ndiaidh sin, trí na pointí teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 17 den Treoir seo. I gcás nach ndearnadh aon iniúchadh cois bóthair ina dhiaidh sin, iarrfaidh Ballstáit an chláraithe ar shealbhóir an deimhnithe clárúcháin feithicle an fheithicil a chur i láthair ag aon lárionad tástála dá dtagraítear in Airteagal 12 de Threoir 2014/45/AE 45 lá ar a dhéanaí tar éis an fógra a fháil ón mBallstát ina ndearnadh na tomhais chianbhraiteachta.
4.Féadfaidh na Ballstáit na hastaíochtaí sceite, an leibhéal torainn, nó an dá rud, a fhíorú freisin i gcás aon fheithicil a bhfuil amhras ann fúithi go n‑astaíonn sí níos mó ná dhá oiread an mheánleibhéil, nó níos mó ná 3 dB os a chionn, dá dtagraítear i mír 2 gan é a bheith bunaithe ach ar thomhas cianbhraiteachta amháin nó ar dhá thomhas cianbhraiteachta. Déanfar an fíorú sin i gcomhréir le mír 3.’;
(6)in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
‘1.
Maidir leis na feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a), (b), (c) agus (d), déanfaidh na Ballstáit líon iomlán iniúchtaí teicniúla tosaigh cois bóthair, in aghaidh na bliana féilire, a chomhfhreagraíonn do 5 % ar a laghad de líon iomlán na bhfeithiclí sin atá cláraithe ar a gcríoch.
2.I gcás feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (aa), déanfaidh na Ballstáit líon iomlán iniúchtaí teicniúla tosaigh cois bóthair, in aghaidh na bliana féilire, a chomhfhreagraíonn do 2 % ar a laghad de líon iomlán na bhfeithiclí sin atá cláraithe ar a gcríoch.’;
(7)in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘Chun próifíl riosca a shannadh do ghnóthas, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Úsáidfear an fhaisnéis sin chun seiceálacha níos dlúithe agus níos minice a dhéanamh ar ghnóthais a bhfuil scór ard rátála riosca acu. Is iad údaráis inniúla na mBallstát a oibreoidh an córas grádaithe riosca.
I gcás na bhfeithiclí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) go (c), áiritheoidh na Ballstáit, i ndáil leis an bhbhfaisnéis maidir leis an líon easnamh agus a ndéine, a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus, i gcás inarb infheidhme, in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo, ar easnaimh iad a aimsítear i bhfeithiclí arna n‑oibriú ag gnóthais aonair, go ndéanfar an fhaisnéis sin a thabhairt isteach sa chóras rátála riosca a bhunaítear de bhun Airteagal 9 de Threoir 2006/22/CE.’;
(8)in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1.
Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar thiománaithe an deimhniú ródacmhainneachta a chomhfhreagraíonn don tástáil thréimhsiúil ródacmhainneachta is déanaí a bheith ar fáil dóibh i bhformáid leictreonach, nó asphrionta deimhnithe de a bheith ar fáil dóibh, chomh maith leis an tuarascáil ar an iniúchadh teicniúil cois bóthair is déanaí. Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar a n‑údaráis glacadh le fianaise leictreonach ar na tástálacha agus na hiniúchtaí ródacmhainneachta sin.’;
(9)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:
‘Airteagal 9
Feithiclí a roghnú don iniúchadh teicniúil tosaigh cois bóthair
Agus feithiclí ar a ndéanfar an iniúchadh teicniúil cois bóthair á sainaithint acu, féadfaidh cigirí feithiclí arna n‑oibriú ag gnóthais a bhfuil próifíl ardriosca acu a roghnú mar thosaíocht i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo nó dá dtagraítear i dTreoir 2006/22/CE. Féadfar feithiclí a roghnú go randamach freisin le haghaidh iniúchta, nó i gcás ina mbeidh amhras réasúnach ann go bhfuil riosca do shábháilteacht ar bhóithre nó don chomhshaol ag baint leis an bhfeithicil, lena n‑áirítear ar bhonn cianbhraiteachta.’;
(10)in Airteagal 10, mír 1, leasaítear an dara fomhír mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) seiceálfaidh sé an deimhniú ródacmhainneachta agus an tuarascáil is déanaí maidir le hiniúchadh teicniúil cois bóthair, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 7(1) agus le hAirteagal 18a(1);’;
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) déanfaidh sé measúnú amhairc ar dhaingniú lasta na feithicle i gcomhréir le hAirteagal 13;’;
(11)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:
‘Airteagal 13
Ceangal an lasta a iniúchadh
1.Le linn iniúchtaí cois bóthair, beidh feithiclí faoi réir iniúchadh ar dhaingniú a lasta i gcomhréir le hIarscríbhinn III, chun a áirithiú go bhfuil an lasta daingnithe i riocht agus nach gcuireann sé isteach ar thiomáint shábháilte, ná nach gcuireann sé beatha, sláinte, maoin ná an comhshaol i mbaol. Féadfar seiceálacha a dhéanamh chun an méid seo a leanas a fhíorú le linn gach cineáil oibríochta de chuid na feithicle, éigeandálaí nó ionramháil chun feithicil a chur ag gluaiseacht in éadan an aird san áireamh:
(a)ní féidir le hualaí a suíomh i gcoibhneas le chéile a athrú ach ar éigean, in aghaidh bhallaí nó dhromchlaí na feithicle;
(b)ní bhogfaidh na lastaí thar spás an lasta amach, ná lasmuigh den dromchla lódála.
2.Gan dochar do na ceanglais is infheidhme maidir le hiompar earraí de chatagóirí áirithe, amhail earraí a chumhdaítear le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle******, daingneofar lasta agus déanfar iniúchadh ar dhaingniú lasta i gcomhréir leis na prionsabail agus, i gcás inarb iomchuí, leis na caighdeáin a leagtar síos i Roinn I d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo. Féadfar úsáid a bhaint as an leagan is déanaí de na caighdeáin a leagtar síos i bpointe 5 den Roinn sin.
3.Féadfaidh feidhm a bheith ag na nósanna imeachta leantacha dá dtagraítear in Airteagal 14 freisin i gcás móreasnamh nó easnaimh chontúirteacha a bhaineann le ceangal lasta.
4.Maidir le pearsanra a bhfuil baint acu le seiceálacha ar dhaingniú lasta, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh oiliúint iomchuí orthu chun na críche sin.
******
Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 i ndáil le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13, ELI:
http://data.europa.eu/eli/dir/2008/68/oj
).’;
(12)in Airteagal 14, cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:
‑‘4. Crioscaíl nó ionramháil fhollasach a bheith déanta ar aon chomhpháirt den fheithicil, lena náirítear a córas rialaithe astaíochtaí, a ciúnadóir agus na córais aici a bhaineann le sábháilteacht, measfar gur móreasnamh nó easnamh contúirteach í an chrioscaíl nó an ionramháil sin agus beidh sí inphionóis le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha, athchomhairleacha agus neamh-idirdhealaitheacha.’;
(13)in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2.
Tar éis don iniúchóir iniúchadh níos mine a dhéanamh, tarraingeoidh sé suas tuarascáil i gcomhréir le hIarscríbhinn IV. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar cóip leictreonach den tuarascáil iniúchta do thiománaí na feithicle.’;
(14)in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. I gcás ina n‑aimseofar móreasnaimh nó easnaimh chontúirteacha, nó easnaimh arb é an toradh orthu srianadh nó cosc ar úsáid na feithicle, i bhfeithicil nach bhfuil cláraithe i mBallstát an iniúchta, cuirfidh an pointe teagmhála torthaí an iniúchta in iúl do phointe teagmhála an Bhallstáit ina bhfuil an fheithicil cláraithe. Beidh san fhógra sin na heilimintí den tuarascáil iniúchta cois bóthair a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus cuirfear an fógra in iúl do phointe teagmhála Bhallstát an chláraithe tríd an gcóras teachtaireachtaí (córas iniúchta cois bóthair) dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2205 ón gCoimisiún*******.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta chun fógra a thabhairt do phointe teagmhála Bhallstát an chláraithe i leith feithiclí a bhfuil móreasnaimh nó easnaimh chontúirteacha orthu de bhun na chéad fhomhíre den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).
*******Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2205 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2017 maidir le rialacha mionsonraithe a bhaineann leis na nósanna imeachta chun fógra a thabhairt i leith feithiclí tráchtála a bhfuil móreasnaimh nó easnaimh chontúirteacha orthu arna sainaithint le linn iniúchadh teicniúil cois bóthair (IO L 314, 30.11.2017, lch. 3, ELI:
http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2205/oj
).’;
(15)cuirtear an tAirteagal 18a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 18a
Malartú sonraí idir údaráis na mBallstát
1.Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile i gcur chun feidhme na Treorach seo. Malartóidh siad faisnéis agus sonraí, go háirithe d’fhonn seiceáil a dhéanamh, tráth na hiniúchta cois bóthair ar fheithicil, ar a stádas dlíthiúil agus teicniúil, i gcás inar gá, sa Bhallstát ina bhfuil sí cláraithe.
Tabharfaidh na Ballstáit rochtain ar shonraí maidir le hinneachar na ndeimhnithe comhréireachta, inneachar an deimhnithe ródacmhainneachta dheireanaigh, inneachar aon tuarascála maidir le hiniúchadh teicniúil cois bóthair agus stair odaiméadair na feithicle, atá stóráilte i mbunachair sonraí náisiúnta, d’údaráis inniúla na mBallstát eile.
Déanfaidh na Ballstáit a gcórais leictreonacha maidir le deimhnithe ródacmhainneachta agus stair odaiméadair a idirnascadh trí chóras leictreonach MOVE-HUB a d’fhorbair an Coimisiún i riocht agus go mbeidh údaráis inniúla aon Bhallstáit in ann bunachar sonraí ábhartha nó clár náisiúnta feithiclí aon Bhallstáit eile a cheadú i bhfíor-am.
2.Faoin [CUIR ISTEACH DÁTA: 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na treorach seo], glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na socruithe is gá chun feidhmiúlachtaí chóras leictreonach MOVE-HUB a chur chun feidhme agus lena sonraítear na híoscheanglais maidir le formáid agus inneachar na faisnéise agus na sonraí atá le malartú ag na Ballstáit maidir le feithiclí atá faoi réir iniúchtaí cois bóthair. Áiritheofar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin go gcosnófar sonraí pearsanta agus glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).
3.Beidh idirnaisc na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i mír 1 oibríochtúil laistigh de 1 bhliain amháin tar éis ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2.’;
(16)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:
‘Airteagal 20
Faisnéis a chur in iúl don Choimisiún
1.Faoin 31 Márta 2030, agus faoin 31 Márta gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, tríd an ardán tuairiscithe ar líne dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle******** (‘ríomhardán’), na sonraí a bailíodh a bhaineann le gach ceann de na 3 bliana féilire roimhe sin agus leis na feithiclí a ndearnadh iniúchadh orthu ar a gcríoch. Áireofar sna sonraí sin an fhaisnéis seo a leanas, in aghaidh na bliana féilire:
(a)an líon iomlán feithiclí a ndearnadh iniúchadh orthu;
(b)an líon feithiclí a ndearnadh iniúchadh orthu in aghaidh na catagóire;
(c)an tír ina bhfuil gach feithicil a ndearnadh iniúchadh uirthi cláraithe;
(d)i gcás iniúchtaí níos mionsonraithe, na réimsí a seiceáladh agus na hítimí ar theip orthu, i gcomhréir le pointe 10 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo;
(e)torthaí na dtomhas cianbhraiteachta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4a den Treoir seo.
Cumhdófar 2027, 2028 agus 2029, ar leithligh, leis an gcéad tuarascáil.
2.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis an bhformáid chun na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a chur in iúl tríd an ríomhardán. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2). Go dtí go dtiocfaidh na rialacha sin i bhfeidhm, úsáidfidh na Ballstáit an fhoirm chaighdeánach tuairiscithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V.
Tuairisceoidh an Coimisiún na sonraí a bhaileofar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
********
Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1, ELI :
https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32018R1999
).’;
(17)Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara agus an tríú fleasc:
‘–
pointe 3 d’Iarscríbhinn II a nuashonrú i dtaca le modhanna i gcás ina mbeidh modhanna tástála níos éifeachtúla agus nós éifeachtaí ar fáil, gan cur le liosta de na nithe atá le tástáil;
–
pointe 3 d’Iarscríbhinn II a oiriúnú, tar éis measúnú dearfach ar na costais agus na tairbhí lena mbaineann, i dtaca le liosta de na nithe tástála, na modhanna, na cúiseanna mainneachtana agus measúnú ar na heasnaimh i gcás athrú ar cheanglais éigeantacha a bheadh ábhartha maidir le cineálcheadú i réimse shábháilteacht an Aontais nó sa reachtaíocht chomhshaoil;’;
(b)cuirtear an ceathrú agus an cúigiú fleasc seo a leanas leis:
‘–
teorainneacha coiteanna [cianbhraiteachta] a shocrú i gcás astaíochtaí sceite nó torainn, nó iad araon, a bheidh le húsáid chun feithiclí ardastaíochta a shainaithint, bunaithe ar na torthaí a chuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20(1), pointe (e); féadfar teorainneacha éagsúla a shocrú chun sainaithint a dhéanamh ar fheithiclí a bhfuil córais rialaithe astaíochtaí acu atá lochtach agus feithiclí a bhfuil córais rialaithe astaíochtaí acu a ndearnadh crioscaíl leo;
–
na modhanna a shonrú chun an líon cáithníní (PN) ó innill adhainte deimhní a thomhas agus chun ocsaídí nítrigine (NOX) ó innill adhainte comhbhrú agus deimhní a thomhas, mar a cheanglaítear de bhun Roinn 8.2 de phointe 3 d’Iarscríbhinn II.’;
(18)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:
‘Airteagal 24
Tuairisciú
Faoin [2 bhliain ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 20(1)], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus éifeachtaí na Treorach seo. Déanfar anailís sa tuarascáil, go háirithe, ar an éifeacht atá aici i dtéarmaí feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre agus astaíochtaí a laghdú.’;
(19)Leasaítear Iarscríbhinní II, III, IV agus V i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo.
Airteagal 3
1.Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha reachtaíochta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [CUIR ISTEACH DÁTA: 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 5
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH REACHTACH
Clár
1.FRAMEWORK OF THE PROPOSAL/INITIATIVE
1.1.Title of the proposal/initiative
1.2.Policy area(s) concerned
1.3.Objective(s)
1.3.1.General objective(s)
1.3.2.Specific objective(s)
1.3.3.Expected result(s) and impact
1.3.4.Indicators of performance
1.4.The proposal/initiative relates to:
1.5.Grounds for the proposal/initiative
1.5.1.Requirement(s) to be met in the short or long term including a detailed timeline for roll-out of the implementation of the initiative
1.5.2.Added value of EU involvement (it may result from different factors, e.g. coordination gains, legal certainty, greater effectiveness or complementarities). For the purposes of this section 'added value of EU involvement' is the value resulting from EU action, that is additional to the value that would have been otherwise created by Member States alone.
1.5.3.Lessons learned from similar experiences in the past
1.5.4.Compatibility with the multiannual financial framework and possible synergies with other appropriate instruments
1.5.5.Assessment of the different available financing options, including scope for redeployment
1.6.Duration of the proposal/initiative and of its financial impact
1.7.Method(s) of budget implementation planned
2.MANAGEMENT MEASURES
2.1.Monitoring and reporting rules
2.2.Management and control system(s)
2.2.1.Justification of the budget implementation method(s), the funding implementation mechanism(s), the payment modalities and the control strategy proposed
2.2.2.Information concerning the risks identified and the internal control system(s) set up to mitigate them
2.2.3.Estimation and justification of the cost-effectiveness of the controls (ratio between the control costs and the value of the related funds managed), and assessment of the expected levels of risk of error (at payment & at closure)
2.3.Measures to prevent fraud and irregularities
3.ESTIMATED FINANCIAL IMPACT OF THE PROPOSAL/INITIATIVE
3.1.Heading(s) of the multiannual financial framework and expenditure budget line(s) affected
3.2.Estimated financial impact of the proposal on appropriations
3.2.1.Summary of estimated impact on operational appropriations
3.2.1.1.Appropriations from voted budget
3.2.2.Estimated output funded from operational appropriations (not to be completed for decentralised agencies)
3.2.3.Summary of estimated impact on administrative appropriations
3.2.3.1. Appropriations from voted budget
3.2.4.Estimated requirements of human resources
3.2.4.1.Financed from voted budget
3.2.5.Overview of estimated impact on digital technology-related investments
3.2.6.Compatibility with the current multiannual financial framework
3.2.7.Third-party contributions
3.3.Estimated impact on revenue
4.Digital dimensions
4.1.Requirements of digital relevance
4.2.Data
4.3.Digital solutions
4.4.Interoperability assessment
4.5.Measures to support digital implementation
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1,1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/40/CE agus lena leasaítear Treoir 2014/47/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hiniúchadh teicniúil cois bóthair ar ródacmhainneacht feithiclí tráchtála a bhíonn ag gluaiseacht san Aontas agus lena n‑aisghairtear Treoir 2000/30/CE.
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Iompar, sábháilteacht ar bhóithre
1.3.Cuspóirí
1.3.1.Cuspóirí ginearálta
Tá sé de chuspóir ginearálta ag an tionscnamh seo tuilleadh feabhais a chur ar shábháilteacht ar bhóithre san Aontas, rannchuidiú leis an tsoghluaisteacht inbhuanaithe agus saorghluaiseacht daoine agus earraí san Aontas a éascú trí leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an phacáiste ródacmhainneachta.
1.3.2.Cuspóirí sonracha
Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an tionscnaimh:
-
Comhsheasmhacht, oibiachtúlacht agus cáilíocht na tástála ródacmhainneachta ar fheithiclí an lae inniu agus an lae amárach a áirithiú;
-
Crioscaíl a laghdú go mór agus feabhas a chur ar bhrath feithiclí lochtacha, ionas go mbeifear in ann córais sábháilteachta agus rialaithe astaíochtaí (i.e. astaíochtaí truailleán aeir agus torainn) atá lochtach agus a ndearnadh crioscaíl leo, chomh maith le calaois odaiméadair, a bhrath;
-
Feabhas a chur ar stóráil leictreonach agus ar mhalartú sonraí ábhartha aitheantais agus stádais feithicle.
1.3.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Rannchuideoidh an togra leis an tsábháilteacht ar bhóithre a mhéadú san Aontas, agus meastar go sábhálfar beatha 6 912 dhuine agus go seachnófar 64 885 ghortú thromchúiseacha. Rannchuideoidh sé leis an tsoghluaisteacht inbhuanaithe freisin trí astaíochtaí truailleán aeir agus torainn a laghdú, as a leanfaidh coigilteas measta EUR 83,4 billiún ar chostais sheachtracha.
Rannchuideoidh sé le saorghluaiseacht daoine agus earraí san Aontas a éascú trí dheireadh a chur le bacainní ar athchlárú feithiclí i mBallstát eile agus trí aitheantas (teoranta) uile-Aontais a thabhairt do dheimhnithe iniúchta iniúchta theicniúil thréimhsiúil.
Tá coinne leis freisin go mbeidh tairbhí móra ag baint leis trí mhodhanna tástála a thabhairt isteach chun iniúchadh a dhéanamh ar fheithiclí leictreacha, trí thástáil astaíochtaí níos fearr (tomhas NOX agus tomhas ar an líon cáithníní) agus trí mhodhanna tástála a thabhairt isteach i ndáil le ACCT agus córais sábháilteachta eile. Tá coinne le tairbhí i ngeall ar iniúchtaí éigeantacha ar dhaingniú lasta agus bealaí nua tástála a thabhairt isteach freisin, amhail tóir scairdghaile agus cianbhraiteacht chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí truailleán aeir agus torainn, chomh maith leis na bearta rialachais sonraí.
Tá coinne leis go mbeidh brath feabhsaithe mar thoradh ar an tionscnamh agus go mbeidh níos lú feithiclí lochtacha agus feithiclí lena ndearnadh crioscaíl ann dá réir sin, agus sin mar gheall ar iniúchtaí cois bóthair a bheith leathnaithe chuig feithiclí tráchtála éadroma freisin. Tá coinne leis go dtiocfaidh laghdú mór ar chrioscaíl odaiméadair i ngeall ar oibleagáid léamha odaiméadair a thaifeadadh agus na taifid a chur ar fáil i gcás athchlárúcháin.
Ba cheart tairbhí a bheith ag baint leis freisin i ngeall ar an deimhniú leictreonach ródacmhainneachta éigeantach, tabhairt isteach an deimhnithe clárúcháin feithicle i bhformáid dhigiteach, rochtain ar thuarascálacha iniúchta theicniúil thréimhsiúil i mbunachair sonraí náisiúnta agus leathnú sonraí a áirítear sna cláir náisiúnta feithiclí.
Meastar gur EUR 391,6 billiún a bheidh sna tairbhí iomlána, arna sloinneadh mar luach láithreach i gcaitheamh 2026-2050 i gcoibhneas leis an gcás bunlíne.
1.3.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Maidir leis an gcuspóir sábháilteachta ar bhóithre, déanann an Coimisiún faireachán tráthrialta ar phríomhtháscairí sábháilteachta ar bhóithre, lena n‑áirítear treochtaí maidir leis an líon básanna, gortuithe tromchúiseacha agus mionghortuithe in aghaidh an Bhallstáit agus in aghaidh na catagóire feithicle, aois na feithicle agus saintréithe áirithe feithicle. Ní dócha go mbeidh faisnéis mhionsonraithe ar fáil ar mhórscála go luath maidir leis na cúiseanna atá le himbhuailtí, go háirithe maidir le lochtanna feithicle. Amach anseo, d’fhéadfadh anailís ar thaifeadáin sonraí teagmhais a shainordaítear leis an Rialachán maidir leis an tSábháilteacht Ghinearálta léargas níos mionsonraithe a thabhairt ar na cúiseanna atá le sciar mór imbhuailtí. Go dtí sin, ba cheart na ceanglais tuairiscithe atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta chun go bhfreagróidh siad níos fearr do na riachtanais faireacháin atá ann faoi láthair.
Maidir le truailliú aeir agus torainn a laghdú, déanann EEA faireachán leanúnach ar threochtaí i dtruailliú aeir agus torainn. Cuid den laghdú lena bhfuil coinne i gcaitheamh na mblianta, beidh baint aige leis an tionscnamh seo trí chothabháil níos fearr a dhéanamh ar fheithiclí agus tríd an gcrioscaíl le córais rialaithe astaíochtaí a laghdú. An dul chun cinn i dtreo an chuspóra go rannchuideofar leis an tsoghluaisteacht inbhuanaithe, is féidir é a thomhas de réir treochtaí i dtorthaí iniúchta theicniúil thréimhsiúil agus iniúchta cois bóthair, agus de réir sonraí cianbhraiteachta chomh maith.
Maidir leis an gcuspóir saorghluaiseacht a éascú, is é a bheidh ina tháscaire ratha an líon Ballstát a aithneoidh iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla arna ndéanamh ar an gcoigríoch.
Chun rath an tionscnaimh a thomhas, socraítear na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas: 1) Modhanna nua tástála sábháilteachta agus astaíochtaí a chur i bhfeidhm; 2) Cláir feithiclí agus bunachair sonraí odaiméadair na mBallstát a idirnascadh trí mhol coiteann; 3) Doiciméid feithicle a dhigitiú; 4) An líon feithiclí ar bhóithre an Aontais atá lochtach agus a ndearnadh crioscaíl leo a laghdú.
Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin faireachán ar chur chun feidhme agus éifeachtacht an tionscnaimh seo trí líon áirithe beart agus trí shraith príomhtháscairí lena dtomhaisfear an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí oibriúcháin a bhaint amach. 5 bliana tar éis an reachtaíocht athbhreithnithe a chur i bhfeidhm, ba cheart do ranna an Choimisiúin meastóireacht a dhéanamh chun a fhíorú a mhéid a baineadh amach cuspóirí an tionscnaimh.
1,4.Baineann an togra/tionscnamh le:
beart nua
beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart
síneadh ar bheart atá ann cheana
beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1,5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Beidh ar údaráis phoiblí náisiúnta bunachar sonraí a bhunú chun stair odaiméadair feithiclí atá cláraithe ina gcríoch a thaifeadadh, cláir náisiúnta feithiclí atá ann cheana a idirnascadh trí ardán teachtaireachtaí MOVE-HUB, eilimintí sonraí nua a chur leis na cláir sin agus cianbhraiteacht a thabhairt isteach, a mbeidh orthu trealamh nua cois bóthair chomh maith le córas faireacháin a cheannach agus a shuiteáil lena haghaidh.
Beidh ar lárionaid iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla na ceanglais tástála a thabhairt cothrom le dáta agus roinnt ceanglais nua a thabhairt isteach, rud a mbeidh infheistíochtaí breise i dtrealamh, in acmhainneacht tástála agus in oiliúint cigirí ag teastáil lena n‑aghaidh. Tá coinne leis, áfach, go mbeidh lárionaid iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla in ann cuid de na costais bhreise, ar a laghad, a aisghabháil trí na deiseanna gnó breise (líon méadaithe tástálacha) agus i roinnt cásanna (ag brath ar an mBallstát) trí mhuirir iniúchta theicniúil thréimhsiúil atá beagán níos airde.
Beidh ar shiopaí deisiúcháin feithiclí, déileálaithe mótarfheithiclí agus garáistí eile a mbogearraí oifige a nuashonrú, ionas go mbeidh siad in ann a gcuid sonraí a aistriú chuig an mbunachar sonraí lárnach náisiúnta, i ngeall ar an gceanglas go mbunófar córas chun léamha odaiméadair gluaisteán agus veaineanna a thaifeadadh.
Beidh ar mhonaróirí gluaisteán a gcórais a oiriúnú do chreat rialachais chun rochtain a sholáthar do lárionaid iniúchtaí agus d’údaráis inniúla ar shonraí infheithicle a bhfuil gá leo chun iniúchadh teicniúil tréimhsiúil agus iniúchadh cois bóthair a dhéanamh agus beidh orthu na coigeartuithe a dhéanamh ar a gcórais TF chun rochtain ar na sonraí ábhartha, agus costais chothabhála, a áirithiú.
Beidh ar roinnt úinéirí feithiclí dul faoi iniúchtaí breise teicniúla tréimhsiúla agus/nó cois bóthair. I ngeall ar cheanglais nua tástála maidir le sábháilteacht, astaíochtaí truailleán aeir agus torann, d’fhéadfadh sé go mbeidh ar roinnt úinéirí feithiclí a bhfeithiclí a dheisiú chun a áirithiú go mbeidh siad in ann pas a fháil san iniúchadh teicniúil tréimhsiúil agus fanacht in úsáid.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
Cé gur dócha go gcuirfidh forbairt theicneolaíoch tuilleadh feabhais ar shábháilteacht feithiclí, thógfadh sé roinnt ama teicneolaíochtaí nua a ghlacadh i bhflít feithiclí an Aontais, agus d’fhéadfadh rioscaí nua a bheith ag gabháil le roinnt de na gnéithe nua freisin. Ar an gcaoi chéanna, cé go bhféadfadh sé go mbeadh sé ní ba dheacra crioscaíl a dhéanamh i ngeall ar réitigh theicniúla, ní dócha go gcuirfí deireadh iomlán léi mura mbeifí in ann tástáil feithicle a dhéanamh chun modhnuithe neamhdhleathacha a bhrath, go háirithe modhnuithe ar na bogearraí bainistithe innill e.g. trí rochtain níos fearr a fháil ar shonraí infheithicle. Dá réir sin, is dócha go leanfaidh an fhadhb ar aghaidh in éagmais idirghabháil ar leibhéal an Aontais.
Féadfaidh na Ballstáit bearta aontaobhacha a dhéanamh; ach ní féidir na bearta sin a chur in ionad éifeacht chomhordúcháin agus chomhchuibhithe na dtrí Threoir, agus bheadh an baol ann go ndéanfaí an margadh aonair a shaobhadh agus nach dtabharfaí aghaidh ar an bhfadhb ach go páirteach.
An fhadhb maidir le rialú neamhleor ar astaíochtaí truailleán aeir ó fheithiclí, mhairfeadh sí fad a bheadh feithiclí a bhfuil innill dócháin inmheánaigh acu ar na bóithre. Cé go dtiocfaidh laghdú i ngeall ar chaighdeáin astaíochtaí níos déine agus leictriú de réir a chéile ar an líon feithiclí a ghinfidh astaíochtaí sceite, beidh siad fós i gcúrsaíocht san Aontas sa scór bliain amach romhainn. Gan na ceanglais tástála astaíochtaí atá ann faoi láthair a thabhairt cothrom le dáta ar leibhéal an Aontais, áfach, d’fhéadfadh sé nach dtabharfadh na Ballstáit isteach na modhanna tástála is éifeachtaí agus is éifeachtúla atá ar fáil cheana féin. Ar an gcaoi chéanna, cé go bhféadfadh níos mó Ballstát tosú ag baint triail as tástáil torainn cois bóthair, ní dócha go dtiocfadh laghdú mór ar fhadhb an torainn feithiclí gan cur chuige níos córasaí agus níos comhordaithe.
Gan idirghabháil ar leibhéal an Aontais, d’fhéadfadh Ballstáit áirithe bearta aontaobhacha nó déthaobhacha a dhéanamh, amhail léamha odaiméadair a thaifeadadh go córasach (agus iad a mhalartú b’fhéidir) nó comhaontuithe a fhorbairt chun deimhnithe ródacmhainneachta a chéile a aithint. Bheadh an fhadhb shistéamach maidir le malartú neamhleor agus neamhéifeachtúil sonraí ródacmhainneachta feithiclí fós ann, áfach, rud a chuirfeadh isteach ar chur chun feidhme agus ar fhorfheidhmiú éifeachtach na rialacha atá ann cheana.
Ós earnálacha idirnáisiúnta iad an t‑iompar de bhóthar agus an tionscal gluaisteán, tá sé i bhfad níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna ar leibhéal an Aontais ná ar leibhéal na mBallstát. Cé go bhfuil difríochtaí idir cleachtais náisiúnta go stairiúil, is é atá níos éifeachtaí ná iliomad réiteach náisiúnta neamh-chomhordaithe a bheith ann íosleibhéal comhchuibhithe áirithe a bheith i dtástáil feithiclí agus réitigh a bheith arna gcomhaontú chun sonraí feithiclí a mhalartú idir na Ballstáit.
Agus rialacha comhchoiteanna á gcur i bhfeidhm maidir le teicneolaíochtaí feithiclí nua-aimseartha a thástáil (feithiclí leictreacha, ACCT agus an trealamh rialaithe astaíochtaí is déanaí), beidh barainneachtaí scála ag na Ballstáit agus beidh monaróirí trealaimh tástála in ann oibriú i margadh níos aonfhoirmí. Chuirfí feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh aonair freisin dá mbeadh feithiclí faoi réir tástálacha comhchosúla faoi dhálaí comhchosúla, agus dá mbeadh costais chomhchosúla ar oibreoirí iompair.
Ní hamháin go mbeidh comhordú coinníollacha rochtana agus malartaithe sonraí feithicle ar leibhéal an Aontais níos éifeachtúla ná comhaontuithe déthaobhacha agus caibidlíocht le monaróirí aonair, ach beidh cothrom iomaíochta ann freisin i measc na mBallstát agus beidh seasamh níos láidre acu, i dteannta a chéile, i leith an tionscail gluaisteán.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Tugadh bearta éagsúla isteach ar leibhéal an Aontais ó bhí 1977 ann, óir thosaigh na Ballstáit ag forbairt a rialachán náisiúnta féin maidir le tástáil ródacmhainneachta feithiclí, rud a d’fhág go raibh easpa comhchuibhithe ann. Rinne Pacáiste Ródacmhainneachta 2014 forbairt ar na ceanglais a áiríodh sna Treoracha roimhe seo maidir le tástálacha ródacmhainneachta, iniúchtaí cois bóthair, agus rialacha maidir le deimhnithe clárúcháin feithicle. Chun go gcomhlíonfar an cuspóir maidir le feabhas a chur ar shábháilteacht feithiclí ar an mbóthar, neartaíodh íoschaighdeáin an Aontais maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta (iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla) agus tugadh isteach caighdeáin éigeantacha, mar aon le hiniúchtaí randamacha cois bóthair (iniúchtaí cois bóthair). Measadh go raibh sé sin fíor-riachtanach chun nach laghdófar éifeachtacht an fhorfheidhmithe ródacmhainneachta. Chun go gcomhlíonfar an cuspóir maidir leis na sonraí tástála ródacmhainneachta is gá agus na sonraí is gá le haghaidh na tástála sin a chur ar fáil, spreagann an Treoir maidir le hiniúchtaí Teicniúla Tréimhsiúla comhar agus malartú faisnéise freisin i measc na mBallstát lena n‑áirítear taifid ar thástálacha ródacmhainneachta.
Laghdaíodh ábharthacht an phacáiste ródacmhainneachta le blianta beaga anuas i ngeall ar an mbearna atá ag dul i méid idir na ceanglais ródacmhainneachta atá ann cheana agus na córais nua a shuiteáiltear i bhfeithiclí nua-aimseartha. Maidir le hardchórais cúnta tiománaí (ACCT), córais iompair chliste (CIC), comhéadan duine le meaisín (HMI) agus gnéithe sábháilteachta leictreonacha, is cosúil nach soláthraíonn na trí Threoir creat atá cuimsitheach go leor. Faoi láthair, ní chumhdaítear leis an bpacáiste ródacmhainneachta prótacail shonracha tástála chun comhlíonadh agus cothabháil feithiclí leictreacha agus hibrideacha a áirithiú, lena n‑áirítear nuashonruithe bogearraí, ar bhealach sábháilte agus éifeachtúil.
Maidir le cuspóir an phacáiste ródacmhainneachta rannchuidiú le hastaíochtaí ó iompar de bhóthar a laghdú, níl roinnt de na tástálacha a úsáidtear in iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla íogair go leor a thuilleadh chun teipeanna astaíochtaí ó fheithiclí faoi thiomáint dócháin inmheánaigh a bhrath. Tá critéir chriticiúla braite ag innill agus córais gáis sceite feithiclí nua-aimseartha nach gcumhdaítear leis na modhanna tástála a fhorordaítear faoi láthair, agus an chaoi a rannchuidíonn an pacáiste ródacmhainneachta atá i bhfeidhm faoi láthair le laghdú a dhéanamh ar an líon feithiclí atá i gcúrsaíocht lena mbaineann astaíochtaí arda, níl sé chomh hábhartha céanna. Ina theannta sin, níl aon fhoráil ródacmhainneachta AE ann faoi láthair chun feithiclí a thástáil i ndáil le hionramháil/fabht NOX nó i ndáil le hionramháil/fabht ar an scagaire cáithníní díosail.
Maidir le feabhas a chur ar mhalartú faisnéise idir na Ballstáit i ndáil le torthaí tástála, ní raibh an creat atá ann faoi láthair le haghaidh malartú faisnéise éifeachtach. Cé go luaitear sa reachtaíocht go bhféadfaí malartuithe sonraí leictreonacha a dhéanamh idir údaráis na mBallstát, ní bhaineann gach tír úsáid astu. Fiú dá mbeadh sé ní b’éasca do dhaoine feithiclí ó Bhallstáit eile agus ó LEE a chlárú de bharr chomhchuibhiú na ndeimhnithe clárúcháin feithicle, d’fhéadfaí feabhas a chur ar an bpróiseas digitithe chun é a dhéanamh níos éasca fós.
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Tá an togra comhsheasmhach leis na cuspóirí agus na tosaíochtaí a leagtar amach i Straitéis Chuimsitheach 2020 um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste agus sa Chomhaontú Glas don Eoraip trína áirithiú go gcoinneoidh feithiclí ar na bóithre leibhéal leormhaith sábháilteachta agus feidhmíochta comhshaoil ar bun le himeacht ama.
Tá sé i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach i gCreat Beartais an Aontais um Shábháilteacht ar Bhóithre agus tá coinne leis freisin go rannchuideoidh sé go mór le cuspóirí beartais an Aontais maidir le haer glan, lena n‑áirítear cuspóirí na Treorach maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh agus na Treorach maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta, trí láithreacht truaillitheoirí arda, ar uathu a thagann sciar an-mhór de na hastaíochtaí iomlána ón iompar de bhóthar, a shainaithint agus a laghdú níos fearr.
Leis an togra, éascófar rochtain ar líne ar fhaisnéis a bhaineann le feithiclí, ar nósanna imeachta riaracháin ábhartha agus ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna, rud atá i gcomhréir leis an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach. Beidh malartú faisnéise a bhaineann le ródacmhainneacht agus sonraí clárúcháin ailínithe leis na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí (RGCS).
Tá an togra ailínithe freisin leis na ceanglais sábháilteachta agus chomhshaoil a leagtar amach sna Rialacháin maidir le Cineálcheadú, lena n‑áirítear leis an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta. Áirítear ann bearta lena n‑áiritheofar go gcoinneoidh úinéirí íoschaighdeáin ar bun ar feadh shaolré na feithicle. Áirithítear leis an togra go mbeidh an tástáil iniúchta theicniúil thréimhsiúil agus iniúchta cois bóthair ailínithe leis an bpróiseas cineálcheadaithe, lena n‑áirítear i ndáil le hiniúchtaí teicniúla tréimhsiúla leictreonacha a úsáid. Tá an togra comhleanúnach freisin le ceanglais na reachtaíochta maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (FRC).
Dá bhrí sin, meastar go bhfuil an togra comhsheasmhach le straitéisí agus ionstraimí dlí ábhartha an Aontais agus go rannchuidíonn sé le tosaíochtaí beartais an Aontais.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Na costais aonuaire in 2027 agus costais choigeartúcháin leanúnacha an Choimisiúin, baineann siad go príomha le huasghrádú an chórais TF a fheidhmíonn mar chomhéadan coiteann chun tacú le hidirghníomhaíochtaí idir údaráis/eagraíochtaí rialtais, go háirithe maidir le malartú faisnéise a bhaineann le feithiclí. Leis an bhfeidhmiúlacht faisnéise, déanfar forbairt ar an ardán atá ann cheana (MOVE-HUB) a d’fhorbair agus reáchtálann an Coimisiún chun cineálacha éagsúla faisnéise a bhaineann le hiompar de bhóthar a mhalartú i measc na mBallstát. Tríd an gcóras sin a uasghrádú bhainfí an úsáid is fearr as an eagrú atá i bhfeidhm faoi láthair agus as na hacmhainní a infheistíodh go dtí seo.
Chun an Pacáiste Ródacmhainneachta athbhreithnithe a chur chun feidhme ina iomláine, beidh gá freisin le hacmhainní daonna breise de choibhéiseach lánaimseartha amháin in aghaidh na bliana ó 2027 ar aghaidh a bhainfidh leis an obair ar reachtaíocht a chur chun feidhme, lena n‑áirítear tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun an creat teicniúil agus digiteach is gá a bhunú.
1,6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige
tréimhse theoranta
–
i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
–
tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1,7.An modh/na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
– ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
– tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;
– eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)
– an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta
– comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais
– comhlachtaí dlí poiblí
– comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh
– comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais
– comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha
–comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.
Nótaí
Chun an togra a chur chun feidhme, is gá córas TF atá ann cheana a nuashonrú agus a choinneáil ar bun. Leis an gcóras sin, ba cheart líonraí de chórais náisiúnta TF agus de phointí rochtana idir-inoibritheacha atá ann cheana a nascadh, ar líonraí iad a oibríonn faoi fhreagracht agus faoi bhainistiú aonair gach Ballstáit, chun a áirithiú go malartófar faisnéis a bhaineann le feithiclí ar bhealach slán iontaofa. Saineoidh an Coimisiún réitigh iomchuí TF i ngníomhartha cur chun feidhme, lena n‑áirítear an dearadh/ailtireacht agus na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh ardán comhéadain chun córais náisiúnta a idirnascadh chun an fhaisnéis a mhalartú.
Tá coinne leis go mbeidh dhá phríomhghné costais (arna ríomh mar ghlanluach láithreach) sna costais choigeartúcháin don Choimisiún, mar a leanas:
- meastar gurb é EUR 200 000 a bheidh sna costais choigeartúcháin neamh-athfhillteacha (aonuaire) in 2027 a thabhófar as an nuashonrú teicniúil is gá ar an ardán TF agus as an tástáil a dhéanfaidh sé ar fhaisnéis a bhaineann le feithiclí a mhalartú idir na Ballstáit;
- meastar go mbeidh thart ar EUR 50 000 in aghaidh na bliana de chostais choigeartúcháin leanúnacha (as an ardán tiomnaithe a choinneáil ar bun agus tacú leis) beartaithe le haghaidh malartú idirghníomhach faisnéise idir údaráis na mBallstát.
Leis an obair ar chur chun feidhme an phacáiste ródacmhainneachta, lena n‑áirítear an tacaíocht a thabharfar ina dhiaidh sin do na Ballstáit chun an creat teicniúil agus digiteach is gá a bhunú, beidh gá le hacmhainní daonna breise de choibhéiseach lánaimseartha amháin in aghaidh na bliana ó 2027 ar aghaidh, ar feadh tréimhse 3 bliana ar a laghad.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2,1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Maidir leis na cúraimí a dhéanfaidh AS MOVE go díreach, leanfaidh siad timthriall bliantúil na pleanála agus an fhaireacháin, arna chur chun feidhme sa Choimisiún agus sna gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, lena n‑áirítear na torthaí a thuairisciú trí Thuarascáil Bhliantúil AS MOVE ar Ghníomhaíochtaí.
Maidir le hiniúchtaí teicniúla tréimhsiúla, de réir Airteagal 20a den Treoir maidir le hiniúchtaí Teicniúla Tréimhsiúla, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún tríd an ardán tuairiscithe ar líne (‘ríomhardán’), na sonraí a bailíodh maidir le gach ceann de na 3 bliana féilire roimhe sin agus maidir leis na feithiclí a ndearnadh iniúchadh orthu ar a gcríoch. Léireoidh na sonraí sin (in aghaidh na bliana féilire):
–an líon lárionad tástála in aghaidh an Bhallstáit;
–an líon iomlán feithiclí a ndearnadh iniúchadh orthu;
–an líon feithiclí a ndearnadh iniúchadh orthu in aghaidh na catagóire;
–na réimsí a seiceáladh, agus na hítimí ar theip orthu, i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn I;
–i gcás inar tástáladh feithiclí atá cláraithe i mBallstát eile, líon, catagóir agus toradh tástála na bhfeithiclí sin.
Maidir le hiniúchtaí cois bóthair, de réir Airteagal 20 den Treoir maidir le hiniúchtaí Cois Bóthair, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, tríd an ardán tuairiscithe ar líne (‘ríomhardán’, mar an gcéanna leis an méid thuas), na sonraí a bailíodh maidir le gach ceann de na 3 bliana féilire roimhe sin agus maidir leis na feithiclí a ndearnadh iniúchadh orthu ina gcríoch. Léireoidh na sonraí sin (in aghaidh na bliana féilire):
–an líon iomlán feithiclí a ndearnadh iniúchadh orthu;
–an líon feithiclí a ndearnadh iniúchadh orthu in aghaidh na catagóire;
–an tír ina bhfuil gach feithicil a ndearnadh iniúchadh uirthi cláraithe;
–i gcás iniúchtaí níos mine, na réimsí a seiceáladh agus na hítimí ar theip orthu, i gcomhréir le pointe 10 d’Iarscríbhinn IV;
–torthaí na dtomhas cianbhraiteachta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4a.
Cuirtear síneadh le tréimhse nua tuairiscithe na mBallstát ó 2 bhliain mar atá faoi láthair go 3 bliana chun cuidiú leis an ualach riaracháin ar údaráis náisiúnta a laghdú. Leis an ríomhardán, tá sé beartaithe tiomsú uathoibríoch sonraí a éascú trí ghnéithe tuairiscithe sonracha.
2,2.Córais bhainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis an modh/na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis an sásra/na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Is é an t‑aonad laistigh d’AS MOVE atá i gceannas ar an réimse beartais a bhainisteoidh cur chun feidhme na Treorach.
Cuirfear an caiteachas chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, agus forálacha an Rialacháin Airgeadais á gcur i bhfeidhm ina n‑iomláine. An straitéis rialaithe maidir le soláthairtí agus deontais in Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair, áirítear inti rialuithe sonracha dlíthiúla, oibríochtúla agus airgeadais ex ante ar na nósanna imeachta (lena n‑áirítear, i gcás soláthairtí; athbhreithniú ag an gcoiste comhairleach um sholáthar agus conarthaí) agus rialuithe ar shíniú conarthaí agus comhaontuithe. Ina theannta sin, beidh caiteachas arna dhéanamh chun earraí agus seirbhísí a sholáthar faoi réir rialuithe ex ante agus, nuair is gá, faoi réir rialuithe ex post agus airgeadais.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
A mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na gcúraimí a bhaineann le bunú an tsásra, tá na rioscaí a sainaithníodh nasctha le húsáid nósanna imeachta soláthair: moill, infhaighteacht sonraí, faisnéis thráthúil chuig an margadh, etc. Cumhdaítear na rioscaí sin faoin Rialachán Airgeadais agus maolaítear iad leis an tacar rialuithe inmheánacha a d’úsáid Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair chun an luach sin a sholáthar.
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta agus an tráth a dhúnfar an clár)
Baineann an méadú iarrtha buiséadach le huasghrádú an chórais TF agus lena choinneáil ar bun. Maidir leis na gníomhaíochtaí rialaithe a bhaineann leis na córais TF arna bhforbairt nó arna mbainistiú ag an stiúrthóireacht atá freagrach as an togra, déanann an coiste stiúrtha TF faireachán tráthrialta ar bhunachair sonraí na stiúrthóireachta agus ar an dul chun cinn atá déanta, agus simpliú agus cost‑éifeachtúlacht acmhainní TF an Choimisiúin á gcur san áireamh.
Tuairiscíonn AS MOVE go bliantúil, ina Thuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí, ar an gcostas a bhaineann le rialú a chuid gníomhaíochtaí. An phróifíl riosca agus costas na rialuithe ar ghníomhaíochtaí soláthair, tá siad i gcomhréir leis na ceanglais.
2,3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Bheadh feidhm ag bearta coisctheacha agus cosanta an Choimisiúin maidir leis an méid seo a leanas, go sonrach:
–déanann foireann an Choimisiúin seiceáil ar íocaíochtaí le haghaidh aon seirbhís sula n‑íoctar iad, agus aon oibleagáid chonarthach, prionsabal eacnamaíoch agus dea‑chleachtas airgeadais nó bainistíochta á gcur san áireamh. Áireofar forálacha frith-chalaoise (maoirseacht, ceanglais tuairisciúcháin, etc.) sna comhaontuithe agus sna conarthaí uile a thugtar i gcrích idir an Coimisiún agus faighteoirí aon íocaíochtaí;
–chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).
Ina theannta sin, ghlac AS MOVE Straitéis Frith‑Chalaoise athbhreithnithe in 2020. Tá Straitéis Frith‑Chalaoise AS MOVE bunaithe ar Straitéis Frith‑Chalaoise an Choimisiúin agus ar mheasúnú riosca sonrach arna dhéanamh go hinmheánach chun na réimsí is leochailí ó thaobh calaoise de a shainaithint, maille leis na rialuithe atá i bhfeidhm cheana agus na bearta atá riachtanach chun feabhas a chur ar chumas AS MOVE calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú.
Áirithítear leis na forálacha conarthacha is infheidhme maidir le soláthar poiblí, leo sin araon, gur féidir le seirbhísí an Choimisiúin, lena n‑áirítear OLAF, iniúchtaí agus seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, agus úsáid á baint as na forálacha caighdeánacha a mholann OLAF.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3,1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadaisilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Cineál caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
Ó thríú tíortha eile
|
ioncam sannta eile
|
|
01
|
02.20.04.01
|
Difreáilte
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadaisilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Cineál caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
|
ó thríú tíortha eile
|
ioncam sannta eile
|
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
LD/LN
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
LD/LN
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
|
|
[XX.YY.YY.YY]
|
LD/LN
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
TÁ/NÍL
|
3,2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadaisilbhliantúil
|
Uimhir 01
|
An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha
|
|
AS: MOVE
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
Líne bhuiséid 02 20 04 01
|
Gealltanais
|
(1a)
|
|
|
|
0.25
|
0.250
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
|
|
|
0.25
|
0.250
|
|
Líne bhuiséid
|
Gealltanais
|
(1b)
|
|
|
|
|
0.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2b)
|
|
|
|
|
0.000
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
Líne bhuiséid
|
|
(3)
|
|
|
|
|
0.000
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
i gcomhair AS MOVE
|
Gealltanais
|
=1a+1b+3
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.250
|
0.250
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b+3
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.250
|
0.250
|
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.250
|
0.250
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.250
|
0.250
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
(6)
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 1
|
Gealltanais
|
=4+6
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.250
|
0.250
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí
|
=5+6
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.250
|
0.250
|
|
|
|
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
• IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)
|
Gealltanais
|
(4)
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.250
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.250
|
|
• IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)
|
(6)
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi Cheannteidil 1 go 6
|
Gealltanais
|
=4+6
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.250
|
0.250
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
(Méid tagartha)
|
Íocaíochtaí
|
=5+6
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.250
|
0.250
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
7
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
|
AS: MOVE
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
Acmhainní daonna
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.188
|
0.188
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
|
IOMLÁN AS MOVE
|
Leithreasuithe
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.188
|
0.188
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.188
|
0.188
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021‑2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
|
Gealltanais
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.438
|
0.438
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí
|
0.000
|
0.000
|
0.000
|
0.438
|
0.438
|
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (ná líonadh gníomhaireachtaí díláraithe é seo isteach)
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
|
|
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
Cuir isteach na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach Roinn 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
|
ASCHUIR
|
|
|
Cineál
|
Meánchostas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1…
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁIN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN 2021 - 2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
CEANNTEIDEAL 7
|
|
Acmhainní daonna
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,188
|
0,188
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,188
|
0,188
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
|
Acmhainní daonna
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Caiteachas eile de chineál riaracháin
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Fo-iomlánlasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,188
|
0,188
|
Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
–
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
0
|
0
|
0
|
1
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
• Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha)
|
|
20 02 01 (CA, SNE ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
20 02 03 (CA, LA, SNE, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Riarachán Líne thacaíochta
[XX.01.YY.YY]
|
- ag an gCeanncheathrú
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
|
- i dToscaireachtaí AE
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 02 (CA, SNE – Taighde indíreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
01 01 01 12 (CA, SNE – Taighde díreach)
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 7
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Lasmuigh de Cheannteideal 7
|
0
|
0
|
0
|
0
|
|
IOMLÁN
|
0
|
0
|
0
|
1
|
I bhfianaise an bhrú fhoriomláin atá i gCeannteideal 7, maidir le soláthar foirne agus leibhéal na leithreasuithe araon, is baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht nó de sheirbhísí eile de chuid an Choimisiúin a chomhlíonfaidh na hacmhainní daonna is gá.
3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha
Éigeantach: na hinfheistíochtaí atá i gceist leis an togra/tionscnamh seo arb infheistíochtaí iad a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha, ba cheart meastachán chomh maith agus is féidir ina dtaobh a chur sa tábla thíos.
Go heisceachtúil, ba cheart na leithreasuithe faoi Cheannteideal 7 a chur sa líne atá ainmnithe chuige sin, i gcásanna inar gá sin chun an togra/tionscnamh a chur chun feidhme.
Is mar ‘Chaiteachas beartais ar TF i dtaca le cláir oibríochtúla’ is ceart na leithreasuithe faoi Cheannteidil 1-6 a chur in iúl. Tagraíonn an caiteachas sin don bhuiséad oibríochtúil atá le húsáid i gcomhair athúsáid/ceannach/forbairt ardán/uirlisí TF atá nasctha go díreach le cur chun feidhme an tionscnaimh, agus i gcomhair na n‑infheistíochtaí a bhaineann leis na hardáin/uirlisí sin (e.g. ceadúnais, staidéir, stóráil sonraí etc). An fhaisnéis a sholáthraítear sa tábla seo, ba cheart í a bheith comhsheasmhach leis na mionsonraí a chuirtear i láthair faoi Roinn 4 ‘Gnéithe digiteacha’.
|
IOMLÁN Na leithreasuithe digiteacha agus TF
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
IOMLÁN CAI 2021 ‑ 2027
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
|
|
CEANNTEIDEAL 7
|
|
Caiteachas TF (corparáideach)
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
|
Caiteachas beartais TF ar chláir oibríochtúla
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,250
|
0,250
|
|
Fo-iomlánlasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,250
|
0,250
|
|
|
|
IOMLÁN
|
0,000
|
0,000
|
0,000
|
0,250
|
0,250
|
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).
–
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.
–
is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
–
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
Iomlán
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
3,3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–
Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
–
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–
ar acmhainní dílse
–
ar ioncam eile
–
má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
Bliain 2024
|
Bliain 2025
|
Bliain 2026
|
Bliain 2027
|
|
Airteagal .....….
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).
4.Gnéithe digiteacha
4,1.Riachtanais a bhaineann le hábhar maidir le cúrsaí digiteacha
|
R1: A chur de cheangal go mbeidh an deimhniú ródacmhainneachta i bhformáid leictreonach
•Treoir 2014/45/AE (maidir le hiniúchtaí Teicniúla Tréimhsiúla), Airteagal 8(2).
•Cé go gceadaítear leis an Treoir maidir le hiniúchtaí Teicniúla Tréimhsiúla atá ann faoi láthair úsáid a bhaint as deimhnithe ródacmhainneachta ‘arna dtáirgeadh go leictreonach’, ceanglaítear léi go dtabharfar asphrionta deimhnithe don duine a thugann an fheithicil i láthair lena tástáil in iniúchadh teicniúil tréimhsiúil. Leis an mbeart, déanfar an ceanglas a theorannú chuig gan ach doiciméad leictreonach a eisiúint, agus gan asphrionta a sholáthar ach amháin má iarrann an duine a thugann an fheithicil ar aird amhlaidh.
•Trí shonraí a bhaineann le hiniúchtaí teicniúla tréimhsiúla a mhalartú faoi R1, beidh na húdaráis forfheidhmiúcháin in ann stádas aon fheithicle atá cláraithe san Aontas a sheiceáil i gcás seiceáil cois bóthair nó chun críche athchlárúcháin, gan gá d’úinéir na feithicle deimhniú clóite a chur i láthair.
•Páirtithe leasmhara dá ndéantar difear: Ballstáit, úinéirí feithiclí.
•Cláir náisiúnta feithiclí agus bunachair sonraí iniúchta theicniúil thréimhsiúil náisiúnta atá ann cheana a bhainistiú.
R2: Rochtain leictreonach ar shonraí ábhartha, lena n‑áirítear rochtain ar thuarascálacha iniúchta theicniúil thréimhsiúil atá stóráilte i mbunachair sonraí náisiúnta, a sholáthar d’údaráis chlárúcháin Bhallstáit eile an Aontais a úsáideann comhéadan coiteann
•Treoir 1999/37/CE athbhreithnithe (maidir le sonraí clárúcháin feithicle (SCF)), Airteagal 15, Treoir 2014/45/AE (maidir le hiniúchtaí Teicniúla Tréimhsiúla), Airteagal 16, agus Treoir 2014/45/AE (maidir le hiniúchtaí Teicniúla Tréimhsiúla), Airteagal 18a de Threoir 2014/47/AE (maidir le hiniúchtaí Cois Bóthair).
•Leis an mbeart sin, ceanglófar ar na Ballstáit rochtain a thabhairt do Bhallstáit eile a iarrann sonraí clárúcháin feithicle nó sonraí feithicle a bhaineann le hiniúchtaí teicniúla tréimhsiúla agus an stair odaiméadair i ndáil leis na feithiclí atá cláraithe ina gcríoch.
•Páirtithe leasmhara dá ndéantar difear: Na Ballstáit, an Coimisiún.
•Chun an malartú sonraí a éascú, chuirfeadh an beart de cheangal ar na Ballstáit a mbunachair sonraí náisiúnta (cláir feithiclí agus na bunachair sonraí iniúchta theicniúil thréimhsiúil gaolmhara de réir mar a bheidh) a nascadh leis an ardán MOVE-HUB atá ann cheana a d’fhorbair agus a reáchtálann an Coimisiún chun cineálacha éagsúla faisnéise a bhaineann le hiompar de bhóthar a mhalartú i measc na mBallstát.
R3: Eisiúint deimhnithe clárúcháin i bhformáid dhigiteach a thabhairt isteach chun iad a chur in ionad na ndoiciméad páipéir (agus na gcártaí cliste) atá ann faoi láthair de réir a chéile
•Treoir 1999/37/CE (SCF) athbhreithnithe, Airteagail 2, 3 agus 5, agus Iarscríbhinn III.
•Tabharfar isteach leis an mbeart an ceanglas deimhnithe clárúcháin nua a eisiúint i bhformáid dhigiteach mar réamhshocrú. Déanfar mionsonraí teicniúla an deimhnithe clárúcháin dhigitigh/mhóibíligh a shainiú i ngníomh cur chun feidhme agus tagrófar ann do na caighdeáin ábhartha ISO mar a dhéantar i gcás an cheadúnais tiomána dhigitigh. Ar an gcaoi chéanna leis an gceadúnas tiomána móibíleach, beidh an deimhniú clárúcháin digiteach ag brath ar thionscnamh eIDAS.
•Páirtithe leasmhara dá ndéantar difear: Ballstáit, úinéirí feithiclí.
•Tá feidhm ag an mbeart maidir le gach catagóir feithicle atá faoi réir clárúcháin sna Ballstáit. Chun feithiclí i dtrácht ar bhóithre a shainaithint agus chun iad a athchlárú, beidh ar na Ballstáit an leagan digiteach den deimhniú clárúcháin a aithint. Mar is amhlaidh i gcás na ndoiciméad fisiceach, d’úsáidfí an deimhniú clárúcháin feithicle digiteach chun clárú na feithicle a dheimhniú, seiceáil a dhéanamh ar shonraí teicniúla áirithe maidir léi (d’fhéadfadh an leagan digiteach níos mó sonraí a stóráil ná an leagan páipéir) agus caoi a thabhairt do na húdaráis fíorú a dhéanamh.
R4: Sonraí nua a chur leis an gclár feithiclí – tacar íosta éigeantach (lena n‑áirítear i measc nithe eile: tír an chéadchláraithe, stádas clárúcháin, stádas iniúchta theicniúil thréimhsiúil, athruithe i ngeall ar chlaochlú)
•Treoir 1999/37/CE (SCF) athbhreithnithe, Airteagal 6, Iarscríbhinní I agus II
•Déanfar foráil leis maidir le tacar íosta sonraí éigeantacha a bheidh le clárú ag na Ballstáit. D’fhéadfaí na nithe seo a leanas, i measc nithe eile, a áireamh ar eilimintí nua sonraí: a. An tír inar céadchláraíodh an fheithicil; b. Stádas feithicle (e.g. díchláraithe, díchláraithe go sealadach, curtha ar fionraí, onnmhairithe, a ré caite, scriosta) c. Stádas maidir le hiniúchadh teicniúil tréimhsiúil (fuair pas agus gan aon fhabht nó gan ach mionfhabhtanna uirthi, bailíocht theoranta agus mórfhabhtanna uirthi, teipthe – fabhtanna criticiúla) agus bailíocht an deimhnithe ródacmhainneachta (lena n‑áirítear dáta éaga), chomh maith le stádas an cheallra (i gcás feithiclí leictreacha): uimhir aitheantais an cheallra; agus faisnéis i dtaobh ar deisíodh nó ar athsholáthraíodh an ceallra; d. Athruithe ar dhoiciméadacht nó ar chlaochlú – aon athchóiriú tábhachtach feithicle atá le ceadú agus le clárú; e. Maidir le feithicil atá díchláraithe go buan, faisnéis maidir leis na cúiseanna atá leis an díchlárú.
•Páirtithe leasmhara dá ndéantar difear: Ballstáit, úinéirí feithiclí.
•Cláir náisiúnta feithiclí agus bunachair sonraí maidir le hiniúchadh teicniúil tréimhsiúil atá ann cheana a bhainistiú.
R5: Léamha odaiméadair a thaifeadadh i mbunachair sonraí náisiúnta
•Airteagal 4a de Threoir 2014/45/AE (maidir le hiniúchtaí Teicniúla Tréimhsiúla)
•Ceanglaítear leis an mbeart go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse a dhéanann obair dheisiúcháin nó chothabhála ar fheithicil na léamha odaiméadair a thaifeadadh i mbunachar sonraí náisiúnta tiomnaithe nó sa chlár náisiúnta feithiclí. Ní mór do mhonaróirí feithiclí léamha tráthrialta odaiméadair a sheoladh óna bhfeithiclí nasctha freisin. Leis an airteagal ceanglaítear freisin ar na Ballstáit an stair odaiméadair a roinnt le cigirí, le sealbhóir an deimhnithe clárúcháin agus leis na húdaráis inniúla sna Ballstáit (cf. R2).
•Páirtithe leasmhara dá ndéantar difear: Ballstáit, deisitheoirí feithiclí, ceardlanna, monaróirí feithiclí, úinéirí feithiclí agus ceannaitheoirí ionchasacha.
R6: Faisnéis á cur in iúl ag na Ballstáit don Choimisiún
•Airteagal 20a de Threoir 2014/45/AE (maidir le hiniúchtaí Teicniúla Tréimhsiúla), Airteagal 16 de Threoir 1999/37/CE (SCF) athbhreithnithe, Airteagal 20 de Threoir 2014/47/AE (maidir le hiniúchtaí Cois Bóthair)
•Ar an gcaoi chéanna leis an gceanglas tuairiscithe atá ann faoi láthair faoin Treoir maidir le hiniúchtaí Cois Bóthair, ach ar chaoi níos simplí agus gan bheith chomh minic céanna, ceanglófar ar na Ballstáit tacar íosta faisnéise a bhaineann le hiniúchtaí teicniúla tréimhsiúla, iniúchtaí cois bóthair agus athchlárúcháin feithiclí a chur in iúl gach 3 bliana. Bainfidh na Ballstáit úsáid as ardán coiteann tuairiscithe in ionad ríomhphoist a sheoladh agus comhaid Excel i gceangal leo. Leagfar síos an fhormáid tuairiscithe i ngníomh cur chun feidhme a ghlacfaidh an Coimisiún.
•Páirtithe leasmhara dá ndéantar difear: Na Ballstáit.
|
4,2.Sonraí
|
Ní bhaileofar sonraí ar bith ar leibhéal an Choimisiúin, cé is moite de shonraí carnacha a sholáthraítear i dtuairisciú na mBallstát (chun tuilleadh sonraí a fháil féach R6 thuas agus pointe 2.1 den ráiteas sin maidir le faireachán agus tuairisciú). Baineann na sonraí sin leis an líon feithiclí arna dtástáil le linn iniúchtaí tréimhsiúla agus iniúchtaí cois bóthair, le tír a gcláraithe agus le líon agus cineálacha na n‑easnamh.
Tá gach ceanglas ábhartha eile (R1, R2, R3, R4, R5 féach thuas) comhsheasmhach leis an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach trí rochtain ar líne ar fhaisnéis a bhaineann le feithiclí, nósanna imeachta riaracháin ábhartha agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a éascú.
Fónann siad freisin do chuspóirí na Straitéise Eorpaí maidir le Sonraí chun spásanna Eorpacha sonraí a fhorbairt le haghaidh riaracháin phoiblí is féidir tacú le forfheidhmiú reachtaíochta, lena n‑áirítear reachtaíocht maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus reachtaíocht chomhshaoil.
Ní mór malartú faisnéise a bhaineann le sonraí ródacmhainneachta agus clárúcháin a bheith ailínithe leis na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí (RGCS).
Leanadh prionsabal na haonuaire, agus fiosraíodh an fhéidearthacht go mbainfí athúsáid as sonraí atá ann cheana.
|
4,3.Réitigh dhigiteacha
|
Chun an malartú sonraí a éascú, chuirfeadh R2 de cheangal ar na Ballstáit a mbunachair sonraí náisiúnta (cláir feithiclí agus bunachair sonraí maidir le hiniúchadh teicniúil tréimhsiúil gaolmhara de réir mar a bheidh) a nascadh leis an ardán MOVE-HUB atá ann cheana a d’fhorbair agus a reáchtálann an Coimisiún chun cineálacha éagsúla faisnéise a bhaineann le hiompar de bhóthar a mhalartú i measc na mBallstát. Ní bheidh aon ghá le bogearraí breise a fhorbairt chun staitisticí teachtaireachtaí a bhailiú. D’fhéadfaí MOVE-HUB a úsáid freisin chun stair odaiméadair feithiclí arna dtaifeadadh de réir R5 a chur in iúl tráth a dhéantar feithicil a athchlárú i mBallstát eile.
Ní cheanglaítear réiteach lárnach le ceanglais eile (R1, R3, R4) agus beidh siad ag brath ar na réitigh dhigiteacha náisiúnta atá ann cheana. Ceanglófar le R5 bunachair sonraí náisiúnta a bhunú (comhchosúil le córas Car-Pass na Beilge) nó cláir náisiúnta feithiclí a úsáid chun léamha odaiméadair a thaifeadadh.
Tá na ceanglais uile atá beartaithe (R1, R2, R3, R4, R5, R6) comhleanúnach le beartais dhigiteacha (an Tairseach Aonair Dhigiteach, an Gníomh um Shonraí) agus le ceanglais chreat cibearshlándála an Aontais. Níl sé beartaithe aon úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí intleachta saorga le haghaidh na gceanglas atá luaite.
Beidh R6 ag brath ar an ardán ar líne a bhunaigh an Coimisiún (‘ríomhardán’) chun cumarsáid idir an Coimisiún agus na Ballstáit a éascú.
Maidir le hiniúchtaí teicniúla tréimhsiúla agus iniúchtaí cois bóthair araon, ní mór do na Ballstáit na sonraí a bhaineann le gach ceann de na 3 bliana féilire roimhe sin agus a bhaineann leis na feithiclí a ndearnadh iniúchadh orthu ina gcríoch a chur in iúl don Choimisiún tríd an ardán tuairiscithe ar líne (‘ríomhardán’).
Gach 3 bliana a mhaireann tréimhse tuairiscithe na mBallstát, agus tá sé beartaithe leis an ríomhardán go n‑éascófar tiomsú uathoibríoch sonraí de réir gnéithe tuairiscithe sonracha.
|
4,4.Measúnú idir-inoibritheachta
|
Le R2, ceanglófar ar na Ballstáit rochtain a thabhairt do Bhallstáit eile a iarrann sonraí clárúcháin nó sonraí feithicle a bhaineann le hiniúchtaí teicniúla tréimhsiúla i ndáil leis na feithiclí atá cláraithe ar a gcríoch. Chun an malartú sonraí a éascú, chuirfeadh R2 de cheangal ar na Ballstáit a mbunachair sonraí náisiúnta (cláir feithiclí agus bunachair sonraí maidir le hiniúchadh teicniúil tréimhsiúil gaolmhara de réir mar a bheidh) a nascadh leis an ardán MOVE-HUB atá ann cheana a d’fhorbair agus a reáchtálann an Coimisiún chun cineálacha éagsúla faisnéise a bhaineann le hiompar de bhóthar a mhalartú i measc na mBallstát.
Ó thaobh idir-inoibritheachta de, is dócha gurb amhlaidh na nithe seo a leanas maidir le R1, R2, R3, R4 agus R5:
1. Beidh éifeacht dhearfach acu ar idir-inoibritheacht dhlíthiúil trasteorann toisc go soláthraíonn siad creat dlíthiúil comhleanúnach maidir leis na deimhnithe agus na doiciméid thuasluaite a úsáid agus a rochtain thar theorainneacha.
2. Beidh éifeacht dhearfach acu ar idir-inoibritheacht shéimeantach trasteorann toisc go soláthraíonn siad creat soiléir lena ndéantar formáid choiteann agus brí choiteann na sonraí malartaithe a shoiléiriú.
3. Beidh éifeacht dhearfach acu ar idir-inoibritheacht theicniúil trasteorann toisc go bhfágfaidh struchtúr na teachtaireachta go mbeidh sí oiriúnach lena húsáid thar theorainneacha. Feabhsaítear sin a thuilleadh i gcás ina gcinnfidh na Ballstáit úsáid a bhaint as réiteach MOVE-HUB, rud a sholáthraíonn an Coimisiún agus a úsáideann na Ballstáit cheana féin le haghaidh malartú teachtaireachtaí. Má chinneann na Ballstáit a gcórais féin a fhorbairt, ní mór dóibh a áirithiú nach gcuirfidh siad bacainní ar an idir-inoibritheacht.
4. Beidh tionchar dearfach acu ar idir-inoibritheacht eagraíochtúil toisc go gceanglaítear ar na Ballstáit a bpróisis a ailíniú chun go mbeifear in ann na deimhnithe agus na doiciméid thuasluaite a úsáid agus a rochtain thar theorainneacha.
|
4,5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach
|
Chun éascaíocht a dhéanamh do chur chun feidhme rianúil na gceanglas a bhaineann le hábhar maidir le cúrsaí digiteacha a shainaithnítear i Roinn 4.1., ní mór na gníomhartha cur chun feidhme/tarmligthe a ghlacadh chun na gcríoch seo a leanas:
•Tacar íosta sonraí teicniúla a shonrú a bhfuil gá leo chun iniúchtaí teicniúla tréimhsiúla a dhéanamh, rud nach mór a chur ar fáil saor in aisce agus gan mhoill do na húdaráis inniúla, a mbeidh orthu ansin a áirithiú go mbeidh an rochtain is gá ar na sonraí sin ag na lárionaid tástála arna n‑údarú acu. Ba cheart ceanglais theicniúla bhreise a leagan síos i ngníomh cur chun feidhme lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme 2019/621 ón gCoimisiún.
•Coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an deimhnithe ródacmhainneachta dhigitigh, lenar cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a shonrú cé na gnéithe idir-inoibritheachta agus bearta slándála is infheidhme maidir leis na cóid QR a thugtar isteach ar dheimhnithe ródacmhainneachta.
•Aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna trasteorann, inar cheart do na Ballstáit cúnamh a thabhairt dá chéile chun Treoracha 2014/45/AE agus 2014/47/AE a chur chun feidhme. Chun na críche sin, tá gá le rialacha maidir le malartú faisnéise agus sonraí feithicle chun stádas dlíthiúil agus teicniúil feithicle, stair odaiméadair, inneachar deimhnithe ródacmhainneachta agus tuarascálacha maidir le hiniúchadh teicniúil cois bóthair a sheiceáil.
•Ba cheart feidhmiúlachtaí MOVE-HUB a leathnú a thuilleadh chun gur féidir an malartú faisnéise agus/nó sonraí feithicle is gá a dhéanamh chun críocha Threoracha 2014/45/AE agus 2014/47/AE, go háirithe chun formáid agus inneachar na faisnéise/sonraí atá le malartú a shonrú. Ba cheart do na Ballstáit a gcórais leictreonacha ina bhfuil faisnéis faoi dheimhnithe ródacmhainneachta agus faoin stair odaiméadair a nascadh le córas MOVE-HUB.
•Coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe ag na Ballstáit, ar cheart dóibh cur chun feidhme Threoir 2014/45/AE agus Threoir 2014/47/AE a thuairisciú gach 3 bliana.
|