AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,20.11.2024
COM(2024) 551 final
2023/0375(COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/2394 agus (AE) 2018/1724 a mhéid a bhaineann le deireadh a chur leis an gClár Eorpach ODR
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
2023/0375 (COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
seasamh ón gComhairle i dtaca le glacadh Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/2394 agus (AE) 2018/1724 a mhéid a bhaineann le deireadh a chur leis an gClár Eorpach ODR
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
1.Cúlra
|
An dáta a tarchuireadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM(2023) 647 final – 2023/0375 COD):
|
17 Deireadh Fómhair 2023
|
|
Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa:
|
14 Feabhra 2024
|
|
Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:
|
13 Márta 2024
|
|
An dáta a tarchuireadh an togra leasaithe:
|
Neamhbhainteach
|
|
An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle trí thromlach cáilithe:
|
19 Samhain 2024
|
2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún
An Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/2394 agus (AE) 2018/1724 a mhéid a bhaineann le deireadh a chur leis an gClár Eorpach ODR, is cuid den Phacáiste um Chuíchóiriú é, arb é is aidhm don Phacáiste an t‑ualach riaracháin a laghdú chun gnólachtaí na hEorpa a choinneáil iomaíoch, i gcomhréir leis an Teachtaireacht maidir le hiomaíochas fadtéarmach an Aontais.
Glacadh Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 chun Clár Eorpach Réitigh Díospóidí ar Líne (dá ngairtear ‘an Clár Eorpach ODR’ anseo feasta) a bhunú trína bhféadfadh tomhaltóirí agus trádálaithe ón Aontas agus ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a ndíospóidí maidir le ceannacháin ar líne a tharchur chuig eintitis um Réiteach Malartach Díospóide (ADR). Tá an Clár Eorpach ODR ag feidhmiú ó bhí 2016 ann mar bhonneagar digiteach ilteangach trínar féidir le tomhaltóirí agus trádálaithe, le comhaontú frithpháirteach, iarraidh ar eintiteas ADR a ndíospóid maidir le ceannachán ar líne a réiteach. Leis an Rialachán rinneadh foráil go mbainisteodh an Coimisiún an gclár, agus go gcomhlíonfadh gnólachtaí ar líne oibleagáidí faisnéise áirithe ar a suíomhanna gréasáin chun infheictheacht an chláir a fheabhsú. Rinneadh foráil leis an Rialachán freisin go mbeadh pointe teagmhála ODR agus beirt comhairleoirí ODR ag gach Ballstát. D’ainneoin gur tugadh breis agus dhá mhilliún cuairt ar an gClár Eorpach ODR in aghaidh na bliana, níor comhlíonadh a chuspóir faoi Rialachán (AE) Uimh. 524/2013, toisc nach ndeachaigh ach 200 díospóid chomh fada le heintiteas ADR gach bliain, ar an meán, agus go bhfuil méadú ag teacht ar chostais a chothabhála teicniúla.
Tá sé de chuspóir ag an togra seo ón gCoimisiún Rialachán ODR a aisghairm agus deireadh a chur leis an gClár ODR. De bhun Iarscríbhinn 7 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair ábhartha, má chuirtear deireadh leis an gclár sábhálfar EUR 4,4 milliún le himeacht 10 mbliana do bhuiséad an Aontais (coigiltis bhliantúla EUR 600 000 ar chostais chothabhála an chláir, agus caiteachas bliantúil breise EUR 100 000 ann faoi dheireadh ar réitigh eile a fhorbrófar chun tomhaltóirí a atreorú chuig an eintiteas ADR ceart), agus beidh glantairbhe EUR 370 milliún ann do ghnólachtaí toisc go bhfaighfear réidh le hoibleagáidí iomarcacha.
Aisghairm Rialachán ODR, ní rud é a dhéanann dochar do na cuspóirí beartais a bhaineann le ADR do thomhaltóirí. Nuair a bheidh deireadh curtha leis an gClár Eorpach ODR coinneoidh an Coimisiún an liosta eintiteas ADR ar bun agus soláthróidh sé faisnéis maidir le sásamh tomhaltóirí. Soláthróidh an Togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/11/AE maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí, chomh maith le Treoracha (AE) 2015/2302, (AE) 2019/2161 agus (AE) 2020/1828, a bhfuil idirphlé idirinstitiúideach á dhéanamh air faoi láthair, bunús dlí le haghaidh uirlisí digiteacha a chuirfidh tomhaltóirí ar an eolas faoi roghanna sásaimh iomchuí, agus leasóidh sé, i gcás inar gá, Treoracha eile ina luaitear an Clár Eorpach ODR.
3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle
I gcomhréir leis an gcomhaontú polaitiúil, níl leasú déanta ar shubstaint an togra ón gCoimisiún. Ina ionad sin, tá sé tarchurtha chuig na dlítheangeolaithe chun athbhreithniú a dhéanamh air, ag féachaint do na chéad chéimeanna nós imeachta eile lena ghlacadh ag na comhreachtóirí.
Tagann an seasamh ón gComhairle go hiomlán leis an togra bunaidh ón gCoimisiún. Ní dhéanann na hathruithe dlí agus teanga difear do chur chun feidhme an Rialacháin, dá amlíne ná do ról an Choimisiúin.
Dá bhrí sin, is féidir leis an gCoimisiún an togra ón gComhairle a fhormhuiniú.
4.Conclúid
Tacaíonn an Coimisiún leis an téacs a ghlac an Chomhairle.