EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52013PC0751

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena gcuirtear in oiriúint d'Airteagal 290 agus d'Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh roinnt gníomhartha dlíthiúla lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú

/* COM/2013/0751 final - 2013/0365 (COD) */

52013PC0751

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena gcuirtear in oiriúint d'Airteagal 290 agus d'Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh roinnt gníomhartha dlíthiúla lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú /* COM/2013/0751 final - 2013/0365 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

De thoradh an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear in oiriúint d'Airteagal 290 CFAE roinnt gníomhartha dlíthiúla a dhéanann foráil maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a úsáid (COM(2013)451) agus an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear in oiriúint d'Airteagal 290 CFAE roinnt gníomhartha dlíthiúla i réimse an cheartais a dhéanann foráil maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú (COM(2013)452), baineann an togra seo le hailíniú na ngníomhartha bunúsacha eile a thagraíonn don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú.

Rinne an Coimisiún scrúdú cúramach ar gach ionstraim reachtach a bhfuil tagairt inti fós don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú d'fhonn anailís a dhéanamh chun a chinneadh an gcomhlíonann na bearta nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú critéir an CFAE. Léirigh an anailís nach dtagann na bearta uile faoi raon feidhme Airteagal 290 CFAE. Dá bhrí sin, i gcás ina gcomhlíonann na bearta sin critéir Airteagal 291 CFAE, tá sé beartaithe cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh. I gcás nach bhfuil na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún i gcomhréir leis an gConradh, tá sé beartaithe na forálacha atá i gceist a scriosadh.

2.           MODH AN OIRIÚNAITHE

Is cosúil an cur chuige sa togra seo agus cur chuige na dtograí roimhe seo (COM(2013)451) agus COM(2013)452. Dá réir sin, déantar foráil sa chreat rialachán seo go dtabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcás ina ndéanann gníomhartha dlíthiúla atá liostaithe in Iarscríbhinn I foráil maidir le húsáid Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[1] ('an Cinneadh Coisteolaíochta'), agus i gcás gníomhartha dlíthiúla a dhéanann foráil maidir le húsáid Airteagal 5a den Chinneadh Coisteolaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn II, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.

I gcás ina bhfuil liosta cumhachtuithe i bhforáil amháin ar cumhachtuithe éagsúla iad, i bhfianaise chritéir Airteagal 290 agus Airteagal 291 CFAE, (ar cumhachtuithe tarmligthe iad cuid acu, agus cumhachtuithe cur chun feidhme an chuid eile), tá sé molta an cumhachtú a dheighilt.

I gcás na mbeart atá liostaithe in Iarscríbhinn I, cuireann an togra an nós imeachta práinne i gcomhréir le hAirteagal 5a(6) den Chinneadh Coisteolaíochta in oiriúint don nós imeachta práinne le haghaidh gníomhartha tarmligthe (Airteagal 3 den togra).

I gcás na mbeart atá liostaithe in Iarscríbhinn II, cuireann an togra an nós imeachta práinne i gcomhréir le hAirteagal 5a(6) den Chinneadh Coisteolaíochta in oiriúint don nós imeachta maidir le gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach faoi Airteagal 8 de Rialachán 182/2011[2] ('an Rialachán Coisteolaíochta') (Airteagal 4(2) den togra).

Ní dhéanfaidh an cur in oiriúint do chóras na ngníomhartha tarmligthe agus do chóras na ngníomhartha cur chun feidhme difear do nósanna imeachta ar feitheamh ina bhfuil tuairim tugtha ag coiste cheana féin i gcomhréir leis an gCinneadh Coisteolaíochta.

Tá liosta de na bunghníomhartha atá curtha in oiriúint do chóras na ngníomhartha tarmligthe liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an togra. Tá liosta de na bunghníomhartha atá curtha in oiriúint do chóras na ngníomhartha cur chun feidhm liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an togra. In Iarscríbhinn III tá leasuithe ar na bunghníomhartha a bhfuil a bhforálacha scriosta. Tá na liostaí eagraithe de réir réimsí beartais agus in ord croineolaíoch de réir ghlacadh na n‑ionstraimí.

3.           LIOSTA NA MBUNGHNÍOMHARHTA ATÁ FAOI RÉIR ATHBHREITHNITHE AR LEITH

Ní áirítear sa togra seo, ná sa dá thogra ailínithe a tháinig roimhe seo, na hionstraimí atá liostaithe thíos a dhéanann tagairt don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a bhfuil athbhreithniú suntasach ar leith beartaithe dóibh. Beidh ailíniú na n-ionstraimí sin mar chuid de na hathbhreithnithe beartaithe sin.

Réimse || Ionstraim

AGRI ||               Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle

ESTAT ||               Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle

ESTAT ||               Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le trádáil earraí idir na Ballstáit agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh 3330/91 ón gComhairle

ESTAT ||               Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le staidreamh i dtaca le hiompar d'iarnród

HOME ||               Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí

MARKT ||               Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoracha 97/7/CE, 2002/65/CE, 2005/60/CE agus 2006/48 agus lena leasaítear Treoir 97/5/CE

OLAF ||               Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair custaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart

SANCO ||               Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch agus lena leasaítear Treoir 91/414/CE ón gComhairle

SANCO ||               Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí míochaine tréidliachta

2013/0365 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena gcuirtear in oiriúint d'Airteagal 290 agus d'Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh roinnt gníomhartha dlíthiúla lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 43(2), 53(1), 62, 100(2), 114, 168(4)(a), 168(4)(b), 172, 192(1), 207, 214(3) agus 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[3],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[4],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Tugadh isteach le Conradh Liospóin idirdhealú soiléir idir na cumhachtaí atá tarmligthe chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú (gníomhartha tarmligthe), ar thaobh amháin, agus na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún chun coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh, ar an taobh eile.

(2)       Na bearta is féidir a chumhdach le tarmligean na gcumhachtaí, dá dtagraítear in Airteagal 290(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, comhfhreagraíonn siad i bprionsabal dóibh sin atá cumhdaithe ag an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a bunaíodh le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle[5].

(3)       Is gá roinnt gníomhartha dlíthiúla atá i bhfeidhm cheana lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus a chomhlíonann critéir Airteagal 290(1) CFAE a chur in oiriúint d'Airteagal 290 CFAE.

(4)       Agus an Coimisiún ag ullmhú gníomhartha tarmligthe ar bhonn na ngníomhartha dlíthiúla arna gcur in oiriúint don Rialachán seo, tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaidh sé chomhairliúcháin oiriúnacha, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(5)       Is gá roinnt gníomhartha dlíthiúla atá i bhfeidhm cheana, lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus a chomhlíonann critéir Airteagal 291(2) CFAE a chur in oiriúint d'Airteagal 291 CFAE.

(6)       Nuair a dhéanfar cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún, ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.[6].

(7)       Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá freisin leasú a dhéanamh ar roinnt gníomhartha dlíthiúla atá i bhfeidhm cheana lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú trí roinnt bhearta atá cumhdaithe ag an nós imeachta sin.

(8)       Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do nósanna imeachta atá ar feitheamh agus inar thug an coiste tuairim cheana i gcomhréir le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(9)       Ós rud é gur le nósanna imeachta amháin a bhaineann na hoiriúnuithe agus na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo, ní gá, i gcás treoracha, go ndéanfaidh na Ballstáit iad a thrasuíomh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1. I gcás ina bhfuil foráil sna forálacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 5a(1) go (5) de Chinneadh 1999/468/CE, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo.

2. I gcás ina bhfuil foráil sna forálacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I maidir le húsáid an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 3 den Rialachán seo.

Airteagal 2

1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar feadh tréimhse neamhchinntithe.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna sonrú sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe i bhfeidhm ach amháin mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

6. I gcás ina bhforáiltear sna forálacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo go ndéanfar an teorainn ama atá leagtha síos in Airteagal 5a(3)(c) de Chinneadh 1999/468/CE a chiorrú de bhun Airteagal 5a(5)(b) den Chinneadh sin, socrófar gur mí amháin a bheidh sna tréimhsí atá leagtha síos i mír 5 den Airteagal seo.

Airteagal 3

1. Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Luafar na cúiseanna ar úsáideadh an nós imeachta práinne san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 2(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gCinneadh chun agóid a dhéanamh.

Airteagal 4

1. I gcás ina bhfuil foráil sna forálacha atá liostaithe in Iarscríbhinn II maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 5a(1) go (5) de Chinneadh 1999/468/CE, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina bhfuil foráil sna forálacha atá liostaithe in Iarscríbhinn II maidir le húsáid an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 i gcomhcheangal le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 5

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 97/70/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 6

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do nósanna imeachta atá ar feitheamh agus inar thug coiste tuairim cheana i gcomhréir le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 7

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Forálacha gníomhartha dlíthiúla ina bhfuil tagairt don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE atá curtha in oiriúint do chóras na ngníomhartha tarmligthe[7].

A. Líonraí Cumarsáide, Inneachar agus Teicneolaíocht

1.           Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Aibreán 2002 maidir leis an bhFearann Barrleibhéil .eu a chur chun feidhme

Airteagal 3(1)a**

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(2)

2.           Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí leictreonacha cumarsáide (Treoir um Sheirbhís Uilíoch)

Airteagal 35

3.           Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat coiteann rialála le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Creat-Treoir )

Airteagal 13a(4)

B. Bearta i ndáil leis an aeráid

4.           Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát a gcuid astaíochtaí gás cheaptha teasa a laghdú d'fhonn gealltanais an Chomhphobail suas go dtí 2020 a chomhlíonadh i ndáil le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú

Airteagal 3(6)

Airteagal 11(3)

5.           Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle

Airteagal 3d(3)

Airteagal 3f(9)

Airteagal 10(4)

Airteagal 10a(1)

Airteagal 10a(7)

Airteagal 10a(8)

Airteagal 10a(13)

Airteagal 11a(9)

Airteagal 11b(7)

Airteagal 14(1)

An cúigiú mír d'Airteagal 15

Airteagal 19(3)

Airteagal 22

Airteagal 24(1)b

Airteagal 24(3)

Airteagal 24a(1)

Airteagal 24a(2)

Airteagal 25(2)

Airteagal 25a(1)

Iarscríbhinn IV Cuid A

C. Fuinneamh

6.           Treoir 2008/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le nós imeachta Comhphobail chun trédhearcacht praghsanna gáis agus leictreachais a ghearrtar ar an úsáideoir deiridh tionsclaíoch

Airteagal 6

D. Fiontar agus Tionscal

7.           Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí

Airteagal 5(3)

Airteagal 8

Airteagal 14(2)

Airteagal 14(3)

8.           Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (athmhúnlú)

Airteagal 8(1)a

E. Comhshaol

9.           Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE

Airteagal 6(7)

Airteagal 8(2)

Airteagal 15

10.         Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún

Airteagal 17(3)

Airteagal 48(2)

F. Staidreamh

11.         Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le staidreamh ráithiúil ar fholúntais sa Chomhphobal

Airteagal 2(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(3)

12.         Rialachán (CE) Uimh. 177/2008 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 lena mbunaítear creat coiteann do chláir ghnó chun críocha staidrimh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2186/93 ón gComhairle

Airteagal 3(6)

Airteagal 5(2)

Airteagal‑6(3) maidir le 'bearta a bhaineann le caighdeáin choiteanna cáilíochta' a ghlacadh i gcomhcheangal le hAirteagal15(1)(c) maidir le 'caighdeáin choiteanna cáilíochta'

Airteagal 8(3)

Airteagal 15(1)

13.         Rialachán (CE) Uimh. 716/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le struchtúr agus le gníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche

Airteagal 5(4)

Airteagal 6(3) maidir le 'caighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta' a ghlacadh i gcomhcheangal le hAirteagal 9(2)(a)

Airteagal 9(2)(b)

Airteagal 9(2)(c) maidir le sainmhíniú ar 'chaighdeáin chomhchoiteanna cáilíochta iomchuí'

14.         Rialachán (CE) Uimh. 1445/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna le haghaidh faisnéis bhunúsach a sholáthar maidir le Paireachtaí Cumhachta Ceannaigh agus le haghaidh na Paireachtaí sin a ríomh agus a scaipeadh

Airteagal 7(4) maidir le 'critéir chomhchoiteanna ar a mbeidh an rialú cáilíochta bunaithe' a ghlacadh i gcomhcheangal le hAirteagal 12(3)(c) i ndáil leis an sainmhíniú ar 'chritéir cháilíochta'

Airteagal 12(3)

15.         Rialachán (CE) Uimh. 1552/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le staidreamh i ndáil le gairmoiliúint i bhfiontair

Airteagal 5(2)

Airteagal 7(3)

Airteagal 8(2)

Airteagal 9(4) maidir le 'ceanglais cháilíochta agus aon bhearta is gá chun an cháilíocht a mheas nó a fheabhsú' a ghlacadh

Airteagal 10(2)

Airteagal13

16.         Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch

Airteagal 4(3)(c) maidir le 'caighdeáin choiteanna cáilíochta' a ghlacadh

Airteagal 10

17.         Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2003 maidir le staidreamh Comhphobail ar dhálaí ioncaim agus maireachtála (EU-SILC)

Airteagal 6(2)

Airteagal 15(5) i gcomhcheangal le hAirteagal 15(2)(a) i ndáil le sainmhíniú ar liosta na bpríomh-spriocathróg atá le háireamh i ngach réimse don chomhpháirt thrasghearrthach agus ar liosta na spriocathróg arna n-áireamh san fhad-chomhpháirt, lena n-áirítear sonrú cód athraitheach

Airteagal 15(5) i gcomhcheangal le hAirteagal 15(2)(c)

Airteagal 15(5) i gcomhcheangal le hAirteagal 15(2)(e)

Airteagal 15(5) i gcomhcheangal le hAirteagal 15(2)(f)

18.         Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le hinnéacs na gcostas saothair

Airteagal 2(4)

Airteagal 3(2)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 8(1)

Airteagal 11(a)

Airteagal 11(b)

Airteagal 11(d)

Airteagal 11(e)

Airteagal 11(f) maidir le 'critéir cháilíochta ar leith do na sonraí reatha agus na sonraí siarghabhálacha' a ghlacadh

Airteagal 11 (i)

Iarscríbhinn pointe 3

19.         Rialachán (CE) Uimh. 437/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le tuairisceáin staidrimh i leith paisinéirí, earraí agus post a iompar d’aer

Airteagal 5

Airteagal 7(2)

Airteagal 10(2)

20.         Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2002 maidir le staidreamh dramhaíola

Airteagal 1(5)

Airteagal 3(1)

Airteagal 4(3)

Airteagal 5(4)

Airteagal 6(2)(a)

Airteagal 6(2)(b)

Airteagal 6(2)(c) maidir le sainmhíniú ar 'na caighdeáin choiteanna meastóireachta chuí'

Airteagal 6(2)(d)

Airteagal 8(3)

Pointe 1 de roinn 7 d'Iarscríbhinn I

Pointe 1 de roinn 7 d'Iarscríbhinn II

G. An Margadh Inmheánach agus Seirbhísí

21.         Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh, leanúint den ghnó sin agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2000/46/CE

Airteagal 14(1)

22.         Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha poiblí, soláthair phoiblí agus seirbhíse poiblí ag údaráis nó eintitis chonarthacha i réimse na cosanta nó na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoir 2004/17/CE agus Treoir 2004/18/CE

Airteagal 68(1)***

Airteagal 69(2)***

H. Soghluaiseacht agus Iompar

23.         Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d'eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge

Airteagal 13

Airteagal 14(1)

Airteagal 14(2)

24.         Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha sabháilteachta agus caighdeáin le haghaidh long paisinéirí (athmhúnlú)

Airteagal 10(3)

25.         Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafort a fheabhsú

Airteagal 10(2)**

26.         Treoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir le saoráidí glactha calafoirt le haghaidh dramhaíola long-ghinte agus iarmhar lastais

Airteagal 15

27.         Treoir 97/70/CE ón gComhairle an 11 Nollaig 1997 lena mbunaítear córas comhchuibhithe sábháilteachta le haghaidh soithí iascaireachta 24 méadar nó níos mó ar fhad

Airteagal 8(b)

I. Sláinte agus Tomhaltóirí

28.         Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha

Airteagal 2(3)

Airteagal 13(8)

Airteagal 14(2)

Airteagal 15(1)

Airteagal 15(2)**

Airteagal 16(8)

Airteagal 16(9)**

Airteagal 20(2)

Airteagal 31(1)

Airteagal 31(2)

Airteagal 31(3)

29.         Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle

An abairt dheireanach d'Airteagal 8(4) i gcomhcheangal le hAirteagal 78(1)(b)

Airteagal 25(3) i gcomhcheangal le hAirteagal 78(1)(e)

Airteagal 26 i gcomhcheangal le hAirteagal 78(1)(f)

Airteagal 27(2) i gcomhcheangal le hAirteagal 78(1)(h)

An dara habairt den chéad fhomhír d'Airteagal 29(6) i gcomhcheangal le hAirteagal 78(1)(c)

Airteagal 30(3) i gcomhcheangal le hAirteagal 78(1)(i)

An fhomhír dheireanach d'Airteagal 52(4) i gcomhcheangal le hAirteagal 78(1)(j)

Airteagal 54(5) i gcomhcheangal le hAirteagal 78(1)(k)

Airteagal 58(2) i gcomhcheangal le hAirteagal 78(1)(l)

Airteagal 65(1) i gcomhcheangal le hAirteagal 78(1)(m)

An tríú fomhír d'Airteagal 68 i gcomhcheangal le hAirteagal 78(1)(n)

Airteagal 78(1)(a)

Iarscríbhinn II, pointe 3.6.5

30.         Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002

Airteagal 5(1)**

Airteagal 5(2)*

Airteagal 6(1)

Airteagal 6(2)*

Airteagal 7(4)

Airteagal 11(2)

Airteagal 15(1)

Airteagal 17(2)

Airteagal 18(3)

Airteagal 19(4)

Airteagal 20(11)

Airteagal 21(6)

Airteagal 27

Airteagal 31(2)

Airteagal 32(3)

Airteagal 40(a)

Airteagal 40(b)

Airteagal 40(f)

Airteagal 42(2)(a)

Airteagal 42(2)(b)

Airteagal 42(2)(c)

Airteagal 43(3)

Airteagal 48(7)(a)

Airteagal 48(7)(b)

Airteagal 48(7)(d)

Airteagal 48(8)

31.         Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 agus lena n‑aisghairtear Treoir 79/373/CEE ón gComhairle, Treoir 80/511/CEE ón gCoimisiún, Treoracha 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2004/217/CE ón gCoimisiún

Airteagal 6(2)**

Airteagal 17(4)

Airteagal 20(2)

Airteagal 27(1)

Airteagal 32(4)

32.         Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

Airteagal 13(2)

Airteagal 19(3)

Airteagal 24(4)

33.         Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE

Airteagal 8(2)**

Airteagal 22**

Airteagal 25(3)

34.         Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia

Airteagal 9(2)

Airteagal 24(3)*

Airteagal 30(1)*

Airteagal 30(2)*

Airteagal 30(3)*

Airteagal 30(5)

Airteagal 31*

35.         Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97

Airteagal 17(5)

36.         Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údarúcháin maidir le breiseáin bia, einsímí bia agus blastáin bia

Airteagal 7(4)

Airteagal 7(5)*

Airteagal 7(6)**

37.         Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur i mbianna

Airteagal 3(3)**

An dara fomhír d'Airteagal 4

Airteagal 5(1)

Airteagal 6(6)

Airteagal 7(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(5)**

38.         Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 an 20 Nollaig 2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le maímh i ndáil le cothú agus sláinte a dhéantar maidir le bianna

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(4)

Airteagal 3(d)

An chéad fhomhír d'Airteagal 4(1)

An séú fomhír d'Airteagal 4(1)

Airteagal 4(5)

Airteagal 8(2)

Airteagal 28(4)b

39.         Treoir 2004/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le caighdeáin cáilíochta agus sábháilteachta a leagan síos do dheonú, soláthar, tástáil, próiseáil, caomhnú, stóráil agus dáileadh fíochán agus ceall daonna

Airteagal 8(5)

Airteagal 28**

40.         Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus le beatha ghéinmhodhnaithe

Airteagal 12(4)

Airteagal 14(1) an tríú fleasc

Airteagal 24(4)

An séú fomhír d'Airteagal 32

Airteagal 47(3)

41.         Treoir 2002/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 lena leagtar síos caighdeáin cáilíochta agus sábháilteachta do bhailiú, tástáil, próiseáil, stóráil agus dáileadh fhuil agus chomhábhair fola an duine agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE

An chéad fhomhír d'Airteagal 29 **

An dara fomhír (a) d'Airteagal 29

An dara fomhír (b) d'Airteagal 29 **

An dara fomhír (c) d'Airteagal 29 **

An dara fomhír (d) d'Airteagal 29 **

An dara fomhír (e) d'Airteagal 29 **

An dara fomhír (f) d'Airteagal 29 **

An dara fomhír (g)d'Airteagal 29 **

An dara fomhír (h) d'Airteagal 29 **

42.         Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forlíontaí bia

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(5)**

Airteagal 5(4) maidir le 'iósmhéideanna vitimíní agus mianraí' a ghlacadh

43.         Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i mbeatha ainmhithe

Airteagal 7(2)**

Airteagal 8(1)**

An dara fleasc d'Airteagal 8(2)

IARSCRÍBHINN II

Forálacha gníomhartha dlíthiúla ina bhfuil tagairt don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE atá curtha in oiriúint do chóras na ngníomhartha cur chun feidhme[8].

A. Líonraí Cumarsáide, Inneachar agus Teicneolaíocht

1.           Cinneadh Uimh. 626/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2008 maidir le córais a sholáthraíonn seirbhísí satailíte soghluaiste a roghnú agus a údarú

Airteagal 9(3)*

2.           Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí leictreonacha cumarsáide (Treoir um Sheirbhís Uilíoch)

Airteagal 26(7)

Airteagal 27a(5)

3.           Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat coiteann rialála le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Creat-Treoir )

Airteagal 9b(3)

Airteagal 10(4)

Airteagal 15(4)

Airteagal 17(6)a

Airteagal 19(4)

C. Bearta i ndáil leis an Aeráid

4.           Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát a gcuid astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú d'fhonn gealltanais an Chomhphobail suas go dtí 2020 a chomhlíonadh i ndáil le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú

Airteagal 3(2)

5.           Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle

Airteagal 11a(8)

Airteagal 16(12)

C. Fiontar agus Tionscal

6.           Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (athmhúnlú)

Airteagal 8(1)(b) i gcomhcheangal le hAirteagal 9(3)

D. Comhshaol

7.           Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún

Airteagal 46(6)

E. Staidreamh

8.           Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le staidreamh ráithiúil ar fholúntais sa Chomhphobal

Airteagal 5(1)

9.           Rialachán (CE) Uimh. 177/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 lena mbunaítear creat coiteann do chláir ghnó chun críocha staidrimh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2186/93 ón gComhairle

Airteagal 6(3) maidir le 'hábhar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta' a ghlacadh i gcomhcheangal le hAirteagal 15(1)(c) maidir le 'hábhar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta'

10.         Rialachán (CE) Uimh. 716/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le struchtúr agus le gníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche

Airteagal 6(3) maidir le 'hábhar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta' a ghlacadh i gcomhcheangal le hAirteagal 9(2)(c) maidir leis an sainmhíniú ar 'ábhar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta'

11.         Rialachán (CE) Uimh. 1445/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna le haghaidh faisnéis bhunúsach a sholáthar maidir le Paireachtaí Cumhachta Ceannaigh agus le haghaidh na Paireachtaí sin a ríomh agus a scaipeadh

Airteagal 7(4) maidir le 'struchtúr na dtuarascálacha cáilíochta' a ghlacadh i gcomhcheangal le hAirteagal 12(3)(c) i ndáil leis an sainmhíniú ar 'struchtúr na dtuairiscí cáilíochta'

12.         Rialachán (CE) Uimh. 1552/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le staidreamh i ndáil le gairmoiliúint i bhfiontair

Airteagal 9(4) maidir le 'struchtúr na dtuarascálacha cáilíochta' a ghlacadh

13.         Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch

Airteagal 4(3) maidir le 'hábhar agus tréimhsiúlacht na dtuarascálacha cáilíochta' a ghlacadh

14.         Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 2003 maidir le staidreamh Comhphobail ar dhálaí ioncaim agus maireachtála (EU-SILC)

Airteagal 8(3)

Airteagal 15(5) i gcomhcheangal le hAirteagal 15(2)(a) maidir leis an sainmhíniú ar 'formáid theicniúil an tarchuir go Eurostat',

Airteagal 15(5) i gcomhcheangal le hAirteagal 15(2)(b)

Airteagal 15(5) i gcomhcheangal le hAirteagal 15(2)(d)

15.         Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le hinnéacs na gcostas saothair

Airteagal 8(2) i gcomhcheangal le hAirteagal 11(f) maidir le 'hábhar tuarascálacha cáilíochta' a ghlacadh

16.         Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2002 maidir le staidreamh dramhaíola

Airteagal 6(2) maidir le 'ábhar na dtuarascálacha cáilíochta' a ghlacadh

F. An Margadh Inmheánach agus Seirbhísí

17.         Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh, leanúint den ghnó sin agus, agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE

Airteagal 14(2)

G. Soghluaisteacht agus Iompar

18.         Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafort a fheabhsú

Airteagal 10(3)**

19.         Treoir 97/70/CE ón gComhairle an 11 Nollaig 1997 lena mbunaítear córas comhchuibhithe sábháilteachta le haghaidh soithí iascaireachta 24 méadar ar fhad nó níos mó

Airteagal 8(a) an chéad fhleasc

H. Sláinte agus Tomhaltóirí

20.         Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha

Airteagal 18(2)

21.         Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle

An dara fomhír d'Airteagal 17 i gcomhcheangal le Airteagal 78(1)(d)

Airteagal 29(4) i gcomhcheangal le hAirteagal 78(1)(g)

22.         Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002

Airteagal 40(c)

Airteagal 40(d)

Airteagal 40(e)

Airteagal 41(1)

Airteagal 41(3)

Airteagal 42(2)(d)

Airteagal 45(4)

Airteagal 48(7)(c)

23.         Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 agus lena n-aisghairtear Treoir 79/373/CEE ón gComhairle, Treoir 80/511/CEE ón gCoimisiún, Treoracha 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2004/217/CE ón gCoimisiún

Airteagal 7(2)

Airteagal 10(5)*

Airteagal 26(3)

24.         Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n‑iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

Airteagal 18**

25.         Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur i mbianna

Airteagal 6(1)

Airteagal 6(2)

26.         Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh i ndáil le cothú agus sláinte a dhéantar maidir le bianna

Airteagal 13(3)

Airteagal 13(4)

An chéad fhomhír d'Airteagal 17(3),

An dara fomhír (b) d'Airteagal 17(3)

An chéad fhomhír d'Airteagal 18(5)

An dara fomhír (b) d'Airteagal 18(5)(b)

Airteagal 28(6)(a)(ii)

27.         Treoir 2004/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta a leagan síos do dheonú, soláthar, tástáil, próiseáil, caomhnú, stóráil agus dáileadh fíochán agus ceall daonna

Airteagal 8(6)

Airteagal 9(4)

28.         Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus le beatha ghéinmhodhnaithe

Airteagal 3(2)

An chéad fhleasc d'Airteagal 14(1)

An dara fleasc d'Airteagal 14(1)

Airteagal 15(2)

Airteagal 26(1)

29.         Treoir 2002/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 lena leagtar síos caighdeáin cáilíochta agus sábháilteachta do bhailiú, tástáil, próiseáil, stóráil agus dáileadh fhuil agus chomhábhair fola an duine agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE

An dara fomhír (i) d'Airteagal 29

30.         Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forlíontaí bia

Airteagal 5(4) maidir le 'huasmhéideanna vitimíní agus mianraí' a ghlacadh

IARSCRÍBHINN III

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 97/70/EC ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle

A. TIMPEALLACHT

1) Scriostar an dara fomhír de mhír 5 d'Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 66/2010.

2) Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 mar seo a leanas:

(a) scriostar mír 4 d'Airteagal 16;

(b) scriostar mír 6 d'Airteagal 30.

B. Soghluaisteacht agus Iompar

3) Scriostar an dara fleasc de phointe a) d'Airteagal 8 de Threoir 97/70/CE.

C. Sláinte agus Tomhaltóirí

4) Scriostar an dara habairt de mhír 4 d'Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

5) Scriostar mír 3 d'Airteagal 12 de Threoir 2002/46/CE.

D. Cabhair Dhaonnúil

6) Scriostar mír 1 d'Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1257/96.

[1]               IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

[2]               Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún, IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[3]               IO C , , lch.

[4]               IO C , , lch.

[5]               Treoir 1999/468/EC ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún, IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

[6]               Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún, IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[7]               Mar eolas, cuirtear forálacha ina bhfuil tagairt don teorainn ama chiorraithe de bhun Airteagal 2(6) in iúl san Iarscríbhinn seo le *, cuirtear forálacha ina bhfuil tagairt don nós imeachta práinne de bhun Airteagal 3 in iúl le ** agus cuirtear forálacha ina bhfuil tagairt don nós imeachta práinne de bhun Airteagal 3 agus don teorainn ama chiorraithe de bhun Airteagal 2(6) in iúl san Iarscríbhinn seo le ***.

[8]               Mar eolas, cuirtear forálacha ina bhfuil tagairt don nós imeachta práinne de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 in iúl san Iarscríbhinn seo le **

Top