AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 29.5.2018
COM(2018) 372 final
2018/0197(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’) agus an Ciste Comhtháthaithe (‘CC’)
{SEC(2018) 268 final}
{SWD(2018) 282 final}
{SWD(2018) 283 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
Ar an 2 Bealtaine 2018, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile don tréimhse 2021-2027. Áirítear air sin Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’) agus an Ciste Comhtháthaithe (‘CC’).
Sainíodh simpliú riaracháin mar chuspóir ríthábhachtach sa pháipéar machnaimh maidir le beartas airgeadais an Aontais Eorpaigh chomh maith leis an meastóireacht ex post agus an comhairliúchán poiblí. Tugtar le tuiscint ón taithí atá faighte go bhfuil na rialacha róchasta agus ilroinnte, rud a fhágann go bhfuil ualach neamhriachtanach ar bhainisteoirí clár agus ar thairbhithe deiridh.
Chun comhsheasmhacht le beartais eile an Aontais Eorpaigh faoi bhainistíocht chomhroinnte a chumasú, rialáiltear na rialacha maidir le CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme le Rialachán na bhForálacha Coiteanna (‘CPR’), chomh fada agus is féidir sin. Leagtar amach ann forálacha coiteanna le haghaidh seacht gciste bainistíochta comhroinnte ar leibhéal an Aontais Eorpaigh:
·CC:
An Ciste Comhtháthaithe
·CEMI:
An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh
·CFRE:
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
·CSE+:
Ciste Sóisialta na hEorpa +
·CTIL
An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht
·An Ciste Slándála Inmheánaí:
An Ciste Slándála Inmheánaí
·IBTV:
an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Viosaí
Chun comhsheasmhacht a áirithiú le Fís Eorpach, díreoidh an ceann sin ar “Fheabhas Eorpach” (eolas nua a ghiniúint agus a shaothrú) agus díreoidh CFRE ar “ábharthacht réigiúnach” (an teolas agus an teicneolaíocht atá ann cheana a scaipeadh ar áiteanna ina bhfuil sé ag teastáil, agus iad a leabú ann go háitiúil trí straitéisí um speisialtóireacht chliste).
Chun comhsheasmhacht a áirithiú leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), tá sineirgíocht agus comhlántacht fheabhsaithe ann, rud a chiallaíonn go ndíreoidh SCE ar an “gcroíghréasán” go háirithe agus san am céanna cuirfidh CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe tacaíocht ar fáil don “gréasán cuimsitheach”, lena náirítear rochtain réigiúnach agus áitiúil air a áirithiú chomh maith le naisc iompair laistigh de ceantair uirbeacha.
Chun an reachtaíocht a shimpliú agus a shoiléiriú, sainmhínítear leis an Rialachán seo na forálacha is infheidhme maidir le CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe idirghabháil a dhéanamh faoin sprioc “Infheistíocht le haghaidh post agus fáis” agus i dtaca le CFRE, faoin sprioc “comhar críochach Eorpach” (Interreg).
Mar sin féin, de thairbhe cineál sonrach na gclár faoin sprioc “chomhar críochach Eorpach” (Interreg) a bhfuil baint ag roinnt Ballstát agus tríú tíortha leis, i rialachán sonrach faoin Rialachán maidir leis an sprioc “comhar críochach Eorpach” leagtar amach rialacha sonracha sa bhreis ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus an Rialachán seo.
Foráiltear leis an togra seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta teacht i bhfeidhm agus tá sé á thíolacadh d’Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra a fuair an Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ó Euratom bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
Tá údar maith le beart ón Aontas Eorpach le hAirteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). “go bhfuil an tAontas lena chuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú. Féachfaidh an tAontas go háirithe leis na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú”.
Leagtar amach aidhmeanna CFRE in Airteagal 176 CFAE: “Tá ceaptha do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa rannchuidiú leis na príomh-mhíchothromaíochtaí réigiúnacha san Aontas a cheartú, trí rannpháirtiú i bhforbairt agus i gcoigeartú struchtúrach na réigiún a bhfuil a bhforbairt tite ar gcúl agus in athrúchán na réigiún tionsclaíoch atá ag meath.”
Leagtar amach aidhmeanna an Chiste Comhtháthaithe in Airteagal 177 CFAE: “Déanfaidh Ciste Comhtháthaithe arna chur ar bun i gcomhréir leis an nós imeachta céanna ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil do thionscadail i réimsí an chomhshaoil agus na ngréasán tras-Eorpach i gcúrsaí bonneagair iompair”.
Ina theannta sin, sainordaítear in Airteagal 174 CFAE, go dtabharfar aird faoi leith ar cheantair thuaithe, ar cheantair a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu ar nós na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus ar nós na réigiún oileánach, na réigiún trasteorann agus na réigiún sléibhteach.
In Airteagal 349 CFAE, sainordaítear bearta sonracha chun aird a thabhairt ar staid shóisialta agus eacnamaíoch struchtúrach na réigiúin is forimeallaí, staid is measa fós mar gheall ar ghnéithe sonracha áirithe a dhéanann mórdhochar dá bhforbairt.
Coimhdeacht agus comhréireacht
Shainaithin an measúnú tionchair fáthanna éagsúla a gcuireann gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh le luach breise gníomhaíochta ar an leibhéal náisiúnta. Áirítear orthu sin:
·I roinnt mhaith tíortha, tá ar a laghad 50 % den infheistíocht phoiblí le fáil in CFRE agus sa Chiste Comhtháthaithe – murab é sin, ní bheadh sé d’acmhainn ag na Ballstáit sin infheistíochtaí den sórt sin a dhéanamh.
·Is mór na héifeachtaí iarmharta a d’fhéadfaí a bheith ann trasna teorainneacha náisiúnta agus réigiúnacha, mar shampla maidir le hinfheistíochtaí sa nuálaíocht agus in FBManna. Is tábhachtach an ról a bhaineann le leibhéal an Aontais Eorpaigh ó thaobh na néifeachtaí sin a chur ar fáil agus ó thaobh tearcinfheistíocht a chosc. Ina theannta sin, is gá infheistíochtaí a cheapadh le go mbeidh an oiread éifeachtaí iarmharta ann agus is féidir.
·I dtromlach na réigiún, lena náirítear na réigiúin atá níos forbartha, tá straitéisí um speisialtóireacht chliste (RIS3) mar bheadh creat straitéiseach comhsheasmhach ann le haghaidh infheistíochtaí agus is iad is cúis le breisluach ard a bheith ann. Ba é an ceanglas clársceidealaithe straitéiseach le haghaidh tacaíocht do CFRE agus le haghaidh an réamhchoinníll chomhfhreagraigh a ba bhunspreagadh dóibh sin. Go deimhin, is mó an leas a bhaintear as straitéisí den sórt sin de ghnáth sna réigiúin is forbartha (go háirithe) sna tíortha Nordacha, san Ostair, sa Ghearmáin, sna tíortha Benelux agus sa Fhrainc).
·Tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn, lena náirítear athchóirithe struchtúracha mhargadh an tsaothair, iompar, comhshaol, oiriúnú don athrú aeráide agus a éifeacht a mhaolú, fuinneamh, oideachas agus beartais agus cláir shóisialta, chomh maith le nuachóiriú riaracháin.
·Trí CFRE agus tríd an gCiste Comhtháthaithe, soláthraítear torthaí nithiúla i réimsí tábhachtacha i saol shaoránaigh na hEorpa – “Cuidíonn buiséad an Aontais leis na nithe sin atá tábhachtach d’Eorpaigh a chur ar fáil”. Ag cuidiú le réigiúin iad féin a chur in oiriúint do dhúshlán an domhandaithe, ag cruthú 420,000 post agus ag tacú le 1.1 milliún FBM, ag dul i ngleic le bochtaineacht uirbeach – is tosaíochtaí iad siúd uile d’Eorpaigh. Díol suntais é go bhfuil cuid mhaith de na torthaí le sonrú lasmuigh de thíortha an chomhtháthaithe.
Ina theannta sin, tá na roghanna beartais sa Rialachán comhréireach, ar chúiseanna áirithe lena náirítear:
·Bainistíocht chomhroinnte: níl na cláir faoi bhainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún Eorpach, ach ina ionad sin cuireann sé chun feidhme iad i gcomhar leis na Ballstáit.
·Na rialacha comhcheangailte (an RFC a ghabhann leis in éineacht leis an Rialachán seo), tá siad píosa maith níos simplí agus níos comhdhlúthaithe i gcomparáid leis an tréimhse a chuaigh roimhe.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
Meastóireacht ex post
Maidir leis an straitéis, tosaíochtaí agus tionchar an bheartais, thug an mheastóireacht ex post dá haire an méid seo a leanas:
·D’fhéadfaí tacaíocht do FBManna an-tionchar a imirt. Mar sin féin, ba cheart go ndíreodh an tacaíocht a thuilleadh ar chuidiú le FBManna dinimiciúla chun fáis, ar straitéisí um speisialtóireacht chliste agus ar an mbealach a éascú do réigiúin dul chun cinn a dhéanamh, seachas a bheith ag iarraidh seangheilleagar a bhaineann leis an am atá caite a chothabháil.
·Is iondúil go mbíonn tionchar íseal ag gníomhaíochtaí áirithe, amhail tacaíocht a thabhairt do mhórfhiontair (an straitéis is éifeachtúla chun mórfhiontair a mhealladh, ní hea trí dhreasachtaí airgheadais ach trí dhálaí áitiúla a fheabhsú amhail an timpeallacht ghnó áitiúil, etc.) Ar an mbonn céanna, is beag toradh a bhí riamh ar infheistíochtaí in aerfoirt – is sna réigiúin is forimeallaí amháin is féidir cás láidir a dhéanamh ina leith sin.
·Cuireadh sonrú i bhfreagraí a raibh breisluach ard ag baint leo agus a bhain le téamaí amhail an geilleagar ísealcharbóin, forbraíocht uirbeach inbhuanaithe agus comhar réigiúnach.
Glacadh leis na saincheisteanna sin sa CFRE agus sa Rialachán maidir leis an gCiste Comhtháthaithe atá ann faoi láthair, rud a fhágann go ndéantar an méid seo a leanas:
·Déantar an díriú téamach a choinneáil, arb iad seo a leanas na tosaíochtaí is tábhachtaí: tacú le nuálaíocht, leis an ngeilleagar digiteach agus le FBManna, agus sin á dhéanamh trí straitéis um speisialtóireacht chliste; an geilleagar ísealcharbóin agus ciorclach a chur chun cinn i gcomhréir leis an ngealltanas foriomlán de 25 % i ndáil leis an gcuspóir aeráide.
·Déantar liosta de na gníomhaíochtaí nach dtabharfar tacaíocht dóibh, lena náirítear tacaíocht dhíreach do mhórfhiontair, do bhuneagar aerfort (amach ó na réigiúin is forimeallaí) agus roinnt oibríochtaí bainistithe dramhaíola (e.g. líonta talún).
·Déantar comhar réigiúnach agus forbraíocht uirbeach inbhuanaithe a fhorbairt a thuilleadh.
Lena chois sin, bhí ceachtanna éagsúla le teagasc ag an meastóireacht ex post maidir leis an gcóras soláthair (lena náirítear simpliú, solúbthacht, ionstraimí airgeadais). Glacadh leo in RFC.
Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Rinneadh comhairliúchán poiblí ar líne idir an 10 Eanáir agus an 9 Márta 2018. Sa chomhairliúchán cumhdaíodh an beartas comhtháthaithe, i.e. CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe le CSE.
·Maidir leis na dúshláin is tábhachtaí, shainaithin an sciar is mó d’fhreagróirí (94 %) go raibh ‘éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú’ an-tábhachtach nó measartha tábhachtach, agus gur tháinig ‘dífhostaíocht a laghdú, fostaíocht ar ardcháilíocht agus soghluaisteacht lucht saothair’ agus ‘cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac’ ina dhiaidh sin (91 %).
·Maidir leis na dúshláin, ceapadh gurb é ‘Taighde agus nuálaíocht a chothú’ an dúshlán a ba mhó a raibh rath air (de réir 61 % d’fhreagróirí) ó thaobh aghaidh a thabhairt air, agus tháinig ‘comhar críochach’ sna sála air (de réir 59 % d’fhreagróirí).
·Mheas isteach agus amach le 76 % d’fhreagróirí go gcuireann na cistí le breisluach a bheag nó a mhór agus mheas 2 % díobh nach bhfuil breisluach ar bith ag baint leo.
·I dtaca le cosc a chur ar ghnóthú cuspóirí, dar le tromlach mór na bhfreagróirí (86 %), ba iad na nósanna imeachta casta an bac ba mó a bhí ann, agus tháinig nósanna imeachta iniúchóireachta agus rialaithe ina dhiaidh sin (68 %), agus easpa solúbthachta chun freagairt do chúinsí neamhthuartha (60 %).
·Maidir le simpliú, ba é ‘rialacha níos soiléire, níos gairide agus gan an oiread díobh a bheith ann’ an rogha a ba mhinice a fuarthas (90 %), agus ‘rialacha a ailíniú idir cistí an Aontais Eorpaigh’ agus ‘solúbacht bhreise’ a tháinig ina dhiaidh sin (79 %), i dtaca le hacmhainní a shannadh do cheantar cláir agus laistigh de (76-77 %)
Nuair a d’fhreagair na freagróirí na ceisteanna oscailte, thug siad tacaíocht láidir don mhéid seo a leanas:
·Beartas comhtháthaithe do gach réigiún (ach trí dhíriú leantach ar na réigiúin is tearcfhorbartha mar sin féin).
·Nuálaíocht ó thaobh beartas de, lena náirítear straitéisí um speisialtóireacht chliste agus infheistíocht chliste go ginearálta.
·Díriú téamach a fhorbairt agus leanúint de.
·Díriú ar dhúshláin áitiúla (go háirithe forbraíocht uirbeach inbhuanaithe).
·Comhar idir-réigiúnach, ar bhonn trasteorann agus ar fud na hEorpa araon. Tá comhar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ríthábhachtach le haghaidh speisialtóireacht chliste – is minic nuálaíocht in earnálacha ardteicneolaíochta a bheith ag brath ar mhalartuithe agus ar éifeachtaí iarmharta a eascraíonn as comhar idir cnuasaigh nó moil eolais ar fud na hEorpa.
Tugtar faoi na saincheisteanna sin in CFRE agus sa Rialachán maidir leis an gCiste Comhtháthaithe atá ann faoi láthair, rud a fhágann go ndéantar an méid seo a leanas:
·Leantar de bheith ag díriú ar dhul i ngleic le héagothromaíochtaí réigiúnacha agus ar na dúshláin nár mhór aghaidh a thabhairt orthu san Eoraip.
·Leantar de bheith ag cur feabhais ar dhíriú téamach ar fhás cliste trí straitéisí um speisialtóireacht chliste agus ar an ngeilleagar ísealcharbóin agus ciorclach.
·Coinnítear le tacaíocht a thabhairt do chomhar idir-réigiúnach, agus é a leathnú amach le go gcumhdófar an speisialtóireacht chliste.
·Forbraíocht áitiúil a chur chun cinn bunaithe ar straitéisí áitiúla críochacha comhtháite agus forbraíocht uirbeach inbhuanaithe a spreagadh chomh maith le fothú acmhainní sa réimse sin.
Ina theannta sin, cuirfidh an Rialachán maidir le RFC creat ar fáil do CFRE agus don Chiste Comhtháthaithe chun seo a leanas a dhéanamh:
·Na nósanna imeachta casta a ghabhann le CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe a shimpliú.
·Solúbthacht a mhéadú chun freagairt do dhúshláin atá ag teacht chun cinn.
·Rialacha a ailíniú idir cistí éagsúla an Aontais Eorpaigh arna gcumhdach.
Measúnú tionchair
Tá measúnú tionchair ina thaca ag an togra seo. Mar sin féin, ní féidir na príomhchuspóirí agus an rogha tosaíochta a thabhairt i gcrích agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch go dtí go gcinnfear an clúdach airgeadais agus an sásra um leithdháileadh.
Téann na roghanna i ngleic le laghdú 7 % sa bhuiséad tríd seo a leanas:
·Rogha 1: Ciorrú ginearálta
·Rogha 2: An íocaíocht leis na réigiúin is forbartha a laghdú.
·Rogha 3: Tacaíocht a choinneáil i gceantair ríthábhachtacha (díriú téamach) agus téamaí eile a laghdú.
Is é Rogha 3 rogha na tosaíochta, mar gheall ar na cúiseanna seo a leanas:
·Chun leanúint de bheith ag díriú ar na téamaí a bhaineann leis an breisluach is airde, i gcás ina dtugann an fhianaise le tuiscint go raibh an tionchar is mó ag an mbeartas.
·Cuid mhór de na dúshláin is mó (domhandú agus claochlú eacnamaíoch, aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin agus an geilleagar ciorclach, dúshláin chomhshaoil, imirce agus pócaí bochtaineachta uirbeacha), tá ag méadú ar an difear a dhéanann siad ar chuid mhór réigiún ar fud an Aontais Eorpaigh, lena náirítear na réigiúin atá níos forbartha. Ní amháin go bhfuil infheistíocht ón Aontas Eorpach riachtanach ach gur comhartha dlúthpháirtaíochta é.
·An mhais chriticiúil a choinneáil - na hinfheistíochtaí a dhéantar sna réigiúin atá níos forbartha, tá siad beag cheana féin ó thaobh per capita de.
·Tacaíonn formhór mór na bpáirtithe leasmhara sa chomhairliúchán poiblí le CFAE sna réigiúin ar fad. Déanann an cás sin infheiceacht chistí an bheartais chomhtháthaithe a áirithiú sna Ballstáit ar fad.
Cuireadh an tuarascáil faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála faoi dhó agus fuarthas na barúlacha seo a leanas uaidh:
Tuairim ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála
|
An chaoi ar tugadh aghaidh uirthi
|
Babhta 1: Tuairim dhiúltach
(1)
Ní dhéanann an tuarascáil impleachtaí an laghdaithe ar CFRE agus ar acmhainní cistiúcháin CC a mheas.
(2)
Ní thugtar míniúchán sa tuarascáil maidir leis an gcaoi a ndéanfadh cuspóirí athraithe agus critéir i leith na leithdháiltí an clár a chur ar atreo.
(3)
Ní dhéanann sé (na fochuspóirí) na cuspóirí a mheas maidir leis an gclúdach geografach, incháilitheacht réigiúnach agus modhanna le haghaidh leithdháiltí airgeadais faoi CFRE/CC.
(4)
Ní dhéanann an tuarascáil impleachtaí na nathruithe ar na sásraí seachadta a fhiosrú go leordhóthanach.
|
(1) Tá ciorrú 10 % ar chistiúchán á shamhaltú anois i Roinn 3.2, trí thrí cinn de roghanna éagsúla a úsáid.
(2) Léirítear sa téacs agus sna grafanna de Roinn 3.2 an chaoi a d’atreofaí an clár faoi na roghanna éagsúla.
(3) Leagtar mach trí rogha le haghaidh leithdháiltí geografacha agus téamacha i Roinn 3.2, ina dtugtar príomhlíne an atreoite le fios.
(4) Rinneadh an chaibidil maidir le sásraí seachadta a fhorbairt de réir mar a d’iarr an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála (féach an roinn maidir le trácht 8 faoi seo).
|
Babhta 2: Tuairim dhearfach, agus na forchoimeádais seo a leanas ag gabháil leo:
(1) An tinneachar agus impleachtaí rogha na tosaíochta (díriú téamach), níl siad sách soiléir. Ní thugann an tuarascáil athbhreithnithe fianaise leordhóthanach go rannchuideoidh díriú téamach le héagothromaíochtaí réigiúnacha agus náisiúnta a laghdú.
(2) Ní dhéanann an tuarascáil na modheolaíochtaí a bheidh ann amach anseo a leagan amach go soiléir maidir le ‘modh Bheirlín’ a chur chun feidhme maidir le leithdháiltí airgeadais agus na cúiseanna nach ndearnadh roghanna malartacha a mheas.
(3) Ní thugann an tuarascáil aon tuairisc ar raon feidhme agus ar na himpleachtaí a d’fhéadfaí a bheith ann maidir le sásra trasteorann Eorpach.
(4) Ní dhéanann an tuarascáil an chomhsheasmhacht/an chomhlántacht a shoiléiriú idir CFRE/CC agus an Clár Tacaíochta um Athchóiriú nua.
|
(1) Leagtar amach inneachar na roghanna ar fad go soiléir ar leathanaigh 28-29 agus cuirtear i gcomparáid iad i bhfoirm tábla i dtábla 7. Ar fhigiúr 5 déantar tionchar téamach rogha na tosaíochta a mheas in aghaidh an Bhallstáit. Scrúdaítear impleachtaí na roghanna éagsúla ar rátaí fáis réigiúnacha agus náisiúnta agus déantar comparáid eatarthu tríd an tsamhail macraeacnamaíoch QUEST sa téacs ar leachanaigh 30-31 agus sna huimhreacha i dtábla 9 agus i bhfigiúr 6 agus i bhfigiúr 7 chomh maith.
(2) Tá tuairisc anois ar mhodh Bheirlín i mbosca ar leathanach 29, mar aon le cúiseanna leis an modh sin a choinneáil agus na cúiseanna nach ndearnadh roghanna malartacha a mheas.
(3) Tá tuairisc ar an sásra trasteorann ar leathanaigh 41-42. Tá sleachta bainte as tuarascáil maidir le himpleachtaí a d’fhéadfaí a bheith ann mar aon le fonótaí ina léirítear an fhoinse.
(4) Mionsonraítear an caidreamh idir an clár tacaíochta um athchóiriú ar leathanach 60.
|
Tá fianaise ann go bhfuil costais mhóra riaracháin ag gabháil le CFAE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, figiúr arna mheas i staidéar a rinneadh le déanaí a bheith cothrom le 3 % de mheánchostais cláir le haghaidh CFAE agus cothrom le 2.2 % maidir leis an gCiste Comhtháthaithe. Tá an tualach riaracháin ar thairbhithe (lena náiritear FBManna) níos airde.
Déanfaidh RFC tromlach na mbeart lena simpleofar CFAE agus an Ciste Comhtháthaithe. Is deacair cuid mhór acu a chainníochtú roimh ré ó thaobh airgeadais de, ach rinneadh meastúchán sa staidéar ina tugadh an méid seo a leanas le fios:
·Go bhféadfadh costais iomlána riaracháin a laghdú go mór dá mbainfí a thuilleadh úsáide as roghanna costais simplithe (nó íocaíochtaí bunaithe ar choinníollacha) maidir le CFAE agus an Ciste Comhtháthaithe – laghdú idir 20 % agus 25 % má chuirtear na roghanna sin i bhfeidhm ar bhonn ginearálta.
·An cur chuige níos comhréirigh maidir le rialú agus iniúchóireacht, thabharfadh sé laghdú ollmhór le fios i líon na ndeimhnithe agus san ualach iniúchóireachta i dtaca leis na cláir a bhfuil ‘riosca íseal’ ag baint leo. Laghdódh sin costais iomlána riaracháin CFAE agus an Chiste Chomhtháthaithe idir 2 % agus 3 % agus bheadh laghdú i bhfad níos mó ann i gcostais na gclár a ndéanann sé difear dóibh.
Ríomh-comhtháthú agus malartú sonraí
Sna cláir 2014-2020 bhí ceanglas ann maidir le córas malartaithe sonraí leictreonach idir tairbhithe agus údaráis bainistithe idir údaráis éagsúla an chórais bainistíochta agus rialaithe chomh maith. Cuireann an Rialachán seo leis sin agus déantar gnéithe áirithe a fhorbairt a thuilleadh ann ó thaobh sonraí a bhailiú de. Na sonraí uile is gá chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme lena náirítear torthaí agus feidhmíocht clár, traschuirfear go leictreonach iad feasta agus sin gach dara mhí, rud a fhágann go ndéanfar an tardán sonraí oscailte a nuashonrú i bhfíor-am nach mór.
Cuirfear sonraí maidir le tairbhithe agus oibríochtaí ar fáil go poiblí ar an mbonn céanna i bhfoirm leictreonach, ar shuíomh gréasáin arna reáchtáil ag an údarás bainistíochta.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Déantar foráil i dtogra an Choimisiúin le haghaidh creata airgeadais ilbhliantúil maidir le EUR 273 billiún do CFRE agus don Chiste Comhtháthaithe le haghaidh na tréimhse 2021-2027.
Clúdaigh CFRE agus CC le haghaidh 2021-2027 i milliúin
Foriomlán CFRE agus CC
|
241 978
|
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE)
|
200 629
|
·Infheistíocht le haghaidh post agus fáis;
|
190 752
|
·An comhar críochach Eorpach
|
8 430
|
·Na réigiúin is forimeallaí agus na ceantair is teirce daonra
|
1 447
|
Ciste Comhtháthaithe (CC):
|
41 349
|
·ranníocaíocht le hIompar SCE
|
10 000
|
5.ACHOIMRE AR ÁBHAR AN RIALACHÁIN
Cumhdaítear cuid mhór de thabhairt i gcrích agus de chur chun feidhme CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe in RFC. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a fheiceáil sa chomhthéacs sin agus díreofar isteach ar shaincheisteanna ríthábhachtacha, go háirithe:
·Na príomhthosaíochtaí agus téamaí ar a bhfuiltear ag díriú.
·An creat táscaire chun é sin a rianú.
·An cur chuige a bhaineann le críocha ar leith, lena náiritear forbraíocht uirbeach inbhuanaithe, chomh maith leis na réigiúin is forimeallaí.
Caibidil I – Forálacha coiteanna
Cur chuige idirghabhála
Sa Rialachán maidir le CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe glactar na cuspóirí beartais arna leagan amach in RFC agus déantar iad a fhorbairt ina gcuspóirí sonracha ábhartha maidir le CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe, rud is féidir a rianú le táscairí iomchuí.
Sainítear ann freisin liosta teoranta de ghníomhaíochtaí neamh-incháilithe atá lasmuigh de raon feidhme na gCistí maidir le hidirghabháil. Is é is aidhm le raon feidhme na gCistí agus liosta na ngníomhaíochtaí neamh-incháilithe a áirithiú go bhfuil tacaíocht le haghaidh infheistíochta comhsheasmhach le fianaise meastóireachta agus le cuspóirí polaitiúla agus inbhuanaitheachta an Aontais Eorpaigh. Ní thabharfar tacaíocht do líonta talún, do bhonneagar aerfort, don tionscal tobac, do shaoráidí núicléacha a dhíchoimisiúnú.
Díriú téamach
Chun a áirithiú, i gcomhthéacs laghdú buiséid, go bhfuil mais chriticiúil infheistíochta ann go fóill, leis an Rialachán maidir le CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe, coinnítear ceanglais le haghaidh díriú téamach. Déanfar tromlach na nacmhainní (idir 65 % agus 85 %) a dhíriú ar rannchuidiú le cuspóirí beartais, áit a bhfuil an breisluach is mó le fáil de réir mar a thugtar le tuiscint san fhianaise meastóireachta agus sa mheasúnú tionchair, chomh maith leis an rannchuidiú is mó le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh:
·PO1: “Eoraip níos cliste trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste a chur chun cinn”;
·PO2: “Eoraip níos glaise a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, an toiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí a chur chun cinn”.
Chun solúbthacht a éascú, beidh feidhm ag critéir dírithe téamaigh ar an leibhéal náisiúnta.
Le haghaidh tíortha ina bhfuil:
|
íosmhéid % “PO1”
|
íosmhéid % “PO2”
|
Ollioncam Náisiúnta (OIN) faoi 75 %
|
35 %
|
30 %
|
OIN idir 75 % agus 100 %
|
45 %
|
30 %
|
OIN os cionn 100 %
|
60 %
|
neamhbhainteach.
PO1 agus PO2 íosmhéid 85 %
|
Táscairí
Chun faireachán comhsheasmhach ar dhul chun cinn a áirithiú i dtreo feidhmíochta déanann an Rialachán comhthacar de tháscairí aschuir a choinneáil agus a bheachtú, agus san am céanna comhthacar de tháscairí torthaí don chéad uair riamh. Mar gheall orthu sin, táthar in ann torthaí a thuairisciú i bhfíor-am ar an Ardán Sonraí Oscailte agus comparáid a dhéanamh ar fud na gclár agus na mBallstát. Féadfar leas a bhaint astu freisin sa phlé maidir le feidhmíocht agus meastóireachtaí rathúla agus déanfaidh siad rianú le haghaidh oibleagáidí a bhaineann le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a éascú.
Déanfar meastóireachtaí i gcomhréir le mír 22 agus le mír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016, inar dheimhnigh na trí institiúid gur cheart go dtabharfaí an bunús le haghaidh measúnuithe tionchair le meastóireachtaí ar reachtaíocht agus beartais atá ann cheana. Déanfaidh na meastóireachtaí measúnú ar éifeachtaí clár ar an talamh bunaithe ar tháscairí/spriocanna cláir agus ar mhionanailís maidir lena ábhartha, a éifeachtaí, a éifeachtúil atá an clár agus mionanailís maidir leis an méid a dtugtar breisluach Eorpach agus a mhéid atá sé comhleanúnach le beartais eile an Aontais Eorpaigh. Áireofar ar na meastóireachtaí na ceachtanna a foghlaimíodh, fadhbanna agus deiseanna chun na gníomhaíochtaí agus a dtionchar a fheabhsú.
Caibidil II – Forálacha sonracha maidir le gnéithe críochacha ar leith a láimhseáil
Déantar foráil sa Rialachán maidir le bheith ag díriú isteach a thuilleadh ar fhorbraíocht uirbeach inbhuanaithe trí 6 % d’acmhainní CFRE a thiomnú don réimse sin agus tabharfar i gcrích é trí ionstraimí críochacha. Táthar ag tuar go ndéanfar comhsheasmhacht a áirithiú maidir le hidirghabhálacha mar gheall ar straitéisí críochacha comhtháite agus straitéisí forbraíochta áitiúla. Chun fothú acmhainní gníomhairí, gníomhaíochtaí nuálaíocha, eolais, forbairt beartas agus cumarsáide a éascú agus chun tacú leis i réimse na forbraíochta uirbí inbhuanaithe, déanann an Rialachán foráil freisin maidir le Tionscnamh Uirbeach Eorpach a bhunú a bheidh á bhainistiú ag an gCoimisiún.
Tugtar na huirlisí uirbeacha ar fad le chéile in aon chlár amháin (An Tionscnamh Uirbeach Eorpach) arna chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach chun táirge comhleanúnach a chur ar fáil do chathracha. Áirítear air sin malartuithe, fothú acmhainní, gníomhaíochtaí píolótacha agus cumarsáid.
Leagtar mach sa Rialachán bearta speisialta chun cóiríocht a chur ar fáil do chás sonrach na réigiún is forimeallaí. Áirítear orthu sin scéimeanna chun costais iompair agus infheistíochtaí a fhrithchúiteamh. Níl na ceanglais maidir le díriú téamach chomh dian lena dtugtar le tuiscint leis na rátaí náisiúnta is infheidhme le haghaidh na réigiún sin freisin.
2018/0197 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’) agus an Ciste Comhtháthaithe (‘CC’)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint dóibh don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 177, Airteagal 178 agus Airteagal 349 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Foráiltear in Airteagal 176 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) go bhfuil ceaptha do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’) rannchuidiú leis na míchothromaíochtaí réigiúnacha is mó san Aontas a cheartú. Faoin Airteagal sin agus faoin dara mír agus faoin tríú mír d’Airteagal 174 CFAE, tá CFRE le rannchuidiú chun éagothromaíochtaí idir leibhéil fhorbartha na réigiún éagsúil a laghdú, agus iargúltacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú, agus as na réigiúin sin tá aird ar leith le tabhairt ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha orthu ar nós na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus ar nós na réigiún oileánach, na réigiún trasteorann agus na réigiún sléibhe.
(2)Is le rannchuidiú le neartú chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais, agus i gcomhtháthú chríocha an Aontais, a cuireadh an Ciste Comhtháthaithe ar bun, trí ranníocaíochtaí airgid a chur ar fáil i réimse an chomhshaoil agus na ngréasán tras-Eorpacha in earnáil na mbonneagar iompair (‘TEN-T’), faoi mar a leagtar amach iad i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(3)Rialachán (AE) 2018/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [RFC nua] ina leagtar amach rialacha coiteanna infheidhme do chistí éagsúla ar a náirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’), Ciste Sóisialta Breise na hEorpa (‘CSE+’), An Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (‘CEMI’), An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (‘CTIL’), An Ciste um Shlándáil Inmheánach (‘CSI’), agus an Ionstraim Bainistithe Teorann (‘IBT’) a fheidhmíonn faoi chreat coiteann (‘na Cistí’).
(4)Chun na rialacha infheidhme don CFRE agus don Chiste Comhtháthaithe araon a shimpliú don tréimhse cláraithe 2014-2020, is in aon Rialachán amháin a leagfar amach na rialacha infheidhme don dá chiste.
(5)Na prionsabail chothrománacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus in Airteagal 10 CFAE, lena náirítear prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE, ba cheart iad a urramú agus CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe á gcur chun feidhme, ag cur san áireamh an Cháirt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart do na Ballstáit urraim a thabhairt do na ceanglais atá i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, agus ba cheart dóibh rochtain a áirithiú i gcomhréir le Airteagal 9 sa Choinbhinsiún sin, agus i gcomhréir le dlí an Aontais ina ndéantar comhchuibhiú ar na riachtanais rochtana a bhaineann le táirgí agus seirbhísí. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún neamh-chomhionannais a dhíothú agus comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus gné na hinscne a chomhtháthú, chomh maith le hidirdhealú bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach a chomhrac. Ní ceart do na Cistí tacú le gníomhartha a dhéanann rannchuidiú le leithscaradh de chineál ar bith. Ba cheart cuspóirí CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe a shaothrú faoi chuimsiú na forbartha inbhuanaithe agus mar chuid den chur chun cinn a dhéanann an tAontas ar an aidhm cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú mar a leagtar amach in Airteagal 11 agus in Airteagal 191(1) CFAE, agus an prionsabal ‘an té is ciontach sa truailliú, íocadh sé féin an costas’ á chur san áireamh. Chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, cloífidh oibríochtaí a théann chun tairbhe do ghnóthais le rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair mar a leagtar amach in Airteagal 107 agus in Airteagal 108 CFAE iad.
(6)Is gá forálacha don CFAE a chlúdach ar an tacaíocht a thugann sé do sprioc na hInfheistíochta i bpoist agus san fhás araon, agus don sprioc Eorpach i gcomhoibriú na gcríoch (Interreg) (‘ETC/Interreg’).
(7)Chun sainaithint a dhéanamh ar an gcineál gníomhaíochtaí ar féidir leo tacaíocht a fháil ón CFAE agus ón gCiste Comhtháthaithe, ba cheart cuspóirí sonracha beartais a leagan síos i leith sholáthar tacaíochta ó na cistí sin, le háirithiú go ndéanfaidh siad rannchuidiú le ceann amháin ar a laghad de na cuspóirí beartais coiteann a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2018/xxx [RFC nua].
(8)Nuair atá síorfhás ar na naisc ar fud an domhain, agus i bhfianaise na dinimice atá sa déimeagrafaíocht agus san imirce, is léir go dteastaíonn cur chuige coiteann ó bheartas imirce an Aontais a bheidh ag brath ar an tsineirge agus ar an gcomhlántacht atá sna hionstraimí maoinithe éagsúla. Má tá tacaíocht chomhleanúnach láidir chomhsheasmhach le bheith ann do na hiarrachtaí ar dhlúthpháirtíocht i roinnt na bhfreagrachtaí atá idir na Ballstáit ag mbainistiú na himirce dóibh, ba cheart don CFRE tacaíocht a chur ar fáil le lánpháirtíocht fhadtéarmach na nimirceach a éascú.
(9)Chun tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí na mBallstát agus na réigiún in aghaidh dúshlán nua, agus ardleibhéal slándála a áirithiú dá gcuid saoránach, chomh maith le cosc an radacaithe, ag brath dóibh ar an tsineirge agus ar an gcomhlántacht le beartais eile de chuid an Aontais, ba cheart d’infheistiochtaí faoi CFRE a bheith ag rannchuidiú leis an tslándáil sna limistéir ar gá spásanna poiblí a áirithiú atá slán sábháilte , mar aon le bonneagar éigeandála, idir iompar agus fhuinneamh.
(10)Ina theannta sin, na hinfheistíochtaí atá faoi CERT, ba cheart dóibh rannchuidiú le forbairt a dhéanamh ar líonra bonneagair cuimsitheach ardluais, agus leis an tsoghluaisteacht uirbeach a bheidh glan, inbhuanaithe, agus ilmhódach.
(11)De bharr sprioc ghinearálta an Chiste Chomhtháthaithe de réir na forála atá ann di in CFAE, is gá na cuspóirí sonracha ar cheart don Chiste Comhtháthaithe tacú leo a leagan amach agus teorainn a chur leo.
(12)D’fhonn feabhas a chur ar acmhainn iomlán riaracháin na ninstitiúidí agus an rialachais sna Ballstáit atá ag cur clár chun feidhme faoin Infheistíocht i sprioc na bpost agus an fháis, is gá bearta tacaíochta a chur ag obair faoi na cuspóirí sonracha ar fad.
(13)D’fhonn bearta comhoibre a spreagadh agus a chur chun bisigh, laistigh de na cláir atá á gcur chun feidhme faoin Infheistíocht i sprioc na bpost agus an fháis, is gá na bearta comhoibre idir na páirtithe a chothú laistigh de Bhallstát faoi leith, nó idir Ballstáit éagsúla, i gcoibhneas le tacaíocht a sholáthraítear faoi na cuspóirí sonracha ar fad. Is rud breise é an comhoibriú sin anuas ar an gcomhoibriú faoi ETC/Interreg, agus thar aon ní ba cheart dó tacú le comhoibriú idir páirtithe struchtúrtha chun straitéisí réigiúnacha a chur chun feidhme faoi mar a dtagraítear dóibh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Neartú na nuálaíochta i réigiúin na hEorpa: Straitéisí don fhás cuimsitheach, inbhuanaithe, athléimneach’. Dá bhrí, is féidir gurb as réigiún ar bith san Aontas do na páirtithe, ach is féidir réigiún trasteorann a chur san áireamh freisin, mar aon le réigiún atá faoi chlúdach straitéis macrairéigiúnach nó straitéis imchuach farraige, nó cumasc den dá rud.
(14)Ina léargas ar an tábhacht atá le bearta a théann i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanas an Aontais chun Comhaontú Phárais a chur chun feidhme, mar aon le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, beidh cuidiú sna Cistí le gníomhaíochtaí aeráide a chur sa phríomhshruth, agus le sprioc de 25 % de bhuiséad iomlán Aontais Eorpaigh a chur i dtreo caiteachais ar chuspóirí aeráide. Meastar gur luach 30 % de chlúdach airgeadais iomlán CFRE do chuspóirí na haeráide atá sna hoibríochtaí atá ann faoi CFRE. Meastar gur luach 37 % de chlúdach airgeadais iomlán An Chiste Chomhtháthaithe do chuspóirí na haeráide atá sna hoibríochtaí atá ann faoin gCiste Comhtháthaithe.
(15)Ionas go mbeidh sé ar chumas CFRE tacaíocht a chur ar fáil faoi ETC/Interreg don infheistíocht sa bhonneagar agus in infheistíochtaí sa réimse céanna, san oiliúint agus i ngníomhaíochtaí lánpháirteachta, is gá a chur i bhforáil go bhféadfaidh CFRE tacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí faoi chuspóirí sonracha ESF+, rud a cuireadh ar bun faoi Rialachán (AE) 2018/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [CSE+nua].
(16)D’fhonn acmhainní teoranta a úsáid le chéile ar an mbealach is éifeachtúla, ba cheart gan tacaíocht an CFRE d’infheistíochtaí táirgiúla a thabhairt ach don chuspóir shonrach chuí, agus gan ach micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a bheith i gceist leis laistigh de chiall Mholadh an Choimisiúin 2003/361/EC, cé is moite don uair atá comhoibriú i gceist le FBM ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta.
(17)Ba cheart go bhféadfaí cuid de na héagothromaíochtaí móra réigiúnacha atá san Aontas a leigheas de bharr CFRE, agus an mí-ionannas sna leibhéil fhorbartha i réigiúin éagsúla a laghdú, mar aon leis an iargúltacht atá sna réigiúin is mídheisiúla, ar a náirítear réigiúin ar dúshlán dóibh atá sna gealltanais dícharbónaithe. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht CFRE faoi sprioc na hInfheistíochta i bpoist agus san fhás a chur i dtreo na dtosaíochtaí is tábhachtaí atá ag an Aontas, i gcomhréir leis na cuspóirí beartais atá leagtha síos i Rialachán (AE) 2018/xxx [RFC nua]. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht ón CFRE a chur i dtreo na gcuspóirí beartais don Eoraip agus í ‘níos cliste trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste a chur chun cinn’ agus an‘Eoraip a bheith níos glaise agus í feidhmiú ar bheagán carbóin trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, an toiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí a chur chun cinn’. Ba cheart an díriú téamach sin a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta ach an tsolúbthacht a bheith ceadaithe ar leibhéal na gclár aonair, sin agus idir an trí ghrúpa Ballstát a chuirtear le chéile de réir ollioncaim náisiúnta gach Ballstáit faoi seach. Ina theannta sin, an mhodheolaíocht a bheidh ann le rangabháil a dhéanamh ar na Ballstáit, is rud é ba cheart a leagan amach ar bhealach mionsonraithe, agus cás na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh go sonrach.
(18)D’fhonn an tacaíocht a chur i dtreo na dtosaíochtaí is tábhachtaí atá ag an Aontas, is iomchuí chomh maith urraim a thabhairt do na ceanglais a bhaineann leis an díriú téamach i rith na clárthréimhse, agus aistriú idir tosaíochtaí laistigh de chlár amháin nó idir cláir éagsúla a chur san áireamh.
(19)Ba cheart don Rialachán seo na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí a leagan amach arbh fhéidir tacaíocht a thabhairt do na costais a ghabhann leo trí bhíthin infheistíochtaí ón CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe, faoi gach cuspóir dá gcuid faoi seach de réir mar a leagtar amach sa CFAE iad. Ba cheart go bhféadfadh an Ciste Comhtháthaithe tacú le hinfheistíochtaí sa chomhshaol agus i TEN-T. Maidir le CFRE, ba cheart liosta na ngníomhaíochta a shimpliú, agus ba cheart go bhféadfadh sé tacú le hinfheistíochtaí sa bhonneagar, infheistíochtaí a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí, infheistíochtaí táirgiúla i dtrealamh, i mbogearraí agus i sócmhainní doláimhsithe FBManna, chomh maith le bearta a bhaineann le faisnéis, le cumarsáid, leis an léann, le hobair ghréasáin, le comhoibriú, le malartú taithí saoil, agus le gníomhaíochtaí a bhfuil cnuasaigh i gceist leo. D’fhonn tacú le cur chun feidhme an chláir, ba cheart go bhféadfadh an dá chiste tacú le gníomhaíochtaí don chúnamh teicniúil. Ar deireadh, d’fhonn tacaíocht a chur ar fáil do raon idirghabhálacha leathnaithe faoi chlár Interreg, ba cheart cur leis an raon feidhme atá ann agus idir an roinnt is féidir ar raon leathan áiseanna agus ar acmhainní daonna a chur san áireamh ann, mar aon le costais a bhaineann le bearta laistigh de raon feidhme CSE+.
(20)Maidir le tionscadail an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (TEN-T) i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, leanfar dá maoiniú as an gCiste Comhtháthaithe trí bhainistíocht chomhroinnte agus trí mhodh an chur chun feidhme dhírigh faoin an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (‘CEF’).
(21)San am céanna, is tábhachtach soiléiriú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí atá lasmuigh de raon feidhme CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe, ar a náirítear infheistíochtaí dar sprioc laghdú a chur ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa, ó na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn I de Threoir 2003/87/EU ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, d’fhonn dúbailt a sheachaint ar mhaoiniú atá ar fáil cheana mar chuid den Treoir sin. Ina theannta sin, maidir leis na tíortha thar sáile agus na críocha atá liostaithe in Iarscríbhinn II CFAE, is ceart a leagan amach go follasach nach bhfuil na tíortha agus na críocha sin i dteideal tacaíochta ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe.
(22)Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a chur chuig an gCoimisiún go rialta faoin dul chun cinn atá déanta, agus is iad na táscairí coiteanna aschuir agus torthaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I is ceart a úsáid chuige sin. D’fhéadfaí na táscairí coiteanna aschuir agus torthaí a chomhlánú más gá sin le táscairí aschuir agus torthaí a bhaineann le cláir faoi leith. An fhaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil, sin é an bonn ba cheart a bheith faoin tuairisciú a dhéanann an Coimisiún chun cuspóirí sonracha a chur i gcrích le linn na clárthréimhse ar fad, ag úsáid croí-thacar táscairí dóibh a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
(23)De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, is gá meastóireacht a dhéanamh ar na Cistí ar bhonn faisnéise a bhailítear trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró-rialáil agus ualaí riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, a sheachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin, is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí sin, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na gCistí ar an láthair.
(24)D’fhonn an rannchuidiú d’fhorbairt na gcríoch a mhéadú chomh mór agus is féidir, ba cheart na gníomhaíochtaí sa réimse seo a bhunú ar straitéisí críochacha comhtháite ar a náirítear ceantair uirbeacha. Dá bhrí sin, is sna foirmeacha a leagtar amach in Airteagal 22 den Rialachán (AE) 2018/xxxx [RFC nua] ba cheart tacaíocht CFRE a thabhairt ar lámh, rud a áiritheoidh rannpháirtíocht na núdarás áitiúil, réigiúnach agus uirbeach faoi mar is iomchuí.
(25)Faoi chreat na forbartha inbhuanaithe uirbí, meastar gur gá tacú le gníomhaíochtaí comhtháite chun dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtaí leis na dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil, aeráide, dhéimeagrafacha agus shóisialta a théann i gcion ar limistéir uirbeacha, lena náirítear limistéir uirbeacha feidhme, agus an gá chun naisc uirbeacha-thuaithe a chur chun cinn á chur san áireamh. Na prionsabail atá ann chun na limistéir uirbeacha a roghnú ina mbeidh gníomhaíochtaí comhtháthaithe le haghaidh forbartha inbhuanaithe uirbí a chur chun feidhme, agus na suimeanna táscacha do na gníomhaíochtaí sin, ba cheart iad a leagan amach sna cláir faoin Infheistíocht sa sprioc do phoist agus don fhás, agus sprioc nach lú ná 6 % d’acmhainní CFRE a leithdháileadh ar an leibhéal náisiúnta chun na críche sin. Rud eile ba cheart a thabhairt chun dearfachta ná an urraim atá le tabhairt don chéatadán seo i rith na clárthréimhse i gcás aistriú idir tosaíochtaí laistigh de chlár faoi leith nó idir cláir éagsúla, an tathbhreithniú lár téarma san áireamh.
(26)D’fhonn réitigh a shainaithint nó a sholáthar a thugann aghaidh ar cheisteanna a bhaineann le forbairt comhshaoil inbhuanaithe ar leibhéal an Aontais, ba cheart Tionscnamh Uirbeach Eorpach a chur in ionad na nGníomhaíochtaí Uirbeacha Nuálacha i réimse na forbartha uirbí inbhuanaithe, rud a chuirfí chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach. Ba cheart don tionscnamh sin gach ceantar uirbeach a chlúdach, agus tacú leis an gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach.
(27)Ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar na réigiúin is forimeallaí, is é sin bearta a ghlacadh faoi Airteagal 349 CFAE ina bhfuil foráil le haghaidh leithdháileadh breise do na réigiúin is forimeallaí i gcoinne na gcostas breise a bhíonn ar na réigiúin sin de bharr ceann nó cuid de na bacainní buana a dtagraítear dóibh in Airteagal 349 CFAE, mar atá an iargúltacht, an oileándacht, easpa méide, deacrachtaí topagrafaíochta agus aeráide, spleáchas eacnamaíoch ar líon beag táirgí, deacrachtaí buana a chuireann bac agus laincis mhór ar an bhforbairt sna réigiúin sin le chéile. Féadfaidh an leithdháileadh seo infheistíochtaí a chlúdach, mar aon le costais oibriúcháin agus le dualgais seirbhísí poiblí ar sprioc dóibh costais bhreise a shú, costais a bhíonn ann de bharr na mbac sin. Is rud é an cúnamh oibriúcháin a bhféadfadh clúdach a bheith ann ar chostas seirbhísí iompair lastais, agus cúnamh tús saoil le haghaidh seirbhísí iompair, mar aon le caiteachas ar oibriúcháin atá nasctha le srianta stórála, le rómhéid agus le deisiú na nuirlisí táirgeachta, agus leis an easpa caipitil dhaonna sa mhargadh áitiúil. D’fhonn iomláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, agus faoi mar atá i gcás na noibríochtaí ar fad atá á gcómhaoiniú ag CFRE agus ag an gCiste Comhtháthaithe, tacaíocht ar bith de chuid CFRE atá ann don mhaoiniú ar chúnamh nó ar infheistíocht do na réigiúin is forimeallaí, is ceart don tacaíocht sin a bheith in oiriúint do na rialacha maidir le státchabhair faoi mar a leagtar amach iad in Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE.
(28)D’fhonn cuid de na heilimintí neamhriachtanacha atá sa Rialachán seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le déanamh na nathruithe, áit a bhfuil údar leis sin, agus chuig Iarscríbhinn II ina leagtar amach liosta táscairí a úsáidtear mar bhonn le faisnéis a sholáthar don Choimisiún ar fheidhmíocht na gclár. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(29)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit, cuspóir an Rialacháin seo, eadhon comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú trí cheartú na bpríomh-mhícothromaíochtaí san Aontas a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur féidir, de bharr mhéid na néagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus ar chúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla agus ar an srian atá le hacmhainní airgeadais na mBallstát agus na réigiún, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
Forálacha comhchoiteanna
Airteagal 1
Ábhar
1.Leagtar amach cuspóirí sonracha agus raon feidhme na tacaíochta ó CFRE sa Rialachán seo maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis, agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) dá dtagraítear in Airteagal [4(2) de Rialachán (AE) 2018/xxxx [RFC nua].
2.Leagtar amach cuspóirí sonracha agus raon feidhme na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe sa Rialachán seo chomh maith maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis (‘sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis’) dá dtagraítear i [bpointe (a) d’Airteagal [4(2) de Rialachán (AE) 2018/xxxx [RFC nua].
Airteagal 2
Cuspóirí sonracha don CFRE agus don Chiste Comhtháthaithe
1.I gcomhréir leis na cuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal [4(1)] de Rialachán (AE) 2018/xxxx[RFC nua], tabharfaidh CFRE tacaíocht do na cuspóirí sonracha seo a leanas:
(a)‘Eoraip níos cliste trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste a chur chun cinn’ (‘PO 1’)
(i)cur le hacmhainní taighde agus nuálaíochta agus leis an nglacadh a bhíonn le hard-teicneolaíochtaí;
(ii)tairbhe a bhaint as an digitiú le haghaidh saoránaigh, cuideachtaí agus rialtais;
(iii)fás agus iomaíochas FBManna a fheabhsú
(iv)scileanna a fhorbairt don speisialú cliste, don trasghabháil tionsclaíoch agus don fhiontraíocht;
(b)‘Eoraip níos glaise a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, an toiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí a chur chun cinn (‘PO 2’) trí:
(i)bearta chun an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn;
(ii)an fuinneamh inathnuaite a chur chun cinn;
(iii)córais chliste fuinnimh agus greillí agus stóras a fhorbairt ag an leibhéal áitiúil;
(iv)oiriúnú don athrú aeráide, toirmeasc rioscaí, agus an athléimneacht tar éis tubaistí a chur chun cinn;
(v)an bainistiú inmharthana uisce a chur chun cinn;
(vi)an trasghabháil chuig an ngeilleagar ciorclach a chur chun cinn;
(vii)an bhith-éagsúlacht agus an bonneagar glas a chothú sa timpeallacht uirbeach, agus truailliú a laghdú;
(c)‘Eoraip níos nasctha tríd an tsoghluaisteacht agus an nascacht réigiúnach TFC a fheabhsú’ (‘PO 3’) trí:
(i)an nascacht dhigiteach a fheabhsú;
(ii)TEN-T a fhorbairt a bheidh inbhuanaithe, slán, cliste, idirmhódúil agus athléimneach i gcoinne athrú na haeráide;
(iii)soghluaisteacht a fhorbairt go náisiúnta, go réigiúnach agus go háitiúil a bheidh inbhuanaithe, slán, cliste, idirmhódúil agus athléimneach i gcoinne athrú na haeráide, a chuimsíonn rochtain fheabhsaithe ar TEN-T agus ar shoghluaisteacht trasteorann;
(iv)soghluaisteacht uirbeach ilmhódúil inbhuanaithe a chur chun cinn;
(d)‘Eoraip níos sóisialta trí chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta’ (PO 4) trí:
(i)feabhas a chur ar éifeachtacht na margaí saothair agus ar an rochtain ar fhostaíocht ardchaighdeáin trí bhonneagar a fhorbairt agus an nuálaíocht shóisialta a fhorbairt;
(ii)feabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí den scoth san oideachas, san oiliúint, agus sa léann fad saoil trí fhorbairt an bonneagair;
(iii)méadú a chur ar lánpháirtíocht socheacnamaíoch na bpobal imeallach, na nimirceach, agus na ngrúpaí faoi mhíbhuntáiste trí bhíthin bearta comhtháite, ar a náirítear seirbhísí tithíochta agus sóisialta;
(iv)An bonneagar a fhorbairt le rochtain chothrom ar chúram sláinte a áirithiú, cúram sláinte príomhúil san áireamh;
(e)‘Eoraip atá níos giorra do na saoránaigh trí fhorbairt inbhuanaithe chomhtháite limistéar uirbeach, tuaithe agus cósta a chothú mar aon le tionscnaimh áitiúla’ (‘PO 5’) trí:
(i)Cothú a dhéanamh ar an bhforbairt chomhtháite chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch, agus ar an oidhreacht chultúrtha agus ar an tslándáil i gceantair uirbeacha;
(ii)Cothú a dhéanamh ar an bhforbairt shóisialta chomhtháite, eacnamaíoch agus chomhshaoil go háitiúil, agus ar an oidhreacht chultúrtha agus ar an tslándáil, agus ceantair thuaithe agus chósta a chur san áireamh freisin, trí fhorbairt áitiúil arb é an pobal atá ina bhun.
2.Tabharfaidh an Ciste Comhtháthaithe tacaíocht do PO 2 agus do chuspóirí faoi leith faoi PO 3 a leagtar amach i bpointí (ii), (iii) agus (iv) de mhír 1(c).
3.Maidir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bparagraf 1, féadfaidh an CFRE nó an Ciste Comhtháthaithe, faoi mar is iomchuí, tacú le gníomhaíochtaí faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis, áit a bhféadfaidh siad ceachtar de dhá rud a dhéanamh:
(a)feabhas a chur ar acmhainní údaráis agus comhlachtaí an chláir, údaráis agus comhlachtaí atá nasctha le cur chun feidhme na gCistí;
(b)an comhar le comhpháirtithe a fheabhsú laistigh agus lasmuigh de Bhallstát faoi leith.
An comhar a dtagraítear i bpointe (b) dó, beidh comhar san áireamh ann le páirtithe ó réigiúin trasteorann, ó réigiúin atá gan teorainn lena chéile, nó i réigiúin atá lonnaithe i gcríoch atá clúdaithe ag straitéis macrairéigiúnach nó straitéis imchuach farraige nó cumasc den dá rud.
Airteagal 3
Díriú téamach thacaíocht CFRE
1.Maidir leis na cláir a chuirtear chun feidhme faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, déanfar iomlán na nacmhainní CFRE i ngach Ballstát a dhíriú le chéile ag an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le hailt 3 agus 4.
2.Maidir le díriú téamach thacaíocht na mBallstát a bhfuil na réigiúin is forimeallaí suite iontu, is ceann ar cheann a láimhseálfar na hacmhainní CFRE a leithdháiltear go sonrach ar na réigiúin is forimeallaí, agus na hacmhainní a leithdháiltear ar réigiúin eile.
3.Is mar seo a leanas a dhéanfar na Ballstáit a rangabháil ó thaobh choibhneas an ollioncam náisiúnta de:
(a)iad siúd a bhfuil ollioncam náisiúnta acu atá cothrom le 100 % de mheán an Aontais Eorpaigh nó os a chionn sin (‘grúpa 1’);
(b)iad siúd a bhfuil ollioncam náisiúnta acu atá cothrom le 75 % de mheán an Aontais Eorpaigh ach é faoi bhun 100 % de (‘grúpa 2’);
(c)iad siúd a bhfuil ollioncam náisiúnta acu atá cothrom le 75 % de mheán an Aontais Eorpaigh ach é faoi bhun 75 % de (‘grúpa 3’).
Chomh fada agus atá an tAirteagal seo i gceist, is éard is ciall le coibhneas an ollioncaim náisiúnta an coibhneas idir an tollioncaim náisiúnta per capita atá ag Ballstát, rud a thomhaistear de réir na gcaighdeán um chumhacht chun ceannaithe, agus rud a ríomhtar ar bhonn na bhfigiúr atá ag an Aontas don tréimhse ó 2014 go 2016, agus an meán-ollioncam per capita sna caighdeáin um chumhacht chun ceannaithe atá ag an 27 Ballstát don tréimhse thagartha chéanna.
Maidir leis na cláir atá faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis do na réigiúin is forimeallaí, is le grúpa 3 a dhéanfar iad a rangabháil.
4.Cuirfidh na Ballstáit iad féin in oiriúint do na ceanglais seo a leanas i ndáil leis an díriú téamach:
(a)Déanfaidh Ballstáit ghrúpa 1 rud nach lú ná 85 % de lán na nacmhainní CFRE atá acu a leithdháileadh faoi thosaíochtaí nach é an cúnamh teicniúil do PO 1 agus PO 2 atá i gceist leo, agus rud nach lú ná 60 % a leithdháileadh do PO 1;
(b)Déanfaidh Ballstáit ghrúpa 2 rud nach lú ná 45 % de lán na nacmhainní CFRE atá acu a leithdháileadh faoi thosaíochtaí nach é an cúnamh teicniúil do PO 1, agus rud nach lú ná 30 % do PO 2;
(c)Déanfaidh Ballstáit ghrúpa 3 rud nach lú ná 35 % de lán na nacmhainní CFRE atá acu a leithdháileadh faoi thosaíochtaí nach é an cúnamh teicniúil do PO 1 atá i gceist leo, agus rud nach lú ná 30 % do PO 2.
5.Na ceanglais don díriú téamach a leagtar amach i mír 4, beifear in oiriúint dóibh i rith na clárthréimhse ó thús go deireadh, agus i rith na huaire a aistreofar leithdháiltí CFRE idir tosaíochtaí cláir nó idir cláir don athbhreithniú lár téarma i gcomhréir le hAirteagal [14] (AE) 2018/xxxx [RFC nua].
6.Sa chás go laghdófar leithdháileadh de chuid CFRE i dtaca le PO 1 nó PO 2 nó an dá rud mar gheall ar shaoradh faoi Airteagal [99] de Rialachán (AE) 2018/xxxx [RFC nua], nó de bharr ceartúcháin airgeadais a dhéanfaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal [98] den Rialachán sin, ní dhéanfar athbhreithniú ar oiriúint don cheanglas um dhíriú téamach a leagtar amach i mír 4.
Airteagal 4
Raon feidhme na tacaíochta ó CFRE
1.Tacóidh CFRE leis na nithe seo a leanas:
(a)infheistíocht i mbonneagar;
(b)infheistíocht sa rochtain ar sheirbhísí;
(c)infheistíochtaí táirgiúla i FBManna;
(d)Trealamh, bogearraí, agus sócmhainní doláimhsithe;
(e)Faisnéis, cumarsáid, an léann, an líonrú, comhar, malartú taithí saoil, agus gníomhaíochtaí a bhfuil cnuasaigh i gceist leo;
(f)cúnamh teicniúil.
Ina theannta sin, is féidir tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí táirgiúla seachas FBManna nuair atá comhar le FBManna i gceist leo i gcúrsaí taighde agus i ngníomhaíochtaí nuálaíochta faoi phointe (a)(i) d’Airteagal 2(1).
D’fhonn rannchuidiú leis an gcuspóir shonrach faoi PO 1 a leagtar amach i bpointe (a) (iv) d’Airteagal 2(1), tabharfaidh CFRE tacaíocht chomh maith don oiliúint, don léann fad saoil, agus do ghníomhaíochtaí oideachais.
2.Faoi sprioc an chomhair chríche Eorpaigh (Interreg), féadfaidh CFRE tacú freisin le:
(a)roinnt na náiseanna agus na nacmhainní daonna;
(b)Infheistíochtaí boga tionlacain agus gníomhaíochtaí eile atá nasctha le PO 4 faoin Chiste Sóisialta Breise na hEorpa faoi mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/xxxx [CSE+].
Airteagal 5
Raon feidhme na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe
1.Tacóidh An Ciste Comhtháthaithe leis na nithe seo a leanas:
(a)infheistíochtaí sa chomhshaol, lena náirítear infheistíochtaí a bhaineann le forbairt inbhuanaithe agus fuinneamh ar tairbhe don chomhshaol iad;
(b)Infheistíochtaí i TEN-T;
(c)cúnamh teicniúil.
Áiritheoidh na Ballstáit cothromaíocht iomchuí idir infheistíochtaí faoi phointí (a) agus (b).
2.Is le haghaidh tograí TEN-T a úsáidfear an tsuim airgid a aistreofar ón gCiste Comhtháthaithe go dtí an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.
Airteagal 6
Eisiamh ó raon feidhme CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe
1.Ní thacóidh CFRE ná an Ciste Comhtháthaithe leis na nithe seo a leanas:
(a)díchoimisiúnú nó tógáil stáisiún cumhachta núicléach;
(b)infheistíochtaí chun an laghdú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa a bhaint amach ó ghníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(c)monarú, próiseáil agus margú tobac agus táirgí tobac;
(d)fiontair atá i gcruachás faoi mar a shainmhínítear i bpointe 18 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún;
(e)infheistíocht i mbonneagar na naerfort cé is moite do na réigiúin is forimeallaí;
(f)infheistíocht i ndiúscairt na dramhaíola ina ábhar líonta talún.
(g)infheistíochtaí in áiseanna glanta dramhaíola;
(h)infheistíocht i ndáil le táirgeadh, le próiseáil, le dáileadh, le stóráil nó le ndóchán na mbreoslaí iontaise, ach gurb eisceacht í an infheistíocht maidir le feithiclí glana faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Threoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(i)infheistíocht sa bhonneagar leathanbhanda i gceantair ina bhfuil ar a laghad dhá líonra leathanbhanda i gcatagóir coibhéiseach;
(j)maoiniú le rothstoc a cheannach a bheidh in úsáid i gcóras iompair na niarnród, ach amháin má bhíonn sé ceangailte le:
(i) comhlíonadh dualgais seirbhíse poiblí a dámhadh go poiblí faoi Rialachán 1370/2007 faoi mar atá sé leasaithe;
(ii) seirbhísí iompair iarnróid a sholáthar ar línte atá oscailte go hiomlán don iomaíocht, nuair is iontrálaí nua incháilithe don mhaoiniú atá sa tairbhí faoi Rialachán (AE) 2018/xxxx [rialachán AE infheistiú].
2.Ina theannta sin, ní thabharfaidh an Ciste Comhtháthaithe tacaíocht don infheistíocht i dtithíocht mura bhfuil baint aici le cur chun cinn na héifeachtúlachta fuinnimh nó na húsáide fuinnimh in-athnuaite.
3.Ní bheidh tíortha ná críocha thar sáile i dteideal tacaíochta ó CFRE ná ón gCiste Comhtháthaithe, ach féadfaidh siad páirt a ghlacadh i gcláir Interreg i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/xxxx [ETC (Interreg].
Airteagal 7
Táscairí
1.Bainfear úsáid as táscairí coiteanna aschuir agus táscairí coiteanna toraidh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I maidir le CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe, agus nuair is gá, as táscairí aschuir agus toraidh atá clár-shonrach i gcomhréir le pointe (a) sa dara fomhír d’Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/xxxx [RFC nua], agus le pointe (d)(ii) d’Airteagal 17(3) agus pointe (b) d’Airteagal 37(2) den Rialachán seo.
2.Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag náid. Beidh na garspriocanna a shocraítear do 2024 agus na spriocanna a shocraítear do 2029 carnach.
3.I gcomhoiriúint leis an gceanglas tuairiscithe atá ar an gCoimisiún de bhun Airteagal [38(3)(e)(i)] den Rialachán Airgeadais, cuirfidh sé faisnéis maidir le feidhmíocht i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir le hIarscríbhinn II.
4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 chun hIarscríbhinn I a leasú d’fhonn na hathruithe riachtanacha a dhéanamh ar an liosta táscairí ba cheart do na Ballstáit a úsáid, agus le hIarscríbhinn II a leasú d’fhonn na hathruithe riachtanacha a dhéanamh ar an bhfaisnéis faoi fheidhmíocht atá le cur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
CAIBIDIL II
Forálacha sonracha maidir le gnéithe críochacha leith a láimhseáil
Airteagal 8
Forbairt chríochach chomhtháite
1.Féadfaidh CFRE tacaíocht a thabhairt don fhorbairt chríochach chomhtháite faoin dá sprioc a dtagraítear dóibh in Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/xxxx [RFC nua] i gcomhréir le Caibidil II de Theideal III sa Rialachan sin [RFC nua].
2.Ní chuirfidh na Ballstáit forbairt chríochach chomhtháite chun feidhme, ach trí na foirmeacha a dtagraítear dóibh in Airteagal [22] de Rialachán (AE) 2018/xxxx [RFC nua], agus tacaíocht CFRE acu chuige sin.
Airteagal 9
Forbairt inbhuanaithe uirbeach
1.Tabharfaidh CFRE tacaíocht don fhorbairt chríochach chomhtháite atá bunaithe ar straitéisí críochacha i gcomhréir le hAirteagal [23] de Rialachán (AE) 2018/xxxx [RFC nua] agus fócas ann ar cheantair uirbeacha (‘Forbairt inbhuanaithe uirbeach’) laistigh de chláir faoin dá sprioc a dtagraítear dóibh in Airteagal 4(2) den Rialachán sin.
2.Déanfar rud nach lú ná 6 % d’acmhainní CFRE ar an leibhéal náisiúnta faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis a leithdháileadh, do rudaí seachas don chúnamh teicniúil, don fhorbairt uirbeach inbhuanaithe ina fhorbairt áitiúil a mbeidh an pobal á stiúradh, ina infheistíochtaí críochacha comhtháite, nó ina uirlis chríochach eile faoi PO5.
An clár nó na cláir atá i gceist, leagfaidh siad amach na suimeanna atá beartaithe chun na críche seo faoi phointe (d)(vii) d’Airteagal [17(3)] de Rialachán (AE) 2018/xxxx [RFC nua].
3.An céatadán atá le leithdháileadh don forbairt uirbeach inbhuanaithe faoi mhír 2, beifear in oiriúint dó i rith na clárthréimhse ar fad, le linn na huaire a bheidh leithdháiltí CFRE á naistriú idir tosaíochtaí cláir nó idir cláir, agus le linn an athbhreithnithe lár téarma i gcomhréir le hAirteagal [14] (AE) 2018/xxxx [RFC nua].
4.Sa chás go laghdófar leithdháileadh de chuid CFRE mar gheall ar shaoradh faoi Airteagal [99] de Rialachán (AE) 2018/xxxx [RFC nua], nó de bharr ceartúcháin airgeadais a dhéanfaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal [98] den Rialachán sin, ní dhéanfar athbhreithniú ar an oiriúint do mhír 2.
Airteagal 10
Tionscnamh Uirbeach Eorpach
1.Tacóidh CFRE leis an Tionscnamh Uirbeach Eorpach, rud a chuireann an Coimisiún chun feidhme sa bhainistíocht dhíreach agus indíreach.
Clúdóidh an tionscnamh sin gach ceantar uirbeach, agus tacóidh sé leis an gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach.
2.Is iad an trí shnáth seo a leanas a bheidh sa Tionscnamh Uirbeach Eorpach, agus is í an fhorbairt uirbeach inbhuanaithe atá i gceist leo ar fad:
(a)tacaíocht don fhorbairt acmhainní;
(b)Tacaíocht do ghníomhaíochtaí nuálacha;
(c)Tacaíocht don eolas, don forbairt beartais agus don chumarsáid.
Féadfaidh an Tionscnamh Uirbeach Eorpach tacú le comhar idir-rialtais maidir le cúrsaí uirbeacha ach a niarrfaidh ceann de na Ballstáit nó cuid de na Ballstáit an tacaíocht sin.
Airteagal 11
Na réigiúin is forimeallaí
1.An leithdháileadh sonrach breise atá ann do na réigiúin is forimeallaí, is rud é a úsáidfear leis na costais bhreise a ghlanadh a bhíonn ar na réigiúin sin de bharr ceann nó cuid de na srianta buana forbartha atá orthu, srianta a liostaítear in Airteagal 349 CFAE.
2.An leithdháileadh a dtagraítear dó i mír 1, tabharfaidh sé tacaíocht do na nithe seo a leanas:
(a)na gníomhaíochtaí laistigh den raon feidhme faoi mar a leagtar amach in Airteagal 4 iad;
(b)de mhaolú ar Airteagal 4, bearta a chlúdaíonn costais oibriúcháin leis - na costais bhreise a ghlanadh a bhíonn ar na réigiúin is forimeallaí de bharr ceann nó cuid de na srianta buana forbartha atá orthu, srianta a liostaítear in Airteagal 349 CFAE.
An leithdháileadh a dtagraítear dó i mír 1, féadfaidh sé tacú chomh maith le caiteachas a cheadaítear le haghaidh chumhdach na noibleagáidí seirbhíse poiblí agus conarthaí sna réigiúin is forimeallaí.
3.An leithdháileadh a dtagraítear dó i mír 1, ní thabharfaidh sé tacaíocht do na nithe seo a leanas:
(a)oibríochtaí a bhaineann le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE;
(b)cabhair le haghaidh iompair na ndaoine atá údaraithe faoi phointe (a) d’Airteagal 107(2) CFAE;
(c)díolúintí cánach agus díolúine na muirear sóisialta
(d)oibleagáidí seirbhíse poiblí nach bhfuil le comhlíonadh ag gnóthais, áit a ndéanann an Stát gníomh cumhachta poiblí.
CAIBIDIL III
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 12
Forálacha idirthréimhseacha
Rialacháin (CE) Uimh. 1300/2013 agus 1301/2013, nó aon ghníomh dá nglactar fúthu, leanfaidh an fheidhm atá leo ar chláir agus ar oibríochtaí a dtugann CFRE tacaíocht dóibh faoi chlárthréimhse 2014-2020.
Airteagal 13
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.An chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a dtagraítear dó in Airteagal 7(4), déanfar í a bhronnadh ar an gCoimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó theacht i bhfeidhm don Rialachán seo.
3.An tarmligean cumhachta a dtagraítear dó in Airteagal 7(4), féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm in am ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairme deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is faide anonn a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag don tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm fiche lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán