AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,10.10.2022
COM(2022) 517 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Maidir le feidhmiú an Rialacháin maidir le hUrrúsú
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022DC0517
REPORT FROM THE COMMISSION TO THE EUROPEAN PARLIAMENT AND THE COUNCIL On the functioning of the Securitisation Regulation
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Maidir le feidhmiú an Rialacháin maidir le hUrrúsú
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Maidir le feidhmiú an Rialacháin maidir le hUrrúsú
COM/2022/517 final
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,10.10.2022
COM(2022) 517 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Maidir le feidhmiú an Rialacháin maidir le hUrrúsú
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Maidir le feidhmiú an Rialacháin maidir le hUrrúsú
Clár na nÁbhar
1. Réamhrá
2. Forbairtí an mhargaidh
3. Éifeachtaí an Rialacháin
4. Coinneáil riosca
5. Dícheall cuí agus trédhearcacht
6. Urrúsuithe príobháideacha
6.1 Méadú díréireach ar líon na n‑urrúsuithe príobháideacha?
6.2 An bhfuil dóthain faisnéise ann d’infheisteoirí agus do mhaoirseoirí maidir le hurrúsuithe príobháideacha?
6.3 Sainmhíniú ar urrúsú príobháideach
7. Coibhéis STS
8. Urrúsú inbhuanaithe
9. Fíorú tríú páirtí maidir le critéir STS
10. Eintitis shainchuspóireacha (SSPEanna) a urrúsú
11. Raon feidhme dlínsiúil
11.1 Oibleagáidí ar an taobh díola
11.2 Oibleagáidí taobh ceannaigh – infhaighteacht nochtaí
11.3 Oibleagáidí taobh ceannaigh – infheisteoirí BCIM
12. Maoirseacht ar urrúsú
13. Láimhseáil stuamachta maidir le hurrúsuithe
14. Conclúid
1.Réamhrá
Is éard is urrúsú ann ná an próiseas chun iasachtaí neamh‑idirmhalartacha, nó na sreafaí airgid a eascraíonn astu, a aistriú go hurrúis indíolta. Cuireann an uirlis sin, dá bhrí sin, go mór le córas airgeadais dea-fheidhmiúil lena maoinítear an fíorgheilleagar go héifeachtúil, agus acmhainn á cur ar fáil léi ar chláir chomhardaithe na mbanc, rud a chuireann ar a gcumas creidmheas nua a chur ar fáil do ghnólachtaí, lena n‑áirítear cuideachtaí beaga agus meánmhéide. Feidhmíonn sé mar uirlis thábhachtach maidir le bainistíocht caipitil, leachtachta agus riosca i mbainc. Ina theannta sin, le hurrúsú déantar aicmí sócmhainní nua inrochtana d’infheisteoirí, rud a sholáthraíonn deiseanna infheistíochta éagsúlaithe d’infheisteoirí fadtéarmacha.
Mar sin féin, 15 bliana i ndiaidh na mór-ghéarchéime airgeadais, baineann stiogma inbhraite fós le hurrúsú mar uirlis chasta innealtóireachta um maoiniú ón am sin. Tá sé aitheanta go forleathan gur chuidigh urrúsú a rialaítear go scaoilte ar bhealach suntasach le géarchéim an mhargaidh fhophríomha sna Stát Aontaithe, a scaip go tapa tríd an gcóras airgeadais domhanda agus lenar bhain iarmhairtí forleathana do cháiníocóirí agus do chuideachtaí san Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin.
Ní raibh na fadhbanna céanna ag margaí urrúsúcháin na hEorpa agus a bhí ag margaí na Stát Aontaithe 1 . Mar sin féin, tháinig laghdú mór ar eisiúint agus ar infheistiú i margaí an Aontais Eorpaigh. I ndiaidh na mórghéarchéime airgeadais, d’aontaigh bainc cheannais 2 agus go leor páirtithe leasmhara go raibh gá le margadh urrúsúcháin an Aontais a athbheochan. Ghabh an Coimisiún Eorpach an sprioc air féin, dá bhrí sin, an margadh urrúsúcháin a athbheochan san Aontas Eorpach ar bhonn sábháilte inbhuanaithe. Sa phlean infheistíochta 2014 don Eoraip, d’aithin an Coimisiún cruthú margadh rafar d’urrúsuithe ardchaighdeáin mar cheann de na cúig réimse ina raibh gá le beart láithreach agus chuir sé an beart sin ar liosta na gcodanna d’Aontas na Margaí Caipitil 3 .
Agus obair leantach á déanamh ar na gealltanais bheartais sin, in 2015 mhol an Coimisiún creat dlíthiúil cuimsitheach ina mbeadh Rialachán nua maidir le hUrrúsú agus athruithe spriocdhírithe ar láimhseáil stuamachta urrúsaithe.
Tugadh an idirbheartaíocht idir na comhreachtóirí - Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle - chun críche in 2017. Tháinig Rialachán (AE) 2017/2402 4 (an “Rialachán maidir le hUrrúsú”) agus Rialachán (AE) 2017/2401, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta,i bhfeidhm an 1 Eanáir 2019.
Déantar forbairt leis an Rialachán maidir le hUrrúsú ar roinnt forálacha a bhí i bhfeidhm cheana féin agus a leasaíodh i bpáirt mar fhreagairt ar an ngéarchéim. Bhí na forálacha sin scaipthe ar fud líon mór gníomhartha dlí earnála a bhain le heintitis mhargaidh éagsúla, áfach, lena n‑áirítear: (i) an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR) do bhainc 5 ; (ii) an Treoir maidir le Sócmhainneacht II 6 d’árachóirí; agus (iii) an treoir maidir leis na Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe (UCITS) 7 agus an treoir maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (BCIM) 8 do bhainisteoirí sócmhainne. Cruthaítear leis an Rialachán maidir le hUrrúsú creat dlíthiúil aonair agus comhchuibhithe do na príomhpháirtithe atá páirteach in idirbheart urrúsúcháin. Is iad sin iasachtóirí bunaidh, tionscnóirí, urraitheoirí, meáin shainchuspóireacha urrúsúcháin agus infheisteoirí institiúideacha atá rannpháirteach i margadh urrúsúcháin AE. Ina theannta sin, cruthaítear leis an Rialachán maidir le hUrrúsú creat sonrach le haghaidh urrúsuithe fíordhíolacháin simplí, trédhearcacha agus caighdeánaithe (STS) 9 chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus chun castacht an mhargaidh a laghdú.
Leagadh béim arís i bPacáiste Téarnaimh na Margaí Caipitil ar an tábhacht a bhaineann le margadh urrúsúcháin dea-fheidhmiúil chun creidiúint leordhóthanach a thabhairt don fhíorgheilleagar 10 chun cabhrú le geilleagar an Aontais Eorpaigh téarnamh ó phaindéim COVID‑19. Cuimsíodh sa phacáiste leasuithe ar an Rialachán maidir le hUrrúsú chun raon feidhme an chórais STS a leathnú chuig urrúsuithe sintéiseacha laistigh den chlár comhardaithe 11 agus chun fáil réidh le bacainní rialála áirithe ar urrúsú neamhchosaintí neamhthuillmheacha. Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leasuithe sin i mí an Mhárta 2021.
Níos mó ná trí bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm an chreata urrúsúcháin nua, agus mar a fógraíodh i bplean gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil 2020 12 , déantar breithniú sa tuarascáil seo ar fhorbairt an mhargaidh agus pléitear gnéithe tábhachtacha den chreat dlíthiúil. Comhlíonann an tuarascáil seo sainordú dlíthiúil an Choimisiúin faoi Airteagal 46 den Rialachán maidir le hUrrúsú chun tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú an Rialacháin maidir le hUrrúsú, agus, más iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin. Comhlíonann sí freisin an sainordú dlíthiúil faoi Airteagal 45a (3) maidir le tuairisciú do na comhreachtóirí maidir le creat sonrach um urrúsú inbhuanaithe a chruthú, agus forbairt á déanamh ar thuarascáil ábhartha an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE). Pléitear sa tuarascáil freisin na saincheisteanna sa tuairim ó na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha (ESAnna) an 25 Márta 2021 chuig an gCoimisiún Eorpach maidir leis an raon feidhme dlínse 13 (“tuairim ón gComhchoiste”), trí léirmhínithe dlíthiúla ar fhorálacha áirithe den Rialachán maidir le hUrrúsú a sholáthar. Cuimsítear inti freisin na moltaí a rinne fóram ardleibhéil ar Aontas na Margaí Caipitil, a chruthaigh an Coimisiún in 2019 14 .
Baintear leas sa tuarascáil as roinnt foinsí, go háirithe an anailís fhairsing a rinne fochoiste urrúsúcháin Chomhchoiste na ESAnna, a foilsíodh in dhá dhoiciméad: (i) an tuarascáil maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an Rialacháin maidir le hUrrúsú 15 (an 17 Bealtaine 2021, an Chomhchoiste"); agus (ii) an tuairim ón gComhchoiste. Thairis sin, thionóil an Coimisiún comhairliúchán poiblí spriocdhírithe ina bhfuarthas 56 freagra ("an comhairliúchán"). Mheall sé sin spéis ó réimse leathan rannpháirtithe sa mhargadh, ón taobh ceannaigh agus ón taobh díola den mhargadh, agus ó údaráis phoiblí agus lucht acadúil. Tá ráiteas aiseolais 16 ina dtugtar achoimre mhionsonraithe ar na freagraí a fuarthas ag gabháil leis an tuarascáil seo.
I gcomhréir leis na sainorduithe dlíthiúla, dírítear sa tuarascáil seo ar ghnéithe den chreat urrúsúcháin a bhaineann leis an Rialachán maidir le hUrrúsú. Tá saincheisteanna a bhaineann le láimhseáil stuamachta urrúsúcháin do bhainc agus do chuideachtaí árachais faoi réir glao ar chomhairle faoi láthair chuig Comhchoiste na ESAnna 17 agus déanfaidh an Coimisiún measúnú orthu a luaithe a bheidh an chomhairle sin a iarradh curtha ar fáil. Ní thagann an tuarascáil seo agus na conclúidí inti roimh an measúnú agus na cinntí a d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh maidir le hoiriúnacht an chórais stuamachta atá ann faoi láthair.
Dírítear sa tuarascáil ar fheidhmiú an mhéid seo a leanas: (i) an ceanglas maidir le coinneáil riosca; (ii) na ceanglais maidir le dícheall cuí agus trédhearcacht; (iii) na rialacha agus an sainmhíniú le haghaidh urrúsuithe príobháideacha; (iv) an cás maidir le córas coibhéise STS; (v) córas le haghaidh urrúsú inbhuanaithe; (vi) an fheidhm atá ag fíorú tríú páirtí STS; agus (vii) an cás maidir le córas banc faoi cheadúnas teoranta a bhunú lena chur in ionad struchtúr reatha an urrúsaithe fíordhíolacháin a cruthaíodh timpeall ar eintitis shainchuspóireacha urrúsúcháin (SSPEnna). Breithnítear sa tuarascáil freisin saincheisteanna a bhaineann le raon feidhme dlínse an Rialacháin maidir le hUrrúsú, mar a ardaíodh sa tuairim ón gComhchoiste, agus soláthraítear léirmhínithe dlíthiúla inti sa chomhthéacs sin. Bunaithe ar thuarascáil an Chomhchoiste, déantar measúnú sa doiciméad seo ar staid reatha na maoirseachta agus críochnaíonn sé le forléargas ar an obair atá ar siúl faoi láthair agus ar obair atá ag teacht aníos maidir le láimhseáil stuamachta um urrúsú.
2.Forbairtí an mhargaidh
Tá sé deacair meastachán iontaofa agus cuimsitheach a fháil ar mhéid an mhargaidh urrúsúcháin san Aontas Eorpach faoi láthair. Le himeacht ama, le stórtha urrúsúcháin beifear ábalta cuntas iomlán urrúsuithe poiblí a sholáthar, ach tá líon mór idirbheart oidhreachta gníomhach ann faoi láthair, i.e. eisíodh iad roimh an 1 Eanáir 2019, agus ní gá iad thuairisciú do na stórtha. B’ionann líon na n‑urrúsuithe a tuairiscíodh do na stórtha urrúsúcháin agus thart ar EUR 460 billiún an 6 Aibreán 2022, agus b’ionann meastacháin mhargaidh maidir le méid mhargadh na n‑urrúsuithe poiblí sa limistéar euro (gan oibleagáidí iasachta comhthaobhaithe a áireamh) agus beagnach EUR 750 billiún ag deireadh 2021. Ina theannta sin, níl aon fhaisnéis oifigiúil ann faoi láthair maidir le méid beacht mhargadh na n‑urrúsuithe príobháideacha, toisc nach dtuairiscítear idirbhearta den sórt sin ach do stórtha urrúsúcháin ar bhonn deonach faoi láthair, agus nach bhfuil sonraí den sórt sin bailithe go córasach ag maoirseoirí go dtí seo. De réir an Chleachtaidh Eoraigh Tagarmharcála le haghaidh urrúsuithe príobháideacha 18 , meastar go bhfuil EUR 189 billiún ar a laghad d’iomlán na ngealltanas sa mhargadh iomlán. Áirítear sa mheastachán sin, áfach, idirbhearta na Ríochta Aontaithe.
De réir mheastacháin an mhargaidh, i ndiaidh roinnt blianta de bheith ag meathlú 19 , tá iarmhéid na n‑idirbheart urrúsúcháin san Aontas Eorpach cobhsaí ó tháinig an Rialachán maidir le hUrrúsú i bhfeidhm in 2019. Tháinig laghdú 11.9 % ar an iarmhéid idir 2015 agus deireadh 2021, rud a thaispeánann dinimic chomhchosúil le margadh na Ríochta Aontaithe, agus tháinig fás suntasach ar mhargadh urrúsúcháin na Stát Aontaithe le linn na tréimhse sin 20 . Is é an cineál ceannasach urrúsúcháin an t‑urrús cónaithe de bhun morgáistí, arbh ionann é agus beagnach 60 % de mhargadh AE ag deireadh 2021, agus urrúsú de bhun iasachtaí FBM, creidmheas tomhaltóra agus iasachtaí le haghaidh gluaisteáin ina dhiaidh sin.
Foinse mhalartach sonraí is ea an tuairisciú coiteann maidir le ceanglais chaipitil chomhdhlúite, fho-chomhdhlúite agus aonair (COREP), lena n‑áirítear urrúsuithe fíordhíolacháin, urrúsuithe sintéiseacha agus páipéar tráchtála sócmhainn‑bunaithe a choinníonn nó a thionscnaíonn bainc. Tairbhe a bhaineann leis an bhfoinse seo is ea idirbhearta príobháideacha a chur san áireamh, ach leis an rabhadh nach dtagann idirbhearta gan bhanc rannpháirteach laistigh dá raon feidhme. De réir na foinse sonraí sin, mhéadaigh méid amuigh na n‑idirbheart ó EUR 1 080 milliún in 2018 go EUR 1 300 milliún in 2021, rud a thug le tuiscint gur tháinig méadú ar an ngníomhaíocht urrúsúcháin i measc na mbanc ó tháinig an Rialachán maidir le hUrrúsú i bhfeidhm.
3. Éifeachtaí an Rialacháin
Cúlra agus torthaí
Tionchar ar fheidhmiú an mhargaidh um urrúsú san Aontas Eorpach
Bhí formhór na bhfreagróirí sa chomhairliúchán i bhfabhar an chreata dhlíthiúil reatha go ginearálta. Mheas na freagróirí freisin nach raibh feidhm ag an Rialachán maidir le hUrrúsú ach ar feadh tréimhse réasúnta gearr agus mar aon le tosca eisginiúla, amhail paindéim COVID‑19 agus leachtacht mhéadaithe trí ionstraimí beartais airgeadaíochta, bhí sé deacair na héifeachtaí a mheas ina n‑iomláine.
Fíor 1: Achoimre ar na freagraí ar Cheist 1: Ar éirigh leis an Rialachán maidir le hUrrúsú na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach?
Dar leis na freagróirí, ba é an creat dlíthiúil nua b’éifeachtaí maidir leis an aidhm bheartais leibhéal ard cosanta a sholáthar d’infheisteoirí trí choinneáil riosca agus infhaighteacht faisnéise. Cheistigh roinnt freagróirí comhréireacht na gcostas um chomhlíonadh. Admhaíodh go ginearálta gur éascaíodh tuilleadh comhtháthaithe leis an Rialachán, ach go raibh margadh urrúsúcháin AE fós ag forbairt. Thug na freagróirí faoi deara, áfach, go bhfuil an margadh fós ilroinnte idir na Ballstáit, rud a chuireann teorainn, de réir dealraimh, leis na barainneachtaí scála a d’fhéadfaí a bhaint amach. Thug na freagróirí chun suntais freisin go mbraitheann comhtháthú breise mhargadh urrúsúcháin AE ar thosca eile seachas an Rialachán maidir le hUrrúsú féin, amhail beartas airgeadaíochta, bonneagar maoirseachta agus dul chun cinn ar phlean gníomhaíochta níos leithne Aontas na Margaí Caipitil. D’aontaigh tromlach na bhfreagróirí go soláthraítear leis an Rialachán maidir le hUrrúsú creat dlíthiúil soiléir, agus béim á leagan air go bhféadfaí codanna áirithe a fheabhsú, agus d’aithin siad gur éascaíodh leis an Rialachán maidir le hUrrúsú faireachán ar rioscaí féideartha, ach ní gá go mbaineann sé sin le hurrúsuithe príobháideacha.
Níor shíl tromlach na bhfreagróirí ón tionscal go bhfuil feabhas tagtha ar an rochtain ar chreidmheas don fhíorgheilleagar, lena n‑áirítear FBManna, mar gheall ar urrúsú. Ar an dóigh chéanna, ní fhaca na freagróirí tionscail go raibh bonn infheisteoirí nó eisitheora á leathnú le linn na gcéad bhlianta de chur chun feidhme an Rialacháin maidir le hUrrúsú. Ar a mhalairt ar fad, dúirt na freagróirí go bhfuil laghdú tagtha ar líon na n‑infheisteoirí ó roinnt earnálacha móra, amhail cuideachtaí árachais.
Ar an iomlán, mheas na freagróirí nár soláthraíodh aon tairbhe inbhraite leis an Rialachán maidir le hUrrúsú don fhíorgheilleagar agus d’iasachtú FBManna. Go sonrach, is é is cúis leis sin nár tháinig méadú ar mhéid an mhargaidh ó tugadh isteach an Rialachán maidir le hUrrúsú, go háirithe i gcás iasachtaí FBM.
Tionchar an lipéid STS
Ag deireadh mhí an Mhárta 2022, bhí fógra tugtha don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) faoi 620 urrúsú traidisiúnta agus 19 n‑urrúsú 21 STS ar an gclár comhardaithe. Is iad na sócmhainní bunúsacha is coitianta in urrúsuithe STS infháltais trádála, trí idirbhearta páipéir tráchtála de bhun sócmhainní de ghnáth, iasachtaí/léasanna le haghaidh gluaisteáin agus urrúis chónaithe de bhun morgáistí ina dhiaidh sin. De réir thuarascáil an Chomhchoiste, is é an príomhthairbhe a fheiceann rannpháirtithe sa mhargadh leis an lipéad STS an chóir fhabhrach rialála a ghabhann leis. Mar thoradh air sin, baineann bainc agus cuideachtaí árachais tairbe as muirear caipitil níos ísle ar na suíomhanna a fhógraítear mar STS i gcomparáid le hurrúsuithe neamh‑SST (féach Fíor 2).
Fíor 2: Na príomhthairbhí agus na príomhdhúshláin a bhaineann leis an lipéad STS
|
Tairbhí STS |
Scór coibhneasta |
Dúshláin STS |
Scór coibhneasta |
|
Láimhseáil caipitil |
4.2 |
Castacht na gCritéar STS |
3.9 |
|
Bonn infheisteoirí níos leithne |
3.4 |
Sriantacht na gcritéar |
3.7 |
|
Praghsáil |
3.3 |
Pionóis dhlíthiúla |
3.7 |
|
Caighdeánú |
3.1 |
Costais um chomhlíonadh |
3.6 |
|
Trédhearcacht |
3.0 |
Soiléireacht leordhóthanach na gcritéar |
3.5 |
Foinse: Tuarascáil an Chomhchoiste
Scór coibhneasta ó 0 (ní bhaineann le hábhar) go 5 (thar a bheith ábhartha)
Measúnú an Choimisiúin
Maidir le staid fhoriomlán an mhargaidh, admhaíonn an Coimisiún an t‑aiseolas ón tionscal lena dtugtar le fios go bhfuil eisiúint urrúsuithe fós maolaithe. In éagmais foinse chuimsitheach sonraí a ghabhann gach cuid den mhargadh, áfach, ní féidir an cás a chinneadh go muiníneach don mhargadh ar fad. I ndáil leis sin, spreagtar maoirseoirí chun tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun tuiscint níos fearr a fháil, go háirithe, ar mhéid mhargadh na n‑urrúsuithe príobháideacha. Ina theannta sin, ní léir ag an bpointe seo a mhéid is féidir forbairtí an mhargaidh a chur i leith thionchar an chórais rialála, agus a mhéid a bhí tosca eisginiúla níos cinntithí.
Níor tháinig an Coimisiún ar ábhair imní shuntasacha faoi cháilíocht chreidmheasa urrúsuithe AE nó níor cuireadh ar an eolas é fúthu, in ainneoin na timpeallachta maicreacnamaíche measartha diúltach, rud a thugann le fios go bhfuil bonn láidir faoi mhargadh urrúsúcháin AE.
Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil lipéad STS glactha sa mhargadh agus gur glacadh go forleathan leis ann. Oireann sé dá chuspóir cabhrú le hinfheisteoirí struchtúir ardchaighdeáin a aithint agus cabhraíonn sé leis an stiogma a ghabhann le hurrúsú a bhaint. Leanfaidh an Coimisiún agus na ÚMEnna le faireachán a dhéanamh ar an margadh agus tabharfaidh siad treoir agus soiléireacht do rannpháirtithe sa mhargadh de réir mar is gá maidir le léirmhíniú na gcritéar STS, chun cabhrú leo a mbealach a dhéanamh tríd an gcreat dlíthiúil.
Tá an Coimisiún den tuairim gur cosúil go bhfuil an Rialachán maidir le hUrrúsú oiriúnach don fheidhm agus ní fheictear dó go bhfuil gá le mórathrú reachtach ag an bpointe seo. Agus é sin ráite, sonraíonn an Coimisiún na hábhair imní atá léirithe ag páirtithe leasmhara agus admhaíonn sé gur féidir mionchoigeartú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe (féach Cuid 5 agus Cuid 6).
4.Coinneáil riosca
Cúlra agus torthaí
Chun cosc a chur ar mhí‑ailíniú dreasachtaí idir eisitheoirí agus ceannaitheoirí urrúsaithe, ceanglaítear le hAirteagal 6 den Rialachán maidir le hUrrúsú ar thionscnóirí, ar urraitheoirí nó ar iasachtóirí bunaidh (agus ar sheirbhíseoirí, i gcás urrúsú neamhchosaintí neamhthuillmheacha) 5 % ar a laghad de ghlanleas eacnamaíoch a shealbhú san urrúsú ar feadh shaolré an idirbhirt. De bhreis ar an oibleagáid dhíreach sin, déantar fíorú indíreach ar an gceanglas coinneála riosca trínar féidir le hinfheisteoirí institiúideacha suíomhanna urrúsúcháin a shealbhú i gcás ina gcoinnítear glanleas eacnamaíoch 5 % ar a laghad.
De réir faisnéise ó stór urrúsúcháin an Stórais Eorpaigh Sonraí 22 , ba é an modh coinneála ba choitianta i measc na n‑urrúsuithe poiblí fadtéarmacha “an chéad chaillteanas”, ina gcoinníonn an coimeádaí an chéad chaillteanas creidmheasa suas le 5 % ar a laghad de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe (féach Fíor 3).
Fíor 3: Modhanna coinneála a úsáid in urrúsuithe téarma phoiblí, % den iomlán
Foinse: Stóras Sonraí Eorpach
Toisc nach bhfuil sé gceangailte urrúsuithe príobháideacha a thuairisciú don na stórtha urrúsúcháin, bíonn sé níos deacra sonraí a fháil go córasach maidir leis na modhanna coinneála riosca i socruithe príobháideacha. De réir shonraí COREP maidir leis na bainc a bhfuil baint acu le hidirbhearta urrúsúcháin, is é an "stealla ingearach" an modh coinneála is coitianta i measc idirbhearta sintéiseacha lena lorgaítear aistriú riosca shuntasaigh chun caipiteal a chur ar fáil (ar idirbhearta príobháideacha iad de ghnáth). Ciallaíonn sé sin go gcoinníonn an tionscnóir, an t‑urraitheoir nó an t‑iasachtóir bunaidh 5 % ar a laghad de gach tráinse a dhíoltar le hinfheisteoirí nó a aistrítear chucu. D’úsáid 80 % de na hidirbhearta sintéiseacha SRT an modh coinneála sin in 2020 – 2021.
Níor aimsíodh i dtuarascáil an Chomhchoiste easnaimh sa dóigh a gcuirtear an creat um choinneáil riosca i bhfeidhm. Níl na caighdeáin theicniúla rialála a sainordaítear le hAirteagal 6(7) den Rialachán maidir le hUrrúsú, ina leagtar amach sonraíochtaí na nósanna imeachta maidir le coinneáil riosca, glactha fós ag an gCoimisiún, áfach. D’fhéadfadh sé go raibh roinnt neamhchinnteacht dhlíthiúil do rannpháirtithe sa mhargadh mar thoradh air sin 23 . Is cosúil nach ndeachaigh an easpa forálacha mionsonraithe sin i bhfeidhm ar idirbhearta "gnáthbhabhtála", toisc go bhfuil cur amach ag na hinstitiúidí creidmheasa go háirithe ar na ceanglais maidir le coinneáil riosca a tugadh anonn den chuid is mó ó fhorálacha atá ann cheana faoin Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil.
Measúnú an Choimisiúin
Taispeántar sna na sonraí go bhfuil na modhanna coinneála go léir atá ar fáil á n‑úsáid ag an margadh. Níl aon fhianaise ann nach bhfuil aon cheann de na modhanna coinneála riosca a éascaítear leis an Rialachán maidir le hUrrúsú neamhleor. Dá bhrí sin, ní cheapann an Coimisiún gur gá na ceanglais maidir le coinneáil riosca a athbhreithniú, ach iarrann sé ar ÚBE leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gceanglas sin. Amach anseo, d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí scrúdú níos mionsonraithe a dhéanamh ar an bhfáth a dtugann rannpháirtithe sa mhargadh fabhar do mhodh coinneála amháin thar an gceann eile agus na himthosca maidir leis sin agus ar cé chomh héifeachtach agus atá gach modh coinneála maidir le cion den idirbheart a choinneáil.
5.Dícheall cuí agus trédhearcacht
Cúlra agus torthaí
Ceanglaítear leis an Rialachán maidir le hUrrúsú go ndéanfaidh infheisteoirí institiúideacha dícheall cuí cuimsitheach sula sealbhóidh siad suíomh urrúsúcháin. Braitheann anailís stuama dhícheallach ar na rioscaí a bhaineann le hurrúsú go mór mór ar rochtain ar fhaisnéis. Chun dícheall cuí infheisteoirí a éascú agus chun tacú le húdaráis inniúla le maoirseacht a dhéanamh, ceanglaítear le hAirteagal 7 ar thionscnóirí, ar urraitheoirí agus ar SSPEnna an doiciméadacht ábhartha go léir ina gcuirtear síos ar ghnéithe an urrúsaithe a chur ar fáil, agus na sonraí ábhartha go léir maidir le cáilíocht chreidmheasa agus feidhmíocht na neamhchosaintí foluiteacha a nochtadh go rialta. Cuirtear faisnéis faoi bhráid na stórtha urrúsúcháin trí theimpléid chaighdeánaithe. Cuid amháin de dhualgais díchill chuí na n‑infheisteoirí is ea a sheiceáil go gcomhlíonann an t‑urrúsú na ceanglais trédhearcachta sa Rialachán maidir le hUrrúsú.
Iarradh aiseolas sa chomhairliúchán maidir le comhréireacht na gceanglas um nochtadh agus dícheall cuí, nósanna imeachta díchill chuí na n‑infheisteoirí, agus úsáideacht na dteimpléad nochta sonraí. Níor mheas formhór na bhfreagróirí, go háirithe iad siúd a dhéanann ionadaíocht don tionscal, go raibh na ceanglas maidir le dícheall cuí agus trédhearcacht comhréireach. Chinn na páirtithe leasmhara sin go raibh na forálacha ró‑shaintreorach agus ródhian, go háirithe i gcomparáid leis an gcreat is infheidhme maidir le hionstraimí comhchosúla, amhail bannaí faoi chumhdach. Ina theannta sin, mheas na freagróirí go dteipeann ar na forálacha sainiúlacht socraithe a chur san áireamh go hiomlán, go háirithe cé acu an bhfuil sé poiblí nó príobháideach (féach freisin Cuid 6 maidir he hurrúsuithe príobháideacha). Chonaic na freagróirí tionscail easpa comhréireachta freisin maidir le rialacha trédhearcachta a chur i bhfeidhm maidir le hurrúsuithe tríú tír. Cruthaítear éiginnteacht leis sin maidir le cumas infheisteoirí a n‑oibleagáidí díchill chuí a chomhlíonadh agus iad ag infheistiú in idirbhearta den sórt sin (féach Roinn 11). Dhírigh na daoine a mheas go raibh an córas reatha comhréireach, ar thairbhe na nochtaí caighdeánaithe chun cuidiú le hinfheisteoirí anailís a dhéanamh ar ghnéithe idirbhirt urrúsúcháin chasta.
D’aontaigh formhór na bhfreagróirí gur leor an fhaisnéis a sholáthraítear faoi Airteagal 7 den Rialachán maidir le hUrrúsú le haghaidh riachtanais díchill chuí na n‑infheisteoirí. D’áitigh roinnt páirtithe leasmhara go bhfuil an fhaisnéis sin iomarcach i ndáiríre agus nach bhféadfadh infheisteoirí í a úsáid, ach ina ionad sin go mbraitheann siad ar na socruithe díchill chuí a bhí i bhfeidhm acu sular tháinig an Rialachán maidir le hUrrúsú i bhfeidhm. Shainaithin roinnt freagróirí réimsí sonracha sna teimpléid ar mheas siad go raibh fadhbanna ag baint leo ar chúiseanna éagsúla, e.g. réimsí iomadúla le haghaidh faisnéis chomhchosúil nó easpa soiléireachta maidir le húsáideacht faisnéise áirithe a theastaíonn ó na teimpléid. Maidir leis an tionchar a bhíonn ag nochtadh faisnéise iasacht ar iasacht, fuair formhór na bpáirtithe leasmhara go raibh sé úsáideach go ginearálta do na haicmí sócmhainne go léir, mura rud é go bhfuil líon mór neamhchosaintí sa phunann, agus sa chás sin gur beag é an tionchar a bheadh ag neamhchosaint aonair ar fheidhmíocht an chomhthiomsaithe urrúsaithe.
Chreid formhór na bpáirtithe leasmhara gur féidir an córas nochta a shimpliú dá bhrí sin gan dochar a dhéanamh do chuspóir na gcomhreachtóirí maidir le hinfheisteoirí institiúideacha a chosaint agus maoirseacht a éascú. Moladh i bhformhór na bhfreagairtí, lena n‑áirítear freagairtí ó údaráis phoiblí éagsúla, gur cheart na ceanglais maidir le trédhearcacht a ailíniú ar bhealach níos fearr le riachtanais infheisteoirí, go háirithe maidir le hurrúsuithe príobháideacha.
Rinneadh athbhreithniú i dtuarascáil an Chomhchoiste freisin ar thionchar na gceanglas maidir le dícheall cuí agus trédhearcacht. Maidir le dícheall cuí, ní raibh gá le hathruithe dlíthiúla sa tuarascáil agus moladh soiléiriú ar raon feidhme dlínse na bhforálacha (féach Cuid 11) agus iarracht níos mó ó na húdaráis inniúla náisiúnta maoirseacht an díchill chuí a dhéanamh níos éifeachtaí. Maidir leis na forálacha trédhearcachta, ba iad na príomh‑mholtaí feabhas a chur ar chóineasú agus ar chomhordú i réimse na maoirseachta, agus faireachán breise a dhéanamh ar thionchar na dteimpléad maidir le nochtadh, ag áitiú go raibh sé róluath ag an bpointe sin meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar an dóigh a n‑oibríonn na teimpléid.
Measúnú an Choimisiúin
Tá na forálacha trédhearcachta agus díchill chuí sa Rialachán maidir le hUrrúsú nasctha go bunúsach ós rud é gur cheart don trédhearcacht dícheall cuí a éascú. Dá bhrí sin, ba cheart tuairisciú faisnéise nach n‑úsáideann infheisteoirí a sheachaint mar go dtugtar le fios leis nach bhfuil gá le comhlíonadh agus nach bhfuil mórán tairbhe ag baint leis.
Fiú mura bhfuil an creat trédhearcachta curtha i bhfeidhm go hiomlán ach ó mhí Mheitheamh 2021 i leith le húdarú na gcéad stórtha urrúsúcháin, tá na teimpléid maidir le nochtadh á n‑úsáid, i gcodanna den mhargadh ar a laghad, ó ghlac ESMA iad i mí Eanáir 2019. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go bhfuil na teimpléid á n‑úsáid ar feadh méid leordhóthanach ama chun go mbeidh aon easnaimh shuntasacha a d’fhéadfadh a bheith ann follasach. Léirítear san aiseolas a fuarthas ón gcomhairliúchán réimsí ina bhféadfaí teorainn a chur le húsáid na dteimpléad maidir le nochtadh.
Iarrann an Coimisiún ar ESMA, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar na teimpléid maidir le nochtadh le haghaidh neamhchosaintí foluiteacha in urrúsú. Ba cheart do ESMA, go háirithe, féachaint le haghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí teicniúla a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an bhfaisnéis a theastaíonn i réimsí áirithe a chomhlánú, réimsí a d’fhéadfadh a bheith neamhriachtanach a bhaint agus iad a ailíniú go dlúth le riachtanais na n‑infheisteoirí. Mar chuid den obair sin, ba cheart do ESMA a mheas an bhfuil faisnéis ar bhonn iasacht ar iasacht úsáideach agus comhréireach le riachtanais na n‑infheisteoirí maidir le gach cineál urrúsaithe.
6.Urrúsuithe príobháideacha
Sainítear urrúsuithe príobháideacha mar urrúsuithe i gcás nach gá réamheolaire a dhréachtú i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE. Ní mór d’urrúsuithe príobháideacha na ceanglais rialála chéanna a chomhlíonann urrúsuithe poiblí a chomhlíonadh , seachas a bheith díolmhaithe ón stór urrúsúcháin a úsáid chun an fhaisnéis a fhorordaítear le hAirteagal 7 den Rialachán maidir le hUrrúsú a nochtadh.
6.1 Méadú díréireach ar líon na n‑urrúsuithe príobháideacha?
Cúlra agus torthaí
Foinse shuntasach bhreise um maoiniú do ghnólachtaí is ea urrúsuithe príobháideacha. Maidir le hurrúsuithe príobháideacha, den chuid is mó, freastalaíonn siad ar nideoga an‑sonrach margaidh, mar shampla: (i) i gcás ina bhfuil tábhacht leis an ngaol díreach idir an t‑infheisteoir agus an tionscnóir; (ii) i gcás inar gá don eisitheoir rochtain ar shonraí gnó atá thar a bheith íogair a rialú; (iii) i gcás ina bhfuil méideanna na n‑idirbheart róbheag chun údar a thabhairt do chostas na heisiúna poiblí.
Ag an am céanna, bhí imní ar na comhreachtóirí go bhféadfaí leas a bhaint as na socruithe sin chun dul timpeall ar na ceanglais trédhearcachta níos tromchúisí i ndáil le hurrúsuithe poiblí. D’iarr siad ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a mheas an raibh méadú díréireach ar líon na n‑idirbheart sin agus an raibh sé sin á spreagadh ag an bhfonn na hoibleagáidí trédhearcachta a bhaineann le hidirbhearta poiblí a sheachaint. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh méadú ar na hidirbhearta sin a bheith "díréireach" má tá amhras ann go gcuirfear urrúsuithe príobháideacha ina ionad idirbheart a dhéanfaí go poiblí murach sin.
Léiríodh i dtuarascáil an Chomhchoiste go bhfuil ardú suntasach tagtha ar líon na n‑urrúsuithe STS príobháideacha go deimhin ó mhí an Mhárta 2019. Bhí trí cheathrú de na hidirbhearta STS go léir príobháideach in 2020 i gcomparáid le haon trian de na hurrúsuithe STS go léir in 2019. De réir na faisnéise maidir le hurrúsuithe STC a foilsíodh ar láithreán gréasáin ESMA, tá laghdú tagtha ar líon na n‑idirbheart príobháideach arís in 2021, arb ionann iad agus níos lú ná 60 % de na hurrúsuithe STC ar fad. Níor cuireadh sonraí maidir le líon na n‑idirbheart neamh‑STS chomh maith lena méid san áireamh i dtuarascáil an Chomhchoiste, áfach.
Mheas na freagróirí tionscail ar an gcomhairliúchán go bhfuil na figiúirí sin maidir le hurrúsuithe STS príobháideacha míthreorach agus mar thoradh ar an gcreat rialála nua ar na cúiseanna seo a leanas: Ar an gcéad dul síos, leis an sainmhíniú an‑leathan ar urrúsú arna chur i bhfeidhm leis an Rialachán maidir le hUrrúsú cuireadh idirbhearta áirithe ar leataobh mar urrúsuithe príobháideacha a measadh roimhe seo mar iasachtaí bainc. Ar an dara dul síos, rinneadh formhór na n‑idirbheart príobháideach, agus go háirithe idirbhearta páipéar tráchtála sócmhainn‑bunaithe (ABCP), a athnuachan/a thar-rolladh go leor uaireanta agus tá siad le feiceáil anois toisc go ndearnadh iad a athstruchtúrú go hidirbhearta STS agus taispeántar iad, dá bhrí sin, ar chlár ESMA.
Measúnú an Choimisiúin
Aithníonn an Coimisiún go bhféadfadh oiriúnuithe ar an gcreat rialála nua cur leis an méadú ar líon na n‑urrúsuithe príobháideacha ó dháta chur i bhfeidhm an chreata nua urrúsúcháin. I bhfianaise an mhéid sin, meastar nach leor tréimhse 2 bhliain chun a dheimhniú go cinnte cé acu ar tharla nó nár tharla fíor-athrú ó idirbhearta poiblí go hidirbhearta príobháideacha. Sonraíonn an Coimisiún freisin nach bhfuil sonraí ar fáil maidir le líon na n‑idirbheart príobháideach neamh‑SST, ná maidir le méid na n‑idirbheart, rud a fhágann go bhfuil sé deacair measúnú cuimsitheach ar fhorbairt mhargaidh na n‑idirbheart príobháideach a dhéanamh.
Cé nach féidir teacht ar chonclúid chinnte maidir le cé acu an bhfuil méadú comhsheasmhach tagtha ar líon agus ar mhéid na n‑urrúsuithe príobháideacha nach léirítear le méadú comhréireach ar idirbhearta poiblí, ní féidir leis an gCoimisiún a mheas an bhfuil meadú den sórt sin á spreagadh ag an aidhm oibleagáidí trédhearcachta na n‑idirbheart poiblí a sheachaint. Iarrann an Coimisiún, dá bhrí sin, ar an gComhchoiste leanúint le faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ar líon na n‑idirbheart príobháideach agus poiblí agus súil a choinneáil ar líon na n‑idirbheart neamh‑STS agus ar líon foriomlán na n‑idirbheart. Bunaithe ar na sonraí breise sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gceist in am agus i dtráth.
6.2 An bhfuil dóthain faisnéise ann d’infheisteoirí agus do mhaoirseoirí maidir le hurrúsuithe príobháideacha?
Cúlra agus torthaí
Níl aon teimpléad tiomnaithe ann faoi láthair d’urrúsuithe príobháideacha, ach ní mór do thionscnóirí, d’urraitheoirí nó do SSPEnna urrúsuithe príobháideacha na teimpléid fhairsinge a úsáidtear d’urrúsuithe poiblí a líonadh isteach, cé nach gá iad sin a sholáthar trí stór urrúsúcháin. Iarrann roinnt údaráis inniúla náisiúnta faisnéis bhunúsach faoi shocruithe príobháideacha trí fhoirmeacha aonair.
Bhí deighilt idir na tuairim faoi an gcuireann teimpléid luach le hurrúsuithe príobháideacha: chonaic roinnt de na freagróirí tionscail (beag beann ar cé acu an ngníomhaíonn siad mar infheisteoir nó mar thionscnóir sa mhargadh urrúsúcháin) agus an chuid is mó de na húdaráis phoiblí tairbhe na dteimpléad caighdeánaithe. Cheistigh freagróirí eile úsáideacht na dteimpléad chun trédhearcacht a sholáthar maidir le hurrúsuithe príobháideacha, go háirithe i gcás socruithe sintéiseacha príobháideacha ina bhfuil na riachtanais faisnéise an‑sonrach.
D’áitigh an chuid is mó de na freagróirí tionscail go bhfuil go leor faisnéise ag maoirseoirí agus ag infheisteoirí faoin gcóras reatha chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí margaidh agus dícheall cuí críochnúil a dhéanamh.
Cé gur cheap na freagróirí tionscail gur chóir go soláthrófaí go leor faisnéise i dteimpléid reatha Airteagal 7 freisin maidir le hurrúsuithe príobháideacha do mhaoirseoirí, bhí deighilt idir an t‑aiseolas ó údaráis phoiblí maidir leis an gceist sin. D’aontaigh beirt de na maoirseoirí, agus thacaigh formhór na maoirseoirí le tuairimí thuarascáil an Chomhchoiste a thug faoi deara deacrachtaí do mhaoirseoirí dóthain eolais a bheith acu faoi na hidirbhearta a bheith ann agus faoi pharaiméadair na n‑idirbheart.
Measúnú an Choimisiúin
Aontaíonn an Coimisiún leis an tuairim go gcuidíonn na teimpléid chaighdeánaithe le faisnéis ar chaighdeán sách ard agus atá éasca go leor le próiseáil ag na faighteoirí éagsúla a sholáthar. Ag an am céanna, admhaíonn an Coimisiún, mar gheall ar chineál saincheaptha an urrúsaithe phríobháidigh, go dteastaíonn faisnéis níos saincheaptha ó infheisteoirí in idirbhearta den sórt sin ná mar a d’fhéadfaí a sholáthar ar theimpléid ESMA a sholáthar. Níl aon léiriú ag an gCoimisiún chun éileamh na bhfreagróirí tionscail a cheistiú go bhfuil suíomh sách láidir ó thaobh struchtúir de ag infheisteoirí i margaí príobháideacha chun an fhaisnéis go léir a theastaíonn uathu le haghaidh dícheall cuí críochnúil a iarraidh agus a fháil. Ach cé go bhféadfadh an fhaisnéis a chuirtear isteach trí theimpléid ESMA a bheith níos ábhartha d’infheisteoirí ná mar a ghlac na comhreachtóirí leis ar dtús, tá faisnéis chaighdeánaithe ar na hidirbhearta príobháideacha atá ann cheana riachtanach fós le go bhféadfaidh maoirseoirí forléargas tapa a fháil ar fhorbairtí an mhargaidh agus chun idirbhearta a shainaithint ar mian leo go ndéanfaí grinnscrúdú maoirseachta mionsonraithe orthu. Leis na foirmeacha ad hoc éagsúla atá cruthaithe ag roinnt maoirseoirí chuige sin tugtar le tuiscint go bhféadfadh sé nach mbeadh teimpléid mhionsonraithe reatha ESMA oiriúnach go hiomlán chun forléargas cruinn ar an margadh urrúsúcháin príobháideach a fháil go héasca.
I bhfianaise na gcúinsí sin, iarrann an Coimisiún ar ESMA teimpléad tiomnaithe a dhréachtú le haghaidh idirbhearta urrúsucháin príobháideacha a bheidh saincheaptha go sonrach don ghá atá ag maoirseoirí le forléargas a fháil ar an margadh agus ar phríomhghnéithe na n‑idirbheart príobháideach. Tá sé indéanta freisin, de réir an dlí, teimpléid éagsúla a bheith ann maidir le hurrúsuithe príobháideacha agus poiblí, toisc go gceadaítear le hAirteagal 7(3) den Rialachán maidir le hUrrúsú teimpléid a fhorbairt “agus úsáideacht na faisnéise do shealbhóir an tsuímh urrúsúcháin á cur san áireamh”. Táthar ag súil leis na teimpléad tiomnaithe le haghaidh urrúsuithe príobháideacha go ndéanfar simpliú suntasach ar na ceanglais trédhearcachta le haghaidh urrúsuithe príobháideacha. Ag an am céanna, freastalóidh sé ar riachtanas na maoirseoirí faisnéis leordhóthanach a fháil maidir le hidirbhearta príobháideacha.
D’fhéadfadh an teimpléad nua seo teacht in ionad na dteimpléad atá ann cheana maidir le gach urrúsú príobháideach. D’áiritheofaí leis go bhfaigheadh maoirseoirí an fhaisnéis a theastaíonn uathu, agus go bhféadfadh infheisteoirí in urrúsuithe príobháideacha aon fhaisnéis bhreise a theastaíonn uathu a fháil i bhformáidí a chomhaontaítear go déthaobhach, gan srian ó ábhar na dteimpléad caighdeánaithe. Cé nach gcaithfidh eisitheoirí teimpléid le haghaidh urrúsuithe príobháideacha a chur isteach i stór, measann an Coimisiún nach bhfuil aon bhac ar mhaoirseoirí an fhaisnéis sin a fháil toisc go gceanglaítear le hAirteagal 7 ar eisitheoirí an fhaisnéis sin a chur ar fáil do mhaoirseoirí. Measann an Coimisiún gur cheart do mhaoirseoirí an oibleagáid sin a fhorfheidhmiú agus an fhaisnéis atá sna teimpléid dá gcuid oibre a úsáid. D’fhéadfadh ESAnna na cumhachtaí atá acu cheana a úsáid chun a áirithiú go bhfaighidh na maoirseoirí an fhaisnéis ar bhealaí a fhágann gur féidir í a úsáid go héasca.
D’fhéadfadh sé gurb é atá i gceist go bhfuil fógraí a chuireann tionscnóirí, urraitheoirí nó SSPEanna isteach ina n‑aonar, seachas trí stórtha urrúsúcháin i bhfad níos deacra a phróiseáil, agus go bhfuil sé fíor-riachtanach go ndéanfaí seiceálacha cáilíochta ar stórtha urrúsúcháin le haghaidh sonraí ardcháilíochta. Más é sin an cás, d’fhéadfadh an moladh sa tuarascáil faisnéis a chlárú maidir le margaí príobháideacha trí stórtha urrúsúcháin, chun leasa na maoirseoirí, a bheith ina bhealach chun cinn san fhadtéarma, a luaithe a chinnfidh an Coimisiún togra a dhéanamh chun an Rialachán maidir le hUrrúsú a leasú.
6.3 Sainmhíniú ar urrúsú príobháideach
Cúlra agus Torthaí
Bhí tromlach suntasach de na freagróirí ar an gcomhairliúchán i bhfabhar an sainmhínithe ar cad is urrúsú príobháideach ann a leasú. Mar sin féin, mhol líon suntasach de na freagróirí sainmhíniú difriúil, ag glacadh leis go bhféadfadh idirbhearta áirithe a bhfuil lipéad príobháideach orthu a bheith díolmhaithe go hiomlán ó cheanglais trédhearcachta. Mar an gcéanna, bhí tuarascáil an Chomhchoiste i bhfabhar leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú chun é a dhéanamh níos beaichte agus chun fo-thacar de cad is idirbhearta príobháideacha ann faoi láthair a dhíolmhú go hiomlán ó cheanglais trédhearcachta (e.g. idirbhearta a tharlaíonn laistigh de ghrúpa nach bhfuil infheisteoir tríú páirtí ar bith ann).
Measúnú an Choimisiúin
I dtuairim an Choimisiúin, is cosúil nach hiomchuí é an sainmhíniú ar urrúsú príobháideach a athrú sa Rialachán maidir le hUrrúsú. Cé go bhféadfaí an sainmhíniú a dhéanamh níos sainiúla, tá an sainmhíniú reatha breá soiléir agus ag feidhmiú go maith ar an iomlán. Admhaíonn lucht tacaíochta do shainmhíniú nua go bhféadfadh sé a bheith deacair sainmhíniú níos fearr a fháil ar urrúsú príobháideach, agus is é sin an fáth nach bhfuil sainmhíniú malartach á mholadh ag cuid acu, ach go molann siad próiseas plé oscailte, i ndiaidh measúnú agus comhairliúchán tionchair.
Sonraíonn an Coimisiún go bhfuil na glaonna ar shainmhíniú difriúil ar cad is urrúsú príobháideach ann ar fad nasctha beagnach leis an imní go bhfuil ceanglais trédhearcachta maidir le socruithe príobháideacha ró‑shaintreorach agus nach bhfuil brí leo d’infheisteoirí agus d’infheisteoirí ionchasacha sa chleachtas. Áitítear gur féidir le hinfheisteoirí i socruithe príobháideacha an fhaisnéis shainceaptha a theastaíonn uathu ó thaobh díola an idirbhirt a iarraidh agus a fháil go leanúnach. Dá bhrí sin, is cosúil nach bhfuil na páirtithe leasmhara atá ag éileamh athrú ar an sainmhíniú ag déanamh amhlaidh ach chun na ceanglais trédhearcachta ar shocruithe príobháideacha a mhaolú amháin. Ceapann an Coimisiún gur féidir aghaidh a thabhairt ar an gceist sin trí mhionscrúdú a dhéanamh ar na rialacha agus na teimpléid atá ann cheana agus measúnú a dhéanamh ar chomh úsáideach agus atá siad (féach an Chuid roimhe seo).
7.Coibhéis STS
Cúlra agus torthaí
Is éard is coibhéis ann ná sásra trínar féidir leis an Aontas Eorpach caighdeáin rialála neamh‑AE i réimse sainithe a aithint mar chaighdeáin atá coibhéiseach lena chuid féin 24 . Chun coibhéis a dheonú in earnáil ar leith do thríú tír ní mór na rialacha agus an mhaoirseacht a bheith coibhéiseach leis na rialacha agus leis an maoirseacht san Aontas Eorpach. Féadfar foráil a dhéanamh leis sin i leith faoiseamh rialála trí fháil réidh le ceanglais dhúbálacha maidir le hidirbhearta trasteorann agus tríd an láimhseáil stuamachta a chuirtear i bhfeidhm ar neamhchosaintí intíre a ailíniú leis an láimhseáil a chuirtear i bhfeidhm ar neamhchosaintí intíre.
Sa chomhairliúchán, chuir formhór na rannpháirtithe sa mhargadh tacaíocht in iúl ionas gur féidir le heintitis neamh‑AE urrúsuithe STS a eisiúint. Os a choinne sin, bhí na húdaráis phoiblí beagnach ar aon intinn maidir le cur i gcoinne córas coibhéise a bhunú.
Measúnú an Choimisiúin
Tá creat urrúsúcháin STS an Aontais Eorpaigh bunaithe ar shraith éilitheach ceanglas, go háirithe ó thaobh nochtadh faisnéise de. Thug an Coimisiún faoi deara nach bhféadfadh aon chóras urrúsúcháin i ndlínse tríú tír a bheith in aon ghaireacht lena mheas mar bheith coibhéiseach le creat STS an Aontais Eorpaigh go dtí seo. Is í an Ríocht Aontaithe an t‑aon dlínse lasmuigh den Aontas Eorpach a bhfuil córas STS i bhfeidhm inti, i ndiaidh di glacadh le córas STS AE féin i ndiaidh di an tAontas Eorpach a fhágáil.
De dheasca sin, measann an Coimisiún go bhfuil sé róluath córas coibhéise STS a thabhairt isteach ag an am seo. Tá córas STS an Aontais Eorpaigh fós ag athrú, agus bhunaigh an tAontas Eorpach córas le déanaí le haghaidh urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe nach ann dóibh sa Ríocht Aontaithe. Thairis sin, ní bheifear ábalta athbhreithniú a dhéanamh ar chleachtais mhaoirseachta tríú tír ach nuair a bheidh cleachtas maoirseachta an Aontais Eorpaigh á fhorbairt tuilleadh agus nuair a bheidh sé aontreoch go hiomlán i measc mhaoirseoirí AE. Sa chomhthéacs sin, tá an piarmheasúnú ar chur chun feidhme na gceanglas STS ríthábhachtach chun forléargas a fháil ar mhaoirseacht an chórais STS san Aontas Eorpach. Cuireadh an piarmheasúnú sin, a bhí le críochnú ar dtús faoin 1 Eanáir 2022 25 , siar go dtí 2024.
Ina ainneoin sin, leanfaidh an Coimisiún le faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí rialála ábhartha i ndlínsí tríú tír a bhféadfadh glacadh córas urrúsúcháin comhchosúil a bheith mar thoradh orthu i gcomhréir leis an gcaighdeán Simplí, Trédhearcach agus Inchomparáideach arna fhorbairt ag Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht agus ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús ar a bhfuil córas STS an Aontais Eorpaigh bunaithe.
Sa chás go n‑athródh an staid reatha, d’fhéadfadh an Coimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar an ngá agus ar an oiriúnacht maidir le córas coibhéise STS a thabhairt isteach.
8.Urrúsú inbhuanaithe
Cúlra agus torthaí
Ní fhorchuirtear leis an Rialachán maidir le hUrrúsú ach oibleagáid theoranta chun nochtadh inbhuanaitheachta a dhéanamh. I gcás urrúsuithe STC, ní mór do pháirtí taobh an díola an fhaisnéis atá ar fáil maidir le feidhmíocht chomhshaoil na sócmhainní arna maoiniú le h iasachtaí cónaithe nó iasachtaí nó léasanna le haghaidh gluaisteáin a fhoilsiú. Leis na leasuithe ar Phacáiste Téarnaimh na Margaí Caipitil cuireadh leis an rogha do thionscnóirí an fhaisnéis atá ar fáil maidir leis an bpríomhthionchar diúltach ar thosca inbhuanaitheachta na sócmhainní a mhaoinítear le neamhchosaintí foluiteacha a fhoilsiú ina ionad sin.
De bhreis ar an sainordú faoi Airteagal 46(e), iarrtar le hAirteagal 45a (e) ar an gCoimisiún tuarascáil a thabhairt ar chreat sonrach urrúsúcháin inbhuanaithe a chruthú, ar bhonn tuarascála ó ÚBE (“ tuarascáil ÚBE”) 26 . D’fhoilsigh ÚBE a thuarascáil an 2 Márta 2022 27 .
Raon feidhme na gceanglas reatha um nochtadh maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil a leathnú
Sa chomhairliúchán, thacaigh formhór na bhfreagróirí i bprionsabal leis an gcoincheap go bhféadfadh leathnú an cheanglais reatha um nochtadh chuig aicmí sócmhainne eile luach 28 a chur leis d’infheisteoirí a bheadh buíochas an fhaisnéis sin a bheith acu chun a sciar féin d’infheistíocht chomhshaoil, shóisialta agus rialachais (ESG) a thomhas, chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le ESG, agus mar uirlis chomparáide. Bhí aiféala ar infheisteoirí nach bhfuil sé ar fáil go fóill, ós rud é go mbeidh an cineál sin faisnéise riachtanach amach anseo chun a gceanglais um nochtadh féin a chomhlíonadh.
Mar sin féin, dúirt freagróirí go mbraitheann an áisiúlacht a bhaineann le leathnú den sórt sin ar na ceanglais um nochtadh ar aicmí sócmhainne eile ar cibé an bhfuil paraiméadair atá sách soiléir agus sách ábhartha ann chun measúnú a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil faoi seach. Dar leis an chuid is mó de na freagróirí, ní hé sin an cás fós do gach aicme sócmhainne 29 ..
Chun infhaighteacht na sonraí a fheabhsú, moltar i dtuarascáil ÚBE go leathnófaí na nochtaí ar an bpríomhthionchar diúltach chuig urrúsuithe seachas STS, agus gur cheart nochtaí éigeantacha ar an bpríomhthionchar díobhálach a thabhairt isteach sa mheántéarma.
Creat urrúsúcháin inbhuanaithe ar leith a chruthú
Is é is aidhm don togra reatha maidir le Caighdeán na mBannaí Glasa Eorpacha (EuGBS), a foilsíodh i mí Iúil 2021 agus atá á idirbheartú fós 30 , creat a dhréachtú le haghaidh bannaí glasa, lena n‑áirítear na cinn arna n‑eisiúint trí mheán sainchuspóireach i gcomhthéacs idirbheart urrúsúcháin. Chun lipéad na mbannaí glasa a fháil, ní mór don eisitheoir gealltanas a thabhairt na fáltais ón eisiúint a úsáid chun sócmhainní atá ailínithe le tacsanomaíocht AE a mhaoiniú, a athmhaoiniú nó a fháil.
Ní mholtar i dtuarascáil ÚBE creat tiomnaithe a bhunú le haghaidh urrúsú glas i láthair na huaire, ag cur san áireamh an méid sách íseal sócmhainní glasa atá fós ar fáil lena n‑urrúsú 31 agus, toisc go bhfuil an margadh le haghaidh urrúsú inbhuanaithe fós nua go leor. Moltar sa tuarascáil nach ndéanfaí breithniú ach ar chreat tiomnaithe a luaithe a bheidh níos mó dul chun cinn déanta ag geilleagar AE i dtaca leis an aistriú glas.
Ina ionad sin, moltar i dtuarascái ÚBE an caighdeán EuGBS a choigeartú chun é a dhéanamh níos oiriúnaí d’urrúsuithe sa chéim aistrithe (féach an bosca thíos). Molann an ÚBE urrúsú sintéiseach ar an raon feidhme le haghaidh lipéad urrúsúcháin ghlais a fhágáil ar lár (bíodh sé ina lipéad EuGBS nó ina lipéad tiomnaithe ar leith) toisc nach bhfuil modheolaíocht aitheanta go ginearálta ann go dtí seo chun athdháileadh an chaipitil a chuirfí ar fáil mar thoradh ar an idirbheart chun críocha glasa a thomhas.
Sa chomhairliúchán, thug formhór na bhfreagróirí rabhadh i gcoinne roinnt lipéad éagsúil a bheith ann chun urrúsú glas a aicmiú agus chuir siad rogha shoiléir in iúl an lipéad EuGBS a úsáid go ceann i bhfad, seachas creat ar leith a chruthú. Roinneann imní ÚBE san aiseolas maidir lena cheangal go mbeadh comhthiomsú na sócmhainní foluiteacha ailínithe le tacsanomaíocht, ós rud é go gcruthófaí leis sin láimhseáil mhíchothrom urrúsúcháin le hionstraimí maoinithe bainc inchomparáide eile, amhail bannaí faoi chumhdach. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an t‑urrúsú ábalta cur ansin leis an aistriú go geilleagar glas a mhaoiniú, i bhfianaise ghanntanas reatha na sócmhainní atá ailínithe le tacsanomaíocht. Maidir leis an eintiteas a bheidh freagrach as tuairisciú, bhí go leor de na freagróirí i bhfabhar tionscnóirí seachas eisitheoirí toisc nach mbeadh sé praiticiúil sainordú a thabhairt d’eisitheoirí nach bhfuil smacht acu ar na sócmhainní.
Maidir leis nochtaí nach mór iad a cháiliú mar nochtaí inbhuanaithe, áitítear go mbeadh córas róthuairisciúil frith‑tháirgiúil i bhfianaise raon leathan na ngníomhaíochtaí a bhaineann le neamhchosaintí is bun le hidirbhearta urrúsúcháin.
|
Moladh thuarascáil ÚBE maidir le Caighdeán na mBannaí Glasa Eorpacha (EuGBS) a choigeartú Leis an togra EuGBS bunaítear caighdeán deonach chun infheistíocht inbhuanaithe a mhaoiniú agus ceadaítear d’eisitheoir banna an lipéad banna ghlais a úsáid ar an gcoinníoll go n‑úsáidfear na fáltais iomlána ó eisiúint na mbannaí chun críocha atá ailínithe go hiomlán leis an tacsanomaíocht. Ciallaíonn sé sin gur gá neamhchosaintí bunúsacha an urrúsaithe atá á sealbhú ag SSPE a ailíniú leis an tacsanomaíocht. Tugtar rabhadh i dtuarascáil ÚBE go gcuirtear urrúsuithe (agus ionstraimí airgeadais eile arna n‑eisiúint trí mheán sainchuspóireacha) leis an gcur chuige sin ar bhonn difriúil ó urrúis nach n‑éisítear trí mheán sainchuspóireach. Tarraingíonn ÚBE aird ar an gcás go mbeadh gá le hurrúsuithe a chomhlíonann EuGBS leis an gcur chuige reatha agus go mbeadh siad tacaithe le sócmhainní atá ailínithe le tacsanomaíocht. Ní chuirfí cosc leis, áfach, ar an tionscnóir, mar thairbhí deiridh na bhfáltas ó eisiúint na mbannaí urrúsúcháin, na fáltais a úsáid chun críocha nach críocha glasa iad. Mheas an tÚdarás Baincéireachta Eorpach nach raibh an cur chuige sin ag teacht leis an rún beartais maoiniú nua a chur ar fáil chun an t‑aistriú i dtreo geilleagar glas inbhuanaithe AE a mhaoiniú. Mar gheall ar ghanntanas reatha na sócmhainní atá ailínithe le tacsanomaíocht atá ar fáil lena n‑urrúsú, ba é tuairim ÚBE go gcuirfeadh sé sin teorainn shuntasach leis an acmhainn do mhargadh urrúsúcháin EuGBS. Lena chois sin, cuirtear in iúl i dtuarascáil ÚBE go bhfuil na SSPEnna ina substaint eacnamaíoch theoranta agus, dá bhrí sin, nach mbeadh sé praiticiúil margadh urrúsúcháin EuGBS a bheith ann fiú más iad SSPEanna na haon eintitis a mbeadh freagracht dhlíthiúil orthu. Moltar i dtuarascáil ÚBE, dá bhrí sin, gur cheart feidhm a bheith ag ceanglais EuGBS maidir le tionscnóir urrúsúcháin, seachas maidir le SSPE. Admhaíonn ÚBE nach cosúil gur bealach soiléir d’urrúsú é ceanglais a chur i bhfeidhm maidir le húsáid fáltas ar leibhéal an tionscnóra, seachas ar leibhéal an SSPE, mar gheall nach dtarbhaíonn sé as dé-iontaoibh de bharr a chineáil sócmhainn‑bunaithe. D’fhéadfadh urrúsuithe EuGBS lena mbeadh sócmhainní forluiteacha atá “neamhghlas” a bheith mar thoradh air sin freisin. Measann ÚBE, áfach, gurb é sin an cur chuige is éifeachtúla agus is pragmataí le linn céim aistrithe agus mar bhealach lena áirithiú go gcaitear go cothrom le hurrúsú le cineálacha eile urrús sócmhainn‑bunaithe. Molann ÚBE gur cheart bearta breise trédhearcachta a bheith ag gabháil le haistriú na gceanglas EuGBS chuig an tionscnóir chun infheisteoirí a chur ar an eolas faoin méid atá an comhthiomsú sócmhainní ailínithe le tacsanomaíochta. Ba cheart an cur chuige sin a chomhlánú le cosaintí chun roghnú na sócmhainní a bheidh le hurrú ag an tionscnóir a sheachaint ar bhealach a d’fhéadfaí a mheas gur glas‑snasú é. |
Ina theannta sin, maidir le nochtadh le haghaidh urrúsuithe inbhuanaithe, i gcomhréir le hAirteagal 45(a) den Rialachán maidir le hUrrúsú, rinneadh imscrúdú i dtuarascáil ÚBE ar an dóigh le nochtadh a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú sa Rialachán maidir le hUrrúsú, ag baint leas as an Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaithe 32 (SFDR). Leagtar síos san SFDR oibleagáidí maidir le nochtadh inbhuanaitheachta do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus do chomhairleoirí airgeadais i leith infheisteoirí deiridh. Sonraítear i dtuarascáil ÚBE, cé go gcumhdaítear infheisteoirí atá gníomhach sa mhargadh urrúsúcháin faoin gcóras SFDR, nach dtagann táirgí urrúsúcháin faoi raon feidhme SFDR toisc nach meastar gur táirgí airgeadais iad de réir bhrí Airteagal 2 den SFDR. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh infheisteoirí ábalta neamhchosaintí urrúsúcháin a áireamh ina straitéisí infheistíochta ESG.
Cuirtear de chúram ar Chomhchoiste na ÚEManna caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar an fhaisnéis atá le soláthar maidir leis na príomhthionchair dhiúltacha a bhíonn ag cineálacha áirithe sócmhainní forluiteacha in idirbhearta STC 33 . Cé go dtabharfaí aghaidh leis sin ar éilimh faisnéise infheisteoirí atá dírithe ar tháirgí atá nasctha le ESG, molann ÚBE gur cheart raon feidhme nochtadh an phríomhthionchair dhiúltaigh a leathnú: (i) sa ghearrthéarma, chuig urrúsuithe neamh‑STS a thacaítear leis cineálacha sócmhainne céanna agus a thacaítear sa cheanglas reatha maidir le nochtadh STS; agus (ii) sa mheántéarma, chuig gach urrúsú.
Measúnú an Choimisiúin
Fáiltíonn an Coimisiún roimh tuarascáil fhairsing ÚBE a bhfuil bunús maith léi mar thuarascáil a chuireann mór le creat a fhorbairt le haghaidh urrúsú inbhuanaithe. Aontaíonn an Coimisiún le ÚBE nach bhfuil cás ann, sa ghearrthéarma ná sa mheántéarma ar a laghad, maidir le lipéad tiomnaithe inbhuanaitheachta a chruthú le haghaidh urrúsuithe, agus an méid íseal sócmhainní glasa atá ar fáil lena hurrúsú á chur san áireamh go háirithe. De dheasca sin, iarrann an Coimisiún ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an moladh ó ÚBE a chur san áireamh i gcomhthéacs na hidirbheartaíochta atá ar siúl faoi láthair maidir leis an EuGBS, agus tá sé réidh le cuidiú a thabhairt leis an obair ar mhionsonraí an urrúsaithe laistigh de chreat EuGBS a shonrú.
Maidir le faisnéis a bhaineann le hinbhuanaitheacht a nochtadh, aithníonn an Coimisiún an gá atá le nochtadh an phríomhthionchair dhíobhálaigh a fhorbairt agus measann sé gur cheart go mbeadh raon feidhme an Chaighdeáin Theicniúil Rialála atá le teacht ón gComhchoiste chomh leathan agus is féidir.
9.Fíorú tríú páirtí maidir le critéir STS
Cúlra agus torthaí
Leis an Rialachán maidir le hUrrúsú, bunaíodh córas d’eintitis um fhíorú tríú páirtí chun cuidiú le heisitheoirí agus le hinfheisteoirí araon, ar bhonn deonach, le linn measúnú a dhéanamh ar an dóigh a gcomhlíonann idirbheart na critéir STS. Mar sin féin, ní bhaineann rannpháirtíocht na bhfíoraitheoir sin an fhreagracht dhlíthiúil ar thionscnóirí, ar urraitheoirí agus ar infheisteoirí institiúideacha déileáil le hidirbheart urrúsúcháin mar STS. Is é ESMA a údaraíonn na heintitis fíorúcháin tríú páirtí sin agus is é údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad ionchorpraithe a dhéanann maoirseacht orthu. Tá údarú tugtha ag ESMA do dhá fhíoraitheoir tríú páirtí go dtí seo. Go dtí seo, bhain an chuid is mó de na hidirbhearta STS úsáid as seirbhísí ó cheann amháin den dá fhíoraitheoir tríú páirtí.
Rinneadh anailís i dtuarascáil an Chomhchoiste ar ról na n‑eintiteas um fhíorú tríú páirtí sa mhargadh STS. Sonraítear inti go mbíonn na heintitis sin ar fónamh don mhargadh, go háirithe do rannpháirtithe sa mhargadh nach bhfuil mórán taithí acu, agus ar ndóigh ó thaobh dearbhú a sholáthar i bhfianaise na smachtbhannaí airgeadais a fhorchuirtear i leith faisnéis earráideach i bhfógra STC. Dúirt an Comhchoiste go raibh teorainn go dtí seo leis na hidirghníomhaíochtaí idir fíoraitheoirí tríú páirtí agus údaráis inniúla náisiúnta. I bhfianaise thábhacht fhollasach na bhfíoraitheoirí don mhargadh STS agus nach ndírítear ach ar líon fíorbheag eintiteas, d’fhéadfadh dibhéirseacht a bheith idir maoirseoirí agus fíoraitheoirí agus na critéir STS á léiriú acu mar gheall air sin. Ina theannta sin, sonraítear i dTuarascáil an Chomhchoiste nach raibh aon chur chuige coiteann ann go dtí seo maidir le maoirseacht ar na fíoraitheoirí STS.
Measúnú an Choimisiúin
Is cosúil go bhfeidhmíonn an córas um fhíorú tríú páirtí mar a bhí beartaithe agus ní fheiceann an Coimisiún aon ghá leis na forálacha lena rialaítear an córas sin a athbhreithniú. Mar a dhéantar nóta i dTuarascáil an Chomhchoiste, ba cheart an t‑idirphlé a dhéanamh ag minicíocht iomchuí idir na húdaráis inniúla náisiúnta agus na gnólachtaí um fhíorú tríú páirtí chun léirmhínithe neamhréireacha maidir leis na critéir STS chun aimhleas na n‑eisitheoirí agus na n‑infheisteoirí a sheachaint.
Maidir le hiomaíocht, níor léiríodh i dtuarascáil an Chomhchoiste go bhfuil an líon beag fíoraitheoirí tríú páirtí údaraithe mar thoradh ar bhacainn rialála ar dhul isteach sa mhargadh nó ar iomaíocht neamhleor. Dá bhrí sin, ceapann an Coimisiún nach gá idirghabháil a dhéanamh faoi láthair.
10.Eintitis shainchuspóireacha (SSPEanna) a urrúsú
Cúlra agus torthaí
Maidir le hurrúsuithe fíordhíolachháin, tá SPPEnna ina n‑uirlis ríthábhachtach maidir leis na hidirbhearta a bhainistiú agus na héifeachtaí inmhianaithe a bhaint amach, go háirithe faoiseamh caipitil do na bainc thionscnaimh: déanann an SSPE na sócmhainní a dheighilt ón tionscnóir agus cosnaíonn sé an tionscnóir ó riosca na sócmhainní. Tá gníomhaíochtaí an SPPE teoranta do na cuspóirí sin a bhaint amach. Tá sraith iomlán ceanglas is infheidhme maidir le SSPEnna sa Rialachán maidir le hUrrúsú.
I bhfianaise an tsainordaithe faoi Airteagal 46(h), d’fhiosraigh an Coimisiún sa chomhairliúchán an gcuirfeadh córas banc faoi cheadúnas teoranta chun feidhmeanna SSPEnna a chomhlíonadh luach leis an gcreat urrúsúcháin.
Thug tromlach mór na bhfreagróirí, ón tionscal agus ó údaráis phoiblí araon, rabhadh i gcoinne lecóras den sórt sin a thabhairt isteach agus i gcoinne an tionchair a d’fhéadfadh a bheith aige ar an margadh. Chuir go leor daoine in iúl go bhfuil SSPEnna faoi réir údarú agus maoirseacht cheana féin ag an údarás inniúil ábhartha, rud a éascaíonn maoirseacht dhóthanach a dhéanamh orthu agus faireachán cuí a dhéanamh ar rioscaí.
Measadh go raibh córas banc faoi cheadúnas teoranta díobhálach do neamhspleáchas SSPEnna mar sin, agus sa deireadh bhí níos mó gníomhaithe ag bainistiú na gcistí urrúsúcháin in eintiteas ar leith a bhaineann leis an ngrúpa comhdhlúite céanna. Ina ionad sin, ba cheart tús áite a thabhairt do neamhspleáchas a áirithiú maidir le rialú, bainistiú agus tuairisciú an idirbhirt urrúsúcháin i leith tionscnóirí, urraitheoirí agus infheisteoirí. Ina theannta sin, thug freagróirí faoi deara rioscaí a d’fhéadfadh teacht as córas banc faoi cheadúnas teoranta. Thug siad rabhadh go bhféadfadh comhchruinniú níos airde rioscaí a bheith mar thoradh air seo. Thiocfadh an dinimic sin salach ar an bhfíorloighic um éagsúlú agus laghdú riosca lena gcuirtear taca faoin margadh urrúsúcháin.
Measúnú an Choimisiúin
Measann an Coimisiún go bhfuil an creat reatha ag obair ar bhealach leordhóthanach toisc nár aithníodh aon easnaimh ná fadhbanna ar gá aghaidh a thabhairt orthu maidir le SSPEnna. De dheasca sin, ní gá an creat a chomhlánú trí chóras banc faoi cheadúnas teoranta a bhunú a chomhlíonfadh feidhmeanna SSPEnna agus a bheadh an ceart eisiach acu chun neamhchosaintí a cheannach ó thionscnóirí agus éilimh a bheadh tacaithe ag na neamhchosaintí ceannaithe a dhíol le hinfheisteoirí.
11. Raon feidhme dlínsiúil
Rialachán atá bunaithe ar ghníomhaíochtaí den chuid is mó is ea an Rialachán maidir le hUrrúsú, agus ní rialachán fíortháirge é. Forchuirtear leis go príomha oibleagáidí (tionscnóir, iasachtóir bunaidh, urraitheoir agus SSPE) ar an taobh díola agus (infheisteoir institiúideach) ar an taobh ceannaigh atá páirteach in urrúsú. Ní dhéantar idirdhealú sa Rialachán maidir le hUrrúsú idir urrúsuithe AE agus urrúsuithe ina bhfuil ceann de na páirtithe bunaithe i dtríú tír. Toisc go bhfuil páirtí amháin nó níos mó in idirbheart bunaithe i dtríú tír, áfach, féadfaidh an tír sin ceisteanna a ardú faoin dóigh a ndéanfaidh páirtithe AE san idirbheart ceanglais chóras AE a chomhlíonadh go praiticiúil.
Shonraigh an Comhchoiste na deacrachtaí a bhaineann le raon feidhme dlínsiúil an Rialacháin maidir le hUrrúsú. Dhearbhaigh tromlach mór na bhfreagróirí ar an gcomhairliúchán an toradh sin.
Sonraíonn an Coimisiún na deacrachtaí a tuairiscíodh agus bainfidh sé úsáid as na fo-ailt seo a leanas den tuarascáil seo chun treoir léirmhínitheach a thabhairt ar an gceist sin, arna iarraidh ag an gComhchoiste agus ag páirtithe leasmhara.
11.1 Oibleagáidí ar an taobh díola
Cúlra agus torthaí
Cruthaítear le hAirteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 9 den Rialachán maidir le hUrrúsú oibleagáidí bunúsacha áirithe nach mór do gach páirtí in urrúsuithe cloí leo mar cheacht ón mór-ghéarchéim airgeadais. Ní bhreithnítear sna forálacha lena mbaineann cé acu an bhfuil an páirtí faoi oibleagáid laistigh nó lasmuigh den Aontas Eorpach:
·Le hAirteagal 6 cuirtear d’oibleagáid ar an tionscnóir, ar an urraitheoir nó ar an iasachtóir bunaidh cuid de riosca an idirbhirt a choinneáil (glanleas eacnamaíoch nach lú ná 5 %);
·Le hAirteagal 7 cuirtear d’oibleagáid ar an tionscnóir, ar an urraitheoir agus ar an SSPE an fhaisnéis atá liostaithe a sholáthar don infheisteoir, do na húdaráis inniúla agus, arna iarraidh sin, do na hinfheisteoirí ionchasacha;
·Ionas go mbeidh an tsamhail fhadhbach "tionscain agus dáil" indéanta amach anseo, cuirtear d’oibleagáid le hAirteagal 9 ar thionscnóirí, ar urraitheoirí agus ar iasachtóirí bunaidh na critéir fhónta chéanna maidir le deonú creidmheasa a chur i bhfeidhm ar neamhchosaintí urrúsaithe agus a chuirtear i bhfeidhm ar neamhchosaintí neamhurrasaithe.
Leis an tuairim ón gComhchoiste ardaíodh an t‑ábhar imní go bhféadfadh eintitis ar an taobh díola atá lonnaithe laistigh agus lasmuigh den Aonta Eorpach, éalú ó na hoibleagáidí bunúsacha sin, ós rud é nach féidir le maoirseoirí AE páirtithe atá lonnaithe i dtríú tíortha a choinneáil cuntasach i gcás sárú ar na hoibleagáidí sin. Dá bhrí sin, cheap Comhchoiste gur cheart na forálacha a léiriú ar bhealach a fhágann:
·nár cheart ach eintiteas atá bunaithe san Aontas Eorpach a bheith ábalta riosca a choinneáil;
·gur cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar na páirtithe an t‑eintiteas atá bunaithe san Aontas Eorpach a roghnú mar an eintiteas tuairiscithe ainmnithe;
·gur cheart d’eintiteas atá bunaithe san Aontas Eorpach a bheith freagrach as a áirithiú go mbeidh feidhm ag na critéir fhónta dhea-shainaithe chéanna maidir le neamhchosaintí urrúsaithe agus maidir le neamhchosaintí neamh‑urrúsaithe, agus go mbeidh na neamhcosaintí urrúsaithe faoi réir na bpróiseas céanna agus atá na próisis neamh‑urrúsaithe maidir le deonú creidmheasa a fhaomhadh agus a athnuachan.
Mhol an Comhchoiste gur cheart na forálacha sin a shoiléiriú dá réir.
Thairis sin, d’aithin an Comhchoiste neamhréireacht idir Airteagal 5(1)(b) agus Airteagal 9 den Rialachán maidir le hUrrúsú, gan moladh soiléir a dhéanamh maidir le conas é a réiteach, áfach: Le hAirteagal 9 cuirtear d’oibleagáid ar an urraitheoir deonú fónta creidmheasa a áirithiú, agus ní luaitear an t‑ urraitheoir leis an oibleagáid chomhfhreagrach um dhícheall cuí in Airteagal 5(1)(b).
Thug freagróirí ar an gcomhairliúchán freagra ar mholtaí an Chomhchoiste mar a leanas:
·D’áitigh rannpháirtithe sa mhargadh i gcoinne coinneáil riosca a theorannú d’eintitis atá bunaithe san Aontas Eorpach amháin. Ba cheart gurb iad na coimeádaithe riosca na heintitis a bhfuil smacht iarbhír agus leordhóthanach acu sa phunann urrúsaithe agus a bhfuil leas iarbhír agus leordhóthanach acu inti; níor chóir go mbeadh baint ag dlínse leis.
·Chomh maith leis sin, maidir le ceanglais trédhearcachta Airteagal 7 den Rialachán maidir le hUrrúsú, chuir tromlach leathan, d’ionadaithe tionscail den chuid ba mhó, i gcoinne na hoibleagáide a fhorchur ar an eintiteas bunaithe san Aontas Eorpach nochtadh a dhéanamh, ag cur béim air go bhféadfadh sé nach mbeadh an t‑eintiteas tuairiscithe is oiriúnaithe lonnaithe san Aontas Eorpach. Bhí formhór na maoirseoirí a d’fhreagair níos mó i bhfabhar moladh an Chomhchoiste. Tugtar faoi deara, áfach, nár fhreagair ach dornán maoirseoirí.
·Bhí deighilt idir tuairimí freisin i dtaobh ar cheart don eintiteas atá bunaithe san Aontas Eorpach fíorú a dhéanamh go sainordaitheach ar na caighdeáin maidir le deonú creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán maidir le hUrrúsú. D’áitigh trí cheathrú de na freagróirí (arbh fhreagróirí tionscail an chuid ba mhó acu) i gcoinne na freagrachtaí sin a bhaint ón eintiteas cuí go dtí eintiteas atá lonnaithe san Aontas Eorpach.
Ar deireadh, tugadh le fios leis an gcomhairliúchán go raibh comhthoil leathan i measc na bhfreagróirí gur cheart an neamhréireacht arna sainaithint idir Airteagal 5(1)(b) agus Airteagal 9 den Rialachán maidir le hUrrúsú a réiteach.
Measúnú an Choimisiúin
Sonraíonn an Coimisiún nach dtacaíonn an téacs dlíthiúil le léirmhíniú Airteagail 6, 7 agus 9 den Rialachán maidir le hUrrúsú arna mholadh ag an gComhchoiste. Measann an Coimisiún nach bhfuil léirmhíniú cúng den sórt sin riachtanach ach an oiread, chun rún reachtach fhorálacha Airteagail 6, 7 agus 9 a bhaint amach, is é sin, a áirithiú go gcomhlíonfaidh gach urrúsú le páirtithe rannpháirteacha AE ceanglais áirithe struchtúracha agus cháilíochta. Cé gur cinnte gur fearr é go ndéanfadh maoirseoirí AE na ceanglais sin a fhorfheidhmiú go díreach, ba cheart a mheabhrú go gcomhlíontar an aidhm sin go héifeachtach freisin trí oibleagáidí um dhícheall cuí an infheisteora institiúidigh arna bhforchur le hAirteagal 5 den Rialachán maidir le hUrrúsú. De réir na n‑oibleagáidí sin, ní mór d’infheisteoirí institiúideacha a fhíorú go gcomhlíonann páirtithe taobh díola an idirbhirt, beag beann ar a suíomh, na hoibleagáidí faoi seach faoin rialachán seo sula n‑infheisteoidh siad san urrúsú sin. Ní fhéadfaidh infheisteoirí institiúideacha AE infheistiú in urrúsuithe má chinntear nach gcomhlíonann na heintitis taobh díola na hoibleagáidí sin. Tuilleadh sonraí:
·Is é an príomhchuspóir leis an gceanglas maidir le coinneáil riosca in Airteagal 6 den Rialachán maidir le hUrrúsú na leasanna idir eisitheoir agus infheisteoir urrúsúcháin a ailíniu. Dá réir sin, is chun leas an infheisteora atá an soláthar. Dá bhrí sin, meastar nach bhfuil gá leis an léirmhíniú cúng in Airteagal 6 a mhol an Comhchoiste, ós rud é go n‑áirithítear go héifeachtach leis an dualgas um fhíorú infheisteoirí faoi Airteagal 5 go gcomhlíontar an choinneáil riosca i gcás na n‑urrúsuithe go léir a cheannaíonn infheisteoirí AE. Más féidir cuspóir an tsoláthair maidir le coinneáil riosca a bhaint amach ar an mbealach sin, is cosúil nach mbeidh gá le léirmhíniú níos cunóraí an Chomhchoiste, nó le leasú ar an Rialachán maidir le hUrrúsú i dtaca leis sin.
·Is oibleagáidí comhpháirteacha iad oibleagáidí Airteagal 7 den Rialachán maidir le hUrrúsú a bhfuil gach eintiteas, cé acu tionscnóir, urraitheoir nó SSPE an urrúsúcháin faoi dhliteanas go hiomlán ina leith. Dá bhrí sin, mura bhfuil ach ceann amháin de na heintitis taobh díola sin lonnaithe san Aontas Eorpach, beidh sé faoin oibleagáid dhlíthiúil an fhaisnéis go léir a iarrtar in Airteagal 7 a nochtadh, fiú murab é an t‑eintiteas é atá ainmnithe chun na ceanglais maidir le nochtadh a chomhlíonadh. Is féidir an oibleagáid sin a fhorfheidhmiú i gcoinne eintitis taobh díola AE, fiú má tá an t‑eintiteas tuairiscithe ainmnithe bunaithe lasmuigh den Aontas Eorpach.
·Measann an Coimisiún nach féidir ach leis an eintiteas um dheonú creidmheasa amháin an oibleagáid faoi Airteagal 9 den Rialachán maidir le hUrrúsú a chomhlíonadh ar bhealach fónta sa phróiseas, beag beann ar an bhfuil sé lonnaithe san Aontas Eorpach nó nach bhfuil. Aontaíonn an Coimisiún gur chóir an oibleagáid a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú go hidéalach i gcoinne eintiteas AE agus sonraíonn sé nach mór a chur in iúl dinfheisteoirí AE go bhféadfadh sé nach amhlaidh an cás i ngach cumraíocht fhéideartha. Ní cheadaítear don infheisteoir atá bunaithe san Aontas Eorpach infheistíocht a dhéanamh ach in idirbhearta ar féidir a fhíorú ina leith go gcomhlíonann siad oibleagáidí Airteagal 9.
Ar deireadh, sonraíonn an Coimisiún an neamhréireacht idir Airteagal 5(1)(b) agus Airteagal 9 agus tá sé beartaithe aige an cheist sin a réiteach sa chéad athbhreithniú eile ar an Rialachán maidir le hUrrúsú. Sonraíonn an Coimisiún nach bhfuil aon iarmhairt dhíobhálach ag an neamhréireacht sin i gcleachtas. Más fíor nach gcuireann an t‑urraitheoir (arna shainiú leis an Rialachán maidir le hUrrúsú) aon chaighdeáin um dheonú creidmheasa i bhfeidhm toisc nach ndeonaíonn sé creidmheas ar a chuntas féin, ní féidir le hAirteagal 9 (1) i gcleachtas oibleagáid dhíreach bhailí a fhorchur ar an urraitheoir.
11.2 Oibleagáidí taobh ceannaigh – infhaighteacht nochtaí
Cúlra agus torthaí
De réir Airteagal 5(1)(e) den Rialachán maidir le hUrrúsú, sula ndéanfar infheistíocht in urrúsú, ní mór d’infheisteoirí institiúideacha a fhíorú gur cuireadh an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 7 den Rialachán céanna ar fáil de réir na minicíochta agus na rialacha mionsonraithe dá bhforáiltear. I gcás infheistíochtaí in urrúsuithe tríú tír nach bhfuil aon cheann de na páirtithe taobh díola lonnaithe san Aontas Eorpach, ardaíonn sé sin an cheist an é an cás nach mbeidh na hinfheistíochtaí sin inghlactha ach má sholáthrófar an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 7 trí theimpléid ESMA agus, i gcás urrúsuithe poiblí, trí stór urrúsúcháin. Ina theannta sin, ardaítear an cheist leis sin an gcaithfear a fhíorú go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear ag teacht go hiomlán leis na ceanglais a shonraítear i gcaighdeán teicniúil rialála ESMA maidir le nochtadh 34 agus, go sonrach, an gcuirtear sonraí iasacht ar iasacht ar fáil maidir le gach neamhchosaint is bun leis an urrúsú. Leis an léirmhíniú sin ar Airteagal 5(1)(e) chuirfí cosc ar infheisteoirí institiúideacha AE infheistiú in urrúsuithe tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha sin. Le haighneachtaí an Chomhchoiste agus leis an aiseolas don chomhairliúchán tugtar le fios go soiléir go bhfuil ceanglais Airteagal 5(1)(e) á léiriú agus á gcur i bhfeidhm ar bhealach difriúil ag na rannpháirtithe sa mhargadh.
Sa tuairim ón gComhchoiste rinneadh argóint le haghaidh níos mó solúbthachta, ionas gur féidir glacadh leis go bhfuil an fíorú críochnaithe i gcás urrúsú tríú tír, fiú mura gcomhlíontar ceanglais trédhearcachta uile AE i ngach gné. Chuige sin, mhol an Comhchoiste go mbunófaí "córas coibhéise tríú tír le haghaidh ceanglais trédhearcachta" i ndáil le hurrúsuithe tríú tír. Leis an méid sin, d’fhéadfaí a fhíorú go gcomhlíonann urrúsuithe tríú tír an trédhearcacht a cheanglaítear le hAirteagal 7 má tá faisnéis maidir leis an urrúsú curtha ar fáil ag ceann de na páirtithe taobh díola tríú tír i gcomhréir le ceanglais a dtíre lena rialaítear an t‑urrúsú, agus má tá sé dearbhaithe go bhfuil córas trédhearcachta na tíre sin coibhéiseach le rialacha trédhearcachta AE.
Sa chomhairliúchán, chuaigh tromlach mór de pháirtithe leasmhara an tionscail leis an éileamh ar níos mó solúbthachta. Mhaígh siad maidir le léirmhíniú dlíthiúil Airteagal 5(1)(e) lena gceanglaítear ar infheisteoirí institiúideacha in urrúsuithe tríú tír a fhíorú go bhfuair siad an fhaisnéis ar fad i gcomhréir le hAirteagal 7, go gcruthaítear míbhuntáiste iomaíoch d’infheisteoirí institiúideacha AE. Ba bheag duine a thacaigh leis an smaoineamh córas coibhéise a bhunú arna mholad sa tuairim ón gComhchoiste. Bhí roinnt freagróirí eile lasmuigh den tionscal i gcoinne níos mó solúbthachta i gcás infheistíochtaí in urrúsuithe tríú tír, ach mhol siad go ndéanfaí na ceanglais faisnéise i gcoitinne a shimpliú.
Measúnú an Choimisiúin
Aithníonn an Coimisiún go dtagann ceisteanna chun cinn as léirmhíniú dlíthiúil Airteagal 5(1)(e) agus tugann sé dá aire na léirmhínithe éagsúla a thugtar ar an gceist sin. Ceapann an Coimisiún, áfach, go bhfuil rún reachtach na hoibleagáide um fhíorú faoi Airteagal 5(1)(e) den Rialachán maidir le hUrrúsú ríthábhachtach maidir le léirmhíniú na forála seo. Leis an taithí a fuarthas ón mór-ghéarchéim airgeadais, theastaigh ó reachtóirí AE a áirithiú go ndéanfaidh infheisteoirí institiúideacha AE in urrúsuithe amach anseo dícheall cuí sula ndéanfar aon infheistíocht, agus go mbeidh an fhaisnéis uile is gá ar fáil dóibh. Shonraigh na comhreachtóirí an fhaisnéis nach mór a nochtadh d’infheisteoirí in Airteagal 7. Dá bhrí sin, ní thagann difreáil raon feidhme na faisnéise atá le soláthar, ag brath ar cibé acu an eintitis AE nó eintitis i dtríú tíortha a eiseoidh an t‑urrúsú, leis an rún reachtach, ós rud é nach bhfuil sé tábhachtach d’fheidhmíocht chuí dhícheall cuí na n‑infheisteoirí institiúideacha atá bunaithe san Aontas Eorpach cibé acu an laistigh de AE nó lasmuigh de a tháinig an t‑úrrúsú. Dá bhrí sin, gan leasú a dhéanamh ar an bhforáil dhlíthiúil, níl sé iomchuí Airteagal 5(1)(e) a léirmhíniú ar bhealach lena bhfágfadh faoi rogha na n‑infheisteoirí institiúideacha é a chinneadh an bhfuil faisnéis ábhartha inchomparáide faighte acu nó nach bhfuil.
D’ainneoin an mhéid sin thuas, is eol don Choimisiún go n‑eisiatar, le téacs reatha Airteagal 5(1)(e), i gcomhar leis na rialacha a leagtar síos le hAirteagal 7 (agus, dá réir sin, i gcomhar leis an gcaighdeán teicniúil faoi seach), infheisteoirí institiúideacha AE ó infheistiú in urrúsuithe áirithe tríú tír. Ní hé sin toisc nach mbeadh na hidirbhearta sin ábalta creat rialála AE a chomhlíonadh go hábhartha, ach toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh suim ag na páirtithe taobh díola sa tríú tír an fhaisnéis riachtanach a sholáthar de réir na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 7 go díreach. Cé go bhféadfadh sé nach mór breithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an tsaincheist i gcomhthéacs leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le hUrrúsú amach anseo, ceapann an Coimisiún go bhféadfadh na bearta atá beartaithe chun na caighdeáin theicniúla lena leagtar amach ceanglais trédhearcachta Airteagal 7 (féach Roinn 5 agus Roinn 6) cuidiú leis an míbhuntáiste iomaíoch d’infheisteoirí institiúideacha AE a laghdú. Is é an chúis leis sin go mbeidh sé níos éasca freisin do na páirtithe taobh díola ó thríú tíortha an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil.
11.3 Oibleagáidí taobh ceannaigh – infheisteoirí BCIM
Cúlra agus torthaí
Léiríodh sa tuairim ón gComhchoiste go bhfuil gá le soiléirithe dlíthiúla áirithe maidir le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIManna) a ghníomhaíonn mar infheisteoirí institiúideacha in urrúsuithe. Ar an gcéad dul síos, ní raibh sé soiléir an mbeadh BCIM neamh‑AE a bhainistíonn nó a mhargaíonn cistí infheistíochta malartacha (CIManna) san Aontas Eorpach cumhdaithe faoi raon feidhme an tsainmhínithe sa Rialacháin maidir le hUrrúsú ar infheisteoir institiúideach, fiú mura dtarlaíonn an mhargaíocht in AE ach ar bhonn socrúchán príobháideach. Ar an dara dul síos, ní raibh sé soiléir an gcuimsítear sa sainmhíniú ar infheisteoir institiúideach (atá faoi réir na gceanglas fairsing um dhícheall cuí) BCIManna ‘fothairseacha’ freisin 35 .
Léiríodh sa chomhairliúchán go raibh tromlach soiléir i bhfabhar soiléirithe, ach le tuairimí contrártha maidir le conas ba cheart na soiléirithe a dhréachtú. Iad siúd atá i bhfabhar BCIManna fo-thairseacha agus BCIManna tríú tír araon a chur san áireamh, ar BCIManna iad a dhéanann CIManna a mhargú agus a bhainistiú san Aontas, leagann siad béim ar an ngá atá le cothroime iomaíochta a bheith ann do gach BCIM atá gníomhach sa mhargadh urrúsúcháin.
Ar an láimh eile, cheistigh roinnt freagróirí an mbeadh cuimsiú na BCIManna fo-thairseacha comhréireach. Chuir freagróirí a d’áitigh i gcoinne chur i bhfeidhm na gceanglas AE um dhícheall cuí ar BCIManna tríú tír a bhainistíonn nó a mhargaíonn cistí san Aontas Eorpach i bhfios go bhfágfadh léirmhíniú den sórt sin go mbeadh an Rialachán maidir le hUrrúsú allchríche. Mhol siad freisin go gcruthódh sé sin difríocht gan údar idir cistí agus táirgí eile a bhfuil na ceanglais um dhícheall cuí á rialú ag rialtóir intíre an infheisteora institiúidigh. Ar deireadh, luaigh roinnt freagróirí nach raibh sé soiléir sa téacs dlíthiúil mar atá sé cibé an mbeadh ceanglas ar BCIM i dtír nach tír den Aontas Eorpach í rialacha AE maidir le dícheall cuí AE a chur i bhfeidhm teoranta do na cistí a bhainistítear agus a mhargaítear san Aontas Eorpach nó, a luaithe a dhéanfadh BCIM ciste amháin san Aontas Eorpach a bhainistiú nó a mhargú, go sínfí an oibleagáid sin chuig na cistí go léir a mhargaíonn nó a bhainistíonn an BCIM tríú tír sin.
Measúnú an Choimisiúin
Sonraíonn an Coimisiún go dtagraíonn Airteagal 2(12), i.e. an fhoráil lena sainítear infheisteoirí institiúideacha chun críocha an Rialacháin maidir le hUrrúsú, i mír (d) go sonrach don fhoráil sa treoir maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha (BCIM) lena sainítear BCIM gan idirdhealú a dhéanamh idir eintitis os cionn nó faoi bhun na tairsí thuasluaite. Dá bhrí sin, ceanglaítear go soiléir leis an bhfoclaíocht dhlíthiúil nach mór infheisteoirí institiúideacha de réir bhrí an Rialacháin maidir le hUrrúsú a chur san áireamh in BCIManna fo-thairseacha freisin. Tacaítear leis an léirmhíniú sin freisin le rún reachtach cheanglais um dhícheall cuí Airteagal 5, is é sin infheisteoirí AE a chosaint ar nochtadh amach anseo d’infheistíochtaí urrúsúcháin gan dícheall cuí roimh ré agus tuiscint cheart ar an táirge a fuarthas.
Soláthraítear leis an rún reachtach argóintí láidre maidir le léirmhíniú an Choimisiúin nach mór do BCIManna tríú tír a mhargaíonn agus a bhinaistíonn cistí san Aontas Eorpach ceanglais um dhícheall cuí an Rialacháin maidir he hUrrúsú a chomhlíonadh i gcás a n‑infheistíochtaí urrúsúcháin go léir. Dá measfaí go raibh cistí margaíochta BCIManna tríú tír san Aontas Eorpach díolmhaithe ó na rialacha maidir le dícheall cuí, d’fhéadfadh sé sin an bonn a bhaint den chosaint chuimsitheach d’infheisteoirí a bhí beartaithe ag na reachtóirí. Ní fhágtear leis an léirmhíniú sin go bhfuil na rialacha sin "allchríche", toisc go rialaítear leo gníomhaíocht – bainistiú nó margú ciste in AE - a déantar laistigh de AE. I bhfianaise an rúin reachtaigh, is léir, chomh maith leis sin, nár cheart feidhm a bheith ag foclaíocht leathan Airteagal 2(12)(d) den Rialachán maidir le hUrrúsú ach amháin maidir leis na cistí a mhargaíonn agus a bhainistíocht an BCIM tríú tír san Aontas Eorpach, ach níor cheart iad a fhorléiriú mar chistí faoina gcumhdaítear freisin gníomhaíochtaí bainistíochta agus margaíochta an BCIM chéanna sin nach bhfuil aon nasc aige leis an Aontas Eorpach. Breithneoidh an Coimisiún leasú a dhéanamh ar fhoclaíocht Airteagal 2(12)(d) chun deireadh a chur go sonrach le haon chineál éiginnteachta dlíthiúla i dtogra amach anseo chun an Rialachán maidir le hUrrúsú a leasú.
12. Maoirseacht ar urrúsú
Cúlra agus torthaí
I dtuarascáil an Chomhchoiste díríodh ar an maoirseacht ar dhícheall cuí, ar choinneáil riosca, ar thrédhearcacht, ar urrúsuithe príobháideacha agus ar cheanglais STS. Cé gur sonraíodh roinnt saincheisteanna féideartha inti maidir le maoirseacht a dhéanamh ar an margadh, níor éilíodh athruithe reachtacha léi, ach moladh tuilleadh treorach agus soiléireachta a chur ar fáil d’údaráis mhaoirseachta chun cur chun feidhme éifeachtúil agus comhsheasmhach an Rialacháin maidir le hUrrúsú a áirithiú. Ina theannta sin, cuireadh an cás i láthair i dtuarascáil an Chomhchoiste go bhfuil sé deacair do mhaoirseoirí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis faoi urrúsú príobháideach, ós rud é nach gcuirtear ar fáil í trí stór urrúsúcháin.
Thuairiscigh rannpháirtithe sa mhargadh sa chomhairliúchán difríochtaí i gcur chuige maoirseachta na mBallstát agus chuir siad i bhfios go láidir go bhféadfadh sé sin éiginnteacht a chruthú. Luadh go raibh léirmhínithe difriúla ag údaráis inniúla ar an Rialachán maidir le hUrrúsú agus go raibh leibhéil éagsúla rannpháirtíochta sa phróiseas maoirseachta.
Tríd is tríd, d’iarr na páirtithe leasmhara comhsheasmhacht, níos mó comhordaithe idir maoirseoirí (ós rud é go mbíonn roinnt údaráis inniúla páirteach go minic i maoirseacht aon idirbhirt amháin) agus cur chuige comhréireach chun cleachtais éagsúla a sheachaint. Chuir siad i bhfios go láidir nach bhfuil aon cheanglais bhreise ag teastáil, trí chaighdeáin theicniúla rialála fiú, rud a thacódh le treoir mhaoirseachta ó Chomhchoiste ÚMEnna ina ionad sin.
Ar deireadh, rinne cúpla údarás inniúil an cás maidir le príomh‑mhaoirseoir a bheith ann, a roghnófaí as measc na n‑údarás inniúil a bheadh páirteach in urrúsú. Dar leosan, dhéanfadh an príomh‑mhaoirseoir comhordú ar roinnt na faisnéise idir maoirseoirí, go háirithe i gcomhthéacs ina mbeadh maoirseoirí éagsúla páirteach maidir le comhlíonadh cheanglais éagsúla an Rialacháin maidir le hUrrúsú a sheiceáil.
Measúnú an Choimisiúin
Admhaíonn an Coimisiún go bhféadfadh sé go mbeadh níos mó ama ag teastáil ó údaráis inniúla chun taithí leordhóthanach a fháil, mar gheall i bpáirt ar roinnt caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh go déanach. É sin ráite, níor tuairiscíodh aon mhóreasnaimh go dtí seo sa mhaoirseacht, go háirithe aon saincheisteanna lena n‑éilítear athruithe ar an reachtaíocht. Measann an Coimisiún gur léiriú é sin ar oiriúnacht fhoriomlán an chreata maoirseachta.
Ag an bpointe seo, áfach, cuireadh roinnt saincheisteanna in iúl i gcás ina mbeadh cóineasú agus comhordú feabhsaithe níos fearr idir maoirseoirí tairbhiúil. Measann an Coimisiún go bhféadfaí cothroime iomaíochta a chruthú le cleachtais mhaoirseachta éagsúla agus éiginnteacht dhlíthiúil a thagann astu agus go bhfuil siad díobhálach d’fhás an mhargaidh urrúsúcháin. Ba cheart treoir a sholáthar chun cosc a chur ar dhifríochtaí i dtaca le léirmhíniú an Rialacháin maidir le hUrrúsú agus i dtaca le rannpháirtíocht na n‑údarás inniúil sa phróiseas maoirseachta. Go sonrach, ba cheart cur chuige níos comhchuibhithe a áirithiú idir na húdaráis inniúla maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas STS. D’fhéadfadh an Comhchoiste treoir den sórt sin a sholáthar chun comhthuiscint a fhorbairt tuilleadh maidir leis na rialacha, na dea-cleachtais agus na huirlisí maoirseachta chun cur chuige maoirseachta comhchoiteann a áirithiú ar leibhéal AE.
Tá a fhios ag an gCoimisiún nach bhfuil an margadh urrúsúcháin forbartha go cothrom ar fud an Aontais Eorpaigh agus go bhfuil tionchar aige sin ar an méid taithí atá ag na maoirseoirí éagsúla. Dá réir sin, aontaíonn an Coimisiún leis an moladh i dtuarascáil an Chomhchoiste treoir choiteann AE a fhorbairt maidir le dea-chleachtais do mhaoirseoirí náisiúnta.
Tá piarmheasúnaithe ina n‑uirlis thábhachtach agus éifeachtach eile chun cóineasú a chur chun cinn agus d’fhéadfaí léargas fiúntach a sholáthar leo ar na cleachtais éagsúla i measc na n‑údarás inniúil sna critéir STS a thuairiscigh na páirtithe leasmhara. Dá bhrí sin, is oth leis an gCoimisiún nach ndearnadh aon phiarmheasúnú ar chur chun feidhme na gcritéar STS nó nach bhfuil sé sin beartaithe go luath in ainneoin na hoibleagáide in Airteagal 36(7) den Rialachán maidir le hUrrúsú. Fuarthas go raibh an próiseas Ceisteanna & Freagraí ina uirlis éifeachtach chun cóineasú a áirithiú agus ba cheart a áirithiú go ndéileálfaí go tapa leis na ceisteanna a ardaíodh.
Mar a léiríodh i dTuarascáil an Chomhchoiste maidir le ceanglais STS, cruthaítear le hilroinnt na freagrachta maoirseachta go pointe áirithe dúshláin maidir le saineolas agus taithí maoirseachta a fhorbairt. Maidir leis sin, san fhadtéarma, feiceann an Coimisiún fiúntas in iniúchadh cuimsitheach a dhéanamh ar a indéanta atá sé príomh‑mhaoirseoir a bheith ann. Ba cheart machnamh a dhéanamh sa mheasúnú sin freisin ar an uirlis is iomchuí chun é sin a thabhairt ar aghaidh, e.g. trí threoirlínte do mhaoirseoirí nó trí leasú ar an Rialachán maidir le hUrrúsú.
Ar deireadh, maidir leis an deacracht líomhnaithe atá ag maoirseoirí rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi urrúsuithe príobháideacha, sonraíonn an Coimisiún nach ndéantar idirdhealú idir idirbhearta príobháideacha agus idirbhearta poiblí leis an gceanglas dlíthiúil don taobh díola an fhaisnéis a chur ar fáil don mhaoirseoir i gcomhréir le hAirteagal 7. Ina theannta sin, ceapann an Coimisiún go ndéantar foráil sa Rialachán maidir le hUrrúsú maidir leis na huirlisí maoirseachta go léir a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun an oibleagáid sin a fhorfheidhmiú.
13. Láimhseáil stuamachta maidir le hurrúsuithe
Ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid na gcomhreachtóirí faoi Airteagal 519(a) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR) maidir le cur i bhfeidhm forálacha áirithe sa chuid urrúsúcháin den Rialachán sin “i bhfianaise forbairtí sna margaí urrúsúcháin, lena n‑airítear ó thaobh macrastuamachta agus eacnamaíochta de”. Ba cheart togra reachtach a bheith ag gabháil leis sin, más iomchuí. Agus tuarascáil den sórt sin á hullmhú aige, mheas an Coimisiún gur iomchuí measúnú leathan a dhéanamh ar fheidhmíocht an chreata stuamachta urrúsúcháin ina iomláine, i bhfianaise na ndálaí dúshlánacha sa mhargadh le blianta beaga anuas.
Glao ar chomhairle
I gcoinne an chúlra sin, bhí ceisteanna éagsúla sa chomhairliúchán maidir le feidhmiú chreat stuamachta urrúsúcháin an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, an 17 Deireadh Fómhair 2021, dhírigh an Coimisiún glao ar chomhairle (CFA) ar Chomhchoiste na ESAnna, ag iarraidh air a mheas an bhfuil an cuspóir atá beartaithe leis an gcreat stuamachta urrúsúcháin maidir le cuidiú le margadh urrúsúcháin AE a théarnamh bainte amach agus leibhéal iomchuí críonnachta á choinneáil. Iarradh ar an gComhchoiste a chomhairle a thabhairt faoin 1 Meán Fómhair 2022.
Tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún freisin ar a iomchuí is atá calabrú na gceanglas caipitil d’infheistíochtaí i dtráinsí urrúsúcháin ag gnólachtaí árachais agus athárachais. Bhí na saincheisteanna sin mar chuid den chomhairliúchán thuas freisin agus d’iarr siad comhairle ar Chomhchoiste na ESAnna.
Fanfaidh an Coimisiún le comhairle agus moltaí an Chomhchoiste. Agus an chomhairle agus an t‑aiseolas a fuarthas sa chomhairliúchán á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar oiriúnacht agus ar áisiúlacht na leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcreat stuamachta urrúsúcháin.
Aistriú suntasach riosca (SRT)
Ceann de na príomhchuspóirí a thacaíonn le hurrúsuithe ó thaobh tionscnóra de is ea faoiseamh caipitil a bhaint amach i ndáil le punann na sócmhainní urrúsaithe, i gcomparáid leis an méid caipitil rialála a chaithfidh an tionscnóir a bheith aige i ndáil leis an bpunann chéanna sula bhforghníomhóidh sé an t‑urrúsú.
Tá baint amach an fhaoisimh caipitil faoi réir na gcoinníollacha éagsúla cainníochtúla agus cáilíochtúla dá dtagraítear in Airteagal 244 agus in Airteagal 245 den CRR (“creat SRT”), lena n‑áirithítear nach dtabhóidh an tionscnóir riosca ábhartha tearc-chaipitlithe i ndáil le punann na sócmhainní urrúsaithe. Dá réir sin, ní mór do na húdaráis inniúla a mheas an gcomhlíonann na hurrúsuithe a bhfuil tionscnóirí ag iarraidh faoiseamh caipitil a éileamh ina leith na coinníollacha le haghaidh SRT atá leagtha síos sna hairteagail sin.
Dá bhrí sin, tá an creat SRT riachtanach chun sábháilteacht agus fóntacht thionscnóirí na mbanc a ráthú, agus chun muinín fhoriomlán an mhargaidh a chur chun cinn.
Ina thuarascáil an 23 Samhain 2020 36 , chuir ÚBE roinnt moltaí faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cleachtais agus próisis mheasúnaithe SRT a chomhchuibhiú. Ar deireadh, chuimsigh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach moltaí chun na tástálacha SRT a leagtar síos in Airteagal 245 agus in Airteagal 246 den CRR a shimpliú agus a fheabhsú.
Thug an tionscal le fios go n‑ardaítear leis an gcreat SRT roinnt bacainní ar fheidhmiú réidh agus éifeachtach an mhargaidh urrúsúcháin agus mhol sé an creat a chur i bhfeidhm ar bhealach níos trédhearcaí, níos comhsheasmhaí agus níos éifeachtúla. Bhailigh an Coimisiún aiseolas ón tionscal maidir le gnéithe roghnaithe de thuarascáil SRT ÚBE sa chomhairliúchán.
I bhfianaise mholtaí ÚBE agus an aiseolais ón tionscal, tá breithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar fhiúntas agus ar áisiúlacht úsáid an chumhachtaithe a leagtar síos in Airteagal 244(6) agus in Airteagal 245 (6) de CRR chun comhchuibhiú chreat SRT a fheabhsú, chun é a dhéanamh níos éifeachtúla, níos trédhearcaí agus níos comhsheasmhaí.
14. Conclúid
Níor tháinig creat nua urrúsúcháin an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm go dtí 2019 agus cuireadh roinnt gnéithe nua leis chomh déanach le mí Aibreáin 2021. Tá cur chun feidhme iomlán an chreata fós ar siúl agus tá cúpla caighdeán teicniúil rialála fós á n‑ullmhú. Mar an gcéanna, mar a léirítear leis na ceisteanna a bhaineann leis an raon feidhme dlínsiúil, mar shampla, tá rannpháirtithe margaidh agus maoirseoirí fós i mbun na forálacha dlíthiúla a aistriú sa chleachtas.
Dá bhrí sin, ceapann an Coimisiún go bhfuil níos mó ama ag teastáil chun léargas iomlán a fháil ar thionchar an chreata nua urrúsúcháin. Is amhlaidh níos mó sin toisc go bhféadfadh ról suntasach a bheith ag tosca seachtracha urghnácha amhail paindéim COVID‑19 agus beartas airgeadaíochta réidh na mbanc ceannais le linn na tréimhse sin maidir leis an dóigh ar fhorbair nó nár fhorbair margadh urrúsúcháin AE ó tháinig an creat nua i bhfeidhm.
É sin ráite, is deis mhaith é an t‑athbhreithniú seo atá sainordaithe de réir dlí chun breithniú a dhéanamh, ar bhonn tosaigh, agus chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil réimsí ann ar gá beart láithreach a dhéanamh ina leith. Agus an t‑ionchur ar fad a fuarthas á chur san áireamh, creideann an Coimisiún go gcuireann an Rialachán maidir le hUrrúsú go mór le bunchuspóir reachtaíocht 2017 maidir le margadh urrúsúcháin AE a bhunú a chuideoidh leis an ngeilleagar a mhaoiniú gan rioscaí a chruthú don chobhsaíocht airgeadais. Tá an lipéad nua STS comhdhéanta de bhloc tógála amháin chun na críche sin agus cuidíonn sé le deireadh a chur leis an stiogma a bhain le margaí urrúsúcháin AE ó bhí an mhór-ghéarchéim airgeadais ann. Ar an iomlán, is cosúil go bhfuil an margadh ag feidhmiú go réasúnta maith, cé gur cosúil nár comhlíonadh na hionchais le haghaidh margadh an‑dinimiciúil ina bhfuil méideanna atá ag méadú agus líon atá ag méadú de rannpháirtithe go fóill.
Mar sin féin, ardaíodh roinnt saincheisteanna leis an gcéad athbhreithniú oifigiúil ar an gcreat urrúsúcháin nua maidir leis an gcreat nua a meastar a bhfuil ról acu maidir leis an bhfáth nár fhás margadh urrúsúcháin AE a mhéad agus a raibh tionscnóirí an chreata nua ag súil leis.
Maidir leis an láimhseáil stuamachta ar urrúsú, a measann go leor de na geallsealbhóirí tionscail go bhfuil siad níos coimeádaí ná mar atá siad maidir le táirgí inchomparáide lena mbaineann próifíl riosca chomhchosúil, sheol an Coimisiún glao ar chomhairle chuig Comhchoiste ESAnna chun anailís níos cuimsithí a dhéanamh ar an staid. A luaithe a gheofar an t‑ionchur sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an bhfuil cás ann le haghaidh coigeartuithe nó nach bhfuil.
Dírítear sna ábhair imní leis an gcuid eile den chreat nua, an Rialachán maidir le hUrrúsú, a dhírítear go príomha ar éileamh na rannpháirtithe sa mhargadh go bhfuil sé dian ar acmhainní oibleagáidí trédhearcachta reatha a chomhlíonadh, gan mórán breisluacha a tháirgeadh don infheisteoir, go háirithe i gcás idirbhearta príobháideacha. Ar an iomlán, admhaíonn an Coimisiún go bhféadfaí feabhas a chur ar chúrsaí, ach measann sé go bhféadfaí, i gcás na n‑easnamh a sainaithníodh san athbhreithniú, feabhsuithe a chur i bhfeidhm gan an gá an Rialachán maidir le hUrrúsú a athrú. Agus aird á tabhairt air sin, iarrann an Coimisiún ESMA athbhreithniú a dhéanamh arís ar na caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme ina leagtar amach mionsonraí an chórais trédhearcachta.
Maidir le creat um urrúsú glas, leagtar béim thábhachtach, ag an am ceart, leis an sainordú dlíthiúil ar an gceist faoin dóigh ar féidir leas a bhaint as urrúsú chun tacú le maoiniú an aistrithe i dtreo geilleagar inbhuanaithe AE, agus ag an am céanna rioscaí a bhaineann le glas‑snasú a sheachaint. Aontaíonn an Coimisiún le tuarascáil ÚBE nach bhfuil gá le lipéad urrúsúcháin ghlais ar leith sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma agus iarrann sé ar na comhreachtóirí aghaidh a thabhairt ina ionad sin ar an gceist ar bhealach iomchuí san idirbheartaíócht leanúnach maidir le EuGBS a chruthú. Ní hamháin go bhfuil sé riachtanach, dar leis an gCoimisiún, an deis a thabhairt don mhargadh urrúsúcháin ról a imirt san aistriú glas chun na tairbhí a bhaineann le hurrúsú don tsochaí a mhéadú tuilleadh, ach tá gá leis freisin chun tacú le forbairt mhargadh urrúsúcháin AE féin amach anseo.
Tá an Coimisiún tiomanta go hiomlán fós don aidhm an creat a chruthú le haghaidh margadh urrúsúcháin rathúil cobhsaí AE. Tá margadh den sórt sin ina bhloc tógála fíor-riachtanach d’Aontas na Margaí Caipitil agus d’fhéadfadh sé a bheith níos tábhachtaí fós chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch a mhaoiniú i dtimpeallacht an mhargaidh atá i bhfad níos deacra agus ar cosúil go bhfuil sí ag teacht chun cinn i láthair na huaire. Dá bhrí sin, leanfaidh an Coimisiún le dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an margadh urrúsúcháin agus déanfaidh sé idirghabháil, más iomchuí agus nuair is iomchuí, chun tairbhe iomlán a bhaint as margadh urrúsúcháin rathúil don Aontas Eorpach.
Féach an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin, Measúnú tionchair a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat Eorpach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE, Treoir 2011/61/AE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, 30.9.2015 (SWD (2015) 185 final).
An cás maidir le margadh urrúsúcháin a fheidhmíonn níos fearr san Aontas Eorpach: Páipéar plé, Banc Shasana agus an Banc Ceannais Eorpach, https://www.ecb.europa.eu/pub/pdf/other/ecb-boe_case_better_functioning_securitisation_marketen.pdf .
Plean gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a chruthú, 20.9.2015 (COM/2015/0468 final), https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52015DC0468
Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE, Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 648/2012.
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
Is éard atá i gceist le hurrúsú fíordhíolacháin ná aistriú an leasa eacnamaíoch sna neamhchosaintí arna n-urrúsú trí úinéireacht na neamhchosaintí sin a aistriú chuig eintiteas sainchuspóireach.
Féach https://ec.europa.eu/info/publications/200722-proposal-capital-markets-recovery_en
I gcodarsnacht le hurrúsú fíordhíolacháin, maidir le hurrúsú sintéiseach déantar an bunriosca creidmheasa a bhaineann le comhthiomsú iasachtaí a aistriú trí dhíorthaigh chreidmheasa nó ráthaíochtaí creidmheasa a úsáid, agus beidh na neamhchosaintí a bheidh á n-urrúsú fós ina neamhchosaintí de chuid an tionscnóra.
Gníomhaíocht 6 den phlean gníomhaíochta: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM:2020:590:FIN
Tuairim ón ESA chuig an gCoimisiún Eorpach maidir le raon feidhme dlínsiúil an Rialacháin maidir le hUrrúsú, JC 2021 16. https://www.esma.europa.eu/sites/default/files/library/jc_2021_16_-_esas_opinion_on_jurisdictional_scope_of_application_of_the_securitisation_regulation_003.pdf
Tuarascáil deiridh an fhóraim ardleibhéil ar Aontas na Margaí Caipitil "Fís nua do mhargaí caipitil na hEorpa" https://ec.europa.eu/info/files/200610-cmu-high-level-forum-final-report_en .
Tuarascáil an Chomhchoiste ar chur chun feidhme agus ar fheidhmiú an Rialacháin maidir le hUrrúsú JC 2021 31. https://www.eiopa.europa.eu/document-library/report/joint-committee-report-implementation-and-functioning-of-securitisation_en
An Cleachtadh Eorpach Tagarmharcála (EBE) le haghaidh Urrúsuithe Príobháideacha, an 1 Nollaig 2021, https://www.afme.eu/publications/reports/details/European-Benchmarking-Exercise-EBE-for-Private-Securitisations .
Ní chuimsítear sna figiúirí oibleagáidí iasachta comhthaobhaithe. Foinse: Tuairisc ar Shonraí um Urrúsú AFME R4 2021 agus Bliain iomlán 2021, an 15 Márta 2022.
Ba cheart go gcuirfí san áireamh i gcomparáid le margadh urrúsúcháin na Stát Aontaithe a struchtúr difriúil, arb é gníomhaíochtaí na n-eintiteas atá faoi urraíocht an rialtais is mó a bhaineann leis, arb ionann iad agus tromlach mór na n-eisiúintí urrúsuithe i SAM, chomh maith le difríochtaí ina rialacha cuntasaíochta agus stuamachta.
Cuireadh na chéad urrúsuithe laistigh den chlár comhardaithe in iúl do ESMA an 22 Meitheamh 2021.
Tá an Stóras Sonraí Eorpach (EDW) ar cheann den dá stór urrúsúcháin, atá údaraithe go dtí seo. Tá sé de chúram ar stórtha urrúsúcháin sonraí maidir le hurrúsuithe san Aontas Eorpach a bhailiú go lárnach agus na sonraí sin a sholáthar d’infheisteoirí agus do mhaoirseoirí.
Ghlac an tÚdarás Baincéireachta Eorpach le leagan nuashonraithe de na caighdeáin theicniúla thuasluaite le déanaí mar thoradh ar na leasuithe ar na forálacha maidir le coinneáil riosca leis an bPacáiste Téarnaimh na Margaí Caipitil. Cuireadh an tuarascáil deiridh faoi bhráid an Choimisiúin an 12 Aibreán 2022.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Coibhéis i réimse na seirbhísí airgeadais - COM(2019) 349 final.
Mar a shainítear le hAirteagal 36, mír 7 den Rialachán maidir le hUrrúsú.
Molann ÚBE coigeartuithe ar Chaighdeán na mBannaí Glasa Eorpacha atá beartaithe ag an Aontas Eorpach a mhéid a bhaineann le hidirbhearta urrúsúcháin | An tÚdarás Baincéireachta Eorpach (europa.eu)
Taobh amuigh d’iasachtaí cónaithe nó d’iasachtaí nó léasanna le haghaidh gluaisteáin.
https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52021PC0391
De réir mheastacháin ÚBE ar mhéid na sócmhainní atá ailínithe le tacsanomaíocht i mbainc an Aontais Eorpaigh, EUR 15.6 billiún a bheadh i gceist leis an gcomhthiomsú bliantúil uasta d’urrúsuithe glasa, ag glacadh leis go bhfuil siad tacaithe go hiomlán le sócmhainní atá ailínithe le tacsanomaíocht.
Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de in earnáil na seirbhísí airgeadais.
Airteagal 22 (6) den Rialachán maidir he hUrrúsú.
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1224 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis agus na sonraí i dtaobh urrúsaithe atá le cur ar fáil ag an tionscóir, ag an urraitheoir agus ag an SSPE, IO L 289, 3.9.2020, lch. 1-216.
Ciallaíonn BCIM fo-thairseach CIMbeag a thairbhíonn as díolúine de minimis agus nach gceanglaítear ina leith, dá bhrí sin, ach treoir BCIM (agus dlí cur chun feidhme a Bhallstáit shonraigh) a chomhlíonadh i ndáil leis na hoibleagáidí clárúcháin agus tuairiscithe, ach nach mbaineann tairbhe as an bpas margaíochta.
Tuarascáil maidir le comhchuibhiú na gcleachtas agus na bpróiseas SRT chun críocha an Ghnímh Tharmligthe dá dtagraítear in Airteagail 244(6) agus 245 (6) den CRRR https://www.eba.europa.eu/eba-calls-european-commission-harmonise-significant-risk-transfer-assessment-securitisation