EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0110

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013

COM/2018/0110 final - 2018/045 (COD)

An Bhruiséil,12.3.2018

COM(2018) 110 final

2018/0045(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2018) 54 final}
{SWD(2018) 55 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ghlac an Coimisiún pacáiste beart inniu chun Aontas na Margaí Caipitil a dhoimhniú, in éineacht leis an Teachtaireacht "Aontas na Margaí Caipitil a chur i gCrích faoi 2019 - am le dlús a chur lena chur i bhfeidhm". Áirítear sa phacáiste an togra seo agus togra le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir 2009/65/CE 1 agus Treoir 2011/61/AE 2 i dtaca le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta, chomh maith le togra le haghaidh creat cumasúcháin de chuid an Aontais maidir le bannaí faoi chumhdach, togra le haghaidh creat cumasúcháin maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin (SESS) do ghnólachtaí, togra maidir leis an dlí is infheidhme ó thaobh na néifeachtaí tríú páirtí a bhaineann le sannadh éileamh agus Teachtaireacht maidir leis an dlí is infheidhme maidir le héifeachtaí dílsithe na nidirbheart urrús.

Táthar ag súil go laghdóidh an togra seo an costas a bhaineann le feidhmiú i mBallstát eile agus ba cheart go dtacófar le margadh aonair níos comhtháite do chistí infheistíochta. Le hiomaíocht mhéadaithe san Aontas cuideofar le tuilleadh rogha agus luach níos fearr a chur ar fáil d’infheisteoirí.

Beartaíodh an togra seo i gClár Oibre an Choimisiúin 2018 3 agus ba cheart é a chur i gcomhthéacs ní ba leithne phlean gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil 4 agus Athbhreithniú Meántéarma Aontas na Margaí Caipitil 5 , chun fíormhargadh caipitil inmheánach a bhunú trí aghaidh a thabhairt ar ilroinnt sna margaí caipitil, bacainní rialála ar mhaoiniú an gheilleagair a bhaint agus soláthar caipitil do ghnólachtaí a mhéadú. Is dídhreasacht shuntasach i dtaca leis an dáileadh trasteorann cistí iad bacainní rialála, eadhon ceanglais mhargaíochta na mBallstát, táillí rialála agus ceanglais fhógra agus riaracháin. Sainaithníodh na bacainní sin mar fhreagairt ar an bPáipéar Uaine ar Aontas na Margaí Caipitil 6 , an Glao ar Fhianaise maidir le creat rialála an Aontais Eorpaigh do sheirbhísí airgeadais 7 agus an comhairliúchán poiblí ar bhacainní ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta 8 .

Is éard is cistí infheistíochta ann táirgí infheistíochta a cruthaíodh d’aon toisc chun caipiteal infheisteoirí a chomhthiomsú agus chun an caipiteal sin a chomhinfheistiú i bpunann ionstraimí airgeadais amhail stoic, bannaí agus urrúis eile. San Aontas, is féidir cistí infheistíochta a aicmiú mar chomhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) agus cistí infheistíochta malartacha (CIManna) arna mbainistiú ag bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIManna). Tá GCUInna cumhdaithe ag Treoir 2009/65/CE agus tá CIManna cumhdaithe ag Treoir 2011/61/AE. Tá Treoir 2011/61/AE á comhlánú le ceithre chreat ciste:

·Rialachán (Uimh.) 345/2013 9 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha,

·Rialachán (Uimh.) 346/2013 10 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha;

·Rialachán 2015/760 11 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha agus

·Rialachán 2017/1131 12 maidir le cistí margaidh airgid.

Is é comhchuspóir na rialacha seo go sonrach dáileadh trasteorann a dhéanamh níos éasca agus ardleibhéal cosanta infheisteoirí á áirithiú ag an am céanna.

Cuireann rialacha le haghaidh cistí infheistíochta an Aontais ar chumas bhainisteoirí cistí infheistíochta a gcistí a dháileadh agus, cé is moite de chásanna áirithe, a bhainistiú ar fud an Aontais. Cé go bhfuil fás rábach tagtha ar chistí infheistíochta an Aontais, agus luach iomlán EUR 14 310 billiún de shócmhainní faoi bhainistíocht i mí an Mheithimh 2017 13 , tá margadh cistí infheistíochta an Aontais fós á eagrú mar mhargadh náisiúnta den chuid is mó: Tá 70 % de na sócmhainní uilig faoi bhainistíocht á gcoinneáil ag cistí infheistíochta nach bhfuil údaraithe ná cláraithe le haghaidh dáileacháin ach ina margadh intíre amháin. Níl ach 37 % de GCUInna agus tuairim is 3 % de CIManna cláraithe le haghaidh dáileacháin i níos mó ná trí Bhallstát. I gcomparáid leis na Stáit Aontaithe, tá margadh an Aontais níos lú ó thaobh sócmhainní faoi bhainistíocht de. Is mó ar fad an líon cistí atá in AE, áfach (58 125 san Aontas i gcomparáid le 15 415 i Stáit Aontaithe Mheiriceá) 14 . Fágann sé sin go bhfuil cistí an Aontais i bhfad níos lú ar an meán. Imríonn sé sin tionchar diúltach ar bharainneachtaí scála, ar na táillí a íocann infheisteoirí agus ar an mbealach ina noibríonn an margadh inmheánach i dtaca le cistí infheistíochta.

Aithnítear sa togra seo freisin go bhfuil tosca eile freisin taobh amuigh dá raon feidhme atá ina mbac ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta san Aontas. Áirítear leis na tosca sin córais chánacha náisiúnta is infheidhme maidir le cistí infheistíochta agus infheisteoirí, bealaí dáilte ingearacha agus sainroghanna cultúrtha i dtaca le táirgí infheistíochta intíre.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo á chur i láthair in éineacht le Treoir lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE i dtaca le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta. Dírítear ann ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta amháin. Tugtar isteach leis eilimintí nua nó leasuithe ar eilimintí den reachtaíocht ábhartha atá ann cheana. Tá na heilimintí nua nó na leasuithe sin comhsheasmhach le cuspóirí na bhforálacha beartais atá sa réimse beartais cheana, a bhfuil sé mar aidhm leo margadh aonair le haghaidh cistí infheistíochta a bhunú agus dáileadh trasteorann cistí infheistíochta a éascú. Leis an togra freisin déantar na rialacha do chineálacha éagsúla cistí infheistíochta a ailíniú. Dá bhrí sin, déantar an chomhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana a chosaint.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is í an phríomhthosaíocht atá ag an gCoimisiún geilleagar na hEorpa a neartú agus infheistíocht a spreagadh chun poist a chruthú. Is gné lárnach den Phlean Infheistíochta don Eoraip 15 , a bhfuil sé mar aidhm aige geilleagar na hEorpa a neartú agus infheistíocht a spreagadh sna 28 mBallstát go léir, margadh aonair níos doimhne le haghaidh caipitil a chruthú – is é sin Aontas Margaí Caipitil. Feabhsóidh margaí caipitil níos doimhne agus comhtháite an rochtain atá ag cuideachtaí ar chaipiteal agus, san am céanna, cuideoidh siad le deiseanna infheistíochta nua a chothú do choigilteoirí.

Tá an togra seo ag teacht leis an gcuspóir sin agus le gníomhaíocht tosaíochta athbhreithniú meántéarma Aontas na Margaí Caipitil 16 , mar go soláthraítear ann bearta chun bacainní ar an margadh caipitil a bhaint. Cuireann sé le forbairt margaí caipitil níos comhtháite trí é a dhéanamh níos fusa d’infheisteoirí, bainisteoirí cistí agus gnóthais infheistithe leas a bhaint as an margadh aonair.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tagann an togra seo faoi chuimsiú inniúlacht roinnte i gcomhréir le hAirteagal 4(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí le gníomh a dhéanamh. Léirítear leis an rogha sin bunúis dlí an ról fíorthábhachtach atá ag córas comhchuibhithe pas i dtaca le margadh inmheánach do chistí infheistíochta a oibriú.

Tá an córas sin ríthábhachtach chun soláthar infheistíochta seirbhísí ag cistí a éascú agus ar an mbealach sin margadh inmheánach níos iomaíche agus níos comhtháite a bhaint amach laistigh den Aontas. Faoi láthair, tá bacainní rialála ar dháileadh trasteorann ag cur cosc ar an margadh inmheánach do chistí infheistíochta feidhmiú i gceart. Déanann na bacainní rialála an margadh inmheánach a ilroinnt agus is deacra do chistí infheistíochta leas iomlán a bhaint as an margadh inmheánach dá ndeasca. Mar sin de, lena áirithiú go bhfeidhmíonn an margadh inmheánach do chistí infheistíochta i gceart agus d’fhonn feabhas a chur ar na dálaí ina bhfeidhmíonn sé, tá gá le creat rialála a laghdaíonn bacainní ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta ar leibhéal an Aontais. Sin é an fáth go bhfuil sé mar aidhm leis an togra na ceanglais iompraíochta do chistí infheistíochta, i.e. cumarsáidí margaíochta a dhéantar le hinfheisteoirí ionchasacha, agus trédhearcacht na bhforálacha nach gcuimsítear sna réimsí arna rialú le Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE a chomhchuibhiú, ar an mbealach sin an deis sásra pas trasteorann a bheith ann a éascú.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Comhlíonann an togra seo prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

Má dhéantar rialacha an Aontais maidir le cumarsáidí margaíochta d’infheisteoirí ionchasacha a chomhchuibhiú agus má dhéantar na forálacha nach gcuimsítear faoi na réimsí sin níos trédhearcaí, féadann sé sin cuidiú le margaí caipitil níos comhtháite a fhorbairt do chistí infheistíochta ar fud an Aontais. Is é is aidhm leis an togra seo a áirithiú ar an mbealach sin go bhfeidhmíonn an margadh inmheánach do sheirbhísí chistí infheistíochta go rianúil. Níl sé sin teoranta do chríoch aon Bhallstáit amháin agus ní féidir leis na Ballstáit é a bhaint amach ar leibhéal náisiúnta. Ina theannta sin, cruthaítear cúraimí breise leis an togra don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí arna bhunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 17 nach bhféadfar a bhaint amach má ghníomhaíonn Ballstáit ina naonar.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra seo prionsabal na comhréireachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Sa mheasúnú tionchair tá réamh-mheastacháin, atá bunaithe ar thoimhdí fíorasacha réadúla, ar an gcoigilteas costais. Leis an togra, laghdófar an tualach comhlíonta agus na costais chomhlíonta ar chistí infheistíochta tríd an trédhearcacht a mhéadú. Cé go bhfuil ionchur ó na húdaráis inniúla sna Ballstáit (go háirithe fógraí don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) de dhíth le haghaidh bunachair shonraí ÚEUM a fhorbairt agus a chothabháil, beidh teorainn leis na hiarrachtaí airgeadais a mbeifear ag súil leo ó na Ballstáit. Leis na sonraí a bhaileofar beidh ÚEUM in ann a ról cóineasúcháin a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr. Beidh éifeacht dhearfach ag iomaíocht mhéadaithe in earnáil na gcistí infheistíochta ar an rogha a bheidh ar fáil ag infheisteoirí agus ar gheilleagair Bhallstáit.

An rogha ionstraime

Áirítear leis an togra seo forálacha lena dtugtar tuilleadh cinnteachta dlíthiúla do chistí infheistíochta i dtaca le seirbhísí a chur ar fáil. Ní réiteofaí an easpa trédhearcachta i dtaca le bacainní rialála a tugadh faoi deara i mBallstáit trí leasú a dhéanamh ar Threoir 2009/65/CE agus ar Threoir 2011/61/AE amháin, mar go bhféadfadh cur chun feidhme míchothrom eascairt as.

Ina theannta sin, is rialacha teicniúla neamhspleácha iad na rialacha a mholtar sa Rialachán seo agus atá dírithe ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus ar na húdaráis inniúla. Tá sé mar aidhm leis an togra trédhearcacht a mhéadú i dtaca leis na rialacha agus na nósanna imeachta atá infheidhme maidir le margaíocht (thrasteorann) cistí infheistíochta agus maidir le táillí agus muirir rialála arna ngearradh ag údaráis inniúla náisiúnta. Is gá rialachán atá infheidhme go díreach, lena gcuirtear comhchuibhiú iomlán ar fáil, leis na cuspóirí beartais sin a bhaint amach. Is modh dlíthiúil iomchuí é rialachán freisin lena chur de chúram ar ÚEUM bunachair shonraí a fhorbairt agus a choinneáil i dtaca le rialacha do chumarsáid mhargaíochta náisiúnta, táillí agus muirir is infheidhme agus fógraí a stóráil. Mar sin de, is le Rialachán is fearr ba cheart an tuasmhéid comhchuibhithe a chur ar fáil agus ar an mbealach sin cóineasú rialála níos fearr a áirithiú.

Moltar freisin athruithe beaga ar Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (Uimh.) 346/2013 a thabhairt isteach le tabhairt isteach an choincheapa agus na gcoinníollacha don réamh-mhargaíocht i dtreoir ar leith lena moltar leasuithe ar Threoir 2011/61/AE a léiriú. Mar sin de, ní mór leasuithe ar na Rialacháin a thabhairt isteach le Rialachán.

Ina theannta sin, moltar athruithe beaga ar Threoir 2009/65/CE agus ar Threoir 2011/61/AE a thabhairt isteach i dtaca le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta. Chun na críche sin, cuirtear an togra seo i láthair in éineacht le Treoir lena leasaítear na Treoracha sin (a ndéantar a mholadh ar leithligh).

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Agus an togra seo á ullmhú, tá mionmheastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar fhorálacha ábhartha Threoir 2009/65/CE agus Threoir 2011/61/AE agus ar cheanglais bhreise arna bhforchur ag Ballstáit.

Léirigh an mheastóireacht sin go bhfuil rath áirithe ar an margadh aonair ach, ina ainneoin sin, go dteipeann air a phoitéinseal iomlán a bhaint amach i dtaca le dáileadh trasteorann cistí infheistíochta, ar an ábhar go bhfuil cuid mhór bacainní ar na cistí fós. Ina theannta sin, tá easpa trédhearcachta ag baint leis na ceanglais dhlíthiúla agus cleachtais riaracháin atá taobh amuigh den chomhchuibhiú a tugadh isteach le Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE. Léirigh meastóireacht an Choimisiúin go bhfuil éagsúlacht mhór i gcuir chuige na mBallstát maidir le ceanglais agus fíoruithe na gcumarsáidí margaíochta. Tá éagsúlacht mhór freisin sna táillí agus muirir a ghearrann údaráis inniúla náisiúnta ar chúraimí maoirseachta i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE. Is bacainní iad seo go léir ar dháileadh trasteorann níos leithne de chistí infheistíochta.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tugadh le fios le freagairtí do dhá chomhairliúchán gur chuir bacainní rialála ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta cosc ar thairbhí iomlána an mhargaidh aonair a bhaint amach. Seoladh an chéad chomhairliúchán, an Páipéar Uaine ar Aontas na Margaí Caipitil, an 18 Feabhra 2015. Seoladh an dara comhairliúchán, an Glao ar Fhianaise maidir le creat rialála an Aontais Eorpaigh do sheirbhísí airgeadais, ar an 30 Meán Fómhair 2015.

Lorgaíodh faisnéis bhreise maidir le cleachtais náisiúnta ó údaráis inniúla agus ón ÚEUM. Ar iarratas ón gCoimisiún, rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí suirbhé ar údaráis inniúla i 2016, inar iarradh sonraí faoi chleachtais náisiúnta reatha i réimsí amhail táillí rialála agus ceanglais mhargaíochta.

Bunaithe ar an aiseolas a fuarthas ó Pháipéar Uaine Aontas na Margaí Caipitil agus ón nGlao ar Fhianaise agus ó shuirbhé an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí ar an 2 Meitheamh 2016 maidir le dáileadh trasteorann cistí infheistíochta 18 . I bhfianaise an aischothaithe faighte cheana, lorgaíodh sa chomhairliúchán samplaí praiticiúla de na fadhbanna atá ann agus fianaise ar a dtionchar. D’fhonn go bhfaighfí líon ard freagairtí, d’eagraigh an Coimisiún seónna bóthair le comhlachais bhainistíochta sócmhainní agus lena mbaill i bpríomhionaid na bainistíochta sócmhainní san Aontas, i.e. Lucsamburg, an Fhrainc, Éire, an Ríocht Aontaithe, an Ghearmáin agus an Bheilg. Reáchtáladh roinnt cruinnithe agus glaonna comhdhála le comhlachais infheisteoirí náisiúnta agus Eorpacha, agus cuireadh an comhairliúchán i láthair Ghrúpa Úsáideoirí na Seirbhísí Airgeadais an 15 Meán Fómhair 2016. Fuarthas 64 freagra san iomlán. 52 ó chomhlachais nó cuideachtaí, 8 ó údaráis phoiblí nó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus 4 ó dhaoine aonair. Thug mórchuid na bhfreagairtí le fios gur dhídhreasacht shuntasach i dtaca le dáileadh trasteorann iad bacainní rialála.

Ar iarratas ón gCoimisiún agus bunaithe ar an bhfianaise a fuarthas, rinne ÚEUM suirbhé leantach i 2017 chun breis eolais a fháil ar chleachtais mhargaíochta shonracha agus ceanglais fhógra sna Ballstáit.

D’eagraigh an Coimisiún cruinnithe freisin le tionscal na gcistí infheistíochta agus comhlachais infheisteoirí Eorpacha chun tuilleadh eolais a fháil. Seoladh ceistneoir an 30 Bealtaine 2017 chuig ocht gcomhlacht trádála faoi na réimsí éagsúla atá cumhdaithe ag dáileadh trasteorann cistí infheistíochta. Bhí béim ar leith ar chainníochtú na gcostas arna gcruthú ag na bacainní rialála ar dháileadh trasteorann agus cinneadh na dtairbhí féideartha do bhainisteoirí sócmhainní agus d’infheisteoirí a bhainfeadh leis na bacainní sin a bhaint. Tugadh le tuiscint in aiseolas go neascraíonn costais shubstainteacha as na bacainní rialála: Is ionann iad agus 1 go 4 % de speansais iomlána chuideachta infheistíochta. Ina theannta sin, rinneadh suirbhé spriocdhírithe i mí Dheireadh Fómhair 2017 ar 60 ciste infheistíochta beag, meánmhéide agus mór bunaithe ar nós imeachta samplála srathaithe randamaithe. Dearbhaíodh leis an suirbhé ábharthacht na mbacainní rialála agus an gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe leasmhara freisin i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2017 trí mheasúnú ar thionchar tionscanta 19 . Thacaigh na cúig fhreagairt a fuarthas ó bhainisteoirí sócmhainní, óna gcomhlachais agus ó chomhlachais a gcomhairleoirí airgeadais le tionscnamh an Choimisiúin d’fhonn na bacainní ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta a laghdú.

Bailiú agus úsáid saineolais

Bhí an Coimisiún ag brath ar fhaisnéis agus ar shonraí ó Morningstar 20 , an Comhlachas Eorpach maidir le Bainistíocht Ciste agus Sócmhainní agus tuarascálacha margaidh agus staidéir déanta ag cuideachtaí príobháideacha. Sa bhreis air sin, rinneadh léirmheas ar litríocht acadúil, go háirithe litríocht maidir leis an tionchar atá ag dáileadh trasteorann ar an iomaíocht agus an tiompar a mheastar a bheidh ag tomhaltóirí.

Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair leis an tionscnamh seo a ullmhú.

An 1 Nollaig 2017, thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach uaidh agus rinne sé moltaí d’fhonn tuilleadh feabhais a chur ar an dréacht-tuarascáil ar an measúnú tionchair. Rinneadh an dréacht-tuarascáil a mhodhnú ina dhiaidh sin le barúlacha an Bhoird a thabhairt san áireamh 21 . Bhain na príomhathruithe a mhol an Bord leis an méid seo a leanas:

·tosca a théann i bhfeidhm ar dháileadh trasteorann nach bhfuil cumhdaithe leis an tionscnamh,

·tuairisc i mbonnlíne thionscnamh a rinneadh le déanaí lena nimrítear tionchar (neamhdhíreach) ar dháileadh trasteorann cistí,

·struchtúr agus cur i láthair na roghanna, measúnú orthu agus comparáid eatarthu agus

·cur i láthair, doiciméadacht agus cáiliú na modhanna cainníochtúla agus a dtorthaí.

Foilsítear, i dteannta leis an togra seo, an leagan athbhreithnithe den tuarascáil ar an measúnú tionchair agus an achoimre feidhmiúcháin ar an tuarascáil chéanna 22 .

Meastar raon roghanna beartais sa tuarascáil ar an measúnú tionchair. Bunaithe ar an measúnú a rinneadh orthu, seo a leanas na roghanna beartais:

(a)Ba cheart go mbeadh ceanglais náisiúnta mhargaíochta níos trédhearcaí ann ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart an sainmhíniú ar réamh-mhargaíocht atá i dTreoir 2011/61/AE a chomhchuibhiú, agus ba cheart an próiseas a bhaineann le hábhair mhargaíochta a sheiceáil a leagan amach ar bhealach níos soiléire.

(b)Ba cheart táillí rialála a bheith níos trédhearcaí ar leibhéal an Aontais, agus ba cheart prionsabail ardleibhéil a thabhairt isteach d’fhonn tuilleadh comhsheasmhachta a áirithiú sa dóigh ina ndéantar táillí rialála a shocrú.

(c)Ba cheart rogha na saoráidí tacú le hinfheisteoirí áitiúla a fhágáil faoi bhainisteoirí cistí infheistíochta, agus coimircí a bheith ann d’infheisteoirí.

(d)Ba cheart tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh ar na nósanna imeachta agus na ceanglais a bhaineann le fógraí a nuashonrú agus fógraí a chur ar ceal i dtaca le húsáid an phas margaíochta.

Laghdaítear bacainní rialála go mór leis na roghanna beartais i dteannta a chéile. Méadaítear leo an acmhainneacht le margaíocht trasteorann a dhéanamh ar thuilleadh cistí, iomaíocht a fheabhsú, ilroinnt margaidh a ísliú agus tuilleadh rogha a thabhairt d’infheisteoirí san Aontas. Tá tairbhí neamhdhíreacha ag baint leis na roghanna beartais freisin mar gheall ar a dtionchar ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol. Ba cheart go neascróidh níos mó deiseanna as tuilleadh dáilte trasteorann chun infheistíocht a dhéanamh i gcistí infheistíochta a bhfuil spriocanna sóisialta nó comhshaoil á saothrú leo. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé sin dlús a chur le fás sna réimsí sin.

Maidir le gach ciste infheistíochta atá á mhargú faoi láthair ar bhonn trasteorann san Aontas, táthar ag súil leis na roghanna beartais go léir in éineacht a chéile EUR 306 go 440 milliún de chostais (costais athfhillteacha) a choigilt in aghaidh na bliana. Táthar ag súil leis go mbeidh na coigiltis ar chostais aonuaire níos mó fós. EUR 378 go 467 milliún. Ba cheart go bhfeidhmeodh na laghduithe sin ar chostais mar dhreasachtaí le tuilleadh gníomhaíochtaí trasteorann a fhorbairt agus tacú le margadh aonair níos comhtháite do chistí infheistíochta.

Cumhdaítear leis an Rialachán seo roghanna beartais (a) agus (b). Leis an Treoir lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE, atá á moladh ar leithligh, cumhdaítear roghanna beartais (c) agus (d).

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ba cheart go neascródh as an togra seo laghduithe suntasacha ar chostais do bhainisteoirí cuideachtaí infheistíochta a dháileann a gcistí trasna na teorann san Aontas, nó a bhfuil sé i gceist acu é sin a dhéanamh. Beidh éifeacht dhearfach ag na laghduithe sin ar chostais ach go háirithe ar bhainisteoirí cistí a bhíonn ag bainistiú líon beag cistí infheistíochta nó cistí infheistíochta a bhfuil sócmhainní níos lú faoi bhainistíocht acu, ós rud é go bhfuil bonn níos lú acu ar a bhféadfaidh siad na costais a leathadh.

Cé nach bhfuil an togra seo dírithe go sonrach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), bainfidh na FBManna tairbhe go hindíreach as an togra seo. Mar a tharlaíonn sé, cuirfidh dáileadh trasteorann méadaithe de chistí infheistíochta dlús le fás chistí infheistíochta an Aontais agus a gcuid infheistíochtaí in FBManna, go háirithe ó chistí caipitil fiontair.

Cearta bunúsacha

Tá an tAontas tiomanta d’ardchaighdeáin i dtaca le cosaint na gceart bunúsach. Sa chomhthéacs sin, ní dócha go mbeidh tionchar díreach ag an togra ar na cearta sin, a liostaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Beidh dhá impleacht bhuiséadacha ag baint leis an togra seo maidir leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí. Beidh ar ÚEUM:

·caighdeáin theicniúla rialála agus chur chun feidhme a ullmhú; agus

·bunachair shonraí a fhorbairt agus a choinneáil a mbeidh an pobal in ann a úsáid saor in aisce.

Sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis an togra seo tá measúnú ar na himpleachtaí buiséadacha a bhaineann go sonrach le ÚEUM.

Go dtí go neiseofar an tathbhreithniú a rinneadh le déanaí ar na hÚdaráis Eorpacha Maoirseachta, tá impleachtaí i bhfoirm scair 40 % an Choimisiúin i maoiniú ÚEUM ag baint leis an togra maidir le buiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

·Meastóireacht

Déanfar measúnú ar an Rialachán seo agus ar an togra maidir le Treoir lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus 2011/61/AE i dtaca le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh an Coimisiún ag brath ar chomhairliúchán poiblí agus ar phléití leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus le húdaráis inniúla.    

·Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tugtar na sainmhínithe isteach le hAirteagal 1.

Tá prionsabail in Airteagal 2, a bhaineann le ceanglais ar chumarsáidí margaíochta, atá le comhlíonadh ag cumarsáidí margaíochta, eadhon (i) go bhfuil na cumarsáidí inaitheanta mar chumarsáidí, (ii) na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le haonaid nó scaireanna BCIManna agus GCUInna a cheannach a chur i láthair ar bhealach atá chomh feiceálach lena chéile agus (iii) go bhfuil an fhaisnéis go léir atá san áireamh le cumarsáidí margaíochta cothrom, soiléir gan a bheith míthreorach. Tá sé bunaithe go ginearálta ar Airteagal 77 de Threoir 2009/65/CE agus leathnaítear leis an raon feidhme le Treoir 2011/61/AE a chuimsiú.

Tugtar isteach creat trédhearcachta d’fhorálacha náisiúnta maidir le ceanglais mhargaíochta le hAirteagal 3 agus Airteagal 4. Foilseoidh na húdaráis inniúla ar líne gach dlí náisiúnta , rialachán agus foráil riaracháin infheidhme lena rialaítear rialacha margaíochta do BCIManna agus GCUInna, agus a nachoimrí, ar a laghad i dteanga a bhíonn i ngnáthúsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta, agus iarrfaidh siad go bhfoilseofaí iad sa teanga sin in aice leis na teangacha oifigiúla nó ceann amháin de na teangacha oifigiúla a úsáidtear in aon Bhallstát ar leith. Cuirfear an teolas sin in iúl don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus déanfaidh sé bunachar sonraí lárnach tiomnaithe a fhoilsiú agus a chothabháil ar a shuíomh gréasáin. D’fhonn na sreafaí faisnéise idir na húdaráis inniúla agus ÚEUM a chuíchóiriú, leagtar síos le hAirteagal 3 cumhachtú chun caighdeáin theicniúla a chur chun feidhme le formáidí, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha a shocrú do na fógraí.

Faoi Airteagal 5, i gcás ina bhfuil fógra córasach maidir le cumarsáidí margaíochta ag teastáil ó údaráis inniúla d’fhonn a fhíorú go bhfuil na cumarsáidí sin ag comhlíonadh forálacha ábhartha náisiúnta i dtaca le ceanglais mhargaíochta, ní mór do na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh laistigh de 10 lá oibre. D’fhéadfadh sé nach mbeidh an fíorú sin ina réamhchoinníoll margaíochta. Bunaítear freisin le hAirteagal 5 nach mór do na húdaráis inniúla nósanna imeachta infheidhme a chur chun feidhme agus a fhoilsiú le cóir thrédhearcach neamh-idirdhealaitheach a áirithiú, beag beann ar bhunús an chiste infheistíochta fíoraithe. Ní mór do na húdaráis inniúla gach bliain an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí a chur ar an eolas faoi na cinntí maidir le hoiriúnuithe ar chumarsáidí margaíochta a dhiúltú nó a iarraidh. D’fhonn a áirithiú go gcaitear go comhleanúnach le hinfheisteoirí miondíola, ba cheart do BCIManna na ceanglais sin a chur i bhfeidhm freisin i gcásanna ina ligeann Ballstáit dóibh margaíocht a dhéanamh ar aonaid nó scaireanna CIManna d’infheisteoirí miondíola ina gcríocha féin.

Leagtar síos le hAirteagal 6 nach mór go mbeidh táillí nó muirir, i gcásanna ina ngearrann an túdarás inniúil na táillí nó na muirir sin, comhréireach leis na cúraimí maoirseachta a bheidh curtha i gcrích, agus go seolfar na sonraisc ábhartha chuig oifigí cláraithe na BCIManna nó na gcuideachtaí bainistíochta GCUI.

Leagtar amach in Airteagal 7 go bhfuil ar na húdaráis inniúla bunachair shonraí lárnacha a fhoilsiú agus a chothabháil ar a suíomhanna gréasáin maidir leis na táillí nó muirir nó modheolaíochtaí ríofa ábhartha. Tá an fhaisnéis le bheith curtha ar fáil ar a laghad i dteanga a bhíonn i ngnáthúsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta. Déantar foráil leis an gcóras d’fhógairt na faisnéise ábhartha ag údaráis inniúla. D’fhonn na sreafaí faisnéise idir na húdaráis inniúla agus ÚEUM a chuíchóiriú, ní mór do ÚEUM caighdeáin theicniúla chur chun feidhme a fhorbairt le formáidí, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha a shocrú do na fógraí.

Le hAirteagal 8 cuirtear de chúram ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí bunachar sonraí idirghníomhach lárnach a fhoilsiú agus a chothabháil ar líne, ar a mbeidh na táillí nó na muirir arna ngearradh ag na húdaráis inniúla nó, nuair is infheidhme, na modheolaíochtaí ríofa a úsáidtear.

Tá foráil in Airteagal 9, mar chuid den bhunachar sonraí idirghníomhach lárnach arna thabhairt isteach le hAirteagal 8, maidir le huirlis idirghníomhach le haghaidh táillí agus muirir a cheadaíonn don úsáideoir ríomhaireachtaí a dhéanamh ar líne.

Tugtar isteach le hAirteagal 10 éileamh ar ÚEUM bunachar sonraí a fhoilsiú agus a chothabháil ar a shuíomh gréasáin maidir le gach BCIM, gach cuideachta bhainistíochta GCUI, gach CIM agus gach GCUI. Forbairt is é an bunachar sonraí sin ar eolas faighte ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Threoir 2009/65/CE agus Airteagal 7(5) de Threoir 2011/61/AE agus fógraí agus litreacha fógraíochta faighte ag na húdaráis inniúla faoi na Treoracha sin, arna bhfógairt don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí i gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Rialachán seo.

Faoi Airteagal 11, éilítear ar na húdaráis inniúla fógraí agus litreacha fógraíochta dá dtagraítear in Airteagal 10 a tharchur chuig ÚEUM. D’fhonn na sreafaí faisnéise idir cistí infheistíochta/BCIManna nó cuideachtaí bainistíochta GCUInna agus na húdaráis inniúla agus ÚEUM a chaighdeánú agus a chuíchóiriú, leagtar síos leis an Airteagal seo freisin cumhachtú le haghaidh caighdeáin theicniúla rialála agus chur chun feidhme.

Le hAirteagal 12 agus Airteagal 13 tugtar isteach coincheap na réamh-mhargaíochta i Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013. Leis an athrú cheadófaí do bhainisteoirí arna gclárú i gcomhréir leis na Rialacháin sin díriú ar infheisteoirí trí iniúchadh a dhéanamh ar a spéis i ndeiseanna nó i straitéisí infheistíochta atá ar na bacáin trí réamh-mhargaíocht. Don athrú sin bheadh údar le cothroime iomaíochta ina mbeadh bainisteoirí údaraithe faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE in ann tairbhe a bhaint as an gcoincheap sin tugtha isteach le [tagairt do Threoir lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta].

Leagtar síos le hAirteagal 14 go ndéanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo 60 mí tar éis dháta teacht i bhfeidhm an Rialacháin.

2018/0045 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 23

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Mar gheall ar chineálacha cur chuige díbhéirseacha rialála agus maoirseachta maidir le dáileadh trasteorann cistí infheistíochta malartacha (“CIManna”), de réir mar atá sainmhínithe in Airteagal 4(1)(a) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 , agus gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (‘GCUInna’), laistigh de bhrí Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 , cothaítear ilroinnt agus bacainní maidir le margaíocht trasteorann agus rochtain ar CIManna agus ar GCUInna a d’fhéadfaí bac a chur ar mhargaíocht ina leith i mBallstáit eile.

(2)D’fhonn an creat rialála is infheidhme do chistí infheistíochta a fheabhsú agus d’fhonn cosaint níos fearr a thabhairt d’infheisteoirí, ba cheart go mbeadh sé soiléir nuair a dhírítear cumarsáidí margaíochta ar infheisteoirí in CIManna agus in GCUInna go bhfuil margaíocht i gceist agus ba cheart go mbeadh na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le haonaid nó scaireanna in CIM nó GCUI a cheannach chomh feiceálach céanna agus iad á gcur i láthair. Ina theannta sin, ba cheart an fhaisnéis ar fad atá san áireamh i gcumarsáidí margaíochta a chur i láthair ar bhealach atá cothrom, soiléir gan a bheith míthreorach. Chun cosaint d’infheisteoirí a chaomhnú agus cothrom iomaíochta a bhaint amach idir CIManna agus GCUInna, ba cheart go mbainfeadh na caighdeáin le haghaidh cumarsáidí margaíochta chomh maith céanna leis na cumarsáidí margaíochta le haghaidh CIManna agus GCUInna.

(3)Ba cheart d’údaráis inniúla a chinneann go gceanglófaí maidir le fógairt chórasach maidir le cumarsáidí margaíochta, ba cheart dóibh comhréireacht na gcumarsáidí sin leis an Rialachán seo agus le ceanglais infheidhme eile a fhíordheimhniú, eadhon cibé an bhfuil na cumarsáidí margaíochta inaitheanta mar chumarsáidí margaíochta, cibé an gcuireann siad na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le haonaid nó scaireanna in GCUInna a cheannach, agus, sa chás go gceadaíonn Ballstát margú CIManna d’infheisteoirí miondíola, na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le haonaid nó scaireanna in CIM a cheannach, go gcuireann siad na rioscaí agus na tairbhí sin lena mbaineann i láthair ar bhonn chomh feiceálach céanna agus cibé an gcuirtear an fhaisnéis ar fad i gcumarsáidí margaíochta i láthair ar bhealach atá cothrom, soiléir gan a bheith mírthreorach.

(4)D’fhonn trédhearcacht agus cosaint d’infheisteoirí a fheabhsú, ba cheart rochtain ar fhaisnéis maidir le ceanglais mhargaíochta le haghaidh scaireanna nó aonaid in CIManna nó GCUInna atá cumhdaithe i ndlíthe, rialacháin agus i bhforálacha náisiúnta a fheabhsú trí cheanglas a dhéanamh de nach mór d’údaráis inniúla agus don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (‘ÚEUM’) bunachair shonraí lárnacha a choimeád ar a suíomhanna gréasáin i dteanga a bhíonn i ngnáthúsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

(5)D’fhonn cóireáil chothrom a áirithiú agus cinnteoireacht a éascú i gcuideachtaí bainistíochta BCIManna agus GCUInna cibé ar cheart dóibh dul i mbun cistí infheistíochta a dháileadh go trasteorann, tá sé tábhachtach táillí agus muirir arna dtobhach ag údaráis inniúla don údarú, chlárú agus don mhaoirseacht dá dtagraítear i dTreoir 2009/65/CE agus i dTreoir 2011/61/AE a bheith comhréireach leis na cúraimí maoirseachta a chuirtear i gcrích agus a nochtar go poiblí, agus na táillí agus na muirir a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin. Ar an gcúis chéanna, ba cheart go mbeadh uirlis idirghníomhach san áireamh le suíomh gréasáin ÚEUM ionas gur féidir táillí agus muirear arna dtobhach ag údaráis inniúla a ríomh

(6)Ós rud é gur cheart do ÚEUM, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 26 , monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí margaidh i réimse a inniúlachta féin, tá sé iomchuí agus riachtanach eolas ÚEUM a fheabhsú trí bhunachair shonraí de chuid ÚEUM atá ann cheana a mhéadú le go náireofar gach cuideachta bainistíochta BCIManna agus GCUInna agus gach CIM agus GCUI a ndéanann na cuideachtaí bainistíochta bainistíocht agus margaíocht ina leith, mar aon leis na Ballstáit ina bhfuil na cistí infheistíochta sin á margú. Chun na críche sin, ba cheart d’údaráis inniúla fógraí, litreacha fógraíochta nó fógraí i scríbhinn a fuair siad faoi Threoir 2009/65/CE agus 2011/61/AE a chur ar aghaidh chuig ÚEUM.

(7)D’fhonn cothrom iomaíochta a bhaint amach idir cistí caipitil fiontair cáilitheacha de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 3(b) de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 , nó cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 3(b) de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 28 ar lámh amháin, agus CIManna eile, ar an lámh eile, tá sé riachtanach rialacha maidir le réamh-mhargaíocht atá comhionann leis na rialacha atá leagtha síos i dTreoir 2011/61/AE maidir le réamh-mhargaíocht a chur san áireamh leis na Rialacháin sin. Leis na rialacha sin ba cheart a chur ar chumas bainisteoirí arna gclárú i gcomhréir leis na Rialacháin sin díriú ar infheisteoirí trí thástáil a dhéanamh ar a spéis i ndeiseanna nó i straitéisí infheistíochta atá ar na bacáin trí bhíthin cistí caipitil fiontair cáilitheacha agus cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha.

(8)Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh, de réir mar atá forbartha ag ÚEUM, i ndáil le shonraíocht na faisnéise maidir le táillí nó muirir nó, nuair is infheidhme, modheolaíochtaí ríomha ábhartha le haghaidh na dtáillí nó na muirear sin, arna dtobhach ag na húdaráis inniúla. Ina theannta sin, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh, arna bhforbairt ag ÚEUM, maidir leis an tsonraíocht faisnéise atá le fógairt i bhfógraí, i litreacha fógraíochta agus i bhfógraí i scríbhinn maidir le gníomhaíochtaí trasteorann a cheanglaítear le Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE. Ba cheart don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(9)Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh, arna bhforbairt ag ÚEUM, i ndáil leis na foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid chaighdeánacha agus na nósanna imeachta caighdeánacha lenar féidir le húdaráis inniúla fógra a thabhairt faoi na dlíthe, na rialachán, na forálacha riaracháin agus a gcuid achoimrí maidir le ceanglais mhargaíochta is infheidhme ina gcríocha, leibhéil na dtáillí nó na muirear arna dtobhach acu, agus, nuair is fheidhme, modheolaíochtaí ríomha ábhartha. Ina theannta sin, d’fhonn feabhas a chur ar tharchur faisnéise chuig údaráis inniúla agus idir na húdaráis inniúla agus ÚEUM, ba cheart na caighdeáin theicniúla chur chun feidhme, a cheanglaítear le Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE, maidir le fógraí, litreacha fógraíochta agus fógraí i scríbhinn maidir le gníomhaíochtaí trasteorann, ba cheart na caighdeáin sin a chumhdach . Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(10)Ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh, arna bhforbairt ag ÚEUM, i dtaca le fógraí, litreacha fógraíochta nó fógraí i scríbhinn maidir le gníomhaíochtaí trasteorann faoi réir ag an Rialachán seo agus ag Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE. [Treoir lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE maidir le dáileadh trasteorann cistí infheistíochta comhchoiteanna] ba cheart dá réir sin na cumhachtuithe sin a scriosadh ó Threoir 2009/65/CE agus ó Threoir 2011/61/AE.

(11)Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, amhail malartú nó tarchur sonraí pearsanta arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla, ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 29 , agus ba cheart go mbeadh malartú nó tarchur faisnéise arna dhéanamh ag ÚEUM i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 .

(12)Cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart go dtabharfaí forbairtí margaidh san áireamh leis an meastóireacht agus measúnú a dhéanamh cibé ar chuir na bearta arna dtabhairt isteach feabhas ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta.

(13)D’fhonn cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú, tá sé ríthábhachtach sioncrónú a dhéanamh ar dhátaí feidhmithe dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin lena gcuirtear [Treoir lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE maidir le dáileadh trasteorann cistí infheistíochta comhchoiteanna] agus an Rialachán seo maidir le forálacha i dtaobh cumarsáidí margaíochta agus réamh-mhargú chun feidhme.

(14)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go cuí, eadhon éifeachtúlacht an mhargaidh a fheabhsú agus Aontas na Margaí Caipitil á bhunú, ach gur féidir, de bharr a éifeachtaí, iad a bhaint amach ar bhonn níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta faoi mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)    ciallaíonn "CIM" CIM mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(a) de Threoir 2011/61/AE;

(b)    ciallaíonn "BCIM" BCIM mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(b) de Threoir 2011/61/AE;

(c)    ciallaíonn “údarás inniúil” aon údarás inniúil a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(h) de Threoir 2009/65/CE nó údarás inniúil de réir mar a shainmhínitear in Airteagal 4(1)(f) de Threoir 2011/61/AE nó in Airteagal 4(1)(h) de Threoir 2011/61/AE;

(d)    ciallaíonn “Ballstát baile” Ballstát ina bhfuil oifig chláraithe nó ceannoifig ag BCIM nó GCUI;

(e)    ciallaíonn “GCUI” GCUI arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2009/65/CE;

(f)    ciallaíonn "cuideachta bainistíochta GCUI" cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2009/65/CE.

Airteagal 2

Ceanglais maidir le cumarsáidí margaíochta

1.Áiritheoidh cuideachtaí bainistíochta BCIManna nó GCUInna go mbeidh na cumarsáidí margaíochta go léir d’infheisteoirí inaitheanta mar mhargaíocht, go gcuirfear na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le haonaid nó scaireanna in CIM nó in GCUI a cheannach i láthair ar bhealach atá chomh feiceálach céanna agus go bhfuil an fhaisnéis go léir atá san áireamh le cumarsáidí margaíochta cothrom, soiléir gan a bheith míthreorach.

2.Cumarsáid mhargaíochta ar bith ina gcuimsítear faisnéis shainiúil maidir le GCUInna, áiritheoidh cuideachtaí bainistíochta GCUI nach dtiocfaidh sin salach ar an bhfaisnéis, nach maolóidh sé an suntas lena mbaineann, a chuimsítear sa réamheolaire dá dtagraítear in Airteagal 68 de Threoir 2009/65/CE agus san fhaisnéis bhunriachtanach d’infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 78 den Treoir sin. Áiritheoidh cuideachtaí bainistíochta GCUI go léirítear i ngach cumarsáid mhargaíochta go bhfuil réamheolaire ann agus go bhfuil an fhaisnéis bhunriachtanach d’infheisteoirí ar fáil. Sonrófar sa chumarsáid mhargaíochta an áit, an dóigh agus an teanga inar féidir le hinfheisteoirí nó infheisteoirí féideartha an réamheolaire agus an fhaisnéis bhunriachtanach d’infheisteoirí a fháil.

3.Áiritheoidh BCIManna nach dtiocfaidh ráiteas ar bith i gcumarsáid mhargaíochta ina gcuimsítear cuireadh chun aonaid nó scaireanna i CIM a cheannach ina gcuimsítear faisnéis shainiúil maidir le CIM salach ar an bhfaisnéis ar gá í a nochtadh d’infheisteoirí i gcomhréir le hAirteagal 23 de Threoir 2011/61/AE, ná go maolóidh sé an suntas lena mbaineann.

4.Bainfidh Mír 2 den Airteagal seo mutatis mutandis le CIManna a fhoilsíonn réamheolaire i gcomhréir le Rialachán 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 31 nó i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó a chuireann i bhfeidhm rialacha maidir le formáid agus inneachar na faisnéise bunriachtanaí d’infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 78 de Threoir 2009/65/CE.

5.Faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] eiseoidh ÚEUM treoirlínte, agus ina dhiaidh sin déanfar nuashonrú ar na treoirlínte sin ar bhonn tréimhsiúil, maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas le haghaidh cumarsáidí margaíochta dá dtagraítear sa chéad mhír, agus gnéithe ar líne na gcumarsáidí margaíochta á dtabhairt san áireamh.

Airteagal 3

Forálacha náisiúnta maidir le ceanglais mhargaíochta a fhoilsiú

1.Déanfaidh na húdaráis inniúla bunachair shonraí, ina gcuimseofar na dlíthe náisiúnta, na rialacháin agus na forálacha riaracháin go léir is infheidhme lena rialaítear ceanglais mhargaíochta le haghaidh CIManna agus GCUInna, a fhoilsiú agus a choimeád ar a suíomhanna gréasáin, mar aon le hachoimrí díobh, i dteanga amháin ar a laghad is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

2.Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra d’ÚEUM faoi na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin, agus achoimrí orthu, dá dtagraítear i mír 1 agus faoi na hipearnaisc chuig suíomhanna gréasáin na núdarás inniúil ina bhfuil an fhaisnéis sin foilsithe.

Tabharfaidh údaráis inniúla fógra d’ÚEUM faoi aon athrú ar an bhfaisnéis arna soláthar faoin gcéad fomhír de mhír seo gan mhoill.

3.Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a chinneadh le haghaidh na bhfógraí faoin Airteagal seo.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta 18 mí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm].

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.Faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta 48 mí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] déanfaidh ÚEUM iniúchadh i dtuarascáil ar na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 agus iad a chur in iúl don Choimisiún. Nuashonróidh ÚEUM an tuarascáil sin gach re bliain.

Airteagal 4

Bunachar sonraí láir ÚEUM maidir le forálacha náisiúnta a bhaineann le ceanglais mhargaíochta

Faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta 30 mí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm], déanfaidh ÚEUM bunachar sonraí a fhoilsiú agus a choimeád ar a shuíomh gréasáin ina gcuimseofar dlíthe náisiúnta, rialacháin agus forálacha riaracháin maidir le ceanglais mhargaíochta, agus achoimre orthu, mar aon le hipearnaisc le suíomhanna gréasáin na núdarás inniúil.

Airteagal 5

Cumarsáidí margaíochta a fhíordheimhniú

1.Díreach chun comhlíonadh an Rialacháin seo agus na bhforálacha náisiúnta maidir le ceanglais mhargaíochta a fhíordheimhniú, féadfaidh údaráis inniúla, a mbíonn sé i gceist ag cuideachtaí bainistíochta GCUInna iad a úsáid go díreach nó go hindíreach ina ngnóthaíocht le hinfheisteoirí, a cheangal fógraíocht chórasach le haghaidh cumarsáidí margaíochta a dhéanamh .

Ní bheidh an fhógairt chórasach dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina réamhchoinníoll le haghaidh aonaid GCUI a mhargú.

I gcás ina gceanglaíonn údaráis inniúla fógairt cumarsáidí margaíochta a dhéanamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír , cuirfidh siad iarraidh ar bith chun leasú a dhéanamh ar a gcumarsáidí margaíochta in iúl dochuideachta bainistíochta GCUI laistigh de 10 lá oibre ón lá oibre tar éis dóibh fógra a fháil.

2.Déanfaidh údaráis inniúla a cheanglaíonn fógairt chórasach cumarsáidí margaíochta a dhéanamh nósanna imeachta a bhunú, a chur i bhfeidhm agus a fhoilsiú ar a gréasáin le haghaidh cumarsáidí margaíochta a fhógairt ar bhonn córasach. Áiritheoidh na rialacha agus na nósanna imeachta inmheánacha cóireáil thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach le haghaidh gach GCUI, beag beann ar na Ballstáit ina bhfuil na GCUInna údaraithe.

3.I gcás ina gceadaíonn Ballstáit do BCIManna aonaid nó scaireanna i CIManna a mhargú d’infheisteoirí miondíola ar a gcríocha, beidh feidhm ag mír 1 agus ag mír 2 den Airteagal seo mutatis mutandis leis na BCIManna.

4.Tuairsceoidh údaráis inniúla a cheanglaíonn fógairt chórasach cumarsáidí margaíochta dá dtagraítear i mír 1a dhéanamh, faoin 31 Márta gach bliana, d’ÚEUM maidir le cinntí arna nglacadh sa bhliain roimhe sin ina ndearnadh oiriúnuithe ar chumarsáidí margaíochta a dhiúltú nó a iarraidh.

Áireofar an fhaisnéis a leanas sa tuarascáil chuig ÚEUM:

(a)líon iomlán na gcinntí arna nglacadh agus na sáruithe is minice a rinneadh a aibhsiú go soiléir, lena náireofar cur síos ar an ábhar;

(b)torthaí gach cinnidh;

(c)sampla nithiúil amháin de gach ceann de na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a).

Cuirfidh ÚEUM tuarascáil, faoin 30 Meitheamh gach bliain, chuig an gCoimisiún ina ndéanfar anailís ar éifeachtaí dlíthe náisiúnta, rialachán agus forálacha riaracháin lena rialaítear cumarsáidí margaíochta.

Airteagal 6

Prionsabail chomhchoiteanna maidir le táillí nó muirir

1.Beidh táillí nó muirir arna dtobhach ag údaráis inniúla i gcomhréir leis an gcaiteachas a bhaineann le húdarú nó le clárú agus le feidhmíocht na gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha de bhun Airteagal 44, Airteagal 45 agus Airteagal 46 de Threoir 2011/61/AE agus Airteagal 97 agus Airteagal 98 de Threoir 2009/65/CE.

2.Seolfaidh na húdaráis inniúla sonrasc i leith na bliana airgeadais sin chuig oifig chláraithe chuideachta bainistíochta BCIM nó GCUI. Léireofar sa sonrasc na táillí nó na muirir dá dtagraítear i mír 1, na modhanna íocaíochta agus an dáta nuair a bheidh íocaíocht dlite.

Airteagal 7

Forálacha náisiúnta maidir le táillí agus muirir a fhoilsiú

1.Faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach dáta 6 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm], déanfaidh na húdaráis inniúla bunachair shonraí a fhoilsiú agus a choimeád ar a suíomhanna gréasáin ina liostófar na táillí nó na muirir dá dtagraítear in Airteagal 6(1), nói gcás inarb infheidhme, na modheolaíochtaí ríomha le haghaidh na dtáillí nó na muirear sin, i dteanga amháin ar a laghad is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

2.Fógróidh na húdaráis inniúla do ÚEUM leibhéil na dtáillí nó na muirear dá dtagraítear in Airteagal 6(1), agus i gcá inarb infheidhme, na modheolaíochtaí ríomha le haghaidh na dtáillí nó na muirear sin.

Tabharfaidh údaráis inniúla fógra doÚEUM gan mhoill faoi aon athrú ar an bhfaisnéis arna soláthar de bhun na chéad fomhíre.

3.Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis atá le fógairt do ÚEUM ag na húdaráis inniúla faoin Airteagal seo a shonrú.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta 18 mí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a chinneadh le haghaidh na bhfógraí faoin Airteagal seo.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta 18 mí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm].

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 8

Bunachar sonraí idirghníomhach ÚEUM maidir le táillí agus muirir

Faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta 30 mí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] déanfaidh ÚEUM bunachar sonraí idirghníomhach a fhoilsiú agus a choimeád ar a shuíomh gréasáin, ina liostófar na táillí nó na muirir dá dtagraítear in Airteagal 6(1), nó i gcás inarb infheidhme, na modheolaíochtaí ríomha le haghaidh na dtáillí nó na muirear sin, ar a mbeidh rochtain phoiblí i dteanga amháin ar a laghad is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

Cuimseofar sa bhunachar sonraí idirghníomhach hipearnaisc le suíomhanna gréasáin na núdarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 7(1).

Airteagal 9

Uirlis idirghníomhach ÚEUM maidir le táillí agus muirir

Faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta 30 mí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] Déanfaidh ÚEUM uirlis idirghníomhach a ullmhú, a chur ar fáil agus a choimeád ar a shuíomh gréasáin, ina gcuirfear in iúl na táillí agus na muirir dá dtagraítear in Airteagal 6(1), a mbeidh rochtain ag an bpobal uirthi i dteanga amháin ar a laghad is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

Beidh an uirlis idirghníomhach ina chuid den bhunachar sonraí idirghníomhach dá dtagraítear in Airteagal 8.

Airteagal 10

Bunachar sonraí láir ÚEUM maidir le BCIManna, cuideachtaí bainistíochta GCUInna, CIManna agus GCUInna

Faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta 30 mí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] déanfaidh ÚEUM bunachar sonraí láir a fhoilsiú agus a choimeád ar a shuíomh gréasáin, ina liostófar na BCIManna, na cuideachtaí bainistíochtaí GCUI, CIManna, agus GCUInna a ndéanann BCIManna agus na cuideachtaí bainistíochta GCUI sin iad a bhainistiú agus a mhargú, ar a mbeidh rochtain ag an bpobal i dteanga amháin ar a laghad is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

Airteagal 11

Caighdeánú fógraí chuig an ÚEUM

1.Seolfaidh údaráis inniúla na mBallstát baile fógra ar bith, litir fógraíochta ar bith, fógra ar bith i scríbhinn nó faisnéis ar bith dá dtagraítear i bhfomhír 3 agus i mír 8 d’Airteagal 17, i mír 2 agus i mír 4 d’Airteagal 18, i mír 3 agus i mír 8 d’Airteagal 93 agus i mír 93a(3) de Threoir 2009/65/CE agus i mír 2 agus i mír 4 d’Airteagal 31, i mír 3 agus i mír 7 d’Airteagal 32, Airteagal 32a(3) agus i mír 2 agus i mír 3 d’Airteagal 33 de Threoir 2011/61/AE ar aghaidh chuig ÚEUM gan mhoill.

2.Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin rialála theicniúla chun faisnéis atá le fógairt a shonrú i gcomhréir le míreanna 1, 2, 3, 8 agus 9 d’Airteagal 17, le mír 1, mír 2 agus le mír 4 d’Airteagal 18, le mír 1, mír 2 agus le mír 8 d’Airteagal 93 agus le hAirteagal 93a(2) de Threoir 2009/65/CE agus le hAirteagal 32a(2) agus le mír 2, mír 3 agus le mír 6 d’Airteagal 33 de Threoir 2011/61/AE.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta 18 mí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta le haghaidh tharchur na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, 2, 3, 8 agus 9 d’Airteagal 17, mír 1, 2 agus 4 d’Airteagal 18, mír 1,2 agus 8 d’Airteagal 93 agus in Airteagal 93a(2) de Threoir 2009/65/CE agus i mír 2 agus i mír 4 d’Airteagal 31, i mír 2 agus i mír 7 d’Airteagal 32, in Airteagal 32a(2) agus mír 2, 3 agus 6 d’Airteagal 33 de Threoir 2011/61/AE lena náirítear an nós imeachta arna úsáid ag na húdaráis inniúla maidir leis an bhfaisnéis a tharchur chun críocha mhír 1.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta 18 mí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm].

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 12

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 mar a leanas:

(1)in Airteagal 3, cuirtear an pointe seo a leanas (o) leis:

‘(o)    ciallaíonn ‘réamh-mhargú’ soláthar díreach nó indíreach faisnéise maidir le straitéisí infheistíochta nó smaointe infheistíochta ag bainisteoir ciste caipitil fiontair cháilithigh, nó thar a cheann, d’infheisteoirí ionchasa a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas d’fhonn a spéis i gciste caipitil fiontair cáilitheach nach bhfuil cláraithe go fóill a thástáil’;

(2)cuirtear isteach an tAirteagal 4a seo a leanas:

Airteagal 4a

1. Féadfaidh bainisteoirí ar chistí caipitil fiontair cáilitheacha dul i mbun gníomhaíochtaí réamh-mhargaithe san Aontas, ach amháin ia gcás ina mbaineann an méid a leanas leis an bhfaisnéis arna cur i láthair d’infheisteoirí ionchasacha:

(a)baineann sí le cistí caipitil fiontair cáilitheacha atá bunaithe cheana;

(b)tá inti sí tagairt ar bith do chistí caipitil fiontair cáilitheacha atá bunaithe cheana;

(c)cuireann sí ar chumas infheisteoirí gealltanas a thabhairt aonaid nó scaireanna de chistí caipitil fiontair cáilitheacha a fháil;

(d)is é atá inti réamheolaire, doiciméid bhunreachtúla le haghaidh cistí caipitil fiontair cáilitheacha nach bhfuil cláraithe go fóill, lena dtairgtear doiciméid, foirmeacha síntiúis nó doiciméid chomhchosúla i bhfoirm dhréachtach nó i bhfoirm chríochnúil lena gcuirtear ar chumas infheisteoirí cinneadh infheistíochta a dhéanamh.

2. Ní cheanglóidh údaráis inniúla ar bhainisteoirí cistí caipitil fiontair cáilitheacha a rún dul i mbun gníomhaíochtaí réamh-mhargaithe a fhógairt.

3. Measfar go bhfuil síntiús ag infheisteoirí ar aonaid nó ar scaireanna i gcistí caipitil fiontair cáilitheacha arna gclárú i ndiaidh an réamh-mhargaithe i gcomhréir le mír 1 nó ar aonaid nó ar scaireanna i gcistí caipitil fiontair cáilitheacha atá á mbainistiú nó á margú ag bainisteoirí ar chistí caipitil fiontair cáilitheacha a bhí i mbun gníomhaíochtaí réamh-mhargaithe cistí caipitil fiontair cáilitheacha nach bhfuil cláraithe go fóill, measfar go bhfuil an sintiús ina thoradh ar an margaíocht.

4. Cuirfidh bainisteoirí cistí caipitil fiontair cáilitheacha a thairgeann lena suibscríobh aonaid nó scaireanna i gcistí caipitil fiontair cáilitheacha a rinneadh réamh-mhargú orthu, cuirfidh siad sin in iúl don údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 15.’

Airteagal 13

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 mar a leanas:

(1)in Airteagal 3, cuirtear an pointe seo a leanas (o) leis:

‘(o)    ciallaíonn ‘réamh-mhargú’ soláthar díreach nó indíreach faisnéise maidir le straitéisí infheistíochta nó smaointe infheistíochta ag bainisteoir ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh, nó thar a cheann, d’infheisteoirí féideartha a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas d’fhonn a spéis i gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nach bhfuil cláraithe go fóill a thástáil’;

(2)cuirtear isteach an tAirteagal 4a seo a leanas:

Airteagal 4a

1. Féadfaidh bainisteoirí cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha dul i mbun gníomhaíochtaí réamh-mhargaithe san Aontas, ach amháin sa chás go mbaineann an méid a leanas leis an bhfaisnéis arna cur i láthair d’infheisteoirí féideartha:

(a)baineann sí le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá bunaithe;

(b)cuimsíonn sí tagairt ar bith do chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha atá bunaithe;

(c)cuireann sí ar chumas infheisteoirí gealltanas a thabhairt aonaid nó scaireanna de chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a fháil;

(d)is ionann í agus réamheolaire, doiciméid bhunreachtúla le haghaidh cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha nach bhfuil cláraithe go fóill, lena dtairgtear doiciméid, foirmeacha síntiúis nó doiciméid chomhchosúla i bhfoirm dhréachtach nó i bhfoirm chríochnúil lena gcuirtear ar chumas infheisteoirí cinneadh infheistíochta a dhéanamh.

2. Ní éileoidh údaráis inniúla ar bhainisteoirí cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a rún dul i mbun gníomhaíochtaí réamh-mhargaithe a fhógairt.

3. Síntiús ag infheisteoirí ar aonaid nó ar scaireanna de chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha arna gclárú i ndiaidh an réamh-mhargaithe i gcomhréir le mír 1 nó ar aonaid nó ar scaireanna de chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha arna mbainistiú nó a mhargaítear ag bainisteoirí ar chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhí i mbun gníomhaíochtaí réamh-mhargaithe cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha nach bhfuil cláraithe go fóill ina thoradh ar an margaíocht.

4. Cuirfidh bainisteoirí cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a chuir tairiscint isteach ar aonaid nó scaireanna síntiúis de chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhí ina ábhar réamh-mhargaíochta é sin in iúl don údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 16.’

Airteagal 14

Meastóireacht

Faoin [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta 60 mí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm] déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, ar bhonn comhairliúchán poiblí agus i bhfianaise idirphléití le ÚEUM agus le húdaráis inniúla, ar fheidhmiú an Rialacháin seo.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh], seachas le haghaidh mhír 1 agus mhír 4 d’Airteagal 2, mhír 1 agus mhír 2 d’Airteagal 3, Airteagal 12 agus Airteagal 13, a mbeidh feidhm leo ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta 24 mhí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar measta ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar measta ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar measta ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar measta ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar measta ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena néascaítear dáileadh trasteorann cistí infheistíochta comhchoiteanna agus lena leasaítear Rialachán 345/2013 agus Rialachán 346/2013

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

Cobhsaíocht airgeadais, seirbhísí airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

◻ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 32

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Cuspóir ginearálta 1: Borradh Nua faoi Phoist, Fás agus Infheistíocht

Cuspóir ginearálta 2: Margadh Inmheánach Níos Doimhne agus Níos Cothroime ag a bhfuil Bonn Tionsclaíoch Níos Láidre

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.6 Sreabhadh infheistíochta trasteorann méadaithe.

2.4 Beidh rochtain ag tomhaltóirí ar tháirgí agus ar sheirbhísí árachais, pinsin agus GCUI atá sábháilte agus iontaofa ar bhonn náisiúnta agus trasteorann.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

12. Seirbhísí airgeadais agus margaí caipitil

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh na héifeachtaí a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Ba cheart go laghdódh laghdú ar na bacainní rialála ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta na costais a bheadh ar bhainisteoirí sócmhainní as dul trasteorann, agus dá réir sin an fás ar dháileadh trasteorann cistí infheistíochta a luathú agus doimhniú an mhargaidh aonair le haghaidh cistí infheistíochta AE a thacú.

Ba cheart, dá réir sin, go laghdófaí ilroinnt margaidh, go gcuirfí le hiomaíocht, agus faoi dheoidh go dtabharfaí cúnamh rogha níos fearr agus luach níos fearr a chur ar fáil d’infheisteoirí san Aontas Eorpach.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Bunóidh an Coimisiún, faoi dheireadh 2019, clár mionsonraithe le haghaidh faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an togra seo. Leis an gclár faireacháin, leagfar amach na modhanna ar a mbaileofar na sonraí agus an fhianaise eile is gá maille leis na tréimhsí ama ina ndéanfar sin. Sonrófar sa chlár faireacháin an beart atá le déanamh ag an gCoimisiún, ag na Ballstáit agus ag ÚEUM chun na sonraí agus an fhianaise eile a bhailiú agus a anailísiú.

Le haghaidh meastóireacht ar thionchar an togra seo a ullmhú agus faireachán a dhéanamh uirthi, d’fhéadfadh an liosta neamhchuimsitheach foinsí a leanas a bheith ina bhunús chun faisnéis a bhailiú:

(a)    Suíomhanna gréasáin de chuid údaráis inniúla maidir le ceanglais mhargaíochta náisiúnta agus táillí agus muirir rialála,

(b)    Bunachar sonraí ÚEUM maidir le ceanglais mhargaíochta náisiúnta,

(c)    Bunachar sonraí ÚEUM maidir le táillí agus muirir rialála,

(d)    Uirlis idirghníomhach ÚEUM maidir le táillí agus muirir rialála,

(e)    Bunachar sonraí ÚEUM le haghaidh fógraí.

Cé go ligfeadh foinse (e) don Choimisiún fíordheimhniú a dhéanamh cibé ar comhlíonadh cuspóir an bheartais ghinearálta, d’fhéadfadh foinsí (a) go (d) a bheith ar fónamh anailís a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le baint amach na gcuspóirí beartais sainiúla.

Chuimseofaí na torthaí a leanas le táscairí an fhaireacháin agus na meastóireachta atá bainteach leis na foinsí sin:

   dhéanfadh na húdaráis inniúla agus ÚEUM suíomhanna gréasáin a chruthú/nuashonrú (foinsí (a) go (c) a úsáid), seiceálacha cibé an bhfuil faisnéis ar fáil ar na suíomhanna gréasáin sin;

   bunachar sonraí idirghníomhach a chruthú maidir le táillí agus muirir ÚEUM (úsáid fhoinse (d)), seiceáil maidir le cibé an bhfuil an bunachar sonraí i mbun oibre.

Maidir leis na torthaí agus na tionchair, ba cheart go mbeadh an anailís bunaithe ar fhoinse (e). Leis an bhfoinse seo is féidir líon na bhfógraí ar an iomlán agus in aghaidh an Bhallstáit a shainaithint, mar aon leis an ráta fáis ar an iomlán agus in aghaidh an Bhallstáit. Ba cheart an tagarmharcáil ar an méadú reatha atá ag teacht ar dháileadh an chiste trasteorann a thabhairt san áireamh san anailís: Tháinig meánráta fáis 6.8 % in aghaidh na bliana ar líon na gcistí trasteorann thar thréimhse na cúig bliana seo a chuaigh thart. Ba cheart go gcuirfí dlús le fás a bhuí leis an tionscnamh seo ceteris paribus. D’fhéadfadh ÚEUM an mheastóireacht bunaithe ar fhoinse (e) a dhéanamh uair sa bhliain agus ba cheart í a chur isteach chuig an gCoimisiún Eorpach, le haghaidh tuilleadh úsáid a bhaint as nó anailís a dhéanamh air mar chuid dá chleachtadh faireacháin agus meastóireachta.

1.5.Na forais leis an togra/tionscnamh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Sa ghearrthéarma, tugtar cúraim do ÚEUM bunachair shonraí a fhorbairt agus a choimeád maidir le ceanglais mhargaíochta náisiúnta, táillí rialála agus muirir agus fógraí. Ina theannta sin, mar chuid den bhunachar sonraí maidir le táillí agus muirir rialála, tugtar cúram don ÚEUM uirlis idirghníomhach a sheoladh lena gceadófaí do pháirtithe leasmhara méid na dtáillí rialála le haghaidh gach Ballstáit a ríomh.

Ina theannta sin, beidh ar ÚEUM caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a fhorbairt laistigh de 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhme an tionscnaimh seo.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais Eorpaigh

Tá beart ar leibhéal AE riachtanach ós rud é gurb é an phríomhfhadhb a bhfuil sé i gceist ag an tionscnamh seo dul i ngleic leis ná díriú ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh cistí infheistíochta (go sonrach an dóigh a úsáideann cistí infheistíochta margaíocht faoi nós imeachta phas an Aontais Eorpaigh), nach bhfuil teoranta do chríoch aon Bhallstáit amháin agus nach féidir í a bhaint amach ag Ballstáit ar bhonn aonair ar leibhéal náisiúnta. Thairis sin, na hiarrachtaí a rinneadh roimhe seo cleachtais (mhaoirseachta) náisiúnta a chóineasú sa réimse seo trí bhíthin ÚEUM, níor éirigh lis na hiarrachtaí sin dul i ngleic leis an bhfadhb. Sa togra seo tugtar do ÚEUM na cúraimí a ndéantar cur síos orthu thuas, nach féidir le Ballstáit a fheidhmíonn ar bhonn aonair iad a chur i gcrích.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Tugadh cúraimí comhchosúla do ÚEUM cheana, amhail cláir bainisteoirí údaraithe a choimeád le haghaidh GCUInna, CIManna, ‘EuVECA’ agus ‘EuSEF’. Tríd is tríd bhí rath ar an obair sin go dtí seo.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá an tionscnamh i gcomhréir leis an ról feabhsaithe a tugadh do ÚEUM sa togra maidir le hathbhreithniú ÚME. Níl tionchar díreach ar bith aige sin ar thogra an Choimisiúin maidir le hathbhreithniú ÚME ós rud é go mbaineann sé le saincheist theicniúil nár pléadh san athbhreithniú.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

◻ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

◻ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ó BBBB go BBBB,

arna leanúint ag oibríocht lánscála.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 33

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún trí bhíthin

   gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (le sonrú);

◻BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

☑ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209;

◻ comhlachtaí dlí poiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

Nótaí

Neamhbhainteach

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

I gcomhréir le socruithe atá ann cheana, ullmhaíonn ÚEUM tuarascálacha rialta ar a ghníomhaíochtaí (lena náirítear tuairisc inmheánach a thabhairt don Bhainistíocht Shinsearach, tuairisc a thabhairt do Bhoird agus tuairisc bhliantúil a fhoilsiú), agus déanann Cúirt na nIniúchóirí agus an tSeirbhís Inmheánach Iniúchta iniúchtaí air maidir lena úsáid acmhainní. Comhlíonfaidh an faireachán agus an tuairisciú i leith na mbeart reatha atá beartaithe na ceanglais atá ann cheana.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh

I ndáil le húsáid dhlíthiúil, eacnamaíoch, éifeachtach na leithreasuithe a thagann as an togra táthar ag súil nach dtiocfadh rioscaí nua as an togra nach mbeadh cumhdaithe faoin gcreat rialaithe inmheánach atá ag ÚEUM cheana.

2.2.2.Faisnéis maidir le socrú an chórais rialaithe inmheánaigh

Cuirtear chun feidhme cheana féin na córais bhainistíochta agus rialaithe dá bhforáiltear i Rialachán ÚEUM. Oibríonn ÚEUM i ndlúthchomhar le Seirbhís Inmheánach Iniúchta an Choimisiúin le háirithiú go gcomhlíontar na caighdeáin iomchuí sna réimsí rialaithe inmheánacha uile. Beidh feidhm freisin ag na socruithe seo maidir le ról ÚEUM de réir an togra reatha. Déantar tuarascálacha bliantúla maidir le hiniúchtaí inmheánacha a chur chuig an gCoimisiún, chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Chun críocha calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, tá feidhm gan srian maidir le ÚEUM ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Tá straitéis frithchalaoise agus plean gníomhaíochta a thagann aisti ag ÚEUM. Cuireadh an straitéis agus an plean gníomhaíochta ar bun in 2014. Beidh na gníomhaíochtaí neartaithe atá ag ÚEUM i réimse na frithchalaoise i gcomhréir leis na rialacha agus leis an treoir a chuirtear ar fáil sa Rialachán Airgeadais (bearta frithchalaoise mar chuid de bhainistiú iontaofa airgeadais), le beartais coiscthe calaoise OLAF, leis na forálacha dá bhforáiltear faoi Straitéis Frith-Chalaoise an Choimisiúin (COM(2011)376), agus atá leagtha amach i gCur Chuige Coiteann i ndáil le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais Eorpaigh (Iúil 2012) agus sa treochlár lena mbaineann.

Leagtar amach sa Rialachán lena mbunaítear ÚEUM na forálacha maidir le cur chun feidhme agus rialú bhuiséad ÚEUM agus na rialacha airgeadais is infheidhme.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

1a: Iomaíochas le haghaidh fáis agus post

LD/LN 34 .

ó thíortha de chuid CSTE 35

ó thíortha is iarrthóirí 36

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

1.a

12 02 06 ÚEUM

Difreáilte

LÍON

LÍON

LÍON

LÍON

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir
[Ceannteideal………………………………………]

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[…]

[XX.YY.YY.YY]

[…]

[…]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar measta ar chaiteachas 37

3.2.1.Achoimre ar an tionchar measta ar chaiteachas

EUR i milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

1a

Iomaíochas le haghaidh fáis agus post 

ÚEUM

Bliain
N
38

Bliain
N+1
39

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Teideal 1:

Gealltanais

(1)

0 441

0 191

Mar gheall ar shocrú cómhaoinithe 60/40 ÚME ní luaitear ach 40% de na costais mheasta anseo.

Íocaíochtaí

(2)

0 441

0 191

Teideal 2:

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2 a)

Teideal 3:

Gealltanais

(3a)

Íocaíochtaí

(3b)

IOMLÁN leithreasuithe
i gcomhair ÚEUM

Gealltanais

=1+1a

+3a

0 441

0 191

Íocaíochtaí

=2+2a

+3b

0 441

0 191






Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR i milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

AS FISMA

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN AS FISMA

Leithreasuithe

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 5

den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR i milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 40

Bliain
N+1 41

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

0 441

0 191

Íocaíochtaí

0 441

0 191

3.2.2.An tionchar measta ar leithreasuithe ÚEUM

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR i milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
N

Bliain
N+1 42

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 43

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SAINIÚIL Uimh. 1.6 agus 2.4 44

- Bunachar sonraí maidir le táillí/muirir rialála

0 200

0 040

Mar gheall ar shocrú cómhaoinithe 60/40 ÚME ní luaitear ach 40% de na costais mheasta anseo.

- Bunachar sonraí maidir le fógraí

0 100

0 020

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

COSTAS IOMLÁN

0 300

0 060

3.2.3.An tionchar measta ar acmhainní daonna ÚEUM

3.2.3.1.Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:

EUR i milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 45  

Bliain
N+1 46

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Oifigigh (Gráid AD)

0 141

(2 bhall foirne lena náirítear costais earcaíochta)

0 131

2 bhall foirne

Mar gheall ar shocrú cómhaoinithe 60/40 ÚME ní luaitear ach 40% de na costais mheasta anseo.

Oifigigh (Gráid AST)

Baill foirne ar conradh

Baill foirne shealadacha

Saineolaí náisiúnta ar iasacht

IOMLÁN

0 141

(2 bhall foirne lena náirítear costais earcaíochta)

0 131 (2 bhall foirne)

An tionchar measta ar an bhfoireann (FTE breise) – an plean bunaíochta

Grúpa feidhme agus grád

Bliain N

Bliain N+1

Bliain N+2

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

AD16

AD15

AD14

AD13

AD12

AD11

AD10

AD9

AD8

AD7

AD6

AD5

 

AD Iomlán

0 141
(2 bhall foirne lena n
áirítear costais earcaíochta)

0 131
(2 bhall foirne)

AST11

AST10

AST9

AST8

AST7

AST6

AST5

AST4

AST3

AST2

AST1

AST Iomlán

AST 6

AST/SC 5

AST/SC 4

AST/SC 3

AST/SC 2

AST/SC 1

AST/SC Iomlán

MÓRIOMLÁN

0 141
(2 bhall foirne lena n
áirítear costais earcaíochta)

0 131
(2 bhall foirne)

An tionchar measta ar an bhfoireann (sa bhreis) – pearsanra seachtrach

Gníomhairí ar conradh

Bliain N

Bliain N+1

Bliain N+2

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Grúpa feidhme IV

Grúpa feidhme III

Grúpa feidhme II

Grúpa feidhme I

Iomlán

Saineolaithe Náisiúnta Ar Iasacht

Bliain N

Bliain N+1

Bliain N+2

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a meastar iad a bheith riachtanach don mháthair-Ard-Stiúrthóireacht

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an chéad deachúil ar a mhéad)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

·Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (in aonad lena mbaineann Coibhéis Lánaimseartha: FTE) 47

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón “gclúdach iomlánaíoch”)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna Toscaireachtaí)

XX 01 04 bb 48

- sa Cheanncheathrú 49

- i dToscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

Cur síos ar ríomh an chostais i gcomhair aonaid ‘FTE’ (coibhéis lánaimseartha) a bheith san áireamh in Iarscríbhinn V, roinn 3.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 50 .

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

EUR i milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1 51

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

0 662

0 287

Luaitear 60 % de na costais mheasta anseo mar gheall ar shocruithe cómhaoinithe ÚME

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

0 662

0 287



3.3.An tionchar measta ar ioncam

   Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR i milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 52

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

[…]

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[…]

   

IARSCRÍBHINN LEIS AN RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

Modheolaíocht fheidhmeach agus na príomhbhoinn tuisceana bhunúsacha

Measadh na costais a bhaineann le cúraimí nua atá inchurtha le ÚEUM de réir trí chatagóir costais: na costais foirne, na costais bhonneagair agus na costais oibríochtúla.

I gcomhréir le réamh-mheastacháin reatha an Choimisiúin, beidh 2 bhall foirne nua ag teastáil ó ÚEUM le haghaidh na cúraimí nua. Bheadh sé sin anuas ar an bhfoireann atá ag obair in ÚEUM faoi láthair agus atá cumhdaithe faoi bhuiséad reatha ÚEUM. Roinnfear na costais ar bhonn 60/40 le Ballstáit.

Is ionann an gá le haghaidh líon méadaithe ball foirne agus na cúraimí breise arna gcur faoi iontaoibh ÚEUM agus baineann sé le cruthú agus le coimeád na mbunachar sonraí maidir le ceanglais mhargaíochta náisiúnta, táillí rialála agus muirir agus fógraí. Tá na cúraimí nua sin leagtha amach sa Rialachán atá beartaithe agus tá breis mionsonraí ina leith tugtha sa mheabhrán míniúcháin.

Toimhdí ginearálta a dhéantar agus acmhainní breise á ríomh

Agus acmhainní breise á ríomh, rinneadh na toimhdí ginearálta seo a leanas.

Toimhdítear go mbeidh na poist bhreise atá le cruthú le haghaidh ceachtar de bhaill foirne bhuana nó de ghníomhairí sealadacha lena mbainfidh meánchostais tuarastail dar luach €143 000.

Mar gheall ar láthair ÚEUM i bPáras, tugtar comhéifeacht coigeartaithe tuarastail 1 148 san áireamh de bharr an costas maireachtála a bheith níos airde i gcomparáid leis an mBruiséil.

Meastar go mbeidh costas EUR 12 700 in aghaidh an bhaill foirne ar chostais a bhaineann le hearcaíocht (liúntais taistil, óstáin, scrúduithe leighis, athlonnaithe agus liúntais eile, costais aistrithe, etc).

I gcoitinne, déantar na costais a bhaineann le ÚEUM a roinnt idir na Ballstáit agus an Coimisiún ar bhonn 60/40 faoi láthair.

Ríomh na foirne breise

Le haghaidh líon breise na mball foirne a ríomh tá na cúraimí nua roinnte ina dhá phríomhréimse d’obair nua atá inchurtha le ÚEUM: bunachar sonraí maidir le táillí agus muirir rialála agus bunachar sonraí maidir le fógraí. I gcás na réimsí sin, cuirtear an meastachán seo a leanas ar mhéid na hoibre san áireamh. Le haghaidh an bunachar sonraí maidir le táillí rialála meastar go mbeidh aon bhainisteoir tionscadail agus aon bhall foirne tacaíochta ag teastáil, cé go mbeidh aon bhainisteoir tionscadail agus beirt bhall foirne tacaíochta TF ag teastáil don bhunachar sonraí maidir le fógraí.

Cuirtear líon iomlán measta na mball foirne breise in aghaidh an réimse le haghaidh ÚEUM i láthair i dtábla 1:

Tábla 1: FTE Iomlán sa bhliain in aghaidh an réimse

FTE iomlán in aghaidh an réimse

Bunachar sonraí maidir le táillí/muirir rialála

1

Bunachar sonraí maidir le fógraí

1

Iomlán

2

Caiteachas bonneagair a ríomh

Maidir le caiteachas a bhaineann le TF toimhdítear go mbeidh € 750 000 ar an iomlán ag teastáil chun na bunachair shonraí a chur ar bun agus go mbeidh €150 000 i gceist ansin mar chostais leanúnacha.

Tábla 2: An caiteachas iomlán ar an mbonneagar seachtrach sa bhliain in aghaidh an réimse

An caiteachas iomlán ar an mbonneagar in aghaidh an réimse

An chéad bhliain (costais aon uaire)

Na Blianta Ina Dhiaidh Sin (costais leanúnacha)

Bunachar sonraí maidir le táillí/muirir rialála

€ 500 000

€100 000

Bunachar sonraí maidir le fógraí.

€250 000

€50 000

Iomlán

€750 000

€150 000

Méid iomlán an chaiteachais

Agus aird á tabhairt ar na toimhdí thuas, léirítear i dTábla 3 na méideanna iomlána measta a bhaineann le cúraimí nua ÚEUM.

Tábla 3: Iomlán na gcaiteachas gaolmhar

Saghas costais

Ríomh

An Chéad Bhliain

Blianta dá héis

Caiteachas foirne

€143 000 x 1. 148 in aghaidh na foirne/na bliana

€328 328 (2 bhall foirne)

€328 328 (2 bhall foirne)

Caiteachas a bhaineann le hearcaíocht

€12 700 seasta an bhaill foirne nua

€25 400 (2 bhall foirne)

0

Bonneagar/TF

Féach tábla 2

€750 000

€150 000

Iomlán*

€1 103 728

€ 478 328

*Méideanna iomlána: gan an leithdháileadh 60/40 Ballstáit/ Coimisiún do bhuiséad ÚEUM a chur san áireamh.

Ní thugtar an caiteachas don tréimhse 2021-N ach chun críocha léiriúcháin. Beidh an tionchar airgeadais ar bhuiséad an Aontais tar éis 2020 san áireamh le tograí an Choimisiúin don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile.

(1)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comh-infheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) IO L 302, 17.11.2009, lch. 32.
(2)    Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, IO L 174 1.7.2011, lch. 1.
(3)

   Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Clár Oibre an Choimisiúin 2018 Clár oibre d’Eoraip níos aontaithe, níos láidre agus níos daonlathaí (COM(2017)650 final).

(4)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a thógáil (COM(2015)468 final).
(5)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: an tAthbhreithniú Meántéarma ar Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil (COM(2017) 292 final).
(6)    Páipéar Uaine: Aontas Margaí Caipitil a Thógáil, COM(2015) 63 final.
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Glao ar Fhianaise — Creat rialála an Aontais do sheirbhísí airgeadais, COM(2016) 855 final.
(8)     https://ec.europa.eu/info/publications/consultation-cross-border-distribution-investment-funds_ga .
(9)    Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).
(10)    Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch 18).
(11)    Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lgh. 98-121).
(12)    Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lch. 8).
(13)    EFAMA, Eisiúint Staitistiúil Ráithiúil R2 2017.
(14)    Leabhar Fíricí 2017 EFAMA agus Leabhar Fíricí 2017 Institiúid Cuideachtaí Infheistíochta (ICI).
(15)    http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1507119651257&uri=CELEX:52014DC0903
(16)    Dírítear le tuilleadh tionscnamh ar éascú infheistíochtaí trasteorann freisin, e.g. comhairle faoi chaighdeáin reatha an Aontais maidir le láimhseáil infheistíochtaí trasteorann an Aontais agus réiteach cairdiúil ar dhíospóidí infheistíochta.
(17)    Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(18)     https://ec.europa.eu/info/publications/consultation-cross-border-distribution-investment-funds_en .
(19)    https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/initiatives/ares-2017-3132069_en.
(20)    Is soláthraí neamhspleách taighde agus sonraí é Morningstar.
(21)    Tuairim an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála SEC(2018)129 final.
(22)    An tuarascáil ar an Measúnú Tionchair agus an Achoimre Feidhmiúcháin SWD(2018)54 final agus SWD(2018)55 final.
(23)    IO C , , lch .
(24)    Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch 1).
(25)    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais i gcomhair comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch 32).
(26)    Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch 84).
(27)    Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch 1).
(28)    Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch 18).
(29)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch 1).
(30)    Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch 1).
(31)    Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad le haghaidh trádála ar mhargadh rialáilte, agus lena naisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch 12).
(32)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(33)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx .
(34)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(35)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. .
(36)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is infheidhme, iarrthóirí féideartha ó na Balcáin Thiar.
(37)    Féach an Iarscríbhinn le haghaidh sonraí breise.
(38)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(39)    Ní thugtar an caiteachas don tréimhse 2021-N ach chun críocha léiriúcháin. Beidh an tionchar airgeadais ar Bhuiséad an Aontais tar éis 2020 san áireamh le tograí an Choimisiúin don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile.
(40)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(41)    Ní thugtar an caiteachas don tréimhse 2021-N ach chun críocha léiriúcháin. Beidh an tionchar airgeadais ar bhuiséad an Aontais tar éis 2020 san áireamh le tograí an Choimisiúin don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile.
(42)    Ní thugtar an caiteachas don tréimhse 2021-N ach chun críocha léiriúcháin. Beidh an tionchar airgeadais ar Bhuiséad an Aontais tar éis 2020 san áireamh le tograí an Choimisiúin don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile.
(43)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn arna maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(44)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha…’.
(45)    Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(46)    Ní thugtar an caiteachas don tréimhse 2021-N ach chun críocha léiriúcháin. Beidh an tionchar airgeadais a bheidh aige ar Bhuiséad an Aontais tar éis 2020 san áireamh le tograí an Choimisiúin don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile.
(47)    CA = Ball foirne ar Conradh; LA= Ball foirne Áitiúil; SNE= Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dToscaireacht. .
(48)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(49)    Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go príomha.
(50)    Féach Airteagal 11 agus Airteagal 17 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020.
(51)    Ní thugtar an caiteachas don tréimhse 2021-N ach chun críocha léiriúcháin. Beidh an tionchar airgeadais ar bhuiséad an Aontais tar éis 2020 san áireamh le tograí an Choimisiúin don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile.
(52)    Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna arna lua a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top