Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0420

Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl

COM/2023/420 final

An Bhruiséil,5.7.2023

COM(2023) 420 final

2023/0234(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2023) 420 final} - {SWD(2023) 420 final} - {SWD(2023) 421 final} - {SWD(2023) 422 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Sa Chomhaontú Glas don Eoraip 1 agus sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach 2 , éilítear gníomhaíocht threisithe bhrostaithe ón Aontas agus ó na Ballstáit chun inbhuaine comhshaoil na n‑earnálacha teicstílí agus bia a áirithiú mar tá siad i measc na n‑earnálacha is mó atá dian ó thaobh acmhainní de agus atá ina gcúis le seachtrachtaí comhshaoil diúltacha móra, ina gcuireann bearnaí maoinithe agus teicneolaíochta bac ar an dul chun cinn i dtreo an aistrithe chuig an ngeilleagar ciorclach agus an dícharbónú. Tá earnálacha an bhia agus na dteicstílí ar an gcéad agus ar an gceathrú earnáil faoi seach is mó atá dian ó thaobh acmhainní de 3 nach gcloíonn go hiomlán le prionsabail bhunúsacha an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola a leagtar amach le hord na réiteach dramhaíola lena gceanglaítear tús áite a thabhairt do dhramhaíl a chosc agus dullmhú le haghaidh athúsáide agus athchúrsála ina dhiaidh sin. Ag cuimhneamh ar na gealltanais a tugadh, dírítear ar dhá earnáil atá dian ó thaobh acmhainní de sa togra seo chun an Treoir Réime maidir le Dramhaíl (WFD) 4 a leasú: teicstílí agus bia, agus na cuspóirí ginearálta seo a leanas ann: 

Tionchair ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a laghdú, cáilíocht an chomhshaoil a mhéadú agus an tsláinte phoiblí a bhaineann le bainistiú dramhaíola teicstílí a fheabhsú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola,

Tionchair córas bia a bhaineann le giniúint an chur amú bia ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a laghdú. Chuirfí leis an tslándáil bia freisin ach cosc a chur ar an gcur amú bia.

Dramhaíl teicstíle

Dainneoin dramhaíl a chosc a bheith ina phríomhchuspóir de WFD agus de na hiarrachtaí cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, lena n‑áirítear na hiarrachtaí a dhéanann gníomhaithe príobháideacha, leanann giniúint dramhaíola ginearálta de dhul i méid agus ní féidir ach díchúpláil choibhneasta de ghiniúint dramhaíola ón bhfás eacnamaíoch a thabhairt faoi deara 5 . An treocht sin maidir le dramhaíl fhoriomlán, tá sí le tabhairt faoi deara freisin i gcás dramhaíl teicstíle. Mar sin féin, tá sé níos measa mar thoradh ar mhearfhaisean, mar a thugtar air, ar saintréith aige bailiúcháin faisin a bheith á gcur ar an margadh níos minice 6 le táirgí ar chostas íseal nach ndéantar seachtrachtaí comhshaoil a inmheánú iontu 7 , a spreagann custaiméirí chun earraí a cheannach go tallannach agus a spreagann líon níos mó éadaí a cheannach 8 . Tá an dramhaíl teicstíle ag dul i méid mar thoradh ar an tomhaltas teicstíle sin atá ag dul i méid. De réir staidéar leanúnach atá á dhéanamh ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) 9 12.6 milliún tona (10.9 Mt de dhramhaíl iarthomhaltais agus 1.7 Mt de dhramhaíl iarthionsclaíoch agus réamhthomhaltais) a bhí sa dramhaíl teicstíle iomlán in 2019, lena gcumhdaítear éadaí agus coisbhearta, teicstílí baile, teicstílí teicniúla, agus dramhaíl iarthionsclaíoch agus réamhthomhaltais. 5.2 Mt a bhí sa dramhaíl ó éadaí agus ó choisbhearta, méid atá coibhéiseach le 12 kg in aghaidh an duine in aghaidh na bliana san Aontas Eorpach.

De réir staidéar ón Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) 10 , faoi láthair ní dhéantar bailiú ar leithligh ar thart ar 78 % de dhramhaíl teicstíle iarthomhaltais lena gcumhdaítear éadaí agus coisbhearta, teicstílí baile agus teicstílí teicniúla agus cuirtear an dramhaíl sin sa dramhaíl tí mheasctha, ar dramhaíl í a loisctear nó a chuirtear i líonadh talún. An bainistiú dramhaíola sin atá neamhéifeachtúil ó thaobh acmhainní de, níl sé i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus bíonn díobháil chomhshaoil san Aontas agus i dtríú tíortha ina toradh air mar gheall ar leibhéil iomarcacha astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT), úsáidte uisce, truaillithe agus úsáidte talún. Maidir leis an dramhaíl teicstíle a bhailítear ar leithligh, nach bhfuil i gceist léi ach 22 % den dramhaíl teicstíle iarthomhaltais a ghintear, déantar thart ar 32 % di a athchúrsáil laistigh den Aontas Eorpach (thart ar 20 % lasmuigh den Aontas Eorpach) agus déantar thart ar 8 % a athúsáid laistigh den Aontas Eorpach (thart ar 38 % lasmuigh den Aontas Eorpach), agus déantar an chuid eile a onnmhairiú. 

An ceanglas maidir le bailiú ar leithligh le haghaidh teicstílí in WFD, tiocfaidh sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025. De réir faisnéis ó na Ballstáit, na córais bailithe ar leithligh agus na bonneagair shórtála agus athchúrsála, meastar nach dócha go mbeidh siad réidh chun na méideanna breise a bhfuil coinne lena mbailiú a láimhseáil. Tá coinne leis go ndéanfar sórtáil i bhformhór na mBallstát gar do na pointí bailithe dramhaíola agus ar scála níos airde sna Ballstáit sin inar fabhrach na dálaí margaidh (e.g. costais níos ísle ar bhainistiú dramhaíola, bonneagar agus scileanna atá ann cheana agus ar féidir cur leo, gaireacht do mhoil athchúrsála/táirgeachta agus do chalafoirt). Níl coinne leis go ndéanfar athchúrsáil i ngach tír agus is dócha go mbeidh an athchúrsáil lonnaithe i réigiúin atá i ngaireacht na lárionad táirgthe teicstílí agus na mbunáiteanna bonneagair atá ann cheana.

Tá earnáil na dteicstílí dian ó thaobh acmhainní de. Maidir le táirgeadh amhábhar agus teicstílí araon, formhór na mbrúnna agus na dtionchar a bhaineann le tomhaltas éadaí, coisbheart, agus teicstílí tí san Aontas, eascraíonn siad as réigiúin eile ar domhan. Mar sin féin, cé gur as tríú tíortha a deascair formhór na mbrúnna comhshaoil de thomhaltas teicstílí an Aontais 11 , déanann siad difear don Aontas freisin mar gheall ar an tionchar domhanda atá acu. Chun an méid éadaí, teicstílí agus coisbheart a tomhlaíodh san Aontas a tháirgeadh in 2020, measann EEA gur as lasmuigh den Aontas Eorpach a deascair 80 % de na príomh-amhábhair, 88 % den uisce agus 92 % den talamh a úsáideadh agus 73 % de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa. Mar shampla, is feiniméan domhanda iad astaíochtaí gás ceaptha teasa agus níl siad teoranta do theorainneacha ná do réigiúin shonracha. Ina theannta sin, fostaíodh coibhéis beagnach 13 mhilliún oibrí lánaimseartha ar fud an domhain sa slabhra soláthair 12 . Dá bhrí sin, is féidir cuidiú le lorg comhshaoil na hearnála a laghdú ach dramhaíl teicstíle a chosc, a athúsáid agus a athchúrsáil. 

De bhreis air sin, maidir le costais bainistithe dramhaíola éadaí agus teicstílí tí úsáidte, ní dhéantar na costais sin a inmheánú i bpraghas táirgí nua. Ar an meán, is éard atá i gcostais an bhailithe agus na cóireála thart ar 12 cent in aghaidh an bhaill. Mar sin féin, bíonn éagsúlacht idir na costais sin ag brath ar an gcineál baill, agus bíonn costas níos airde ar bhainistiú na mball sin ina bhfuil meascán de chineálacha snáithín teicstíle agus ina bhfuil suaiteoirí (mar shampla cnaipí agus zipeanna) agus bíonn costas níos lú ar na baill sin ina bhfuil cineál snáithín teicstíle aonair gan aon suaiteoir amhail t‑léinte. I bhfianaise na méideanna móra dramhaíola teicstíle a dhiúscraítear sa dramhaíl iarmharach, ní dhéantar a inmheánú ach an oiread an costas diúscartha agus seachtrachtaí comhshaoil na diúscartha sin lena n‑áirítear astaíochtaí ó loscadh agus líonadh talún. Áirítear go háirithe ar sheachtrachtaí eile tionchair chomhshaoil agus shóisialta na dramhaíola teicstíle a onnmhairítear chuig tríú tíortha atá faoi cheilt chun críoch athúsáide, go háirithe i ndáil le teicstílí neamhshórtáilte a gcríochnaíonn cuid mhór díobh i láithreáin líonta talún (neamhdhleathacha). 

Bíonn ualach riaracháin ina thoradh ar shainmhínithe scoilte ar theicstílí agus ar dhramhaíl teicstíle agus cuireann siad bac ar loingsithe trasteorann. Comharthaí éagsúla maidir le beartas agus cúrsaí rialála i ngach Ballstát agus bearnaí faisnéise (e.g. maidir le cáilíocht bunábhar), cuireann siad isteach ar uas-scálú an tionscail athchúrsála agus na hathúsáide agus cuireann siad isteach freisin ar chothroime iomaíochta an mhargaidh aonair, de bhreis ar an gcastacht a bhaineann le teicstílí a athchúrsáil de bharr chomhdhéanamh éagsúil a bheith sa dramhaíl teicstíle. Ní hamháin go gcuireann sé sin bac ar an aistriú i dtreo geilleagar ciorclach i dteicstílí, ach cuireann sé cosc freisin ar phoist ardchaighdeáin agus breisluach a chruthú san Aontas. Is dócha go mbeidh mar thoradh ar an mbonneagar neamh‑leordhóthanach sórtála agus athchúrsála nach gcaithfear le teicstílí i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola fiú nuair a thiocfaidh an ceanglas maidir le bailiú ar leithligh i bhfeidhm. Déantar an mhonaraíocht ar bhreisluach íseal i dtríú tíortha den chuid is mó. Le táirgeadh agus diúscairt dramhaíola teicstíle onnmhairithe, cruthaítear tionchair dhiúltacha mhóra don tsochaí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus domhanda 13 . 

Dá bhrí sin, is iad cuspóirí sonracha le haghaidh an togra seo maidir le dramhaíl teicstíle feabhas a chur ar an mbainistiú dramhaíola teicstíle i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola 14 a chumhdaítear in WFD, tús áite a thabhairt do dhramhaíl a chosc, ullmhú le haghaidh athúsáid agus athchúrsáil teicstílí de rogha ar roghanna athghabhála eile agus ar dhiúscairt, agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur i bhfeidhm. Sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach (CEAP) 15 agus i Straitéis an Aontais Eorpaigh um Theicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha (Straitéis um Theicstílí) 16 , éilítear gníomhaíocht threisithe bhrostaithe ón Aontas agus ó na Ballstáit chun dramhaíl teicstílí a chosc agus chun ciorclaíocht teicstílí a fheabhsú, mar is earnáil í atá dian ó thaobh acmhainní de agus atá ina cúis le seachtrachtaí comhshaoil diúltacha móra, ina gcuireann bearnaí maoinithe agus teicneolaíochta bac ar an dul chun cinn i dtreo an aistrithe chuig an ngeilleagar ciorclach.

An cur amú bia

Tá an cur amú bia ar cheann de na foinsí neamhéifeachtúlachta is mó sa slabhra agraibhia. Go háirithe, bíonn tionchair dhiúltacha chomhshaoil agus aeráide ina dtoradh air. Is é an tomhaltas bia is mó a rannchuidíonn le tionchair chomhshaoil 17 agus le lorg bithéagsúlachta 18 an tomhaltais san Aontas.

Nuair a dhéantar bia a dhiúscairt, is ann don fhuinneamh agus do na hacmhainní leabaithe uile agus a n‑iarmhairtí comhshaoil, amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa – a charntar ar fud an bhiashlabhra – ach ní théann siad chun tairbhe chothú an duine. Maidir le bia a phróiseáiltear, a iompraítear agus a chócaráiltear agus a chuirtear amú ansin ag céim an chaithimh, bíonn tionchar comhshaoil níos mó ag an mbia sin ná mar a bhíonn ag táirgí bia neamhphróiseáilte a chailltear ag an bhfeirm. Gineadh 58.5 Mt de chur amú bia san Aontas in 2020 19 , rud a bhí ina chúis le hastaíochtaí 252 Mt de choibhéis CO2 20 . Comhfhreagraíonn sé sin do 16 % den tionchar iomlán ó gháis ceaptha teasa a eascraíonn ó chóras bia an Aontais. Cuireann an cur amú bia brú nach bhfuil gá leis ar acmhainní nádúrtha teoranta freisin. Mar shampla, an méid uisce a chaitear chun bia a tháirgeadh a chuirtear amú ar deireadh, is féidir é a chainníochtú mar 342 bhilliún m3 de choibhéis uisce 21 .,, rud a chomhfhreagraíonn do 12 % de thionchar iomlán an táirgthe agus an chaithimh bia san Aontas. Is é an cur amú bia atá ina chúis le 16 % de na tionchair ar ithir freisin mar thoradh ar ghníomhaíochtaí úsáidte talún 22 , agus tá na hiarmhairtí ar eotrófú na mara cothrom le 15 % den iomlán 23 , 24 .

Maidir le hiarmhairtí eacnamaíocha, tá margadhluach measta 132 bhilliún EUR 25 ag gabháil leis an 58.5 Mt de chur amú bia. Áirítear ar na costais sin acmhainní a chailleann oibreoirí gnó bia ag gach céim de shlabhra an tsoláthair bia, mar aon le caiteachas nach bhfuil gá leis ag teaghlaigh. Ina theannta sin, meastar gur fiú 9,3 billiún EUR sa bhreis é costas an bhailithe agus na cóireála le haghaidh an chur amú bia 26

Tá iarmhairtí sóisialta mór ag baint le bia a chur amú. Fágann sé go gcaitear acmhainní gan ghá ar acmhainní iad a dfhéadfaí a leithdháileadh ar bhealach eile. Thart ar 19 % atá i meánsciar an chaiteachais bia (agraibhia agus seirbhísí bia) i gcaiteachas iomlán na dteaghlach san Aontas 27 . Fáil réidh le bia atá oiriúnach lena chaitheamh ag an duine – seachas an bia sin a ath-leithdháileadh orthu siúd atá ina ghátar, é san áireamh trí dheonú bia – is deis é nach dtapaítear i bhfianaise na ndúshlán atá ag dul i méid ó thaobh na slándála bia de. Cé go n‑áirithítear an infhaighteacht bia san Eoraip, is ábhar imní atá san inacmhainneacht bia le haghaidh saoránaigh den Aontas, a bhfuil a líon ag méadú: ní hacmhainn do 32.6 milliún duine béile ina bhfuil feoil, iasc, sicín nó a gcoibhéis veigeatórach gach ré lá 28 . Ar deireadh, i gcás cuid mhór tomhaltóirí, tá gné eiticiúil thábhachtach ag baint le bia a chur amú 29

Sa chomhthéacs sin, gheall an tAontas agus a Bhallstáit go mbainfear amach Sprioc 12.3 de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDG) chun an cur amú bia ar an leibhéal domhanda per capita a laghdú faoina leath ar an leibhéal miondíola agus tomhaltais agus chun caillteanais bhia ar fud slabhraí táirgthe agus soláthair a laghdú, lena n‑áirítear caillteanais iarbhuainte, faoi 2030. 

Rinne an tAontas plean gníomhaíochta tiomnaithe a chur chun feidhme chun an caillteanas bia agus an cur amú bia a laghdú, lena n‑áirítear idir ghníomhaíochtaí rialála agus neamhrialála, mar chuid den Phlean Gníomhaíochtaí don Gheilleagar Ciorclach, 2015, i dtosach agus, ó bhí 2020 ann, faoin Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc den Aontas 30 . Ar an gcaoi sin, ní hamháin go bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún oibleagáidí soiléire a leagan síos le haghaidh na mBallstát maidir leis an gcur amú bia a laghdú, ach tá sé i gceist aige freisin timpeallacht bheartais a chruthú lena dtacaítear leis na Ballstáit gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh.

Ceanglaítear le WFD, mar a athbhreithníodh in 2018, ar na Ballstáit cláir shonracha a ullmhú chun an cur amú bia a chosc, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola. Ceanglaítear leis ar na Ballstáit an cur amú bia a laghdú ag gach céim de shlabhra an tsoláthair bia, faireachán a dhéanamh ar leibhéil dramhaíola bia agus tuairisciú ar an dul chun cinn a dhéantar. Ghlac an Coimisiún modheolaíocht choiteann chun an cur amú bia a thomhas 31 in 2019 atá le húsáid mar bhonn den fhaireachán a dhéanamh ar an gcur amú bia ar fud an Aontais.

Chun tacú leis na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh, ghlac an Coimisiún tionscnaimh ó bhí 2015 ann chun an reachtaíocht ábhartha a shoiléiriú agus a chomhchuibhiú (e.g. glacadh threoirlínte AE maidir le deonú bia 32 , agus leasuithe ina dhiaidh sin ar rialacha sláinteachais bia chun cleachtais shábháilte i ndáil le deonú bia a éascú, chomh maith le treoirlínte AE maidir le bia nach bhfuil oiriúnach lena chaitheamh ag an duine a thuilleadh a úsáid i mbeatha ainmhithe 33 Ina theannta sin, bhunaigh an Coimisiún, ó bhí 2016 ann, ardán ilpháirtithe leasmhara, Ardán an Aontais Eorpaigh maidir le Caillteanas Bia agus Cur Amú Bia 34 (FLW) chun tacú le gach gníomhaí bearta a shainiú chun an cur amú bia a chosc, an dea‑chleachtas a chomhroinnt, agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn. Ina theannta sin, ghlac sé a tháirgí insoláthartha dílse (e.g. moltaí maidir le gníomhaíocht chun an cur amú bia a chosc 35 ) agus thacaigh sé le hobair arna déanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun feabhas a chur ar chleachtais marcála dáta. 36 Éascaítear comhroinnt an dea-chleachtais agus réiteach chun an cur amú bia a laghdú ar fud an Aontais freisin trí mhol digiteach, Mol an Aontais chun cosc a chur ar chaillteanas bia agus ar an gcur amú bia 37 .Faoin treoirthionscadal RESTwithEU 38 , déantar meastóireacht ar uirlisí digiteacha agus déantar moltaí maidir le moltaí digiteacha chun an cur amú bia a laghdú i dtionscal na mbialann.Tugtar aghaidh ar thacú le hathrú iompair tomhaltóirí le foghrúpa tiomnaithe den Ardán agus déanfar coimre dea-chleachtas, arna forbairt ag treoirthionscadal an Aontais, an Fóram Eorpach maidir leis an gCur Amú Bia ag Tomhaltóirí, a chur ar fáil faoi dheireadh mhían Mheithimh 2023.Chun an bonn fianaise a neartú le cosc a chur ar dhramhaíl bhia, déanann an tAirmheán Comhpháirteach Taighde measúnuithe ar a éifeachtaí atá idirghabhálacha chun cosc a chur ar an gcur amú bia 39 , le tacú ó chreat meastóireachta ar féidir leis na gníomhaithe uile é a úsáid. Le glaonna ar thograí faoi Chlár Réime an Aontais um Thaighde agus um Nuálaíocht Fís 2020 40 agus Fís Eorpach 41 , tá deiseanna nua á dtairiscint le haghaidh taighde agus nuálaíochta chun dul i ngleic le caillteanas bia agus cur amú bia. Áirítear ar ionstraimí cistiúcháin eile chun cosc a chur ar an gcur amú bia an clár LIFE agus InterReg na hEorpa .Faoi Chlár an Mhargaidh Aonair, déanann an Coimisiún deontais a chur ar fáil freisin chun tacú leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara 42 chun feabhas a chur ar thomhas an chur amú bia agus chun gníomhaíochtaí a chur chun feidhme chun cur amú bia a laghdú, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú (HADEA).

Ghlac roinnt mhaith oibreoirí gnó bia ar fud shlabhra an tsoláthair bia céimeanna tábhachtacha chun giniúint an chur amú bia a laghdú agus chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht acmhainní. Faoi Chód Iompraíochta an Aontais maidir le cleachtais fhreagracha i nGnó agus Margaíocht an Bhia 43 , thug próiseálaithe agus miondíoltóirí bia gealltanais choincréiteacha maidir leis an gcur amú bia a laghdú ina gcuid oibríochtaí agus ar fud an tslabhra soláthair.

D’ainneoin na ngníomhaíochtaí sin agus na feasachta níos mó ar thionchair dhiúltacha agus ar iarmhairtí dhiúltacha an chur amú bia, gealltanais pholaitiúla a tugadh ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát, agus na mbeart a cuireadh chun feidhme san Aontas ó CEAP 2015, níl laghdú leordhóthanach ag teacht ar ghiniúint na dramhaíola bia chun dul chun cinn mór a dhéanamh i dtreo Sprioc 12.3 SDG. San Aontas, d’ainneoin na n‑oibleagáidí dlíthiúla atá ann cheana in WFD agus ghníomhaíochtaí tacaíochta an Choimisiúin, is éagsúil na bearta a rinneadh go dtí seo sna Ballstáit agus níor cumasaíodh laghdú mór ar leibhéil an chur amú bia.

Dá bhrí sin, ní mór spriocanna a shocrú mar an chéad chéim eile. Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an togra seo: ar an gcéad dul síos, freagracht shoiléir a shannadh do na Ballstáit as dlús a chur le laghdú an chur amú bia ar feadh shlabhra an tsoláthair bia agus i dteaghlaigh, ina gcríocha féin, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú ar bhealach stuama le Sprioc 12.3 SDG a bhaint amach; agus ar an dara dul síos, freagairt leordhóthanach chomhsheasmhach ó na Ballstáit uile a áirithiú chun an cur amú bia a laghdú, i gcomhréir le freagairt na mBallstát atá chun tosaigh.

Ba cheart do gach Ballstát beart uaillmhianach a dhéanamh mar thoradh air sin – feidhm a bhaint as na bearta is éifeachtaí, curtha in oiriúint dá chás náisiúnta sonrach – agus é d’aidhm aige tacú le hathrú iompraíochta tomhaltóirí chomh maith le comhordú gníomhaíochtaí a neartú idir gníomhaithe ar feadh shlabhra luacha iomlán an bhia agus le gníomhaithe ábhartha eile freisin (e.g. an saol acadúil, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), institiúidí airgeadais, gníomhaithe sa gheilleagar sóisialta, etc).

Ina theannta sin, tar éis na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, roghnaíodh an cur amú bia mar an gcéad ábhar le haghaidh Painéil Saoránach Eorpach díospóireachta. Tacóidh moltaí an Phainéil Saoránach le hobair an Choimisiúin agus tacóidh siad leis na Ballstáit chun straitéisí náisiúnta agus pleananna gníomhaíochta a dhearadh chun cosc a chur ar an gcur amú bia.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an leasú beartaithe i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de WFD lena gceanglaítear ar na Ballstáit bailiú ar leithligh le haghaidh teicstílí a bhunú faoin 1 Eanáir 2025. Tugtar isteach leis an togra freagracht leathnaithe táirgeora (EPR) agus bearta beartais eile a bhfuil sé d’aidhm acu tacú leis an maoiniú is gá agus comhchuibhiú a dhéanamh ar fhaisnéis agus ar chuir chuige a bhaineann leis an mbonneagar le haghaidh an bhailithe, na sórtála, na hathúsáide, an ullmhaithe le haghaidh athúsáide, agus na hathchúrsála a bheidh de dhíth nuair a bheidh éifeacht an cheanglais maidir le bailiú ar leithligh le sonrú. 

De réir Airt. 9(6) de WFD, ceanglaítear ar an gCoimisiún, faoin 31 Nollaig 2023, scrúdú a dhéanamh ar na sonraí maidir leis an gcur amú bia arna soláthar ag na Ballstáit d’fhonn féachaint ar a indéanta a bheidh sé sprioc uile-Aontais maidir leis an gcur amú bia a laghdú le comhlíonadh faoi 2030 agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus togra reachtach a bheith ag gabháil leis, más iomchuí. Ach spriocanna a shocrú, ba cheart go neartófaí forálacha reatha Airteagal 9(1) de WFT lena gceanglaítear ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun an cur amú bia a laghdú ar fud shlabhra an tsoláthair bia uile.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Téann Straitéis an Aontais um Theicstílí i ngleic le táirgeadh agus tomhaltas teicstílí, agus aithnítear tábhacht earnáil na dteicstílí sa straitéis freisin. Cuirtear i láthair ann fís 2030 le haghaidh teicstílí ina socraítear an sprioc le haghaidh táirgí teicstíle atá fadsaolach agus in-athchúrsáilte, a dhéantar cuid mhór as snáithíní athchúrsáilte, atá saor ó shubstaintí guaiseacha agus a tháirgtear agus aird á tabhairt ar chearta saothair agus sóisialta agus ar an gcomhshaol, agus sonraítear ann an gá atá le freagracht táirgeoirí feadh an tslabhra luacha, le hinniúlachtaí leordhóthanacha le haghaidh athchúrsáil nuálach snáithín go snáithín, réitigh bhithbhunaithe, agus laghdú a dhéanamh an oiread is féidir ar loscadh teicstílí agus ar a gcur i líonadh talún. Rud atá an-ábhartha le haghaidh an bhainistithe dramhaíola is ea gur fógraíodh i Straitéis an Aontais um Theicstílí rialacha comhchuibhithe an Aontais maidir le EPR le haghaidh teicstílí, agus dreasachtaí eacnamaíocha chun táirgí a dhéanamh níos inbhuanaithe (éiceamhodhnú táillí). Thairis sin, cuireadh i dtábhacht aidhm an Choimisiúin chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le honnmhairiú dramhaíl teicstíle, agus chun obair chuibhiúil a chur chun cinn ar fud an domhain ar mhaithe le haistriú cóir agus aisghabháil inbhuanaithe 44

Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh seo freisin rannchuidiú le sprioc an phlean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach chun laghdú mór a dhéanamh ar an nginiúint dramhaíola iomlán agus an méid dramhaíola cathrach (neamh-athchúrsáilte) a laghdú faoina leath faoi 2030. Is é is aidhm don athbhreithniú ar an Treoir maidir le Pacáistiú agus le Dramhaíl ó Phacáistiú (PPWD) giniúint dramhaíola ó dhramhaíl ó phacáistiú a laghdú. Le chéile, rachaidh an tionscnamh seo agus an t‑athbhreithniú ar thionscnamh PPWD i ngleic le breis is 65 % den dramhaíl chathrach uile a ghintear (pacáistiú, an cur amú bia, agus dramhaíl teicstíle) agus ar an gcaoi sin rannchuideoidh siad le cuspóir uileghabhálach WFD agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. 

Glacadh togra an Choimisiúin le haghaidh an Rialacháin maidir le Loingsithe Dramhaíola (WSR) 45 an 17 Samhain 2021 agus tá an chaibidlíocht ar siúl i gcónaí tráth glactha an togra seo. Tá sé daidhm aige a áirithiú nach n‑onnmhairíonn an tAontas a dhúshláin ó thaobh dramhaíola de chuig tríú tíortha agus loingsithe a éascú i gcás na hathchúrsála, agus an tráth céanna loingsithe lena ndiúscairt a dhíspeagadh. I measc na mbeart, tá critéir chun idirdhealú níos fearr a dhéanamh idir dramhaíl mheasctha agus neamh-mheasctha, agus freisin idir earraí úsáidte agus earraí dramhaíola, a dfhéadfaí a bhunú le haghaidh teicstílí. Ina theannta sin, moltar réimeas onnmhairiúcháin níos déine chuig tríú tíortha neamh-ECFE, chomh maith le hoibleagáid iniúchadh a dhéanamh ar fheidhmíocht saoráidí aisghabhála i dtríú tíortha. Ar deireadh, moltar bearta chun dlús a chur leis na hiarrachtaí maidir le forfheidhmiú na rialacha maidir le loingsiú dramhaíola, dramhaíl teicstíle san áireamh. Cuirtear tionchair thogra WSR san áireamh sa mheasúnú a dhéantar. Thairis sin, na bearta ina dtéitear i ngleic le loingsithe dramhaíola (bearta 2.6 agus 2.9), déantar idirdhealú iontu idir teicstílí atá le hathúsáid agus nach dramhaíl atá iontu a thuilleadh (agus, dá bhrí sin, nach bhfuil faoi réir WSR) agus iad sin ar dramhaíl iad agus a dtagraítear go díreach do na bearta sa togra ina leith. 

Socrófar sa Rialachán beartaithe maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe (ESPR) 46 creat chun ceanglais éicidhearthóireachta a leagan síos le haghaidh grúpaí sonracha táirgí chun feabhas mór a chur ar a gciorclaíocht, ar a bhfeidhmíocht fuinnimh agus ar ghnéithe eile den inbhuaine comhshaoil. Féadfaidh ceanglais éicidhearthóireachta a bheith fíorthábhachtach chun dramhaíl a chosc agus le haghaidh athchúrsáil ardchaighdeáin mar féadfaidh siad feabhas a chur ar mharthanacht, indeisitheacht agus in‑athchúrsáilteacht táirgí agus ar an ábhar a athchúrsáiltear. Ina theannta sin, féadfar forbairt ceanglas den sórt sin a bheith ina mbonn freisin chun ranníocaíochtaí airgeadais comhchuibhithe le scéimeanna EPR a shocrú. Tá coinne leis go mbeidh ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh teicstílí i bhfeidhm faoi 2025 nó 2026. Anuas ar thabhairt isteach ceanglas éicidhearthóireachta nua, tabharfar isteach le ESPR bearta chun scrios táirgí tomhaltais neamhdhíolta a chomhrac. Ar dtús, moladh leis ceanglas a thabhairt isteach go mbeadh ar fhiontair mhóra faisnéis a nochtadh go poiblí maidir le líon agus le cineálacha na dtáirgí tomhaltais neamhdhíolta a bhfaigheann siad réidh leo. Tá sé i gceist go bhfeidhmeodh an beart sin mar dhídhreasú ó thaobh clú de maidir leis an gcleachtas sin agus beartaítear freisin bonn fianaise feabhsaithe a chruthú ar a mhéid a dhéantar táirgí tomhaltais neamhdhíolta a scriosadh. Ina theannta sin, áireofar le ESPR cumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena dtoirmisctear scrios grúpaí sonracha táirgí tomhaltais neamhdhíolta, amhail teicstílí, agus an fhaisnéis ón gceanglas maidir le nochtadh ginearálta á cur san áireamh. Áirítear ar bheartais thábhachtacha eile den Aontas an Rialachán maidir le Lipéadú Teicstílí 47 agus an Rialachán maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH) 48 .

Spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí de chun an cur amú bia a laghdú, rannchuidíonn siad le roinnt cuspóirí beartais eile den Aontas, mar atá laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, rud a rannchuidíonn le cuspóir an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus leis an gcuspóir glanlaghdú 55 % ar a laghad a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 mar a léirítear sa Phlean um Sprioc Aeráide, 2030 49 . Bíonn mar thoradh freisin ar laghdú ar an gcur amú bia úsáid níos inbhuanaithe na talún, eotrófú níos lú mara agus ganntanas uisce níos lú, i gcomhréir leis an gcuspóir chun córas bia inbhuanaithe a bhunú, mar a chuirtear chun cinn sa Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc.

Déantar foráil sa Straitéis maidir le bonnlíne a bhunú le haghaidh leibhéil dramhaíola bia, sonraí nua arna dtuairisciú ag na Ballstáit a chur san áireamh, agus spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí de a shocrú chun an cur amú bia a laghdú ar fud an Aontais faoi 2023.

Sa Straitéis Bhithgheilleagair 50 , éilítear gníomhaíochtaí chun sruthanna bithdhramhaíola a athúsáid, a laghdú agus a athchúrsáil. Rannchuidíonn an laghdú ar an gcur amú bia le croíphrionsabail na straitéise amhail an geilleagar ciorclach, úsáid chascáideach na bithmhaise agus cur i bhfeidhm ord na réiteach dramhaíola.

I measc na bpríomhghníomhaíochtaí in Transition Pathway for Tourism [Conair an Aistrithe don Turasóireacht] 51 a foilsíodh i mí Feabhra 2022, cuirtear i dtábhacht an laghdú ar an gcur amú bia san earnáil fáilteachais. I mí na Nollag 2022, ghlac na Ballstáit Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gClár Oibre Eorpach maidir leis an Turasóireacht, 2030 52 , ina n‑éilítear ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le ciorclaíocht fheabhsaithe seirbhísí turasóireachta, dramhaíl bhia ina measc. 

Ar deireadh, sainaithníodh an cur amú bia mar cheann de na príomhchúiseanna a dhéanann difear don tslándáil bia ó thaobh an tsoláthair agus ó thaobh an éilimh de araon 53 . Ach an cur amú bia a laghdú, féadfar rannchuidiú le hathléimneacht níos mó córas bia agus leis an tslándáil bia i gcoitinne, trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar tháirgiúlacht an tslabhra soláthair agus ar an inacmhainneacht bia freisin. Ach cur le héifeachtúlacht córas bia agus tacú le hathrú iompraíochta i measc tomhaltóirí chun fáil réidh le bia nuair nach gá a sheachaint, dfhéadfaí líon níos mó daoine a bheathú leis an táirgeadh bia céanna. Dá bhrí sin, féadfaidh laghdú ar an gcur amú bia rannchuidiú le freastal ar an éileamh méadaitheach a bhfuil coinne leis ar bhia agus a áirithiú go bhfeidhmíonn ár gcóras bia laistigh de theorainneacha pláinéadacha. Thairis sin, dá laghdófaí an caillteanas agus an cur amú bia, dfhéadfaí rannchuidiú le laghdú ar phraghsanna bia, rud a dfhéadfadh feabhas a chur ar an rochtain eacnamaíoch ar bhia.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Le hAirteagal 192 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) 54 , cumhachtaítear an tAontas gníomhú i réimse an bheartais comhshaoil chun mianach an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú, sláinte an duine a chosaint, rannchuidiú le húsáid stuama réasúnach acmhainní nádúrtha, agus bearta a chur chun cinn ar leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna réigiúnacha nó domhanda an chomhshaoil.

Socraítear an togra trí leasú spriocdhírithe ar Threoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl (WFD) atá ar an aon fheithicil dhlíthiúil chun cosc agus bainistiú dramhaíola teicstíle san Aontas a rialáil agus bunaítear é ar Airteagal 192(1) CFAE. Cé gur ann do roinnt gníomhartha dlí lena rialaítear táirgí teicstíle (e.g. REACH, an Rialachán maidir le Lipéadú Teicstílí), tá WFD ar an aon ionstraim dlí amháin lena rialaítear gach gné de bhainistiú dramhaíola teicstíle, lena n‑áirítear na hoibleagáidí sonracha chun bailiú ar leithligh, cóireáil agus ceanglais tuairiscithe a áirithiú.

Cuireann an leasú spriocdhírithe ar WFD leis na ceanglais sin atá ann cheana chun bacainní rialála sainaitheanta a bhaint agus chun dul i ngleic le teipeanna margaidh trí na forálacha sin a dhéanamh níos soiléire, níos sonraí agus níos comhchuibhithe chun éagsúlachtaí náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann a laghdú agus na dálaí a chruthú le haghaidh uas-scálú an bhonneagair chun teicstílí a athúsáid agus a athchúrsáil. Ina theannta sin, leanann cruthú EPR le haghaidh oibleagáidí teicstílí na ceanglais íosta a bhunaítear i ndlí an Aontais agus is é an comhchuibhiú is aidhm leo. Déantar an cuspóir sin a shaothrú a thuilleadh ach sainordú a thabhairt don Choimisiún rialacha níos mionsonraithe a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme. Sainítear dátaí soiléire cur chun feidhme le haghaidh na mbeart aonair i gcomhréir lena indéanta atá sé iad a chur chun feidhme agus leis an aga cur chun feidhme a bhfuil gá leis le haghaidh na bpáirtithe leasmhara faoi oibleagáid. 

I réimse an chur amú bia, cuireann an leasú spriocdhírithe ar WFD le ceanglais atá ann cheana ina dtugtar aghaidh ar mhórghnéithe de chur amú bia a chosc (sainmhíniú ar gcur amú bia agus modheolaíocht choiteann chun an cur amú bia a thomhas, oibleagáidí ar na Ballstáit chun an cur amú bia a laghdú ag gach céim de shlabhra an tsoláthair bia, faireachán agus tuairisciú bliantúil a dhéanamh ar leibhéil dramhaíola bia, ullmhú clár náisiúnta chun an cur amú bia a chosc) agus de bhainistiú (e.g. bailiú ar leithligh).

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

I bhfianaise nádúr trasteorann shlabhra luacha na dteicstílí ó pheirspictíocht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta de, tá dlúthcheangal idir díol, tomhaltas agus bainistiú deireadh ré teicstílí agus feidhmiú an mhargaidh aonair agus slabhraí luacha domhanda. I ngeall ar an spleáchas mór ar amhábhair, cuirtear i dtábhacht a thábhachtaí atá sé borradh a chur faoi shamhlacha gnó ciorclacha chun úsáid príomh-amhábhar a laghdú agus chun cabhrú chun na seachtrachtaí comhshaoil diúltacha a mhaolú.

Ní mór na córais bhailithe, sórtála agus athchúrsála a uas-scálú lena n‑ullmhú don oibleagáid maidir le bailiú ar leithligh atá ar na bacáin agus dá cur chun feidhme iomlán ós rud é go ndéanann roinnt teipeanna rialála agus margaidh a théann i bhfeidhm ar na Ballstáit agus ar na gníomhaithe uile ar fud shlabhra luacha na dteicstílí bac a chur ar sholáthar leordhóthanach acmhainneachta bailithe, sórtála agus athchúrsála. Mar gheall nach ann do chur chuige coiteann Eorpach i leith bainistíocht teicstílí, tá an baol ann go gcruthófar nó go ndaingneofar a thuilleadh ilroinnt rialála agus sreabha dramhaíola agus ábhair a gcuirtear isteach orthu, rud a chuireann isteach ar ghluaiseachtaí teicstílí (táirgí, teicstílí úsáidte agus dramhaíola) agus ar ghníomhaíocht chomhordaithe agus ar infheistíochtaí sciobtha ar fud an Aontais. Is ann do rioscaí arda maidir le méadú breise ar an ilroinnt rialála agus ar na hualaí riaracháin ar pháirtithe leasmhara sa tionscal, FBManna den chuid is mó, a eascraíonn as cur i bhfeidhm éagsúil an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as trí scéimeanna náisiúnta freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh teicstílí. Maidir le haghaidh a thabhairt ar sheachtrachtaí comhshaoil trasteorann, lena n‑áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa agus onnmhairiú teicstílí (agus dramhaíola i mbréagriocht ábhar neamhdhramhaíola) chuig tríú tíortha, is éifeachtaí a thugtar aghaidh air sin le gníomhaíocht an Aontais, go háirithe, mar baineann príomhchúiseanna na faidhbe le teipeanna rialála a eascraíonn as easpa sainmhínithe comhchuibhithe agus ilroinnt rialála agus bearna chistiúcháin is coiteann do na Ballstáit uile. 

Gineann gach Ballstát cur amú bia, rud a chruthaíonn seachtrachtaí comhshaoil trasteorann móra. Bíonn táirgeadh, stóráil, iompar agus próiseáil bhia agus diúscairt cur amú bia ina gcúis le tionchair ar an gcomhshaol agus ar an aeráid (amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus éifeachtaí ar úsáid talún, bithéagsúlacht, úsáid uisce agus eotrófú) laistigh den Aontas Eorpach. Thairis sin, féadfaidh táirgeadh bia a allmhairítear isteach san Aontas a bheith ina chúis le tionchair mhóra dhomhanda ar an gcomhshaol agus ar an aeráid. 

Ní mór an cur amú bia a laghdú ar fud an Aontais ar bhealach comhsheasmhach chun úsáid stuama réasúnach acmhainní nádúrtha, laghdú ar thionchair dhiúltacha ar an aeráid, ar an mbithéagsúlacht agus ar úsáid acmhainní nádúrtha a áirithiú i ngach Ballstát, agus beidh na sochair le brath níos faide ná teorainneacha náisiúnta. Rud atá tábhachtach, ach an córas bia a dhéanamh níos éifeachtúla, rannchuidíonn an laghdú ar an gcur amú bia leis an tslándáil bia ar fud an Aontais freisin. 

Déantar bia a thrádáil go forleathan laistigh de mhargadh an Aontais agus bíonn comhleanúnachas agus soiléireacht de dhíth ar na gnólachtaí bia a fheidhmíonn go trasteorann maidir leis an leibhéal uaillmhéine a bhfuil coinne leis chun infheistíochtaí agus gníomhaíochtaí a phleanáil chun an cur amú bia a chosc. Féadfar iontaofacht agus leanúnachas a sholáthar le cur chuige comhordaithe ar leibhéal an Aontais, agus ar an gcaoi sin féadfar tacú le glacadh samhlacha gnó nua ag oibreoirí gnó bia chun dlús a chur le laghdú ar an gcur amú bia ar fud shlabhra luacha an bhia. 

D’ainneoin gealltanais pholaitiúla a rinneadh ar leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal náisiúnta, ceanglais dhlíthiúla atá ann cheana in WFD, agus gníomhaíochtaí tacaíochta ón gCoimisiún, ba mhíchothrom freagairtí na mBallstát ar an gcur amú bia agus, go foriomlán, níl siad leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a shainaithnítear agus ar na hiarmhairtí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta le haghaidh tomhaltóirí, fiontar agus na sochaí ina hiomláine. An éagsúlacht sna hiarrachtaí ar fud na mBallstát maidir le laghdú ar ghiniúint an chur amú bia agus na leibhéil éagsúla ionchas maidir le rannchuidiú oibreoirí gnó bia, léirítear leo sin go bhfuil gá le bearta níos comhordaithe agus níos aonfhoirmí ar leibhéal an Aontais chun an dul chun cinn a stiúradh ar an bhfairsinge agus ar an luas is gá chun Sprioc 12.3 SDG a bhaint amach.

Ach spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí de a shocrú maidir leis an gcur amú bia a laghdú agus a bheidh le baint amach ag na Ballstáit faoi 2030, tá coinne leis go neartófar iarrachtaí chun straitéisí agus tionscnaimh éifeachtacha a shainaithint agus a uas-scálú laistigh de na Ballstáit agus ar fud na mBallstát araon mar a leanas: rannchuidiú oibreoirí gnó bia a chuíchóiriú, go háirithe i gcomhthéacs slabhraí soláthair trasteorann; cabhrú lena áirithiú go dtugann na Ballstáit uile aghaidh ar chúiseanna na giniúna cur amú bia (idir chúiseanna margaidh agus iompraíochta) go comhsheasmhach agus go comhuaineach, i gcomhréir le gníomhaíochtaí a rinne na Ballstáit atá chun tosaigh – ar beag a líon go dtí seo; agus dlús a chur le forbairt straitéisí éifeachtacha náisiúnta chun cur amú bia a chosc trí dhea-chleachtais a scaipeadh agus leas níos mó a bhaint as bonn eolais an Aontais a bhaineann leis an gcur amú bia a chosc.

Ionstraim bheartais is ea spriocanna a shocrú i reachtaíocht dramhaíola an Aontais lena gceanglófar ar na Ballstáit beart a dhéanamh agus lena dtabharfar solúbthacht iomlán maidir leis an rogha beart atá de dhíth. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh na Ballstáit na hionstraimí beartais ab éifeachtaí agus ab éifeachtúla a roghnú de réir an cháis shonraigh ina gcríoch féin.

Comhréireacht

Maidir le cur chuige rialála WFD de ghnéithe áirithe de bhainistiú dramhaíola (sainmhínithe, cuspóirí cainníochtúla nó cáilíochtúla lena gcuirtear i ngníomh ord na réiteach dramhaíola, an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, ceanglais tuairiscithe) agus spás a fhágáil le haghaidh bearta cur chun feidhme sonracha náisiúnta agus áitiúla (pleanáil do bhainistiú dramhaíola agus dramhaíl a cheadú), tá sé i gcomhréir le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a theorannaítear don mhéid is fíor-riachtanach.

Comhchuibhiú méadaithe ar na cuir chuige i leith an bhainistithe dramhaíola i dtéarmaí raon na dteicstílí ar a ndírítear, sainmhínithe soiléire, ceanglais íosta maidir le loingsiú agus cóireáil ar dhramhaíl chun ord na réiteach dramhaíola a chur i ngníomh, gnéithe oibríochtúla de chórais bailithe teicstílí agus comhroinnt dualgas, sholáthródh sé sin deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh na gníomhaíochta comhbheartaithe a bhfuil gá léi ar fud shlabhra luacha na dteicstílí (Ballstáit, fiontair shóisialta, bainisteoirí dramhaíola, táirgeoirí, gníomhaithe eacnamaíocha eile, saoránaigh) chun infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt bonneagair ar fud an Aontais chun athúsáid agus athchúrsáil a uasmhéadú. Baineann na hoibreoirí sin éifeachtúlachtaí eacnamaíocha amach i ngeall ar bharainneacht scála agus costais chomhlíontachta níos ísle a eascraíonn as an gceanglas cloí le haon chur chuige rialála aonfhoirmeach amháin ar fud an Aontais, a bhfuil gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ina leith. Le cur chuige comhchuibhithe chun an bhearna chistiúcháin a dhúnadh trí rialacha comhchoiteanna maidir le EPR agus laghdú a dhéanamh ar bhacainní rialála eile a chuireann isteach ar aonfhoirmeacht níos mó dramhaíola teicstíle chun ionchuir agus aschuir a shórtáil agus loingsithe thar theorainneacha tíre le haghaidh sórtála, athúsáide agus athchúrsála, laghdófaí go mór ualaí eacnamaíocha ar an tionscal agus ar FBManna, rud a choinneoidh a n‑iomaíochas ar bun. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, ó tharla gur FBManna atá i gceist le 99 % den earnáil teicstílí, go bhfeidhmeofaí comhlíonadh na bhfreagrachtaí leathnaithe táirgeora i gcomhpháirt trí bhíthin eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghlacfaidh an fhreagracht thar a gceann, rud a laghdódh an t‑ualach riaracháin orthu go mór.Is féidir féachaint ar fheabhas comhcheangailte na cáilíochta comhshaoil mar chomhthairbhe tábhachtach. Chun an tionchar ar FBManna a laghdú a thuilleadh, eisiatar micrifhiontair (suas le 10 bhfostaí) – lena gcuimsítear 88 % de na cuideachtaí uile san earnáil – ón bhfreagracht leathnaithe táirgeora, rud a sholáthraíonn maolú tábhachtach ar ualach riaracháin agus ar an tionchar ar FBManna.

FBManna is mó atá san earnáil teicstílí. Micrifhiontair atá i gceist le thart ar 88 % den earnáil. Saincheaptar an togra seo go sonrach chun na tionchair airgeadais agus riaracháin ar mhicrifhiontair a laghdú an oiread is féidir, go háirithe trí gach micrifhiontar a eisiamh ó EPR. Chumhdófaí gach FBM eile (i.e. FBManna nach micrifhiontair iad) faoi EPR i gcónaí. An tráth céanna, an tacaíocht le hathúsáid agus le hathchúrsáil, thacódh sí freisin leis na FBManna sin a chumhdaítear leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora (i.e. iad sin nach micrifhiontair iad) i gcomparáid leis an status quo trína áirithiú go bhfuil cistiú breise ar fáil, agus go bhfuil bunábhar níos cobhsaí teicstílí in-athúsáidte agus in-athchúrsáilte ar fáil sa mhargadh.

Maidir leis an gcur amú bia, ní shocraítear bearta nua ar leibhéal an Aontais leis an socrú nua atá beartaithe ar spriocanna chun an cur amú bia a laghdú. Trí spriocanna a shocrú, tugtar saoirse do na Ballstáit maidir le roghnú na mbeart is éifeachtaí, a shaincheaptar dá gcás náisiúnta sonrach. Níl oibleagáid ar na Ballstáit aon bheart nua a dhéanamh a bhaineann leis an gcur amú bia a laghdú seachas na bearta sin a bunaíodh le WFD cheana féin (i.e. an cur amú bia a laghdú ag gach céim de shlabhra an tsoláthair bia, cláir a ullmhú chun cosc a chur ar an gcur amú bia, gníomhaíochtaí gaolmhara a chur chun feidhme, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn a bhaintear amach). Thairis sin, gheall na Ballstáit, ó glacadh an Clár Oibre don Fhorbairt Inbhuanaithe in 2015, chun beart a dhéanamh leis an gcur amú bia a laghdú chun rannchuidiú le Sprioc 12.3 SDG ar sprioc mhianaidhme neamhcheangailteach de facto í.

Maidir leis na bearta a chuir rialtais chun feidhme go dtí seo, léirítear leis an eispéireas ó thíortha atá chun tosaigh go mbunaítear na bearta sin ar rannpháirtíocht dheonach gníomhaithe eacnamaíocha i slabhra an tsoláthair bia i dtreochláir choiteanna arb é is aidhm dóibh an cuspóir comhroinnte maidir le laghdú ar an gcur amú bia a bhaint amach. Tairgtear cúnamh airgeadais (i bhfoirm deontais ghníomhaíochta) ar leibhéal an Aontais faoi láthair, chun tacú le páirtithe leasmhara céimeanna coincréiteacha a ghlacadh chun feabhas a chur ar thomhas agus ar chosc ar gcur amú bia. Na deontais a chuir an Coimisiún chun feidhme go dtí seo, faoi Chlár an Mhargaidh Aonair, dhírigh siad go háirithe ar FBManna chun dul i gleic lena riachtanais shonracha agus chun tacú le forbairt agus le scaipeadh an dea-chleachtais.

Leanfaidh an malartú breise eolais, dea‑chleachtas, uirlisí, treoirlínte agus eispéiris trí Ardán an Aontais (lena n‑áirítear a fhoghrúpaí) agus tríd an suíomh gréasáin tiomnaithe (Caillteanas Bia an Aontais agus an Mol chun Dramhaíl a Chosc).

Ar an iomlán, ní théann na bearta atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun comhlíontacht rialaitheach a áirithiú agus, san am céanna, chun cosaint an chomhshaoil a áirithiú.

An rogha ionstraime

I bhfianaise na mínithe thuas, tá leasú ar WFD, Treoir, ar an ionstraim cheart le húsáid. Leis sin, féadfar comhchuibhiú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe agus fágtar spás ag na Ballstáit chun freastal ar shainiúlachtaí náisiúnta i dtrasuí na Treorach.

Tá WFD ar an aon fheithicil dhlíthiúil amháin chun cosc agus bainistiú dramhaíola teicstíle san Aontas a rialáil agus bunaítear é ar Airteagal 192(1) CFAE. Cé gur ann do roinnt gníomhartha dlí lena rialaítear táirgí teicstíle (e.g. REACH, an Rialachán maidir le Lipéadú Teicstílí), tá WFD ar an aon ionstraim dlí amháin lena rialaítear gach gné de bhainistiú dramhaíola teicstíle, lena n‑áirítear na hoibleagáidí sonracha chun bailiú ar leithligh, cóireáil agus ceanglais tuairiscithe a áirithiú.

Déantar cur amú bia a shainmhíniú agus a rialáil in WFD freisin. Cé go ndéantar rialáil ar roinnt bearta aonair a d’fhéadfadh cuidiú leis an gcur amú bia a laghdú i reachtaíocht a bhaineann le feidhmiú an mhargaidh bia, sábháilteacht bia nó faisnéis bhia do thomhaltóirí ar leibhéal an Aontais, is cuid de WFD é an creat reachtach foriomlán maidir leis an gcur amú bia a chosc, lena n‑áirítear faireachán agus tuairisciú ar an gcur amú bia a thagann chun cinn agus pleanáil a dhéanamh ar chláir náisiúnta chun cosc a chur ar an gcur amú bia.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post

Ní dhearnadh aon mheastóireacht ex post ó tharla gur in 2018 a rinneadh an leasú deiridh ar WFD. Dá bhrí sin, bheadh sé róluath meastóireacht ex post a dhéanamh ar na leasuithe a rinneadh le déanaí nach bhfuil a n‑éifeacht iomlán le brath go fóill. Ina theannta sin, tá foráil in WFD maidir le clásail athbhreithniúcháin shonracha le haghaidh sruthanna dramhaíola sonracha a mbeadh ina dtoradh orthu anailísí ar thionchair na bhforálacha atá i bhfeidhm faoi láthair.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tugadh achoimre ar an modh agus ar an straitéis comhairliúcháin sa Ghlao ar Fhianaise le haghaidh togra le haghaidh Tionchar comhshaoil an bhainistithe dramhaíola – athbhreithniú ar chreat dramhaíola an Aontais 55 agus sa Mheasúnú ar Thionchar Tionscanta Togra le haghaidh athbhreithniú ar Threoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl – an chuid maidir le sprioc chun cur amú bia a laghdú 56 . Ó tharla gurb é is aidhm don dá thogra an gníomh dlí céanna a leasú faoin mbunús dlí céanna, cinneadh iad a chumasc. Dá réir sin, cumhdaíodh an dá shruth dramhaíola sa chomhairliúchán poiblí oscailte a reáchtáladh i mBealtaine-Lúnasa 2022.

Dramhaíl teicstíle

Mar chuid den ghlao ar fhianaise, fuair an Coimisiún 197 57 bhfreagra ar leithligh. Tá na freagróirí lonnaithe in 25 thír éagsúla, ceithre thír nach Ballstáit den Aontas iad ina measc: 65 sa Bheilg rud a léiríonn an líon mór comhlachas trádála tionscail agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) sa tír sin, 23 sa Ghearmáin, 16 sa Fhrainc, 14 san Ísiltír, agus 12 san Iodáil. 

Léiríodh le torthaí an chomhairliúcháin tacaíocht fhoriomlán leis an ngá feabhas a chur ar an mbainistíocht teicstílí i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, agus éilíodh bearta rialála lena rachfaí i ngleic leis na teipeanna margaidh atá i bhfeidhm faoi láthair agus atá fabhrach don diúscairt. Ba ann do thacaíocht fhoriomlán le tabhairt isteach na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, lena n‑áirítear ón tionscal dá ndéantar difear. Mar sin féin, bhí éilimh láidre ag gabháil leis le haghaidh an oiread comhchuibhithe is féidir chun teorainn a chur leis an tionchar ar an tionscal arb é FBManna atá i dtreise ann, go háirithe, chun comhleanúnachas iomlán a áirithiú leis na ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí teicstíle faoi ESPR agus na ceanglais maidir le modhnú táille EPR á gcur chun feidhme. Chuimhnigh ionadaithe ó thionscal na hathchúrsála go mbíonn idirthréimhsí iomchuí de dhíth ar scéimeanna athchúrsála gaolmhara le haghaidh teicstílí chun an acmhainneacht athchúrsála agus na córais a bhunú chun cáilíochtaí an ionchuir a áirithiú. An dearadh reatha éadaí ina bhfuil meascán teicstílí, is dúshlán atá ann don athchúrsáil, chomh maith le heaspa teicneolaíochtaí sórtála uathoibríocha agus easpa acmhainneachtaí is gá chun bunábhar a ullmhú lena athchúrsáil. Páirtithe leasmhara ó réimse na hathúsáide agus na n‑eagraíochtaí neamhrialtasacha, luaigh siad fianaise ar an gcaoi a gcuireann éadaí athláimhe le laghdú ar dhramhaíl teicstíle agus gur fíor-riachtanach an rud é bailiú ar leithligh teicstíle úsáidte seachas teicstílí dramhaíola amháin chun athúsáid a áirithiú. Chuir ionadaithe na hearnála teicstíle i dtábhacht freisin sochair shocheacnamaíocha agus chomhshaoil samhlacha gnó ciorclacha amhail teicstílí a fháil ar cíos chun cur le saolré teicstílí i gcomparáid le teicstílí faoi úinéireacht. Páirtithe ó ghrúpaí páirtithe leasmhara éagsúla, chuir siad i dtábhacht freisin a thábhachtaí atá sé cur i bhfeidhm comhchuibhithe na dteicstílí dramhaíola agus na dteicstílí úsáidte chun gluaiseachtaí trasteorann na n‑ábhar sin a éascú agus chun aghaidh a thabhairt ar aon loingsiú neamhdhleathach dramhaíola i mbréagriocht táirgí úsáidte, go háirithe chun dul i ngleic le hábhair imní arna gcur in iúl ag páirtithe leasmhara áirithe maidir le cóireáil atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de ar theicstílí úsáidte agus dramhaíola a onnmhairítear, go háirithe teicstílí nach sórtáiltear. Bhain éilimh láidre eile ó ghrúpa leathan páirtithe leasmhara leis an ngá atá ann comhchuibhiú a dhéanamh ar shainmhínithe ar theicstílí chomh maith leis na táirgí atá faoi réir na freagrachta leathnaithe táirgeora agus na bpríomhghnéithe atá ann, go háirithe chun an riosca ilroinnte margaidh agus reachtaíochta agus an t‑ualach riaracháin a laghdú i bhfianaise roinnt tíortha atá ag cuimhneamh ar scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a thabhairt isteach. 

Bhí comhairliúchán poiblí ar oscailt idir an 24 Bealtaine 2022 agus an 24 Lúnasa 2022 chun fianaise bhreise a bhailiú ar an mbonnlíne, tuairimí agus dearcthaí a lorg maidir leis na saincheisteanna a bhaineann le dramhaíl teicstíle, indéantacht gníomhaíochtaí malartacha agus na tionchair a dfhéadfadh a bheith acu, samplaí a bhailiú de dhea‑chleachtais agus de thuairimí ar choimhdeacht gníomhaíochtaí féideartha. Fuarthas 731 fhreagra bhailí 58 san iomlán. Ina theannta sin, rinne 207 bhfreagróir freagraí i scríbhinn a chur isteach. Cuideachtaí/eagraíochtaí gnó agus comhlachais ghnó (40 %, 299 bhfreagra) agus saoránaigh den Aontas Eorpach (36 %, 255 fhreagra) ba mhó a bhí sna freagróirí. San Aontas atá 94 % de na freagróirí (693 fhreagra) agus is sa Bheilg (16 %, 119 bhfreagra) 59 , sa Ghearmáin (13 %, 96 fhreagra), an Iodáil (11 %, 82 fhreagra) agus sa Fhrainc (8 %, 63 fhreagra) is mó atá siad. 

Tá sé tábhachtach a chur i dtábhacht go bhfuil an dramhaíl teicstíle ar an gcineál dramhaíola is lú ábhar imní do na freagróirí a ndeachthas i gcomhairle leo agus ní luann ach 63 % de chuideachtaí agus comhlachais ghnó gur ábhar imní í. Maidir leis na páirtithe leasmhara eile (saoránaigh den Aontas Eorpach, ENRanna agus údaráis phoiblí), léirigh siad imní níos mó ina leith. Níos mó ná leath de na freagróirí, d’aontaigh siad nó d’aontaigh siad go láidir go raibh páirt á glacadh acu sa bhailiú ar leithligh dramhaíola teicstíle, le hiarchur torthaí ag brath ar an ngrúpa páirtithe leasmhara lenar bhain siad. Bhí saoránaigh den Aontas chun tosaigh ó thaobh bailiú dramhaíola teicstíle de, agus údaráis phoiblí sa dara háit; agus bhí ENRanna, cuideachtaí agus comhlachais ghnó san áit dheireanach. Mar sin féin, níor aontaigh nó níor aontaigh go láidir ach 40 % d’údaráis phoiblí, 32 % de chuideachtaí agus comhlachais ghnó, 28 % de shaoránaigh an Aontais agus 24 % de ENRanna (221 fhreagra) go raibh siad sásta leis an gcóras bailithe dramhaíola atá i bhfeidhm chun dramhaíl teicstíle a bhailiú san áit a bhfuil cónaí orthu. 

Cumhdaíodh réimse na dramhaíola teicstíle i mbeagnach 30 páipéar seasaimh, agus ó FBManna nó ó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht dóibh a tháinig thart ar leath díobh sin. Chuir FBManna in iúl nach ann d’aon phlean mórscála faoi láthair chun dramhaíl teicstíle a phróiseáil. Chuir siad i dtábhacht an gá atá ann teicstílí marthanacha ardchaighdeáin a chur chun cinn, feabhas a chur ar a n‑athúsáid, iad a ullmhú don athúsáid i gcás inar féidir, agus sórtáil leordhóthanach a uas-scálú le haghaidh bonneagar athúsáide, athchúrsála agus próiseála. Mhol siad freisin gur cheart athruithe a dhéanamh freisin ar dhearadh teicstílí agus ar phatrúin tomhaltais, gur cheart an líon dramhaíola teicstíle a laghdú trí bheartais uaillmhianacha dramhaíola. Na pointí céanna maidir le marthanacht agus athúsáid teicstílí, agus maidir le hacmhainneacht sórtála agus athchúrsála, chomhroinn an tionscal athchúrsála iad agus shonraigh an tionscal freisin gur cheart slabhraí luacha teicstílí ciorclacha agus sóisialta a fhorbairt.

Áiríodh ar na moltaí an gá le spriocanna cainníochtúla a shocrú le haghaidh na hathúsáide agus ullmhú le haghaidh athúsáide agus feabhas a chur ar chórais bhailithe ar leithligh. Shonraigh FBManna gur cheart do scéimeanna EPR ord na réiteach dramhaíola a fhorfheidhmiú trí spriocanna cainníochtúla a shocrú chun dramhaíl a chosc agus chun ullmhú don athúsáid, éiceamhodhnú táillí agus iomaíocht chóir a áirithiú i margaí athchúrsála, rochtain ar an sruth dramhaíola a thabhairt d’oibreoirí a ullmhaíonn ábhar le haghaidh athúsáide, agus rannpháirt a thabhairt freisin d’fhiontair shóisialta mar phríomhpháirtithe leasmhara i bhforbairt, rialachas agus feidhmiú na scéimeanna sin. Mhol siad comhsheasmhacht le tionscnaimh rialála eile chomh maith, amhail ESPR agus WSR agus comhchuibhiú na gcritéar deiridh dramhaíola ar leibhéal an Aontais, agus thacaigh tionscal na hathchúrsála leis sin. Chuir FBManna in iúl freisin an gá atá le treoraíocht chun ardleibhéal bailithe ar leithligh teicstílí a bhaint amach agus gur criticiúil an rud é sórtáil agus réamhphróiseáil snáithíní aibí chun athchúrsáil na dramhaíola iarthomhaltais a scálú. Déantar machnamh i bpáipéir sheasaimh áirithe ar shainmhíniú comhchuibhithe ar dhramhaíl teicstíle. 

Rinneadh agallaimh le páirtithe leasmhara chomh maith. In mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine 2022 eagraíodh agallaimh le páirtithe leasmhara roghnaithe ó gach grúpa páirtithe leasmhara inar díríodh go príomha ar raon feidhme níos leithne ar dtús agus inar díríodh ina dhiaidh sin ar theicstílí úsáidte agus ar dhramhaíl teicstíle. Rinneadh seacht n‑agallamh is fiche duine le duine/duine le grúpa maidir le sainaithint fadhbanna, raon feidhme na gcuspóirí agus bailiú fianaise maidir le tionchair na roghanna agus na mbeart. De réir na bpáirtithe leasmhara, ba cheart gnéithe sonracha a áireamh le creat EPR uile-Aontais le go mbeadh sé éifeachtúil. Ní mór a áireamh le bearta maidir le hathúsáid, deisiú agus bailiú ar leithligh spriocanna ceangailteacha infhorfheidhmithe chun táirgeoirí a spreagadh chun an t‑aistriú a dhéanamh i dtreo na ciorclaíochta. Maidir le raon feidhme an tionscnaimh, mhol roinnt de na páirtithe leasmhara gur cheart a áireamh leis an mbailiú dramhaíl teicstíle arna giniúint ag teaghlaigh agus ag gairmithe atá inchomparáide le teicstílí teaghlaigh amhail éadaigh, teicstílí baile agus tí, málaí a dhéantar as teicstílí agus oiriúintí teicstíle; mar sin féin, léirigh siad imní maidir le bróga agus teicstílí teicniúla. Mhol siad freisin an raon feidhme a theorannú ar dtús agus é a leathnú le himeacht ama nuair a bheidh an bonneagar i bhfeidhm agus cóid AC na Taraife Custaim a úsáid chun na teicstílí a chumhdaítear leis an scéim EPR atá beartaithe a shainiú.

Chuir na páirtithe leasmhara tuairimí éagsúla in iúl ar cheist na treoraíochta. I dtéarmaí spriocanna, mhol na páirtithe leasmhara gur cheart spriocanna lena mbaineann méadú de réir a chéile ar a leibhéal uaillmhéine le himeacht ama a fhorbairt, ag brath ar na leibhéil tomhaltais, chomh maith le spriocanna infhorfheidhmithe maidir le laghdú acmhainní le haghaidh táirgeadh teicstílí, e.g. le sprioc maidir le cion ábhair athchúrsáilte. Chuir siad i dtábhacht freisin gur cheart aon sprioc a chomhcheangal le huas-scálú teicneolaíochtaí athchúrsála sna Ballstáit agus gur cheart a áirithiú le spriocanna athúsáide go bhfuil an athúsáid ag tarlú iarbhír. Shonraigh siad gur tábhachtach an rud é a chur san áireamh gur cheart spriocanna maidir le hullmhú le haghaidh athúsáid agus athchúrsáil dramhaíola teicstíle a bhunú ar ord na réiteach dramhaíola. 

Reáchtáladh an comhairliúchán spriocdhírithe le haghaidh teicstílí úsáidte agus dramhaíl teicstíle i bhfoirm ceithre cheardlann fhíorúla le páirtithe leasmhara ina ndearnadh plé grúpa le hiomlán na bpáirtithe leasmhara mar aon le grúpaí ar an imeall agus úsáid clár bán digiteach. Ina theannta sin, úsáideadh cruinniú de Ghrúpa Saineolaithe WFD (Ballstáit), agallaimh agus comhdháil ar thodhchaí na hEorpa chun níos mó fianaise spriocdhírithe a fháil.

An fhaisnéis a bailíodh le linn na gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara, chabhraigh siad chun bonn eolais a chur faoi shainiú na bhfadhbanna agus le cibé acu de na roghanna beartais ar cheart díriú orthu.

An cur amú bia 

I gcomhthéacs an Mheasúnaithe ar Thionchar Tionscanta, fuarthas 85 fhreagra ó fhreagróirí in 17 mBallstát agus in 2 thríú tír (an Ríocht Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá). Ó chomhlachais ghnó a fuarthas formhór na bhfreagraí (27), agus ina dhiaidh sin bhí ENRanna (18, a raibh 12 díobh dírithe ar chúrsaí comhshaoil), cuideachtaí (11), saoránaigh den Aontas Eorpach (9), agus eagraíochtaí tomhaltóirí (4) agus comhshaoil (3). Sholáthair sé údarás phoiblí (3 Bhallstát ina measc) ionchur tríd an sásra aiseolais. 

Ar an bhforiomlán, léirigh na páirtithe leasmhara tacaíocht le tionscnamh reachtaíochta an Aontais, agus meastar gur fíor-riachtanach an tionscnamh chun na cuspóirí sa Chomhaontú Glas a bhaint amach maidir le haeráidneodracht agus leis an aistriú i dtreo córais bhia inbhuanaithe mar a éilítear sa Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc. Deimhníonn formhór na bpáirtithe leasmhara gur cheart a chumhdach le spriocanna maidir le laghdú ar an gcur amú bia an slabhra soláthair iomlán (rud a léiríonn cur chuige córas bia comhtháite), agus gur cheart do sprioc an Aontais amach anseo a bheith i gcomhréir le Sprioc 12.3 de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Cé gur fearr le freagróirí áirithe (ó earnálacha táirgthe phríomhúil agus próiseála den chuid is mó) sprioc ina ndírítear ar mhiondíol agus ar thomhaltas amháin, áitíonn páirtithe leasmhara eile sa tionscal agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) ar son cur chuige iomlánaíoch chun freagracht chomhroinnte agus cuntasacht na ngníomhaithe uile a áirithiú. Cuireann roinnt páirtithe leasmhara i dtábhacht an gá atá le bonn fianaise láidir chun spriocanna a shocrú mar aon le bonnlíne ina n‑aithnítear na hiarrachtaí arna ndéanamh acu siúd a n‑éiríonn leo spriocanna a bhaint amach go luath. In thart ar an tríú cuid de na freagraí a fuarthas, éilíodh gníomhaíochtaí uaillmhianacha agus ardleibhéal sprice (50 %), beagnach gach ceann de na ENRanna ina measc; ar an taobh eile, tugadh le tuiscint sna trí fhreagra ó na Ballstáit gur réalaíche bunroghanna nó meánroghanna. Éilíonn páirtithe leasmhara áirithe (ó ENRanna comhshaoil agus tomhaltóirí chomh maith le fiontair shóisialta) freisin go gcomhtháthófar caillteanais bhia ar an bhfeidhm sa togra reachtach amach anseo, ach áitíonn táirgeoirí príomhúla nach féidir aghaidh a thabhairt ar chaillteanais den sórt sin (ar chúiseanna dlíthiúla agus oibríochtúla araon). Ar deireadh, éilíonn roinnt mhaith páirtithe leasmhara comhleanúnachas ó thaobh beartais de agus an gá le cultúr luacha bia a fhorbairt chun dul i ngleic le saincheisteanna córasacha a bhaineann le córais bhia.

Bhí an comhairliúchán poiblí ar siúl ón 24 Bealtaine 2022 go dtí an 24 Lúnasa 2022 agus cumhdaíodh idir dhramhaíl teicstíle agus cur amú bia. Maidir leis an gcur amú bia a laghdú, d’aontaigh páirtithe leasmhara sna grúpaí uile nó d’aontaigh siad go láidir (os cionn 90 %) leis na sochair a bhaineann leis an gcur amú bia a laghdú, arb é ‘cuidiú chun tionchair chomhshaoil a laghdú’ agus ‘cuidiú leis an athrú aeráide a mhaolú’ na sochair ba thábhachtaí díobh. Shainaithin na freagróirí tomhaltóirí, miondíoltóirí agus dáileoirí eile, monaróirí bia, agus seirbhísí fáilteachais agus bia mar na príomhghníomhaithe ar gá dóibh beart níos mó a dhéanamh chun an cur amú bia a laghdú. Maidir leis na dúshláin is mó chun cur amú bia a laghdú, shonraigh na freagróirí go mbaineann na dúshláin sin leis an ngá do thomhaltóirí nósanna nua a dhéanamh, amhail scileanna bainistithe bia níos fearr, agus ina dhiaidh sin an gá do ghnólachtaí cosc ar an gcur amú bia a chomhtháthú ina n‑oibríochtaí. Mheas údaráis phoiblí níos mó ná grúpaí eile gur tábhachtaí a áirithiú go ndéanfar beart leordhóthanach ag an luas is gá chun gealltanais dhomhanda a bhaint amach maidir le dramhaíl bhia a laghdú faoina leath faoi 2030. Maidir le bearta a d’fhéadfadh an tAontas a dhéanamh chun feabhas a chur ar dhramhaíl a chosc, d’aontaigh 74 % de na freagróirí (488 bhfreagra) nó d’aontaigh siad go láidir le socrú spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí de maidir le cur amú bia a laghdú, agus léirigh údaráis phoiblí tacaíocht níos mó arís (86 %, 25 fhreagra).

Fuarthas 53 pháipéar seasaimh tríd an gcomhairliúchán poiblí agus bhí siad dírithe ar an gcur amú bia nó ar chúrsaí a bhaineann leis sin. Fuarthas 26 pháipéar ina raibh barúlacha maidir le cur amú bia ó chomhlachais ghnó, fuarthas 12 pháipéar ó eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, 8 bpáipéar ó chuideachtaí agus 7 bpáipéar ó údaráis phoiblí. Aontaíodh le socrú spriocanna chun an cur amú bia a laghdú i bhformhór na bpáipéar seasaimh, agus bhí 10 bpáipéar ar son spriocanna uaillmhianacha (laghdú 50 %) agus 18 bpáipéar i bhfabhar spriocanna a chur i bhfeidhm i ngach céim den slabhra soláthair. Mar sin féin, níor aontaigh dhá eagraíocht ghnó le spriocanna a shocrú ag céim an táirgthe phríomhúil, mar gheall ar an éagothroime cumhachta sa slabhra soláthair agus ar dhinimic an mhargaidh nach bhfuil smacht ag feirmeoirí orthu. I roinnt páipéar, cuireadh i dtábhacht a thábhachtaí atá sé tús áite a thabhairt do na gníomhaíochtaí sin lena mbaineann an tionchar is mó ar an gcomhshaol nó ar an aeráid agus cuireadh i dtábhacht freisin ról an phacáistithe chun an cur amú bia a laghdú, ar cur amú bia é a dhéanann comhlachais ghnó den chuid is mó. Maidir leis na gníomhaíochtaí agus na tionscnaimh bheartais is ceart don Aontas a dhéanamh, ba iad rialacha maidir le marcáil dáta agus gníomhaíochtaí a bhaineann le múscailt feasachta agus oideachas ba mhó a luadh, agus thagair roinnt freagróirí freisin do chórais faireacháin fheabhsaithe agus mhol freagróir amháin dreasachtaí fioscacha a sholáthar le haghaidh deonuithe bia. Mhol roinnt páirtithe leasmhara comhleanúnachas beartais idir bheartais a bhaineann le cur amú bia agus beartais ghaolmhara eile (e.g. lipéadú, gníomhú ar son na haeráide, Comhbheartas Talmhaíochta) freisin.

Rinneadh bailiú sonraí maidir le tionscnaimh chun cosc a chur ar an gcur amú bia trí dhá shuirbhé a seoladh chuig saineolaithe sna Ballstáit agus páirtithe leasmhara sa slabhra luacha bia. Ba é ab aidhm don dá shuirbhé sonraí cainníochtúla a bhailiú maidir le costais ar thionscnaimh chun cosc a chur ar an gcur amú bia agus na méideanna dramhaíola bia a cuireadh cosc orthu. Ina theannta sin, reáchtáladh ceithre agallamh le páirtithe leasmhara roghnaithe a d’fhreagair an suirbhé (dhá chuideachta, eagraíocht neamhbhrabúsach agus údarás poiblí) chun sonraí breise agus léargais bhreise a bhailiú ar a dtionscnaimh agus/nó chun faisnéis a soláthraíodh trí na suirbhéanna a shoiléiriú.

Ar deireadh, reáchtáladh cruinnithe comhairliúcháin spriocdhírithe le hArdán an Aontais Eorpaigh maidir le Caillteanas Bia agus Cur Amú Bia (FLW) ceithre huaire. Áirítear le hArdán an Aontais eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí an Aontais, saineolaithe ó na Ballstáit agus páirtithe leasmhara ó shlabhra an tsoláthair bia lena n‑áirítear feirmeoirí, an tionscal, agus eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil, tomhaltóirí agus eile (bainc bhia agus carthanachtaí ina measc). Eagraíochtaí earnála príobháidí sa slabhra luacha bia, déanann siad ionadaíocht do FBManna le haghaidh a n‑earnála gníomhaíochta sonraí (e.g. monarú bia, miondíol, seirbhísí bia, etc.)

Ar na saincheisteanna ba mhinice a luaigh páirtithe leasmhara, bhí cuimsiú céimeanna uile shlabhra an tsoláthair bia faoi raon feidhme na spriocanna, agus chuir freagróirí áirithe i dtábhacht a thábhachtaí atá sé faireachán a dhéanamh ar chaillteanais bhia réamhbhuana ar an bhfeirm agus iad sin a chomhtháthú; a thábhachtaí atá sé sábháilteacht bia agus beatha a chur san áireamh (eagraíochtaí earnála príobháidí go háirithe a chuir é sin in iúl); an imní maidir le 2020 a roghnú mar bhonnlíne chun spriocanna a shocrú i ngeall ar thionchar COVID‑19 (roinnt Ballstát agus ENRanna a chuir é sin i dtábhacht); an fhéidearthacht idirdhealú a dhéanamh idir dramhaíl bhia inite agus dho-ite agus an dá rud a chur san áireamh (eagraíochtaí earnála príobháidí a luaigh é sin); agus an fhéidearthacht na torthaí a bhain na Ballstáit amach cheana féin a chur san áireamh agus an bhonnlíne á socrú (na Ballstáit agus eagraíochtaí earnála príobháidí a chuir é sin i dtábhacht).

I gcomhthéacs an measúnú tionchair a thabhairt chun críche, thionóil an Coimisiún cruinniú de Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát um Chaillteanais Bhia agus Cur Amú Bia (7 Márta 2023) agus comhchruinniú d’Ardán an Aontais maidir le FLW agus den Ghrúpa Saineolaithe um Inbhuanaitheacht Córas Bia (13 Márta 2023). Athdhearbhaíodh na saincheisteanna thuasluaite agus soláthraíodh aiseolas breise maidir le breithniú roghanna beartais éagsúla chun spriocanna a shocrú.

Faisnéis a bailíodh i rith na gcomhairliúchán thuasluaite le páirtithe leasmhara, chabhraigh sí chun bonn eolais a chur faoi shainiú na roghanna beartais, go háirithe nach mbeadh spriocanna teoranta do chéimeanna an tomhaltais agus na miondíola ach go gcumhdófaí leo slabhra an tsoláthair bia níos forleithne. Na sonraí maidir le costais ar chosc ar an gcur amú bia a bailíodh tríd an suirbhé le haghaidh páirtithe leasmhara, léiríodh iontu inathraitheacht ard agus b’airde iad tríd is tríd ná na luachanna a bhíonn le fáil sa litríocht. Dá bhrí sin, níor úsáideadh iad go díreach sa tsamhail chun tionchair mhaicreacnamaíocha na spriocanna a ríomh.

An Painéal Saoránach 

Mar bheart leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, dfhógair an Coimisiún glúin nua de phainéil saoránach chun dul i gcomhairle le saoránaigh arna roghnú go randamach roimh phríomhthograí áirithe ar an leibhéal Eorpach. Roghnaíodh an cur amú bia mar cheann de na trí ábhar tosaigh a dtabharfaidh saoránaigh aghaidh orthu (mar aon le domhain fhíorúla agus an tsoghluaisteacht foghlama, agus tháinig an painéal le chéile le haghaidh trí sheisiún a reáchtáladh ó mhí na Nollag 2022 go mí Feabhra 2023. Cé nach raibh an painéal saoránach ina chuid de na gníomhaíochtaí comhairliúcháin a eagraíodh chun an togra dlíthiúil a ullmhú, leanfaidh moltaí na saoránach 60 de thacú le hobair an Choimisiúin a bhaineann leis an gcur amú bia a chosc agus cuireadh san áireamh iad agus an togra reachtach seo á ullmhú. Beidh moltaí na saoránach ina dtreoir freisin chun cuidiú leis na Ballstáit na spriocanna sa togra seo maidir leis an gcur amú bia a laghdú a bhaint amach. 

Cuirtear i dtábhacht sna 23 mholadh ó na saoránaigh an gá le cur chuige leathan maidir le córais bia a ghlacadh, ina dtabharfar rannpháirt do gach gníomhaí agus ina neartófar an comhar ar fud shlabhra an tsoláthair bia. Déantar an cur chuige cuimsitheach sin a chur chun cinn sna trí thopaic a dtugtar aghaidh orthu sna moltaí ón bpainéal: 1) Comhar sa slabhra luacha bia: ón bhfeirm go dtí an forc; 2) Tionscnaimh don ghnó bia; agus 3) Tacú le hathrú iompraíochta na dtomhaltóirí.

Léirítear sna moltaí ó na saoránaigh na trí phríomhlíne ghníomhaíochta ar gá do na Ballstáit iad a dhéanamh chun dlús a chur leis an laghdú ar an gcur amú bia ar leibhéal náisiúnta agus chun na spriocanna amach anseo a bhaint amach. Tarraingeofar freisin ar na moltaí i gcreat rialála an Aontais maidir le cur amú bia a chosc a leagtar síos in WFD chomh maith le bearta tacaíochta arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais, agus tacófar leis na Ballstáit chun na spriocanna amach anseo a bhaint amach.

Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Dramhaíl teicstíle

Sholáthair an tAirmheán Comhpháirteach Taighde ionchuir eolaíochta ríthábhachtacha i rith chéimeanna an mheasúnaithe tionchair, lena n‑áirítear trí athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid agus fianaise ar an tsaincheist a fhoilsiú 61 :

Fuair an Coimisiún staidéar seachtrach chun tacú leis an measúnú tionchair sin ar roghanna beartais le haghaidh athbhreithniú ar WFD in 2023 – Conradh sonrach Uimh. 090202/2021/861277/ENV.B.3. Thacaigh roinnt saineolaithe agus staidéir chúnaimh theicniúil a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Measúnú Tionchair leis an gCoimisiún freisin.

An cur amú bia 

Anuas ar an Measúnú ar Thionchar Tionscanta, agus ar na comhairliúcháin phoiblí agus spriocdhírithe a bhfuil tuairisc orthu thuas, thacaigh an saineolas seo a leanas leis an measúnú tionchair i réimse an chur amú bia:

Sholáthair an tAirmheán Comhpháirteach Taighde ionchuir eolaíochta ríthábhachtacha trí dhá thuarascáil a ullmhú mar aon le hanailís lena dtacaítear le forbairt an mheasúnaithe tionchair ar an athbhreithniú ar WFD, go háirithe maidir lena indéanta atá sé spriocanna a shocrú le haghaidh cur amú bia a laghdú:

An Coimisiún Eorpach, An tAirmheán Comhpháirteach Taighde: Setting the scene for an EU initiative on food waste reduction targets, 2023 [An bealach a réiteach le haghaidh tionscnamh ón Aontas maidir le spriocanna chun cur amú bia a laghdú] 62  

An Coimisiún Eorpach, An tAirmheán Comhpháirteach Taighde: Assessing the economic, social and environmental impacts of food waste reduction targets. A model-based analysis, 2023 [Measúnú a dhéanamh ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil de spriocanna chun an cur amú bia a laghdú. Anailís bunaithe ar shamhail, 2023] 63

An 25 Deireadh Fómhair 2022, dfhoilsigh Eurostat an chéad fhaireachán staidrimh tiomnaithe ar mhéid na dramhaíola bia san Aontas Eorpach, arna dtacú le mínithe breise ar na sonraí maidir le méideanna dramhaíola bia san Aontas. Tá an tuairisc agus an léirmhíniú ar shonraí chomh maith leis an modheolaíocht le fáil ar leathanach gréasáin Eurostat ar a dtugtar míniú ar staitisticí atá tiomnaithe don chur amú bia 64 .Tugadh na sonraí cothrom le dáta den uair dheiridh i Márta 2023.

Measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an togra. Déantar foráil sa mheasúnú tionchair cuid mhór maidir le dhá roinn neamhspleácha lena gcumhdaítear ar leithligh cur amú bia agus dramhaíl teicstíle, mar tá sainiúlachtaí éagsúla ag baint leis an dá thopaic i dtéarmaí na bhfadhbanna a dtugtar aghaidh orthu, na gcuspóirí a shocraítear agus na roghanna a shainaithnítear, agus ní féidir na sainiúlachtaí sin a fhreagairt leis an gcur chuige céanna.

Tar éis dul i ngleic le barúlacha an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála ina thuairim dhiúltach thosaigh an 17 Márta 2022 agus na modhnuithe agus breiseanna is gá a dhéanamh, fuarthas tuairim dhearfach ón measúnú tionchair an 26 Bealtaine 2023.

Tá barúlacha mionsonraithe ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála agus an chaoi ar cuireadh san áireamh iad le fáil i dTábla 1 in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo.

Cuireadh i dtoll a chéile sa mheasúnú tionchair gach beart féideartha don anailís, bunaithe ar ionchur a fuarthas ó chomhairleoir seachtrach, ceardlanna le páirtithe leasmhara, comhairliúchán poiblí ar líne agus agallaimh spriocdhírithe. Grúpáladh na bearta éagsúla, casta agus idirghaolmhara faoi thrí rogha beartais, a chuirtear i gcomparáid le cás gnó mar is gnách.

Is féidir achoimre a dhéanamh ar na roghanna beartais le haghaidh teicstílí mar a leanas: 

Rogha 1 – Tacaítear leis na Ballstáit chun forálacha atá i bhfeidhm faoi láthair a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú trí chur i bhfeidhm níos comhchuibhithe ar shainmhínithe, cuir chuige maidir le bailiú ar leithligh agus sannadh freagrachta le haghaidh bainistiú dramhaíola trí threoraíocht neamhcheangailteach a ghlacadh, trí mholtaí agus trí shainorduithe an Choimisiúin atá ann cheana a fheidhmiú maidir le reachtaíocht thánaisteach, agus trí fheabhas a chur ar ardáin na bpáirtithe leasmhara atá ann faoi láthair maidir le treoraíocht agus malartú dea-chleachtas. Leis an rogha sin, téitear i ngleic le cúis gach faidhbe agus leis an dá chuspóir shonracha, cé gur dhócha go mbeadh tionchar laghdaithe ann i ngeall ar nádúr na mbeart a bheith teoranta dionstraimí neamhcheangailteacha 

Rogha 2 – Socraítear ceanglais rialála cheangailteacha bhreise chun feabhas a chur ar fheidhmíocht an bhainistithe dramhaíola i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola trí leasú spriocdhírithe ar WFD. Is é cuspóir na leasuithe oibleagáidí oibríochtúla nua a chruthú le haghaidh na mBallstát, táirgeoirí teicstílí agus oibreoirí bainistithe dramhaíola. Leis na hoibleagáidí sin, dhéanfaí sainmhínithe ar leibhéal an Aontais a shoiléiriú agus a chomhchuibhiú, shoiléireofaí raon feidhme na n‑oibleagáidí tuairiscithe atá ann cheana chun feabhas a chur ar stóinseacht sonraí, shoiléireofaí raon feidhme na n‑oibleagáidí maidir le bailiú ar leithligh, agus thabharfaí isteach oibleagáidí oibríochtúla nua le haghaidh oibreoirí dramhaíola chun sórtáil le haghaidh athúsáide agus athchúrsála a áirithiú. Is é beart suaitheanta na rogha sin sainordú a thabhairt isteach le haghaidh na mBallstát chun scéimeanna náisiúnta EPR a bhunú le haghaidh teicstílí agus a raon feidhme, cuspóirí, agus príomhghnéithe eagraíochtúla agus oibríochtúla a chomhchuibhiú. Leis an rogha sin, téitear i ngleic le cúis gach faidhbe agus leis an dá chuspóir shonracha 

Rogha 3 – Spriocanna feidhmíochta maidir le bainistiú dramhaíola a fhorordú ar leibhéal an Aontais. Cuimsítear leis an rogha sin leasú ar WFD lena mbunaítear spriocanna feidhmíochta ceangailteacha maidir le bainistiú dramhaíola lena gcuirtear i ngníomh ord na réiteach dramhaíola le haghaidh na mBallstát agus na noibreoirí eacnamaíocha. Bheadh comhchuibhiú raonta feidhme agus sainmhínithe ina chuid lárnach den sainmhíniú ar an sprioc in WFD agus i ngníomhartha cur chun feidhme ina dhiaidh sin ina sainmhíneofaí rialacha níos mionsonraithe maidir leis an modheolaíocht ríofa le haghaidh gach sprice. Leis an rogha sin, téitear i ngleic leis an dá chuspóir shonracha agus cúis gach faidhbe, cé nach dtabharfaí leibhéal comhchuibhithe i gcrích léi faoi mar a fhoráiltear le Rogha 2 mar fágtar faoi na Ballstáit na cinntí maidir leis na meáin chun na leibhéil feidhmíochta a bhaint amach. Toisc nach bhfuil na sonraí atá ann faoi láthair maidir le giniúint dramhaíola teicstíle stóinsithe a ndóthain, i ngeall go pointe áirithe ar an tuiscint ilroinnte ar cé acu is dramhaíl atá i gceist le teicstílí bailithe nó nach ea agus ar raon na dteicstílí a chumhdaítear le cur chun feidhme na mBallstát, mínítear sa Mheasúnú Tionchair indéantacht an tsásra faoina bhféadfaí spriocanna a shocrú amach anseo agus tionchair an phróisis sin (seachas leibhéil iarbhír na spriocanna). Maidir le sprioc a shocrú le haghaidh an bhailithe, cuirtear i láthair measúnú níos mionsonraithe bunaithe ar sprioc eatramhach ar uaillmhian mheánach. Baineann Beart 3.6 go sonrach le sprioc bailithe 50 % a shocrú le haghaidh teicstílí: Ach an sprioc a bhaint amach, chuirfí feabhas ar ráta bailithe ar leithligh le haghaidh teicstílí, rud a chuirfeadh leis na rátaí athúsáide, rátaí athchúrsála agus rud a laghdódh rátaí diúscartha, ach bheadh ualach riaracháin i gceist leis freisin agus dfhéadfadh sé go mbeadh ag an oibleagáid atá ann cheana maidir le bailiú ar leithligh in 2025 éifeacht chomhchosúil ar an ráta bailithe ar leithligh. Is ann dilchineálacht mhór freisin ar fud na rátaí tuartha ar fud na mBallstát, agus dfhéadfadh sé go mbeadh sé dúshlánach sprioc a leagan síos ag an gcéim seo dá bhrí sin.

Déantar measúnú ar thionchair ar FBManna mar chuid den phróiseas measúnaithe tionchair. Shainaithin an scagaire FBM go mbeadh tionchar foriomlán ard ar FBManna ag an tionscnamh seo. Déantar na catagóirí FBM éagsúla a shainaithint ar fud an tslabhra luacha teicstíle mar bhonn le haghaidh phróiseas an mheasúnaithe tionchair.

Micrifhiontair is ea 88 % de chuideachtaí teicstíle (0-9 bhfostaí), is FBManna eile iad 12 % (10-249 bhfostaí), agus is cuideachtaí móra iad an 0.3 % eile (breis is 250 fostaí). Bhí FBManna an-rannpháirteach sa chomhairliúchán poiblí agus sna próisis chomhairliúcháin spriocdhírithe. FBManna a bhí in 320 freagróir ar an gcomhairliúchán poiblí i gcomparáid le 138 gcuideachta mhóra. I measc na gcatagóirí ‘gnólachtaí/cuideachtaí’ agus ‘comhlachas gnó’, fuaireamar 200 freagra ó FBManna i gcomparáid le 99 ó ghnólachtaí móra. Ina theannta sin, na comhlachais mhóra ghnó a léirigh tuairimí mionsonraithe, tá siad comhdhéanta cuid mhór de FBManna atá ionadaíoch do chomhdhéanamh na hearnála teicstíle ag céimeanna na monaraíochta agus na miondíola agus an bhainistithe dramhaíola. `

Tríd is tríd, thug FBManna le fios ina bpáipéir sheasaimh nach ann d’aon phleanáil ar mórscála faoi láthair chun an dramhaíl a phróiseáil. D’aontaigh cuid mhór díobh gur gá athrú a dhéanamh ar dhearadh agus ar phatrúin tomhaltais an táirgthe teicstíle, as a n‑eascróidh táirgeadh teicstílí ar chaighdeán níos airde a mhairfeadh níos faide. Ina theannta sin, chuir siad i dtábhacht a thábhachtaí atá sé tús áite a thabhairt do dhramhaíl a chosc agus don athúsáid dramhaíola agus an gá atá le spriocanna a shocrú le haghaidh athúsáide agus ullmhú le haghaidh athúsáide, agus le feabhas a chur ar chórais bailithe ar leithligh. Maidir le EPR, na príomhphointí a bhí ann ná a áirithiú go ndéanfaidh scéimeanna EPR ord na réiteach dramhaíola a fhorfheidhmiú trí spriocanna cainníochtúla a shocrú chun dramhaíl a chosc agus chun ullmhú don athúsáid, cur chuige comhchuibhithe a áirithiú i leith éiceamhodhnú táillí EPR agus iomaíocht chóir i margaí athchúrsála, rochtain ar an sruth dramhaíola a thabhairt d’oibreoirí a ullmhaíonn ábhar le haghaidh athúsáide, agus rannpháirt a thabhairt freisin d’fhiontair shóisialta mar phríomhpháirtithe leasmhara i bhforbairt, rialachas agus feidhmiú na scéimeanna sin. Ina theannta sin, moladh go ndéanfaí comhchuibhiú ar leibhéal an Aontais ar na critéir deiridh dramhaíola agus thacaigh tionscal na hathchúrsála leis sin, chomh maith leis an gcomhleanúnachas le tionscnaimh rialála eile a áirithiú, amhail ESPR agus WSR. Ina theannta sin, chuir siad in iúl freisin go bhfuil gá le treoraíocht chun ardleibhéal bailithe ar leithligh dramhaíola teicstíle a bhaint amach agus gur criticiúil an rud é sórtáil agus réamhphróiseáil snáithíní aibí chun athchúrsáil na dramhaíola iarthomhaltais a scálú. Rinneadh cuid acu machnamh ar an ngá atá le sainmhíniú comhchuibhithe ar dhramhaíl teicstíle.

Anuas ar bhailiú fianaise ó pháirtithe leasmhara maidir leis na tionchair fhéideartha ar FBManna, rinneadh measúnú breise le sonraí ó Eurostat maidir le comhdhéanamh, láimhdeachas agus raon FBManna chun na tionchair sin a shainaithint a mbeadh tionchar mór acu ar fhiontair den sórt sin. Breithníodh na tionchair shonracha ar FBManna le haghaidh gach birt i staidéar an chomhairleora. Maidir leis sin, ní dócha go gcuirfeadh bearta faoi Rogha 1 aon ualach riaracháin mór ar FBManna, agus an tráth céanna ba cheart go simpleofaí leis na bearta oibleagáidí a chuirtear ar FBManna lena n‑ailínítear raon na dteicstílí. An t‑ardán treoraíochta agus tacaíochta a ndéantar foráil maidir leis faoin rogha seo, is aige a bheadh na tionchair is mó ar FBManna ar an bhforiomlán. Bearta faoi Rogha 2 agus 3, meastar go mbeadh mionchostais bhreise acu do FBManna. An beart is mó ualach ina mbreithnítear cur i bhfeidhm scéimeanna EPR táirgeoirí leathnaithe (beart 2.9), rachadh sé i ngleic le FBManna ó tharla gur FBManna iad formhór na dtáirgeoirí. Ina theannta sin, díríodh isteach ar oibleagáidí tuairiscithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar na hoibleagáidí atá ann cheana ar an gcéad dul síos lena ndéanamh níos oiriúnaí don fheidhm agus chun feabhas a chur ar an mbonn eolais le haghaidh earnáil na dteicstílí ar an bhforiomlán.

Chun cur i bhfeidhm ualaí riaracháin agus comhlíontachta nach bhfuil gá leo a sheachaint, moltar sa mheasúnú tionchair go n‑eisiafaí micrifhiontair agus earnáil na hathúsáide ó raon feidhme EPR agus déantar amhlaidh sa téacs dlíthiúil. Gníomhaithe athúsáide a chuireann idir tháirgí nua agus táirgí úsáidte ar an margadh, ní iarrfaí orthu ach cuntas a choinneáil ar na táirgí nua agus iad sin amháin a thuairisciú. An iarmhairt a bheadh ag eisiaimh den sórt sin ná méadú beag ar na costais is infheidhme maidir le fiontair ina bhfuil breis is 10 bhfostaí, agus bheadh na hualaí breise ba mhó ar na fiontair sin ina bhfuil breis is 250 fostaí.

Rinneadh measúnú cainníochtúil ar na tionchair ar an iomaíochas, nuair ab fhéidir, agus breithníodh tionchair ar chineálacha éagsúla iomaíochais 65 . Is é is aidhm don iomaíochas praghsanna léiriú a thabhairt ar thionchair choibhneasta praghsanna ar féidir le cuideachtaí nó grúpaí cuideachta iad a shocrú laistigh de mhargadh. Tagraíonn iomaíochas dinimiciúil do na tionchair ar thaighde agus ar nuálaíocht lena bhféadfaí iomaíochas na ngnóthas a choinneáil ar bun nó a fheabhsú le himeacht ama. Tagraíonn iomaíochas straitéiseach do chumas na ngnóthas a n‑éileamh ó thaobh amhábhair nó táirgí de a chomhlíonadh go pointe áirithe trí theicstílí athúsáidte nó athchúrsáilte laistigh den Aontas Eorpach. Na héifeachtaí ar an iomaíochas, tá siad deimhneach nó neodrach.

Maidir le cur amú bia, dhírigh na roghanna beartais ar chineálacha éagsúla, leibhéil agus raon feidhme na spriocanna maidir le laghdú ar an gcur amú bia atá le cur amach faoi 2030, agus is féidir achoimre a thabhairt orthu mar a leanas: 

Rogha 1 bunaithe ar na spriocanna íosta ar féachadh orthu i dtogra 2014 chun WFD a athbhreithniú 66

Sprioc le haghaidh táirgeadh príomhúil – gan sprioc ar bith,

Sprioc le haghaidh próiseála agus monaraíochta – 10 %,

Sprioc le haghaidh na gcéimeanna miondíola agus tomhaltais – 15 % 

Leagan níos uaillmhianaí is ea Rogha 2 agus scrúdaíodh an sprioc uasta in 2014 le haghaidh na gcéimeanna miondíola agus tomhaltais. 

Sprioc le haghaidh táirgeadh príomhúil – gan % sprice ar bith,

Sprioc le haghaidh próiseála agus monaraíochta – 10 %,

Sprioc le haghaidh na gcéimeanna miondíola agus tomhaltais – 30 % 

Léirítear i Rogha 3 na spriocanna arna socrú dá dtagraítear i Sprioc 12.3 SDG agus i ngealltanas breise a thug Comhghuaillíocht Food is never waste ag Cruinniú Mullaigh 2021 na Náisiún Aontaithe maidir le Córais Bhia.

Sprioc le haghaidh táirgeadh príomhúil – 10 %,

Sprioc le haghaidh próiseála agus monaraíochta – 25 %,

Sprioc le haghaidh na gcéimeanna miondíola agus tomhaltais – 50 % 

Spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí de atá i Roghanna 1 go 3 i.e. tá siad faoi réir tuairisciú bliantúil agus, más rud é nach gcomhlíontar na spriocanna, gur féidir iad a fhorfheidhmiú le nósanna imeachta um shárú.

Léirítear le Rogha 4 sprioc dheonach a shocrú ar leibhéal ghealltanas 12.3 SDG maidir leis na céimeanna miondíola agus tomhaltais (i.e. laghdú 50 %), agus ní ghabhtar aon ghealltanas uimhriúil le haghaidh céimeanna níos luaithe. Ní bheadh an rogha sin faoi réir sásraí forfheidhmiúcháin seachas tuairisciú bliantúil ar leibhéil an chur amu bia. 

Léiríodh leis an anailís ar na tionchair go soláthraítear sochair chomhshaoil mhóra le gach rogha. Tagann méadú ar mhéid na sochar i gcomhréir le raon feidhme agus leibhéal na spriocanna, ó Rogha 1 go Rogha 3. B’ísle na sochair le haghaidh Rogha 4. Baineann an ghnóthachan is mó le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (cé go bhfuil difríocht mhór i gceist ag brath ar an gcur chuige modheolaíoch a úsáidtear). Maidir le tionchair chomhshaoil eile a mheastar le haghaidh an mheasúnaithe tionchair sin – úsáid talún, eotrófú na mara agus úsáid uisce – léirítear leo patrún comhchosúil le haghaidh na dtionchar i.e. go dtagann méadú ar na sochair i gcomhréir le raon feidhme agus leibhéal spriocanna.

Maidir le tionchair eacnamaíocha, tá coinne leis, le laghdú ar an gcur amú bia go dtiocfaidh laghdú ar an éileamh ar bhia, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le tionchair dhiúltacha fhánacha ar earnáil an táirgthe bia (-3,6 % sa toimhde is diúltaí) agus le tionchair dhearfacha ar earnálacha eile, as a dtiocfaidh iarmhéid atá beagán dearfach ar an bhforiomlán (suas le EUR 2,3 billiún).

Tá naisc láidre idir thionchair shóisialta inchainníochtaithe agus tionchair eacnamaíocha agus léirítear leo patrún comhchosúil. Dá mhéad an laghdú ar an gcur amú bia, is ea is fearr a fheidhmeoidh na roghanna i dtéarmaí inacmhainneacht bia agus coigilteas tí. Ar an taobh eile, tagann ardú ar mhéid na dtionchar diúltach ar an bhfostaíocht san earnáil agraibhia ó Rogha 1 go Rogha 3, ach tá coinne leis go gcúiteofar iad sin trí phróifílí fostaíochta nua in earnáil an bhia agus gnóthachain in earnálacha eacnamaíocha eile.

Tá coinne leis go mbeidh tionchar teoranta ar FBManna. Dírítear faoin tionscnamh ar spriocanna le haghaidh na mBallstát a shocrú maidir le laghdú ar an gcur amú bia agus ní bheidh feidhm acu maidir le gnólachtaí aonair. Cé gur dócha go bpléifidh údaráis na mBallstát leis na gníomhaithe uile i slabhra an tsoláthair bia, maidir leis na gníomhaíochtaí a chonacthas go dtí seo i dtíortha inar tugadh faoi ghníomhaíochtaí comhordaithe chun cur amú bia a laghdú, dírítear sna gníomhaíochtaí sin ar ghnólachtaí móra agus ar bhearta deonacha lena spreagtar rannpháirtíocht sa chosc ar an gcur amú bia le tacaíocht ó mhaoiniú an rialtais. Sa phróiseas comhairliúcháin, ní raibh coinne ag FBManna le fadhbanna mar thoradh ar an tionscnamh seo go díreach, ach bhí siad faichilleach i gcónaí maidir leis an ngníomhaíocht cur chun feidhme a d’fhéadfadh na Ballstáit a ghlacadh amach anseo.

Na roghanna tosaíochta 

Bunaithe ar mheasúnuithe ar an gcaoi a rannchuidíonn na roghanna leis an dá phríomhchuspóir, ar an gcothromaíocht idir tionchair eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta, agus ar na costais iomlána agus ar na sochair iomlána i gcás ina bhféadfaí iad sin a ríomh, is é Rogha 2 an rogha ab fhearr leis an gCoimisiún. Mar sin féin, d’fhéadfadh socrú sprice maidir le bailiú dramhaíola teicstíle (beart 3.6) a bhreithniú freisin chun cur leis na bearta i Rogha 2. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh beart 3.6 a bheith ina chuid den rogha beartais ab fhearr freisin. Ní féidir spriocanna eile maidir le bainistiú dramhaíola teicstíle a shocrú ag an gcéim seo i ngeall ar an easpa sonraí iomlána stóinsithe. 

Ba é conclúid an Mheasúnaithe Tionchair go n‑éascófaí le socrú sprioc 50 % le haghaidh bailiú ar leithligh teicstílí gníomhaíocht chomhbheartaithe shlabhra luacha na dteicstílí éagsúla, oibreoirí athúsáide agus oibreoirí bainistithe dramhaíola chun cóireáil na dteicstílí i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola a áirithiú, faoina dtugtar tús áite don athúsáid agus d’athchúrsáil snáithín go snáithín. Ba é conclúid an mheasúnaithe freisin go bhféadfadh sé gur ghá sprioc den sórt sin a bhreithniú go cúramach i bhfianaise na n‑éagsúlachtaí móra atá ann faoi láthair sna rátaí bailithe ar leithligh ar fud an Aontais agus i bhfianaise na hoibleagáide uileghabhálaí in WFD go ndéanfar dramhaíl den sórt sin a bhailiú ar leithligh. I bhfianaise na nithe sin, chomh maith leis na rialacha neartaithe maidir le heagrú an bhailithe ar leithligh trí EPR agus an cuspóir chun an t‑ualach riaracháin a laghdú, ní áirítear sprioc maidir le bailiú ar leithligh leis an rogha beartais ab fhearr a léirítear sa togra reachtach.

I réimse an chur amú bia, tar éis comparáid a dhéanamh idir na tionchair eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta, agus idir indéantacht theicniúil na roghanna arna mbeartú freisin, is í Rogha 2 an rogha beartais ab fhearr. Tá coinne leis go mbeidh an rogha sin éifeachtach chun spreagadh beartais láidir a thabhairt do na Ballstáit beart a dhéanamh chun an cur amú bia a laghdú ar an leibhéal náisiúnta agus gnóthachain mhóra chomhshaoil a bhaint amach agus a bheith comhréireach agus indéanta an tráth céanna. Ba cheart, dá bhrí sin, cur chuige céim ar chéim a ghlacadh chun spriocanna a bhunú atá ceangailteach ó thaobh dlí de maidir le cur amú bia a laghdú, ag tosú le leibhéal atá níos ísle ná an leibhéal a shocraítear faoi SDG, d’fhonn freagairt chomhsheasmhach ó na Ballstáit agus dul chun cinn follasach i dtreo Sprioc 12.3 a áirithiú. Le hathbhreithniú eatramhach ar an dul chun cinn arna dhéanamh ag na Ballstáit, bunaithe ar an bhfaireachán bliantúil ar leibhéil dramhaíola bia, d’fhéadfaí coigeartú a dhéanamh ar na spriocanna d’fhonn rannchuidiú an Aontais a neartú agus ailíniú níos mó le Sprioc 12.3 SDG chomh maith le treoir a sholáthar le haghaidh dul chun cinn níos mó tar éis 2030.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Tá leibhéil dhifriúla ualaigh riaracháin ag baint leis na bearta beartaithe, a thiocfadh go príomha as faireachán agus tuairisciú ar chomhlíontacht, le haghaidh údaráis phoiblí agus gnólachtaí araon. An tráth céanna, baintear leas iomlán as úsáid an digitithe chun an t‑ualach riaracháin a laghdú. 

Na spriocanna beartaithe maidir le laghdú ar an gcur amú bia, tá siad bunaithe ar bhearta atá ar áireamh in WFD cheana féin, dá bhrí sin ní chruthaítear aon ualach riaracháin breise leo.

Comhrogha thosaíochta

Tuairisc ar an tionchar

Iarmhéid foriomlán

Rogha 2 – Ceanglais rialála bhreise + sprioc le haghaidh teicstílí (beart 3.6)

AGUS

Rogha 2 le haghaidh spriocanna maidir le cur amú bia a laghdú

Costais eacnamaíocha

·EUR 913 mhilliún in aghaidh na bliana le haghaidh oibleagáidí sórtála

·Costas forbartha cláir EUR 2-12,3 milliún ar fud na mBallstát agus costais chothabhála EUR 11 200 agus EUR 69 000 in aghaidh an Bhallstáit in aghaidh na bliana

·EUR 7,79 milliún in aghaidh na bliana le haghaidh táirgeoirí chun tuairisciú a dhéanamh chun críoch EPR

·Costais EUR 4,04 milliún ar chláir PRO agus cigireachtaí a oibriú

·EUR 39,2 milliún in aghaidh na bliana le haghaidh bailiú, sórtáil agus cóireáil teicstíle bhreise chun sprioc bhailithe 50 % a chomhlíonadh

·EUR 208 in aghaidh an údaráis inniúil agus EUR 78 in aghaidh an onnmhaireora arna mbliantúlú in aghaidh na cigireachta

·EUR 750 000 in aghaidh na bliana le haghaidh fiontair san Aontas chun oibleagáidí tuairiscithe an Aontais a chomhlíonadh

·Caillteanas cánach líonta talún EUR 26.5 milliúnLandfill ar na Ballstáit i ngeall ar theicstílí a bheith á n‑atreorú ó líonadh talún

·Laghdú 4.2 % ar an éileamh ar bhia chun athrú -1.8 % ar luach an táirgthe agraibhia mar aon le laghdú idir 0.1 % agus 2.6 % ar phraghsanna margaidh

·Laghdú EUR 4.2 billiún in aghaidh na bliana ar ioncam feirme

Costais choigeartaithe iomlána le haghaidh laghdú ar an gcur amú bia le haghaidh gníomhaithe sa slabhra bia – EUR 2 bhilliún [EUR 41/tona de dhramhaíl bhia a sheachnaítear]

Sochair eacnamaíocha le haghaidh earnáil na dteicstílí

·EPR: Torthaí foriomlána bliantúla EUR 3.5-4.5 billiún ar an infheistíocht san athchúrsáil (lena n‑áirítear na sochair a léirítear le haghaidh na mbeart eile)

·Sórtáil bhreise:Luach athúsáide EUR 534 mhilliún in aghaidh na bliana agus luach athchúrsála EUR 94 mhilliún in aghaidh na bliana

·Bailiú breise: Comhluach athúsáide agus athchúrsála EUR 28 milliún in aghaidh na bliana

Sochair eacnamaíocha maidir le laghdú ar an gcur amú bia

·breisluach foriomlán EUR 1.6 billiún do gheilleagar an Aontais (lena n‑áirítear na costais thuasluaite)

·coigilteas EUR 439 ar chaiteachas teaghlaigh ar bhia in aghaidh na bliana in aghaidh an teaghlaigh (ceathrar)

Sochair chomhshaoil

·EUR 16 mhilliún ó laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó dhramhaíl teicstíle chomh maith le laghdú ar scaoileadh truailleán isteach san aer, san uisce agus ar an talamh a deascródh as drochbhainistiú dramhaíola ina mhalairt de chás.

·3,9 milliún tona (san Aontas) agus 12,6 milliún tona (lasmuigh den Aontas) de laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (lena n‑áirítear an éifeacht athfhillteach) 62 mhilliún tona dastaíochtaí gás ceaptha teasa a sheachnaítear (gan an éifeacht athfhillteach san áireamh)

·laghdú ar scaoileadh truailleán isteach san aer, san uisce agus ar an talamh a deascródh as drochbhainistiú dramhaíola ina mhalairt de chás

·Tionchar laghdaithe 2,2 trilliún Pt ar an úsáid talún,

·laghdú 532 mhilliún kg de Neq ar eotrófú na mara

·laghdú 80 billiún m3 in aghaidh na bliana ar ghanntanas uisce.

·Luach airgid ar an gcoigilteas comhshaoil foriomlán – EUR 9-23 bhilliún 

Sochair shóisialta

·Cruthaítear 8 740 post i ndáil le teicstílí agus maolaítear tionchair shóisialta na dramhaíola ón Aontas i dtríú tíortha (gan aon mheasúnú tionchair ghlain; féach Iarscríbhinn 4 le haghaidh sonraí agus toimhdí bunúsacha)

·Cailltear suas le 135 000 post in earnálacha agraibhia (tá coinne leis go gcúiteofaí an caillteanas sin in earnálacha eile)

Costais:

EUR 975 mhilliún (d’fhéadfadh sé go mbeadh ar thomhaltóirí, ar tháirgeoirí nó ar mheascán díobh na costais sin a iompar).

Breisluach foriomlán EUR 1,6 billiún (0.016 %) do gheilleagar an Aontais ón laghdú ar an gcur amú bia

Sochair:

Sochair dhíreacha EUR 656 mhilliún de theicstílí in-athúsáidte agus in-athchúrsáilte le haghaidh mhargadh athúsáide agus athchúrsála an Aontais chomh maith le tacaíocht le toradh bliantúil foriomlán EUR 3.5-4.5 billiún ó infheistíochtaí EPR.

Coigilteas EUR 439 ar chaiteachas teaghlaigh ar bhia in aghaidh na bliana in aghaidh an teaghlaigh (ceathrar)

Laghdú breise ar astaíochtaí gás ceaptha teasa EUR 16 mhilliún in aghaidh na bliana ó theicstílí agus laghdú breise ar astaíochtaí gás ceaptha teasa cothrom le 62 mhilliún tona in aghaidh na bliana (luach airgid ar an gcoigilteas comhshaoil foriomlán – EUR 9-23 bhilliún),

Cruthaítear 8 740 post sa bhainistiú dramhaíola ach cailltear suas le 135 000 post in earnálacha agraibhia (tá coinne leis go gcúiteofaí an caillteanas sin in earnálacha eile)

Éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas foriomlán: dearfach

Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairtí ag an togra maidir le cosaint na gceart bunúsach. 

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Léirítear sa ráiteas airgeadais atá san áireamh na himpleachtaí buiséadacha mionsonraithe agus na hacmhainní daonna agus riaracháin is gá sa togra seo. 

Is é an Coimisiún Eorpach, agus níos sonraíche Ard‑Stiúrthóireacht an Chomhshaoil (AS an Chomhshaoil) agus an Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia (AS um Shláinte agus Sábháilteacht Bia), a bheidh freagrach as an Treoir a chaibidliú tríd an ngnáthnós imeachta comhchinnteoireachta, chomh maith lena cur chun feidhme go ginearálta agus as glacadh gach gnímh cur chun feidhme agus tarmligthe a bheartaítear ann. Áirítear ar Ard-Stiúrthóireachtaí agus gníomhaireachtaí eile a sholáthróidh ionchur an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) agus an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA). 

Maidir le hArd‑Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, bunaítear na hionsamhluithe airgeadais reatha ar 0.75 FTE (AD) le haghaidh an phróisis comhchinnteoireachta agus an chur chun feidhme chomh maith le 3.0 FTE gníomhaí ar conradh le haghaidh an chur chun feidhme theicniúil chun forbairt a dhéanamh ar na gníomhartha cur chun feidhme a fhoráiltear. 

Maidir le AS um Shláinte agus Sábháilteacht Bia, bunaítear na hionsamhluithe airgeadais ar 0.5 FTE (AD) reatha le haghaidh an phróisis comhchinnteoireachta agus an fhaireacháin ar an gcur chun feidhme ar fud na mBallstát.   

Beidh na costais le haghaidh fhoireann an Choimisiúin cothrom le EUR 2 033 000 bunaithe ar na scálaí tuarastail is déanaí, atá ar fáil go poiblí.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Áirítear sa togra roinnt forálacha chun faireachán a fheabhsú. Tá mionsonraí in Iarscríbhinn 14 den Mheasúnú Tionchair ar na huirlisí faireacháin agus meastóireachta. Tionchar na rogha tosaíochta beartais i mbaint amach na gcuspóirí chun dramhaíl teicstíle agus giniúint dramhaíola teicstíle iarmharach a laghdú, déantar faireachán ar an tionchar sin trí na táscairí agus na spriocanna a leagtar amach i mbeart 3.6 agus bunaithe ar na sreabha sonraí feabhsaithe maidir le teicstílí mar thoradh ar bheart 2.14. Leis an mbeart deiridh sin, cumasófar freisin socrú spriocanna feidhmíochta breise ar spriocanna iad a mheastar a bheith neamh-indéanta faoi rogha 3 faoi láthair. Bunaítear an faireachán ar shonraí bliantúla ar theicstílí a ullmhaítear lena n‑athúsáid faoi scéimeanna EPR (beart 2.14 agus féach na mionsonraí in Iarscríbhinn 10).

I gcás cur amú bia, braithfidh an faireachán ar oibleagáidí tuairiscithe i.e. tuairisciú bliantúil ó na Ballstáit ar mhéideanna dramhaíola bia a thagann chun cinn (Airteagal 37(3) de WFD) agus an t‑athbhreithniú débhliantúil ar dhul chun cinn na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil ar chur chun feidhme clár le cur amú bia a chosc (Airteagal 30 de WFD).

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leagtar síos le hAirteagal 1 na leasuithe le haghaidh WFD, go háirithe na hairteagail seo a leanas den Treoir sin:

Leagtar síos le hAirteagal 2(1)(a) raon feidhme athbhreithnithe an eisiaimh ó raon feidhme na Treorach le haghaidh eisiltigh ghásacha a scaoiltear san atmaisféar agus dé‑ocsaíd charbóin a ghabhtar agus a iompraítear chun críoch stóráil gheolaíoch agus a stóráiltear go geolaíoch. 

Leagtar síos le hAirteagal 3 sainmhínithe nua le haghaidh ‘táirgeoir táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc’, ‘cur ar fáil ar an margadh’, ‘eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí’, ‘ardán ar líne’ agus ‘tomhaltóir’. 

Leagtar síos le hAirteagal 9a ceanglais maidir le bearta atá le déanamh ag na Ballstáit chun cur amú bia a chosc a bhaineann le tacú le hathrú iompraíochta agus comhar sa slabhra soláthair (1) agus sainítear spriocanna maidir le laghdú ar an gcur amú bia atá le baint amach ag na Ballstáit faoi 2030 (4). 

Leagtar síos le hAirteagal 22a ceanglais maidir le bearta atá le déanamh ag na Ballstáit chun scéim freagrachta leathnaithe táirgeora a thabhairt isteach le haghaidh táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt agus rialacha comhchuibhithe maidir lena cur i bhfeidhm, lena n‑áirítear maidir leis na táirgí ina raon feidhme agus raon feidhme fhreagracht airgeadais na dtáirgí. 

Leagtar síos le hAirteagal 22b ceanglais maidir le bearta atá le déanamh ag na Ballstáit chun an clár táirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a bhunú chun na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a chur chun feidhme. 

Leagtar síos le hAirteagal 22c ceanglais maidir le bearta atá le déanamh ag na Ballstáit maidir le bunú agus freagrachtaí eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí le haghaidh teicstílí. 

Leagtar síos le hAirteagal 22d ceanglais maidir le bearta atá le déanamh ag na Ballstáit maidir le bainistiú dramhaíola teicstíle. 

Leagtar síos le hAirteagal 29a oibleagáidí maidir le bearta atá le déanamh ag na Ballstáit chun a gcláir chun cur amú bia a chosc a athbhreithniú agus a chur in oiriúint d’fhonn na spriocanna laghdaithe a bhaint amach (1) agus na húdaráis inniúla a ainmniú atá freagrach as comhordú na mbeart chun cur amú bia a laghdú (2).

Leagtar síos le hAirteagal 37 ceanglais tuairiscithe maidir le bearta atá le déanamh ag na Ballstáit i ndáil le teicstílí agus athrú ar cheanglais tuairiscithe na mBallstát i ndáil le sreabhadh sonraí maidir le hathúsáid táirgí chuig an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil. 

Leagtar síos le hAirteagal 2 trasuí na leasuithe ar an Treoir. 

Leagtar síos le hAirteagal 3 teacht i bhfeidhm na leasuithe ar an Treoir.

Leagtar síos le hAirteagal 4 seoltaí na leasuithe ar an Treoir.

2023/0234 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 67 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 68 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach 69 , éilítear gníomhaíocht threisithe bhrostaithe ón Aontas agus ó na Ballstáit chun inbhuaine comhshaoil agus shóisialta na n‑earnálacha teicstílí agus bia a áirithiú mar tá siad i measc na n‑earnálacha is mó atá dian ó thaobh acmhainní de agus atá ina gcúis le seachtrachtaí comhshaoil diúltacha móra. Sna hearnálacha sin, cuireann bearnaí maoiniúcháin agus teicneolaíochta bac ar an dul chun cinn i dtreo an aistrithe chuig geilleagar ciorclach agus chuig an dícharbónú. Tá earnálacha an bhia agus na dteicstílí ar an gcéad agus ar an gceathrú earnáil faoi seach is mó atá dian ó thaobh acmhainní de 70 agus ní chloíonn siad go hiomlán le prionsabail bhunúsacha an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola a leagtar amach le hord na réiteach dramhaíola lena gceanglaítear tús áite a thabhairt do dhramhaíl a chosc agus dullmhú le haghaidh athúsáide agus athchúrsála ina dhiaidh sin. Réitigh chórasacha lena ngabhann cur chuige saolré atá de dhíth ar na dúshláin sin.

(2)De réir Straitéis an Aontais Eorpaigh um Theicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha 71 ,, tá gá le hathruithe móra chun imeacht ón mbealach líneach atá i réim faoi láthair ina ndéantar táirgí teicstíle a dhearadh, a tháirgeadh agus a úsáid agus a fhaightear réidh leo, agus tá gá ar leith ann le teorainn a chur leis an mearfhaisean. Meastar sa Straitéis gur tábhachtach an rud é freagracht a chur ar tháirgeoirí as an dramhaíl a chruthaítear lena dtáirgí agus tagraítear ann do bhunú rialacha comhchuibhithe an Aontais maidir le freagracht leathnaithe táirgeora le haghaidh teicstílí lena ngabhfaidh éiceamhodhnú táillí. Foráiltear ann gurb é is príomhchuspóir do na rialacha sin geilleagar a chruthú le haghaidh bailithe, sórtála, athúsáide, ullmhú le haghaidh athúsáide, agus athchúrsála, agus táirgeoirí a spreagadh lena áirithiú go ndeartar a dtáirgí i gcomhréir le prionsabail na ciorclaíochta. Chuige sin, maidir leis na ranníocaíochtaí arna ndéanamh ag táirgeoirí le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora, foráiltear ann gur gá cuid mhór de na ranníocaíochtaí sin a thiomnú do bhearta chun dramhaíl a chosc agus don ullmhú le haghaidh athúsáide. Tacaítear ann freisin leis an ngá le cuir chuige neartaithe agus níos nuálaí i leith bainistiú acmhainní bitheolaíochta chun cur le ciorclaíocht agus luachshocrú dramhaíola bia agus le hathúsáid teicstílí bithbhunaithe.

(3)Ag féachaint déifeachtaí diúltacha an chur amú bia, gheall na Ballstáit bearta a dhéanamh chun cosc agus laghdú ar an gcur amú bia a chur chun cinn i gcomhréir le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, ar ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe leis an 25 Meán Fómhair 2015, agus go háirithe i gcomhréir lena sprioc chun an dramhaíl bhia dhomhanda per capita a laghdú faoina leath ar an leibhéal miondíola agus tomhaltais agus chun caillteanais bhia ar fud slabhraí táirgthe agus soláthair a laghdú, lena n‑áirítear caillteanais iarbhuainte, faoi 2030. Bhí sé daidhm ag na bearta sin dramhaíl bhia a chosc agus a laghdú i dtáirgeadh príomhúil, i bpróiseáil agus i monarú, i miondíol agus i ndáileadh eile ar bhia, i mbialanna agus i seirbhísí bia agus i dteaghlaigh.

(4)Mar bheart leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, gheall an Coimisiún go gcuirfeadh sé ar a gcumas do phainéil saoránach plé agus moltaí a dhéanamh roimh phríomh‑thograí áirithe. Sa chomhthéacs sin, tionóladh Painéal Saoránach Eorpach ó mhí na Nollag 2022 go dtí mí Feabhra 2023 chun liosta moltaí 72 a ullmhú maidir le conas dlús a chur le gníomhaíochtaí chun an cur amú bia san Aontas a laghdú. Ós rud é gurb iad teaghlaigh a ghineann níos mó ná leath den dramhaíl bhia a ghintear san Aontas, is ábhartha go háirithe léargais na saoránach maidir le cosc a chur ar an gcur amú bia. Mhol saoránaigh trí phríomhlíne ghníomhaíochta ar a n‑áirítear comhar sa slabhra luacha bia a neartú, tionscnaimh gnó bia, agus tacú le hathrú iompraíochta tomhaltóirí. Leanfaidh moltaí an phainéil de thacú le clár oibre foriomlán an Choimisiúin a bhaineann leis an gcur amú bia a chosc agus dfhéadfaidís a bheith ina dtreoir freisin chun cuidiú leis na Ballstáit na spriocanna a bhaint amach maidir leis an gcur amú bia a laghdú.

(5)Le Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 73 , eisíodh ó raon feidhme Threoir 2006/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 74 dé‑ocsaíd charbóin a ghabhtar agus a iompraítear chun críoch stóráil gheolaíoch agus a stóráiltear go geolaíoch de bhun cheanglais Threoir 2006/12/CE. Maidir leis an bhforáil i dTreoir 2009/31/CE lena leasaítear Treoir 2006/12/CE, níor ionchorpraíodh í mar sin féin i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 75 , lenar leasaíodh Treoir 2006/12/CE. Dá bhrí sin, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, cuimsítear leis an Treoir seo leasuithe Threoir 2009/31/CE a bhaineann le heisiamh dé‑ocsaíde carbóin a ghabhtar agus a iompraítear chun críoch stóráil gheolaíoch agus a stóráiltear go geolaíoch ó raon feidhme Threoir 2008/98/CE.

(6)Sainmhínithe ar tháirgeoirí táirgí teicstíle, ardáin ar líne agus eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bhaineann le cur chun feidhme na freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh teicstílí, ní mór iad a chur san áireamh i dTreoir 2008/98/CE le go ndéanfar raon feidhme na gcoincheap sin agus na n‑oibleagáidí a bhaineann leo a shoiléiriú.

(7)Go pointe áirithe, rinne na Ballstáit ábhair a fhorbairt agus chuaigh siad i mbun feachtais ina ndírítear ar an gcur amú bia a chosc le haghaidh tomhaltóirí agus oibreoirí gnó bia; mar sin féin, díríonn siad sin ar fheasacht a mhúscailt seachas athrú ar iompraíocht a spreagadh. Chun an lánacmhainneacht a bhaint amach maidir leis an gcur amú bia a laghdú agus dul chun cinn a áirithiú le himeacht ama, ní mór idirghabhálacha athraithe iompraíochta a fhorbairt, atá curtha in oiriúint do na cásanna sonracha agus na riachtanais shonracha sna Ballstáit, agus ní mór iad a chomhtháthú i gcláir náisiúnta chun an cur amú bia a chosc. Ba cheart béim a leagan freisin ar réitigh chiorclacha réigiúnacha, ar a n‑áirítear comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí agus rannpháirtíocht saoránach chomh maith le hoiriúnú do riachtanais shonracha réigiúnacha amhail réigiúin is forimeallaí nó oileáin.

(8)Dainneoin na feasachta níos mó ar thionchair dhiúltacha agus ar iarmhairtí diúltacha an chur amú bia, gealltanais pholaitiúla a tugadh ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát, agus na mbeart a cuireadh chun feidhme san Aontas ó Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach 2015, níl laghdú leordhóthanach ag teacht ar an nginiúint dramhaíola bia chun dul chun cinn mór a dhéanamh i dtreo Sprioc 12.3 de Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 12 (SDG) de na Náisiúin Aontaithe. Chun rannchuidiú nach beag i dtreo bhaint amach Sprioc 12.3 SDG a áirithiú, maidir leis na bearta atá le déanamh ag na Ballstáit, ba cheart iad a neartú chun dul chun cinn a dhéanamh i gcur chun feidhme na Treorach seo agus beart iomchuí eile chun giniúint dramhaíola bia a laghdú.

(9)Chun torthaí a bhaint amach sa ghearrthéarma, agus chun an pheirspictíocht is gá a thabhairt doibreoirí gnó bia, tomhaltóirí agus údaráis phoiblí san fhadtéarma, ba cheart spriocanna cainníochtaithe a shocrú le haghaidh laghdú ar ghiniúint dramhaíola bia atá le baint amach ag na Ballstáit faoi 2030.

(10)Ag féachaint do ghealltanas an Aontais i ndáil leis an uaillmhian a leagtar amach i Sprioc 12.3 SDG, maidir le socrú na spriocanna chun an cur amú bia a laghdú atá le baint amach ag na Ballstáit faoi 2030, ba cheart spreagadh beartais láidir a sholáthar leo chun beart a dhéanamh agus rannchuidiú mór le spriocanna domhanda a áirithiú. Mar sin féin, i bhfianaise cineál ceangailteach ó thaobh dlí na spriocanna sin, ba cheart dóibh a bheith comhréireach agus indéanta, agus ba cheart a chur san áireamh iontu ról gníomhaithe éagsúla i slabhra an tsoláthair bia chomh maith lena n‑acmhainneacht (go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga). Ba cheart, dá bhrí sin, cur chuige céim ar chéim a ghlacadh chun spriocanna a bhunú atá ceangailteach ó thaobh dlí de, ag tosú le leibhéal atá níos ísle ná an leibhéal a shocraítear faoi SDG, dfhonn freagairt chomhsheasmhach ó na Ballstáit agus dul chun cinn follasach i dtreo Sprioc 12.3 a áirithiú.

(11)Bíonn gá le cuir chuige agus bearta éagsúla chun an cur amú bia a laghdú ag céimeanna an táirgthe agus an tomhaltais agus bíonn grúpaí páirtithe leasmhara éagsúla i gceist. Dá bhrí sin, ba cheart aon sprioc amháin a mholadh le haghaidh na céime próiseála agus monaraíochta agus sprioc eile le haghaidh miondíol agus dáileadh eile bia, bialanna agus seirbhísí bia agus teaghlaigh.

(12)Ag cuimhneamh ar an idirspleáchas idir na céimeanna dáileacháin agus tomhaltais i slabhra an tsoláthair bia, go háirithe tionchar na gcleachtas bia ar an iompraíocht tomhaltóirí agus an caidreamh idir tomhaltas bia sa teaghlach féin agus lasmuigh de, is inmholta aon chomhsprioc amháin a bhunú le haghaidh na gcéimeanna sin de shlabhra an tsoláthair bia. Dá socrófaí spriocanna ar leithligh le haghaidh gach ceann de na céimeanna sin, chuirfí castacht gan ghá leis agus chuirfí teorainn le solúbthacht na mBallstát chun díriú isteach ar a réimsí sonracha ar ábhair imní iad. Chun a sheachaint go mbeidh ina thoradh ar chomhsprioc ualach iomarcach ar oibreoirí áirithe, cuirfear comhairle ar Bhallstáit prionsabal na comhréireachta a chur san áireamh agus bearta á mbunú chun an chomhsprioc a bhaint amach. 

(13)Bíonn tionchar mór ag athruithe déimeagrafacha ar an méid bia a itear agus ar an dramhaíl bhia a ghintear. Dá bhrí sin, ba cheart comhsprioc chun an cur amú bia a laghdú, a bhainfeadh le miondíol agus dáileadh eile bia, bialanna agus seirbhísí bia agus teaghlaigh, a shloinneadh mar athrú céatadáin ar leibhéil dramhaíola bia per capita chun athruithe ar an daonra a chur san áireamh.

(14)Ar bhonn na modheolaíochta comhchuibhithe a leagtar amach i gCinneadh Tarmligthe (AE) 2019/1597 ón gCoimisiún 76 , ba í 2020 an chéad bhliain ar bailíodh sonraí ar leibhéil dramhaíola bia ina leith. Dá bhrí sin, ba cheart 2020 a úsáid mar bhonnlíne chun spriocanna a shocrú chun an cur amú bia a laghdú. I gcás na mBallstát ar féidir leo a léiriú go ndearna siad bearta maidir leis an gcur amú bia roimh 2020, agus modhanna atá i gcomhréir le Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/1597 in úsáid acu, ba cheart úsáid bonnlíne níos luaithe a cheadú.

(15)Dfhonn a áirithiú go n‑éireoidh leis an gcur chuige céim ar chéim i dtreo bhaint amach na sprice domhanda i leith a chuspóirí, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na leibhéil a shocraítear le haghaidh na spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí de chun an cur amú bia a laghdú agus ba cheart iad a leasú, dá mbiomchuí, chun an dul chun cinn arna dhéanamh ag na Ballstáit le himeacht ama a chur san áireamh. Ar an gcaoi sin, dfhéadfaí coigeartú a dhéanamh ar na spriocanna dfhonn rannchuidiú an Aontais a neartú agus ailíniú níos mó le Sprioc 12.3 SDG, atá le baint amach faoi 2030, chomh maith le treoir a sholáthar le haghaidh dul chun cinn níos mó tar éis an dáta sin.

(16)Chun cur chun feidhme níos fearr, níos tráthúla agus níos aonfhoirmí na bhforálacha a bhaineann le cosc ar an gcur amú bia a áirithiú, chun aon laige sa chur chun feidhme a réamh-mheas, agus chun bheith in ann beart a dhéanamh roimh na sprioc-amanna chun na spriocanna a chomhlíonadh, ba cheart an córas tuarascálacha luathrabhaidh, a tugadh isteach in 2018, a leathnú chun spriocanna maidir le laghdú ar an gcur amú bia a chumhdach.

(17)I gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, dá dtagraítear in Airteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá sé fíor‑riachtanach go nglacfadh na táirgeoirí a chuireann táirgí áirithe teicstíle, táirgí áirithe a bhaineann le teicstílí agus táirgí áirithe coisbhirt ar mhargadh an Aontais freagracht as a mbainistíocht ag deireadh a saolré chomh maith le síneadh a chur lena saolré trí tháirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a chur ar fáil ar an margadh le haghaidh athúsáide. Chun an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur chun feidhme, is iomchuí na hoibleagáidí maidir le bainistiú táirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstíle agus táirgí coisbhirt, lena n‑áirítear aon mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir, gan beann ar an teicníc dhíolta a úsáideann sé, é san áireamh trí bhíthin cianchonarthaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 77 , a chuireann na táirgí sin ar an margadh den chéad uair, laistigh de chríoch Ballstáit, ar bhonn gairmiúil faoina ainm nó a thrádmharc féin. Ba cheart a eisiamh ó raon na dtáirgeoirí a chumhdaítear leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora micrifhiontair agus táilliúirí féinfhostaithe a tháirgeann táirgeoirí saincheaptha i bhfianaise a róil laghdaithe sa mhargadh teicstílí chomh maith leo siúd a chuireann ar an margadh táirgí teicstíle úsáidte, táirgí úsáidte a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt úsáidte nó táirgí den sórt sin a dhíorthaítear ó úsáid nó ó dhramhaíl na dtáirgí sin chun tacú leis an athúsáid, lena n‑áirítear trí dheisiú, athchóiriú agus uaschúrsáil trína n‑athraítear feidhmiúlachtaí áirithe den táirge bunaidh, laistigh den Aontas.

(18)Is ann déagothromaíochtaí móra sa chaoi a mbunaítear bailiú ar leithligh teicstílí nó sa chaoi a mbeartaítear a bhunú, cé acu trí scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora nó trí chuir chuige eile. I gcás ina mbreithnítear scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora, is ann déagothromaíochtaí móra freisin, mar shampla maidir leis na táirgí a thagann faoina raon feidhme agus maidir le freagracht táirgeoirí chomh maith le samhlacha rialachais. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag na rialacha maidir le freagracht leathnaithe táirgeora a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE, maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora do tháirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt. Mar sin féin, ba cheart iad a chomhlánú le forálacha sonracha eile is ábhartha do shaintréithe na hearnála teicstílí, go háirithe, cion ard na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) i measc na dtáirgeoirí, ról fiontar sóisialta agus tábhacht na hathúsáide chun cur le hinbhuanaitheacht an tslabhra luacha teicstíle. Ba cheart dóibh a bheith níos mionsonraithe agus níos comhchuibhithe freisin chun cruthú margaidh ilroinnte a sheachaint a dfhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar an earnáil, go háirithe ar mhicrifhiontair agus ar FBManna, maidir le bailiú, cóireáil agus athchúrsáil, chomh maith le dreasachtaí soiléire a sholáthar le haghaidh dearadh táirgí teicstíle inbhuanaithe agus beartas agus chun margaí amhábhar tánaisteach a éascú. Sa chomhthéacs sin, spreagtar na Ballstáit chun cuimhneamh ar roinnt eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a údarú mar dfhéadfadh iomaíocht i measc eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí den sórt sin a bheith ina cúis le sochair níos mó do thomhaltóirí, cur leis an nuálaíocht, costais a ísliú, feabhas a chur ar rátaí bailithe, agus cur leis na roghanna do tháirgeoirí ar mian leo nascadh le heagraíochtaí den sórt sin.

(19)Teicstílí tí agus éadaí agus baill éadaigh atá sa chion is mó de thomhaltas teicstílí san Aontas agus is iad is mó a chuireann le patrúin neamh-inbhuaine rótháirgthe agus ró-thomhaltais. Is ar theicstílí tí agus ar bhaill éadaigh a dhírítear na córais bailithe ar leithligh uile atá ann cheana sna Ballstáit mar aon le baill éadaigh iarthomhaltais eile agus gabhálais agus coisbhearta nach iad teicstílí is mó atá iontu. Dá bhrí sin, ba cheart a chumhdach le raon feidhme na scéime freagrachta leathnaithe táirgeora a bhunaítear táirgí teicstíle tí agus baill éadaigh, gabhálais éadaigh agus coisbhearta eile. Dfhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú le haghaidh na dtáirgeoirí maidir leis na táirgí atá faoi réir na freagrachta leathnaithe táirgeora, ba cheart na táirgí a thagann faoin raon feidhme a shainaithint trí thagairt do na cóid Ainmníochta Comhcheangailte de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle 78 .

(20)Tá earnáil na dteicstílí dian ó thaobh acmhainní de. Maidir le táirgeadh amhábhar agus teicstílí araon, formhór na mbrúnna agus na dtionchar a bhaineann le tomhaltas éadaí, coisbheart, agus teicstílí tí san Aontas, is tríú tíortha atá thíos leo, ach déanann siad difear freisin don Aontas i ngeall ar a dtionchar domhanda ar an aeráid agus ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, is féidir cuidiú le lorg comhshaoil domhanda na hearnála a laghdú, é san áireamh san Aontas, ach dramhaíl teicstíle a chosc, ullmhú le haghaidh a hathúsáide agus í a athchúrsáil. Ina theannta sin, an bainistiú dramhaíola teicstíle atá ann faoi láthair agus atá neamhéifeachtúil ó thaobh acmhainní de, níl sé i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus bíonn mar thoradh air díobháil chomhshaoil san Aontas agus i dtríú tíortha araon, lena n‑áirítear trí astaíochtaí gás ceaptha teasa ó loscadh agus ó líonadh talún.

(21)Is é cuspóir na freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh teicstílí, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt ardleibhéal cosanta comhshaoil agus sláinte san Aontas a áirithiú, geilleagar a chruthú le haghaidh bailithe, sórtála, athúsáide, ullmhú le haghaidh athúsáide, agus athchúrsála, go háirithe athchúrsáil snáithín go snáithín, chomh maith le dreasachtaí le haghaidh táirgeoirí lena áirithiú go ndeartar a dtáirgí i gcomhréir le prionsabal na ciorclaíochta. Ba cheart do na táirgeoirí teicstíle agus coisbheart maoiniú a dhéanamh ar na costais bhailithe, sórtála le haghaidh athúsáide, ullmhúcháin le haghaidh athúsáide agus athchúrsála, agus ar an athchúrsáil agus ar chóireáil eile de theicstílí agus de choisbhearta úsáidte agus dramhaíola a bhailítear, lena n‑áirítear táirgí tomhaltais neamhdhíolta a meastar mar dhramhaíl iad a soláthraíodh ar chríoch na mBallstát tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí sin lena áirithiú nach mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí go cúlghabhálach agus go gcloíonn siad le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla. Ba cheart do na táirgeoirí sin maoiniú a dhéanamh freisin ar na costais a bhaineann le suirbhéanna comhdhéanaimh a dhéanamh ar dhramhaíl chathrach mheasctha a bhailítear, tacaíocht le haghaidh taighde agus forbairt i dteicneolaíochtaí sórtála agus athchúrsála, tuairisciú maidir le bailiú ar leithligh, athúsáid agus cóireáil eile, agus faisnéis a sholáthar dúsáideoirí deiridh maidir le tionchar agus bainistíocht inbhuanaithe teicstílí.

(22)Ba cheart do tháirgeoirí a bheith freagrach as córais bhailithe a bhunú le haghaidh bhailiú na dtáirgí teicstíle, na dtáirgí a bhaineann le teicstílí agus na dtáirgí coisbhirt ar táirgí úsáidte agus dramhaíola iad agus as a áirithiú go ndéanfar iad a shórtáil ina dhiaidh sin le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athúsáide agus athchúrsála chun infhaighteacht éadaí agus coisbheart athláimhe a mhéadú an oiread is féidir agus laghdú a dhéanamh ar na méideanna le haghaidh cineálacha cóireála dramhaíola arb ísle iad in ord na réiteach dramhaíola. A áirithiú gur féidir táirgí teicstíle a úsáid agus a athúsáid ar feadh tréimhse ama níos faide agus a áirithiú gurb é sin a dhéantar, tá sé ar an mbealach is éifeachtaí chun laghdú mór a dhéanamh ar a dtionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol. Ba cheart a chumasú leis sin freisin samhlacha gnó inbhuanaithe agus ciorclacha, amhail athúsáid, fáil ar cíos agus deisiú, seirbhísí aisghlactha agus miondíol athláimhe, rud a chruthaíonn poist ardchaighdeáin ghlasa nua agus deiseanna nua sábhála costas le haghaidh saoránach. Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh táirgeoirí freagrach as an dramhaíl a chruthaíonn a dtáirgí chun giniúint dramhaíola teicstílí a dhíchúpláil ó fhás na hearnála. Dá bhrí sin, ba cheart do na táirgeoirí a bheith freagrach freisin as an athchúrsáil, go háirithe tús áite a thabhairt duas-scálú na hathchúrsála snáithín go snáithín, agus oibríochtaí aisghabhála eile agus diúscairt.

(23)Ba cheart do tháirgeoirí agus deagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí maoiniú a dhéanamh ar uas-scálú athchúrsála teicstílí, go háirithe athchúrsáil snáithín go snáithín lena gcumasaítear athchúrsáil ar raon níos leithne ábhar agus lena gcruthaítear foinse amhábhar le haghaidh táirgeadh teicstílí san Aontas. Tá sé tábhachtach freisin go dtacaíonn na táirgeoirí ó thaobh airgeadais de le taighde agus nuálaíocht maidir le forbairtí teicneolaíochta i sórtáil uathoibríoch agus réitigh sórtála ó thaobh comhdhéanaimh de lena gcumasaítear scaradh agus athchúrsáil ábhar measctha agus dí-éilliú na dramhaíola chun réitigh athchúrsála snáithín go snáithín ardchaighdeáin agus glacadh ábhair snáithíní athchúrsáilte a chumasú. Chun comhlíontacht na Treorach seo a éascú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh faisnéis agus cúnamh ar fáil doibreoirí eacnamaíocha ón earnáil teicstílí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus ba cheart don fhaisnéis agus don chúnamh sin a bheith i bhfoirm treoraíochta, tacaíocht airgeadais, rochtain ar mhaoiniú, bainistiú speisialaithe agus ábhar oiliúna foirne, nó cúnamh eagraíochtúil agus cúnamh teicniúil. Má mhaoinítear tacaíocht trí acmhainní stáit, lena n‑áirítear tacaíocht a mhaoinítear ina hiomláine le ranníocaíochtaí arna bhforchur ag an údarás poiblí agus a thoibhítear ar na gnóthais lena mbaineann, dfhéadfadh sé gur státchabhair a bheadh sa tacaíocht sin de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE; sna cásanna sin, ní mór do na Ballstáit comhlíontacht na rialacha maidir leis an státchabhair a áirithiú. Is é slógadh infheistíochta príobháidí agus poiblí i gciorclaíocht agus i ndícharbónú na hearnála teicstílí is ábhar freisin do roinnt cláir cistiúcháin agus treochláir ón Aontas amhail na Moil don Chiorclaíocht agus glaonna sonracha faoi Fhís Eorpach. Is gá freisin measúnú breise a dhéanamh ar a indéanta atá sé spriocanna Aontais a shocrú le haghaidh athchúrsáil teicstílí chun tacú le forbairt theicneolaíoch agus leis na hinfheistíochtaí sa bhonneagar athchúrsála chomh maith leis an mbrú i dtreo na héicidhearthóireachta le haghaidh na hathchúrsála, agus chun na gnéithe sin a spreagadh.

(24)Táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, ba cheart iad a bhailiú ar leithligh ó shruthanna dramhaíola eile amhail miotail, páipéar agus cairtchlár, gloine, plaistigh, adhmad agus bithdhramhaíl ón 1 Eanáir 2025 amach chun a n‑ath-inúsáidteacht agus a n‑ionchas le haghaidh athchúrsáil ardchaighdeáin a choinneáil ar bun. Ag cuimhneamh ar an tionchar comhshaoil agus ar an gcaillteanas ábhar toisc nach ndéantar teicstílí úsáidte agus dramhaíola a bhailiú ar leithligh, agus toisc nach gcóireáiltear iad ina dhiaidh sin ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de, ba cheart a chumhdach leis an líonra bailithe táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, críoch iomlán na mBallstát lena n‑áirítear na réigiúin is forimeallaí, ba cheart don líonra a bheith gar don úsáideoir deiridh agus níor cheart díriú ar limistéir agus ar tháirgí inar brabúsach an bailiú, agus orthu sin amháin. Ba cheart an líonra bailithe a eagrú i gcomhar le gníomhaithe eile atá gníomhach sna hearnálacha bainistithe dramhaíola agus athúsáide, amhail bardais agus fiontair shóisialta. I bhfianaise na sochar mór comhshaoil agus aeráide a bhaineann le hathúsáid, ba cheart a bheith mar phríomhchuspóir agus mar chuspóir tánaisteach an líonra bailithe dá réir sin bailiú táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, ar táirgí ath-inúsáidte agus in-athchúrsáilte iad. Ós rud é nach mbíonn oiliúint ar an tomhaltóir idirdhealú a dhéanamh idir earraí in‑athúsáidte agus in‑athchúrsáilte, ba cheart do na córais bhailithe, lena n‑áirítear chun críoch éifeachtúlachta lóistíochta, foráil a dhéanamh maidir leis na gabhdáin bhailithe ina mbailítear idir earraí úsáidte agus earraí dramhaíola le chéile. Le rátaí bailithe arda, spreagfaí feidhmíocht ard athúsáide agus cuireann athchúrsáil ardchaighdeáin sna slabhraí soláthair teicstíle borradh faoi ghlacadh amhábhar tánaisteach ardchaighdeáin agus tacaítear leis an bpleanáil infheistíochta sa bhonneagar sórtála agus próiseála teicstílí. Chun éifeachtacht an líonra bailithe agus na bhfeachtas eolais a fhíorú agus a fheabhsú, ba cheart suirbhéanna comhdhéanaimh ar leibhéal 2 NUTS ar a laghad a dhéanamh go tráthrialta ar dhramhaíl mheasctha chathrach chun méid na dteicstílí agus na gcoisbheart dramhaíola atá ann a chinneadh. Ina theannta sin, faisnéis ar fheidhmíocht na gcóras bailithe ar leithligh agus an ráta bailithe ar leithligh bliantúil a bhaintear amach, ba cheart do na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an fhaisnéis sin a ríomh agus a chur ar fáil go poiblí.

(25)I bhfianaise an phríomhróil atá ag fiontair shóisialta agus ag eintitis an gheilleagair shóisialta sna córais bailithe teicstílí atá ann cheana agus a n‑acmhainneacht chun samhlacha gnó áitiúla, inbhuanaithe, rannpháirteacha agus cuimsitheacha agus poist ardchaighdeáin a chruthú san Aontas, i gcomhréir le cuspóirí Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis an nGeilleagar Sóisialta 79 , le tabhairt isteach scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora ba cheart gníomhaíochtaí fiontar sóisialta agus eintitis an gheilleagair shóisialta atá páirteach i mbainistiú teicstílí a choinneáil ar bun agus tacú leo.Dá bhrí sin, ba cheart féachaint ar na heintitis sin mar chomhpháirtithe sna córais bhailithe ar leithligh lena dtacaítear le huas-scálú na húsáide agus an deisithe agus lena gcruthaítear poist ardchaighdeáin do chách agus go háirithe do ghrúpaí leochaileacha.

(26)Ba cheart do tháirgeoirí agus deagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh san fhaisnéis a chur ar fáil dúsáideoirí deiridh, go háirithe tomhaltóirí, gur cheart teicstílí agus coisbhearta úsáidte agus dramhaíola a bhailiú ar leithligh, go bhfuil scéimeanna bailithe ar fáil agus go mbíonn ról tábhachtach ag úsáideoirí deiridh chun a áirithiú go ndéantar dramhaíl a chosc agus go ndéantar teicstílí dramhaíola a bhainistiú ar an mbealach is lú dochar don chomhshaol. Ba cheart a áireamh leis an bhfaisnéis sin infhaighteacht socruithe athúsáide le haghaidh teicstílí agus coisbheart agus na sochair chomhshaoil a bhaineann le tomhaltas inbhuanaithe agus tionchair chomhshaoil, shláinte agus shóisialta an tionscail éadaí teicstíle. Ba cheart a chur in iúl do na húsáideoirí deiridh freisin go bhfuil ról tábhachtach acu maidir le roghanna tomhaltais teicstíle atá idir eolach, fhreagrach agus inbhuanaithe a dhéanamh agus a áirithiú go ndéantar teicstílí dramhaíola a bhainistiú ar an mbealach is lú dochar don chomhshaol. Tá feidhm ag na ceanglais sin ó thaobh faisnéise anuas ar na ceanglais maidir le soláthar faisnéise dúsáideoirí deiridh i ndáil leis na táirgí teicstíle a leagtar síos sa Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe 80 agus i Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 81 . Ba cheart teicneolaíochtaí faisnéise comhaimseartha a úsáid agus faisnéis á nochtadh do na húsáideoirí deiridh uile. Ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil ar an ngnáthbhealach, amhail póstaeir lasmuigh agus laistigh agus feachtais ar na meáin shóisialta, agus ar bhealach níos nuálaí araon, amhail rochtain leictreonach ar shuíomhanna gréasáin le cóid QR.

(27)Chun cur le ciorclaíocht agus inbhuaine comhshaoil agus chun na drochthionchair ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a laghdú, le Rialachán …/… [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an tsraithuimhir agus na hinstitiúidí le haghaidh an Rialacháin maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, agus críochnaigh an fonóta] 82 , déanfar ceanglais cheangailteacha maidir le héicidhearthóireacht táirgí teicstíle lena ndéanfar, ag brath ar a léireofar sa mheasúnú tionchair mar a bheith tairbheach le haghaidh inbhuaine comhshaoil teicstílí níos mó, rialáil ar mharthanacht, ath-inúsáidteacht, indeisitheacht, agus in‑athchúrsáilteacht snáithín go snáithín de theicstílí, agus cion snáithíní athchúrsáilte sainordaitheach i dteicstílí. Déanfaidh sé rialáil freisin ar shubstaintí is ábhar imní a bheith ann chun go bhféadfaí iad a íoslaghdú agus a rianú ar mhaithe le giniúint dramhaíola a laghdú agus athchúrsáil a fheabhsú, chomh maith le cosc agus laghdú ar shnáithíní sintéiseacha a scoitear sa chomhshaol chun scaoileadh micreaphlaisteach a laghdú go mór. An tráth céanna, is ionstraim eacnamaíoch éifeachtach é modhnú táillí um fhreagracht leathnaithe táirgeora chun dearadh teicstíle níos inbhuanaithe a dhreasú chun dearadh ciorclach níos fearr a bhaint amach. Chun dreasacht mhór a sholáthar le haghaidh éicidhearthóireachta agus cuspóirí an mhargaidh inmheánaigh agus comhdhéanamh na hearnála teicstíle arb iad FBManna is mó atá inti á gcur san áireamh, is gá critéir a chomhchuibhiú le haghaidh modhnú táillí um fhreagracht leathnaithe táirgeora bunaithe ar na paraiméadair éicidhearthóireachta is ábhartha chun cóireáil teicstílí a chumasú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola. An modhnú táillí de réir na gcritéar éicidhearthóireachta, ba cheart dó a bheith bunaithe ar na ceanglais éicidhearthóireachta agus a modheolaíochtaí tomhais a ghlactar de bhun an Rialacháin maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe le haghaidh táirgí teicstíle nó de bhun dlí eile san Aontas lena mbunaítear critéir inbhuanaitheachta chomhchuibhithe agus modhanna tomhais le haghaidh táirgí teicstíle agus i gcás ina nglactar na cinn deiridh sin agus sa chás sin amháin. Is iomchuí an Coimisiún a chumhachtú chun rialacha comhchuibhithe a ghlacadh le haghaidh an mhodhnaithe táille chun ailíniú na gcritéar modhnaithe táillí leis na ceanglais táirge sin a áirithiú.

(28)Chun faireachán a dhéanamh ar na táirgeoirí maidir le comhlíonadh a n‑oibleagáidí a bhaineann le hoibleagáidí airgeadais agus eagraíochta i ndáil lena áirithiú go mbainistítear táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir úsáidte agus dramhaíola, a chuireann siad ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit, is gá do gach Ballstát clár táirgeoirí a bhunú agus a bhainistiú agus ba cheart a cheangal ar tháirgeoirí clárú leis. Ba cheart na ceanglais chlárúcháin agus an fhormáid a chomhchuibhiú ar fud an Aontais a mhéid is féidir chun an clárú a éascú, go háirithe i gcás ina ndéanann táirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a chur ar an margadh den chéad uair i mBallstáit éagsúla. An fhaisnéis sa chlár, ba cheart di a bheith ar fáil do na heintitis sin a bhfuil ról acu i bhfíorú na comhlíontachta le hoibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí agus a bhforfheidhmiú.

(29)Ó tharla gur fiontair bheaga agus mheánmhéide atá in 99 % den earnáil teicstílí, ba cheart é a bheith ina aidhm do chur chun feidhme scéime freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, ualaí riaracháin a laghdú an oiread is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart comhlíonadh na bhfreagrachtaí leathnaithe táirgeora a fheidhmiú i dteannta a chéile trí bhíthin eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a ghlacfadh an fhreagracht thar a gceann. Ba cheart eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bheith faoi réir údarú na mBallstát agus ba cheart dóibh a thaifeadadh, inter alia go bhfuil an acmhainn airgeadais acu leis na costais a ghabhann leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora a chumhdach agus go gcomhlíonann siad an fhreagracht sin.

(30)Le hAirteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 83 ceanglaítear ar sholáthraithe áirithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a dhéanamh le táirgeoirí a thairgeann táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas, roimh cheadú do tháirgeoir a seirbhísí a úsáid, faisnéis aitheantais áirithe a fháil ón táirgeoir sin agus féindeimhniúchán a fháil ón táirgeoir ina ngealltar gan ach táirgí nó seirbhísí a chloíonn leis na rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais a thairiscint. Chun forfheidhmiú éifeachtach na noibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a áirithiú, ba cheart a shonrú gur cheart do sholáthraithe ardán ar líne a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 3, Roinn 4 de Rialachán (AE) 2022/2065 a fháil ó na táirgeoirí sin faisnéis ar an gclárú sa chlár táirgeoirí teicstíle a bhfuil ceangal ar na Ballstáit é a bhunú de bhun na Treorach seo, chomh maith le huimhir chlárúcháin nó uimhreacha clárúcháin an táirgeora sa chlár sin, agus féindeimhniúchán ón táirgeoir ina ngeallann sé gan a thairiscint ach táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a bhfuil feidhm ag na ceanglais freagrachta leathnaithe táirgeora a leagtar síos sa Treoir seo maidir leo. Tá feidhm ag na rialacha maidir le forfheidhmiú a leagtar síos i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2065 maidir le soláthraithe ardán den sórt sin i ndáil leis na rialacha sin maidir le hinrianaitheacht.

(31)Dfhonn cóireáil teicstílí i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola a leagtar amach i dTreoir 2008/98/CE a áirithiú, ba cheart deagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a áirithiú maidir leis na teicstílí agus na coisbhearta a bhailítear ar leithligh go mbíonn siad faoi réir oibríochtaí sórtála lena ngintear earraí atá oiriúnach lena n‑athúsáid agus a fhreastalaíonn ar riachtanais na margaí glactha teicstílí athláimhe agus na margaí athchúrsála bunábhair san Aontas agus ar fud an domhain. I bhfianaise na sochar comhshaoil is mó a bhaineann le síneadh a chur le saolré teicstílí, ba cheart don athúsáid a bheith ina príomhchuspóir ag na hoibríochtaí sórtála agus sórtáil le haghaidh athchúrsála ina dhiaidh sin i gcás ina ndéantar measúnú gairmiúil ar na hearraí mar a bheith neamh-inathúsáidte. Ba cheart don Choimisiún na ceanglais sórtála sin a fhorbairt mar thosaíocht mar chuid de chritéir deiridh dramhaíola chomhchuibhithe an Aontais le haghaidh teicstílí in-athúsáidte agus teicstílí athchúrsáilte, lena n‑áirítear maidir le sórtáil tosaigh a dfhéadfaí a dhéanamh ag an bpointe bailithe. Ba cheart critéir chomhchuibhithe den sórt sin a bheith ina gcúis le comhsheasmhacht agus caighdeán ard sna codáin a bhailítear agus freisin i sruthanna ábhar le haghaidh na sórtála, oibríochtaí aisghabhála dramhaíola, agus amhábhair thánaisteacha thar theorainneacha rud a dfhéadfadh uas-scálú na slabhraí luacha athúsáide agus athchúrsála a éascú ina dhiaidh sin. Níor cheart a mheas mar dhramhaíl éadaí úsáidte a mheastar go gairmiúil a bheith oiriúnach lena n‑athúsáid ag na hoibreoirí athúsáide nó fiontair shóisialta agus eintitis an gheilleagair shóisialta ag an bpointe bailithe ó úsáideoirí deiridh. I gcás nach féidir athúsáid nó athchúrsáil a dhéanamh ar chúiseanna teicniúla, ba cheart ord na réiteach dramhaíola a chur i bhfeidhm i gcónaí, agus líonadh talún a sheachaint nuair is féidir, go háirithe maidir le teicstílí in‑bhithdhíghrádaithe ar foinse astaíochtaí meatáin iad, agus aisghabháil fuinnimh á cur i bhfeidhm nuair a chuirtear loscadh i bhfeidhm.

(32)Tá méadú seasta tagtha ar onnmhairí teicstílí úsáidte agus dramhaíola lasmuigh den Aontas Eorpach agus is iad onnmhairí atá ar an gcion is mó den mhargadh athúsáide le haghaidh teicstílí iarthomhaltais a ghintear san Aontas. I bhfianaise an mhéadaithe mhóir ar an dramhaíl teicstíle a bhaileofar tar éis thabhairt isteach an bhailithe ar leithligh faoi 2025, tá sé tábhachtach na hiarrachtaí a neartú chun dul i ngleic le loingsithe neamhdhleathacha dramhaíola chuig tríú tíortha i mbréagriocht ábhair neamhdhramhaíola chun ardchosaint chomhshaoil a áirithiú. Ag cur le Rialachán …/… [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach na hinstitiúidí agus an tsraithuimhir, agus críochnaigh an fonóta le haghaidh an Rialacháin maidir le Loingsiú ar dhramhaíl] 84 agus i bhfianaise an chuspóra chun bainistiú inbhuanaithe teicstílí iarthomhaltais a áirithiú agus chun dul i ngleic le loingsithe neamhdhleathacha dramhaíola, ba cheart foráil a dhéanamh go ndéanfar oibríocht sórtála roimh an loingsiú ar na táirgí teicstíle, na táirgí a bhaineann le teicstílí agus na táirgí coisbhirt uile a bhailítear ar leithligh. Ina theannta sin, ba cheart foráil a dhéanamh, maidir le hearraí teicstíle, earraí a bhaineann le teicstílí agus earraí coisbhirt úsáidte a bhailítear ar leithligh, go meastar mar dhramhaíl iad agus go mbíonn siad faoi réir reachtaíocht an Aontais maidir le dramhaíl, lena n‑áirítear maidir le loingsithe dramhaíola, go dtí go ndéanfaidh oibreoir a bhfuil oiliúint air i ndáil le sórtáil le haghaidh athúsáide agus athchúrsála oibríocht sórtála orthu. Ba cheart an tsórtáil a dhéanamh i gcomhréir leis na ceanglais sórtála chomhchuibhithe lena soláthraítear codán in‑athúsáidte ardchaighdeáin a chomhlíonann riachtanais na margaí glactha teicstílí athláimhe san Aontas agus ar fud an domhain agus trí chritéir a bhunú chun idirdhealú a dhéanamh idir earraí úsáidte agus dramhaíl. Ba cheart faisnéis a bheith ag gabháil le loingsithe táirgí teicstíle úsáidte, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt ina léirítear go bhfuil na hearraí sin ina n‑aschur doibríocht sórtála nó dullmhú le haghaidh athúsáide agus go bhfuil na hearraí oiriúnach lena n‑athúsáid.

(33)Chun go mbainfidh na Ballstáit amach na spriocanna a leagtar amach sa Treoir seo, ba cheart do Bhallstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcláir chun an cur amú bia a chosc le bearta nua a chur san áireamh, lena gcumhdófar roinnt comhpháirtithe ó na hearnálacha poiblí agus príobháideacha, lena mbaineann gníomhaíochtaí comhordaithe chun dul i ngleic le teophointí sonracha chomh maith le dearcthaí agus iompraíochtaí atá ina gcúis leis an gcur amú bia. Agus na cláir sin á n‑ullmhú, dfhéadfadh na Ballstáit inspioráid a bhaint as na moltaí ón bPainéal Saoránach um an gCur Amú Bia.

(34)Is fíor-riachtanach cuntasacht shoiléir agus rialachas ar bhearta chun an cur amú bia a chosc chun comhordú éifeachtach a áirithiú ar ghníomhaíocht chun athrú a spreagadh agus chun na spriocanna a leagtar amach sa Treoir seo a bhaint amach. I ngeall ar an gclár comhroinnte i measc roinnt mhaith údarás agus éagsúlacht na bpáirtithe leasmhara atá páirteach sa chomhrac in aghaidh cur amú bia sna Ballstáit, tá gá le húdarás inniúil ainmnithe i gceannas ar chomhordú foriomlán gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta.

(35)Ba cheart feabhas a chur ar ghráinneacht na faisnéise maidir le bainistiú teicstílí cathrach iarthomhaltais ar leibhéal an Aontais chun faireachán níos éifeachtaí a dhéanamh ar athúsáid táirgí, lena n‑áirítear ar athúsáid teicstílí agus ar ullmhú teicstílí le haghaidh athúsáide, lena n‑áirítear i bhfianaise shocrú féideartha na spriocanna feidhmíochta amach anseo. Maidir le sonraí ar athúsáid agus ar ullmhú le haghaidh athúsáide, is príomhshreabha sonraí iad chun faireachán a dhéanamh ar dhíchúpláil na giniúna dramhaíola ón bhfás eacnamaíoch agus an t‑aistriú i dtreo geilleagar atá inbhuanaithe, ionchuimsitheach agus ciorclach. Dá bhrí sin, ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil na sreabha sonraí sin a bhainistiú.

(36)Maidir leis an gcumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a leagtar amach in Airteagal 9(8) de Threoir 2008/98/CE maidir le modheolaíocht chomhchoiteann agus ceanglais cháilíochta íosta le haghaidh tomhas aonfhoirmeach na leibhéal dramhaíola bia, ba cheart an cumhachtú sin a bhogadh, agus mion-oiriúnuithe a dhéanamh air, chuig Airteagal nua ina ndéileáiltear go sonrach le giniúint dramhaíola bia a chosc.

(37)Chun na cóid Ainmníochta Comhcheangailte a liostaítear i dTreoir 2008/98/CE a chur i gcomhréir leis na cóid a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar Iarscríbhinn IVc a ghabhann le Treoir 2008/98/CE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uilean tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(38)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme Threoir 2008/98/CE, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le formáid chomhchuibhithe le haghaidh clárúchán sa chlár bunaithe ar na ceanglais faisnéise a leagtar amach in Airteagal 22b(4), critéir modhnaithe táillí le haghaidh chur chun feidhme Airteagal 22c(3), pointe (a), agus modheolaíocht chun an ráta bailithe ar leithligh dá dtagraítear in Airteagal 22c(6), pointe (c) a ríomh agus fhíorú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 85 .

(39)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2008/98/CE a leasú dá réir sin.

(40)Maidir le cuspóirí na Treorach seo, is é sin feabhas a chur ar inbhuaine comhshaoil an bhainistithe dramhaíola bia agus teicstíle agus saorghluaiseacht teicstílí úsáidte agus dramhaíola sa mhargadh inmheánach a áirithiú, ós rud é nach féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, gur féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal an Aontais amháin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun cuspóir sin maidir leis an gcoimhdeacht a ghnóthú,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Treoir 2008/98/CE mar a leanas:

(1)in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) eisiltigh ghásacha a scaoiltear san atmaisféar agus dé‑ocsaíd charbóin a ghabhtar agus a iompraítear chun críoch stóráil gheolaíoch agus a stóráiltear go geolaíoch i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;

* Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé‑ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).’;

(2)in Airteagal 3, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘4b. ciallaíonn ‘táirgeoir táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc’ aon mhonaróir, allmhaireoir nó dáileoir nó aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach eile cé is moite díobh sin a sholáthraíonn táirgí teicstíle úsáidte agus táirgí coisbhirt úsáidte a liostaítear in Iarscríbhinn IVc agus táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a dhíorthaítear ó tháirgí úsáidte nó dramhaíola den sórt sin nó óna gcodanna ar an margadh, fiontair ina bhfostaítear níos lú ná 10 nduine agus nach mó iomlán a láimhdeachais bhliantúil agus a gcláir chomhardaithe ná EUR 2 mhilliún agus táilliúirí féinfhostaithe a tháirgeann táirgí saincheaptha agus, gan beann ar an teicníc dhíola a úsáidtear, é san áireamh trí bhíthin cianchonarthaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(7) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*:

(a) atá bunaithe i mBallstát agus a mhonaraíonn táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc faoina n‑ainm nó faoina dtrádmharc féin, nó a ndeartar iad nó a monaraítear iad ar a son agus a soláthraíonn siad iad den chéad uair faoina n‑ainm nó faoina dtrádmharc féin laistigh de chríoch an Bhallstáit sin;

(b) atá bunaithe i mBallstát agus a athdhíolann laistigh de chríoch an Bhallstáit sin, faoina n‑ainm nó faoina dtrádmharc féin, táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc arna monarú ag táirgeoirí eile dá dtagraítear i bpointe (a), nach bhfuil ainm, branda ná trádmharc an mhonaróra le feiceáil orthu;

(c) atá bunaithe i mBallstát agus a sholáthraíonn den chéad uair sa Bhallstát sin ar bhonn gairmiúil táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc ó Bhallstát eile nó ó thríú tír; nó

(d) a dhíolann táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc trí bhíthin cianchumarsáide go díreach le húsáideoirí deiridh, lena n‑áirítear teaghlaigh phríobháideacha nó úsáideoirí eile seachas teaghlaigh phríobháideacha i mBallstát, agus atá lonnaithe i mBallstát eile nó i dtríú tír;

4c. ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ aon soláthar de tháirge lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sé ar íocaíocht nó saor in aisce;

4d. ciallaíonn ‘eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí’ eintiteas dlítheanach a eagraíonn comhlíonadh oibleagáidí freagrachta leathnaithe táirgeora, ó thaobh airgeadais de nó ó thaobh airgeadais agus oibríochta de, thar ceann táirgeoirí;

4e. ciallaíonn ‘ardán ar líne’ ardán ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (i) de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;

4f. ciallaíonn ‘tomhaltóir’ duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch atá lasmuigh dá thrádáil, dá ghnó, dá cheird nó dá ghairm;

* Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

** Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE, (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).’;

(3)in Airteagal 9, scriostar mír 1, pointí (g) agus (h), agus míreanna 5, 6 agus 8.

(4)cuirtear an tAirteagal 9a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 9a

Giniúint dramhaíola bia a chosc

1.Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola bia i dtáirgeadh príomhúil, i bpróiseáil agus i monarú, i miondíol agus i ndáileadh eile ar bhia, i mbialanna agus i seirbhísí bia agus i dteaghlaigh. Áireofar ar na bearta sin an méid seo a leanas:

(a)idirghabhálacha athraithe iompraíochta a fhorbairt agus tacú leo chun an cur amú bia a laghdú, agus feachtais faisnéise chun feasacht a mhúscailt maidir leis an gcur amú bia a chosc;

(b)neamhéifeachtúlachtaí i bhfeidhmiú shlabhra an tsoláthair bia a shainaithint agus dul i ngleic leo agus tacú le comhar i measc na ngníomhaithe uile, agus dáileadh cóir chostais agus shochair na mbeart coisctheach a áirithiú;

(c)deonú agus athdháileadh eile bia lena chaitheamh ag an duine a spreagadh, agus tús áite á tabhairt dúsáid an duine ar bheatha ainmhithe agus athphróiseáil i dtáirgí neamhbhia;

(d)tacú le hoiliúint agus le forbairt scileanna mar aon le rochtain ar dheiseanna cistiúcháin a éascú, go háirithe le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gníomhaithe an gheilleagair shóisialta.

Áiritheoidh na Ballstáit maidir le gach gníomhaí ábhartha sa slabhra soláthair go bhfuil siad rannpháirteach i gcomhréir lena n‑acmhainneacht agus lena ról chun cosc a chur ar ghiniúint dramhaíola bia feadh shlabhra an tsoláthair bia, le béim ar leith ar chosc a chur ar thionchar díréireach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

2.Déanfaidh na Ballstáit faireachán agus measúnú ar chur chun feidhme a mbeart chun an cur amú bia a chosc, lena n‑áirítear comhlíontacht na spriocanna laghdaithe bia dá dtagraítear i mír 4, trí na leibhéil dramhaíola bia a thomhas ar bhonn na modheolaíochta a bhunaítear i gcomhréir le mír 3.

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38a chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir le modheolaíocht chomhchoiteann agus ceanglais cháilíochta íosta a leagan síos le haghaidh tomhas aonfhoirmeach ar leibhéil an chur amú bia.

4.Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá agus is iomchuí chun na spriocanna seo a leanas maidir le laghdú ar an gcur amú bia a bhaint amach faoin 31 Nollaig 2030:

(a)laghdú 10 % a dhéanamh ar ghiniúint dramhaíola bia sa phróiseáil agus sa mhonaraíocht i gcomparáid leis an méid a gineadh in 2020;

(b)laghdú 30 % a dhéanamh ar ghiniúint dramhaíola bia per capita, go comhpháirteach i miondíol agus i ndáileadh eile bia, i mbialanna agus i seirbhísí bia agus i dteaghlaigh, i gcomparáid leis an méid a gineadh in 2020.

5.I gcás inar féidir le Ballstát sonraí a sholáthar le haghaidh bliain tagartha roimh 2020, ar sonraí iad a bailíodh le modhanna atá inchomparáide leis an modheolaíocht agus leis na ceanglais cháilíochta íosta le haghaidh tomhas aonfhoirmeach ar leibhéil dramhaíola bia mar a leagtar amach i gCinneadh Tarmligthe (EU) 2019/1597 ón gCoimisiún, féadfar bliain tagartha níos luaithe a úsáid. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile go bhfuil sé beartaithe aige bliain tagartha níos luaithe a úsáid laistigh de 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo agus soláthróidh sé don Choimisiún na sonraí agus na modhanna tomhais a úsáidtear chun iad a bhailiú.

6.I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíonann na sonraí na coinníollacha a leagtar amach i mír 5, déanfaidh sé, laistigh de 6 mhí tar éis fógra a fháil a rinneadh i gcomhréir le mír 5, cinneadh a ghlacadh ina n‑iarrfar ar an mBallstát 2020 nó bliain eile seachas an bhliain arna moladh ag an mBallstát a úsáid mar bhliain tagartha.

7.Faoin 31 Nollaig 2027, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna atá le baint amach faoi 2030, a leagtar síos i mír 4, dfhonn, más iomchuí, iad a mhodhnú agus/nó a leathnú chun céimeanna eile de shlabhra an tsoláthair bia a chumhdach, agus cuimhneamh ar spriocanna nua a shocrú tar éis 2030. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach.;

(5)in Airteagal 11, mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú habairt:

‘Faoi réir Airteagal 10(2) agus (3), bunóidh na Ballstáit bailiú ar leithligh le haghaidh páipéir, miotail, plaistigh agus gloine ar a laghad.’;

(6)in Airteagal 11b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, tuarascálacha a tharraingt suas maidir le dul chun cinn i leith bhaint amach na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 9a(4), Airteagal 11(2), pointí (c), (d) agus (e), agus Airteagal 11(3) 3 bliana ar a dhéanaí roimh gach sprioc-am a leagtar síos iontu.’;

(7)cuirtear Airteagal 22a go Airteagal 22d seo a leanas isteach:

‘Airteagal 22a

Scéim freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh teicstílí

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh freagracht leathnaithe táirgeora ag táirgeoirí as táirgí teicstíle tí, baill éadaigh, gabhálais éadaí agus coisbhearta, baill éadaigh agus gabhálais éadaigh a liostaítear in Iarscríbhinn IVc (táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt) a chuireann siad ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit, i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Airteagal 8a.

2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38a chun Iarscríbhinn IVc a ghabhann leis an Treoir seo a leasú chun na cóid Ainmníochta Comhcheangailte a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a ghabhann leis an Treoir seo a chur i gcomhréir leis na cóid a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle*.

3.Saineoidh na Ballstáit ar bhealach soiléir róil agus freagrachtaí gníomhaithe ábhartha atá páirteach i gcur chun feidhme na scéime freagrachta leathnaithe táirgeora dá dtagraítear i mír 1 agus i bhfaireachán air agus ina fhíorú.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh táirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc costais na nithe seo a leanas a chumhdach:

(a)bailiú táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a liostaítear in Iarscríbhinn IVc agus bainistiú dramhaíola ina dhiaidh sin lena gcuimsítear na nithe seo a leanas:

(1)bailiú na dtáirgí úsáidte sin le haghaidh athúsáide agus bailiú ar leithligh táirgí dramhaíola le haghaidh ullmhú le haghaidh athúsáide agus athchúrsála i gcomhréir le hAirteagail 22c agus 22d,

(2)iompar lód arna mbailiú dá dtagraítear i bpointe (1) le haghaidh sórtáil ina dhiaidh sin le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athúsáide agus oibríochtaí athchúrsála i gcomhréir le hAirteagal 22d,

(3)sórtáil, ullmhú le haghaidh athúsáide, athchúrsáil agus oibríochtaí aisghabhála eile agus diúscairt lód arna mbailiú dá dtagraítear i bpointe (1),

(4)bailiú, iompar agus cóireáil dá dtagraítear i bpointí (1) agus (2) de dhramhaíl arna giniúint ag fiontair shóisialta agus oibreoirí neamhdhramhaíola eile ar cuid iad den chóras bailithe dá dtagraítear in Airteagal 22c, míreanna 5 agus 11;

(b)suirbhé comhdhéanaimh a dhéanamh ar dhramhaíl mheasctha chathrach i gcomhréir le hAirteagal 22d(6);

(c)faisnéis a sholáthar faoi thomhaltas inbhuanaithe, dramhaíl a chosc, athúsáid, ullmhú le haghaidh athúsáide, athchúrsáil, aisghabháil eile agus diúscairt teicstílí agus táirgí coisbhirt i gcomhréir le hAirteagal 22c(13)(14) agus (17);

(d)bailiú sonraí agus tuairisciú do na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 37;

(e)tacú le taighde agus forbairt chun feabhas a chur ar na próisis sórtála agus athchúrsála, go háirithe, i bhfianaise uas-scálú athchúrsála snáithín go snáithín, gan dochar do rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh táirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc na costais dá dtagraítear i bpointe 4 den Airteagal seo a chumhdach i ndáil leis na táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt ar táirgí úsáidte agus dramhaíola iad a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a bhfágtar iad ag na pointí bailithe a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 22c, pointí 5 agus 11, i gcás inar cuireadh na táirgí sin ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch Bhallstáit tar éis [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

6.Na costais arna gcumhdach, dá dtagraítear i mír 4, ní rachaidh siad thar na costais is gá chun na seirbhísí dá dtagraítear sa mhír sin a chur ar fáil eatarthu féin ar bhealach costéifeachtach agus déanfaidh na gníomhaithe lena mbaineann iad a bhunú ar bhealach trédhearcach.

7.Chun críoch comhlíontachta le hAirteagal 30, mír 1, pointí (d) agus (e), de Rialachán (AE) 2022/2065, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe ardán ar líne, a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 3, Roinn 4 den rialachán sin, lena gcuirtear ar a gcumas do thomhaltóirí cianchonarthaí a dhéanamh le táirgeoirí a thairgeann táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc do thomhaltóirí san Aontas an fhaisnéis seo a leanas a fháil ó tháirgeoirí;

(a)faisnéis maidir le clárú sa chlár de na táirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 22b sa Bhallstát ina bhfuil an tomhaltóir agus an uimhir chlárúcháin (na huimhreacha clárúcháin) den táirgeoir atá sa chlár sin;

(b)féindeimhniúchán ón táirgeoir ina ngabhann sé air féin táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, agus iad sin amháin, a thairiscint a gcomhlíontar na ceanglais maidir le freagracht leathnaithe táirgeoirí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo agus Airteagal 22c(1) ina leith sa Bhallstát ina bhfuil an tomhaltóir lonnaithe.

8.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a bhunú faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta 30 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo] i gcomhréir le hAirteagail 8, 8a, 22a go 22d.

Airteagal 22b

Clárú táirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt

1.Bunóidh na Ballstáit clár táirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht Airteagal 22a agus 22c(1) i measc na dtáirgeoirí sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go soláthraítear leis an gclár naisc le cláir náisiúnta eile chun clárú táirgeoirí sna Ballstáit uile a éascú.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear doibleagáid ar tháirgeoirí clárú leis an gclár dá dtagraítear i mír 1. Chuige sin, ceanglóidh na Ballstáit ar na táirgeoirí iarratas ar chlárú a chur isteach i ngach Ballstát ina ndéanann siad táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a chur ar fáil ar an margadh den chéad uair.

3.Ní cheadóidh na Ballstáit do tháirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a chur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh dá gcríoch ach amháin i gcás ina bhfuil siad nó, i gcás údaraithe, ina bhfuil a n‑ionadaithe údaraithe le haghaidh na freagrachta leathnaithe táirgeora, cláraithe sa Bhallstát sin.

4.Áireofar an fhaisnéis seo a leanas san iarratas ar chlárú:

(a)ainm, trádmharc agus ainmneacha branda, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, faoina n‑oibríonn an táirgeoir sa Bhallstát agus seoladh an táirgeora lena n‑áirítear cód poist agus áit, sráid agus uimhir, tír, uimhir theileafóin, más ann di, seoladh gréasáin agus seoladh ríomhphoist, agus ainm pointe teagmhála aonair;

(b)cód céannachta náisiúnta an táirgeora, lena n‑áirítear a uimhir ar an gclár trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach agus an uimhir Aontais chéannachta chánach nó an uimhir náisiúnta chéannachta chánach;

(c)cóid Ainmníochta Comhcheangailte na dtáirgí teicstíle, na dtáirgí a bhaineann le teicstílí agus na dtáirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a bhfuil sé beartaithe ag an táirgeoir iad a chur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch an Bhallstáit sin;

(d)ainm, cód poist, áit, sráid agus uimhir, tír, teileafón, seoladh gréasáin, seoladh ríomhphoist agus cód céannachta náisiúnta na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, an uimhir cláir trádála nó uimhir chlárúcháin oifigiúil choibhéiseach, uimhir aitheantais chánach san Aontas nó uimhir aitheantais chánach náisiúnta na heagraíochta um fhreagracht táirgeoirí, agus sainordú an táirgeora ionadaithe;

(e)ráiteas ón táirgeoir nó ón eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ina luaitear go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar fíor.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfadh eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí na hoibleagáidí faoin Airteagal seo a chomhlíonadh thar ceann an táirgeora.

I gcas ina mbeidh eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí ainmnithe ag táirgeoir, comhlíonfaidh an eagraíocht sin na hoibleagáidí faoin Airteagal seo mutatis mutandis mura sonraíonn an Ballstát a mhalairt.

6.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an túdarás inniúil na nithe seo a leanas:

(a)gheobhaidh sé iarratais chun na táirgeoirí dá dtagraítear i mír 2 a chlárú trí chóras próiseála sonraí leictreonach a gcuirfear na sonraí díobh ar fáil ar shuíomh gréasáin na núdarás inniúil;

(b)deonóidh sé clárúcháin agus soláthróidh uimhir chlárúcháin laistigh de 12 sheachtain ar a mhéad ón tráth a sholáthraítear an fhaisnéis a leagtar síos i mír 4;

(c)féadfaidh sé mionsocruithe a leagan síos i leith cheanglais agus phróiseas an chlárúcháin gan ceanglais shubstainteacha a chur isteach sa bhreis ar na cinn a leagtar síos i mír 4;

(d)féadfaidh sé táillí a bheidh costas-bhunaithe agus comhréireach a mhuirearú ar tháirgeoirí chun na hiarratais dá dtagraítear i mír 2 a phróiseáil.

7.Féadfaidh an t‑údarás inniúil diúltú do chlárú an táirgeora nó é a tharraingt siar i gcás nach soláthraítear an fhaisnéis ar a bhfuil achoimre i mír 4 agus an fhianaise dhoiciméadach nó nach leordhóthanach é nó i gcás nach gcomhlíonann an táirgeoir na ceanglais a leagtar amach i mír 4, pointe (d) a thuilleadh.

8.Ceanglóidh na Ballstáit ar an táirgeoir nó, i gcás inarb infheidhme, ar an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí fógra a thabhairt don údarás inniúil gan moill mhíchuí faoi aon athrú ar an bhfaisnéis sa chlárú i gcomhréir le mír 4, pointe (d), agus faoi aon scor buan maidir leis na táirgí teicstíle agus coisbhirt dá dtagraítear sa chlárú a chur ar fáil ar an margadh den chéad uair laistigh de chríoch an Bhallstáit. Déanfar táirgeoir a eisiamh ón gclár táirgeoirí murab ann dó a thuilleadh.

9.I gcás nach bhfuil an fhaisnéis atá i gclár na dtáirgeoirí inrochtana don phobal, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain saor in aisce ag na soláthraithe ar ardáin ar líne, lena bhféadfaidh tomhaltóirí cianchonarthaí a chur i gcrích le táirgeoirí, ar an gclár.

10.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid chomhchuibhithe le haghaidh clárú sa chlár bunaithe ar na ceanglais faisnéise a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

Airteagal 22c

Eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí le haghaidh teicstílí

1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh táirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí a ainmniú chun a n‑oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a leagtar síos in Airteagal 22a a chomhlíonadh thar a gceann.

2.Ceanglóidh na Ballstáit ar eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a bheartaíonn na hoibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh thar ceann táirgeoirí i gcomhréir le hAirteagail 8a(3), 22a, 22b, 22d agus leis an Airteagal seo údarú a fháil ó údarás inniúil.

3.Ceanglóidh na Ballstáit ar na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí a áirithiú maidir leis na ranníocaíochtaí a díoc táirgeoirí táirgí teicstíle leo, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc:

(a)go mbunaítear iad ar mheáchan na dtáirgí lena mbaineann agus, maidir le táirgí a liostaítear i gCuid 1 dIarscríbhinn IVc, go modhnaítear iad ar bhonn na gceanglas éicidhearthóireachta a glacadh de bhun Rialachán …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an tsraithuimhir le haghaidh an Rialacháin maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe nuair a ghlacfar é]** is ábhartha chun dramhaíl teicstíle a chosc agus le haghaidh cóireáil ar theicstílí i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus na modheolaíochtaí tomhais comhfhreagracha le haghaidh na gcritéar sin arna nglacadh de bhun an Rialacháin sin nó ar bhonn dlí eile den Aontas lena mbunaítear critéir inbhuanaitheachta chomhchuibhithe agus modhanna tomhais le haghaidh táirgí teicstíle, agus lena n‑áirithítear feabhas ar inbhuaine comhshaoil agus ciorclaíocht teicstílí;

(b)go ndéantar iad a choigeartú chun aon ioncam de chuid na neagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí as athúsáid, as ullmhú le haghaidh athúsáide nó as luach amhábhar tánaisteach ó theicstílí dramhaíola athchúrsáilte a chur san áireamh;

(c)go n‑áiritheofar leo an chóir chomhionann idir táirgeoirí gan beann ar a dtionscnamh nó ar a méid, gan ualach díréireach a chur ar tháirgeoirí cainníochtaí beaga táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, lena n‑áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide.

4.I gcás inar gá chun saobhadh an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint agus chun comhsheasmhacht leis na ceanglais éicidhearthóireachta arna nglacadh de bhun Airteagal 4 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 5 de Rialachán …/… [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an tsraithuimhir le haghaidh an Rialacháin maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe nuair a ghlacfar é] a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na critéir modhnaithe táillí le haghaidh chur chun feidhme mhír 3, pointe (a), den Airteagal seo. Ní bhainfidh an gníomh cur chun feidhme sin le cinneadh beacht leibhéal na ranníocaíochtaí agus glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2) den Treoir seo.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí córas bailithe ar leithligh a bhunú le haghaidh táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, gan beann ar a nádúr, comhdhéanamh ó thaobh ábhair de, riocht, ainm, branda, trádmharc nó tionscnamh, i gcríoch Bhallstáit ina ndéanann siad na táirgí sin a chur ar fáil ar an margadh den chéad uair. Maidir leis an gcóras bailithe ar leithligh:

(a)tairgfidh sé bailiú táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, den sórt sin do na heintitis dá dtagraítear i mír 6, pointe a, agus déanfaidh sé foráil maidir leis na socruithe praiticiúla a bhfuil gá leo chun táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, den sórt sin a bhailiú agus a iompar lena n‑áirítear soláthar, saor in aisce, coimeádán oiriúnach bailithe agus iompair do na pointí bailithe nasctha (pointí bailithe nasctha);

(b)áiritheoidh sé go mbaileofar, saor in aisce, táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, den sórt sin a bhailítear ag na pointí bailithe nasctha, a mhinice a bheidh i gcomhréir leis an limistéar a chumhdaítear agus le méid na dtáirgí teicstíle agus coisbhirt úsáidte agus dramhaíola a bhailítear trí na pointí bailithe sin de ghnáth;

(c)áiritheoidh sé go mbaileofar, saor in aisce, dramhaíl arna giniúint ag fiontair shóisialta agus ag oibreoirí neamhdhramhaíola eile ó tháirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt den sórt sin a bhailítear trí na pointí bailithe nasctha.

Aon chomhordú i measc eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, beidh sé faoi réir rialacha iomaíochta an Aontais i gcónaí.

6.Maidir leis an gcóras bailithe dá dtagraítear i mír 5, áiritheoidh na Ballstáit:

(a)go gcuimsítear leis pointí bailithe arna mbunú ag na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí agus oibreoirí bainistithe dramhaíola thar a gceann i gcomhar le haon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: fiontair shóisialta agus eintitis an gheilleagair shóisialta, dáileoirí, údaráis phoiblí nó tríú páirtithe a dhéanann an bailiú táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a liostaítear in Iarscríbhinn IVc thar a gceann, agus pointí bailithe deonacha eile;

(b)go gcumhdaítear leis críoch iomlán an Bhallstáit agus go gcuirtear san áireamh méid agus dlús an daonra, méid ionchasach na dtáirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, inrochtaineacht agus cóngaracht dúsáideoirí deiridh, gan a bheith teoranta do limistéir inar brabúsach bailiú agus bainistiú ina dhiaidh sin na dtáirgí sin;

(c)go gcoinnítear ar bun méadú marthanach ar an ráta bailithe ar leithligh chun leibhéil atá indéanta go teicniúil a bhaint amach agus dea-chleachtais á gcur san áireamh.

7.Maidir leis an ráta bailithe dá dtagraítear i mír 6, pointe (c), áiritheoidh na Ballstáit go ríomhfar é i gcomhréir le míreanna 8 agus 9.

8.Maidir leis an ráta bailithe ar leithligh dá dtagraítear i mír 6, pointe (c), déanfar é a ríomh mar an gcéatadán a fhaightear ach meáchan na dtáirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt dramhaíola a liostaítear in Iarscríbhinn IVc arna mbailiú i gcomhréir le mír 5 i mbliain féilire ar leith i mBallstát a roinnt ar mheáchan na dtáirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt dramhaíola sin arna nginiúint agus arna mbailiú mar dhramhaíl mheasctha chathrach.

9.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an mhodheolaíocht le haghaidh bhailiú agus fhíorú an ráta bailithe ar leithligh dá dtagraítear i mír 6, pointe (c) den Airteagal seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

10.Áiritheoidh na Ballstáit nach gceadaítear deagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí diúltú do rannpháirtíocht fiontar sóisialta agus oibreoirí athúsáide eile sa chóras bailithe ar leithligh a bhunaítear de bhun mhír 5.

11.Gan dochar do mhír 5, pointí (a) agus (b), agus do mhír 6, pointe (a), áiritheoidh na Ballstáit go gceadaítear dfhiontair shóisialta a bpointí bailithe ar leithligh féin a choinneáil ar bun agus a oibriú agus go dtugtar cóir chothrom nó cóir fhabhrach dóibh maidir le suíomh na bpointí bailithe ar leithligh. Maidir le fiontair shóisialta agus eintitis an gheilleagair shóisialta atá ina gcuid de na pointí bailithe nasctha i gcomhréir le mír 6, pointe (a), áiritheoidh na Ballstáit nach gceanglaítear orthu táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt ar táirgí úsáidte agus dramhaíola iad a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a thabhairt ar láimh don eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí.

12.Maidir leis na pointí bailithe a bhunaítear i gcomhréir le míreanna 5, 6 agus 11, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh siad faoi réir na gceanglas maidir le clárú nó ceadú sa Treoir seo.

13.Áiritheoidh na Ballstáit, anuas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8a(2), go gcuirfidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí ar fáil dúsáideoirí deiridh, tomhaltóirí go háirithe, an fhaisnéis seo a leanas maidir le tomhaltas inbhuanaithe, athúsáid agus bainistiú deireadh ré teicstílí agus coisbheart i ndáil leis na táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt dramhaíola a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a chuireann na táirgeoirí ar fáil ar chríoch Bhallstáit:

(a)ról na dtomhaltóirí i rannchuidiú le dramhaíl a chosc, lena n‑áirítear aon dea‑chleachtas, go háirithe trí phatrúin tomhaltais inbhuanaithe a chothú agus cúram maith do tháirgí a chur chun cinn agus iad in úsáid;

(b)socruithe athúsáide agus deisithe atá ar fáil le haghaidh teicstílí agus coisbheart;

(c)ról na dtomhaltóirí i rannchuidiú le bailiú ar leithligh teicstílí agus coisbheart, idir úsáidte agus dramhaíola;

(d)an tionchar ar an gcomhshaol, ar shláinte an duine agus ar chearta sóisialta agus daonna de tháirgeadh teicstílí, go háirithe cleachtais mhearfhaisin agus tomhaltas, athchúrsáil agus aisghabháil eile agus diúscairt agus fáil réidh mhíchuí le dramhaíl teicstíle agus coisbhirt, amhail bruscar a chaitheamh nó diúscairt i ndramhaíl mheasctha chathrach.

14.Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 13 go tráthrialta, go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta, agus go soláthraítear í trí bhíthin ceann de na nithe seo a leanas:

(a)suíomh gréasáin nó modh eile cumarsáide leictreonaí;

(b)faisnéis i spásanna poiblí;

(c)cláir agus feachtais oideachais;

(d)comharthaíocht i dteanga, nó i dteangacha is éasca dúsáideoirí agus do thomhaltóirí a thuiscint.

15.I gcás ina n‑údaraítear roinnt eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí i mBallstát chun oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a chomhlíonadh thar ceann táirgeoirí, áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdaítear leo críoch iomlán an Bhallstáit den chóras bailithe ar leithligh a úsáidtear le haghaidh táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt dramhaíola a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola. Cuirfidh na Ballstáit ar iontaoibh an údaráis inniúil nó ceapfaidh siad tríú páirtí neamhspleách chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáid na n‑eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí ar bhealach comhordaithe agus i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais.

16.Ceanglóidh na Ballstáit go n‑áiritheoidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí rúndacht na sonraí ina seilbh maidir le faisnéis dhílsithe nó faisnéis is inchurtha go díreach i leith táirgeoirí aonair nó a n‑ionadaithe údaraithe.

17.Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí ar a suíomhanna gréasáin, anuas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8a(3), pointe (e):

(a)gach bliain ar a laghad, faoi réir rúndacht tráchtála agus tionsclaíochta, an fhaisnéis ar an líon táirgí a chuirtear ar an margadh, ráta an bhailithe ar leithligh de tháirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt dramhaíola a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, idir úsáidte agus dramhaíola, lena n‑áirítear táirgí neamhdhíolta den sórt sin, ar na rátaí athúsáide, ullmhaithe le haghaidh athúsáide agus athchúrsála, lena sonraítear ar leithligh an ráta athchúrsála snáithín go snáithín, arna bhaint amach ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí agus ar na rátaí aisghabhála, diúscartha agus onnmhairí eile;

(b)faisnéis ar an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh oibreoirí bainistithe dramhaíola arna roghnú i gcomhréir le mír 18.

18.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí foráil maidir le nós imeachta roghnúcháin neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir dhámhachtana thrédhearcacha, gan ualach díréireach a chur ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun seirbhísí bainistithe dramhaíola a sholáthar ó oibreoirí bainistithe dramhaíola dá dtagraítear i mír 6(a) agus ó oibreoirí bainistithe dramhaíola chun cóireáil dramhaíola ina dhiaidh sin a dhéanamh.

19.Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglóidh na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí ar na táirgeoirí sonraí a thuairisciú maidir leis na táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a chuirtear ar fáil ar an margadh ar bhonn bliantúil.

Airteagal 22d

Bainistiú dramhaíola teicstíle

1.Áiritheoidh na Ballstáit, faoin 1 Eanáir 2025 agus faoi réir Airteagal 10(2) agus (3), bailiú ar leithligh teicstílí le haghaidh athúsáide, ullmhú le haghaidh athúsáide agus athchúrsála.

2.Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis an mbonneagar bailithe, lódála agus dílódála, iompair agus stórála agus oibríochtaí agus láimhseáil eile dramhaíola teicstíle, é san áireamh le linn oibríochtaí sórtála agus cóireála ina dhiaidh sin, go mbeidh cosaint acu ar dhálaí aimsire agus ar fhoinsí eile éillithe chun damáiste agus traséilliú na dteicstílí arna mbailiú a chosc. Teicstílí úsáidte agus dramhaíola a bhailítear ar leithligh, beidh siad faoi réir a scagtha ag an bpointe bailithe ar leithligh chun earraí nach sprioctheicstílí iad nó ábhair nó substaintí ar foinsí éillithe iad a shainaithint agus a bhaint.

3.Maidir leis na táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a bhailítear ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 22c(5), áiritheoidh na Ballstáit go meastar mar dhramhaíl iad ar a mbailiú.

Maidir le teicstílí seachas na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, chomh maith le táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt dramhaíola neamhdhíolta a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneofar na codáin éagsúla ábhar teicstíle agus earraí teicstíle ar leithligh ag pointe na giniúna dramhaíola i gcás ina n‑éascaítear leis an scaradh sin athúsáid, ullmhú le haghaidh athúsáide nó athchúrsála ina dhiaidh sin, lena n‑áirítear athchúrsáil snáithín go snáithín i gcás inar féidir mar thoradh ar dhul chun cinn na teicneolaíochta.

4.Maidir leis na táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a bhailítear ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 22c(5), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad faoi réir oibríochtaí sórtála chun an chóireáil a áirithiú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola a bhunaítear in Airteagal 4(1).

5.Maidir le hoibríochtaí sórtála táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, a bhailítear ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 22c(5), áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:

(a)chun teicstílí a ghiniúint lena n‑athúsáid agus lena n‑ullmhú le haghaidh athúsáide atá an oibríocht sórtála;

(b)in oibríochtaí sórtála le haghaidh athúsáide, sórtáiltear earraí teicstíle ar leibhéal iomchuí gráinneachta, scartar codáin atá oiriúnach lena n‑athúsáid go díreach uathu siúd a bheidh faoi réir oibríochtaí breise ullmhaithe le haghaidh athúsáide, agus dírítear ar mhargadh athúsáide sonrach agus cuirtear i bhfeidhm critéir shórtála atá cothrom le dáta agus atá ábhartha don mhargadh glactha;

(c)earraí a measúnaítear nach oiriúnach iad lena n‑athúsáid, sórtáiltear iad le haghaidh athchúrsála agus, i gcás inar féidir mar thoradh ar dhul chun cinn na teicneolaíochta, go sonrach le haghaidh athchúrsáil snáithín go snáithín.

(d)maidir le haschur na n‑oibríochtaí sórtála agus aisghabhála ina dhiaidh sin atá beartaithe lena nathúsáid, comhlíonann an t‑aschur sin na critéir le nach measfar é a bheith ina dhramhaíl a thuilleadh, dá dtagraítear in Airteagal 6.

6.Faoin 31 Nollaig 2025 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit suirbhé comhdhéanaimh ar dhramhaíl mheasctha chathrach chun an cion teicstílí dramhaíola atá inti a chinneadh. Áiritheoidh na Ballstáit, ar bhonn na faisnéise a fhaightear, go bhféadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar na heagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí gníomh ceartaitheach a dhéanamh chun cur lena líonra pointí bailithe agus feachtais faisnéise a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 22c(13) agus (14).

7.Áiritheoidh na Ballstáit, chun idirdhealú a dhéanamh idir teicstílí úsáidte agus dramhaíola, go bhféadfaidh údaráis inniúla na mBallstát iniúchadh a dhéanamh ar loingsithe táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a bhfuil amhras ann gur dramhaíl atá iontu maidir le comhlíontacht na gceanglas íosta a leagtar amach i míreanna 8 agus 9 le haghaidh loingsithe táirgí teicstílí úsáidte, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc agus go bhféadfar faireachán a dhéanamh orthu dá réir sin.

8.Maidir le loingsithe táirgí teicstíle úsáidte, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a shocraítear ar bhonn gairmiúil, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh na loingsithe sin na ceanglais íosta maidir le coimeád taifead a leagtar amach i mír 9 agus go bhfuil an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ag gabháil leo:

(a)cóip den sonrasc agus den chonradh a bhaineann le díol nó aistriú úinéireachta na dtáirgí teicstílí, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt ina sonraítear go bhfuil siad beartaithe le hathúsáid dhíreach agus gur oiriúnach na táirgí uile le haghaidh athúsáid dhíreach; 

(b)fianaise ar oibríocht sórtála roimhe sin a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus, i gcás ina bhfuil fáil orthu, na critéir a ghlactar de bhun Airteagal 6(2), i bhfoirm cóip de na taifid ar gach burla laistigh den choinsíneacht agus prótacal ina bhfuil faisnéis ar gach taifead i gcomhréir le mír 9;

(c)dearbhú a dhéanann an duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil táirgí teicstíle úsáidte, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt ina dheilbh a shocraíonn, ar bhonn gairmiúil, iompar táirgí teicstíle úsáidte, táirgí a bhaineann le teicstílí nó táirgí coisbhirt nach dramhaíl atá in aon chuid den ábhar laistigh den choinsíneacht mar a shainmhínítear le hAirteagal 3(1);

(d)cosaint iomchuí ar dhíobháil le linn iompar, luchtú agus díluchtú, go háirithe trí phacáistiú leordhóthanach agus cruachadh iomchuí an ualaigh. 

9.Maidir le loingsithe táirgí teicstíle úsáidte, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonann na loingsithe sin na ceanglais íosta seo a leanas maidir le coimeád taifead:

(a)déanfar an taifead ar na hoibríochtaí sórtála nó ullmhaithe le haghaidh athúsáide a ghreamú go daingean seachas go buan ar an bpacáistíocht;

(b)    beidh an fhaisnéis seo a leanas sa taifead:

(1)tuairisc ar an earra nó ar na hearraí atá sa bhurla lena léireofar an ghráinneacht sórtála is mionsonraithe a rinneadh ar na hearraí teicstíle le linn na n‑oibríochtaí sórtála nó ullmhaithe le haghaidh athúsáide amhail an cineál éadaí, méid, dath, inscne, comhdhéanamh ó thaobh ábhair de,

(2)ainm agus seoladh na cuideachta atá freagrach as an tsórtáil deiridh nó as an ullmhú deiridh le haghaidh athúsáide.

10.I gcás ina suíonn na húdaráis inniúla i mBallstát gur dramhaíl atá i loingsiú beartaithe táirgí úsáidte teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt dramhaíola, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na costais ar anailísí, iniúchtaí agus stóráil iomchuí táirgí úsáidte teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt a bhfuil amhras ann gur dramhaíl atá iontu a mhuirearú do tháirgeoirí táirgí teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt dramhaíola a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, do thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann nó do dhaoine eile a shocraíonn an loingsiú.

* Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

** Rialachán …/… (IO …..lch. ) [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach na sonraí foilsithe le haghaidh an Rialacháin maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe]’;

(8)in Airteagal 29, scriostar mír 2a.

(9)cuirtear an tAirteagal 29a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 29a

Cláir chun cur amú bia a chosc

1.Faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar a gclár maidir leis an gcur amú bia a chosc agus é a oiriúnú, dfhonn na spriocanna dá ndéantar foráil in Airteagal 9a(4) a bhaint amach. Beidh sna cláir sin ar a laghad na bearta a leagtar síos in Airteagal 9(1) agus Airteagal 9a(1) agus, i gcás inarb ábhartha, na bearta a liostaítear in Iarscríbhinní IV agus IVa.

2.Ainmneoidh gach Ballstát na húdaráis inniúla atá freagrach as comhordú na mbeart chun cur amú bia a laghdú a chuirtear chun feidhme dfhonn an sprioc a leagtar amach in Airteagal 9a(4) a bhaint amach agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta laistigh de 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo]. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin ábhartha den Aontas ina dhiaidh sin.;

(10)Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

(a)i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Na sonraí a bhaineann le cur chun feidhme Airteagal 9(4) agus na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 22c(17), tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí sin don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil gach bliain. Ní cheanglófar ar na Ballstáit sonraí cainníochtúla a thuairisciú maidir le hathúsáid teicstílí de bhun Airteagal 9(4). Na sonraí a bhaineann le cur chun feidhme Airteagal 9a(2), tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí sin don Choimisiún gach bliain.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

‘7. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an fhormáid chun na sonraí a thuairisciú dá dtagraítear i míreanna 1, 3, 4 agus 5 den Airteagal seo. Chun tuairisciú ar chur chun feidhme phointí (a) agus (b) d’Airteagal 11(2), úsáidfidh na Ballstáit an fhormáid arna bunú i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme an 18 Aibreán 2012 ón gCoimisiún maidir le Ceistneoir le haghaidh tuarascálacha na mBallstát faoi Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dramhaíl a chur chun feidhme. Chun tuairisciú ar an gcur amú bia, déanfar an mhodheolaíocht arna forbairt faoi Airteagal 9a(3) a chur san áireamh agus an fhormáid don tuairisciú á forbairt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2) den Treoir seo.’;

(11)Leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 7(1), 9a(3), 11a(10), 27(1), 27(4), 38(2) agus 38(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 4 Iúil 2018. An chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 22a(2), déanfar an chumhacht sin a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 7(1), 9a(3), 22a(2), 27(1), 27(4), 38(2) agus 38(3) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sin difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.’;

(b)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:

‘6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 7(1), 9a(3), 11a(10), 22a(2), 27(1), 27(4), 38(2) agus 38(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’;

(12)Cuirtear isteach an Iarscríbhinn IVc mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Trasuí

1.Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá a thabhairt i bhfeidhm chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, , breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

1.7.An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl 

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

09 – An Comhshaol & An tAthrú Aeráide

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 86  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Is iad seo a leanas cuspóirí ginearálta an leasaithe ar an Treoir Réime maidir le Dramhaíl, le haghaidh teicstílí agus bia faoi seach:

- tionchair ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a laghdú, cáilíocht an chomhshaoil a mhéadú agus an tsláinte phoiblí a bhaineann le bainistiú dramhaíola teicstílí a fheabhsú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola,

- tionchair na gcóras bia a bhaineann le giniúint dramhaíola bia ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a laghdú. Chuirfí leis an tslándáil bia freisin ach cosc a chur ar an gcur amú bia.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Maidir le dramhaíl teicstíle, tá sé d’aidhm ag an togra seo feabhas a chur ar an mbainistiú dramhaíola teicstíle i gcomhréir le ‘hord na réiteach dramhaíola’ a chumhdaítear in WFD, tús áite a thabhairt do dhramhaíl a chosc, ullmhú le haghaidh athúsáid agus athchúrsáil teicstílí de rogha ar roghanna athghabhála eile agus ar dhiúscairt, agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur i bhfeidhm.

Maidir le cur amú bia, is iad na cuspóirí sonracha freagracht shoiléir a shannadh do na Ballstáit as dlús a chur le laghdú an chur amú bia i gcomhréir le Sprioc 12.3 SDG agus freagairt leordhóthanach chomhsheasmhach ó na Ballstáit uile a áirithiú. 

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Is iad seo a leanas na torthaí a bhfuiltear ag súil leo:

- Dramhaíl teicstíle a laghdú, cur leis an athúsáid, ullmhú le haghaidh athúsáide agus athchúrsáil teicstílí, dreasachtaí chun teicstílí a dhearadh chun athúsáid, ullmhú le haghaidh athúsáide agus athchúrsáil a éascú (tríd an bhfreagracht leathnaithe táirgeora) chomh maith le féidearthachtaí airgeadais a ghiniúint chun cur leis an mbonneagar athúsáide, ullmhaithe le haghaidh athúsáide agus athchúrsála atá de dhíth san Aontas

- Sochair bhreise EUR 656 mhilliún de theicstílí in-athúsáidte agus in-athchúrsáilte le haghaidh mhargadh athúsáide agus athchúrsála an Aontais chomh maith le tacaíocht le toradh bliantúil foriomlán EUR 3,5-4,5 billiún ó infheistíochtaí freagrachta leathnaithe táirgeora

- Laghdú breise ar astaíochtaí gás ceaptha teasa EUR 16 mhilliún in aghaidh na bliana ó theicstílí 

- 8 740 post arna gcruthú sa bhainistiú dramhaíola 

- Laghdú 10 % a bhaint amach ar ghiniúint dramhaíola bia i bpróiseáil agus i monarú bia agus laghdú 30 % a bhaint amach i miondíol, seirbhísí bia agus teaghlaigh (faoi 2030)

- Breisluach foriomlán EUR 1,6 billiún do gheilleagar an Aontais (lena n‑áirítear na costais thuasluaite) 

- Coigilteas EUR 439 ar chaiteachas teaghlaigh ar bhia in aghaidh na bliana in aghaidh an teaghlaigh (ceathrar) 

- Laghdú ar roinnt tionchair chomhshaoil a bhaineann le bia amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa, eotrófú na mara, úsáid talún nó ganntanas uisce – ar luach foriomlán measta EUR 9-23 bhilliún, lena n‑áirítear idir 16.5 agus 62 mhilliún tona de laghdú measta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Beidh siad seo a leanas ar na táscairí maidir le dul chun cinn agus baint amach na gcuspóirí:

- Suirbhé comhdhéanaimh ar dhramhaíl mheasctha chathrach chun an cion teicstílí dramhaíola atá inti a chinneadh

- Sonraí maidir le hullmhú le haghaidh athúsáide de theicstílí úsáidte agus dramhaíola

- Faisnéis ar ráta an bhailithe ar leithligh de tháirgí teicstíle agus táirgí coisbhirt a liostaítear in Iarscríbhinn IVc, idir tháirgí úsáidte agus dramhaíola, ráta athúsáide agus ullmhaithe le haghaidh athúsáide agus athchúrsála arna bhaint amach ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí

- Faoi 2030, laghdú 10 % a bhaint amach ar ghiniúint dramhaíola bia i bpróiseáil agus i monarú bia agus laghdú 30 % a bhaint amach i miondíol, seirbhísí bia agus teaghlaigh

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Bheadh gá na ceanglais mhionsonraithe a shonrú trí ghníomhartha cur chun feidhme i dtréimhse ama thart ar 3 bliana. Cumhdófar leo sin na nithe seo a leanas:

- Gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid chomhchuibhithe le haghaidh clárú sa chlár 

- Gníomhartha tarmligthe féideartha chun na cóid Ainmníochta Comhcheangailte a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a leasú chun iad a chur i gcomhréir leis na cóid a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir leis na táirgí a chumhdaítear leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora

- Gníomh cur chun feidhme féideartha lena leagtar síos critéir le haghaidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí le haghaidh na ranníocaíochtaí airgeadais a íocann an táirgeoir leo

- Gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos an mhodheolaíocht le haghaidh bhailiú agus fhíorú an ráta bailithe ar leithligh

- Gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 37 den Airteagal seo lena leagtar síos an fhormáid chun na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a thuairisciú chun iad a chur in oiriúint do na ceanglais a leagtar amach i mír 3 den Airteagal sin

- Ní ann d’aon cheanglas le comhlíonadh i réimse an chur amu bia (mar glacadh na réamhriachtanais cheana féin san athbhreithniú ar WFD in 2018 agus sa reachtaíocht thánaisteach ina dhiaidh sin

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, , breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

I bhfianaise nádúr trasteorann shlabhra luacha na dteicstílí ó pheirspictíocht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta de, tá dlúthcheangal idir díol, tomhaltas agus bainistiú deireadh ré teicstílí agus feidhmiú an mhargaidh aonair agus slabhraí luacha domhanda.I ngeall ar an spleáchas mór ar amhábhair, cuirtear i dtábhacht a thábhachtaí atá sé borradh a chur faoi shamhlacha gnó ciorclacha chun úsáid príomh-amhábhar a laghdú agus chun cabhrú chun na seachtrachtaí comhshaoil diúltacha a mhaolú.

Ní mór na córais bhailithe, sórtála agus athchúrsála a uas-scálú lena n‑ullmhú don oibleagáid maidir le bailiú ar leithligh atá ar na bacáin agus dá cur chun feidhme iomlán ós rud é go ndéanann roinnt teipeanna rialála agus margaidh a théann i bhfeidhm ar na Ballstáit agus ar na gníomhaithe uile ar fud shlabhra luacha na dteicstílí bac a chur ar sholáthar leordhóthanach acmhainneachta bailithe, sórtála agus athchúrsála.Mar gheall nach ann do chur chuige coiteann Eorpach i leith bainistíocht teicstílí, tá an baol ann go gcruthófar nó go ndaingneofar a thuilleadh ilroinnt rialála agus sreabha dramhaíola agus ábhair a gcuirtear isteach orthu, rud a chuireann isteach ar ghluaiseachtaí teicstílí (táirgí, teicstílí úsáidte agus dramhaíola) agus ar ghníomhaíocht chomhordaithe agus ar infheistíochtaí sciobtha ar fud an Aontais.Is ann do rioscaí arda maidir le méadú breise ar an ilroinnt rialála agus ar na hualaí riaracháin ar pháirtithe leasmhara sa tionscal, FBManna den chuid is mó, a eascraíonn as cur i bhfeidhm éagsúil an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as trí scéimeanna náisiúnta freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh teicstílí.Maidir le haghaidh a thabhairt ar sheachtrachtaí comhshaoil trasteorann, lena n‑áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa agus onnmhairiú teicstílí (agus dramhaíola i mbréagriocht ábhar neamhdhramhaíola) chuig tríú tíortha, is éifeachtaí a thugtar aghaidh air sin le gníomhaíocht an Aontais, go háirithe, mar baineann príomhchúiseanna na faidhbe le teipeanna rialála a eascraíonn as easpa sainmhínithe comhchuibhithe agus ilroinnt rialála agus bearna chistiúcháin is coiteann do na Ballstáit uile.

Gineann gach Ballstát cur amú bia, rud a chruthaíonn seachtrachtaí comhshaoil trasteorann móra. Bíonn táirgeadh, stóráil, iompar agus próiseáil bhia agus diúscairt cur amú bia ina gcúis le tionchair ar an gcomhshaol agus ar an aeráid (amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus éifeachtaí ar úsáid talún, bithéagsúlacht, úsáid uisce agus eotrófú) laistigh den Aontas Eorpach. Thairis sin, féadfaidh táirgeadh bia a allmhairítear isteach san Aontas a bheith ina chúis le tionchair mhóra dhomhanda ar an gcomhshaol agus ar an aeráid.

Ní mór an cur amú bia a laghdú ar fud an Aontais ar bhealach comhsheasmhach chun úsáid stuama réasúnach acmhainní nádúrtha, laghdú ar thionchair dhiúltacha ar an aeráid, ar an mbithéagsúlacht agus ar úsáid acmhainní nádúrtha a áirithiú i ngach Ballstát, agus beidh na sochair le brath níos faide ná teorainneacha náisiúnta. Rud atá tábhachtach, ach an córas bia a dhéanamh níos éifeachtúla, rannchuidíonn an laghdú ar an gcur amú bia leis an tslándáil bia ar fud an Aontais freisin.

Déantar bia a thrádáil go forleathan laistigh de mhargadh an Aontais agus bíonn comhleanúnachas agus soiléireacht de dhíth ar na gnólachtaí bia a fheidhmíonn go trasteorann maidir leis an leibhéal uaillmhéine a bhfuil coinne leis chun infheistíochtaí agus gníomhaíochtaí a phleanáil chun an cur amú bia a chosc. Féadfar iontaofacht agus leanúnachas a sholáthar le cur chuige comhordaithe ar leibhéal an Aontais, agus ar an gcaoi sin féadfar tacú le glacadh samhlacha gnó nua ag oibreoirí gnó bia chun dlús a chur le laghdú ar an gcur amú bia ar fud shlabhra luacha an bhia.

Ach spriocanna a shocrú maidir leis an gcur amú bia a laghdú a bheidh le baint amach ag na Ballstáit faoi 2030, tá coinne leis go neartófar iarrachtaí chun straitéisí agus tionscnaimh éifeachtacha a shainaithint agus a uas-scálú laistigh de na Ballstáit agus ar fud na mBallstát araon mar a leanas: rannchuidiú oibreoirí gnó bia a chuíchóiriú, go háirithe i gcomhthéacs slabhraí soláthair trasteorann; cabhrú lena áirithiú go dtugann na Ballstáit uile aghaidh ar chúiseanna na giniúna dramhaíola bia (idir chúiseanna margaidh agus iompraíochta) go comhsheasmhach agus go comhuaineach, i gcomhréir le gníomhaíochtaí a rinne na Ballstáit atá chun tosaigh – ar beag a líon go dtí seo; agus dlús a chur le forbairt straitéisí éifeachtacha náisiúnta chun cur amú bia a chosc trí dhea-chleachtais a scaipeadh agus leas níos mó a bhaint as bonn eolais an Aontais a bhaineann le cur amú bia a chosc.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Leis an Treoir Réime maidir le Dramhaíl (WFD) bunaítear coincheapa atá infheidhme go cothrománach i ndáil le giniúint dramhaíola agus bainistíocht dramhaíola, lena n‑áirítear cóireáil dramhaíola, athchúrsáil agus téarnamh. Cruthaítear leis ord na réiteach dramhaíola, a thugann tús áite do dhramhaíl a chosc in áit athúsáide agus/nó athchúrsála, agus ina dhiaidh sin athchúrsáil in áit roghanna eile téarnaimh agus diúscairt dheireanach trí hathlíonadh. Thairis sin, cuirtear d’oibleagáid ar Bhallstáit scéimeanna feidhmiúla um Fhreagracht Leathnaithe Táirgeora a bheith i bhfeidhm, lena n‑áirithítear go mbíonn táirgeoirí na dtáirgí freagrach as céim na dramhaíola a bhainistiú i ndáil lena gcuid táirgí. Sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach (CEAP), gheall an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar WFD i gcomhthéacs dramhaíl teicstíle.

Maidir le bia, cé gurb é seo an chéad sprioc chun giniúint dramhaíola bia a laghdú, meastar go ginearálta gur éirigh go maith le spriocanna sa reachtaíocht dramhaíola arb é is aidhm dóibh cur leis an athchúrsáil nó laghdú a dhéanamh ar an dramhaíl a chuirtear i líonadh talún, mar soláthraítear leo cuspóirí soiléire agus deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh gach gníomhaí agus le haghaidh na sochaí trí chéile, agus tugtar leo solúbthacht iomlán do na Ballstáit maidir leis an roghnú beart is gá. Léirítear le taithí gur gá faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar i dtreo spriocanna agus tacaíocht a sholáthar do na Ballstáit tríd an malartú dea-chleachtas maidir le hionstraimí agus uirlisí is infheidhme ar an leibhéal náisiúnta chun na spriocanna a bhaint amach mar aon le soiléiriú trí threoraíocht agus/nó leasú ar bhearta ábhartha sa reachtaíocht ghaolmhar chun cosc ar dhramhaíl a éascú (e.g. trí dhul i ngleic le haon bhacainn atá ann.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tagann na tionscnaimh faoi scáth an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, lena dtreoraítear straitéis téarnaimh an Aontais.Aithníonn an Comhaontú Glas na buntáistí a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh inár n‑inbhuanaitheacht iomaíoch trí Eoraip atá níos cothroime, níos glaise agus níos digití a thógáil. Áirítear leis sin an geilleagar ciorclach, arb é an príomhspreagthóir ó thaobh téarnamh ábhar a mhéadú agus cáilíocht na n‑amhábhar tánaisteach a fheabhsú, chomh maith leis an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc.

Cumhdaítear tacaíocht agus tiomantas an Choimisiúin Eorpaigh sa taighde ar réimse an gheilleagair chiorclaigh agus go háirithe mar a bhaineann le teicstílí leis na tionscadail a mhaoinítear faoin gclár Fís 2020 agus an ranníocaíocht airgeadais maidir lena gcur chun feidhme. Tacóidh torthaí na dtionscadal sin le ciorclaíocht na dteicstílí agus cuirfidh siad chun cinn iad. An líonra Mol Nuálaíochta Digití Eorpach – a chistítear faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, cabhraíonn sé le FBManna uirlisí digiteacha a chur chun feidhme lena dtacaítear le ciorclaíocht agus le hin‑athchúrsáilteacht teicstílí chomh maith le cur amú bia a mhaolú i dtionscal an agraibhia agus an fháilteachais. I réimse na dramhaíola bia, maoinítear tionscadail taighde na dtionscadal tacaíochta faoin gclár Fís 2020 agus faoin gclár Fís Eorpach freisin.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Le haghaidh teicstílí, go teoiriciúil, d’fhéadfaí reachtaíochtaí náisiúnta a bhunú sna Ballstáit. Mar sin féin, is féidir a thabhairt faoi deara nach rathófaí leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm (agus a bheartaítear) an leibhéal comhchuibhithe is gá ar fud an Aontais lena seachnófaí cur le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh.

Le haghaidh teicstílí, go teoiriciúil, d’fhéadfaí reachtaíochtaí náisiúnta a bhunú sna Ballstáit. Mar sin féin, is féidir a thabhairt faoi deara nach rathófaí leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm (agus a bheartaítear) an leibhéal comhchuibhithe is gá ar fud an Aontais lena seachnófaí cur le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh.

Roghnaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil le haghaidh bhailiú agus fhíorú na sonraí i bhfianaise an bhainistithe atá ann cheana ar an sreabhadh sonraí maidir le hathúsáid táirgí, dea-chlú, agus a hinfhaighteachta chun an sreabhadh sonraí a bhainistiú. Is féidir le naisc leis na Spásanna Sonraí Monaraíochta cabhrú chun costais cur chun feidhme agus idirbhirt a laghdú.

Ní féidir cúraimí a sheachtrú a bhaineann le gníomhartha cur chun feidhme a fhorbairt ar leibhéal an Aontais.

Fágann nádúr an togra – spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí de a fhorchuirtear ar na Ballstáit – gur ar an leibhéal náisiúnta a mhaoineofar bearta gaolmhara den chuid is mó.

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ó 2024 go 2028,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 87

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a dainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

comhlachtaí nó daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn Nótaí le do thoil.

Nótaí

Níl ann dóibh.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Áirítear caiteachas foirne sa Choimisiún leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach seo. Déanfar gá a d’fhéadfadh a bheith ann le hatreisiú le haghaidh na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil a ghrúpáil le chéile i Ráiteas Airgeadais Reachtach ar thogra dlí atá le teacht, agus cuirfear sineirgí san áireamh. Tá feidhm ag na gnáthrialacha maidir leis an gcineál caiteachais sin.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

N/B – cf. thuas 

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

N/B – cf. thuas 

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

N/B – cf. thuas

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

N/B – cf. thuas

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 88

ó thíortha de chuid CSTE 89

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 90

Ó na tríú tíortha

ioncam sannta eile

7

20 02 02 01 Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta 

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

7

20 02 01 01 Baill foirne ar conradh 

LN 

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

N/B

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

7

"Caiteachas riaracháin"

Ba cheart an chuid seo a líonadh isteach ag úsáid na sonraí buiséid de chineál riaracháin atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gcinneadh ón gCoimisiún maidir leis na rialacha inmheánacha i ndáil le cur chun feidhme roinn an Choimisiúin de bhuiséad ginearálta an Aontais), agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

□ Acmhainní daonna

0.171

0.358

0.358

0.358

0.358

1.603

Caiteachas riaracháin eile 

IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil

Leithreasuithe

0.171

0.358

0.358

0.358

0.358

1.603

Eascraíonn costais AS an Chomhshaoil as an bpróiseas comhchinnteoireachta agus ón gcur chun feidhme chomh maith leis na gníomhartha cur chun feidhme éagsúla arna mbeartú faoi na leasuithe arna mbeartú.

Fostófar baill foirne atá ann cheana (0.75 FTE, AD) go hiomlán le haghaidh chaibidlíocht agus chur chun feidhme ginearálta na Treorach leasaithe agus le haghaidh na hoibre ullmhúcháin éagsúla agus dhréachtú na ngníomhartha cur chun feidhme de réir na sprioc-amanna arna mbeartú sa leasú. 0.33 FTE (AD) a bheidh de dhíth ar an gceann deiridh sin. 

Is gá 3 bhall foirne chonarthacha bhreise (3 CA) chun an obair theicniúil a chur i gcrích, lena n‑áirítear: 

- Gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid chomhchuibhithe le haghaidh clárú sa chlár 

- Gníomhartha tarmligthe féideartha chun na cóid Ainmníochta Comhcheangailte a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a leasú chun iad a chur i gcomhréir leis na cóid a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir leis na táirgí a chumhdaítear leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora 

- Gníomh cur chun feidhme féideartha lena leagtar síos critéir le haghaidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí le haghaidh na ranníocaíochtaí airgeadais a íocann táirgeoirí leo 

- Gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos an mhodheolaíocht le haghaidh bhailiú agus fhíorú an ráta bailithe ar leithligh 

- Gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 37 den Airteagal seo lena leagtar síos an fhormáid chun na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a thuairisciú chun iad a chur in oiriúint do na ceanglais a leagtar amach i mír 3 den Airteagal sin.

AS SANTE

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

□ Acmhainní daonna

0.086

0.086

0.086

0.086

0.086

0.427

Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN AS um Shláinte agus Sábháilteacht Bia

Leithreasuithe

0.086

0.086

0.086

0.086

0.086

0 430

Eascraíonn costais AS um Shláinte agus Sábháilteacht Bia as an bpróiseas comhchinnteoireachta agus as faireachán a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht ar fud na mBallstát. Léirítear baill foirne atá ann cheana leo (AD).

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) 

0.257

0.444

0.444

0.444

0.444

2.033

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) 

2023 

2024 

2025 

2026 

2027

IOMLÁN 

IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais 

0.257

0.444

0.444

0.444

0.444

2.033

Íocaíochtaí 

0.257

0.444

0.444

0.444

0.444

2.033

3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 91

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 92

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁN

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar acmhainní daonna agus ar leithreasuithe de chineál riaracháin

Ceanglais mheasta maidir le leithreasuithe riaracháin sa Choimisiún

   Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin.

   Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2023 

2024 

2025 

2026 

2027

IOMLÁN 

CEANNTEIDEAL 7den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0.257

0.444

0.444

0.444

0.444

2.033

Caiteachas riaracháin eile

Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

0.257

0.444

0.444

0.444

0.444

2.033

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 93  
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

N/B 

N/B 

N/B 

N/B 

N/B 

N/B 

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo‑iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

N/B 

N/B 

N/B 

N/B 

N/B 

N/B 

IOMLÁN

0.257

0.444

0.444

0.444

0.444

2.033

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.3.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach sa Choimisiún 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos: 

2023 

2024 

2025 

2026 

2027

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

1.5

1

1

1

1

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

20 02 01 (CA, SNE, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

3

3

3

3

20 02 03 (CA, LA, SNE, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz 94

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (CA, SNE, INT – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

1.5

4

4

4

4

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

AS ENV: 0.75 FTE (AD) atá ann cheana le haghaidh na comhchinnteoireachta agus 0.33 FTE (AD) atá ann cheana le haghaidh an chur chun feidhme

AS SANTE: 0.5 FTE (AD) atá ann cheana le haghaidh na comhchinnteoireachta agus an fhaireacháin ar na Ballstáit.

Pearsanra seachtrach

AS ENV: Is gá 3 bhall foirne chonarthacha bhreise (3 CA) chun an obair theicniúil a chur i gcrích, lena n‑áirítear: 

- Gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid chomhchuibhithe le haghaidh clárú sa chlár 

- Gníomhartha tarmligthe féideartha chun na cóid Ainmníochta Comhcheangailte a liostaítear in Iarscríbhinn IVc a leasú chun iad a chur i gcomhréir leis na cóid a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir leis na táirgí a chumhdaítear leis an bhfreagracht leathnaithe táirgeora 

- Gníomh cur chun feidhme féideartha lena leagtar síos critéir le haghaidh eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí le haghaidh na ranníocaíochtaí airgeadais a íocann táirgeoirí leo 

- Gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos an mhodheolaíocht le haghaidh bhailiú agus fhíorú an ráta bailithe ar leithligh 

- Gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 37 den Airteagal seo lena leagtar síos an fhormáid chun na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a thuairisciú chun iad a chur in oiriúint do na ceanglais a leagtar amach i mír 3 den Airteagal sin.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 95

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 96

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, COM(2019) 640 final.
(2)    Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach: I gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche, COM(2020)98 final an 11.3.2020.
(3)     Conairí Aistrithe an Aontais (europa.eu)
(4)    IO L 312, 22.11.2008, lch. 3.
(5)    An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, Waste prevention in Europe, 2021 [Cosc ar dhramhaíl san Eoraip, 2021] Cosc ar dhramhaíl san Eoraip – An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (europa.eu)
(6)    Lai, O., What is fast fashion, Earth.org, 2021,  https://earth.org/what-is-fast-fashion
(7)    Ceardlann le Páirtithe Leasmhara.
(8)    An Coimisiún Eorpach, An tAirmheán Comhpháirteach Taighde (2021): https://data.europa.eu/doi/10.2760/858144 .
(9)    An Coimisiún Eorpach, An tAirmheán Comhpháirteach Taighde. Techno-scientific assessment of the management options for used and waste textiles [Measúnú teicneolaíochta-eolaíochta ar na roghanna bainistíochta le haghaidh teicstílí caite agus dramhaíola]. 2023 (á fhorbairt faoi láthair)
(10)    An Coimisiún Eorpach, An tAirmheán Comhpháirteach Taighde.Techno-scientific assessment of the management options for used and waste textiles [Measúnú teicneolaíochta-eolaíochta ar na roghanna bainistíochta le haghaidh teicstílí caite agus dramhaíola]. 2023 (á fhorbairt faoi láthair).
(11)    An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, 2019.
(12)    EEA.Textiles and the environment: the role of design in Europes circular economy [Teicstílí agus an comhshaol: ról an dearaidh i ngeilleagar ciorclach na hEorpa] (2022). Le fáil ag: https://www.eea.europa.eu/publications/textiles-and-the-environment-the.
(13)    Ellen Mac Arthur Foundation, 2017, https://ellenmacarthurfoundation.org/a-new-textiles-economy.
(14)    Coincheap lárnach in WFD is ea ord na réiteach dramhaíola lena mbunaítear ord tosaíochta chun dramhaíl a bhainistiú agus a dhiúscairt: cosc ar an gcéad dul síos (lena n‑áirítear athúsáid) agus oibríochtaí bainistithe dramhaíola ina dhiaidh sin: ullmhú le haghaidh athúsáide, athchúrsáil, aisghabháil, agus diúscairt ar deireadh. Déantar é a oibríochtú trí rialacha sonracha agus spriocanna feidhmíochta, amhail ceanglais a shocrú maidir le bailiú ar leithligh agus spriocanna a leagan síos le haghaidh coisc, athchúrsála nó atreorú ó líonadh talún.
(15)    COM(2020)98 final.
(16)    COM(2022)141 final.
(17)    Sanye Mengual, E. agus Sala, S., 2023. Consumption Footprint and Domestic Footprint: Assessing the environmental impacts of EU consumption and production. 
(18)    Sanyé-Mengual, E., Biganzoli, F., Valente, A., Pfister, S., & Sala, S. (2023). What are the main environmental impacts and products contributing to the biodiversity footprint of EU consumption? A comparison of life cycle impact assessment methods and models.
(19)     https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/env_wasfw/default/table?lang=en
(20)    Arna ríomh le modheolaíocht an Loirg Tomhaltais, mar a chuirtear i láthair in: An Coimisiún Eorpach, An tAirmheán Comhpháirteach Taighde, Sanyé Mengual, E., Sala, S., Consumption footprint and domestic footprint: assessing the environmental impacts of EU consumption and production: life cycle assessment to support the European Green Deal [Lorg tomhaltais agus lorg intíre: measúnú a dhéanamh ar na tionchair chomhshaoil a bhaineann le tomhaltas agus táirgeadh an Aontais: measúnú saolré chun tacú leis an gComhaontú Glas don Eoraip], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023, https://data.europa.eu/doi/10.2760/218540.
(21)    Is é atá i gcoibhéis domhain m3 méadar ciúbach a thomhlaítear ar an meán ar domhan. Tagraíonn an meán do mheán atá ualaithe de réir tomhaltais, agus ar an ábhar sin is é atá ann na háiteanna sin ina dtomhlaítear an t‑uisce faoi láthair.
(22)    Arna mheasúnú i bhfianaise na dtionchar ar cheithre airí den ithir: táirgeadh bitheach, friotaíocht creimthe, athshlánú screamhuisce agus scagadh meicniúil, mar a chuirtear i láthair in: De Laurentiis, V., Secchi, M., Bos, U., Horn, R., Laurent, A. agus Sala, S., Soil quality index: Exploring options for a comprehensive assessment of land use impacts in LCA, Journal of Cleaner Production, 215, lgh. 63-74, 2019.
(23)    Cumhdaítear leis an Lorg Tomhaltais na 16 chatagóir tionchair den Lorg Comhshaoil (Coimisiún Eorpach, 2021) lena n‑áirítear eotrófú fionnuisce arb iad astaíochtaí fosfair is mó is cúis leis.
(24)    IO L 471, 30.12.2021, lch. 1–396.
(25)    Eurostat, 2022 (féach nóta 92, leathanach 32).
(26)    Manfredi, S., & Cristobal, J., Towards more sustainable management of European food waste: Methodological approach and numerical application. Waste Management and Research, 34(9), 957-968, 2016, https://doi.org/10.1177/0734242X16652965.
(27)    An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe, EU agricultural outlook for markets, income and environment 2022-2032 [Ionchas talmhaíochta an Aontais le haghaidh margaí, ioncaim agus an chomhshaoil, 2022-2032], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023, lch. 43. https://data.europa.eu/doi/10.2762/29222. Tabhair faoi deara:athrú an-bheag (faoi bhun 1 %) toisc gur úsáideadh bonnlíne MAGNET a bhí beagán éagsúil.
(28)    Eurostat, Deireadh Fómhair 2022. Living conditions in Europe – material deprivation and economic strain – Statistics Explained [Dálaí maireachtála san Eoraip – díth ábharach agus brú eacnamaíoch – Míniú ar Staitisticí]
(29)    An gá chun rochtain ar bhia agus dlúthpháirtíocht i slabhra an tsoláthair bia a áirithiú, cuirtear é sin i dtábhacht freisin sna moltaí ón bpainéal saoránach Eorpach um an gcur amú bia. Féach Iarscríbhinn 16 a ghabhann leis an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair le haghaidh na sraithe iomláine moltaí.
(30)    COM(2020)381 final
(31)    IO L 248, 27.9.2019, lgh. 77-85.
(32)    IO C 361, 25.10.2017, lch. 1-29.
(33)    IO C 133, 16.4.2018, lch. 2–18.
(34)    https://food.ec.europa.eu/safety/food-waste/eu-actions-against-food-waste/eu-platform-food-losses-and-food-waste_en
(35)    https://food.ec.europa.eu/system/files/2021-05/fs_eu-actions_action_platform_key-rcmnd_en.pdf
(36)    https://ec.europa.eu/food/safety/food_waste/eu_actions/date_marking_en
(37)    https://ec.europa.eu/food/safety/food_waste/eu-food-loss-waste-prevention-hub/eu-member-state-page/show/FI
(38)    https://restwith.eu/
(39)    An Coimisiún Eorpach, Airmheán Comhpháirteach Taighde, Caldeira, C., Sala, S., De Laurentiis, V., Assessment of food waste prevention actions. Development of an evaluation framework to assess the performance of food waste prevention actions [Measúnú ar ghníomhaíochtaí chun cosc a chur ar an gcur amú bia. Forbairt creata meastóireachta chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú gníomhaíochtaí chun cur amú bia a chosc], Oifig na bhFoilseachán, 2019. 
(40)    Féach na tionscadail CHORIZO agus ToNoWaste
(41)    Féach na tionscadail FOLOU agus WASTELESS
(42)    Sampla:  Glao HADEA ar thograí in 2022 chun cuidiú le páirtithe leasmhara beart a dhéanamh chun dul i ngleic leis an gcur amú bia
(43)    An Coimisiún Eorpach, Sábháilteacht Bia, Cód Iompraíochta an Aontais maidir le cleachtais fhreagracha i nGnó agus Margaíocht an Bhia, 2021
(44)    COM/2022/66 final
(45)    COM/2021/709 final
(46)    COM/2022/142 final
(47)    IO L 272, 18.10.2011, lch. 1
(48)    IO L 396, 30.12.2006, lch. 1
(49)    COM(2020) 562 final
(50)    COM(2012)060 final
(51)    https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/404a8144-8892-11ec-8c40-01aa75ed71a1
(52)     https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-15441-2022-INIT/en/pdf
(53)    SWD(2023)4 final, Drivers of food security [Gníomhaithe na slándála bia].
(54)    IO C 326, 26.10.2012, lch. 47. 
(55)    An Coimisiún Eorpach, Cloisimis uait!, Tionscnaimh a foilsíodh, Tionchar an bhainistithe dramhaíola ar an gcomhshaol – athbhreithniú ar chreat dramhaíola an Aontais, https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13225-Tionchar-an-bhainistithe-dramhaiola-ar-an-gcomhshaol-athbhreithniu-ar-chreat-dramhaiola-an-Aontais_ga
(56)    An Coimisiún Eorpach, Cloisimis uait!, Tionscnaimh a foilsíodh, Cur amú bia – spriocanna laghdaithe, https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13223-Cur-amu-bia-spriocanna-laghdaithe_ga
(57)    198 a léirítear in Tionchar an bhainistithe dramhaíola ar an gcomhshaol – athbhreithniú ar chreat dramhaíola an Aontais (europa.eu)  mar is dúbailt ceann amháin díobh ó fhóram DTLL.
(58)    Measadh mar a bheith bailí gach freagra a fuarthas. 
(59)    An líon ard freagróirí ón mBeilg, meastar go n‑eascraíonn sé as an líon mór eagraíochtaí atá lonnaithe sa Bhruiséil ar eagraíochtaí iad a dhéanann ionadaíocht ar son grúpaí éagsúla leasa os comhair institiúidí an Aontais, amhail comhlachais tionscail, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus tomhaltóirí, etc.
(60)    Painéal Saoránach Eorpach um Chur Amú Bia, Moltaí deiridh , Feabhra 2023
(61)     An Coimisiún Eorpach, An tAirmheán Comhpháirteach Taighde. Circular economy perspectives in the EU Textile sector [Peirspictíochtaí an gheilleagair chiorclaigh in earnáil teicstílí an Aontais]. 2021 agus an Coimisiún Eorpach, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde. Techno-scientific assessment of the management options for used and waste textiles [Measúnú teicneolaíochta-eolaíochta ar na roghanna bainistíochta le haghaidh teicstílí caite agus dramhaíola]. 2023 (á fhorbairt faoi láthair).
(62)    De Laurentiis, V, Mancini, L, Casonato, C, Boysen-Urban, K, De Jong, B, MBarek, R, Sanyé Mengual, E, Sala, S. Setting the scene for an EU initiative on food waste reduction targets [An bealach a réiteach le haghaidh tionscnamh ón Aontas maidir le spriocanna chun cur amú bia a laghdú]. Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2023, doi: 10.2760/13859, JRC133967.
(63)    De Jong B, Boysen-Urban K, De Laurentiis V, Philippidis G, Bartelings H, Mancini L, Biganzoli F, Sanyé Mengual E, Sala S, Lasarte-López J, Rokicki B, Mbarek R. Assessing the economic, social and environmental impacts of food waste reduction targets. A model-based analysis. [Measúnú a dhéanamh ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil de spriocanna chun cur amú bia a laghdú. Anailís bunaithe ar shamhail, 2023]Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2023, doi:10.2760/77251, JRC133971.
(64)     https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Food_waste_and_food_waste_prevention_-_estimates . Tá an bunachar sonraí le fáil faoi chód ( env_wasfw ) ar shuíomh gréasáin Eurostat)
(65)    Le haghaidh achoimre ar na cainéil trína dtéann an geilleagar ciorclach i bhfeidhm ar an iomaíochas, féach Flachenecker, F. (2018) The causal impact of material productivity on macroeconomic competitiveness in the EU. Environmental Economics and Policy Studies 20, 17–46. https://doi.org/10.1007/s10018-016-0180-3 agus Flachenecker, F., Kornejew, M. (2019) The causal impact of material productivity on microeconomic competitiveness and environmental performance in the EU. Environmental Economics and Policy Studies 21, 87–122. https://doi.org/10.1007/s10018-018-0223-z
(66)    COM/2014/0397 final
(67)    IO C , , lch. .
(68)    IO C , , lch. .
(69)    COM(2020)98 final an 11 Márta 2020.
(70)    Conairí Aistrithe an Aontais (europa.eu)
(71)    COM(2022)141 final an 30 Márta 2022.
(72)    Féach Iarscríbhinn 16 a ghabhann leis an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair le haghaidh an liosta iomláin moltaí.
(73)    IO L 140, 5.6.2009, lch. 114.
(74)    IO L 114, 27.4.2006, lch. 9.
(75)    IO L 312, 22.11.2008, lch. 3.
(76)    Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/1597 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2019 lena bhforlíontar Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le modheolaíocht chomhchoiteann agus ceanglais íosta cháilíochta chun leibhéil dramhaíola bia a thomhas go haonfhoirmeach (IO L 248, 27.9.2019, lch. 77).
(77)    Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
(78)    IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.
(79)    COM(2021) 778 final an 9 Nollaig 2021.
(80)    An uimhir thagartha le cur isteach ag IO nuair a ghlacfar é.
(81)    Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2011 maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh agus lena n‑aisghairtear Treoir 73/44/CEE ón gComhairle, Treoracha 96/73/CE agus 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 272, 18.10.2011, lch. 1).
(82)    An uimhir thagartha le cur isteach ag IO nuair a ghlacfar é.
(83)    IO L 277, 27.10.2022, lch. 1.
(84)    An uimhir thagartha le cur isteach ag IO nuair a ghlacfar é.
(85)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(86)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(87)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget-implementation/Pages/implementation-methods.aspx
(88)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(89)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(90)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a dfhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(91)    Is éard is aschuir ann táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(92)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. Cuspóirí sonracha... 
(93)    Cúnamh teicniúil agus/nó riaracháin agus caiteachas ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais (seanlínte BA) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(94)    Fo-uasteorainn dfhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(95)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad N (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(96)    Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis do 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,5.7.2023

COM(2023) 420 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl






{SEC(2023) 420 final} - {SWD(2023) 420 final} - {SWD(2023) 421 final} - {SWD(2023) 422 final}


Iarscríbhinn IVc

Táirgí a thagann faoi raon feidhme na freagrachta leathnaithe táirgeora le haghaidh táirgí áirithe teicstíle, táirgí a bhaineann le teicstílí agus táirgí coisbhirt 

Cuid 1

Táirgí teicstíle tí, agus baill teicstíle éadaigh agus gabhálais éadaigh a thagann faoi raon feidhme Airteagal 22a

Cód AC 

Tuairisc 

61 – gach cód a liostaítear laistigh den chaibidil 

Baill éadaigh agus gabhálais éadaigh, iad cniotáilte nó cróiseáilte 

62 – gach cód a liostaítear laistigh den chaibidil 

Baill éadaigh agus gabhálais éadaigh, nach bhfuil cniotáilte nó cróiseáilte 

6 301 

Pluideanna agus rugaí taistil (seachas 6301 10 00) 

6 302 

Éadaí leapa, línéadach boird, línéadach ionlainne agus línéadach cistine 

6 303 

Cuirtíní (lena n‑áirítear scaraoidí) agus dallóga intí; sciortaí cuirtíní nó sciortaí leapa 

6 304 

Earraí fearastaithe eile, gan iad sin atá faoi cheannteideal 9404 a áireamh 

6 309 

Éadaí caite agus baill éadaigh chaite eile 

6 504 

Hataí agus ceannbhearta eile, iad trilsithe nó déanta trí stiallacha d’aon ábhar a chóimeáil, bídís líneáilte nó cóirithe nó ná bídís 

6 505 

Hataí agus ceannbhearta eile, iad cniotáilte nó cróiseáilte, nó déanta as lása, as feilt nó as fabraic theicstíle eile, sa phíosa (ach ní i stiallacha), bídís líneáilte nó cóirithe nó ná bídís; eangacha gruaige d’ábhar ar bith, bídís líneáilte nó cóirithe nó ná bídís 

Cuid 2

Coisbhearta, agus baill éadaigh agus gabhálais éadaigh nach teicstíl a bpríomh-chomhdhéanamh faoi raon feidhme Airteagal 22a  

Cód AC 

Tuairisc 

4203 

Baill éadaigh nó gabhálais éadaigh, as leathar nó as leathar comhdhéanaimh (seachas coisbhearta agus ceannbhearta agus codanna díobh sin, agus earraí chaibidil 95, e.g. loirgneáin, maisc phionsóireachta) 

6 401 

Coisbhearta uiscedhíonacha ar a bhfuil boinn amuigh agus uachtair atá déanta as rubar nó as plaistigh, arb uachtair iad nach bhfuil feistithe ar an mbonn ná cóimeáilte trí fhuáil, seamú, tairneáil, scriúáil, stopadh nó próisis chomhchosúla 

6 402 

Coisbhearta eile ar a bhfuil boinn amuigh agus uachtair atá déanta as rubar nó as plaistigh  

6 403 

Coisbhearta ar a bhfuil boinn amuigh atá déanta as rubar, plaistigh, leathar nó leathar comhdhéanta agus uachtair atá déanta as rubar

6 404 

Coisbhearta ar a bhfuil boinn amuigh atá déanta as rubar, plaistigh, leathar nó leathar comhdhéanta agus uachtair atá déanta as ábhair theicstíle 

6 405 

Coisbhearta eile 

Top