AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 6.2.2024
COM(2024) 63 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Ár dtodhchaí a dhaingniú
Sprioc aeráide 2040 na hEorpa agus an chonair chun na haeráidneodrachta faoi 2050 lena dtógfar sochaí inbhuanaithe, chóir agus rathúil
{SEC(2024) 64 final} - {SWD(2024) 63 final} - {SWD(2024) 64 final}
Clár Ábhar
1
Fís i ndiaidh 2030
2
Gníomhú ar son na haeráide ar fud an domhain ar bhonn uaillmhianach
3
Sprioc 2040 agus conair i dtreo na haeráidneodrachta
3.1
An sprioc
3.2
Costas neamhghníomhaíochta
4
Sprioc 2040 a bhaint amach
4.1
Creat beartais 2030 a chur chun feidhme
4.2
Geilleagar a dhéanfaidh beart don phobal
4.3
Córas fuinnimh an Aontais Eorpaigh
4.4
Margadh dícharbónaithe tionscail
4.5
Iompar a dhícharbónú agus soghluaisteacht a fheabhsú
4.6
Talamh, bia agus an bithgheilleagar
4.7
Ag infheistiú inár dtodhchaí
5
Conclúid agus na chéad chéimeanna eile
8
bloic thógála chun sprioc 2040 a bhaint amach
1Fís i ndiaidh 2030
Tá an t‑athrú aeráide ag treisiú agus a chostais san fhíorshaol ag luasghéarú. Le luasghéarú ard ó thaobh na staire de maidir le cur isteach ar an aeráid in 2023, shroich an téamh domhanda 1,48 °C os cionn an leibhéil réamhthionsclaíoch den chéad uair, agus sáraíodh go mór na taifid ba mhó roimhe sin ar theochtaí an aigéin agus caillteanas oighir an Aigéin Antartaigh. Tá sé níos soiléire ná riamh gurb é atá i gceist le haeráid chobhsaí a bhaint amach agus pláinéad inchónaithe a chosaint do na glúine atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo astaíochtaí domhanda gás ceaptha teasa (GCT) a laghdú go géar agus go tapa agus ullmhú do thionchair an athraithe aeráide amach anseo(). Is féidir leis an gconair sin dul i gcomhar le sochaí rathúil agus chothrom a mhúnlú, agus le hearnáil tionscail agus talmhaíochta an Aontais atá lúfar agus láidir i ngeilleagar iomaíoch ar fud an domhain agus atá ag éirí níos inbhuanaithe agus a sholáthraíonn do na daoine go léir agus atá i gcomhréir le 20 prionsabal Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus a Phlean Gníomhaíochta.
Léiríonn toradh COP28 in Dubai agus an chéad athbhreithniú domhanda ar ghníomhú ar son na haeráide go bhfuil an chuid eile den domhan ag bogadh go tapa isteach ar an gconaire seo chomh maith. Tá an tAontas Eorpach, tar éis dlí a dhéanamh den aeráidneodracht faoi 2050, chun tosaigh sa ghníomhú ar son na haeráide, agus coinneofar amhlaidh é.
Is fís chuimsitheach í fís na hEorpa ag deireadh na 10 mbliana atá amach romhainn: ba cheart é leanúint de bheith ina phríomhcheann scríbe le haghaidh deiseanna infheistíochta lena gcuirfear ar fáil poist chobhsaí ar ardchaighdeán a sheasfaidh an aimsir, agus éiceachóras tionsclaíoch láidir. Ba cheart an Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le margaí teicneolaíochta glana na todhchaí a fhorbairt, áit a mbeidh na mórthíortha agus na mórghnólachtaí go léir ag iarraidh leas a bhaint as na deiseanna margaidh. Trí mhór-roinn a dhéanamh ina bhfuil fuinneamh glan ísealcharbóin inacmhainne agus bia agus ábhair inbhuanaithe, beidh sé athléimneach i gcoinne géarchéimeanna amach anseo, mar shampla iad siúd arb iad na suaití i soláthar breoslaí iontaise faoi láthair is cúis leo. Trí leanúint de bheith ina ceannródaí domhanda agus ina comhpháirtí iontaofa sa ghníomhú ar son na haeráide, neartóidh an Eoraip a huathriail straitéiseach oscailte ag an am céanna agus éagsúlóidh sí a slabhraí luacha domhanda inbhuanaithe chun bheith ina máistir ar a cinniúint i ndomhan luaineach.
Is féidir le gníomhú ar son na haeráide atá dea-cheaptha an fhís sin a bhaint amach don Eoraip agus dá saoránaigh. Is é an Comhaontú Glas don Eoraip straitéis fhadtéarmach an Aontais Eorpaigh maidir le fás eacnamaíoch, infheistíocht agus nuálaíocht. Déanfaidh a chur chun feidhme neamhspleáchas fuinnimh an Aontais ar bhreoslaí iontaise a neartú go sonrach. In 2022 tháinig méadú go EUR 640 billiún (4,1 % de OTI) ar luach na n‑allmhairí breosla iontaise, mar gheall ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. In 2023, nuair a tháinig laghdú suntasach ar phraghsanna, thart ar 2,4 % de OTI a bhí i nglanchostais allmhairiúcháin breosla iontaise().
Níl sé inbhuanaithe an geilleagar a fhás ar bhonn breoslaí iontaise agus cur amú acmhainní. Tá sé léirithe ag an Aontas go dtéann an gníomhú ar son na haeráide agus cothú an fháis eacnamaíoch taobh le taobh lena chéile trí fhás a dhíchúpláil ó astaíochtaí gás ceaptha teasa. De réir sonraí sealadacha, bhí glanastaíochtaí gás ceaptha teasa san iomlán 32,5 % níos ísle in 2022 ná mar a bhí in 1990() agus tá méadú 67 % tagtha ar an ngeilleagar(). Tháinig méadú 37,5 % ar tháirgiúlacht na n‑ábhar idir 2000 agus 2022(
).
Tá na leibhéil is airde riamh teicneolaíochtaí in-athnuaite agus ísealcharbóin á n‑úsáid anois. Chuir an tAontas 17 GW d’fhuinneamh gaoithe nua agus 56 GW de ghrianfhuinneamh (DC) isteach in 2023, méid nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. In 2022 díoladh thart ar 3 mhilliún aonad teaschaidéal.
Thug an Dlí Aeráide Eorpach sprioc idirmheánach isteach atá le moladh ag an gCoimisiún 6 mhí ar a dhéanaí tar éis an athbhreithnithe dhomhanda faoi Chomhaontú Pháras. Dá bhrí sin, i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide agus bunaithe ar Mheasúnú Tionchair mionsonraithe, cuirtear i láthair leis an Teachtaireacht seo laghdú 90 % ar ghlanastaíochtaí GCT i gcomparáid le leibhéil 1990 mar an sprioc a mholtar le haghaidh 2040 (‘sprioc 2040’). D’áiritheofaí leis sin go mbeadh an buiséad foriomlán comhfhreagrach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) don Aontas Eorpach idir seo agus 2050 ag teacht le forálacha an Dlí Eorpaigh maidir leis an Aeráid agus go soláthrófaí leis conair inchreidte chuig sochaí láidir agus inbhuanaithe san Eoraip.
Chun an sprioc sin a bhaint amach, beidh gá le roinnt coinníollacha cumasúcháin, amhail cur chun feidhme iomlán chreat comhaontaithe 2030, iomaíochas thionscal na hEorpa á áirithiú, fócas níos mó ar aistriú cóir nach bhfágann aon duine ar lár, cothroime iomaíochta le comhpháirtithe idirnáisiúnta, agus idirphlé straitéiseach maidir le creat iar-2030, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh leis an tionscal agus leis an earnáil talmhaíochta.
Is é is cuspóir don Teachtaireacht seo an díospóireacht pholaitiúil a sheoladh agus bonn eolais a chur faoi ullmhú chreat iar-2030. Ní bheartaítear leis bearta beartais nua ná ní shocraítear leis spriocanna nua earnáilsonracha.
Leis sin, tá cobhsaíocht agus cur chun feidhme iomlán an chreata reachtaigh atá i bhfeidhm chun spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 a bhaint amach ina réamhchoinníoll le go bhfanfaidh an tAontas ar an gconair i dtreo sprioc 2040 maidir leis an aeráidneodracht in 2050 agus go mbainfidh sé leas as acmhainneacht iomlán an aistrithe. Go deimhin, bheadh laghdú -88 % ann cheana féin dá leathnófaí na beartais reatha i dtreo 2040. Trí thús a chur leis an dícharbónú ar ár gconair i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050, laghdófar go mór allmhairí breosla iontaise (80 % in 2040) agus, dá bhrí sin, cuirfear cosaint níos mó ar fáil ar shuaití i bpraghsanna agus cruthófar príomhmhargadh i dteicneolaíochtaí glana, rud a neartóidh neamhspleáchas straitéiseach agus iomaíochas oscailte an Aontais. Tá gá le níos mó fócais, áfach, ar chreat lena n‑áirithítear go mbainfidh gach saoránach tairbhe as an aistriú aeráide, anois agus sna blianta amach romhainn. Mar shampla, ní mór don Chomhaontú Glas don Eoraip a bheith ina mhargadh dícharbónaithe tionsclaíoch freisin. Tá gá le fostaíocht agus scileanna a chomhtháthú ar bhealach níos fearr san Eoraip, mar aon le gnéithe sóisialta agus dáileacháin sa ghníomhú ar son na haeráide agus le creat cumasúcháin don tionscal dícharbónaithe chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe a shaothrú, agus le cothroime iomaíochta dhomhanda chun go mbeidh rath ar an éiceaghnó. Beidh ar an Eoraip an bonneagar fuinnimh agus iompair is gá a phleanáil freisin. Tabharfar aghaidh ar na gnéithe sin sna hathbhreithnithe atá le teacht a bhfuil coinne leo cheana féin i mbearta reatha an Aontais chun a áirithiú go mbainfear amach go rathúil ár gcuspóirí le haghaidh 2030.
Thairis sin, beidh ar an Eoraip an meascán ceart d’infheistíocht san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí a shlógadh chun ár ngeilleagar a dhéanamh inbhuanaithe agus iomaíoch araon. Sa réimse sin, beidh gá le cur chuige Eorpach maidir le maoiniú sna blianta amach romhainn, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, chun barainneachtaí scála agus raon feidhme a ghiniúint, agus ilroinnt iarrachtaí á teorannú agus míchothromaíochtaí réigiúnacha á ndoimhniú.
Go leor infheistíochtaí atá le déanamh chun spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 a bhaint amach, beidh tionchair acu a mhairfidh na scórtha blianta. Trí sprioc aeráide a shainiú do 2040 anois, soláthrófar intuarthacht infheistíochta. Cuideoidh sé le cinnteoirí an Aontais, leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara na cinntí is gá a dhéanamh sna 10 mbliana ríthábhachtacha seo, ionas go mbeidh siad sin comhoiriúnach le sprioc 2040 agus leis an gcuspóir maidir le haeráidneodracht, agus na rioscaí a bhaineann le conairí costasacha fo-optamacha agus sócmhainní tréigthe á n‑íoslaghdú.
Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an t‑aistriú cóir i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip i bhfianaise na n‑ábhar imní i measc roinnt saoránach agus gníomhaithe tionsclaíocha faoi rioscaí agus costais an aistrithe aeráide agus fuinnimh. Leis an ngníomhú ar son na haeráide ní mór gach duine a chuimsiú, agus aird ar leith á tabhairt ar thacú leo siúd a bhfuil an dúshlán is mó rompu. Sin é an fáth go gcuirtear tús leis an Teachtaireacht seo le hidirphlé agus le for-rochtain fhairsing ar shaoránaigh, ar ghnólachtaí, ar chomhpháirtithe sóisialta, ar eagraíochtaí neamhrialtasacha, ar an saol acadúil agus ar pháirtithe leasmhara eile ar an gconair cheart i gcomhair 2040 i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050. Tá idirphlé den sórt sin leis an tionscal ar siúl cheana féin trí bhíthin Idirphlé maidir le hAistriú Glan a eagraítear leis na príomhearnálacha tionsclaíocha, agus leanfar leis agus leathnófar é, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh i bpeirspictíocht 2040. Seoladh freisin an tIdirphlé Straitéiseach maidir le Todhchaí na Talmhaíochta le feirmeoirí agus le gníomhaithe eile sa bhiashlabhra maidir le todhchaí na talmhaíochta. Thairis sin, ba cheart idirphlé struchtúrtha agus córasach le comhpháirtithe sóisialta a neartú chun a áirithiú go rannchuideofar leo, ag díriú ar fhostaíocht, lena n‑áirítear infhaighteacht post d’oibrithe easáitithe, soghluaisteacht, cáilíocht poist agus infheistíochtaí in athsciliú agus uas-sciliú. Tíolacfaidh an Coimisiún stocáireamh ar an Idirphlé maidir le hAistriú Glan roimh chruinniú na Comhairle Eorpaí Speisialta i mí Aibreáin na bliana seo. Leis an idirphlé agus leis an bhfor-rochtain sin, beidh an chéad Choimisiún eile in ann tograí reachtacha a chur síos don chreat beartais iar-2030 a bheidh ag teastáil chun sprioc 2040 a bhaint amach ar bhealach cothrom agus costéifeachtúil.
1Gníomhú ar son na haeráide ar fud an domhain ar bhonn uaillmhianach
Fuarthas amach sa chéad athbhreithniú domhanda faoi Chomhaontú Pháras go bhfuil beartais aeráide atá ag éirí níos éifeachtaí á gcur i bhfeidhm ag páirtithe, ach go bhfuil gá le gníomhaíocht bhreise phráinneach chun an domhan a chur ar an mbóthar ceart go hiomlán chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach.
Chun an téamh domhanda a theorannú go 1,5 °C chomhaontaigh na páirtithe ag COP28 go bhfuil gá le laghduithe doimhne, tapa agus marthanacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda, mar atá laghduithe 43 % faoi 2030 agus 60 % faoi 2035 i gcomparáid le leibhéil 2019, agus le glanastaíochtaí CO2 nialasacha a bhaint amach ar fud an domhain faoi 2050. Leis an Athbhreithniú Domhanda, cuireadh i dtábhacht gur cheart deireadh a chur le ré an bhreosla iontaise, agus aithnítear gur gá do chách aistriú ó bhreoslaí iontaise. Iarrtar leis an gcomhaontú freisin ar na páirtithe acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite dhomhanda a mhéadú faoi thrí agus ráta na bhfeabhsúchán ar éifeachtúlacht fuinnimh a dhúbailt faoi 2030, dlús a chur le hiarrachtaí ar fud an domhain i dtreo córais fuinnimh astaíochtaí nialasacha, agus úsáid á baint as breoslaí nialasacha agus ísealcharbóin i bhfad roimh nó faoi lár an chéid. Agus béim á leagan ann ar an tábhacht a bhaineann le haistriú cóir, iarrtar leis freisin dlús a chur le hiarrachtaí chun deireadh a chur de réir a chéile le gual neamhlaghdaithe agus astaíochtaí ó iompar de bhóthar agus aghaidh a thabhairt ar mheatán agus ar astaíochtaí eile nach astaíochtaí CO2 iad le linn na 10 mbliana seo romhainn amach, agus deireadh a chur de réir a chéile a luaithe is féidir le fóirdheontais neamhéifeachtúla breosla iontaise nach dtugann aghaidh ar bhochtaineacht fuinnimh ná ar ghrúpaí leochaileacha. Éileofar leis sin aistriú i bpatrúin infheistíochta ar fud na cruinne chun a áirithiú go bhfuil sreabha airgeadais ag teacht le conairí forbartha ísealastaíochtaí agus conairí atá athléimneach ó thaobh na haeráide de.
Leagtar síos le torthaí COP28 an t‑ionchas íosta le haghaidh gníomhaíocht ón bpobal domhanda ar fad agus cuirtear leo pobail eile ar an gconair ar a bhfuil an tAontas Eorpach cheana féin. Leanfaidh an tAontas de bheith ag rannchuidiú leis an modh agus leis an móiminteam a thógáil le haghaidh gníomhaíocht dhomhanda mhéadaithe agus cuirfidh sé ina luí ar thíortha eile amhlaidh a dhéanamh agus tacóidh sé leo sa mhéid sin.
Ag tógáil ar rath agus ar acmhainneacht na Tairsí Domhanda, leathnófar an comhar idirnáisiúnta chuig réimsí nua i gcomhréir le gealltanais chomhchoiteanna an Athbhreithnithe Dhomhanda agus le deiseanna teicneolaíocha nua. Beidh an maoiniú don aeráid i gcroílár rannchuidiú an Aontais leis an ngníomhú ar son na haeráide ar fud an domhain i gcónaí. Is é an tAontas, in éineacht lena Bhallstáit agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), an ranníocóir is mó de mhaoiniú aeráide poiblí do gheilleagair atá i mbéal forbartha, agus ranníocaíocht EUR 28,5 billiún in 2022 agus EUR 11,9 billiún breise de mhaoiniú príobháideach á shlógadh aige.
Déanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit an taidhleoireacht aeráide a neartú a thuilleadh i bhfóraim dhéthaobhacha, ilpháirtithe (G7, G20, ECFE, Club Aeráide i measc fóraim eile) agus iltaobhacha.
Bunóidh an Coimisiún tascfhórsa tiomnaithe chun a shaineolas a thairiscint agus foireann a imscaradh chun margaí carbóin a chur ar bun, cur chuige domhanda a fhorbairt maidir le praghsáil carbóin, a thaidhleoireacht sa mhargadh carbóin ar fud an domhain a threisiú agus cur lena iarrachtaí chun rath Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA) a mhacasamhlú trí dhlínsí eile a spreagadh agus tacú leo chun a sásraí praghsála carbóin féin a thabhairt isteach nó chun feabhas a chur orthu.
Agus an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) á chur chun feidhme de réir a chéile, a tháinig i bhfeidhm, ina chéim idirthréimhseach, an 1 Deireadh Fómhair 2023, dreasaítear rialtais freisin chun bearta praghsála a úsáid chun astaíochtaí a laghdú agus tionscail chun a n‑astaíochtaí GCT a laghdú, bunaithe ar mhodheolaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann lena cur i bhfeidhm go hidirnáisiúnta.
I dtimpeallacht gheopholaitiúil ghuagach, leanfaidh an tAontas de chomhpháirtíochtaí cobhsaí a fhorbairt le tíortha atá ar aon intinn leo. Leis na Comhghuaillíochtaí Glasa agus na Comhpháirtíochtaí Glasa a tugadh i gcrích le comhpháirtithe ó bhí 2021 ann, cothófar conairí an Aontais agus conairí na gcomhpháirtithe i leith na haeráidneodrachta. Déanfaidh sé comhpháirtíochtaí le soláthróirí idirnáisiúnta iontaofa a leathnú agus a dhoimhniú, lena n‑áirítear tíortha comharsanachta, lena slándáil fhadtéarmach fuinnimh agus intuarthacht an tsoláthair a áirithiú le linn an aistrithe fuinnimh. Cuideoidh sé sin le spleáchas agus costais sheachtracha a laghdú agus slabhraí soláthair á ndí-rioscú. Cumhachtófar leis freisin gnólachtaí agus an tsochaí Eorpach le tairbhe a bhaint as an aistriú domhanda agus as an éileamh méadaitheach ar theicneolaíochtaí glana, in éineacht le hionstraimí beartais chun athléimneacht sholáthar teicneolaíochtaí glan-nialasacha an Aontais a áirithiú.
Is féidir le comhaontuithe trádála cuidiú le spriocanna aeráide a chur chun cinn agus ár spriocanna a bhaint amach, agus a áirithiú an tráth céanna go bhfanfaidh an córas trádála idirnáisiúnta cothrom agus neamh-idirdhealaitheach. Is féidir leis an mbeartas trádála nuálaíocht a spreagadh, slabhraí luacha inbhuanaithe a chur chun cinn agus rochtain ar an margadh a chruthú le haghaidh teicneolaíochtaí agus táirgí glana.
Agus an móiminteam suntasach maidir le méadú an Aontais á léiriú aige, tacóidh an Coimisiún le tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha maidir le acquis aeráide agus fuinnimh an Aontais a ailíniú agus a ghlacadh, lena n‑áirítear an Dlí Aeráide Eorpach. Áirítear leis sin cur chun feidhme na ngealltanas a tugadh tríd an gComhphobal Fuinnimh chun spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 laistigh de chreat atá bunaithe ar Rialachán Rialachais an Aontas Fuinnimh. Beidh tiomantas do gharsprioc 2040 agus aistriú i gcomhréir léi ina dtosca tábhachtacha freisin i bpróiseas aontachais na mBallstát AE amach anseo.
Beidh sprioc 2040, a luaithe a chomhaontófar í, mar bhonn le Rannchuidiú nua an Aontais arna Chinneadh go Náisiúnta (NDC) faoi Chomhaontú Pháras, a chuirfear in iúl do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) faoi 2025, roimh COP30. Déanfar glanfhigiúr gás ceaptha teasa don Aontas in 2035 a dhíorthú nuair a chomhaontófar sprioc 2040, lena chur in iúl mar chuid den NDC nua.
2Sprioc 2040 agus conair i dtreo na haeráidneodrachta
An sprioc
Chun an tAontas a chur ar chonair dhaingean i dtreo na haeráidneodrachta, cuirtear i láthair leis an Teachtaireacht seo laghdú 90 % ar ghlanastaíochtaí GCT i gcomparáid le leibhéil 1990 mar an sprioc a mholtar le haghaidh 2040 (‘sprioc 2040’). Chun laghdú 90 % ar ghlanastaíochtaí GCT a bhaint amach, léirítear san anailís sa mheasúnú tionchair gur cheart leibhéal na n‑astaíochtaí GCT atá fágtha san Aontas in 2040 a bheith níos lú ná 850 MtCO2-eq () agus gur cheart aistrithe carbóin (ón atmaisféar trí aistrithe carbóin talamhbhunaithe agus tionsclaíocha) suas le 400 MtCO2 a bhaint amach.
Tá an sprioc atá beartaithe bunaithe ar mheasúnú tionchair críochnúil () lenar féachadh go mion ar impleachtaí trí sprioc-rogha do 2040:
·Rogha 1, laghdú suas le 80 % i gcomparáid le 1990, i gcomhréir le conair líneach idir 2030 agus 2050 ();
·Rogha 2, laghdú 85-90 %, atá comhoiriúnach leis an leibhéal laghdaithe glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a shroichfí dá sínfí an creat beartais reatha go 2040 agus
·Rogha 3, laghdú 90-95 %.
Tá difríocht shoiléir idir na sprioc-roghanna ó thaobh thábhacht na dteicneolaíochtaí núíosacha. Tá infheistíochtaí níos tapúla ag gabháil le Rogha 3 chun teicneolaíochtaí nua ísealcharbóin a úsáid amhail táirgeadh hidrigine trí leictrealú, gabháil agus úsáid carbóin agus aistrithe carbóin tionsclaíocha idir 2031 agus 2040 ná mar atá i Rogha 2. I Rogha 1 fágtar úsáid teicneolaíochtaí nua go dtí na blianta idir 2041 agus 2050 den chuid is mó, agus dá bhrí sin tá an baol ann nach mbainfear aeráidneodracht amach faoi 2050. Meastar i Rogha 3 an méid mór aistrithe carbóin atá ag teastáil chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus chun glanastaíochtaí diúltacha a sheachadadh níos faide anonn.
Mar thoradh ar Rogha 3 tá an buiséad gás ceaptha teasa is ísle ann don Aontas, agus tá glanastaíochtaí gás ceaptha teasa carnacha (an buiséad táscach gás ceaptha teasa) 16 GtCO2-eq ann do na blianta idir 2030 agus 2050. Is é an t‑aon rogha a fhreagraíonn do chomhairle ESABCC (
), a íoslaghdaíonn iomlán na n‑astaíochtaí GCT a chuirimid san atmaisféar agus atá ag teacht le forálacha an Dlí Aeráide Eorpaigh chun buiséad GCT a chur i láthair nach gcuireann gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras i mbaol. Agus an buiséad domhanda carbóin () atá fágtha ag laghdú go tapa, tá sé riachtanach go n‑íoslaghdóidh gach páirtí a astaíochtaí carnacha féin. Tríd an Aontas a shocrú ar an gconair sin a luaithe is féidir, beidh an t‑aistriú sin níos saoire agus níos intuartha. Dá mhéad moill a chuirtear ar ghníomhú ar son na haeráide is ea is mó na costais dhaonna agus eacnamaíocha agus is mó an gá atá le hathchóiriú agus oiriúnú a mhaoiniú, rud a tharraingíonn acmhainní ó gheilleagar an Aontais.
Tá aistriú i gcostais iomlána ó chostais oibriúcháin (nasctha le ceannacháin breosla iontaise) go costais chaipitil mar chuid de na roghanna go léir. Tá riachtanais infheistíochta idir 2031 agus 2050 comhchosúil lena chéile ar fud na roghanna ar fad, agus éilítear le Rogha 3 riachtanais infheistíochta bhliantúla níos airde idir 2031 agus 2040 ná mar a éilítear i Roghanna 1 agus 2, ach riachtanais níos ísle ansin idir 2041 agus 2050. Cé is moite de thionscail atá dian ar fhuinneamh, áfach, tá na difríochtaí idir Roghanna 2 agus 3 i dtéarmaí chostas iomlán an chórais fuinnimh mar thoradh air sin, OTI agus iomaíochas ar scaireanna onnmhairiúcháin domhanda teoranta i gcónaí. Le Rogha 3, leagtar amach conair shoiléir an aistrithe ar shiúl ó bhreoslaí iontaise mar a iarrtar le COP28, lena soláthraítear na tairbhí is mó i dtéarmaí neamhspleáchas fuinnimh agus cosaint fheabhsaithe i gcoinne suaití i bpraghsanna breosla iontaise. Neartaítear leis neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais sa chomhthéacs idirnáisiúnta an-luaineach ina bhfuil an spleáchas ar allmhairí breosla iontaise ina riosca do shlándáil an Aontais agus dá chobhsaíocht eacnamaíoch.
Éilítear leis an sprioc atá molta go n‑úsáidfear teicneolaíochtaí nialasacha agus ísealcharbóin go tapa faoi 2040, go gcruthófar margadh mór intíre do mhonaróirí teicneolaíochta glaine, go ndreasófar taighde agus nuálaíocht agus go gcruthófar bonn láidir tionsclaíoch Eorpach, rud a chuirfidh an tAontas i riocht ceannródaíoch sa rás domhanda teicneolaíochta glaine seachas moill a chur ar ghníomhaíocht go dtí na 10 mbliana roimh 2050. Mar sin féin, le níos mó gníomhaíochta sna 10 mbliana idir 2031 agus 2040, tá riachtanais mheasartha níos airde i gceist le Rogha 3 freisin maidir le hamhábhair (agus níos lú sna 10 mbliana ina dhiaidh sin), agus, mura n‑úsáidtear teicneolaíochtaí núíosacha tapa go leor, tá riosca níos airde ann maidir le comhbhabhtálacha comhshaoil féideartha go háirithe i dtéarmaí úsáid talún agus ról na bithmhaise sa chóras fuinnimh.
Beidh gá le níos mó fócais agus iarrachta chun aistriú cóir a áirithiú ná mar a bheidh i gceist i gcás sprioc-roghanna nach bhfuil chomh huaillmhianach céanna, toisc go gcuirtear dlús éigin leis an aistriú. Cé go bhfuil an difríocht idir na roghanna maidir le costais ar theaghlaigh teoranta (go háirithe a bhuí le héifeachtúlacht fuinnimh níos fearr i Rogha 3, rud a chuireann teorainn le ceannacháin fuinnimh), ba cheart a áireamh sa chreat beartais iar-2030 bearta beartais leordhóthanacha chun praghsanna fuinnimh inacmhainne agus rochtain ar réitigh dhícharbónaithe a áirithiú. Beidh bearta athdháilte riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta ionas nach bhfágfar aon duine ar lár.
|
An chaoi a ndéantar comparáid idir na sprioc-roghanna
Na hinfheistíochtaí agus na costais
Éilítear leis na roghanna uile leibhéal infheistíochta comhchosúil ó 2031 go 2050 agus is éard atá i gceist leo acmhainní a atreorú a chaithfí a infheistiú i dteicneolaíochtaí atá níos déine ar charbón murach sin, in éagmais gníomhaíochta, chun foráil a dhéanamh maidir le riachtanais fuinnimh an gheilleagair. Gar do EUR 660 billiún (coibhéiseach le 3,2 % de OTI) in aghaidh na bliana ar an meán i gcaitheamh na tréimhse ar fad (i gcomparáid le EUR 250 billiún idir 2011 agus 2020, nó 1,7 % de OTI, 10 mbliana ina raibh infheistíochtaí réasúnta íseal sa chóras fuinnimh) atá i riachtanais infheistíochta an chórais fuinnimh, agus gar do EUR 870 billiún atá i gcaiteachas bliantúil in earnáil an iompair() (coibhéiseach le 4,2 % de OTI, cion de OTI comhchosúil lena raibh ann in 2011-2020). Le Rogha 3 tugtar roinnt infheistíochtaí sa chóras fuinnimh ar aghaidh go dtí na 2030í, agus meáninfheistíocht bhliantúil EUR 710 billiún idir 2031 agus 2040.
Tá na costais córais fuinnimh mar thoradh air sin () comhchosúil lena chéile freisin ar fud na roghanna, idir 12,4 % (Rogha 1), 12,7 % (Rogha 2) agus 12,9 % de OTI (Rogha 3) idir 2031 agus 2040, méadú measartha i gcomparáid leis an 11,9 % de OTI a caitheadh idir 2011 agus 2020, agus an titim ansin go dtí thart ar 11,3 % idir 2041 agus 2050. Laghdaíonn costas na n‑allmhairí breosla iontaise go suntasach faoi Rogha 3, go dtí níos lú ná 1,4 % de OTI faoi 2040 agus níos lú ná 0,6 % le 10 mbliana anuas (i gcomparáid le 2,3 % idir 2010 agus 2021 agus 4,1 % in 2022 le linn na géarchéime fuinnimh le déanaí), rud a shábháil thart ar EUR 2,8 trilliún idir 2031 agus 2050.
Léiríonn an measúnú freisin gur féidir le dul chun cinn, mar shampla dul chun cinn an gheilleagair chiorclaigh, riachtanais infheistíochta sa chóras fuinnimh a laghdú thart ar 7 % idir 2031 agus 2050 (coigilteas bliantúil EUR 45 bhilliún) agus caiteachas in earnáil an iompair thart ar 9 % (EUR 127 mbilliún). Mar thoradh air sin tá costais córais fuinnimh níos ísle de 12,6 % de OTI idir 2031 agus 2040 agus 10,8 % idir 2041 agus 2050, costais i bhfad níos ísle ná mar a bhí ann idir 2011 agus 2020.
An comhshaol
Tairgeann na trí sprioc-rogha uile comhthairbhí suntasacha, lena n‑áirítear feabhsuithe ar cháilíocht an aeir, ar éiceachórais, sláinte fheabhsaithe, agus costais cúraim sláinte laghdaithe.
|
Costas neamhghníomhaíochta
Tá na costais agus na tionchair dhaonna a bhaineann le haeráid atá ag athrú mór agus iad ag dul i méid. Tháinig méadú ar theagmhais fhoircneacha a bhaineann leis an aeráid ardaithe idir 1980 agus 2022, rud ba chúis le 220 000 bás agus EUR 650 billiún i gcaillteanais eacnamaíocha le linn na tréimhse san Aontas, ar cailleadh thart ar EUR 170 billiún de sna 5 bliana seo a chuaigh thart (). Mar cheann de na hiarmhairtí, i mí Feabhra 2024 cinneadh Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála an Aontais Eorpaigh a mhéadú EUR 1,5 billiún don tréimhse 2024-2027 (i.e. sa bhreis ar EUR 1,2 billiún in aghaidh na bliana faoin CAI bunaidh). Meastar freisin gur cailleadh 61 000 duine de dheasca teasa in 2022, figiúr nár sáraíodh ach de dheasca tonnta teasa in 2003, rud ba chúis le 70 000 bás (
). D’fhéadfadh méadú tapa teacht ar na huimhreacha sin, ós rud é gur féidir le héifeachtaí cumaisc an athraithe aeráide, úsáid talún agus díghrádú an chomhshaoil difear a dhéanamh don tsláinte ar bhealaí éagsúla freisin, rud a chruthódh deiseanna nua maidir le hionfhabhtuithe víreasacha a tharchur i measc speiceas fiadhúlra a bhí iargúlta go geografach roimhe sin agus aistriú galar ó ainmhithe fiáine go daoine. Ina theannta sin, tá an t‑athrú aeráide i gcomhcheangal le caillteanas bithéagsúlachta ina spreagadh suntasach don éiginnteacht ó thaobh an bhia de. Tá rioscaí méadaitheacha romhainn anois maidir le pointí iompaithe aeráide do-aisiompaithe a bhaint amach, agus iarmhairtí anaithnide ann chomh maith le hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith tubaisteach do shochaithe, d’éiceachórais agus do gheilleagair.
Bheadh costais i bhfad níos mó agus iad ag síormhéadú sna blianta amach romhainn mar thoradh ar easpa gníomhaíochta. Cé go bhfuil meastacháin ar chostais teagmhas adhaimsire éiginnte, meastar sa mheasúnú tionchair go coimeádach, gan pointí iompaithe féideartha a chur san áireamh, go bhféadfadh costais den sórt sin OTI a ísliú thart ar 7 % faoi dheireadh an chéid. Le linn na tréimhse 2031-2050 d’fhéadfadh costas carnach breise OTI conaire as a dtiocfaidh téamh domhanda níos measa a bheith cothrom le EUR 2,4 trilliún san Aontas, i gcomparáid leis na costais faoi chonair atá comhoiriúnach le cuspóir 1,5 °C Chomhaontú Pháras.()
Cé nár cheart beag is fiú a dhéanamh de na dúshláin a bhaineann leis an aistriú chuig an aeráidneodracht, ginfidh an próiseas féin mórdheiseanna nua agus áiritheoidh sé todhchaí inbhuanaithe do chách. Meastar sa mheasúnú tionchair go bhféadfadh baint amach na sprice 90 % básanna roimh am de dheasca truailliú aeir a laghdú ó 466 000 in aghaidh na bliana in 2015 go 196 000 in aghaidh na bliana in 2040, le laghdú gaolmhar ar chostais ó thart ar EUR 1 700 billiún in 2015 go EUR 670 billiún in 2040().
Laghdófaí glanallmhairí breoslaí iontaise agus thiocfadh borradh faoin ngeilleagar. Meastar sa mheasúnú tionchair go gcuirfí leath leis an gcostas a bhaineann le suaití stílithe i bpraghsanna breosla iontaise i dtéarmaí aschuir agus go gcaillfí leathchuid na fostaíochta dá dtarlóidís i ngeilleagar atá dícharbónaithe go suntasach (mar a baineadh amach faoi sprioc aeráide 2040).
3Sprioc 2040 a bhaint amach
Beidh baint amach sprioc 2040 ag brath ar chur chun feidhme iomlán chreat aeráide agus fuinnimh 2030 agus éilítear go bhforbrófar creat beartais iar-2030. Ní mór é sin a chomhlánú le creat leathan cumasúcháin don dá chuspóir atá chomh tábhachtach céanna sa Chomhaontú Glas don Eoraip, is é sin an t‑aistriú cóir agus an inbhuanaitheacht iomaíoch. Leis an bhfócas dúbailte sin, spreagfar na cinntí infheistíochta is gá agus slógfar maoiniú, cuirfear teicneolaíochtaí nuálacha i bhfeidhm go céimneach agus áiritheofar gur féidir le saoránaigh uile an Aontais agus leis na hearnálacha eacnamaíocha uile leas a bhaint as an aistriú agus rochtain a fháil ar réitigh inacmhainne.
Creat beartais 2030 a chur chun feidhme
Ní mór gach iarracht a dhéanamh chun creat fuinnimh agus aeráide 2030 a chur chun feidhme mar chéim chun sprioc 2040 agus aeráidneodracht a bhaint amach in 2050, i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach. Is príomhghné é nuashonrú leanúnach na bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (PNFAnna) chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030. Leagtar béim sa mheasúnú tosaigh ar na dréacht-PNFAnna () ar an ngá atá leis an leibhéal méadaithe uaillmhéine agus feabhsuithe sna haighneachtaí deiridh atá le teacht ó na Ballstáit faoi mhí an Mheithimh 2024. Iarann an Coimisiún ar na Ballstáit bearta cinntitheacha a dhéanamh maidir leis na beartais agus an reachtaíocht arna gcomhaontú i gcoiteann a chur chun feidhme go héifeachtach agus tá sé réidh chun oibriú leis na Ballstáit, leis na hearnálacha agus leis na comhpháirtithe sóisialta chun na gníomhaíochtaí is gá a éascú. Is féidir le saineolas saincheaptha trí Ionstraim Tacaíochta Teicniúla an Choimisiúin cabhrú leis na Ballstáit tabhairt faoi athchóirithe a thacaíonn le cur chun feidhme chreat beartais 2030.
Geilleagar a dhéanfaidh beart don phobal
Tá saoránaigh an Aontais i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais. Tá na daoine is leochailí, amhail iad siúd a bhfuil ioncam níos ísle acu, daoine faoi mhíchumas, pobail imeallaithe agus daoine scothaosta, i bhfad níos neamhchosanta ar ghuaiseacha aeráide toisc nach bhfuil na hacmhainní acu chun iad féin a chosaint ar rioscaí den sórt sin. Fágann sé sin go bhfuil clár oibre aeráide an Aontais níos tábhachtaí fós, in éineacht le beartais infheistíochta agus tacaíochta a ghineann tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha, a laghdaíonn bochtaineacht agus neamhionannais. Áirítear leis sin infheistíocht a dhéanamh i ndaoine trí athsciliú agus uas-sciliú an lucht saothair, trí thacú le haistrithe sa mhargadh saothair agus trí bhearta spriocdhírithe tacaíochta ioncaim. Tá idirphlé sóisialta éifeachtach chomh maith le rannpháirtíocht láidir na bpáirtithe leasmhara agus na saoránach ríthábhachtach chun athrú a réamh-mheas agus a bhainistiú in éineacht le bearta chun cuidiú le gach duine páirt ghníomhach a ghlacadh san aistriú glas trí roghanna inrochtana agus inacmhainne atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.
Aistriú cóir cothrom do dhaoine
Tá an t‑aistriú chuig an aeráidneodracht ag tarlú in éineacht le forbairt na hintleachta saorga, an digitithe, an aosaithe agus na neamhshlándála geopholaitiúla i measc treochtaí eile. Le chéile, beidh athruithe ar an mbealach a ndéanaimid earraí agus seirbhísí a tháirgeadh agus a thomhailt mar thoradh orthu, agus beidh impleachtaí acu do theaghlaigh agus d’oibrithe.
Maidir le fostaíocht, athróidh éifeachtaí an aistrithe de réir earnála agus de réir réigiúin, de réir a spleáchais ar ghníomhaíochtaí sonracha. Beidh claochlú bunúsach ar earnálacha atá spleách ar bhreosla iontaise, amhail tionscail iompair agus dianfhuinnimh. Tá sé ríthábhachtach freisin a áirithiú go bhfanfaidh roghanna soghluaisteachta inacmhainne agus inrochtana do chách, idir shaoránaigh agus oibreoirí eacnamaíocha araon, agus go mbeidh ceangal níos fearr idir réigiúin tuaithe agus réigiúin iargúlta ar fud an Aontais chun a bhforbairt a éascú a thuilleadh. Is iad na hoibrithe, na pobail agus na réigiúin atá ag brath ar ghníomhaíochtaí atá dian ar charbón is mó a bheidh thíos leis, agus iarrfar tacaíocht leanúnach um aistriú cóir de réir mar a bheidh an t‑aistriú ag teacht chun cinn, in éineacht le gníomhaíocht agus bearta a bheidh comhordaithe go dlúth agus cuimsitheach ag na Ballstáit (). Tabharfar leis an aistriú deiseanna nua do ghnó agus do chruthú post, le haghaidh oibrithe ar gach leibhéal scileanna, ach rachaidh sé chun tairbhe do roinnt réigiún níos mó ná réigiúin eile. Leanfaidh beartas comhtháthaithe an Aontais, lena infheistíochtaí agus go sonrach ón gCiste um Aistriú Cóir, ionstraim atá tiomnaithe do thacú le héagsúlú eacnamaíoch agus le hathfhorbairt eacnamaíoch críoch agus pobal ar imríodh tionchar diúltach orthu, agus bearta náisiúnta, de ról ríthábhachtach a bheith aige maidir le tacú leis na réigiúin is mó a ndéanann an t‑aistriú difear dóibh.
Tá praghsáil charbóin, amhail faoi CTA AE, ag laghdú astaíochtaí agus ag an am céanna ag giniúint ioncaim shuntasacha do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus chun tacú níos mó le nuálaíocht thionsclaíoch agus teaghlaigh le haghaidh aistriú cóir. Déanfaidh an Ciste Aeráide Sóisialta arna mhaoiniú ag CTA, lena n‑áirítear ranníocaíochtaí éigeantacha ó na Ballstáit, EUR 87 mbilliún a shlógadh chun tacú le teaghlaigh leochaileacha, úsáideoirí iompair agus micrifhiontair. Ina theannta sin, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a n‑ioncam náisiúnta foriomlán ó CTA a chaitheamh chun críocha aeráide agus fuinnimh, lena n‑áirítear aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta an aistrithe. Agus iad á n‑úsáid go héifeachtach, is féidir leis na cistí sin tacú le daoine tríd an aistriú agus tionchar buan a bheith acu ar a mianach saoil. Leanfaidh an tacaíocht de bheith riachtanach tar éis 2030, lena n‑áirítear trí bhearta na mBallstát agus trí chreat beartais neartaithe um aistriú cóir.
Córas fuinnimh an Aontais Eorpaigh
Réitigh fuinnimh in-athnuaite, nialasacha agus ísealcharbóin
Tá gá le gach réiteach fuinnimh nialasaigh agus ísealcharbóin (lena n‑áirítear foinsí in-athnuaite fuinnimh, fuinneamh núicléach, éifeachtúlacht fuinnimh, stóráil, GSC, GÚC, aistrithe carbóin, fuinneamh geoiteirmeach agus hidrea-fhuinneamh, agus gach teicneolaíocht fuinnimh ghlan-nialasach eile atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo) chun an córas fuinnimh a dhícharbónú faoi 2040. Beidh an ghrian agus an ghaoth i gceist le formhór mór na réiteach fuinnimh in-athnuaite. Saothróidh an Coimisiún a bheartais chun a áirithiú go n‑úsáidfear gach fuinneamh in-athnuaite go tapa, chomh maith le réitigh nialasacha agus ísealcharbóin, chun éifeachtúlacht fuinnimh a fhorbairt tuilleadh. Bhunaigh sé roinnt tionscnamh chun dlús a chur le húsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh, chun dálaí cumasúcháin a chruthú do thionscal in-athnuaite an Aontais agus chun borradh a chur faoina n‑iomaíochas, amhail Comhghuaillíocht Fhótavoltach Gréine an Aontais agus an Chairt um an nGaoth. Tá leictriú uaillmhianach ríthábhachtach agus leanfaidh an Coimisiún ag obair leis na Ballstáit chun eangacha níos cliste, comhtháthú córas, solúbthacht éilimh agus réitigh stórála a fhorbairt tuilleadh. Le ceadú luasghéaraithe agus comhroinnt costas trasteorann, cuirfear dlús le forbairt tionscadal gaoithe amach ón gcósta i gcomhréir leis na pleananna gníomhaíochta a rinneadh le déanaí maidir le gaoth agus eangacha.
Leagtar amach sa Teachtaireacht maidir le Bainistiú Carbóin Tionsclaíoch treochlár chun na teicneolaíochtaí GSC agus GÚC is gá a úsáid le haghaidh earnálacha a bhfuil sé deacair srian a chur leo, agus an gá le creat rialála i réimsí amhail instealladh agus iompar CO2 á chur i dtábhacht, mar réamhchoinníoll chun margadh aonair a chruthú le haghaidh CO2. Tá Comhghuaillíocht Thionsclaíoch á seoladh ag an gCoimisiún freisin chun comhar na bpáirtithe leasmhara ar leibhéal an Aontais a éascú agus chun dlús a chur le húsáid Mion-Imoibreoirí Modúlacha (MIManna) agus chun slabhra soláthair láidir AE a áirithiú, lena n‑áirítear lucht saothair oilte. Déanfar leis sin acmhainneachtaí monaraíochta agus nuálaíochta an Aontais a ghiaráil chun dlús a chur le húsáid na gcéad tionscadal MIM san Aontas faoi thús 2030 faoi na caighdeáin is airde maidir le sábháilteacht núicléach, inbhuanaitheacht chomhshaoil agus iomaíochas tionsclaíoch.
Tá inacmhainneacht praghsanna fuinnimh ríthábhachtach chun a áirithiú go dtabharfar tairbhí an dícharbónaithe don gheilleagar iomlán. Tá praghsanna breoslaí iontaise luaineach agus socraithe ag margaí domhanda. Tá costais ghiniúna an leictreachais in-athnuaite níos ísle go comhsheasmhach ná na costais arna nginiúint ag breoslaí iontaise le breis agus 10 mbliana anuas. D’fhéadfadh ionadú forásach giniúna breoslaí iontaise ag foinsí in-athnuaite fuinnimh, arna chomhlánú le glacadh éifeachtúil foinsí solúbthachta glana amhail foinsí núicléacha, agus le tacaíocht ó chur chun feidhme iomlán ceapadh margaidh leictreachais nuashonraithe, comhtháthú breise ar chórais chumhachta trasteorann an Aontais (agus lasmuigh den Aontas), agus glacadh éifeachtúil foinsí solúbthachta glana rannchuidiú le praghsanna mórdhíola leictreachais a ísliú. A luaithe a bheidh breoslaí iontaise díláithrithe go buan den mheascán cumhachta sa 20 bliain amach romhainn agus nuair a dhéanfar infheistíochtaí riachtanacha ar ghreillí, ar stórálacha agus ar cheallraí, d’fhéadfadh laghdú suntasach teacht ar phraghsanna cumhachta san Aontas. Tá gá le hinfheistíochtaí chun scrogaill i leictriú an gheilleagair a sheachaint. Tá sé ríthábhachtach uirlisí maoiniúcháin cuí a áirithiú chun na hinfheistíochtaí riachtanacha a sheachaint chun praghsanna deiridh do thomhaltóirí agus do thionscal a mhéadú. Idir an dá linn, cuideoidh cur chun cinn agus leathnú úsáid Comhaontuithe Ceannaithe Cumhachta (PPAnna) le praghsanna a chobhsú agus le cuideachtaí a chosaint ar phraghsanna arda luaineacha de bharr breoslaí iontaise.
Beidh gá le beartais shóisialta agus thionsclaíocha chomhlántacha chun aistriú rianúil ó leibhéil reatha praghsanna fuinnimh go fuinneamh glan inacmhainne a áirithiú. Is féidir leis an Aontas agus leis na Ballstáit teaghlaigh ar ioncam níos ísle agus ar mheánioncam a chosaint ar mhéaduithe géara ar phraghsanna fuinnimh. Beidh gá le tacaíocht shaincheaptha do thionscail atá dian ar fhuinneamh chun an idirthréimhse a líonadh nuair a bheidh an dúshlán déach rompu infheistíocht a dhéanamh i modhanna táirgthe glana nuair a bheidh siad ar fáil, agus déileáil le praghsanna arda fuinnimh. Mar thús, meaitseálann an Ciste don Nuálaíocht tacaíocht nuálaíochta le réitigh den sórt sin i bhfoirm conarthaí difríochta carbóin. Beidh dúshláin nua ag baint leis an aistriú, amhail úsáid talún agus uisce. Ní mór tosaíocht a thabhairt do réitigh a mbíonn an bua ag gach taobh (díonta gréine, agra-fótavoltachas, bithghás agus bithmheatán ó dhramhaíl orgánach agus ó iarmhair), agus saoránaigh a bheith rannpháirteach sna cinntí.
Éifeachtúlacht fuinnimh agus foirgnimh
Is prionsabal lárnach beartais é ‘Bunphrionsabal na hÉifeachtúlachta Fuinnimh’ i gcónaí, agus síneann tionchar na sprice éifeachtúlachta fuinnimh 2030 a fhad le 2040. Déanfaidh sé sin maoiniú príobháideach a ghiaráil ar fud na n‑earnálacha uile agus féadfaidh sé leas a bhaint as margadh Eorpach le haghaidh infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh. Laghdaíonn samhlacha gnó ciorclacha ídiú fuinnimh agus acmhainní. Ba cheart don earnáil phoiblí, ar gach leibhéal, dea-shampla a threorú, lena n‑áirítear trí sholáthar poiblí glas a mheasann critéir inbhuanaitheachta, agus treoirphlean a sholáthar chun an t‑aistriú a éascú.
Is éard atá i stoc foirgneamh an Aontais 42 % den tomhaltas deiridh fuinnimh, níos mó ná leath den olltomhaltas gáis nádúrtha intíre agus thart ar 35 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le fuinneamh. Eascraíonn thart ar 80 % den ídiú fuinnimh i bhfoirgnimh ó riachtanais téimh agus fuaraithe. Le praghsáil carbóin do gach breosla, dá bhforáiltear ó 2027, cruthófar cothroime iomaíochta don leictreachas, agus ginfear ioncam lena n‑áirítear ioncam don Chiste Aeráide Sóisialta a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh infheistíochtaí agus chun athchóirithe struchtúracha a mhaoiniú. Is féidir le dearadh cánach fuinnimh nuashonraithe dlús a chur tuilleadh le leictriú glas an stoic foirgneamh agus an chórais fuinnimh.
Leictriú, eangacha agus bonneagar, comhtháthú córas, stóráil, digitiú agus solúbthacht
Is é leictriú le córas cumhachta dícharbónaithe go hiomlán faoi 2040 príomhthiománaí an aistrithe fuinnimh. Dúblófar sciar an leictreachais sa tomhaltas fuinnimh deiridh ó 25 % inniu go dtí thart ar 50 % in 2040. Léirítear sa mheasúnú tionchair go nginfidh fuinneamh in-athnuaite ar an mórgóir(), arna chomhlánú le fuinneamh núicléach(), os cionn 90 % den ídiú leictreachais san Aontas in 2040().
Sa lá atá inniu ann, is ionann an meánghnóthachan bliantúil ón margadh leictreachais comhtháite do thomhaltóirí na hEorpa agus thart ar EUR 34 bhilliún in aghaidh na bliana(). Éileofar le scaireanna in-athnuaite níos airde agus le leictriú infheistíochtaí substaintiúla i leathnú eangacha cumhachta an Aontais ar an leibhéal dáileacháin agus tarchuir, agus in uasghrádú go heangacha níos cliste agus níos solúbtha. Beidh gá le líonraí nua leathnaithe dáileacháin idirnascairí, le saoráidí stórála fuinnimh, soláthar fuinnimh inseolta, réitigh mhargaidh solúbthachta, agus cúpláil earnála chun solúbthacht agus slándáil an tsoláthair a áirithiú. Is céad thosaigh é Plean Gníomhaíochta Eangaí an Aontais le déanaí agus ba cheart a chur chun feidhme tapa leanúint de bheith ina thosaíocht ag an gCoimisiún, ag na Ballstáit agus ag an tionscal d’fhonn spriocanna 2030 agus 2040 a bhaint amach. D’fhéadfadh máistirphlean cuimsitheach a bheith mar thoradh ar an taithí sin chun dlús a chur le forbairt bhonneagar fuinnimh comhtháite na hEorpa. Is príomhthosaíocht é slándáil agus teacht aniar an bhonneagair chriticiúil fuinnimh do sholáthar fuinnimh atá slán agus cobhsaí.
Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht do thomhaltóirí a dtomhaltas a oiriúnú do dhálaí an mhargaidh. Tá digitiú an chórais fuinnimh, lena n‑áirítear an intleacht shaorga, ríthábhachtach i gcomhair foinsí fuinnimh níos solúbtha ().
Agus na sruthanna oibre sin go léir á gcur san áireamh, beidh sé ina phríomhchuspóir rialála ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta taraifí iomarcacha arda líonra a sheachaint d’úsáideoirí deiridh mar gheall ar infheistíocht agus leictriú eangaí roimh ré a íoc ar ais.
Breoslaí iontaise
In 2040 laghdófaí tomhaltas breoslaí iontaise le haghaidh fuinnimh thart ar 80 % i gcomparáid le 2021. Cuirfear deireadh de réir a chéile le gual, agus thart ar 60 % de na húsáidí fuinnimh atá fágtha de bhreoslaí iontaise a bheadh in ola san iompar (bóthar, muirí agus eitlíocht). Bheadh an úsáid atá fágtha de ghás nádúrtha roinnte idir an tionscal, foirgnimh, agus an córas cumhachta. I gcomhréir leis an ngealltanas idirnáisiúnta maidir le haistriú ó bhreoslaí iontaise, ba cheart a áirithiú le beartais go ndéanfar aon dóchán breosla iontaise atá fágtha a chúpláil a luaithe is féidir le gabháil carbóin (úsáid) agus stóráil carbóin. Tiocfaidh athrú suntasach ar struchtúr an mhargaidh gáis, agus ról méadaitheach ann do bhreoslaí agus gáis leachtacha ísealcharbóin agus in-athnuaite. Beidh gá le bonneagar gáis a chur in oiriúint don táirgeadh díláraithe, agus féadfar sciar suntasach den ghréasán ola agus gáis a n‑athrófar a gcuspóir, de réir a chéile le haghaidh ríomhbhreoslaí, bithbhreoslaí ardfhorbartha agus hidrigin in-athnuaite agus ísealcharbóin. Is ionann úsáidí neamhfhuinnimh, amhail amhábhar le haghaidh monaraíochta, agus thart ar an tríú cuid den ídiú breosla iontaise atá fágtha. Ba cheart deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais neamhéifeachtúla breosla iontaise nach dtugann aghaidh ar bhochtaineacht fuinnimh ná ar aistriú cóir faoin tráth sin.
Margadh dícharbónaithe tionscail
Chun go n‑éireoidh leis an gComhaontú Glas don Eoraip sna 10 mbliana amach romhainn, ní mór clár oibre Eorpach níos daingne arna thabhairt cothrom le dáta le haghaidh an tionscail inbhuanaithe agus an iomaíochais é a chomhlánú anois agus sna blianta amach romhainn. Cuirfidh an creat cumasúcháin sin maidir le dícharbónú tionscail le Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais (). Is réamhchoinníoll le haghaidh an aistrithe rathúil é na coinníollacha creata cearta a chruthú do gach earnáil sa gheilleagar (lena n‑áirítear rochtain ar mhaoiniú, scileanna, fuinneamh inacmhainne). An tráth céanna tá earnálacha eacnamaíocha ann ar fiú aird ar leith a thabhairt orthu, i bhfianaise na hinfheistíochta roimh ré le haghaidh teicneolaíochtaí glana agus timpeallacht dhúshlánach mhargaidh, chun a bpróisis táirgthe a oiriúnú chun creat an Chomhaontaithe Ghlais a chur chun feidhme. Tá an rud céanna amhlaidh maidir le FBManna, a mbeidh tacaíocht thiomnaithe ag teastáil uathu chun rochtain a fháil ar mhaoiniú le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe agus chun nascleanúint a dhéanamh ar rialacháin ábhartha an Aontais.
Cuirfidh rath ar an gclaochlú ar chumas an Aontais a neart tionsclaíoch a choinneáil ar bun in earnálacha amhail cumhacht ghaoithe, hidreachumhacht, agus leictrealóirí, áit a bhfuil barrachas trádála aige cheana féin, agus leanfaidh sé de chur le hacmhainneacht mhonaraíocht intíre in earnálacha atá ag fás amhail ceallraí, feithiclí leictreacha, teaschaidéil, grianfhuinneamh fótavoltach, GÚC/GSC, teicneolaíocht le haghaidh bithgháis inbhuanaithe agus bithmheatáin, agus geilleagar ciorclach. Trí thionscail láidre ghlasa agus chiorclacha a fhorbairt, sa bhaile agus i gcomhpháirtithe atá ar aon intinn leo araon, neartófar inbhuanaitheacht iomaíoch an Aontais, iolrófar deiseanna gnó do chuideachtaí, ginfear barainneachtaí scála, chomh maith le tairbhe níos forleithne a bhaint as geilleagar na hEorpa, agus ginfear poist ardoilte chun cabhrú agus a áirithiú go mbeidh an t‑aistriú aeráide cóir agus cuimsitheach go sóisialta.
Beidh iomaíocht dhomhanda do theicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha agus do theicneolaíochtaí astaíochtaí ísle dian. Tá dul i muinín fóirdheontais phoiblí agus tionscnaimh bheartais ónár bpríomhiomaitheoirí ag déanamh trádáil chóir agus saorthrádáil a shaobhadh. Tá teicneolaíochtaí glan-nialasacha dírithe ar leasanna láidre geostraitéiseacha agus ar chine teicneolaíochta domhanda. Sa tSín, tá costais laghdaithe mar thoradh ar phleanáil fhadtéarmach, comhtháthú ingearach na n‑earnálacha iomlána, agus fóirdheontais phoiblí, rud a fhágann go bhfuil ceannas na Síne i go leor slabhraí soláthair teicneolaíochta glaine, ó amhábhair go comhpháirteanna agus táirgí deiridh. Sna Stáit Aontaithe, soláthraíonn an tAcht um Laghdú Boilscithe na Stát Aontaithe dreasachtaí fioscacha le haghaidh infheistíochta agus táirgthe i monaraíocht teicneolaíochta glaine. Tá gníomhaíocht á déanamh ag an Eoraip chun a ról ceannaireachta féin a dhaingniú sa rás seo, ag imirt dá láidreachtaí lárnacha agus ag áirithiú comhpháirtíochtaí chun leasa cách le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo. . Leanfaidh sé dá ionstraimí cosanta trádála a chur i bhfeidhm chun an tionscal a chosaint ar allmhairí éagóracha trádála agus, mar thoradh air sin, chun slabhraí soláthair athléimneacha a áirithiú. Tá neart na hEorpa, i measc nithe eile, ina cobhsaíocht, ina beartais intuartha agus ina stair fhada maidir le réitigh thionsclaíocha ardchaighdeáin agus nuálacha a thabhairt chuig margaí.
Creat cumasúcháin le haghaidh infheistíochta agus iomaíochais san Eoraip….
Trí thimpeallacht fhabhrach rialála agus maoinithe a áirithiú, meallfar infheistíocht agus táirgeadh chun na hEorpa. Is príomhionstraimí iad an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla, an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe agus an Gníomh um an Tionscal Glan-Nialasachta chun uathriail straitéiseach oscailte a sholáthar, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí chur le táirgeadh intíre, príomh-chomhpháirtíochtaí a bhunú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo, cur chuige maidir leis an ngeilleagar ciorclach a chur i bhfeidhm feadh an tslabhra luacha, éagsúlú, tionscadail straitéiseacha agus ceadú níos éasca ar fud teicneolaíochtaí agus bonneagair. Is céim nithiúil é an Gníomh um an Tionscal Glan-Nialasachta chun cás gnó tionsclaíoch a chruthú don aistriú Eorpach chuig neodracht carbóin. Tugann sé aghaidh ar na hábhair chearta trí dhlús suntasach a chur le ceadú, trí infheistíochtaí T&F a threorú, agus trí rochtain a fháil ar scéimeanna maoinithe AE atá ann cheana.
Leis an mbeartas tionsclaíoch ba cheart na hearnálacha sin a bhfuil gá leo don aistriú glas a neartú, ach d’fhéadfadh an t‑aistriú sin a bheith dúshlánach toisc go bhfuil sé níos deacra iad a dhícharbónú, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé go dteipfeadh orthu gan aird agus tacaíocht spriocdhírithe agus choinníollaithe. D’fhéadfaí a áireamh ar shamplaí comhghuaillíochtaí tionsclaíocha agus braislí tionsclaíocha siombóiseacha, amhail gleannta hidrigine (), laistigh den Aontas agus dá chomharsanacht. Cuidíonn braislí den sórt sin le soláthraithe teicneolaíochtaí glana a n‑oibríochtaí a uas-scálú, agus feabhas a chur ar a n‑inmharthanacht tráchtála trí roinnt ceannaitheoirí tionsclaíocha a sholáthar laistigh de bhraisle, agus d’fhéadfadh an tionscal monaraíochta a n‑oibríochtaí a dhícharbónú ar bhealach níos éifeachtaí agus ar chostas níos ísle trí rochtain ar theicneolaíochtaí glana agus costais chomhroinnte a áirithiú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar phríomh-mhargaí a chruthú do theicneolaíochtaí glana agus do tháirgí san Eoraip, ag glacadh, i measc nithe eile, le ciorclaíocht, agus le táirgí bithbhunaithe a fhoinsítear go hinbhuanaithe.
Ina theannta sin, ceanglaítear ar ionstraimí idirlinne tacú le tionscail sula mbeidh siad inmharthana ó thaobh tráchtála de. Éilítear leis sin machnamh cuimsitheach ar na gnéithe go léir as a dtagann infheistíochtaí príobháideacha: ó chánachas go rochtain ar mhaoiniú, ó scileanna go hualaí rialála agus ó chostais fuinnimh as na gníomhaíochtaí gnó ó lá go lá. Sa chomhthéacs sin, tá gá le i bhfad níos mó airde agus aird leanúnach ar thimpeallacht rialála shimplithe don ghnó agus le spreagadh nua i Margadh Aonair láidir lena gcuirtear deireadh le bacainní rialála náisiúnta míchuí, go háirithe i gcás príomhtheicneolaíochtaí. Ligeann sé sin do ghnólachtaí cur le réitigh chaighdeánacha ar fud na hEorpa, rud a chuireann lena mealltacht eacnamaíoch d’infheisteoirí agus is gné ríthábhachtach é sin do rath chlár oibre an Aontais amach anseo.
Ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar ról FBManna. Is tiománaithe an aistrithe iad, tá siad ríthábhachtach i roinnt slabhraí soláthair agus is minic a bhíonn tionchar ag athruithe ar an gcreat beartais agus rialála orthu i gcoitinne freisin. I bhfianaise a méid níos teoranta, agus trí acmhainní sínidh, d’fhéadfadh go mbeadh tacaíocht bhreise ag teastáil uathu chun a bpróisis táirgthe a oiriúnú, mar shampla chun creat an Chomhaontaithe Ghlais a chur chun feidhme.
Ní mór infheistíocht phoiblí a bheith spriocdhírithe go maith, leis an meascán ceart agus comhthiomsú deontas mórscála, iasachtaí, cothromais, ráthaíochtaí, tacaíochta comhairlí agus tacaíochta poiblí eile, atá inrochtana ar an mbealach is tapúla agus is simplí. Leanfaidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA), an ionstraim atá i gcroílár Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, ag rannchuidiú leis an aistriú glas. Is féidir ról mór a bheith ag an gCiste don Nuálaíocht, a mheastar a bheith cothrom le EUR 40 billiún faoi 2030, lena n‑áirítear trí ionstraimí tairisceana iomaíocha ar fud an Aontais agus trí ‘cheantanna mar sheirbhís’ i gcomhpháirt leis na Ballstáit. Le ráthaíocht bhuiséadach InvestEU, meastar go slógfar níos mó ná 110 billiún d’infheistíocht ghlas ag tógáil ar bhuiséad an Aontais in éineacht le hacmhainní Ghrúpa BEI agus le hacmhainní comhpháirtithe cur chun feidhme eile.
Agus aird chuí á tabhairt ar thionscal monaraíochta dícharbónaithe agus iomaíoch
Le leictriú, próisis táirgthe oiriúnaithe, breoslaí ísealcharbóin agus úsáid iomlán gabhála le haghaidh astaíochtaí próisis, beidh an tionscal monaraíochta in ann astaíochtaí CO2 a laghdú go suntasach faoi 2040. Le CTA AE lena chomhphraghas carbóin, soláthraítear uirlis mhargadhbhunaithe chun nuálaíocht a dhéanamh agus intuarthacht fhadtéarmach ann do phríomhastaírí na hEorpa. I gcás roinnt tionscal, tugtar le tuiscint leis sin go ndéantar infheistíocht i gclaochlú as cuimse ar an bpróiseas táirgthe (). Is réiteach é gabháil, úsáid agus stóráil carbóin in earnálacha a bhfuil sé deacair srian a chur leo in éagmais réitigh eile.
Tá costais fuinnimh ríthábhachtach d’iomaíochas na tionsclaíochta agus go háirithe do Thionscail Dianfhuinnimh na hEorpa () agus is fiú aird ar leith a thabhairt orthu le beartais thiomnaithe chun ligean do luaththionscnóirí chuig fuinneamh glan leas a bhaint as aistriú rianúil i bpraghsanna fuinnimh. Mar thús, fágann an tAthchóiriú ar Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais a glacadh go bhfuil billí fuinnimh cuideachtaí níos neamhspleáiche ó phraghas gearrthéarmach an mhargaidh leictreachais. Beidh leathnú breise ar phrionsabal na hinbhuanaitheachta iomaíche trí luach saothair a thabhairt do chuideachtaí Eorpacha a infheistíonn i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin, lena n‑áirítear trí phróisis soláthair phoiblí nó trí athchóirithe spriocdhírithe i rialacháin rochtana ar eangach leictreachais, ríthábhachtach chun bonn monaraíochta baile rathúil a chruthú agus uaillmhian aeráide a bhaint amach.
… tógtha ar gheilleagar níos ciorclaí agus ar bhithgheilleagar inbhuanaithe
Is léir ón Measúnú Tionchair go mbeidh an geilleagar ciorclach ag éirí níos tábhachtaí go dtí 2040 chun uaillmhian aeráide agus samhail nua rathúnais don Eoraip a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach gníomhaíocht i gcoinne an athraithe aeráide agus úsáid iomarcach acmhainní a nascadh le deiseanna eacnamaíocha nua agus neamhspleáchas níos mó an Aontais. Fágann sé sin nach mór an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach a chur chun feidhme agus iarrtar comhpháirtíocht athnuaite leis an tionscal le haghaidh clár oibre don gheilleagar ciorclach amach anseo.
Tá buntáistí soiléire ag baint le clár oibre athnuaite don gheilleagar ciorclach. Trí tháirgí atá ann cheana a dheisiú, a athchóiriú, a athúsáid agus a athchúrsáil agus ar an gcaoi sin a saolré feidhmiúil a leathnú, úsáidtear acmhainní ar bhealach níos éifeachtúla i dtáirgeadh. Is féidir amhábhair phríomhúla a chur in ionad amhábhair thánaisteacha nach bhfuil chomh dian ar charbón. Is féidir ábhair in-athnuaite bhithbhunaithe a fhaightear go hinbhuanaithe, nó ábhair nuálacha eile atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, a chur in ionad ábhair iontaise. Is amhlaidh atá go háirithe in earnálacha amhail foirgníocht, ceimiceáin nó teicstílí. Ní mór infheistíochtaí i nuálaíocht maidir le hábhar a neartú, lena n‑áirítear uas-sciliú san earnáil bhithgheilleagrach.
Cuireann geilleagar ciorclach níos láidre samhlacha gnó nuálacha ar fáil a chomhlíonann roghanna tomhaltóirí atá ag teacht chun cinn agus a thapaíonn réitigh dhigiteacha. Mar shampla, is féidir le samhlacha gnó ciorclacha amhail táirge mar sheirbhís, dearadh táirgí ciorclacha lena n‑áirithítear saolré níos faide, athúsáid agus deisiú, geilleagar comhroinnte nó táirgeadh ar éileamh costas eacnamaíoch fuinnimh agus úsáid ábhair a laghdú agus dramhaíl a aistriú, trí lúb ar ais sa gheilleagar, ina hacmhainn lena mbaineann luach eacnamaíoch. Is féidir le gnó ciorclach laghduithe suntasacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chruthú in earnálacha a bhfuil sé deacair srian a chur leo. I measc na samplaí tá an timpeallacht thógtha trí bhainistiú níos fearr a dhéanamh ar dhramhaíl tógála agus scartála, tionscal trom trí réitigh bhainistithe ábhair, trí ghníomhaíochtaí tionsclaíocha comhlántacha atá dian ar acmhainní a bhraisliú, iompar trí shoghluaisteacht chomhroinnte agus lóistíocht droim ar ais, agus an earnáil bia. In 2021 bhí 4,3 milliún post sna hearnálacha eacnamaíocha atá nasctha go díreach leis an ngeilleagar ciorclach, méadú 11 % i gcomparáid le 2015(
). Tá sé de chumas ag laghdú ar ionchur ábhar trí athúsáid agus athchúrsáil borradh a chur faoin bhfás agus líon suntasach post a chruthú san Aontas, lena ngabhann eolas agus scileanna uasghrádaithe.
Trí spleáchas ar allmhairí amhábhar criticiúil a laghdú, agus tríd an mbrú comhshaoil agus na rioscaí a bhaineann le heastóscadh agus tomhaltas acmhainní nádúrtha a laghdú, is féidir le ciorclaíocht slándáil agus uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a threisiú.
Tá méadú ag teacht ar an ngá atá le bainistiú carbóin tionsclaíoch agus le haistrithe carbóin
Beidh ar dhícharbónú tionsclaíoch aghaidh a thabhairt freisin ar ‘astaíochtaí próisis’ nach mbaineann le dóchán breosla. Dóibh sin, is féidir le gabháil carbóin a bheith ina réiteach.
Is éard atá i gceist le sprioc 2040 ná gabháil carbóin a úsáid níos luaithe (). Le cuid de, beifear in ann aistrithe carbóin tionsclaíocha a ghiniúint a chomhlánódh aistrithe talamhbhunaithe lena gceapfaí carbón i mbithmhais agus in ithreacha chun cur leis na laghduithe 90 % ar ghlanastaíochtaí GCT.
Éileoidh sé sin punann mhór roghanna ar nós BithGSC (), DACCS (Dírghabháil agus Stóráil Carbóin) agus cur chuige úrnua eile, b’fhéidir. Le teicneolaíochtaí Gabhála, Úsáide agus Stórála Carbóin (GÚSC) cumasaítear dícharbónú earnálacha tionsclaíocha gan réitigh mhalartacha dícharbónaithe trí charbón a stóráil go buan faoi thalamh nó i dtáirgí, agus trí charbón neamh-iontaise a chur in ionad an charbóin iontaise a úsáidtear faoi láthair mar bhunábhar i dtionscail éagsúla. Mar an gcéanna, is féidir le forbairt slabhraí luacha CO2 trí ghabháil agus úsáid carbóin (GÚC), ábhair bhithbhunaithe atá neamhdhíobhálach don dúlra, athchúrsáil mheicniúil agus cheimiceach go léir borradh a chur faoi fhorbairt amhábhair neamh-iontaise chun breoslaí iontaise a ionadú i dtáirgí atá bunaithe ar charbón. Leanfaidh gabháil carbóin de bheith tábhachtach chun glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050 agus dearbhastaíochtaí diúltacha ina dhiaidh sin. Leis sin ní mór i measc nithe eile, measúnú leanúnach a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun dreasachtaí a sholáthar le haghaidh aistrithe carbóin tionsclaíocha i reachtaíocht an Aontais atá ann cheana nó trí ionstraimí nua, bíodh sé sa Treoir CTA agus í réidh lena hathbhreithniú in 2026 nó in ionstraimí tiomnaithe. Chun deiseanna eacnamaíocha na dteicneolaíochtaí sin a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach i gcónaí slabhraí luacha eacnamaíocha iomlána a fhorbairt dóibh. Sin é an fáth a bhfuil Teachtaireacht thiomnaithe um Bainistiú Carbóin Tionsclaíoch á cur i láthair ag an gCoimisiún in éineacht leis an Teachtaireacht seo le straitéis don chreat beartais, tuilleadh nuálaíochta agus infheistíochtaí chun leas a bhaint as an acmhainneacht sin. Beidh gá le tuilleadh infheistíochta poiblí chun cur le taighde agus nuálaíocht don tionscal nuaghinte seo. Ní chuirtear aistrithe carbóin tionsclaíocha in ionad aistrithe carbóin nádúrtha, ach comhlánaíonn siad iad, atá fós riachtanach chun an sprioc aeráide a bhaint amach.
Cothroime iomaíochta dhomhanda
Ní éireoidh leis an aistriú ach amháin má fhanann an Eoraip ina geilleagar ceannasach athléimneach a éagsúlaíonn a foinsí soláthair agus atá athléimneach i gcoinne suaití soláthair, luaineacht praghsanna agus suaití eile. De réir mar a laghdaíonn an tAontas a spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe, ní mór cinntí straitéiseacha a dhéanamh gan leochaileachtaí nua a chruthú trína allmhairí de theicneolaíochtaí glan-nialasacha nó de thráchtearraí fuinnimh íseal-astaíochtaí.
In éineacht leis na hiarrachtaí chun slabhraí luacha a chruthú do phríomhtheicneolaíochtaí ar ár mór-roinn féin, ní mór don Aontas aghaidh a thabhairt go straitéiseach le margaí domhanda, chun rochtain ar thráchtearraí straitéiseacha a áirithiú, lena n‑áirítear amhábhair chriticiúla ar phraghsanna inacmhainne. Ba cheart don Aontas an neart is mó atá aige, an Margadh Aonair, a ghiaráil freisin trí ionstraimí ceannaigh comhpháirteacha agus trí ligean do ghníomhaithe tionsclaíocha dul i mbun samhlacha comhair éagsúla chun dálaí níos fearr a chaibidliú go comhpháirteach, lena n‑áirítear praghsanna ó tháirgeoirí domhanda le coimircí tábhachtacha chun aistriú sochar chuig úsáideoirí deiridh agus rannpháirtíocht cuideachtaí beaga a spreagadh. Ag an am céanna, ba cheart don Aontas comhar agus trádáil dhomhanda a áirithiú chun tacú le hinbhuanaitheacht. Ba cheart don Aontas forbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta ar an gcéim dhomhanda a chothú, ag tógáil ar chaighdeáin an Aontais mar fhoinse dea-chleachtas.
Ós rud é go bhfuil an tAontas chun tosaigh maidir lena thionscal a dhícharbónú, tá gá le bearta breise chun iomaíochas onnmhairí Eorpacha ar mhargaí domhanda a áirithiú. Cruthaítear cothroime iomaíochta do ghnólachtaí san Eoraip agus ar fud an domhain nuair a ghlacann tíortha eile praghsáil carbóin dá gcuid féin, rud a chuirfeadh le méadú ar uaillmhian aeráide ar fud an domhain freisin.
Iompar a dhícharbónú agus soghluaisteacht a fheabhsú
San earnáil iompair, le cur chun feidhme na mbeart ‘Oiriúnach do 55’, lena gcomhcheanglófar réitigh theicneolaíocha agus praghsáil carbóin, chomh maith le córas iompair ilmhódaigh éifeachtúil agus idirnasctha, le haghaidh paisinéirí agus lasta araon, beifear in ann astaíochtaí a laghdú gar do 80 % in 2040 i gcomparáid le 2015.
Chun iompar a dhícharbónú ar bhealach a leanann inacmhainneacht agus inrochtaineacht a áirithiú, beidh gá le hinfheistíochtaí suntasacha i sócmhainní nua (feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle, aerárthaí, soithí, trealamh iarnróid) agus i mbonneagar le haghaidh athbhreoslaithe agus athluchtaithe araon. Ag an am céanna, níor cheart beag is fiú a dhéanamh de na costais breosla in-athnuaite agus ísealcharbóin, agus tá siad fós ina bpríomhfhachtóir i gcomhair iomaíochas na n‑oibreoirí iompair, go háirithe sna hearnálacha muirí agus eitlíochta. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcuirfear bunábhar leordhóthanach breoslaí malartacha inbhuanaithe ar fáil trí bhearta tiomnaithe, lena n‑áirítear bearta rialála i gcás inar gá, chun an uaillmhian a leagtar síos a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach. Maidir le hearnálacha eile, i dtaca leis na riachtanais infheistíochta lena mbaineann san iompar is fiú plé a dhéanamh leis na Ballstáit, leis an mBanc Eorpach Infheistíochta agus le hinstitiúidí airgeadais maidir le conas is féidir le huirlisí airgeadais nuálacha de chuid an Aontais an riosca a laghdú maidir le hinfheistíochtaí straitéiseacha cinniúnacha ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de do gheilleagar na hEorpa.
Athraíonn astaíochtaí réamh-mheasta go mór ar fud na modhanna iompair. Cuirfear dlús le laghduithe ar astaíochtaí CO2 ó iompar de bhóthar le himeacht ama agus tiocfaidh feabhas suntasach ar cháilíocht an aeir i gcathracha trí úsáid a bhaint as feithiclí astaíochtaí nialasacha arna dtiomáint ag caighdeáin CO2 , lena méadófar leictriú na hearnála níos mó ná faoi cheathair idir na blianta 2031-2040. Meastar go n‑ardóidh scaireanna na bhfeithiclí ceallra-leictreacha agus na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha eile go dtí os cionn 60 % i gcás gluaisteán, os cionn 40 % i gcás veaineanna agus gar do 40 % i gcás feithiclí tromshaothair () faoi 2040. Is deis beartais thionsclaíoch lán-chuimsitheach é an claochlú sin d’earnáil atá ríthábhachtach do gheilleagar an Aontais, trí infheistíochtaí i mbonneagar agus trí chomhtháthú iomlán na hearnála san eangach leictreachais, trí shlabhraí soláthair amhábhar criticiúil a fhorbairt agus trí lucht saothair oilte a fhorbairt. Lasmuigh de chaighdeáin CO2 , cumasóidh praghsáil carbóin agus beartais breosla nuashonraithe dícharbónú stoc na bhfeithiclí atá ann cheana ar na bóithre arb ionann iad agus an flít leagáide.
Laghdófar astaíochtaí muirí agus aeriompair trí éifeachtaí comhcheangailte na mbeart ‘Oiriúnach do 55’. Áirítear leis sin na spriocanna a leagtar amach in eitlíocht FuelEU Maritime() agus ReFuelEU() a bhaint amach, lena spreagtar úsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus aerárthaí agus soithí astaíochtaí nialasacha. Trí CTA, is é an tAontas an chéad dlínse chun praghas carbóin sainráite a chur ar astaíochtaí ó na hearnálacha sin. Spreagfaidh sé sin agus ginfidh sé ioncam chun dlús a chur le glacadh ar mórscála teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha, breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus réiteach éifeachtúlachta fuinnimh san eitlíocht agus sa loingseoireacht. Mar shampla, eagróidh an Coimisiún glaonna ar thograí le topaicí tiomnaithe don earnáil mhuirí faoin gCiste don Nuálaíocht, mar a fógraíodh cheana.
Mar a comhaontaíodh in 2023, in 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar leathnú ar an bpraghsáil carbóin le haghaidh na n‑earnálacha eitlíochta agus muirí (). Trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar úsáid breoslaí malartacha astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha (lena n‑áirítear ríomhbhreoslaí agus bithbhreoslaí ardfhorbartha) san eitlíocht agus san iompar muirí agus trí rochtain tosaíochta a thabhairt dóibh ar na breoslaí sin thar earnálacha a bhfuil rochtain acu ar réitigh dhícharbónaithe eile, amhail leictriú díreach, cuirfear ar chumas na n‑earnálacha sin rannchuidiú le cuspóirí aeráide an Aontais agus leis an gclár oibre aeráide domhanda (). Agus é sin á dhéanamh, ba cheart tionchar iomlán na heitlíochta ar an aeráid a mheas go cuí, i gcomhréir leis na torthaí eolaíocha is déanaí, agus cuirfear córas i bhfeidhm le haghaidh aerlínte chun faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí neamh CO2 agus ar éifeachtaí aeráide na heitlíochta.
Beidh gá le hinfheistíochtaí suntasacha sa chóras fuinnimh chun breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a chur in ionad breoslaí iontaise atá riachtanach chun an earnáil iompair a chumhachtú. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcuirfear amhábhar leordhóthanach breoslaí malartacha inbhuanaithe ar fáil trí bhearta tiomnaithe chun an uaillmhian a leagtar síos a bhaint amach.
Dá bhrí sin, dá mbainfí níos mó úsáide as iarnród a bhuí le breis úsáide a bhaint as acmhainneacht bonneagair iarnróid, agus dá mba ann do chóras iompair ilmhódaigh éifeachtúil agus idirnasctha le haghaidh paisinéirí agus lasta araon le tacaíocht ón nGréasán Iompair Tras-Eorpach ilmhódach, d’fhéadfadh sé rannchuidiú go suntasach le laghdú ar astaíochtaí foriomlána. Déanfaidh úsáid samhlacha éagsúla bunaithe ar shoghluaisteacht mar sheirbhís, ilmhódúlacht, réitigh dhigiteacha agus lóistíocht ghlas bharrfheabhsaithe (e.g. i gcás lasta) an earnáil iompair a nuachóiriú agus a dhícharbónú. Beidh sé tábhachtach soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe agus inacmhainne a chur chun cinn, lena n‑áirítear trí phleanáil uirbeach leordhóthanach, chun níos mó iompar poiblí, soghluaisteacht ghníomhach (i.e., siúl agus rothaíocht) a chumasú le haghaidh turais ghearr achair, lena mbaineann buntáistí don aeráid agus do shláinte na ndaoine araon.
Talamh, bia agus an bithgheilleagar
Táirgeadh bia atá neodrach ó thaobh na haeráide de a áirithiú agus earnálacha an bhithgheilleagair a neartú
Tá tábhacht straitéiseach ag baint le táirgeadh leordhóthanach, inacmhainne, ardchaighdeáin bia san Eoraip a áirithiú. Ag an am céanna, cuireann feirmeoirí agus foraoiseoirí na hEorpa iliomad seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil do shochaí, do chomhshaol agus do gheilleagar an Aontais. Áirithíonn siad táirgeadh príomhbhia agus ábhar bithbhunaithe, tá siad i gcroílár an bhithgheilleagair agus i gcroílár shlabhraí luacha an chórais bia agus tá ról ríthábhachtach acu maidir le slándáil bia a áirithiú. Mar bhainisteoirí na talún, tá siad riachtanach freisin chun seirbhísí éiceachórais amhail cosaint agus athchóiriú na bithéagsúlachta, baint carbóin nó oiriúnú don athrú aeráide a áirithiú.
Cosúil le gach earnáil eile, tá ról tábhachtach ag gníomhaíochtaí talmhaíochta maidir le huaillmhian aeráide 2040 an Aontais a bhaint amach,agus cuireann siad le ceannasacht bia an Aontais ag an am céanna. Léiríonn na beartais chearta, amhail cur le hinfhaighteacht roghanna malartacha ísealcharbóin() agus feidhmchlár ciorclach, amhail RENURE (), i dteannta na tacaíochta cirte chun aghaidh a thabhairt ar chomhbhabhtálacha agus costais a laghdú, an acmhainneacht chun rannchuidiú le réitigh. Sin é an fáth ar roghnaigh an Coimisiún Idirphlé Straitéiseach a chur ar bun maidir le todhchaí thalmhaíocht an Aontais chun an t‑aistriú a mhúnlú go comhpháirteach, i measc nithe eile, agus go bhfuil sé tiomanta don idirphlé a threisiú freisin le húinéirí foraoise agus le páirtithe leasmhara foraoise eile. Tabharfar aghaidh san idirphlé seo ar shaincheisteanna amhail slite beatha inmharthana, ualaí a laghdú agus táirgeadh bia iomaíoch agus inbhuanaithe a áirithiú amach anseo. Ós rud é go bhfuil sé i measc na dtáirgeoirí domhanda bia is éifeachtúla i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT), ba cheart don Aontas oibriú freisin chun iomaíocht éagórach a chosc agus cothroime iomaíochta a áirithiú le táirgeoirí neamh-AE, go háirithe trí chomhaontuithe trádála.
Ní hamháin gur féidir le hábhair bhithbhunaithe atá foinsithe go hinbhuanaithe carbón a stóráil thar thréimhsí fada (e.g., má úsáidtear adhmad mar ábhar tógála) ach freisin ábhair iontaise-bhunaithe a athsholáthar, agus ar an mbealach sin cuireann na hearnálacha talún le dícharbónú earnálacha eile. Méadóidh bainistíocht na hearnála talún atá níos tíosaí ar acmhainní agus níos neamhdhíobhálaí don bhithéagsúlacht a hathléimneacht i gcoinne thionchair an athraithe aeráide, feabhsóidh sé torthúlacht na hithreach agus déanfaidh sé an dúlra a chosaint agus a athbhunú, rud a thabharfaidh réitigh chun leasa cách don tslándáil bia agus do tháirgiúlacht na talún. Maidir leis an earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe freisin, i mí Feabhra 2023 mhol an Coimisiún bearta chun bheith neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050, trí éifeachtúlacht breosla a fheabhsú agus trí athrú go foinsí cumhachta in-athnuaite, ísealcharbóin ().
Is é sin le rá, tá beartais a thugann aghaidh ar an earnáil bia ar bhealach iomlánaíoch níos éifeachtaí ná féachaint ar na hearnálacha feirmeoireachta agus iascaigh ina n‑aonar, toisc go ndéantar go leor cinntí a bhfuil acmhainneacht mhór mhaolaithe acu lasmuigh de gheata na feirme: comhdhéanamh ceimiceach leasachán, úsáid chiorclach dramhaíola bia (iarmhair barr, aoileach, seachtháirge iascaigh), cur amú bia a laghdú ag na céimeanna monaraithe agus miondíola, rogha comhábhar do tháirgí bia monaraithe, agus roghanna cothaithe tomhaltóirí. Is é cur chuige na hearnála bia uile freisin an bealach is fearr le dearcadh na bhfeirmeoirí a thabhairt do thuilleamh ceart cothrom óna dtáirgí.
Tá ról tábhachtach ag an tionscal bia maidir le cinntí táirgeoirí agus tomhaltóirí a chur chun cinn. Ba cheart go bhfaigheadh sé na dreasachtaí cearta chun comhábhair bia níos inbhuanaithe a sholáthar agus rannchuidiú le timpeallacht bia a dhéanann aistí bia níos sláintiúla ina rogha inrochtana agus inacmhainne do thomhaltóirí(). Soláthraíonn an Comhbheartas Talmhaíochta uirlisí riachtanacha chun tacú le haistriú na hearnála feirmeoireachta i dtreo cleachtais agus samhlacha gnó nua inbhuanaithe. Go háirithe, tá feirmeacha éagsúla atá faoi úinéireacht teaghlaigh agus iad siúd a chomhcheanglaíonn táirgeadh barr agus ainmhithe ina gcnámh droma ag feirmeoireacht an Aontais agus ba cheart iad a bheith ag gabháil leo san aistriú go hearnáil talún atá neodrach ó thaobh na haeráide de, agus an ghné shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíoch de á cur san áireamh.
Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach tuilleadh deiseanna gnó a chruthú le haghaidh slabhra luacha agraibhia inbhuanaithe agus cistí príobháideacha a ghiaráil i sineirgíocht le maoiniú poiblí. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh le sásraí nua margadhbhunaithe chun borradh a chur faoi bhia inbhuanaithe, toisc go bhféadfadh praghas bia níos fearr a bheith mar thoradh air sin chun inbhuanaitheacht a léiriú chomh maith le luach saothair cóir d’fheirmeoirí agus foinse nua maoinithe le haghaidh infheistíochtaí. Ní féidir ach le comhordú daingean leis na gníomhaithe tionsclaíocha uile sa slabhra luacha bia iomlán agus le díriú ar chleachtais trádála chóra ar fud an tslabhra sin leas a bhaint as na dreasachtaí cearta do chleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe, ioncam réasúnta inbhuanaithe a áirithiú d’fheirmeoirí agus ioncaim a ghiniúint chun tacú leis an aistriú.
A bhuí le dul chun cinn i dteicneolaíochtaí faireacháin dhigitigh agus i seirbhísí comhairleacha, beidh feirmeoirí agus foraoiseoirí in ann a gcothromaíocht GCT a chainníochtú trí úsáid a bhaint as modheolaíochtaí deimhniúcháin iontaofa agus comhchuibhithe (). Le cur chuige amhail feirmeoireacht charbóin, is féidir luach saothair iomchuí a thabhairt do ghníomhaíocht dheimhnithe ar son na haeráide trí chonarthaí bunaithe ar thorthaí le gníomhaithe eile sa slabhra luacha nó trí thacaíocht phoiblí. Tá feirmeoireacht bheacht ar cheann de na huirlisí tábhachtacha chun tógáil ar na héachtaí sin, rud a ligeann d’fheirmeoirí úsáid níos fearr a bhaint as a n‑ithir agus as sócmhainní nádúrtha eile, chun leas na haeráide agus an chomhshaoil.
Ar deireadh, de réir mar a dhéantar carbón iontaise a chéimniú amach as geilleagar an Aontais, beidh deiseanna nua gnó ag feirmeoirí, foraoiseoirí agus iascairí bithmhais agus ábhair bhithbhunaithe a sholáthar ar bhealach inbhuanaithe le haghaidh úsáidí éagsúla sa bhithgheilleagar, lena n‑áirítear i dtionscal, i dtógáil, i gceimiceáin, i bhfuinneamh nó i soghluaisteacht. Ba cheart rialacha soiléire a bheith ag gabháil le húsáid fheabhsaithe na n‑iarmhar bithmhaise agus na dramhaíola, na mbithbhreoslaí ardfhorbartha, na dteicneolaíochtaí BECCS agus na dtáirgí bithbhunaithe a chuireann inbhuanaitheacht chun cinn agus a bhreithníonn na tionchair ar mhéid na linne carbóin nádúrtha san earnáil úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF).
Éiceachórais shláintiúla, úsáid inbhuanaithe talún, an dúlra agus an bhithéagsúlacht
Le sprioc 2040 agus conair shoiléir ó 2030 go 2050, ba cheart leas a bhaint as sineirgí idir aeráidneodracht, bithéagsúlacht agus cuspóirí comhshaoil eile agus iad a spreagadh.
Is féidir le laghdú ar astaíochtaí GCT agus aistrithe carbóin a mhéadú feabhas a chur ar an athléimneacht agus ar an mbithéagsúlacht, agus tá dúlra sláintiúil agus an bhithéagsúlacht riachtanach le haghaidh maolú ar an athrú aeráide agus le haghaidh athléimneachta. Táthar ag súil go leathnóidh limistéir inlasta ar fud na hEorpa mar gheall ar an athrú aeráide, mar gheall ar linnte carbóin agus bithéagsúlacht a bheith ag bagairt ar an Eoraip. Tá éiceachórais uisce an-leochaileach don athrú aeráide. Déanann leibhéil arda ózóin agus truailliú aeir damáiste d’fhoraoisí, d’éiceachórais agus do bharra, rud a laghdaíonn an poitéinseal le haghaidh aistrithe carbóin agus oiriúnú.
I bhfianaise na hiomaíochta atá ag treisiú le haghaidh talún agus uisce, is féidir beartais a cheapadh chun táirgeadh agus tomhaltas bia, ábhar agus bithfhuinnimh atá inbhuanaithe agus éifeachtúil ó thaobh uisce de a áirithiú. Ba cheart tosaíocht a bheith ag an mbithfhuinneamh d’earnálacha ina bhfuil an acmhainneacht le haghaidh leictriú teoranta, amhail aeriompar nó iompar muirí.
Ag infheistiú inár dtodhchaí
Clár oibre infheistíochta cuimsitheach
I gcomhthéacs na hiomaíochta domhanda an-dian chun infheistíocht a mhealladh, teastaíonn tionscnamh suntasach beartais agus airgeadais ón Aontas chun infheistíocht phríobháideach a mhealladh agus a shlógadh laistigh dá theorainneacha agus timpeallacht chumasúcháin don earnáil phríobháideach chun infheistíocht a dhéanamh lasmuigh de theorainneacha an Aontais.
Tá bunús láidir ag an Aontas Eorpach le cur leis. Chuidigh creat airgeadais inbhuanaithe an Aontais cheana féin le feabhas a chur ar thrédhearcacht chinntí gnó na gcorparáidí agus le cur le rannchuidiú na hearnála airgeadais leis an aistriú. Leanfar den chreat sin a mhionchoigeartú agus a fhorbairt le haghaidh riachtanais níos mó gníomhaithe, lena n‑áirítear iad siúd ag céimeanna níos luaithe san aistriú, chun a thionchar a uasmhéadú. Mar sin féin, ní bhainfear an t‑aistriú amach trí intuarthacht agus rialáil amháin; Ní mór don Eoraip éirí níos tarraingtí i gcomhair infheistíocht phríobháideach. Rud amháin nach mór a dhéanamh Aontas Margaí Caipitil an Aontais a dhoimhniú chun an EUR 470 billiún d’acmhainneacht cistiúcháin phríobháidigh bhliantúil a scaoileadh chuig cuideachtaí ag gach céim dá bhforbairt, lena n‑áirítear caipiteal fiontair atá dírithe ar chuspóirí inbhuanaitheachta an Aontais agus infheistíochtaí fadtéarmacha inbhuanaithe a bhaint amach don aistriú aeráide().
Chun an tionchar a mhéadú, tá gá le cumas straitéiseach treisithe chun deiseanna agus tionscadail infheistíochta nua a shainaithint agus a éascú in earnálacha a bhfuil na tionchair is mó acu. Ní mór don Choimisiún, do na Ballstáit agus don tionscal oibriú go comhpháirteach chun cás gnó a chruthú do na samhlacha gnó nua i bpríomhearnálacha an gheilleagair a bhfuil gá leo le haghaidh an aistrithe agus go háirithe i dteicneolaíocht ghlan agus i dtionscadail dianfhuinnimh dhícharbónaithe agus sa talmhaíocht. Cabhraíonn iarrachtaí ar thimpeallacht rialála shimplithe agus ar Mhargadh Aonair láidir do ghnólachtaí i ndáil leis sin.
Ba cheart tacaíocht na hearnála poiblí agus infheistíocht dhíreach a úsáid go straitéiseach, freisin trí acmhainní atá ann cheana a thosú agus a uasmhéadú le comhthiomsú mórscála cistiúcháin, rud a fhágann go mbeidh sé inrochtana ar an mbealach is tapúla agus is simplí is féidir agus trí shineirgí idir ionstraimí éagsúla a éascú. Tá comhordú idir gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus gníomhaíochtaí ar leibhéal na mBallstát ríthábhachtach chun tionchar na dtionscnamh maoiniúcháin a uasmhéadú, agus soláthraíonn gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais creat chun beartais a bharrfheabhsú agus acmhainní airgeadais a shlógadh, agus cuireann na Ballstáit tionscnaimh in oiriúint do riachtanais shonracha réigiúnacha agus náisiúnta i gcomhréir leis an gcreat Státchabhrach. Is é is aidhm don Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) atá beartaithe, mar shampla, feabhas a chur ar chomhordú an chistiúcháin chun infheistíochtaí straitéiseacha i dteicneolaíocht ghlan agus i mbith-theicneolaíocht a ghiaráil tuilleadh.
Ó thaobh na hearnála poiblí de, tá sé ríthábhachtach an tírdhreach airgeadais a éagsúlú trí ionstraimí airgeadais nuálacha agus deontais spriocdhírithe a úsáid chun caipiteal príobháideach a mhealladh agus chun na spriocanna infheistíochta a bhaint amach. Is léir go bhfuil gá le húsáid níos éifeachtúla agus níos oiriúnaithe as acmhainní airgeadais poiblí, agus táirgí airgeadais agus meascadh foinsí airgeadais a úsáid chun infheistíochtaí príobháideacha a spreagadh agus an riosca a laghdú ina leith.
Níor cheart deontais a úsáid go straitéiseach ach amháin chun tacú le tionscadail luathchéime ísealcharbóin amhail fuinneamh in-athnuaite, san earnáil thionsclaíoch, agus tionscadail eile , i gcás nach bhfuil inmharthanacht tráchtála ag tionscadail, i gcás ina bhfuil infheistíocht phríobháideach fós nuaghinte agus i gcás infheistíochtaí atá deacair a mhargú. I gcás tionscadal aibí a bhfuil sruthanna cruthaithe ioncaim acu, is féidir ról lárnach a bheith ag ionstraimí airgeadais atá dírithe ar an margadh, amhail maoiniú fiachais agus cothromais. Is féidir na hionstraimí sin a úsáid freisin le haghaidh tionscadail ardriosca chéaduaire nó tionscadail cheannródaíocha i bhfoirm tionchar airgeadais nó fiachas fiontair. Tá ról Ghrúpa BEI agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus poiblí eile ríthábhachtach chun infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh, go háirithe chun riosca a laghdú maidir le tionscadail, amhail amhábhair chriticiúla agus na hinfheistíochtaí i mbonneagar a scaoileadh, aibíochtaí níos faide agus ticéid níos mó a sholáthar, chomh maith leis an éifeacht chomharthaíochta a sholáthar do rannpháirtíochtaí eile sa mhargadh.
Ar an iomlán, beidh gá le cur chuige Eorpach maidir le maoiniú sna blianta amach romhainn, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, leis an mBanc Eorpach Infheistíochta agus leis na hinstitiúidí airgeadais chun cothroime iomaíochta a áirithiú ar fud an Mhargaidh Aonair. I bhfianaise na ndúshlán a bhaineann le dlús a chur le húsáid teicneolaíochtaí neodracha, cuidíonn idirghabháil ar leibhéal an Aontais le freagairtí a chomhordú ar fud na mBallstát.
Táthar ag súil go nginfidh frithráthaíocht EUR 5 bhilliún an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta le déanaí do thionscadail fuinnimh gaoithe, mar shampla, EUR 80 billiún in infheistíocht. Léiríonn sé sin an fiúntas a bhaineann le plé leis na Ballstáit maidir le conas is féidir le huirlisí airgeadais nuálacha den sórt sin de chuid an Aontais an riosca a laghdú maidir le hinfheistíochtaí straitéiseacha cinniúnacha ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de inár ngeilleagar.
Ag tógáil ar an taithí a bhí ag an gCoimisiún le InvestEU, ba cheart úsáid ionstraimí airgeadais a shimpliú a thuilleadh chun iad a dhéanamh níos tarraingtí d’infheisteoirí agus d’fhorbróirí tionscadail, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí ionstraimí a chur in oiriúint do chineálacha sonracha infheistíochta, téarmaí soiléire a sholáthar, próisis iarratais a chuíchóiriú, agus ardáin atá éasca le húsáid a fhorbairt, treoir a thabhairt agus ualaí riaracháin a laghdú. Tá gá le tuilleadh simplithe ar fud Chláir an Aontais agus tá gá le Rialachán Airgeadais an Aontais chun fíorionaid ilfhreastail a thairiscint le haghaidh deiseanna airgeadais agus cistiúcháin, lena gceadaítear acmhainní a chomhthiomsú, rochtain luathaithe agus éasca ar mhaoiniú, in éineacht le deontais sa deireadh, ag cur teorann le líon na bhfoirmeacha chun rochtain a fháil ar thacaíocht. Tá na bearta sin riachtanach chun cothroime iomaíochta a áirithiú maidir le rochtain ar mhaoiniú, rud atá ábhartha go háirithe d’idirghabhálaithe airgeadais agus do ghnólachtaí beaga a bhfuil cumas eagraíochtúil teoranta iontu.
Tá sé tábhachtach go gcaomhnófar dóthain spáis fhioscaigh sna Ballstáit le haghaidh infheistíochta, faoi chuimsiú inbhuanaitheacht fiachais mheántéarmach go fadtéarmach. Leis an gCiste don Nuálaíocht chomh maith leis an ioncam náisiúnta faoi CTA AE, soláthraítear méid tábhachtach cistí do na Ballstáit is féidir a úsáid le haghaidh infheistíochtaí a sheasfaidh an aimsir. Ba cheart go gcomhlánófaí é le hathchóirithe struchtúracha chun dlús a chur leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart buiséad an Aontais a bheith dírithe ar infheistíocht a chur chun cinn, a chumasú agus a spreagadh a mbeidh leibhéal níos ísle astaíochtaí mar thoradh uirthi, agus ag an am céanna leanúint de na critéir ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chur chun feidhme, i gcás inarb infheidhme, mar a chomhaontaigh comhreachtóirí cheana féin don chéad CAI eile. Ba cheart é a threisiú chun infheistíochtaí ar chaighdeán níos airde a sholáthar agus sa chomhthéacs sin molann an Coimisiún dul chun cinn tapa a dhéanamh ar an acmhainn dhílis bunaithe ar CTA AE atá beartaithe.
Ba cheart do sprioc 2040 an earnáil airgeadais agus na húdaráis mhaoirseachta a threorú freisin agus measúnú á dhéanamh ar rioscaí an aistrithe aeráide maidir le hinfheistíochtaí, as a dtiocfaidh coinníollacha fabhracha nuair a dhéanfar rioscaí a íoslaghdú agus bearta leordhóthanacha maolaithe riosca nuair nach ndéanfar rioscaí a íoslaghdú.
Taighde, nuálaíocht agus scileanna
I measc na dteicneolaíochtaí atá le húsáid chun sprioc 2040 an Aontais a bhaint amach tá roinnt atá réidh don mhargadh, amhail grianchumhacht, chomh maith le roinnt nach mór feabhas a chur orthu agus cur leo go fóill.
Dá bhrí sin, tá sé fíorthábhachtach leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus i dtaispeáint teicneolaíochtaí nuálacha glan-nialasachta, iarrachtaí an Aontais agus iarrachtaí náisiúnta T&N a chomhordú, agus iarrachtaí a neartú chun nuálaíochtaí a thabhairt chuig an margadh agus chun iad a uas-scálú. Tá taighde ceannródaíoch ar theicneolaíochtaí tionsclaíocha nialasacha agus ísealcharbóin á dhéanamh ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach ar fud an Aontais, agus na cláir Fís 2020 agus Fís Eorpach ag maoiniú T&N ceannródaíoch, lena n‑áirítear é sin a dhéanamh trí chomhpháirtíochtaí leis an tionscal agus leis na Ballstáit chun cuidiú le teicneolaíochtaí ísealcharbóin a bhogadh chuig tionscail atá dian ar fhuinneamh ó thaighde bunúsach go húsáid(). Leithdháilfidh Fís Eorpach aisti féin os cionn EUR 30 billiún (35 % ar a laghad dá buiséad) ar ghníomhú ar son na haeráide.
Is foinse shoiléir maoinithe iad ioncam ó phraghsáil carbóin chun teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha ísealcharbóin a chur in úsáid. Ó cruthaíodh é in 2005, tá níos mó ná EUR 180 billiún ginte ag CTA, agus téann an sciar is mó de chuig na Ballstáit. Ba cheart na Ballstáit a dhreasú chun an t‑ioncam sin a infheistiú in athchóirithe struchtúracha réamhbhreathnaitheacha lena gcuirtear dlús suntasach le monarú trealaimh nuálaigh teicneolaíochta glaine agus lena léirítear agus lena dtacaítear le luath-úsáid réiteach tionsclaíoch atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de.
Ar leibhéal an Aontais, soláthraíonn Ciste don Nuálaíocht CTA AE uirlis straitéiseach chun tacú le nuálaíocht i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta agus chun í a uas-scálú i dtreo aibíocht iomlán theicneolaíoch agus tráchtála. Tá sé ag éirí ina phríomhionstraim chun an straitéis thionsclaíoch maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a úsáid. Ina chéad trí bhabhta, leithdháil an Ciste don Nuálaíocht EUR 6,5 billiún ar thart ar 100 treoirthionscadal agus gléasra taispeána le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha ísealcharbóin. Léiríonn méid agus dáileadh earnálach na n‑iarratas ar an gCiste don Nuálaíocht rannpháirtíocht láidir na ngníomhaithe tionsclaíocha sa chlaochlú sin agus plean an tionscadail a bhfuil gealladh faoi agus atá flúirseach. Éilíonn ró-shuibscríobh trom gach glao mórscála ar thograí go méadófar an cistiú atá ar fáil. Mar shampla, sa chéad dá bhabhta iarratas, rinne tionscadail iarratas ar mhaoiniú EUR 33,8 billiún, le haghaidh buiséad iomlán EUR 1,1 billiún. Is léir go bhfuil an fios gnó ag tionscal an Aontais ach gur dúshlán é freisin infheistíocht a dhéanamh sa réabhlóid thionsclaíoch nua, ar féidir leis an gCiste don Nuálaíocht a bheith ina thiománaí aon mhargaidh ailínithe atá bunaithe san Aontas le haghaidh infheistíochtaí costéifeachtúlacha. Dá bhrí sin, féachfaidh an Coimisiún leis an mbuiséad faoin gCiste don Nuálaíocht a uasmhéadú go dtí 2028 trí ghealltanas na gcistí atá ar fáil a chur chun tosaigh. Ina theannta sin, neartóidh an Coimisiún na sineirgí le hionstraimí eile agus forbróidh sé an Ciste don Nuálaíocht mar ardán, trí cheantanna chun cabhrú leis na Ballstáit na tionscadail is mó a bhfuil gealladh fúthu le cistí náisiúnta a roghnú agus tacú leo ar bhealach costéifeachtach. Is bealach iontach iad cineálacha cur chuige nuálacha, amhail ‘ceantanna mar sheirbhís’ chun na tionscadail is iomaíche agus is éifeachtaí ó thaobh an chomhshaoil de a roghnú ar fud an Mhargaidh Aonair, gan saobhadh iomaíochta agus i leith na rialacha maidir le Státchabhair.
Mar thoradh ar dheiseanna nua gnó glan-nialasacha tá cruthú post agus éileamh ar scileanna nua. Tiocfaidh an t‑éileamh ar oibrithe oilte breise le hinfheistíocht a dhéanfar roimh 2030 chun sprioc 2040 a bhaint amach, i dteicneolaíochtaí glan-nialasachta, in athchóirithe foirgneamh, in ábhair nuálacha, agus i seirbhísiú trealaimh ghlan-nialasaigh. Ní féidir tacair scileanna na n‑oibrithe maidir le breosla iontaise nó gníomhaíochtaí atá dian ar astaíochtaí a laghdú a aistriú go héasca i gcónaí chuig gníomhaíochtaí nua. Ba cheart clár oibre forbartha oiliúna agus athscilithe uaillmhianach a bheidh comhordaithe ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais le haghaidh scileanna agus poist nua, ag tógáil ar an gclár oibre Scileanna, ar an mBliain Eorpach um Scileanna agus ar thionscnaimh an Aontais atá ann cheana. Ba cheart a áirithiú leis deiseanna fostaíochta nua agus feabhsaithe dóibh siúd atá fostaithe faoi láthair in earnálacha a bhfuil deireadh á chur leo de réir a chéile, agus nach gcuirfear isteach ar an aistriú mar gheall ar mhí-oiriúnuithe agus ganntanais scileanna.
Cuirfidh digitiú breise an gheilleagair uirlisí ar fáil mar shampla chun comhtháthú an chórais fuinnimh a bhainistiú agus chun rannchuidiú le bainistiú inbhuanaithe ár gcuid talún().
4Conclúid agus na chéad chéimeanna eile
Chun rathúnas agus folláine na nglúnta reatha agus na nglúnta atá le teacht a áirithiú, ní mór don Aontas leanúint dá chlaochlú i dtreo na haeráidneodrachta agus i dtreo geilleagair inbhuanaithe iomaíoch atá athléimneach i gcoinne guaiseacha aeráide, rioscaí geopholaitiúla agus saor ó spleáchais chriticiúla.
Is féidir teacht ar phríomhchonclúidí agus ar phríomhléargais bheartais maidir leis an aistriú ó anailís an Choimisiúin (Iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht seo) chun bonn eolais a chur faoi dhíospóireacht leathan ar an ngníomhaíocht is gá laistigh den Aontas agus i gcomhar lenár gcomhpháirtithe ar fud an domhain.
Réitíonn an Teachtaireacht seo an bealach do dhíospóireacht pholaitiúil agus do roghanna polaitiúla ag saoránaigh agus rialtais na hEorpa ar an mbealach chun tosaigh. Beidh sé sin mar bhonn eolais ag an gcéad Choimisiún eile a dhéanann an togra reachtach chun sprioc 2040 a áireamh sa Dlí Aeráide Eorpach agus chun creat beartais iomchuí tar éis 2020 a dhearadh. Cuirfear leis an obair a dhéanfar idir 2024 agus 2029 cruth ar chonair na hEorpa go 2040 agus ar aghaidh go dtí 2050. Beidh ar an gcreat beartais a áirithiú go gcuirfidh na hearnálacha go léir go cothrom agus go costéifeachtach le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus le haistrithe carbóin.
Ag an am céanna, chun na laghduithe riachtanacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe carbóin a bhaint amach, ní mór dálaí cumasúcháin a bheith i bhfeidhm. Áirítear orthu sin cur chun feidhme iomlán chreat 2030; iomaíochas thionscal agus thalmhaíocht na hEorpa a áirithiú; bearta chun aistriú cóir a áirithiú; cothroime iomaíochta dhomhanda; agus idirphlé straitéiseach le páirtithe leasmhara maidir le creat iar-2030, i measc nithe eile d’fhonn cur ar a cumas d’earnáil na talmhaíochta a ról mar ráthóir na slándála bia a choinneáil ar bun agus an dícharbónú ag dul ar aghaidh.
Trí sprioc 2040 an Aontais a shocrú, léireofar diongbháilteacht an Aontais chun fanacht ar thús cadhnaíochta sa mhóiminteam domhanda maidir le monarú na teicneolaíochta glaine a leathnú agus leas a bhaint as na deiseanna le haghaidh fáis eacnamaíoch agus cruthú post. Seolfaidh sé comhartha soiléir chuig an gcuid eile den domhan go bhfuil an Eoraip fós tiomanta go hiomlán do Chomhaontú Pháras agus do ghníomhaíocht iltaobhach lena soláthrófar an sampla agus na modhanna do dhaoine eile gníomhú.
|
IARSCRÍBHINN
8Bloic thógála chun sprioc 2040 a bhaint amach
1.Córas fuinnimh atá athléimneach agus dícharbónaithe le haghaidh ár bhfoirgneamh, ár n‑iompair agus ár dtionscail.
·Beidh gá le gach réiteach fuinnimh nialasaigh agus ísealcharbóin (foinsí in-athnuaite fuinnimh, fuinneamh núicléach, éifeachtúlacht fuinnimh, bithfhuinneamh níos inbhuanaithe, stóráil, GÚC, aistrithe carbóin, agus gach teicneolaíocht fuinnimh ghlan-nialasaigh eile atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo).
·Leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise, méadófar neamhspleáchas agus uathriail straitéiseach oscailte an Aontais agus laghdófar an riosca go dtarlóidh suaití praghsanna. Ba cheart deireadh a chur le breoslaí iontaise soladacha de réir a chéile. I gcomhréir le REPowerEU, ba cheart úsáid gáis agus ola a laghdú le himeacht ama ar bhealach lena ráthaítear slándáil soláthair an Aontais. Ba cheart do shlabhra soláthair hidrigine in-athnuaite agus ísealcharbóin rannchuidiú le stóráil shéasúrach agus le hearnálacha atá deacair a dhícharbónú.
·Beidh an leictriú i gcroílár an aistrithe, trí bhonneagar athluchtaithe, teaschaidéil agus insliú foirgneamh a úsáid. Ba cheart don earnáil leictreachais teacht gar do dhícharbónú iomlán sa dara leath de na 2030idí, agus solúbthacht mhéadaithe a bheith aici trí eangacha cliste, stóráil fuinnimh, freagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh cumhachta in-tarchurtha ísealcharbóin. Éileofar leis sin iarracht thábhachtach athscilithe sna hearnálacha monaraíochta agus seirbhísí.
·Beidh gá le leathnú agus uasghrádú substaintiúil ar eangacha agus ar stórais chumhachta an Aontais le haghaidh sprioc aeráide 2040. Beidh gá le hinfheistíochtaí suntasacha sna 10-15 bliana amach romhainn le hathruithe ar an meascán fuinnimh agus beidh siad ag brath ar an gcumas an creat rialála ceart, pleanáil bonneagair chomhtháite, monarú iomaíoch agus dreasachtaí do shlabhraí soláthair athléimneacha a bhunú.
2.Réabhlóid thionsclaíoch agus iomaíochas inti atá bunaithe ar thaighde agus nuálaíocht, ar chiorclaíocht, ar éifeachtúlacht acmhainní, ar dhícharbónú tionsclaíoch agus ar mhonarú na teicneolaíochta glaine ina croílár.
·An gá atá le clár oibre cuimsitheach infheistíochta chun caipiteal príobháideach a mhealladh agus chun a áirithiú go mbeidh an tAontas ina cheann scríbe tarraingteach i gcónaí i gcomhair infheistíocht le haghaidh taighde, nuálaíochta, úsáid teicneolaíochtaí nua, réitigh chiorclacha agus bonneagair. Tá gá freisin le húsáid chliste agus thús-ualaithe a bhaint as tacaíocht phoiblí don aistriú sin, mar aon le dí-rioscú na hinfheistíochta príobháidí ar scála.
·Ós rud é nach mór don Comhaontú Glas a bheith ina mhargadh dícharbónaithe tionsclaíoch freisin, ba cheart do chreat cumasúcháin don tionscal dícharbónaithe beartas tionsclaíoch neartaithe de chuid an Aontais a chomhlánú le slabhraí luacha athléimneacha, go háirithe le haghaidh amhábhair chriticiúla phríomhúla agus thánaisteacha, agus acmhainneacht mhéadaithe monaraíochta intíre in earnálacha straitéiseacha agus prionsabal na hinbhuanaitheachta iomaíche atá ionchorpraithe go hiomlán sa soláthar poiblí. Chuige sin, bheadh gá le sásraí cistiúcháin dea-acmhainní ar leibhéal an Aontais agus le príomh-mhargaí a chruthú, lena n‑áirítear trí rialacha soláthair phoiblí, dreasachtaí margadhbhunaithe, caighdeáin agus lipéid chun tomhaltas a stiúradh i dtreo ábhair agus earraí inbhuanaithe atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh.
·Éileofar leis sin freisin cur chuige níos straitéisí maidir le tráchtearraí straitéiseacha a áirithiú ar an margadh domhanda trí shásraí comhpháirteacha ceannaigh, chomh maith le bearta lena dtugtar aghaidh ar iomaíochas onnmhairí Eorpacha ar mhargaí domhanda.
·Chomh maith le tacaíocht spriocdhírithe infheistíochta, beidh praghsáil carbóin fós ina príomhthiománaí don athrú. Ní mór na Córais Trádála Astaíochtaí reatha a fhorlíonadh le húsáid éifeachtúil cánachais fuinnimh agus le deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breosla iontaise nach dtugann aghaidh ar bhochtaineacht fuinnimh ná ar aistriú cóir.
3.Bonneagar chun hidrigin agus CO2 a sheachadadh, a iompar agus a stóráil.
·Is féidir le hidirghabháil phoiblí spriocdhírithe gníomhú mar chatalaíoch chun dlús a chur le hinfheistíocht, lena n‑áirítear ar an leibhéal Eorpach. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar bhonneagar fuinnimh comhtháite cliste a fhorbairt ar an leibhéal dáileacháin, lena n‑áirítear maidir le feithiclí a athluchtú agus a athbhreoslú, agus maidir le braislí tionsclaíocha, lena n‑áirítear hidrigin agus bunábhar ísealcharbóin a sholáthar in ionad ionchur iontaise.
·Tabharfaidh pleanáil uirbeach agus cathrach deis do shaoránaigh agus do ghnó a dtimpeallacht a dhícharbónú, bíodh sin trí bhonneagar athluchtaithe nó trí théamh ceantair.
4.Laghduithe feabhsaithe ar astaíochtaí sa talmhaíocht.
·Tá ról ríthábhachtach ag an talmhaíocht maidir le slándáil bia a áirithiú. Cosúil le hearnálacha eile, tá ról ag an talmhaíocht freisin san aistriú glas. Le beartais éifeachtacha a thugann luach saothair do dhea-chleachtais tá deis ann astaíochtaí ón earnáil a laghdú níos tapúla agus ag an am céanna aistrithe carbóin a fheabhsú san earnáil talún, in ithreacha agus i bhforaoisí. Ba cheart an slabhra luacha agraibhia a bheith rannpháirteach chun sineirgí a chruthú agus leas a bhaint as an acmhainneacht mhaolaithe uasta.
·Ba cheart beartais agus dreasachtaí soiléire a chur i bhfeidhm chun an acmhainneacht nuálaíochta sa chóras bia agus sa bhithgheilleagar i gcoitinne a bhaint amach chomh maith le bia sláintiúil agus inbhuanaithe a sholáthar do shaoránaigh an Aontais.
5.Beartas don athrú aeráide mar bheartas infheistíochta.
·Ba cheart 1,5 % breise de OTI i gcomparáid leis na 10 mbliana idir 2011 agus 2020 a infheistiú go bliantúil san aistriú – rud a bhogfadh acmhainní ar shiúl ó úsáidí nach bhfuil chomh hinbhuanaithe sin amhail fóirdheontais breosla iontaise. Beidh slógadh láidir na hearnála príobháidí réamhriachtanach chun é sin a dhéanamh indéanta. Seachadfaidh an earnáil phríobháideach an chuid is mó de na hinfheistíochtaí sin má dhreasaíonn an creat beartais infheistíocht ísealcharbóin agus má dhíspreagann sé dianinfheistíocht charbóin, ar choinníoll go bhfuil cás gnó láidir ann do na hinfheistíochtaí sin.
·Tá gá le beartais thiomnaithe chun an tAontas a chur chun cinn mar cheann scríbe tosaigh d’infheistíochtaí inbhuanaithe. Éilítear leis sin machnamh cuimsitheach ar na gnéithe go léir: ó chánachas go rochtain ar mhaoiniú, ó scileanna go hualaí rialála, agus ó dhoimhniú an Mhargaidh Aonair go costais fuinnimh. Is gné ríthábhachtach é sin do rath chlár oibre an Aontais amach anseo agus ba cheart é a chomhordú le Ballstáit an Aontais.
·Éilítear leis an aistriú freisin go mbainfear úsáid chliste as tacaíocht phoiblí agus as scéimeanna airgeadais chun infheistíocht phríobháideach a ghiaráil ar scála. Beidh tacaíocht phoiblí bunriachtanach ar scála sna hearnálacha a bhfuil rioscaí arda gnó ag bagairt orthu agus do theaghlaigh, i gcás inar ábhar imní é an cothromas. Éileofar leis sin rannpháirtíocht níos gníomhaí agus níos lú coil riosca ó ghníomhaithe airgeadais institiúideacha agus go háirithe ó BEI. Ag an am céanna, tá tacaíocht phoiblí ríthábhachtach i gcónaí, agus ba cheart úsáid éifeachtach as acmhainní leordhóthanacha, lena n‑áirítear trí chistiú ón Aontas, a bheith mar chuid den mhachnamh, chun tionscadail thionsclaíocha nialasacha agus ísealcharbóin a dhéanamh inmharthana ó thaobh na tráchtála de.
6.Cothroime, dlúthpháirtíocht agus beartais shóisialta i gcroílár an aistrithe.
·Áiritheofar le geilleagar aeráidneodrach, cuimsitheach agus athléimneach rathúnas agus folláine fhadtéarmach shaoránaigh an Aontais. Mar sin féin, beidh ar bheartas poiblí agus ar chistí, chomh maith le hidirphlé sóisialta, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin do ghrúpaí agus do réigiúin áirithe, ag tacú le hinfheistíochtaí dícharbónaithe ag teaghlaigh.
·Chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní shóisialta, beidh gá le fócas soiléir beartais ar chothroime, ar dhlúthpháirtíocht agus ar bheartais shóisialta a mhaolaíonn ní hamháin tionchar díreach na praghsála carbóin nuair is gá, ach a cheadaíonn do theaghlaigh ar ioncam íseal an t‑aistriú éifeachtach a dhéanamh i dtreo gan aon astaíochtaí carbóin a bheith ann.
7.Taidhleoireacht aeráide agus comhpháirtíochtaí an Aontais chun dícharbónú domhanda a spreagadh.
·Ba cheart don Aontas leanúint de bheith chun tosaigh agus an dea-shampla á thabhairt agus rannchuidiú forleathan a chur ar fáil chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus a chuid comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a leathnú agus a dhoimhniú.
·Ba cheart dó taidhleoireacht ghníomhach dhomhanda maidir le praghsáil carbóin a úsáid i sineirgíocht le hionstraimí beartais aeráide eile de chuid an Aontais amhail an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT).
8.Bainistiú riosca agus athléimneacht.
·Tá acmhainní nádúrtha an Aontais ríthábhachtach chun a seirbhísí éiceachórais a sholáthar go hiomlán, go háirithe i dtéarmaí an t‑athrú aeráide a rialú agus ceapadh carbóin a fheabhsú.
·Beidh cur chun feidhme Chreat Bithéagsúlachta Domhanda Kunming-Montreal agus Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais ríthábhachtach chun cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach, lena n‑áirítear sprioc 2040.
·Mar sin féin, beidh tionchar ag an athrú aeráide ar ár sochaithe go ceann na mblianta amach romhainn, mar sin ní mór dúinn ullmhú agus oiriúnú go comhthreomhar. Trí dhlús a chur le bearta um chosc agus ullmhacht riosca agus trí bheartais amhail éifeachtúlacht uisce nó réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe, feabhsófar athléimneacht ár ngeilleagair ina hiomláine agus laghdófar na costais dá bharr.
|