Šis dokuments ir izvilkums no tīmekļa vietnes EUR-Lex.
Dokuments 52013PC0173
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on the European Union Agency for Law Enforcement Cooperation and Training (Europol) and repealing Decisions 2009/371/JHA and 2005/681/JHA
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar agus Oiliúint na Seirbhísí Forfheidhmithe Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/371/CGB agus Cinneadh 2005/681/CGB
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar agus Oiliúint na Seirbhísí Forfheidhmithe Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/371/CGB agus Cinneadh 2005/681/CGB
/* COM/2013/0173 final - 2013/0091 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar agus Oiliúint na Seirbhísí Forfheidhmithe Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/371/CGB agus Cinneadh 2005/681/CGB /* COM/2013/0173 final - 2013/0091 (COD) */
MEABHRÁN
MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Cuireadh tús leis an Oifig Eorpach Póilíní
(Europol) mar chomhlacht idir-rialtasach arna rialú ag Coinbhinsiún a tugadh
chun críche idir na Ballstáit, a tháinig i bhfeidhm i 1999. De bhrí Chinneadh
Comhairle a glacadh i 2009, rinneadh gníomhaireacht AE arna chistiú ag buiséad
an AE de Europol. Is é ról Europol ná tacaíocht a chur ar fáil
do ghníomhaíocht seirbhísí náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí agus dá chomhar
lena chéile chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chosc agus
a chomhrac. Éascaíonn Europol malartú faisnéise idir gníomhaireachtaí na
mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí agus cuireann sé anailís choiriúil ar fáil
chun cabhrú le fórsaí póilíneachta imscrúduithe trasteorann a dhéanamh. Sonraítear in Airteagal 88 sa Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go ndéanfar Europol a rialú ag rialachán le
glacadh ag an ngnáthnós imeachta reachtach. Éilítear ann freisin go mbunódh na
comhreachtóirí nósanna imeachta um scrúdú ghníomhaíochtaí Europol ag Parlaimint
na hEorpa, i dteannta le Parlaimintí náisiúnta. Bunaíodh an Coláiste Eorpach Póilíneachta
(CEPOL) mar ghníomhaireacht AE i 2005, a bheadh i gceannas ar ghníomhaíochtaí i
ndáil le hoiliúint a chur ar oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí. Tá sé mar aidhm
aige comhar a éascú idir fórsaí póilíneachta náisiúnta trí chúrsaí a eagrú a
bhfuil gné póilíneachta Eorpaí ag baint leo. Sainíonn sé comhchuraclaim ar
ábhair shonracha, scaipeann sé taighde ábhartha agus dea-chleachtas,
comhordaíonn sé clár malairte um póilíní sinsearacha agus oiliúnóirí agus
féadfaidh sé gníomhú mar chomhpháirtí i ndeontais AE le haghaidh tionscadal
sonrach. I gClár Stócólm”– Eoraip a bheidh
oscailte agus slán, a fhónfaidh do na saoránaigh agus a chosnóidh iad"[1], d’iarr an Chomhairle
Eorpach ar Europol forbairt a dhéanamh agus "bheith ina mhol maidir le
malartú faisnéise idir údaráis na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí, ina
sholáthraí seirbhíse agus ina chlár le haghaidh seirbhísí um fhorfheidhmiú an
dlí ", agus d’iarr sí go mbunófaí scéimeanna oiliúna agus cláir mhalairte
Eorpacha le haghaidh gach gairmí ábhartha um fhorfheidhmiú an dlí ar leibhéal
náisiúnta agus AE, agus ról lárnach ag CEPOL maidir leis an ngné Eorpach a
áirithiú. Ina Chumarsáid '‘The EU
Internal Security Strategy in Action: Five steps towards a
more secure Europe’[2], d’aithin an Coimisiún dúshláin, prionsabail agus treoirlínte lárnacha
um dhéileáil le saincheisteanna slándála laistigh den AE, agus mhol sé roinnt
gníomhartha a mbeadh baint ag Europol agus CEPOL leo chun dul i ngleic leis an
mbaol don tslándáil a bhaineann le coireacht thromchúiseach agus
sceimhlitheoireacht. Le deich mbliana anuas tháinig méadú san AE ar
choireacht thromchúiseach agus ar choireacht
eagraithe, mar gháinneáil ar dhaoine, agus d’éirigh an choireacht éagsúil ó
thaobh foirme.[3]
Faightear i measúnú bagartha Europol i 2013 ar choireacht thromchúiseach agus ar
choireacht eagraithe san AE (SOCTA 2013) “gur feiniméan í an coireacht
thromchúiseach eagraithe atá ag éirí níos casta agus níos dinimiciúla de réir
a chéile agus go bhfuil sé fós mar bhagairt mhór do shábháilteacht agus rath an
AE”[4]. Tugtar faoi deara sa
staidéar freisin “mar thoradh ar éifeachtaí an domhandaithe sa tsochaí agus sa
ghnó go bhfuil éascaíocht déanta ar theacht chun cinn éagsúlachtaí nua sa
ghníomhaíocht choiriúil, ina mbaineann grúpaí coiriúla leas as bealaí éalaithe,
as an idirlíon agus as coinníollacha a bhaineann leis an géarchéim
eacnamaíochta chun brabúis a neamhdhleathacha a ghiniúint ar riosca íseal”.[5] Úsáidtear an
t-idirlíon chun gníomhaíochtaí coiriúla a eagrú agus a dhéanamh, feidhmíonn sé
mar uirlis chumarsáide, mar mhargadh, mar áit earcaíochta agus mar sheirbhís
airgeadais. Freisin éascaíonn sé cineálacha nua de chibearchoireacht, de
chalaois cártaí íocaíochta, chomh maith le scaipeadh ábhair a bhaineann le
mí-úsáid gnéasach leanaí.[6]
Mar sin déanann cionta coireachta
tromchúisí díobháil throm d’íospartaigh, déanann siad
dochar ar scála mór don gheilleagar agus baineann siad an bonn ón mothú
sábháilteachta nach féidir daoine a gcuid saoirse agus ceart aonair a fheidhmiú
go héifeachtach gan é. Ní hamháin go gcuireann coireanna ar nós gáinneála ar
dhaoine,[7]
i ndrugaí neamhdhleathacha[8],
agus in airm thine[9],
coireanna airgeadais mar éilliú[10],
chalaois[11]
agus sciúradh airgid[12]
agus chibearchoireacht[13]
bagairt roimh shábháilteacht phearsanta agus eacnamaíochta daoine a bhfuil
cónaí orthu san Eoraip, gineann siad brabúis mhóra choiriúla a neartaíonn
cumhacht líonraí coiriúla agus a thógann ioncam a bhfuil géarghá leis ó údaráis
phoiblí. Tá sceimhlitheoireacht fós mar bhagairt mhór do shlándáil an AE[14], toisc go bhfuil
sochaithe san Eoraip fós leochaileach d’ionsaithe sceimhlitheora. Tá coireacht fós ar cheann de chúig
phríomhábhar imní shaoránaigh an AE.[15]
Nuair a iarradh orthu cén saincheisteanna ar cheart d’institiúidí an AE díriú
orthu, luadh an comhrac i gcoinne coireachta sa cheathrú háit.[16] Fuarthas i suirbhé
deireanach gur chuir an chuid is mó d’úsáideoirí an idirlín san AE in iúl go
raibh an-imní orthu faoi chibearshlándáil agus chibearchoireacht.[17] Sa chomhthéacs sin teastaíonn gníomhaireachtaí
AE chun tacaíocht a thabhairt ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil do
chomhar, do roinnt faisnéise agus d’oiliúint maidir le forfheidhmiú an dlí . Sa Chur Chuige Coiteann i dtreo
ghníomhaireachtaí díláraithe an AE ar thacaigh Parlaimint na hEorpa, an
Chomhairle agus an Coimisiún leis in Iúil 2012[18]
tá prionsabail leagtha amach um shocruithe rialachais gníomhaireachtaí mar
Europol agus CEPOL. Tugtar an méid seo a leanas faoi deara sa Chur Chuige
Coiteann: "merging agencies should be considered in cases where their
respective tasks are overlapping, where synergies can be contemplated or when
agencies would be more efficient if inserted in a bigger structure". Dá ndéanfaí Europol agus CEPOL a chumasc in
aon ghníomhaireacht amháin, a bheadh suite i gceanncheathrú reatha Europol sa
Háig, , chruthófaí sineirgí tábhachtacha agus gnóthachain éifeachtachta. Dá
gcuirfí le chéile fios gnó Europol i leith chomhar oibriúcháin póilíní agus
saineolas oideachais CEPOL neartófaí na naisc agus chruthófaí sineirgí idir an
dá réimse. Chabhródh teagmháil idir na baill foirne oibriúcháin agus oiliúna a
bheadh ag obair in aon ghníomhaireacht amháin le riachtanais oiliúna a aithint,
ar an mbealach sin dhéanfaí ábharthacht agus díriú oiliúint an AE a mhéadú,
agus bhainfeadh comhar póilíní an AE ar an iomlán leas as. Bheifí in ann
dúbláil feidhmeanna tacaíochta sa dá ghníomhaireacht a sheachaint, agus
d’fhéadfaí coigiltis dá bharr sin a ath-imlonnú agus a infheistiú i
bhfeidhmeanna lárnacha oibriúcháin agus oiliúna. Tá sé sin tábhachtach go
háirithe i bhfianaise an gheilleagair, nuair a bhíonn acmhainní náisiúnta agus
an AE tearc agus nuair a d’fhéadfadh nach mbeadh acmhainní chun oiliúint an AE
ar fhorfheidhmiú an dlí a neartú ar fáil murach sin. Mar sin déantar foráil sa togra seo um
rialachán le haghaidh creat dlí nua le haghaidh Europol nua a thiocfaidh i
ndiaidh agus a rachaidh in ionad Europol mar a bunaíodh ag Cinneadh
2009/371/CGB an 6 Aibreán 2009 ón gComhairle lenar bunaíodh an Oifig Eorpach
Póilíní (Europol), agus CEPOL mar a bunaíodh ag Cinneadh 2005/681/CGB ón
gComhairle lenar bunaíodh an Coláiste Eorpach Póilíneachta (CEPOL). Tá an togra ag teacht le ceanglais Chonradh
Liospóin, le hionchais Chlár Stócólm, leis na tosaíochtaí atá leagtha amach sa
Straitéis Slándála Inmheánaí i nGníomh, agus sa Chur Chuige Coiteann i dtreo
ghníomhaireachtaí díláraithe an AE. 2. TORADH NA GCOMHAIRLIÚCHÁN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR Reáchtáladh agallaimh faoi ullmhú an leasaithe
ar Europol, CEPOL agus ar oiliúint an AE ar fhorfheidhmiú an dlí i 2010 agus
2011 idir an Coimisiún agus ionadaithe Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle an
Aontais Eorpaigh agus Bord Bainistíochta Europol agus Comhlacht Rialaitheach
CEPOL, chomh maith le hionadaithe Parlaimintí náisiúnta. De réir a bheartais um “Rialáil Níos Fearr”,
rinne an Coimisiún dhá mheasúnú tionchair ar roghanna eile beartais i ndáil le
Europol agus CEPOL.[19] Bhí an measúnú tionchair ar Europol bunaithe
ar an dá chuspóir beartais mar a bhí soláthar faisnéise do Europol ag na
Ballstáit a mhéadú agus timpeallacht um próiseáil sonraí a shocrú a cheadaíonn
do Europol cabhrú go hiomlán leis na Ballstáit coireacht thromchúiseach agus
sceimhlitheoireacht a chosc. Maidir leis an gcéad chuspóir, rinneadh measúnú ar
dhá rogha beartais: (i) oibleagáid dlí Ballstát chun sonraí a chur ar fáil do
Europol a shoiléiriú, ag foráil do dhreasachtaí agus sásra tuairiscithe ar
fheidhmíocht Ballstát aonair, agus (ii) rochtain a dheonú do Europol ar
bhunachair sonraí náisiúnta ábhartha ar fhorfheidhmiú an dlí ar bhonn
braite/neamhbhraite. Maidir leis an gcuspóir beartais ar thimpeallacht um
próiseáil sonraí, rinneadh measúnú ar dhá rogha beartais: (i) an dá Chomhad
Anailíse Oibre reatha a chumasc in aon chomhad amháin agus (ii) timpeallacht
próiseála nua chun cosaintí nós imeachta a shocrú chun prionsabail um chosaint
sonraí a chur i bhfeidhm agus béim faoi leith ar ‘phríobháideacht de réir
deartha’. Bhí an measúnú tionchair ar CEPOL bunaithe ar
an dá chuspóir beartais mar a bhí (i) cáilíocht níos fearr a áirithiú, oiliúint
níos ceangailte agus níos comhsheasmhaí le haghaidh raoin níos leithne
d’oifigigh fhorfheidhmithe i saincheisteanna coireachta trasteorann (ii) creat
a bhunú chun é sin a bhaint amach de réir an Chuir Chuige Choitinn ar
ghníomhaireachtaí díláraithe an AE. I bhfianaise chur i láthair Scéim Oiliúna
ar Fhorfheidhmiú an Dlí, a mbeidh sé riachtanach acmhainní breise a chur i
bhfeidhm lena haghaidh, scrúdaigh an Coimisiún roghanna éagsúla lenar áiríodh
CEPOL a neartú agus a shruthlíniú mar ghníomhaireacht ar leithligh agus
feidhmeanna CEPOL agus Europol a chumasc, go páirteach nó go hiomlán, i
ngníomhaireacht Europol nua. Dar le modheolaíocht bhunaithe an Choimisiúin,
rinneadh measúnú ar gach rogha beartais, le cabhair ó choiste stiúrtha
idirseirbhíse, de réir a thionchair ar shlándáil, ar na costais (lenar áiríodh
buiséad institiúidí an AE) agus a thionchar ar chearta bunúsacha. Mar thoradh ar an anailís ar an tionchar
iomlán forbraíodh an rogha beartais ab fhearr atá cuimsithe sa togra reatha.
Dar leis an measúnú, nuair a chuirfear i bhfeidhm é beidh Europol níos
éifeachtaí mar ghníomhaireacht a chuirfidh tacaíocht chuimsitheach ar fáil
d’oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí san Aontas Eorpach. 3. GNÉITHE DLÍ AN TOGRA Is iad Airteagal 88 agus Airteagal 87 (2)(b)
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá mar bhoinn dlí don togra. Cuspóir agus ábhar an togra reachtaigh Tá sé mar aidhm ag an togra seo: ·
Europol a ailíniú le ceanglais Chonradh Liospóin
trí chreat reachtach Europol a bhunú sa rialachán agus sásra a thabhairt
isteach chun gníomhaíochtaí Europol a rialú ag Parlaimint na hEorpa, i dteannta
leis naParlaimintí náisiúnta. Ar an mbealach sin chuirfí feabhas ar
dhlisteanacht dhaonlathach agus chuntasacht Europol don saoránach Eorpach. ·
Cuspóir Chlár Stócólm a chomhlíonadh trí “mol um
malartú faisnéise idir gníomhaireachtaí na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí“
" a dhéanamh as Europol agus scéimeanna oiliúna agus cláir malairte
Eorpacha a bhunú le haghaidh gach gairmí um fhorfheidhmiú an dlí ar leibhéal
náisiúnta agus an AE. ·
Freagrachtaí nua a leagan ar Europol ionas go
bhféadann sé tacaíocht níos cuimsithí a thabhairt do ghníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú
an dlí sna Ballstáit. Áirítear leis sin dul i gceannas chúraimí reathaCEPOL i
réimse na hoiliúna d’oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí ag Europol agus Scéim
Oiliúna ar Fhorfheidhmiú an Dlí a fhorbairt. I gceist leis sin freisin tá an
deis do Europol forbairta dhéanamh ar ionaid saineolais an AE um chineálacha
áirithe coireachta a chomhrac a thagann faoi chuspóirí Europol, Lárionad
Cibearchoireachta na hEorpa go háirithe. ·
Córas daingean um chosaint sonraí do Europol a
áirithiú, go háirithe chun a áirithiú go bhfuil neamhspleáchas iomlán ag
maoirseoir Europol um chosaint sonraí, go bhféadann sé gníomhú go héifeachtach
agus go bhfuil leordhóthain cumhachtaí idirghabhála aige nó aici. ·
Rialachas Europol a fheabhsú, trí héifeachtacht
fheabhsaithe a lorg agus é a ailíniú leis na prionsabail atá leagtha síos sa
Chur Chuige Coiteann ar ghníomhaireachtaí díláraithe an AE. Seo a leanas an bealach ina mbaineann an togra
amach na haidhmeanna sin: 1. Europol a ailíniú le ceanglais Chonradh
Liospóin, a chuid cuntasachta a mhéadú Leis an rialachán sin cinntítear go bhfuil
gníomhaíochtaí Europol faoi réir scrúdaithe ag ionadaithe shaoránaigh an AE
arna dtoghadh go daonlathach. Tá na rialacha sonracha ar scrúdú ar aon dul
leCumarsáid 2010 an Choimisiúin ar na nósanna imeachta um scrúdú
ghníomhaíochtaí Europol ag Parlaimint na hEorpa, i dteannta le Parlaimintí
náisiúnta[20]. Maidir le Parlaimint na hEorpa agus na
Parlaimintí náisiúnta go háirithe: ·
faigheann siad faisnéis trí thuarascálacha
gníomhaíochta bliantúil agus chuntais dheireanacha gach bliain. ·
faigheann siad measúnuithe bagartha faisnéise,
anailísí straitéiseacha agus tuarascálacha ginearálta suímh maidir le cuspóir
Europol chomh maith le torthaí staidéar agus measúnachtaí arna gcoimisiúnú ag
Europol, socruithe oibre ar aontaíodh orthu le húdaráis tríú tíortha chun
comhaontuithe idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm a thug an tAontas Eorpach chun
críche leis an tríú tír sin; ·
faigheann siad mar fhaisnéis an clár oibre
ilbhliantúil agus bliantúil mar a glacadh leo; ·
faigheann siad tuarascálacha ar mhéid agus
cháilíocht na faisnéise arna cur ar fáil ag gach Ballstát do Europol agus ar
fheidhmíocht a Aonaid Náisiúnta; ·
féadfaidh siad ábhair maidir le Europol a phlé
leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus le Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta
– agus oibleagáidí na discréide agus na rúndachta á dtógáil san áireamh - Ina theannta sin seo a leanas a dhéanann
Parlaimint na hEorpa: ·
comhlíonann sí feidhmeanna an údaráis bhuiséadaigh,
go háirithe: faigheann sí ráitis faoi mheastacháin, faigheann sí an tuarascáil
ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin agus
féadfaidh sí aon fhaisnéis a bheadh ag teastáil don nós imeachta scaoilte a
iarraidh agus tugann sí scaoileadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin i dtaobh chur i
bhfeidhm an bhuiséid; a. ·
téitear i gcomhairle léi faoi chlár oibre
ilbhliantúil Europol. ·
faigheann sí mar fhaisnéis clár oibre bliantúil
Europol ·
féadfaidh sí cuireadh a thabhairt d’iarrthóir do
Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol arna roghnú ag an mBord Bainistíochta le
haghaidh éisteachta os comhair coiste parlaiminte inniúil; ·
féadfaidh sí iarraidh ar an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin a cuid ceisteanna faoina chuid feidhmíochta a fhreagairt, Chun ligean do Pharlaimint na hEorpa an scrúdú
a chleachtadh ach chun rúndacht faisnéise oibriúcháin a ráthú ag an am céanna,
is gá do Europol agus do Pharlaimint na hEorpa socrú oibre a thabhairt chun
críche faoi rochtain ar Fhaisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh agus ar
fhaisnéis íogair neamh-rúnaicmithe arna próiseáil ag Europol nó tríd. 2. Europol mar mhol um malartú faisnéise
idir gníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí sna Ballstáit Chun staid faisnéise Europol a fheabhsú, ionas
go bhféadann níos mó tacaíochta a thabhairt doBhallstáit agus chun suíomh
beartais an AE a threorú níos fearr, féachann an beartas chuig soláthar
faisnéise ag na Ballstáit do Europol a fheabhsú. Déantar é sin trí neartú a
dhéanamh ar an oibleagáid atá ar Bhallstáit sonraí ábhartha a sholáthar do
Europol.. Táirgtear dreasacht tríd an deis a leathnú do sheirbhísí um fhorfheidhmiú
an dlí chun tacaíocht a fháil d’imscrúdú trasteorann i réimse eile seachas
góchumadh an euro. Tugtar isteach sásraí tuairiscithe chun monatóireacht a
dhéanamh ar thabhairt sonraí chuig Europol ag na Ballstáit in Europol. Chun cur ar chumas Europol naisc níos fearr a
bhunú idir sonraí atá i seilbh aige cheana féin agus anailís a dhéanamh orthu
ina dhiaidh sin, tá ailtireacht phróiseála na gníomhaireachta athdheartha. Ní
dhéanann sé bunachair ná córais sonraí a réamhshainiú a thuilleadh ach seachas
sin glacann sé cur chuige ‘príobháideacht trí dhearadh’ agus trédhearcacht
iomlán i dtreo an Oifigeach Cosanta Sonraí agus an Maoirseoir Eorpach ar
Chosaint Sonraí, an EDPS. Baintear caighdeáin arda amach maidir le cosaint
sonraí agus slándáil sonraí trí mheán cosaintí nós imeachta a bhfuil feidhm acu
maidir le haon chineál sonrach faisnéise. Sa rialachán sin tá cuspóirí an
phróiseáil sonraí (cros-seiceáil, anailís straitéiseach nó nádúr ginearálta
eile, anailís oibriúcháin i gcásanna sonracha) leagtha amach, chomh maith leis
na foinsí faisnéise agus na daoine a bhfuil cead acu rochtain a bheith acu ar
shonraí. Chuirfeadh sé sin ar chumas Europol a ailtireacht TF a chur in
oiriúint do na dúshláin atá le teacht agus do riachtanais ghníomhaireachtaí an
AE um fhorfheidhmiú an dlí. Nuair a bheadh sé i bhfeidhm, ligfeadh sé do
Europol píosaí ábhartha sonraí a nascadh lena chéile agus anailís a dhéanamh
orthu, moilleanna a laghdú maidir le treochtaí agus patrúin a aithint agus
ilstóráil sonraí a laghdú. Ag an am céanna, ráthófaí caighdeáin arda um
chosaint sonraí. Dhéanfadh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maoirseacht
ar chloí leis na caighdeáin sin. Ar an mbealach sin gheobhadh anailíseoirí
Europol tuiscint níos leithne ar thromchoiriúlacht agus sceimhlitheoireacht san
AE. Bheadh siad in ann treochtaí agus patrúin thar gach réimse coireachta a
aithint go tapa agus d’fhorbródh siad tuairiscí faisnéise níos cuimsithí agus
ábhartha chun tacú le gníomhaireachtaí na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí. 3. Freagrachtaí nua: oiliúint a chur ar
lárionaid AE agus iad a fhorbairt chun coireanna sonracha a chomhrac Chun sineirgí a áirithiú i dtacaíocht an AE
don phóilíneacht, agus chun cur i bhfeidhm iomlán an Scéim Oiliúna an AE ar Fhorfheidhmiú
an Dlí atá molta i gcomhthreo leis an rialachán seo[21] a cheadú, rachaidh an
Europol nua i gceannas ar na tascanna a rinne CEPOL roimhe sin agus déanfaidh
sé forbairt orthu. Le naisc níos dlúithe idir obair oiliúna agus oibriúcháin
tiocfaidh oiliúint níos spriocdhírithe agus níos ábhartha d’oifigigh um fhorfheidhmiú
an dlí chun cinn. Glacfaidh Europol, trí mheán roinne nua a
dtabharfar Acadamh Europol air, freagracht as oiliúint a thacú, a fhorbairt, a
sheachadadh agus a chomhordú d’oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí ag an leibhéal
straitéiseach, agus ní hamháin póilíní sinsearacha (mar is amhlaidh faoi
Chinneadh reatha CEPOL). Rachaidh na gníomhaíochtaí sin i ngleic leis an ngá le
feasacht agus eolas faoi ionstraimí idirnáisiúnta agus an Aontais, le spreagadh
chomhar trasteorann, le saineolas i réimsí téamacha sonracha coireachta nó
póilíneachta agus le hullmhú do rannpháirtíocht i misin póilíní sibhialtacha an
AE i dtríú tíortha. Beidh sé freagrach as uirlisí oideachasúla a fhorbairt agus
a mheasúnú atá ceangailte le ceanglais a aithneofar i measúnuithe rialta ar
riachtanais oiliúna. Cuirfidh sé le taighde agus féachfaidh sé chuig
comhpháirtíochtaí a bhunú le comhlachtaí an Aontais agus le hinstitiúidí
acadúla príobháideacha mar is cuí. Léiríonn comhdhéanamh, feidhmeanna agus
nósanna imeachta an Bhoird Bainistíochta freagrachtaí nua Europol as oiliúint
ar fhorfheidhmiú an dlí, chomh maith leis an dea-chleachtas atá leagtha amach
sa Chur Chuige Coiteann i dtreo gníomhaireachtaí díláraithe an AE. Cuirfidh Coiste Eolaíochta um Oiliúint
comhairle ar an mBord Bainistíochta chun cáilíocht eolaíochta ghníomhaíochtaí
oiliúna Europol a ráthú agus a threorú. Chun feabhas a dhéanamh ar chumas an AE
aghaidh a thabhairt ar fheiniméin shonracha coireachta, a bhfuil iarracht
choiteann ag teastáil dóibh siúd go háirithe, tugtar an deis do Europol
forbairt a dhéanamh ar lárionaid chun foirmeacha sonracha coireachta a
chomhrac, mar shampla Lárionad Cibearchoireachta na hEorpa. Trí lárionaid AE den sórt sin a chuimseodh
cuir chuige éagsúla i dtreo an chineál sonrach coireachta a chomhrac chuirfí
luach le gníomhartha na mBallstát. Mar shampla d’fhéadfaidís gníomhú mar
phointí lárnacha eolais, saineolas a chur le chéile chun tacú leis na Ballstáit
i bhforbairt acmhainne, tacú le himscrúduithe na mBallstát agus bheith mar
ghuth comhchoiteann imscrúdaitheoirí na hEorpa thar fhorfheidhmiú an dlí sa
réimse sonrach. 4. Córas daingean um chosaint sonraí Déanann an togra atreisiú ar an gcóras um
chosaint sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí Europol. Glactar na bearta seo a
leanas go háirithe: ·
Déantar córas neamhspleách reatha Europol um
chosaint sonraí a neartú trí tharraingt cuid mhór ar na prionsabail a thacaíonn
le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ar chosaint an duine aonair maidir le próiseáil
sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus ar
shaorghluaiseacht na sonraí sin.[22]
Toisc go n-aithníonn Dearbhú 21 a ghabhann leis an gConradh sainiúlacht na
próiseála ar shonraí pearsanta i bhfianaise fhorfheidhmiú an dlí, cuireadh
rialacha Europol um chosaint sonraí, áfach, ar aon dul le hionstraimí eile um
chosaint sonraí atá bainteach i réimse chomhar na bpóilíní agus na mbreithiúna.
Is iad sin, go háirithe, Coinbhinsiún Uimh. 108[23] agus Moladh Uimh. R
(87) ó Chomhairle na hEorpa[24]
agus Creatchinneadh 2008/977 ón gComhairle maidir le cosaint sonraí pearsanta
arna bpróiseáil i gcreat chomhar na bpóilíní agus na mbreithiúna.[25] Cinnteoidh sé sin
leibhéal ard de chosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta,
agus sainiúlacht fhorfheidhmiú an dlí á chur san áireamh. ·
Déantar rochtain ag na Ballstáit ar shonraí
pearsanta a bhaineann le hanailís oibriúcháin srianta do rochtain indíreach ar
bhonn chóras braite/neamhbhraite; nuair a dhéantar uathchomparáid cruthaítear
‘braith’ gan ainm má mheaitseálann na sonraí atá i seilbh an Bhallstáit a
d’iarr sonraí atá i seilbh Europol Ní sholáthraítear na sonraí bainteacha
pearsana no cáis ach mar fhreagra ar iarraidh leantach ar leithligh. ·
Tá cosc ar phróiseáil sonraí pearsanta ar
íospartaigh, fhinnéithe, daoine difriúil le hamhrastaigh, agus mhionaoisigh ach
má tá dearbhghá léi. Baineann an teorainn sin freisin le bunadh ciníoch nó
eitneach, tuairimí polaitiúla, reiligiúin nó creidimh, ballraíocht ar
cheardchumann agus sonraí a bhaineann le sláinte nó saol gnéis (sonraí íogaire
pearsanta). Sa bhreis air sin, ní fhéadann sonraí pearsanta íogaire a
phróiseáil ach áit a fhorlíonann siad sonraí pearsanta eile a phróiseáil
Europol cheana féin. Tá sé mar oibleagáid ar Europol forbhreathnú a thabhairt
don EDPS gach sé mhí ar na sonraí pearsanta íogaire go léir. Sa deireadh, ní
féidir aon chinneadh a mbeidh éifeachtaí dlí aige maidir le duine is ábhar do
shonraí a ghlacadh ar bhonn uathphróiseáil sonraí pearsanta íogaire amháin, ach
amháin má tá sé údaraithe ag dlí an AE nó an dlí náisiúnta nó ag an EDPS. ·
Chun trédhearcacht a mhéadú, déantar ceart an duine
aonair chun rochtana ar shonraí pearsanta i seilbh Europol a atreisiú. Tá an
fhaisnéis nach mór do Europol a chur ar fáil do dhuine a iarrann rochtain ar a
chuid sonraí liostaithe sa Rialachán. . ·
Sa togra tá rialacha soiléire leagtha amach maidir
le roinnt freagrachta in ábhair cosanta sonraí, leagann sé freagracht go
háirithe ar Europol as an athbhreithniú ar an ngá leanúnach leis na sonraí
pearsanta a stóráil ag eatraimh rialta. ·
Déantar an oibleagáid maidir le logáil agus
taifeadadh a shíneadh ó rochtain í a chlúdach ar réimse níos leithne de
ghníomhaíochtaí um próiseáil sonraí: bailiú, athrú, rochtain, nochtadh,
meascadh agus scriosadh. Chun smacht níos fearr ar úsáid sonraí a áirithiú
chomh maith le soiléireacht faoin té a bhí á bpróiseáil, déantar athrú na logaí
a thoirmeasc. ·
Féadann aon duine aonair cúiteamh a lorg ó Europol
as próiseáil mhídhleathach sonraí tá bhfuil Europol agus Ballstáit ar tharla
dochar ann faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach (Europol ar bhonn
Airteagal 340 den Chonradh agus an Ballstát ar bhonn a dhlí náisiúnta). ·
Treisítear ról údarás maoirseachta seachtrach
Europol um chosaint sonraí. Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
inniúil um maoirseacht a dhéanamh ar phróiseáil sonraí pearsanta ag Europol.
Áirithítear leis sin comhlíonadh iomlán na gcritéar neamhspleáchais atá
socraithe i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais agus, de thoradh chumhachtaí
forfheidhmithe an EDPS, éifeachtacht na maoirseachta ar chosaint sonraí. ·
Tá na húdaráis náisiúnta um chosaint sonraí fós
inniúil, áfach, um maoirseacht ar ionchur, um aisghabháil agus aon chur in iúl
sonraí pearsanta do Europol ag an mBallstát atá i gceist. Freisin tá siad
freagrach fós as scrúdú cibé acu an sáraítear cearta an duine is ábhar do na
sonraí leis an ionchur, an aisghabháil, nó an cur in iúl sin. ·
Leis an Rialachán tugtar isteach gnéithe de
“chomh-mhaoirseacht” ar shonraí arna n-aistriú chuig Europol nó arna bpróiseáil
ann. Maidir le saincheisteanna sonracha a bhfuil rannpháirtíocht náisiúnta ag
teastáil lena n-aghaidh agus chun cur i bhfeidhm comhtháite an rialacháin seo a
áirithiú ar fud an Aontais Eorpaigh, ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar
Chosaint Sonraí agus do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, agus ceachtar acu
ag gníomhú de réir a gcuid inniúlachtaí, comhoibriú a dhéanamh lena chéile. 5. Rialachas feabhsaithe Cuireann an togra feabhas ar rialachas
Europol, trí ghnóthachain éifeachtúlachta a lorg, nósanna imeachta a
shruthlíniú, go háirithe maidir leis an mBord Bainistíochta agus an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin agus trí Europol a ailíniú leis na prionsabail atá leagtha síos
sa Chur Chuige Coiteann i dtreo ghníomhaireachtaí díláraithe an AE. Déantar ionadaíocht ar an gCoimisiún agus na
Ballstáit ar Bhord Bainistíochta Europol chun a chuid córas feidhmiúcháin a
rialú. Chun dé-shainordú na Gníomhaireachta nua – tacaíocht oibriúcháin agus
oiliúint um fhorfheidhmiú an dlí – a léiriú, ceaptar comhaltaí iomlána an
Bhoird Bhainistíochta ar bhonn a gcuid eolais ar chomhar i bhforfheidhmiú an
dlí, agus ceaptar comhaltaí ailtéarnacha ar bhonn a gcuid eolais faoi oiliúint
um oifigigh i bhforfheidhmiú an dlí Gníomhóidh na comhaltaí ailtéarnacha mar
chomhaltaí iomlána pé uair a dhéantar plé nó cinntí faoi oiliúint. Cuirfidh
coiste eolaíochta comhairle ar an mBord Bainistíochta faoi shaincheisteanna i
leith oiliúna teicniúla (An Coiste Eolaíochta um Oiliúint). Tugtar na cumhachtaí riachtanacha don Bhord
Bainistíochta, go háirithe chun an buiséad a bhunú, chun cur i ngníomh an
bhuiséid a fhíorú, chun na rialacha airgeadais agus na doiciméid phleanála chuí
a ghlacadh, chun nósanna imeachta oibre trédhearcacha a bhunú do
chinnteoireacht ag Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol, an tuarascáil
gníomhaíochta bhliantúil a ghlacadh, agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh. Chun an próiseas cinnteoireachta a
shruthlíniú, féadfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh Bord Feidhmiúcháin a
bhunú. D’fhéadfadh Bord Feidhmiúcháin beag den sórt sin, agus ionadaí ón
gCoimisiún i láthair air, ról níos lárnaí a ghlacadh i maoirseacht ar
ghníomhaíochtaí Europol agus é mar aidhm maoirseacht ar bhainistíocht
riaracháin agus bhuiséadach a atreisiú, go háirithe maidir le hábhair iniúchta.
Chun feidhmiú éifeachtach laethúil Europol a
áirithiú, tá an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar ionadaí dlí agus bhainisteoir air.
Tá an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go hiomlán neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid
dualgas agus cinntíonn sé ndéanann Europol na cúraimí a bhfuiltear ag súil leo
sa Rialachán seo. Go háirithe, tá sé freagrach as doiciméid bhuiséadacha agus
phleanála a ullmhú a chuirtear isteach um chinneadh ag an mBord Bainistíochta,
as cláir oibre bliantúla agus ilbhliantúla Europol agus doiciméid phleanála
eile a chur i bhfeidhm. 4. AN IMPLEACHT BHUISÉADACH Mar thoradh ar chumasc
iomlán CEPOL agus EUROPOL tiocfaidh sinéirgí agus gnóthachain éifeachtúlachta
chun cinn. Déantar na coigiltis a bhaintear amach a mheas ag leibhéal de €17.2
milliún thar an tréimhse 2015-2020 agus 14 bhall foirne coibhéise lánaimseartha
(FTE). Cé go mbainfidh an togra seo leas as na
coigiltis sin agus go dtógfaidh sé ar acmhainní reatha, beidh acmhainní breise
ag teastáil um chur i bhfeidhm na gcúraimí nua a bhaineann le hoifigigh um fhorfheidhmiú
an dlí, agus chun próiseáil agus anailís a dhéanamh ar an méadú ionchais ar
shreabhadh faisnéise, lena n-áirítear trí Lárionad Cibearchoireachta na hEorpa.
Is iad oibriú agus forbairt bhreise Lárionad
Cibearchoireachta na hEorpa is mó a mbíonn tionchar acu ar acmhainní. I
gcomhthreo leis na riachtanais sin d’acmhainní nua, glacann CEPOL agus Europol
páirt freisin sa laghdú reatha de 5% ar líon na mball foirne ar fud gach
gníomhaireacht AE, agus cuireann siad poist foirne le linn le haslonnú i
ngníomhaireachtaí AE i bhfabhar cúraimí nua agus gníomhaireachtaí ag an gcéim
thosaithe. Beidh 12 FTE breise ag teastáil chun na
cúraimí nua a chur i bhfeidhm a bhaineann le hoiliúint oifigeach um fhorfheidhmiú
an dlí i.e. na gníomhaíochtaí atá riachtanach chun
Scéim Oiliúna na hEorpa ar Fhorfheidhmiú an Dlí a chur i bhfeidhm atá molta i
gcomhthreo leis an Rialachán seo. Gheofar na hacmhainní daonna le haghaidh na
ngníomhaíochtaí oiliúna nua mar thoradh ar chumasc CEPOL go Europol, arb é an
toradh a bheidh air ná coigiltis comhionann le 14 phost, atá comhionann le
€10.1m thar an tréimhse 2015-2020. Trí 14 phost a scor, ba cheart go gcloífeadh
CEPOL leis an iarratas chun líon na mball foirne a laghdú faoi 5% agus chun cur
leis an linn aslonnaithe. Ina theannta sin, sábhálfar méid measta de €7.1m mar
thoradh ar chostais níos ísle as speansais foirgnimh, trealaimh agus an bhoird
bainistíochta thar an tréimhse chéanna. Meastar go dtiocfaidh costais teoranta
aonuaire, atá measta ag €30 000, chun cinn mar thoradh ar aslonnú thart ar 40
ball foirne ó shuíomh reatha CEPOL i Bramshill, an RA, chuig suíomh Europol sa
Háig, an Ísiltír. Tá sé fógartha ag an RA, áfach, go bhfuil sé ar intinn aige
suíomh Bramshill a dhúnadh, mar sin beidh sé riachtanach CEPOL a bhogadh, pé
scéal é. Beidh FTE breise ag teastáil le haghaidh na
riachtanas méadaithe i ndáil le próiseáil faisnéise a
eascróidh ón méadú ionchais ar mhéid na faisnéise arna soláthar do Europol mar
thoradh ar an togra seo (a chuireann le chéile oibleagáid neartaithe ar
Bhallstáit chun sonraí ábhartha a sholáthar do Europol, tacaíocht airgeadais
d’imscrúduithe aonair agus tuarascálacha maoirseachta) . Earcófar iad
siúd diaidh ar ndiaidh idir 2015 agus 2017 agus mar thoradh air sin tiocfaidh
€1.8m ó thaobh costas foirne chun cinn thar an tréimhse 2015-2020. Déanfar
thart ar dhá thrian de na sin a chúiteamh, áfach, ag na coigiltis ag eascairt ó
chumasc CEPOL: gheofar dhá (2) FTE ón 2 phost a
bheidh fágtha as na 14 a shábhálfar mar thoradh ar chumasc CEPOL. Do Lárionad Cibearchoireachta na hEorpa,
earcófar 41 FTE breise thar an tréimhse 2015-2020 .Tá
na cúraimí a bhfuil na baill foirne sin ag teastáil dóibh aitheanta i
nDoiciméad Oibre Bhall Foirne an Choimisiúin a ghabhann leis seo. Tá costais
neamhfhoirne Lárionad Cibearchoireachta na hEorpa measta ag €16.6m thar an
tréimhse chéanna. I 2013, bhí 44 FTE sannta cheana féin do Lárionad
Cibearchoireachta na hEorpa trí haslonnú inmheánach laistigh de Europol agus
d’iarr Europol 17 FTE breise mar chuid de Dhréachtbhuiséad 2014. Chun cloí leis an iarratas
chun líon na mball foirne a laghdú faoi 5% agus cur leis an linn aslonnaithe,
ba cheart 34 FTE a scor laistigh de Europol idir 2015 agus 2018 anuas ar na 12
FTE atá le scor cheana féin i 2014. Sa deireadh, le haghaidh
an togra seo beidh acmhainní breise ag teastáil don Mhaoirseoir Eorpach ar
Chosaint Sonraí atá measta ag 1 FTE. Cruthóidh an t-athrú ar shocruithe
maoirseachta um chosaint sonraí coigiltis de €3m le haghaidh Europol idir 2015
agus 2020, ní bheidh sé riachtanach dó tacaíocht a thabhairt don Chomhchoiste
Maoirseachta, agus costais bhreise de €1.5m don EDPS thar an tréimhse chéanna. Mar sin, is é tionchar
buiséadach iomlán an togra reachtaigh ná €623m don ghníomhaireacht chumaiscthe
thar an tréimhse 2015-2020, chomh maith leis an €1.5m a theastaíonn don EDPS.[26] 2013/0091 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh
um Chomhar agus Oiliúint na Seirbhísí Forfheidhmithe Dlí (Europol) agus lena
n-aisghairtear Cinneadh 2009/371/CGB agus Cinneadh 2005/681/CGB TÁ
PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 88 agus
Airteagal 87(2) (b) de, Ag féachaint don
togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an
dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Tar éis dóibh dul i
gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, Ag gníomhú dóibh i
gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo
a leanas: (1) Bunaíodh Europol le Cinneadh
2009/371/CGB[27]
mar eintiteas den Aontas arna chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais chun tacú
le beart údaráis inniúla na mBallstát agus chun í a neartú chomh maith lena
gcomhar frithpháirteach maidir le coireacht eagraithe agus sceimhlitheoireacht
a chosc agus a chomhrac i dteannta le cineálacha eile coireachta tromchúisí a dhéanann
difear do dhá Bhallstát nó níos mó. Tháinig Cinneadh 2009/371/CGB in ionad an
Choinbhinsiúin a bhí bunaithe ar Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach, maidir le bunú na hOifige Eorpaí Póilíní (Coinbhinsiún Europol).[28] (2) Déantar foráil in Airteagal
88 den Chonradh go ndéanfar Europol a rialáil le rialachán a ghlacfar i
gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Ceanglaítear ann freisin go
mbunófaí nósanna imeachta chun grinnscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí
Europol ag Parlaimint na hEorpa, i dteannta leis na parlaimintí náisiúnta. Mar
sin, tá sé riachtanach rialachán lena leagtar síos rialacha maidir le grinnscrúdú
parlaiminte a chur in ionad Chinneadh 2009/371/CGB. (3) Bunaíodh an Oifig Eorpach
Póilíní (‘CEPOL’) le Cinneadh 2005/681/CGB[29]
chun comhar a éascú idir fórsaí póilíneachta náisiúnta trí ghníomhaíochtaí
oiliúna a bhfuil gné póilíneachta Eorpaí ag baint leo a eagrú agus a chomhordú.
(4) I 'gClár Stócólm - Eoraip atá
oscailte agus slán, agus a thugann seirbhís agus cosaint dá saoránaigh'[30] iarrtar ar Europol
forbairt a dhéanamh agus bheith mar “mhol um malartú faisnéise idir údaráis um fhorfheidhmiú
an dlí na mBallstát, mar sholáthraí seirbhíse agus mar ardán do sheirbhísí um fhorfheidhmiú
an dlí.” Ar bhonn measúnú ar fheidhmiú Europol, teastaíonn tuilleadh feabhais
ar a éifeachtacht oibriúcháin sa chomhthéacs sin chun an cuspóir sin a bhaint
amach. Freisin, tá sé mar aidhm ag Clár Stócólm fíorchultúr Eorpach um fhorfheidhmiú
an dlí a chruthú trí scéimeanna oiliúna Eorpacha agus cláir mhalartaithe a
bhunú le haghaidh gach gairmí ábhartha i bhforfheidhmiú an dlí ar leibhéal
náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. (5) Tá gréasáin mhóra coirpeach
agus sceimhlitheoirí ina bhagairt mhór do shlándáil inmheánach an Aontais agus
do shábháilteacht agus shlí beatha a chuid saoránach. Nochtar sna measúnuithe
bagartha atá ar fáil go bhfuil grúpaí coiriúla ag éirí níos ilchoiriúla agus ag
feidhmiú trasna teorainneacha níos mó agus iad i mbun a gcuid gníomhaíochtaí. Dá
bhrí sin, is gá d’údaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí comhoibriú níos
dlúithe a dhéanamh lena gcontrapháirtithe sna Ballstáit eile. I bhfianaise an
méid sin, is gá Europol a ullmhú chun níos mó tacaíochta a thabhairt do na
Ballstáit agus iad i mbun an choireacht a chosc, agus i mbun anailíse agus
imscrúduithe ar fud an Aontais. Dearbhaíodh é sin freisin sna meastóireachtaí a
rinneadh ar Chinneadh 2009/371/CGB agus ar Chinneadh 2005/681/CGB. (6) Mar gheall ar na naisc idir
cúraimí Europol agus CEPOL, dá ndéanfaí feidhmeanna an dá ghníomhaireacht a
chomhtháthú agus a réasúnú chuirfí feabhas ar éifeachtacht na gníomhaíochta
oibriúcháin, ar ábharthacht na hoiliúna agus ar éifeachtúlacht chomhar póilíní
an Aontais. (7) Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh
2009/371/CGB agus Cinneadh 2005/681/CGB a aisghairm agus ba cheart an rialachán
seo a chur ina n-ionad, rialachán a tharraingíonn ar na ceachtanna a
foghlaimíodh ó chur chun feidhme an dá Chinneadh.. Ba cheart go dtiocfadh
Europol mar a bhunaítear leis an rialachán seo in ionad Europol agus CEPOL mar
a bunaíodh leis an dá Chinneadh aisghairthe, agus ba cheart go nglacadh sé a
gcuid feidhmeanna chuige féin. (8) Toisc gur minic go dtarlaíonn
coireacht thar theorainneacha inmheánacha, ba cheart do Europol tacú le bearta na
mBallstát agus a gcomhar agus iad a neartú chun coireacht thromchúiseach a
théann i bhfeidhm ar dhá Bhallstát nó níos mó a chosc agus a chomhrac. Toisc go
bhfuil sceimhlitheoireacht ar cheann de na bagairtí is mó roimh shlándáil an
Aontais, ba cheart do Europol cabhrú leis na Ballstáit agus iad ag tabhairt
aghaidhe ar na dúshláin choiteanna sin. Mar ghníomhaireacht an AE um fhorfheidhmiú
an dlí, ba cheart do Europol freisin tacú le bearta agus comhar chun dul i
ngleic le cineálacha coireachta a dhéanann difear do leas an AE agus iad a
neartú. Ba cheart dó freisin tacaíocht a thairiscint maidir le ciontaí coiriúla
bainteacha a chosc agus a chomhrac a dhéantar chun modh a fháil saoirse ó
phionós gníomhartha a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh a áirithiú nó chun an
méid sin a éascú nó a dhéanamh. (9) Ba cheart do Europol oiliúint
de chaighdeán níos fearr atá comhleanúnach agus comhsheasmhach a áirithiú le
haghaidh oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí i ngach rang laistigh de chreat
soiléir i gcomhréir le riachtanais oiliúna aitheanta. (10) Ba cheart go mbeadh Europol in
ann iarraidh ar na Ballstáit imscrúduithe coiriúla a thionscain, a dhéanamh nó
a chomhordú i gcásanna sonracha áit nach gcuirfeadh comhar trasteorann luach
leo. Ba cheart do Europol Eurojust a chur ar a eolas faoi iarrataí den sórt
sin. (11) Chun éifeachtacht Europol mar
mhol um malairt faisnéise san Aontas a mhéadú ba cheart oibleagáidí soiléire a
leagan síos do Bhallstáit chun na sonraí a chur ar fáil do Europol atá
riachtanach dó chun a chuid cuspóirí a chomhlíonadh. Agus na hoibleagáidí sin á
gcur chun feidhme bhfeidhm, ba cheart do Bhallstáit aird faoi leith a thabhairt
ar shonraí a sholáthar atá ábhartha don chomhrac i gcoinne coireanna, a
mheastar mar thosaíochtaí straitéiseacha agus oibriúcháin laistigh d’ionstraimí
beartais ábhartha an Aontais.. Ba cheart do Bhallstáit cóip a chur ar fáil do
Europol de na malairtí déthaobhacha agus iltaobhacha faisnéise leis na
Ballstáit eile ar choireacht a thagann faoi chuspóirí Europol. Ag an am céanna,
ba cheart do Europol méadú a dhéanamh ar a leibhéal tacaíochta do Bhallstáit,
chun comhar lena chéile agus roinnt faisnéise a fheabhsú. Ba cheart do Europol
tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid gach institiúid Aontais agus
Parlaimintí náisiúnta maidir lena mhéid a gcuireann Ballstáit aonair eolas ar
fáil dó. (12) Chun comhar éifeachtach a
áirithiú idir Europol agus na Ballstáit, ba cheart aonad náisiúnta a bhunú i
ngach Ballstát. Ba cheart go mbeadh sé mar phríomh-idirchaidreamh idir údaráis
ábhartha um fhorfheidhmiú an dlí agus institiúidí oiliúna ábhartha agus, ar an
taobh eile, Europol. Chun malairt leanúnach, éifeachtach faisnéise idir Europol
agus aonaid náisiúnta a áirithiú agus chun a gcomhar a éascú, ba cheart do gach
aonad náisiúnta oifigeach idirchaidrimh amháin ar a laghad a thabhairt ar
iasacht do Europol. (13) Ag tógáil san áireamh
struchtúr díláraithe roinnt Ballstát agus an gá le malairt thapa faisnéise a
chinntiú i roinnt cásanna, ba cheart go mbeadh cead ag Europol comhoibriú go
díreach le húdaráis um fhorfheidhmiú an dlí sna Ballstáit in imscrúduithe
aonair, agus aonaid náisiúnta Europol á gcoimeád ar a n-eolas. (14) Chun áirithiú go bhfuil
oiliúint ar fhorfheidhmiú an dlí ar leibhéal an Aontais de chaighdeán ard,
comhtháite agus comhsheasmhach, ba cheart do Europol agus Eurojust gníomhú i
gcomhréir le beartas an Aontais ar oiliúint ar fhorfheidhmiú an dlí. . Ba
cheart go mbeadh oiliúint ar leibhéal an Aontais ar fáil d’oifigigh um fhorfheidhmiú
an dlí i ngach rang. Ba cheart do Europol áirithiú go ndéantar measúnú ar
oiliúint agus go bhfuil conclúidí ó mheasúnuithe riachtanas oiliúna mar chuid
de phleanáil chun dúbláil a laghdú. Ba cheart do Europol aithint na hoiliúna
arna soláthar ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn sna Ballstáit. (15) Tá sé riachtanach freisin
rialachas Europol a fheabhsú, trí ghnóthachain éifeachtacha a lorg agus trí
nósanna imeachta a shruthlíniú. (16) Ba cheart go ndéanfaí
ionadaíocht ar an gCoimisiún agus na Ballstáit ar Bhord Bainistíochta Europol
chun a chuid córas feidhmithe a mhaoirsiú go héifeachtach. Chun dé-mhandáid na
gníomhaireachta nua a léiriú – tacaíocht oibriúcháin agus oiliúint d’fhorfheidhmiú
an dlí – ba cheart na comhaltaí iomlána den Bhord Bainistíochta a cheapadh ar
bhonn a gcuid eolais faoi chomhar i bhforfheidhmiú an dlí, agus ba cheart
comhaltaí ailtéarnacha a cheapadh ar bhonn a gcuid eolais ar oiliúint le haghaidh
oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí. Ba cheart do chomhaltaí ailtéarnacha gníomhú
mar chomhaltaí iomlána in éagmais an chomhalta iomláin agus i gcás ar bith ina
dhéantar plé nó cinntí faoi oiliúint. Ba cheart do choiste eolaíochta comhairle
a chur ar an mBord Bainistíochta faoi shaincheisteanna oiliúna teicniúla. (17) Ba cheart na cumhachtaí
riachtanacha a thabhairt don Bhord Bainistíochta, go háirithe chun an buiséad a
shocrú, chun cur i ngníomh an bhuiséid a fhíorú, chun na rialacha airgeadais
agus na doiciméid phleanála chuí a ghlacadh, chun nósanna imeachta oibre
trédhearcacha a bhunú do chinnteoireacht ag Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol
agus chun an tuarascáil gníomhaíochta bhliantúil a ghlacadh. Ba cheart dó
cumhachtaí údaráis ceapacháin a fheidhmiú i dtreo bhaill foirne na
gníomhaireachta lena n-áirítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Chun an próiseas
cinnteoireachta a shruthlíniú, agus chun maoirseacht ar bhainistíocht
riaracháin agus bhuiséadach a atreisiú, ba cheart go mbeadh sé de theideal ag
an mBord Bainistíochta freisin Bord Feidhmiúcháin a bhunú. (18) Chun feidhmiú éifeachtacht
laethúil Europol a áirithiú, ba cheart go mbeadh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin
mar ionadaí dlí agus bhainisteoir air, ag gníomhú go hiomlán neamhspleách i
bhfeidhmiú na gcúraimí go léir agus ag áirithiú go bhfuil na ndéanann Europol
na cúraimí a bhfuiltear ag súil leo sa Rialachán.. Ba cheart go mbeadh an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach go háirithe as doiciméid bhuiséadacha agus
phleanála a ullmhú le cur isteach um chinneadh an Bhoird Bainistíochta, as
cláir oibre bliantúla agus ilbhliantúla Europol agus doiciméid phleanála eile a
chur chun feidhme. (19) Chun
críocha coireacht a chosc agus a chomhrac, rud a thagann faoina chuid cuspóirí,
tá sé riachtanach go mbeadh an fhaisnéis is iomláine agus is deireanaí is
féidir ag Europol. Mar sin, ba cheart go mbeadh Europol in ann próiseáil a
dhéanamh ar shonraí arna soláthar dó ag na Ballstáit, tríú tíortha,
eagraíochtaí idirnáisiúnta, comhlachtaí an Aontais agus páirtithe príobháideacha,
agus a thagann ó fhoinsí atá ar fáil don phobal chomh maith chun tuiscint a
fháil ar fheiniméin agus threochtaí coiriúla, chun faisnéis a bhailiú faoi
ghréasáin choiriúla agus chun naisc a bhraith idir ciontaí éagsúla.. (20) Chun éifeachtacht Europol a
mhéadú maidir le hanailís chruinn ar choireacht a chur ar fáil d’údaráis um fhorfheidhmiú
an dlí, ba cheart dó teicneolaíochtaí nua a úsáid chun sonraí a phróiseáil. Ba
cheart go mbeadh Europol in ann naisc a bhrath go tapa idir imscrúduithe agus modi
operandi coiteanna thar ghrúpaí coiriúla éagsúla, chun crosmheaitseanna
sonraí a sheiceáil agus chun léargas soiléir a fháil ar threochtaí, agus
leibhéal ard de chosaint sonraí le haghaidh daoine aonair á choimeád.. Mar sin,
níor cheart go mbeadh bunachair sonraí Europol réamhshainithe, chun gur féidir
le Europol an struchtúr TF is éifeachtaí a roghnú. Chun leibhéal ard de
chosaint sonraí a áirithiú, ba cheart cuspóir na n-oibríochtaí próiseála agus
na cearta rochtana chomh maith le cosaintí sonracha breise a leagan síos. (21) Chun úinéireacht sonraí agus
cosaint na faisnéise a urramú, ba cheart go mbeadh na Ballstáit agus údaráis i
dtríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta in ann an cuspóir a shainiú a
bhféadfaidh Europol na sonraí a chuireann siad ar fáil a phróiseáil agus cearta
rochtana a shrianadh lena aghaidh. (22) Chun áirithiú nach dtugtar
rochtain ach dóibh siúd a bhfuil rochtain riachtanach dóibh chun a gcuid
cúraimí a chomhlíonadh, ba cheart go leagfadh an Rialachán seo síos rialacha
sonracha faoi chéimeanna éagsúla den cheart chun rochtana ar shonraí arna
bpróiseáil ag Europol. Ba cheart go mbeadh rialacha den sórt sin gan dochar do
shrianta ar rochtain arna leagan ag soláthraithe sonraí, toisc gur cheart
prionsabal úinéireacht na sonraí a urramú. Chun méadú a dhéanamh ar
éifeachtacht chosc agus chomhrac na coireachta, a thagann faoi chuspóirí
Europol, ba cheart do Europol fógra a thabhairt do Bhallstáit faoi fhaisnéis a
bhaineann leis an mBallstát sin. (23) Chun comhar oibriúcháin idir
na gníomhaireachtaí a fheabhsú, agus go háirithe chun naisc a shocrú idir
sonraí atá i seilbh na ngníomhaireachtaí éagsúla cheana féin, ba cheart do
Europol cur ar chumas Eurojust agus an Oifig Frith-chalaoise Eorpach (OLAF)
rochtain a bheith acu ar shonraí atá ar fáil i Europol agus cuardach a dhéanamh
ina gcoinne. (24) Ba cheart do Europol caidreamh
comhoibritheach a choimeád le comhlachtaí eile an Aontais, le húdaráis um fhorfheidhmiú
an dlí agus le hinstitiúidí oiliúna um fhorfheidhmiú an dlí i dtríú tíortha, le
heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus le páirtithe príobháideacha a mhéid is a
theastaíonn chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh. (25) Chun éifeachtacht oibriúcháin
a chinntiú, ba cheart go mbeadh Europol in ann an fhaisnéis go léir a mhalartú,
ach amháin sonraí pearsanta, le comhlachtaí eile an Aontais, le húdaráis um fhorfheidhmiú
an dlí agus le hinstitiúidí oiliúna um fhorfheidhmiú an dlí i dtríú tíortha, le
heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus le páirtithe príobháideacha a mhéid is a
theastaíonn chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh. Ós rud é go bhfuil saineolas
agus sonraí ag cuideachtaí, comhlachtaí, comhlachais ghnó, eagraíochtaí
neamhrialtais agus páirtithe príobháideacha eile atá ábhartha go díreach do
chosc agus chomhrac na coireachta tromchúiseachí agus na sceimhlitheoireachta,
ba cheart go mbeadh Europol in ann freisin sonraí den sórt sin a mhalartú le
páirtithe príobháideacha. Chun cibearchoireacht, mar a bhaineann le teagmhais
de shlándáil líonra agus faisnéise, a chosc agus a chomhrac, ba cheart do
Europol, de bhun Treoir [ainm na Treorach glactha] ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle maidir le bearta chun leibhéal coiteanna de shlándáil líonra agus
faisnéise a chinntiú ar fud an Aontais,[31]
comhar a dhéanamh agus faisnéis a mhalartú, ach amháin sonraí pearsanta, le
húdaráis náisiúnta atá inniúil um shlándáil chórais líonra agus faisnéise. (26) Ba cheart go mbeadh Europol in
ann na sonraí pearsanta go léir a mhalartú le comhlachtaí eile an Aontais a
mhéad is gá chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh. (27) Is minic go mbíonn naisc thar
chríoch an AE ag coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht. Mar sin ba
cheart go mbeadh Europol in ann sonraí pearsanta a mhalartú le húdaráis um fhorfheidhmiú
an dlí i dtríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta mar Interpol a mhéad
is gá chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh. (28) Ba cheart
go mbeadh Europol in ann sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás trí tíre nó
chuig eagraíocht idirnáisiúnta ar bhonn chinnidh ón gCoimisiún ina fhaightear
go n-áirithíonn an tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta atá i gceist leibhéal
dóthanach de chosaint sonraí, nó in éagmais chinneadh leordhóthanachta,
comhaontú idirnáisiúnta arna dtabhairt chun críche ag an Aontas de bhun
Airteagail 218 den Chonradh, nó comhaontú comhair arna thabhairt chun críche
idir Europol agus an tríú tír sin roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ag féachaint d’Airteagal 9 de Phrótacal 36 ar fhorálacha
idirthréimhseacha a ghabhann leis an gConradh, ba cheart éifeachtaí dlí
comhaontuithe den sórt sin a chaomhnú go ndéantar na comhaontuithe sin a
aisghairm, a neamhní nó a leasú agus an Conradh á chur chun feidhme. (29) Áit nach
féidir aistriú sonraí pearsanta a bhunú ar chinneadh leordhóthanachta arna
ghlacadh ag an gCoimisiún, ná ar chomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt chun
críche ag an Aontas, ná ar chomhaontú comhair reatha, ba cheart go dtabharfaí
cead don Bhord Bainistíochta agus don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
aistriú nó sraith aistrithe a údarú, ar choinníoll go n-áirithítear dóthain
cosaintí. Áit nach bhfuil feidhm ag aon chuid den mhéid
thuas, ba cheart go dtabharfaí cead don Stiúrthóir Feidhmiúcháin aistriú sonraí
a údarú i gcásanna eisceachtúla ar bhonn cáis aonair, más gá sin chun leas
bunúsach Ballstáit a chosaint, chun garchontúirt a
bhaineann le coireacht nó sceimhlitheoireacht a chosc, nó má tá an t-aistriú
riachtanach ar chúis eile nó ina cheangal dlí ar fhorais phoiblí thábhachtacha,
má thug an duine is ábhar do na sonraí cead. nó má tá leas ríthábhachtach an
duine is ábhar do na sonraí i gceist. (30) Ba cheart
nach mbeadh Europol in ann próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta de
thionscnamh páirtithe príobháideacha agus daoine príobháideacha ach amháin má
aistrítear chuig Europol iad ag aonad náisiúnta de chuid Europol nó ag Ballstát
i gcomhréir lena dhlí náisiúnta nó, ag pointe teagmhála i dtríú tír a bhfuil
comhar bunaithe ar siúl leis trí chomhaontú comhair arna thabhairt chun críche i
gcomhréir le hAirteagal 23 de Chinneadh 2009/371/JHA roimh theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo nó ag údarás tríú tíre nó eagraíocht idirnáisiúnta a bhfuil
comhaontú idirnáisiúnta tugtha chun críche ag an Aontas leo de bhun Airteagail
218 den Chonradh. (31) Maidir le haon fhaisnéis a
bhfuil sé soiléir go bhfuair tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta í agus cearta
daonna á sárú ní dhéanfar próiseáil uirthi (32) Ba cheart rialacha ar chosaint
sonraí i Europol a neartú agus ba cheart go dtarraingeoidís ar na prionsabail a
thacaíonn le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001[32]
chun leibhéal ard de chosaint daoine aonair a áirithiú maidir le próiseáil
sonraí pearsanta. Toisc go n-aithníonn Dearbhú 21 a ghabhann leis an gConradh
sainiúlacht na próiseála ar shonraí pearsanta i bhfianaise fhorfheidhmiú an
dlí, ba cheart go mbeadh rialacha Europol ar chosaint sonraí neamhspleách agus
go mbeidís ailínithe le hionstraimí ábhartha eile um chosaint sonraí a bhfuil
feidhm acu i réimse chomhar na bpóilíní san Aontas, go háirithe Coinbhinsiún Uimh. 108[33]
agus Moladh Uimh. R(87) ó Chomhairle na hEorpa[34]
agus Creatchinneadh 2008/977/JHA ón gComhairle ar chosaint sonraí pearsanta
arna bpróiseáil i gcreat chomhar na bpóilíní agus na mbreithiúna in ábhair
choiriúla[35]
[rachaidh an Treoir ábhartha ina ionad nuair a ghlacfar léi]. (33) An oiread
is féidir ba cheart sonraí pearsanta a idirdhealú de réir leibhéal a gcruinnis
agus a nniontaofachta/ Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir fíricí agus
measúnuithe pearsanta, chun cosaint daoine aonair a áirithiú chomh maith le
cáilíocht agus iontaofacht na faisnéise arna bpróiseáil ag Europol. (34) Déantar
sonraí pearsanta a bhaineann le catagóirí éagsúla de dhaoine is ábhar do
shonraí a phróiseáil i réimse chomhar na bpóilíní. Ba cheart do Europol
deighiltí idir sonraí pearsanta catagóirí difriúla de dhaoine is ábhar do
shonraí a dhéanamh chomh soiléir is féidir. Ba cheart go háirithe sonraí
pearsanta daoine mar íospartaigh, fhinnéithe, daoine a bhfuil faisnéis ábhartha
acu chomh maith le sonraí pearsanta mionaoiseach a chosaint. Mar sin, níor
cheart do Europol iad a phróiseáil ach má tá dearbhghá leis sin chun coireacht
a chosc agus a chomhrac laistigh dá chuid cuspóirí, agus má fhorlíonann na
sonraí sin sonraí pearsanta eile atá próiseáilte ag Europol cheana féin. (35) I
bhfianaise na gceart bunúsach chun cosaint sonraí pearsanta, níor cheart do
Europol sonraí pearsanta a stóráil ar feadh tréimhse ama atá níos faide ná an
tréimhse a theastaíonn chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh. (36) Chun
slándáil sonraí pearsanta a ráthú, ba cheart do Europol bearta teicniúla agus
eagrúcháin oiriúnacha a chur chun feidhme. (37) Ba cheart
go mbeadh ceart ag aon duine chun rochtana ar shonraí pearsanta a bhaineann
leo, chun cur faoi deara sonraí míchruinne a bhaineann leo a cheartú, chun
sonraí a bhaineann leo a scriosadh nó a bhacadh, mura bhfuil siad ag teastáil a
thuilleadh. Níor cheart go rachadh na cearta a thugtar don duine is ábhar do na
sonraí agus cleachtadh na gceart sin i bhfeidhm ar na hoibleagáidí arna gcur ar
Europol agus ba cheart go mbeidís faoi réir srianta atá leagtha síos sa Rialachán
seo. (38) Chun
ceart agus saoirse daoine is ábhair do na sonraí a chosaint teastaíonn sannadh
soiléir freagrachtaí faoin Rialachán seo. Go háirithe, ba cheart go mbeadh na Ballstáit
freagrach as cruinneas sonraí atá aistrithe chuig Europol acu, as na sonraí sin
a choimeád cothrom le dáta agus as dlíthiúlacht an aistrithe sin. Ba cheart go
mbeadh Europol freagrach as cruinneas sonraí arna soláthar ag soláthraithe
sonraí eile agus as na sonraí a choimeád suas le dáta. Ba cheart do Europol
áirithiú freisin go ndéantar sonraí a phróiseáil go cóir agus go dleathach, go
mbailítear agus go bpróiseáiltear le haghaidh cuspóra shonraigh iad, go bhfuil
siad leordhóthanach, ábhartha, díréireach agus nach stóráiltear iad ar feadh
tréimhse níos faide ná an tréimhse atá riachtanach don chuspóir a ndéantar
próiseáil orthu dó. (39) Ba cheart do Europol taifid a
choimeád faoi bhailiú, athrú, rochtain, nochtadh, meascadh nó scriosadh sonraí
pearsanta chun críocha dlíthiúlacht na próiseála sonraí, na féinmhonatóireachta
a fhíorú agus chun sláine agus slándáil cheart sonraí a áirithiú. Ba cheart go
mbeadh sé mar oibleagáid ar Europol comhoibriú leis an Maoirseoir Eorpach ar
Chosaint Sonraí agus na logaí nó na doiciméid a chur ar fáil arna iarraidh sin,
ionas gur féidir iad a úsáid le haghaidh oibríochtaí próiseála monatóireachta. (40) Ba cheart
do Europol oifigeach cosanta sonraí a shannadh chun cabhrú leis monatóireacht a
dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo. Ba cheart go mbeadh sé
de chumas ag an oifigeach cosanta sonraí a chuid cúraimí a chomhlíonadh go
neamhspleách agus go héifeachtach. (41) Ba cheart
d’údaráis inniúla náisiúnta um maoirseacht ar phróiseáil sonraí pearsanta
monatóireacht a dhéanamh ar dhlíthiúlacht phróiseáil na sonraí pearsanta ag na
Ballstáit. Ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí monatóireacht a
dhéanamh le neamhspleáchas iomlán ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí arna
ndéanamh ag Europol. (42) Maidir le
saincheisteanna sonracha a bhfuil rannpháirtíocht náisiúnta ag teastáil lena
n-aghaidh agus chun cur i bhfeidhm comhtháite an Rialacháin seo ar fud an
Aontais Eorpaigh a áirithiú, ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint
Sonraí agus do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta comhoibriú lena chéile. (43) Toisc go
bhfuil próiseáil á déanamh ag Europol ar shonraí pearsanta neamhoibriúcháin
nach mbaineann le haon imscrúduithe coiriúla, ba cheart go mbeadh próiseáil na
sonraí sin faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. (44) Ba
cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí éisteacht le gearáin arna
lóisteáil ag daoine is ábhair do na sonraí agus an scéal a fhiosrú. Ba cheart
an fiosrúchán de thoradh gearáin a dhéanamh, faoi réir athbhreithnithe
bhreithiúnaigh, a mhéid atá oiriúnach sa chás faoi leith. Ba cheart don údarás
maoirseachta an duine is ábhar do na sonraí a chur ar a eolas laistigh de
thréimhse réasúnta faoi dhul chun cinn i ndáil leis an ngearán chomh maith le
toradh an ghearáin. (45) Ba cheart
go mbeadh sé de cheart ag aon duine aonair chun leighis bhreithiúnaigh i
gcoinne chinntí an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bhaineann
leis/léi. (46) Ba cheart
go mbeadh Europol faoi réir rialacha ginearálta ar dhliteanas conarthach nó
neamhchonarthach atá infheidhme d’institiúidí, do ghníomhaireachtaí agus do
chomhlachtaí an AE, ach amháin dliteanas as próiseáil neamhdhleathach sonraí. (47) D’fhéadfadh nach mbeadh sé
soiléir don duine atá i gceist cibé acu ar tharla an dochar a d’fhulaing sé mar
gheall ar phróiseáil neamhdhleathach de thoradh birt arna dhéanamh ag Europol
nó ag Ballstát. Ba cheart go mbeadh Europol agus an Ballstát áit inar tharla an
imeacht as ar eascair an dochar faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go
leithleach, dá bhrí sin. (48) Chun áirithiú go bhfuil
Europol ina eagraíocht atá go hiomlán cuntasach agus trédhearcach, tá sé
riachtanach, i bhfianaise Airteagail 88 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais
Eorpaigh, nósanna imeachta a leagan síos chun scrúdú a dhéanamh ag Parlaimint
na hEorpa i dteannta le Parlaimintí náisiúnta ar ghníomhaíochtaí Europol, agus
an gá le rúndacht faisnéise oibriúcháin a chosaint. (49) Ba cheart go mbeadh feidhm ag
Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha
Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach atá leagtha síos i
Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68[36]
do bhaill foirne Europol. Ba cheart go mbeadh Europol in ann baill foirne ó
údaráis inniúla na mBallstát a fhostú mar ghníomhairí sealadacha ar cheart a
dtréimhse seirbhíse a theorannú chun prionsabal na huainíochta a choimeád,
toisc go n-éascóidh athimeascadh ball foirne i seirbhís a n-údaráis inniúil
dlúthchomhar idir Europol agus údaráis inniúla na mBallstát. Ba cheart do
Bhallstáit aon bheart is gá a ghlacadh chun áirithiú go bhféadann baill foirne
atá fostaithe i Europol mar ghníomhairí sealadacha, ag deireadh na seirbhíse
sin do Europol, filleadh ar an státstseirbhís a mbaineann siad léi. (50) Mar gheall ar nádúr dhualgais
Europol agus ról an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, sula gceaptar é, agus sula
ndéantar síneadh féideartha ar a thréimhse oifige, féadfar iarraidh ar an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt do
choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin
an tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na
Comhairle. Sa bhreis air sin, ba cheart go mbeadh Parlaimint na hEorpa in ann
iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt faoi fheidhmiú a
chuid dualgas. (51) Chun uathriail agus
neamhspleáchas iomlán Europol a áirithiú, ba cheart buiséad neamhspleách a
dheonú dó a eascraíonn a chuid ioncaim go bunúsach ó ranníocaíocht ó bhuiséad
an Aontais Eorpaigh. Ba cheart go mbeadh nós imeachta buiséadach an Aontais
infheidhmithe fad is atá ranníocaíocht an Aontais agus aon fhóirdheontais eile
inmhuirir do bhuiséad ginearálta an Aontais i gceist. Ba cheart don Chúirt
Iniúchóirí tabhairt faoi iniúchadh na gcuntas. (52) Ba cheart go mbeadh feidhm ag
Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 966/2012 ar na rialacha airgeadais atá infheidhme
do bhuiséad ginearálta an Aontais agus a aisghaireann Rialachán (CE, Euratom)
Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (an Rialachán Airgeadais)[37] le Europol. (53) Ba cheart go mbeadh feidhm ag
Rialachán (CE) Uimh 1073/1999 an 25 Bealtaine 1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Frithchalaoise
Eorpach (OLAF)[38]
le Europol. (54) Tá
Europol ag déanamh próiseála ar shonraí a bhfuil cosaint faoi leith ag teastáil
dóibh toisc go gcuimsíonn siad faisnéis rúnaicmithe an AE (FRAE) agus faisnéis
íogair neamh-rúnaicmithe. Mar sin ba cheart do Europol rialacha a bhunú faoi
rúndacht agus phróiseáil na faisnéise sin, agus é ag tógáil san áireamh
prionsabail bhunúsacha agus íoschaighdeáin atá leagtha síos i gCinneadh
2011/292/AE ón gComhairle ar na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an
AE a chosaint.[39] (55) Tá sé oiriúnach measúnú rialta
a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. (56) Ba cheart na forálacha
riachtanacha a leagan síos i gcomhaontú ceanncheathrún maidir le cóiríocht do
Europol sa Bhallstáit a mbeidh a cheanncheathrú aige ann agus na rialacha
sonracha atá infheidhme do bhaill foirne go léir Europol. Sa bhreis air sin, ba
cheart don Bhallstát aíochta na coinníollacha is fearr is féidir a chur ar fáil
chun áirithiú go bhfuil an Oifig Tacaíochta ag feidhmiú i gceart, lena
n-áirítear scoileanna le haghaidh leanaí agus iompar, chun acmhainní daonna
ardchaighdeáin a tharraingt ó cheantar geografach chomh leathan agus is féidir. (57) Toisc go dtéann Europol mar a
bhunaítear leis an Rialachán seo in ionad Europol mar a bunaíodh ar bhonn
Chinneadh 2009/371 CGB ón gComhairle agus CEPOL mar a bunaíodh ar bhonn
Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle agus go dtagann sé ina ndiaidh, ba cheart
go mbeadh sé mar chomharba dlíthiúil dá gcuid conarthaí go léir, lena
n-áirítear na conarthaí fostaíochta, na dliteanais agus na haonaid réadmhaoine
a fuarthas. Beidh comhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh chun críche ag Europol
mar a bunaíodh ar bhonn Chinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle agus CEPOL mar a
bunaíodh ar bhonn Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle fós i bhfeidhm, ach
amháin an Comhaontú Ceanncheathrún a tugadh chun críche ag CEPOL. (58) Chun cur ar chumas Europol
leanúint ar aghaidh ag comhlíonadh chúraimí Europol mar a bunaíodh ar bhonn Chinneadh
2009/371/CGB agus CEPOL mar a bunaíodh ag Cinneadh 2005/681/CGB chomh maith is
féidir leis, ba cheart bearta idirthréimhseacha a leagan síos, go háirithe
maidir leis an mBord Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus maidir le
fálú a dhéanamh ar chuid de bhuiséad Europol le haghaidh oiliúna ar feadh trí
bliana tar éis teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. (59) Ós rud é nach féidir leis na
Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin ná eintiteas a bhunú atá
freagrach as comhar agus oiliúint maidir le fhorfheidhmiú an dlí ar leibhéal an
Aontais, a bhaint amach go sásúil agus mar sin, mar gheall ar scála agus
éifeachtaí an ghnímh, gur fearr é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais,
féadfaidh an tAontas glacadh le bearta, i gcomhréir le prionsabal na
coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 de Chonradh an Aontais
Eorpaigh. I gcomh réir phrionsabal na comhréireachta mar atá leagtha amach san
Airteagal sin, ní shíneann an Rialachán seo thar an méid atá riachtanach chun
an cuspóir sin a bhaint amach. (60) [I
gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta
Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar Saoirse, Slándála agus
Ceartais, atá i gceangal le Conradh an Aontais Eorpaigh agus an Conradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag na Ballstáit sin gur mian leo
páirt a ghlacadh i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo] NÓ [Gan
dochar d’Airteagal 4 de Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta
Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar Saoirse, Slándála agus
Ceartais, atá i gceangal le Conradh an Aontais Eorpaigh agus an Conradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní ghlacfaidh na Ballstáit sin páirt i nglacadh
an Rialacháin sin agus ní bheidh siad faoina cheangal nó faoi réir a chur i
bhfeidhm]. (61) I gcomhréir
le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 den Phrótacal (No 22) ar sheasamh na
Danmhairge atá i gceangal le Conradh an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh
ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg chun páirt a ghlacadh i
nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sí faoina cheangal nó faoi réir a
chur i bhfeidhm. (62) Déanann an Rialachán seo na
cearta bunúsacha a urramú agus cloíonn sé leis na prionsabail atá aitheanta go
háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an
ceart chun cosaint sonraí pearsanta agus an ceart chun príobháideachta mar atá
cosanta ag Airteagal 8 agus 7 den Chairt, chomh maith le hAirteagal 16 den
Chonradh. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Caibidil I FORÁLACHA AGUS CUSPÓIRÍ GINEARÁLTA EUROPOL Airteagal 1 Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um
Chomhar agus Oiliúint na Seirbhísí Forfheidhmithe Dlí a bhunú 1. Leis seo bunaítear
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar agus Oiliúint na Seirbhísí Forfheidhmithe
Dlí (Europol) chun feabhas a chur ar chomhar údaráis um fhorfheidhmiú an dlí
lena chéile san Aontas Eorpach, chun a gcuid beart a neartú agus a thacú agus
chun beartas oiliúna comhtháite Eorpach a sheachadadh. 2. Rachaidh Europol, mar a
bhunaítear leis an Rialachán seo, in ionad Europol mar a bunaíodh le Cinneadh
2009/371/CGB agus CEPOL mar a bunaíodh ag Cinneadh 2005/681/CGB. Airteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo: (a)
ciallaíonn 'údaráis inniúla na mBallstát gach
údarás póilíní agus seirbhísí eile um fhorfheidhmiú an dlí sna Ballstáit atá
freagrach faoin dlí náisiúnta as ciontaí coiriúla a chosc agus a chomhrac; (b)
ciallaíonn ‘anailís’ cur le
chéile, próiseáil nó úsáid sonraí agus é mar aidhm cabhrú le himscrúduithe
coiriúla; (c)
ciallaíonn ‘comhlachtaí an Aontais’ institiúidí,
eintitis, misin, oifigí agus gníomhaireachtaí arna mbunú ag Conradh an Aontais
Eorpaigh agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó ar bhonn na
gconarthaí sin; (d)
ciallaíonn ‘oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí’
oifigigh ó sheirbhísí póilíneachta, custaim agus sheirbhísí ábhartha eile, lena
n-áirítear comhlachtaí an Aontais, atá freagrach as coireacht thromchúiseach a
théann i bhfeidhm ar dhá Bhallstát nó níos mó a chosc agus a chomhrac, chomh
maith le sceimhlitheoireacht agus foirmeacha coireachta eile a théann i
bhfeidhm ar chomhleas atá clúdaithe ag beartas Aontais agus as bainistíocht ar
ghéarchéimeanna agus póilíneacht idirnáisiúnta ar imeachtaí móra; (e)
ciallaíonn ‘tríú tíortha’ tíortha nach Ballstáit
den Aontas Eorpach iad; (f)
ciallaíonn ‘eagraíochtaí’ eagraíochtaí
idirnáisiúnta agus a gcuid fochomhlachtaí a bhunaítear ag comhaontú idir dhá
thír nó níos mó nó ar bhonn an chomhaontaithe sin; (g)
ciallaíonn ‘páirtithe príobháideacha’ eintitis agus
comhlachtaí arna mbunú faoi dhlí Ballstáit nó tríú tíre, go háirithe
comhlachtaí agus gnólachtaí, comhlachais ghnó, eagraíochtaí neamhbhrabúis agus
daoine dlíthiúla eile, nach dtagann faoi phointe (f)den Airteagal seo; (h)
ciallaíonn ‘daoine príobháideacha’ gach duine
nádúrtha. (i)
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’
aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha aitheanta nó inaitheanta a
thagrófar dó ina dhiaidh seo mar “an duine is ábhar do na sonraí”; is é atá i
nduine inaitheanta ná duine ar féidir a aithint go díreach nó go hindíreach, go
háirithe trí thagairt d’uimhir aitheantais nó chuig fachtóir amháin nó níos mó
atá sonrach dá aitheantas fisiceach, fiseolaíoch, meabhrach, eacnamaíochta,
cultúrtha nó sóisialta; (j)
ciallaíonn ‘próiseáil sonraí pearsanta’ a thagrófar
di ina dhiaidh seo mar ‘phróiseáil’ aon oibríocht nó sraith oibríochtaí a
dhéantar ar shonraí pearsanta, cibé acu go ndéantar nó nach ndéantar trí mhodh
uathoibríoch é, mar bhailiú, thaifeadadh, eagrú, stóráil, leasú nó athrú,
aisghabháil, breathnú orthu, úsáid, nochtadh trí tharchur, scaipeadh nó iad a
chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú, meascadh, bacadh, léirscriosadh nó
scriosadh; (k)
ciallaíonn ‘faighteoir’ duine nádúrtha nó
dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó aon chomhlacht eile a nochtar
sonraí dóibh, cibé acu go bhfuil nó nach bhfuil siad ina dtríú páirtí, ní
mheasfar, áfach, gur faighteoirí iad údaráis a fhéadann sonraí a fháil i gcreat
fiosrúcháin ar leith; (l)
ciallaíonn ‘aistriú sonraí pearsanta’ cur in iúl
sonraí pearsanta, a chuirtear ar fáil go gníomhach, idir líon teoranta de
pháirtithe aitheanta, agus é ar eolas ag an seoltóir nó é de rún acu rochtain
ar na sonraí pearsanta a thabhairt don fhaighteoir; (m)
ciallaíonn ‘córas um chomhdú sonraí pearsanta’ a
thagrófar dó ina dhiaidh seo mar ‘chóras comhdaithe’ aon sraith struchtúrtha de
shonraí pearsanta atá inrochtana de réir critéar sonrach, cibé acu an bhfuil sí
láraithe nó díláraithe nó an scaiptear ar bhonn feidhmiúil nó geografach í; (n)
ciallaíonn ‘cead an duine is ábhar do na sonraí’
aon chomhartha sonrach agus eolasach ar a chuid mianta arna thabhairt gan
srianadh trína dtugann an duine is ábhar do na sonraí le fios go bhfuil sé
sásta go ndéanfaí próiseáil ar shonraí pearsanta a bhaineann leis/léi; (o)
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta riaracháin’ na sonraí
pearsanta go léir á bpróiseáil ag Europol seachas iad siúd a phróiseáiltear
chun na cuspóirí a chomhlíonadh atá leagtha síos in Airteagal
3(1) agus (2). Airteagal 3 Cuspóirí
1. Tacóidh agus neartóidh sé
gníomh ag údaráis inniúla na mBallstát chomh maith lena gcomhar lena chéile
chun coireacht thromchúiseach a théann i bhfeidhm ar dhá Bhallstát nó níos mó a
chosc agus a chomhrac, i dteannta le sceimhlitheoireacht agus cineálacha eile
coireachta a théann i bhfeidhm ar chomhleas atá clúdaithe ag beartas Aontais,
mar atá sonraithe in Aguisín 1. 2. Tacóidh agus neartóidh
Europol chomh maith gníomh ag údaráis inniúla na mBallstát a agus a gcomhar
lena chéile chun cionta eile a bhaineann leis na cionta a bhfuil tagairt dóibh
faoi phointe (a). Breathnófar ar na cionta seo a leanas mar chionta coiriúla: (a)
cionta coiriúla a dhéantar chun an modh a fháil
chun gníomhartha a dhéanamh a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh (b)
cionta coiriúla a dhéantar chun gníomhartha a
bhfuil Europol inniúil ina dtaobh a éascú nó a dhéanamh; (c)
cionta coiriúla a dhéantar chun áirithiú go bhfuil
gníomhartha a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh gan baol pionóis 3. 3. Déanfaidh Europol
gníomhaíochtaí oiliúna eile le haghaidh oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí a
thacú, a fhorbairt, a sheachadadh agus a chomhordú. Caibidil II CÚRAIMÍ
A BHAINEANN LE COMHAR I bhFORFHEIDHMIÚ AN DLÍ Airteagal 4 Cúraimí 1. Is é Europol an
ghníomhaireacht Aontais Eorpaigh a chomhlíonfaidh na cúraimí seo a leanas i
gcomhréir leis an Rialachán seo: (a)
faisnéis a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil,
anailís a dhéanamh uirthi agus í a mhalartú; (b)
fógra a thabhairt gan mhoill do na Ballstáit faoi
fhaisnéis a bhaineann leo sin agus faoi aon cheangail idir ciontaí coiriúla; (c)
gníomh imscrúdaitheach agus oibriúcháin, a eagrú
agus a chur chun feidhme (i) a dhéantar i gcomhpháirt le húdaráis
inniúla na mBallstát; nó (ii) i bhfianaise comhfhoirne
imscrúdaitheacha, i gcomhréir le hAirteagal 5, áit ar cuí i gcomhar le
Eurojust; (d)
páirt a ghlacadh i gcomhfhoirne imscrúdaitheacha
agus bunú na bhfoirne sin a mholadh de réir Airteagail 5; (e)
tacaíocht fhaisnéise agus anailíse a chur ar fáil
do Bhallstáit i gceangal le mórimeachtaí idirnáisiúnta; (f)
measúnuithe bagartha, anailís straitéiseach agus
oibriúcháin agus tuairiscí ginearálta staide a ullmhú; (g)
saineolas faoi mhodhanna um chosc na coireachta,
nósanna imeachta imscrúdaitheacha agus modhanna teicniúla agus fóiréinseacha a
fhorbairt, a roinnt agus a chur chun cinn agus comhairle a chur ar fáil do
Bhallstáit; (h)
tacaíocht theicniúil agus airgeadais a chur ar fáil
d’oibríochtaí agus d’imscrúduithe trasteorann Ballstát, lena n-áirítear
comhfhoirne imscrúdaitheacha; (i)
oiliúint d’oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí a
thacú, a chomhordú agus a chur chun feidhme i gcomhpháirt le líonra na
n-institiúidí oiliúna sna Ballstát mar atá leagtha amach i gCaibidil III; (j)
faisnéis choiriúil agus tacaíocht anailíse sna
réimse a thagann faoina gcúram a chur ar fáil do chomhlachtaí an Aontais OLAF
agus do na hinstitiúidí AE a bunaíodh ar bhonn Theidil V den Chonradh agus don
Oifig Frith-Chalaoise Eorpach; (k)
faisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil do
struchtúir bainistíochta géarchéime an AE, agus do mhisin bainistíochta
géarchéime an AE arna mbunú ar bhonn an Chonartha ar an Aontas Eorpach (l)
lárionaid saineolais Aontais a fhorbairt chun
cineálacha áirithe coireachta a thagann faoi chuspóirí Europol a chomhrac,
Lárionad Cibearchoireachta na hEorpa go háirithe. 2. Cuirfidh Europol anailís
straitéiseach agus measúnuithe bagartha ar fáil chun cabhrú leis an gComhairle
agus an gCoimisiún tosaíochtaí straitéiseacha agus oibriúcháin an Aontais um
chomhrac na coireachta a leagan síos. Cabhróidh Europol freisin le cur chun
feidhme oibriúcháin na dtosaíochtaí sin. 3. Cuirfidh Europol faisnéis
straitéiseach ar fáil chun cabhrú le húsáid éifeachtach agus éifeachtúil na
n-acmhainní atá ar fáil ar leibhéal náisiúnta agus Aontais le haghaidh
gníomhaíochtaí oibriúcháin agus tacaíochta do na gníomhartha sin. 4. Gníomhóidh Europol mar an
Lároifig chun góchumadh an euro a chomhrac i gcomhréir le Cinneadh 2005/511/CGB
an 12 Iúil 2005 ar an euro a chosaint i gcoinne góchumtha.[40] Freisin molfaidh
Europol comhordú a dhéanamh ar na bearta a ghlactar chun góchumadh an euro a
chomhrac ag údaráis inniúla na mBallstát nó i bhfianaise comhfhoirne
imscrúdaithe, áit ar cuí i gcuibhreann le comhlachtaí an Aontais agus údaráis
tríú tíortha. Airteagal 5 Rannpháirtíocht i gcomhfhoirne imscrúdaitheacha 1. Féadfaidh Europol páirt a
ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhfhoirne imscrúdaitheacha a dhéileálann le
coireacht a thagann faoi chuspóirí Europol. 2. Féadfaidh Europol, laistigh
de na teorainneacha a bhfuil foráil déanta dóibh ag dlí na mBallstát a bhfuil
an chomhfhoireann imscrúdaitheach ag oibriú laistigh díobh, cabhrú le gach
gníomhaíocht agus le malartú faisnéise le gach ball den chomhfhoireann
imscrúdaitheach. 3. Áit a bhfuil cúiseanna ag
Europol chun creidiúint go gcuirfí luach le himscrúdú dá mbunófaí comhfhoireann
imscrúdaitheach, d’fhéadfadh sé é sin a mholadh do na Ballstáit atá i gceist
agus bearta a ghlacadh chun cabhrú leo an chomhfhoireann imscrúdaitheach a
bhunú. 4. Ní chuirfidh Europol bearta
comhéigneacha i bhfeidhm.. Airteagal 6 Iarrataí Europol ar imscrúduithe coiriúla a thionscain 1. I gcásanna sonracha áit a
measann Europol gur cheart imscrúdú coiriúil a thionscain ar choir a thagann
faoina chuspóirí, cuirfidh sé Eurojust ar a eolas mar gheall air. 2. Ag an am céanna, iarrfaidh
Europol ar Aonaid Náisiúnta na mBallstát atá i gceist arna mbunú ar bhonn
Airteagail 7(2) imscrúduithe coiriúla a thionscain, a dhéanamh nó a chomhordú. 3. Cuirfidh na hAonaid Náisiúnta
Europol a chur ar a eolas gan mhoill faoi thionscain an imscrúdaithe. 4. Má chinneann údaráis inniúla
na mBallstát atá i gceist gan an iarraidh a dhéanann Europol a chomhlíonadh,
tabharfaidh siad na fáthanna leis an gcinneadh do Europol laistigh d’aon mhí
amháin ón iarraidh a fháil. Féadfar gan na cúiseanna a thabhairt más amhlaidh
dá dtabharfaí iad: (a)
go ndéanfaí dochar do leasanna bunúsacha slándála
náisiúnta; nó (b)
go gcuirfí rath imscrúduithe atá ar siúl nó
sábháilteacht daoine aonair i mbaol. 5. Cuirfidh Europol Eurojust ar
a eolas faoi chinneadh údaráis inniúil Ballstáit chun imscrúdú a thionscain nó
chun diúltú imscrúdú a thionscain. Airteagal 7 Comhar na mBallstát le Europol 1. Comhoibreoidh na Ballstáit le
Europol agus a chuid cúraimí á chomhlíonadh aige. 2. Bunóidh agus sannfaidh gach
Ballstát Aonad Náisiúnta a bheidh mar chomhlacht idirchaidrimh idir Europol
agus na húdaráis inniúla sna Ballstáit agus le hinstitiúidí oiliúna le haghaidh
oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí. Ceapfaidh gach Ballstát oifigeach mar cheann
an Aonaid Náisiúnta. 3. Áiritheoidh na Ballstáit go
bhfuil a gcuid Aonad Náisiúnta in ann na cúraimí mar atá leagtha amach sa
Rialachán a chomhlíonadh, go háirithe go bhfuil rochtain acu ar bhunachair
sonraí náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí. 4. Féadfaidh Europol comhoibriú
go díreach le húdaráis inniúla na mBallstát i dtaobh imscrúduithe aonair. Sa
chás sin, cuirfidh Europol an tAonad Náisiúnta ar a eolas gan mhoill agus
cuirfidh sé cóip ar fáil d’aon fhaisnéis arna malartú le linn teagmhála dírí
idir Europol agus na húdaráis inniúla faoi seach. 5. Déanfaidh Bhallstáit, trí
mheán a nAonad Náisiúnta nó trí údaráis inniúil Ballstáit, an méid seo a leanas
go háirithe: (a)
cuirfidh siad an fhaisnéis ar fáil do Europol atá
riachtanach dó chun a chuid cuspóirí a chomhlíonadh. Áirítear leis sin faisnéis
maidir le réimsí coireachta a dtugann an tAontas tosaíocht dóibh a chur ar fáil
gan mhoill. Áirítear leis freisin cóip de mhalairtí déthaobhacha nó iltaobhacha
le Ballstát nó le Ballstáit eile a chur ar fáil a mhéid is go mbaineann an
mhalairt do choireacht a thagann faoi chuspóirí Europol; (b)
áiritheoidh siad cumarsáid agus comhar éifeachtach
gach údaráis inniúil ábhartha sna Ballstáit agus na n-institiúidí oiliúna d’oifigigh
um fhorfheidhmiú an dlí le Europol; (c)
músclóidh siad feasacht faoi ghníomhaíochtaí
Europol. 6. Reáchtálfaidh cinn Aonad
Náisiúnta cruinnithe rialta, go háirithe chun fadhbanna a phlé agus a réiteach
a thagann chun cinn i bhfianaise a gcomhoibrithe oibriúcháin le Europol. 7. Sannfaidh gach Ballstát
eagraíocht agus baill foirne an Aonaid Náisiúnta i gcomhréir lena reachtaíocht
náisiúnta. 8. Is iad na Ballstáit a
iompróidh na costais a thabhóidh Aonaid Náisiúnta agus costais údaráis inniúla
sna Ballstáit i gcumarsáidí le Europol agus, seachas costas an cheangail, ní
dhéanfar iad a mhuirearú do Europol. 9. Cinnteoidh na Ballstáit
íosleibhéal slándála i ngach córas a úsáidtear chun nascadh le Europol. 10. Ceapfaidh Europol tuarascáil
gach bliain faoi mhéid agus cháilíocht na faisnéise arna gcur ar fáil ag gach
Ballstát de bhun mhír 5(a) agus ar fheidhmíocht a Aonaid Náisiúnta. Seolfar an
tuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gCoimisiún agus
chuig parlaimintí náisiúnta. Airteagal 8 Oifigigh idirchaidrimh 1. Sannfaidh gach Aonad
Náisiúnta oifigeach idirchaidrimh amháin ar a laghad do Europol. Ach amháin mar
a leagtar a mhalairt síos sa Rialachán seo, beidh gach oifigeach idirchaidrimh
faoi réir dhlí náisiúnta na mBallstát a mbeidh an t-oifigeach á shannadh acu. 2. Beidh na biúrónna náisiúnta
idirchaidrimh i Europol comhdhéanta d’oifigigh idirchaidrimh agus tabharfaidh a
gcuid Aonad Náisiúnta laistigh de Europol treoir dóibh i gcomhréir le dlí
náisiúnta an Bhallstáit tionscnaimh agus na bhforálacha atá infheidhme do riar
Europol. 3. Cabhróidh oifigigh
idirchaidrimh le malartú faisnéise idir Europol agus na Ballstáit. 4. Cabhróidh oifigigh
idirchaidrimh le malartú faisnéise idir a chuid Ballstát agus oifigigh
idirchaidrimh Ballstát eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Féadfar
struchtúr Europol a úsáid, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le haghaidh
malairtí déthaobhacha den sórt sin chun coireanna atá lasmuigh de chuspóirí
Europol a chlúdach. Saineoidh an Bord Bainistíochta cearta agus oibleagáidí
oifigigh idirchaidrimh i ndáil le Europol. 5. Beidh na pribhléidí agus na
díolúintí ag oifigigh idirchaidrimh atá riachtanach chun a gcuid cúraimí a
chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 65. 6. Áiritheoidh Europol go bhfuil
oifigigh idirchaidrimh go hiomlán ar a n-eolas faoina chuid gníomhaíochtaí, a
mhéid is atá sé sin riachtanach chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh. 7. Clúdóidh Europol na costais
as na háitribh riachtanacha i bhfoirgneamh Europol a thabhairt do Bhallstáit
chomh maith le dóthain tacaíochta a thabhairt d’oifigigh idirchaidrimh chun a
gcuid dualgas a chomhlíonadh. Iompróidh an Ballstát sannta gach costas eile a
thagann chun cinn maidir le hoifigigh idirchaidrimh a shannadh, lena n-áirítear
costais as trealaimh d’oifigigh idirchaidrimh, ach má chinneann an t-údarás
buiséadach a mhalairt de réir mholadh an Bhoird Bainistíochta. Caibidil
III CÚRAIMÍ A BHAINEANN LE hOILIÚINT
D’OIFIGIGH UM FHORFHEIDHMIÚ AN DLÍ Airteagal 9 Acadamh Europol 1. Déanfaidh rannóg laistigh de
Europol, ar a dtabharfar Acadamh Europol, mar a bhunaítear leis an Rialachán
seo, oiliúint le haghaidh oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí a thacú, a
fhorbairt, a sheachadadh agus a chomhordú, go háirithe laistigh de réimsí an
chomhraic i gcoinne coireachta tromchúisí a théann i bhfeidhm ar dhá Bhallstát
nó níos mó agus sceimhlitheoireacht, bainistíocht ar imeachtaí oird phoiblí
agus spóirt a bhfuil riosca mór i gceist leo, pleanáil straitéiseach agus
ceannas ar mhisin an Aontais nach misin mhíleata iad, chomh maith le ceannaireacht
um fhorfheidhmiú an dlí agus scileanna teanga agus go háirithe chun: (a)
feasacht agus eolas a mhéadú faoi na nithe seo a
leanas: (i) ionstraimí idirnáisiúnta agus Aontais ar
chomhar i bhforfheidhmiú an dlí; (ii) na comhlachtaí Aontais go háirithe
Europol, Eurojust agus Frontex, a bhfeidhmiú agus a ról; (iii) gnéithe breithiúnacha de chomhar i bhforfheidhmiú
an dlí agus eolas praiticiúil faoi rochtain ar chainéil fhaisnéise; (b)
forbairt comhar réigiúnach agus déthaobhach a
spreagadh i measc Ballstát agus idir Ballstáit agus tríú tíortha; (c)
dul i ngleic le réimsí sonracha coiriúla nó réimsí
téamacha póilíneachta áit a bhféadfadh oiliúint ar leibhéal an Aontais luach a
chur leo; (d)
comhchuraclaim shonracha a cheapadh le haghaidh
oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí chun oiliúint a chur orthu le haghaidh
rannpháirtíochta i misin shibhialta an Aontais; (e)
tacú leis na Ballstáit i ngníomhaíochtaí um
forbairt acmhainne maidir le forfheidhmiú déthaobhach an dlí i dtríú tíortha; (f)
oiliúint a chur ar na hoiliúnóirí agus cabhrú le
dea-chleachtais fhoghlama a fheabhsú agus a mhalartú. 2. Forbróidh agus nuashonróidh
Acadamh Europol uirlisí agus modheolaíochtaí foghlama go rialta agus cuirfidh
sé i bhfeidhm iad siúd ó thaobh na foghlama fadsaoil chun scileanna na
n-oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí a neartú. Déanfaidh Acadamh Europol
measúnacht ar thorthaí na ngníomhartha sin agus é mar aidhm feabhas a chur ar
cháilíocht, chomhtháiteacht agus éifeachtacht gníomhartha amach anseo. Airteagal 10 Cúraimí Acadamh Europol 1. Ullmhóidh Europol anailís
straitéiseach ilbhliantúil ar riachtanais oiliúna straitéiseacha agus cláir
fhoghlama ilbhliantúla. 2. Forbróidh Acadamh Europol
agus cuirfidh sé i bhfeidhm gníomhaíochtaí oiliúna agus táirgí foghlama, a
d’fhéadfadh na gnéithe seo a leanas a áireamh: (a)
cúrsaí, seimineáir, comhdhálacha, gníomhaíochtaí
bunaithe ar an ngréasán agus gníomhaíochtaí r-fhoghlama; (b)
comhchuraclaim chun feasacht a mhúscailt, dul i
ngleic le bearnaí agus/nó cur chuige coiteann a éascú maidir le feiniméin
choiriúla trasteorann; (c)
modúil oiliúna atá céimnithe de réir céimeanna
comhleanúnacha nó leibhéil chastachta scileanna a theastaíonn ón spriocghrúpa
ábhartha agus atá dírithe ar cheantar geografach sainithe, réimse shonrach
théamach de ghníomhaíocht choiriúil nó ar shraith shonrach de scileanna
gairmiúla; (d)
cláir mhalairte agus iasachta d’oifigigh um fhorfheidhmiú
an dlí i bhfianaise cur chuige oiliúna atá bunaithe ar oibriúcháin; 3. Chun beartas oiliúna
comhtháite san Eoraip a áirithiú chun tacú le misin shibhialta agus forbairt
acmhainne i dtríú tíortha seo a leanas a dhéanfaidh Acadamh Europol: (a)
measúnacht ar thionchar bheartais agus thionscnaimh
reatha an Aontais i ndáil le hoiliúint ar fhorfheidhmiú an dlí; (b)
oiliúint a fhorbairt agus a chur ar fáil chun
oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí sna Ballstáit a ullmhú i gcomhair
rannpháirtíochta i misin shibhialta, lena n-áirítear cur ar a gcumas scileanna
teanga ábhartha a fháil; (c)
oiliúint a fhorbairt agus a chur ar fáil le
haghaidh oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí as tríú tíortha, go háirithe as na
tíortha ar iarrthóirí iad le haghaidh aontachais leis an Aontas; (d)
bainistíocht ar chistí tiomanta Cúnaimh
Sheachtraigh an AE chun cabhrú le tríú tíortha a n-acmhainn a fhorbairt sna
réimsí beartais ábhartha, i gcomhréir le tosaíochtaí bunaithe an Aontais. 4. Déanfaidh Acadamh Europol
aitheantas frithpháirteach ar oiliúint na seirbhísí forfheidhmithe dlí sna Ballstáit
agus caighdeáin cháilíochta reatha ábhartha na hEorpa a cur chun cinn. Airteagal 11 Taighde atá ábhartha d’oiliúint 1. Cuirfidh Acadamh Europol le
forbairt taighde atá ábhartha do ghníomhaíochtaí oiliúna atá clúdaithe ag an
gCaibidil seo. 2. Déanfaidh Acadamh Europol
comhpháirtíocht a chur chun cinn agus a bhunú le comhlachtaí Aontais agus le
hinstitiúidí acadúla poiblí agus príobháideacha chomh maith agus spreagfaidh sé
cruthú comhpháirtíochtaí níos láidre idir ollscoileanna agus institiúidí
oiliúna sna Ballstáit Caibidil
IV EAGRAÍOCHT EUROPOL Airteagal 12 Struchtúr riaracháin agus bainistíochta Europol Seo a leanas a chuimseoidh struchtúr
riaracháin agus bainistíochta Europol: (a)
Bord Bainistíochta, a chomhlíonfaidh na feidhmeanna
mar atá leagtha amach in Airteagal 14; (b)
Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chomhlíonfaidh sé na
freagrachtaí mar atá leagtha amach in Airteagal 19; (c)
Coiste Eolaíochta um Oiliúint i gcomhréir le hAirteagal
20; (d)
más cuí, aon chomhlacht comhairleach eile a
bunaíodh ag an mBord Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 14(1)(p); (e)
más cuí, Bord Feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal
21 agus le hAirteagal 22. ROINN 1 AN BORD BAINISTÍOCHTA Airteagal 13 Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta 1. Beidh an Bord Bainistíochta
comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát agus beirt ionadaithe ón
gCoimisiún, agus cearta vótála acu go léir. 2. Ceapfar comhaltaí an Bhoird
Bainistíochta ar bhonn a dtaithí ar eagraíochtaí earnála poiblí nó príobháidí
agus a gcuid eolais ar chomhar i bhforfheidhmiú an dlí. 3. Déanfar ionadaíocht ar gach
comhalta den Bhord Bainistíochta ag comhalta ailtéarnach nach mór a cheapadh ar
bhonn a thaithí ar bhainistíocht ar eagraíochtaí earnála poiblí agus príobháidí
agus a gcuid eolais ar an mbeartas náisiúnta ar oiliúint le haghaidh oifigeach
um fhorfheidhmiú an dlí. Gníomhóidh an comhalta ailtéarnach mar chomhalta ar na
saincheisteanna a bhaineann le hoiliúint oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí.
Déanfaidh an comhalta ailtéarnach ionadaíocht ar an gcomhalta agus é as
láthair. Déanfaidh an comhalta ionadaíocht ar an gcomhalta ailtéarnach ar aon
saincheisteanna a bhaineann le hoiliúint oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí agus
é as láthair. 4. Ba cheart do gach páirtí a
bhfuil ionadaíocht déanta orthu ar an mBord Bainistíochta iarracht a dhéanamh
chun láimhdeachas a gcuid ionadaithe a theorannú, chun leanúnachas obair an
Bhoird Bainistíochta a áirithiú. Díreoidh gach páirtí ar ionadaíocht chothrom a
bhaint amach idir fir agus mná ar an mBord Bainistíochta. 5. Mairfidh an tréimhse oifige
do na comhaltaí agus na comhaltaí ailtéarnacha ar feadh ceithre bliana. Féadfar
an tréimhse sin a shíneadh.. Nuair a thiocfaidh deireadh lena dtréimhse oifige
nó i gcás éirí as oifig acu, fanfaidh comhaltaí san oifig go ndéanfar a gcuid
ceapachán a athnuachan nó go gcuirfear comhaltaí nua ina n-ionad. Airteagal 14 Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta 1. Seo a leanas na cúraimí a bheidh
ag an mBord Bainistíochta: (a)
clár oibre Europol don bhliain dar gcionn a
ghlacadh ag tromlach de dhá thrian dá chuid comhaltaí agus i gcomhréir le hAirteagal
15; (b)
clár oibre ilbhliantúil a ghlacadh, ag tromlach de
dhá thrian dá chuid comhaltaí agus i gcomhréir le hAirteagal 15; (c)
buiséad bliantúil Europol a ghlacadh ag tromlach de
dhá thrian dá chuid comhaltaí agus feidhmeanna eile a chomhlíonadh i dtaobh
bhuiséad Europol de bhun Chaibidil XI; (d)
tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite
ar ghníomhaíochtaí Europol a ghlacadh agus í a sheoladh, faoin 1 Iúil den
bhliain dar gcionn, chuig Parlaimint na hEorpa, an gComhairle, an gCoimisiún,
an gCúirt Iniúchóirí agus na Parlaimintí náisiúnta. Cuirfear an tuarascáil
ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite ar fáil don phobal;; (e)
na rialacha airgeadais atá infheidhme do Europol a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 63; (f)
faoin 31 Eanáir, tar éis tuairim an Choimisiúin a
thógáil san áireamh, an plean ilbhliantúil ar bheartas foirne a ghlacadh; (g)
straitéis fhrithchalaoise a ghlacadh, i gcomhréir
leis na rioscaí calaoise ag tógáil san áireamh costais agus tairbhí na mbeart
atá le cur chun feidhme; (h)
rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a
chosc agus a bhainistiú i dtaobh a chuid comhaltaí, chomh maith le comhaltaí
den Choiste Eolaíochta um Oiliúint; (i)
i gcomhréir le mhír 2, i dtaobh bhaill foirne
Europol, na cumhachtaí a fheidhmiú arna ndeonú ag an Rialacháin Foirne ar an
Údarás Ceapacháin agus ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile ar an
Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt chun Críche
(cumhachtaí an údaráis cheapacháin); (j)
rialacha cuí cur chun feidhme a ghlacadh chun
feidhm a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta
Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne; (k)
an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Leas-Stiúrthóir
Feidhmiúcháin a cheapadh agus áit atá sé ábhartha a dtréimhse oifige a shíneadh
nó iad a bhaint den oifig i gcomhréir le hAirteagal 56 agus Airteagal 57; (l)
táscairí feidhmíochta a bhunú agus maoirseacht a
dhéanamh ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin lena n-áirítear cinntí an
Bhoird Bainistíochta a chur chun feidhme; (m)
Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh faoi réir na
Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile a bheidh
neamhspleách go feidhmiúil i gcomhlíonadh a chuid dualgas; (n)
comhaltaí an Choiste Eolaíochta um Oiliúint a
cheapadh; (o)
áirithiú go ndéantar obair leantach ar na
fionnachtana agus na moltaí ag eascairt ó thuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí
nó seachtraí agus mheasúnaithe, agus ó fhiosruithe na hOifige Frithchalaoise
Eorpaí (OLAF); (p)
gach cinneadh a ghlacadh faoi bhunú struchtúir
inmheánacha Europol agus faoi leasú orthu, áit is gá; (q)
a chuid rialacha nós imeachta a ghlacadh; 2. Glacfaidh an Bord
Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh
atá bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de
Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile chun cumhachtaí an údaráis
cheapacháin ábhartha a tharmligean don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus chun na
coinníollacha a shainiú faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar
fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun na cumhachtaí sin a
fho-tharmligean. Áit a theastaíonn mar gheall ar chúinsí
eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí mheán cinnidh, tarmligean
chumhachtaí an údaráis cheapacháin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar
fionraí go sealadach agus iad siúd arna dtarmligean ag an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin a chleachtadh é féin nó na cumhachtaí sin a tharmligean chuig
duine dá gcuid comhaltaí nó chuig ball foirne eile seachas an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin. Airteagal 15 Clár oibre bliantúil agus clár oibre ilbhliantúil 1. Glacfaidh an Bord
Bainistíocht an clár oibre bliantúil faoin 30 Samhain ar a dhéanaí gach bliain,
ar bhonn dréachta arna chur ar aghaidh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ag
tógáil san áireamh tuairim an Choimisiúin. Cuirfidh sé ar aghaidh chuig
Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, an gCoimisiún agus na parlaimintí
náisiúnta é. 2. Cuimseoidh an clár oibre
bliantúil cuspóirí sonracha agus torthaí ionchais lena n-áirítear táscairí
feidhmíochta. Cuimseoidh sé freisin cur síos ar na gníomhartha le cistiú chomh
maith le léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna le leithdháileadh do
gach gníomh, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus na bainistíochta
bunaithe ar ghníomhaíocht. Beidh an clár oibre bliantúil ar aon dul leis an
gclár oibre ilbhliantúil a bhfuil tagairt déanta dó in alt. Sonróidh sé go
soiléir na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid
leis an mbliain airgeadais roimhe. 3. Leasóidh an Bord
Bainistíochta an clár oibre bliantúil glactha má thugtar cúraim nua do Europol.
Glacfar le haon leasú substaintiúil ar an gclár
oibre bliantúil tríd an nós imeachta céanna lenar glacadh an clár oibre
bliantúil bunúsach. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht chun leasuithe
neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig
an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. 4. Freisin glacfaidh an Bord
Bainistíochta an clár oibre ilbhliantúil agus déanfaidh siad nuashonrú air
faoin 30 Samhain gach bliain, ag tógáil san áireamh tuairim an Choimisiúin agus
tar éis dó dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le parlaimintí
náisiúnta. Cuirfear an clár oibre ilbhliantúil glactha ar
aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, an gComhairle, an gCoimisiún agus
Parlaimintí náisiúnta. Leagfaidh an clár oibre ilbhliantúil amach torthaí
straitéiseacha agus torthaí ionchais lena n-áirítear táscairí feidhmíochta.
Freisin tabharfar comhartha ann den mhéid agus de na baill foirne a
leithdháilfear do gach cuspóir, i gcomhréir leis an gcreat airgeadais
ilbhliantúil agus an phlean ilbhliantúil ar bheartas foirne. Cuimseoidh sé an straitéis
le haghaidh caidrimh le tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a
thagraítear dóibh in Airteagal 29. Cuirfear an clár oibre ilbhliantúil i bhfeidhm trí
chláir oibre bliantúla agus áit is cuí, déanfar nuashonrú air tar éis thoradh
measúnachtaí seachtracha agus inmheánacha. Léireofar conclúid na measúnachtaí
sin, áit is cuí, sa chlár oibre bliantúil don bhliain dar gcionn. Airteagal 16 Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta 1. Toghfaidh an Bord
Bainistíochta Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach óna chuid comhaltaí.
Toghfar an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach ag tromlach de dhá thrian
de chomhaltaí an Bhoird Bhainistíochta a bhfuil cearta vótála acu. Rachaidh an Leaschathaoirleach uaidh féin in ionad
an Chathaoirligh má choimeádtar é óna chuid dualgas a chomhlíonadh. 2. Mairfidh tréimhsí oifige an
Chathaoirligh agus an Leaschathaoirligh ar feadh ceithre bliana Féadfar a
dtréimhse oifige athnuachan uair amháin. Más amhlaidh, áfach, go dtagann
deireadh lena gcomhaltacht ar an mBord Bainistíochta aon uair lena dtréimhse
oifige mar Chathaoirleach nó Leaschathaoirleach, rachaidh a dtréimhse oifige in
éag go huathrialach ar an dáta sin. Airteagal 17 Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta 1. Tionólfaidh an Cathaoirleach
cruinnithe an Boird Bhainistíochta. 2. Glacfaidh Stiúrthóir
Feidhmiúcháin Europol páirt sa phlé. 3. Reáchtálfaidh an Bord
Bainistíochta dhá ghnáthchruinniú ar a laghad in aghaidh na bliana. Ina
theannta sin, reáchtálfaidh sé cruinnithe ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna
iarraidh sin don Choimisiún nó do thrian dá chomhaltaí ar a laghad. 4. Féadfaidh an Bord
Bainistíochta cuireadh a thabhairt d’aon duine a bhféadfadh go mbeadh a
dtuairim ábhartha don phlé chun freastal ar a chruinniú mar bhreathnadóir gan
cheart vótála. 5. Féadfaidh comhairleoirí nó
saineolaithe cabhrú le comhaltaí den Bhoird Bainistíochta, faoi réir fhorálacha
a chuid Rialacha Nós Imeachta. 6. Cuirfidh Europol an rúnaíocht
ar fáil don Bhord Bainistíochta. Airteagal 18 Rialacha vótála 1. Gan dochar d’Airteagal
14(1)(a), (b) agus (c) agus d’Airteagal 16(1) agus Airtegal 56(8) glacfaidh an
Bord Bainistíochta cinntí ag tromlach comhaltaí. 2. Beidh aon vóta amháin ag gach
comhalta. In éagmais comhalta vótála, beidh a ailtéarnach i dteideal chun a cheart
vótála a fheidhmiú. 3. Glacfaidh an Cathaoirleach
páirt i vótáil. 4. Ní ghlacfaidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin páirt i vótáil. 5. Bunófar socruithe vótála níos
sonraí le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, go háirithe na cúinsí
ina bhféadfadh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile, agus aon riachtanais
chóraim, áit is gá. ROINN 2 AN STIÚRTHÓIR FEIDHMIÚCHÁIN Airteagal 19 Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin 1. Déanfaidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin bainistíocht ar Europol. Beidh sé cuntasach don Bhord Bainistíochta. 2. Gan dochar do chumhachtaí an
Choimisiúin, an Bhoird Bainistíochta, nó an Bhoird Feidhmiúcháin, beidh an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin go hiomlán neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid dualgas
agus ní iarrfaidh sé nó ní thógfaidh sé treoracha ó aon rialtas ná aon
chomhlacht eile. 3. Tabharfaidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin tuairisc do Pharlaimint na hEorpa ar fheidhmiú a chuid dualgas
nuair a thabharfar cuireadh dó déanamh amhlaidh. Féadfaidh an Chomhairle
cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt ar
fheidhmiú a chuid dualgas. 4. Beidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin mar ionadaí dlí do Europol. 5. Beidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí arna sannadh do Europol
ag an Rialachán seo. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach go háirithe
as: (a)
riarachán laethúil Europol; (b)
cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a
chur i bhfeidhm; (c)
an clár oibre bliantúil agus an clár oibre
ilbhliantúil a ullmhú agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar
éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún; (d)
an clár oibre bliantúil agus an clár oibre
ilbhliantúil a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord
Bainistíochta ar a gcur chun feidhme; (e)
an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar
ghníomhaíochtaí Europol a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird
Bainistíochta le faomhadh; (f)
plean gníomhaíochta a ullmhú chun conclúidí na
dtuarascálacha agus na measúnuithe iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí a
leanúint, chomh maith le tuarascálacha imscrúdaithe agus moltaí ó imscrúduithe
ag OLAF agus tuairisc a dhéanamh ar dhul chun cinn dhá uair sa bhliain don
Choimisiún agus ar bhonn rialta don Bhord Bainistíochta; (g)
leas airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta
coisctheacha i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí
mídhleathacha eile a chur i bhfeidhm agus, gan dochar d’inniúlacht
imscrúdaitheach OLAF, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, má bhraitear
mírialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a fháil ar ais agus, más
cuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais éifeachtacha, chomhréireacha agus
athchomhairleacha; (h)
straitéis frithchalaoise le haghaidh Europol a
ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta le faomhadh; (i)
dréachtrialacha airgeadais atá infheidhme do
Europol a ullmhú; (j)
dréachtráiteas Europol faoi mheastacháin ioncaim
agus caiteachais a ullmhú agus a bhuiséad a chur chun feidhme; (k)
dréachphlean ilbhliantúil ar bheartas foirne a
ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i
gcomhairle leis an gCoimisiún; (l)
tacú le Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta agus
cruinnithe an Bhoird Bainistíochta á n-ullmhú; (m)
an Bord Bainistíochta a chur ar a eolas ar bhonn
rialta maidir le cur chun feidhme tosaíochtaí straitéiseacha agus oibriúcháin
Aontais chun coireacht a chomhrac. ROINN 3 AN
COISTE EOLAÍOCHTA UM OILIÚINT Airteagal 20 An Coiste Eolaíochta um Oiliúint 1. Beidh an Coiste Eolaíochta
ina chomhlacht neamhspleách comhairleach a rathóidh agus a threoróidh cáilíocht
eolaíochta obair Europol ar oiliúint. Don chuspóir sin, tabharfaidh an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin ról don Choiste Eolaíochta ag céim luath maidir le
hullmhú gach doiciméid a bhaineann le hoiliúint a thagraítear dóibh in
Airteagal 14. 2. Beidh an Coiste Eolaíochta
cuimsithe d’aon duine déag den seasamh acadúil nó gairmiúil is airde sna
hábhair atá cuimsithe ag Caibidil III den Rialachán seo. Ceapfaidh an Bord
Bainistíochta na comhaltaí tar éis glao thrédhearcaigh le haghaidh iarratas
chomh maith le nós imeachta roghnúcháin le foilsiú in Irisleabhar Oifigiúil an
AE. Ní bheidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta ina gcomhaltaí den Choiste
Eolaíochta um Oiliúint. Beidh comhaltaí an Choiste Eolaíochta um Oiliúint
neamhspleách. Ní iarrfaidh siad nó ní thógfaidh siad treoracha ó aon rialtas ná
ó aon chomhlacht eile. 3. Cuirfear an liosta de
chomhaltaí an Choiste Eolaíochta ar fáil don phobal agus déanfaidh Europol
nuashonrú air ar a láithreán gréasáin. 4. Mairfidh tréimhse oifige na
gcomhaltaí den Choiste Eolaíochta ar feadh cúig bliana. Ní bheidh sí
in-athnuaite agus is féidir a chuid comhaltaí a bhaint dá n-oifig i gcás nach
gcomhlíonann siad na critéir neamhspleáchais. 5. Toghfaidh an Coiste
Eolaíochta a Chathaoirleach agus a Leaschathaoirleach ar feadh tréimhse oifige
de cheithre bliana. Glacfaidh sé poist trí thromlach simplí. Déanfar é a
thionól ag a Chathaoirleach suas go ceithre huaire in aghaidh na bliana. Más
gá, tionólfaidh an Cathaoirleach cruinnithe urghnácha as a stuaim féin nó ar
iarratas ceathrar comhaltaí ar a laghad den Choiste Eolaíochta. 6. Tabharfar cuireadh chun na
gcruinnithe mar bhreathnadóir neamhvótála don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, don
Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin um Oiliúint nó dá n-ionadaí faoi seach. 7. Cabhróidh rúnaí a bheidh mar
bhall foirne de chuid Europol arna shannadh ag an gCoiste agus arna cheapadh ag
an Stiúrthóir Feidhmiúcháin leis an gCoiste Eolaíochta um Oiliúint. 8. Seo a leanas a dhéanfaidh an
Coiste Eolaíochta go háirithe: (a)
cuirfidh sé comhairle ar an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin agus an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin um Oiliúint maidir leis an
gClár Oibre Bliantúil agus doiciméid straitéiseacha eile a dhréachtú, chun a
gcáilíocht eolaíochta a áirithiú agus chun áirithiú go bhfuil siad ag teacht le
beartais agus tosaíochtaí ábhartha an Aontais (b)
cuirfidh sé tuairim agus comhairle neamhspleách ar
fáil don Bhord Bainistíochta ar ábhar a bhaineann lena shainchúram; (c)
cuirfidh sé tuairim agus comhairle neamhspleách ar
fáil faoi cháilíocht curaclam, faoi mhodhanna foghlama feidhmí, roghanna
foghlama agus fhorbairtí eolaíochta; (d)
déanfaidh sé aon tasc comhairleach eile a bhaineann
le gnéithe eolaíochta obair Europol i ndáil le hoiliúint a iarrtar ag an mBord
Bainistíochta nó ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó an Leas-Stiúrthóir
Feidhmiúcháin um Oiliúint; 9. Déanfar buiséad bliantúil an
Choiste Eolaíochta a leithdháileadh do líne buiséid aonair de chuid Europol. ROINN 4 AN BORD
FEIDHMIÚCHÁIN Airteagal 21 Bunú Féadfaidh an Bord Bainistíochta Bord
Feidhmiúcháin a bhunú. Airteagal 22 Feidhmeanna agus eagraíocht 1. Cabhróidh an Bord
Feidhmiúcháin leis an mBord Bainistíochta. 2. Beidh na feidhmeanna seo a
leanas ag an mBord: (a)
cinntí a ullmhú le glacadh ag an mBord
Bainistíochta; (b)
cinntiú, i dteannta leis an mBord Bainistíochta, go
ndéantar obair leantach dhóthanach ar mholtaí ag eascairt ó na tuarascálacha
iniúchóireachta agus measúnachtaí inmheánacha nó seachtracha, agus ar na
tuarascálacha imscrúdaithe agus na moltaí ó imscrúduithe na hOifige
Frith-Chalaoise Eorpaí (OLAF); (c)
gan dochar d’fheidhmeanna an Stiúrthóra
Feidhmiúcháin, mar atá leagtha amach in Airteagal 19, cúnamh agus comhairle a
thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus cinntí an Bhoird Bainistíochta á
chur chun feidhme, agus é mar aidhm maoirseacht ar bhainistíocht riaracháin a
atreisiú. 3. Áit is gá, mar thoradh ar
phráinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a ghlacadh
thar ceann an Bhoird Bainistíochta, go háirithe faoi ábhair bainistíochta
riaracháin, lena n-áirítear tarmligean chumhachtaí an údaráis cheapacháin a
chur ar fionraí. 4. Beidh an Bord Feidhmiúcháin
comhdhéanta de Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, d’ionadaí amháin den
Choimisiún don Bhord Bainistíochta agus de thriúr comhaltaí eile a cheapfaidh
an Bord Bainistíochta óna chuid comhaltaí. Beidh Cathaoirleach an Bhoird
Bainistíochta mar Chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin freisin. Glacfaidh
an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní
bheidh ceart vótála acu. 5. Mairfidh tréimhse oifige
chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin ar feadh ceithre bliana. Tiocfaidh deireadh
le tréimhse oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin nuair a thiocfaidh
deireadh lena gcomhaltacht ar an mBord Bainistíochta. 6. Reáchtálfaidh an Bord
Feidhmiúcháin gnáthchruinniú amháin ar a laghad gach trí mhí. Ina theannta sin,
reáchtálfaidh sé cruinnithe ar thionscnamh an Chathaoirligh nó ar iarratas a
chuid comhaltaí. 7. Cloífidh an Bord
Feidhmiúcháin leis na rialacha nós imeachta arna leagan síos ag an mBord
Bainistíochta. Chaibidil
V FAISNÉIS A PHRÓISEÁIL Airteagal 23 Foinsí faisnéise 1. Ní dhéanfaidh Europol
próiseáil ach ar fhaisnéis agus eolas, lena n-áirítear sonraí pearsanta, curtha
ar fáil dó: (a)
ag na Ballstáit i gcomhréir lena ndlí náisiúnta; (b)
ag comhlachtaí Aontais, tríú tíortha agus
eagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le Caibidil VI; (c)
ag comhpháirtithe príobháideacha i gcomhréir le hAirteagal
29(2), 2. Féadfaidh Europol faisnéis,
lena n-áirítear sonraí pearsanta, a aisghabháil agus a phróiseáil go díreach ó
fhoinsí atá ar fáil go díreach don phobal, mar na meáin chumarsáide lena
n-áirítear an t-idirlíon agus sonraí poiblí. 3. Féadfaidh Europol faisnéis,
lena n-áirítear sonraí pearsanta, a aisghabháil agus a phróiseáil ó chórais
fhaisnéise, de nádúr náisiúnta, Aontais nó idirnáisiúnta, lena n-airítear trí
mheán rochtana dírí ríomhairithe, a mhéid is atá sé údaraithe ag an Aontas, ag
ionstraimí dlí idirnáisiúnta nó náisiúnta. Is iad forálacha infheidhme na
n-ionstraimí dlí Aontais, idirnáisiúnta nó náisiúnta sin a rialóidh rochtain ar
an bhfaisnéis sin agus a húsáid ag Europol sa mhéid is go ndéantar foráil iontu
do rialacha níos déine ar rochtain agus úsáid i gcomparáid leis na rialacha a
ndéantar foráil dóibh sa Rialachán seo. Ní thabharfar rochtain ar na córais
fhaisnéise sin ach do bhaill foirne Europol a bheidh údaraithe mar is cuí sa
mhéid is gá chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh. Airteagal 24 Cuspóirí na ngníomhaíochtaí próiseála faisnéise 1. A mhéid is gá chun a chuid
cuspóirí mar atá leagtha amach in Airteagal 3(1) agus (2) a chomhlíonadh,
déanfaidh Europol próiseáil ar fhaisnéis agus eolas, lena n-áirítear sonraí
pearsanta le haghaidh na gcuspóirí seo amháin: (a)
cros-seiceáil atá dírithe ar naisc a aithint idir
faisnéis; (b)
anailís de nádúr straitéiseach nótéamach; (c)
anailís oibriúcháin i gcásanna sonracha. 2. Tá catagóirí de shonraí
pearsanta agus catagóirí de dhaoine is ábhar do na sonraí ar féidir a gcuid
sonraí a bhailiú le haghaidh gach cuspóra shonraigh a bhfuil tagairt dó faoi mhí
1 liostaithe in Aguisín 2. Airteagal 25 Cuspóir na ngníomhaíochtaí próiseála faisnéise a chinneadh 1. Is é an Ballstát, an
comhlacht Aontais, an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta a chuireann an
fhaisnéis isteach a chinneann an cuspóir a ndéanfaidh próiseáil uirthi dó, mar
a thagraítear dó, i gcomhréir le hAirteagal 24. Mura bhfuil sé sin déanta ag
Ballstát, cinnfidh Europol ábharthacht na faisnéise sin chomh maith leis an
gcuspóir a dhéanfar próiseáil air lena aghaidh. Ní fhéadfaidh Europol próiseáil
a dhéanamh ar fhaisnéis le haghaidh cuspóra atá difriúil leis an gcuspóir ar
cuireadh ar fáil é lena aghaidh ach má thugann an soláthraí sonraí údarás dó. 2. Féadfaidh na Ballstáit,
comhlachtaí Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí, ag nóiméad aistriú na
faisnéise, aon srian ar rochtain nó úsáid, i dtéarmaí ginearálta nó sonracha a
shonrú, lena n‑áirítear maidir le scriosadh nó milleadh. Áit a n-éiríonn
an gá le srianta den sórt sin soiléir tar éis an aistrithe, cuirfidh siad
Europol ar a eolas dá réir. Cloífidh Europol leis na srianta sin. 3. Féadfaidh Europol srian ar
bith a shannadh ar úsáid faisnéise arna n-aisghabháil ó fhoinsí atá ar fáil don
phobal ag na Ballstáit, comhlachtaí Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí
idirnáisiúnta. Airteagal 26 Rochtain ag na Ballstáit agus ag baill foirne Europol ar fhaisnéis arna
stóráil ag Europol 1. Beidh rochtain ag na Ballstáit
ar an bhfaisnéis go léir a cuireadh isteach chun críocha Airteagail 24(1)(a)
agus (b) agus beidh siad in ann cuardach a dhéanamh ina coinne, gan dochar don
cheart do Bhallstáit, comhlachtaí Aontais, agus tríú tíortha agus eagraíochtaí
srianta a shonrú ar rochtain ar shonraí den sórt sin agus ar úsáid na sonraí.
Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla sin a mbeidh cead acu cuardach den
sórt sin a dhéanamh. 2. Beidh rochtain ag na Ballstáit
ar bhonn chóras braite/neamhbhraite ar fhaisnéis arna cur isteach le haghaidh
na gcuspóirí faoi Airteagal 24(1)(c), gan dochar d’aon srianta arna sonrú ag na
Ballstáit, na comhlachtaí Aontais agus na tríú tíortha nó eagraíochtaí a
chuireann an fhaisnéis ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 25(2). I gcás braite,
tionscnóidh Europol an nós imeachta trína bhféadfar an fhaisnéis a chruthaigh
an ‘brath’ a roinnt, i gcomhréir le cinneadh an Bhallstáit a sholáthar an
fhaisnéis do Europol. 3. Beidh rochtain ag baill
foirne agus iad cumhachtaithe mar is cuí ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar
fhaisnéis arna próiseáil ag Europol a mhéid a theastaíonn chun a chuid dualgas
a chomhlíonadh. Airteagal 27 Rochtain
ar fhaisnéis Europol le haghaidh Eurojust agus OLAF 1. Glacfaidh Europol gach beart
is cuí chun cur ar chumas Eurojust agus na hOifige Frithchalaoise Eorpaí (OLAF)
laistigh dá gcuid sainorduithe faoi seach rochtain a bheith acu ar an
bhfaisnéis go léir a cuireadh ar fáil chun críocha Airteagal 24(1)(a) agus (b)
agus cuardach a dhéanamh ina coinne, gan dochar do cheart Ballstát, comhlachtaí
Aontais agus tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta srianta a shonrú ar
rochtain ar shonraí den sórt sin agus ar a n-úsáid. Cuirfear Europol ar a eolas
áit a nochtfaidh cuardach ag Eurojust go bhfuil meaits ann le faisnéis arna próiseáil
Europol. 2. Glacfaidh Europol na bearta
oiriúnacha go léir chun cur ar chumas Eurojust agus OLAF, laistigh dá gcuid
sainorduithe faoi seach, rochtain indíreach a bheith acu ar bhonn chóras
braite/neamhbhraite ar fhaisnéis arna cur ar fáil do chuspóirí Airteagal
24(1)(c), gan dochar d’aon srianta arna sonrú ag na Ballstáit, na comhlachtaí
aontais agus na tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a sholáthair an
fhaisnéis i gcomhréir le hAirteagal 25(2). I gcás braite, tionscnóidh Europol
an nós imeachta trínar féidir an fhaisnéis ar eascair an bhraith aisti a
roinnt, i gcomhréir le cinneadh an Bhallstáit, an chomhlachta Aontais, an tríú
tír nó na heagraíochta idirnáisiúnta a sholáthair an fhaisnéis do Europol. 3. Ní dhéanfar cuardaigh
faisnéise de réir ailt 1 agus 2 ach chun críocha a aithint cibé acu an
meaitseálann faisnéis atá ar fáil ag Eurojust nó OLAF, faoi seach, le faisnéis
arna próiseáil ag Europol. 4. Ceadóidh Europol cuardaigh de
réir ailt 1 agus 2 ach ní dhéanfaidh sé amhlaidh go bhfaighfear faisnéis ó
Eurojust faoi na Comhaltaí Náisiúnta, Ionadaithe, na Cúntóirí, chomh maith le
baill foirne Eurojust, agus ó OLAF faisnéis faoi na baill foirne a sannadh mar
bheith údaraithe chun cuardaigh den sórt sin a dhéanamh. 5. Má tharlaíonn sé le linn
ghníomhaíochtaí Europol um próiseáil faisnéise i dtaobh imscrúdaithe aonair, go
n-aithníonn Europol nó Ballstát go bhfuil gá le comhordú, comhar nó tacaíocht i
gcomhréir le sainordú Eurojust nó OLAF, tabharfaidh Europol fógra faoi sin
dóibh agus tionscnóidh sé an nós imeachta chun an fhaisnéis a roinnt, i gcomhréir
le cinneadh an Bhallstáit a sholáthraíonn an fhaisnéis. Sa chás sin rachaidh
Eurojust nó OLAF i gcomhairle le Europol. 6. Déanfaidh Eurojust, lena
n-áirítear an Coláiste, na Comhaltaí Náisiúnta, na hIonadaithe, na Cúntóirí,
chomh maith le baill foirne Eurojust, agus OLAF, aon srian ar rochtain nó úsáid
a urramú, i dtéarmaí ginearálta nó sonracha, arna sonrú ag na Ballstáit,
comhlachtaí Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir
le hAirteagal 25(2). Airteagal
28 An dualgas na Ballstáit a chur ar an eolas 1. Más gá do Europol, i gcomhréir
lena chúram de bhun Airteagal 4(1)(b), Ballstát a chur ar a eolas faoi
fhaisnéis a bhaineann leis, agus má tá an fhaisnéis sin faoi réir srianta ar
rochtain de bhun Airteagal 25(2) a dhéanfadh roinntna faisnéise a thoirmeasc,
rachaidh Europol i gcomhairle leis an soláthraí sonraí chun an srian ar
rochtain a shonrú agus achead iad a iarraidh chun iad a roinnt . Gan údarú den
sórt sin, ní chuirfear ar aghaidh. 2. Gan spleáchas le haon srianta
ar rochtain, cuirfidh Eurojust Ballstát ar a eolas faoi fhaisnéis a bhaineann
leis más amhlaidh: (a)
go bhfuil dearbhghá leis sin chun críocha garbhaol
a bhaineann le coireacht thromchúiseach nó cionta sceimhlitheoireachta a chosc. (b)
go bhfuil sé sin riachtanach chun bagairt
thromchúiseach láithreach do shlándáil phoiblí an Bhallstáit sin a chosc. I gcás den sórt sin cuirfidh Europol an soláthraí
sonraí ar a eolas faoi roinnt na faisnéise sin agus tabharfaidh sé bonn cirt
lena anailís ar an staid. Caibidil VI CAIDREAMH LE COMHPHÁIRTITHE ROINN 1 FORÁLACHA COITEANNA Airteagal 29 Forálacha
coiteanna 1. Féadfaidh Europol a mhéid is
gá chun a chúraimí a fheidhmiú, caidreamh comhair a bhunú agus a chothabháil le
comhlachtaí Aontais, le gníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí i dtríú
tíortha, le hinstitiúidí oiliúna i bhforfheidhmiú an dlí i dtríú tíortha, le
heagraíochtaí agus le páirtithe príobháideacha. 2. A mhéid is a bhaineann sé le
feidhmiú a chúraimí agus faoi réir aon srianta a d’fhéadfadh a bheith leagtha
síos in Airteagal 25(2), féadfaidh Europol sonraí oibríochta, teicniúla agus
straitéiseacha a mhalartú go díreach le heintitis dá dtagraítear i mír 1,
seachas sonraí pearsanta. 3. Féadfaidh Europol sonraí pearsanta
a fháil agus a phróiseáil ó eintitis dá dtagraítear i mír 1, seachas ó
pháirtithe pearsanta, oiread agus is gá chun a chúraimí a fheidhmiú agus faoi
réir forálacha sa Chaibidil seo. 4. Gan dochar d’Airteagal 36(4),
ní dhéanfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig comhlachtaí AE, chuig
tríú tíortha ná chuig eagraíochtaí ach amháin i gcás gur gá sin chun coireacht
a thagann faoi chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac, agus déanfar é i
gcomhréir le forálacha na Caibidle seo. Má tá na sonraí atá le haistriú arna
gcur ar fáil ag Ballstát, iarrfaidh Europol toiliú an Bhallstáit, ach amháin
más amhlaidh: (a)
gur féidir talamh slán a dhéanamh den údarú toisc
nár chuir an Ballstát sin teorainn shoiléir ar an bhféidearthacht d’aistrithe
ar aghaidh; nó (b)
má thug an Ballstát sin údarú roimh ré d’aistriú ar
aghaidh den sórt sin, i dtéarmaí ginearálta nó faoi réir coinníollacha
sonracha. Féadfar toiliú den sórt sin a tharraing siar uair ar bith. 5. Beidh cosc ar Bhallstáit, ar
chomhlachtaí AE, ar thríú tíortha agus ar eagraíochtaí sonraí pearsanta a
aistriú ar aghaidh mura dtoilíonn Europol go sainráite leis. ROINN 2 SONRAÍ PEARSANTA A MHALARTÚ/A AISTRIÚ Airteagal 30 Sonraí pearsanta a aistriú chuig
comhlachtaí Aontais Faoi réir aon srianta féideartha arna sonrú de
bhun Airteagal 25(2) nó (3) féadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú
díreach chuig comhlachtaí Aontais a mhéid is gá chun a chuid cúraimí nó cúraimí
an chomhlacht Aontais faighteora a chomhlíonadh. Airteagal 31 Sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú
tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta 1. Féadfaidh Europol sonraí
pearsanta a aistriú chuig údarás tríú tíre nó chuig eagraíocht, oiread agus is
gá sin chun go bhfeidhmeoidh Europol a chúraimí, ar an mbonn seo a leanas: (a)
cinneadh ón gCoimisiún arna ghlacadh i gcomhréir le
[Airteagal 25 agus 31 de Threoir 95/46/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 ar chosaint daoine maidir le próiseáil
sonraí pearsanta den sórt sin agus ar shaorghluaiseacht sonraí den sórt sin] go
n-áirithíonn an tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin, nó earnáil phróiseála
laistigh den tríú tír sin nó eagraíocht idirnáisiúnta leibhéal dóthanach
cosanta (cinneadh leordhóthanachta); nó (b)
comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích
idir an t-Aontas agus an tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta sin de Airteagal
218 den Chonradh ag tabhairt dóthain cosaintí i dtaobh príobháideacht agus
cearta agus saoirsí bunúsacha daoine a chosaint; nó (c)
comhaontú comhair arna thabhairt i gcrích idir
Europol agus an tríú tír nó an eagraíocht sin i gcomhréir le hAirteagal 23 de
Chinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin
seo; nó Ní theastaíonn tuilleadh údaraithe le haghaidh
aistrithe den sórt sin. Féadfaidh Europol socruithe oibre a thabhairt chun
críche chun comhaontuithe nó cinntí leordhóthanachta den sórt sin a chur i. 2. De mhaolú ar mhír 1,
féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aistriú sonraí pearsanta chuig tríú
tíortha nó chuig eagraíochtaí a údarú ar bhonn cáis aonair más rud é: (a)
go bhfuil dearbhghá le haistriú na sonraí chun leas
bunúsach an Bhallstáit nó na mBallstát a thagann faoi chuspóirí Europol a
choimirciú; (b)
go bhfuil dearbhghá le haistriú na sonraí chun
garchontúirt a bhaineann le coireacht nó le cionta sceimhlitheoireachta a chosc; (c)
go bhfuil gá leis an aistriú ar shlí eile nó go
gceanglófar ar a dhéanamh go dleathach ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le
leas an phobail, nó chun éilimh dlí a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint; (d)
go bhfuil an t-aistriú riachtanach chun leas bunúsach
an duine is ábhar do na sonraí nó duine eile a chosaint. Sa bhreis air sin, féadfaidh an Bord
Bainistíochta, i gcomhaontú leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint sonraí,
sraith aistrithe a údarú i gcomhréir le pointe (a) go (d) thuas, ag tógáil san
áireamh go bhfuil cosaintí ann maidir le cosaint príobháideachta agus cearta
agus saoirsí bunúsacha, le haghaidh tréimhse nach sáraíonn aon bhliain amháin,
in-athnuaite. 3. Cuirfidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint
Sonraí ar a eolas faoi chásanna áit ar chuir sé mír 2 i bhfeidhm. Airteagal 32 Sonraí pearsanta ó pháirtithe príobháideacha 1. A mhéid is gá chun go
bhféadann Europol a chuid cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh sé próiseáil a
dhéanamh ar shonraí pearsana de thionscnamh páirtithe príobháideacha a
fhaightear trí: (a)
aonad náisiúnta Ballstáit i gcomhréir leis an dlí
náisiúnta; (b)
pointe teagmhála tríú tíre ar thug Europol
comhaontú comhair chun críche leis i gcomhréir le hAirteagal 23 de Chinneadh
2009/371/CGB roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo; nó (c)
údarás tríú tíre nó eagraíocht idirnáisiúnta ar
thug an tAontas comhaontú idirnáisiúnta chun críche leis de bhun Airteagal 218
den Chonradh. 2. Má tá tionchar ar na sonraí
arna bhfáil ar leasanna Ballstáit, cuirfidh Europol Aonad Náisiúnta an
Bhallstáit atá i gceist ar a eolas láithreach. 3. Ní dhéanfaidh Europol
teagmháil dhíreach le páirtithe príobháideacha chun sonraí pearsanta a
aisghabháil. 4. Déanfaidh Coimisiún
measúnacht ar an ngá le malairtí díreacha sonraí pearsanta le páirtithe
príobháideacha agus ar an tionchar féideartha a bheidh acu laistigh de thrí
bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Sonróidh measúnacht den sórt sin
i measc cúiseanna eile, na cúiseanna lena bhfuil malairtí sonraí pearsanta le
páirtithe príobháideacha riachtanach do Europol. Airteagal 33 Faisnéis ó dhaoine príobháideacha 1. Féadfaidh Europol faisnéis,
lena n-áirítear sonraí pearsanta, a gheofar ó dhaoine príobháideacha a
phróiseáil ar choinníoll go bhfaightear í mar seo a leanas: (a)
trí Aonad náisiúnta Ballstáit i gcomhréir leis an
dlí náisiúnta; (b)
trí phointe teagmhála tríú Stáit a bhfuil comhaontú
comhair idir an Stát sin agus Europol tugtha i gcrích i gcomhréir le hAirteagal
23 de Chinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle roimh theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo; nó (c)
údarás tríú tíre nó trí heagraíocht a bhfuil
comhaontú idirnáisiúnta idir an tríú tír nó an eagraíocht sin agus an tAontas
Eorpach tugtha i gcrích de bhun Airteagail 218 den Chonradh. 2. Má fhaigheann Europol
faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, ó dhuine príobháideach a chónaíonn
i dtríú Stát nach bhfuil comhaontú idirnáisiúnta idir é agus Europol, ar
comhaontú é a tugadh i gcrích ar bhonn Airteagail 23 de Chinneadh 2009/371/JHA
ón gComhairle nó ar bhonn Airteagail 218 den Chonradh, ní fhéadfaidh Europol í
a chur ar aghaidh ach chuig an mBallstát nó chuig an tríú Stát i gceist lena
bhfuil na hionstraimí sin comhaontaithe ag Europol. 3. Ní dhéanfaidh Europol
teagmháil dhíreach le daoine príobháideacha chun faisnéis a aisghabháil. Caibidil
VII COIMIRCÍ UM CHOSAINT SONRAÍ Airteagal 34 Prionsabail ghinearálta um chosaint
sonraí Maidir le sonraí pearsanta: (a)
déanfar próiseáil chóir agus dhleathach orthu; (b)
baileofar iad le haghaidh cuspóirí sonraithe, soiléire
agus dlisteanacha agus ní dhéanfar tuilleadh próiseála orthu ar bhealach a
bheidh ar neamhréir leis na cuspóirí sin; Ní mheasfar go bhfuil tuilleadh
próiseála le haghaidh cuspóirí staire, staitistiúla nó eolaíochta
neamhréititheach ar choinníoll go gcuireann Europol coimircí oiriúnacha ar
fáil, chun áirithiú go háirithe nach bpróiseáiltear sonraí le haghaidh cuspóirí
eile; (c)
beidh siad dóthanach, ábhartha agus ní bheidh siad
iomarcach i ndáil leis na cuspóirí a ndéantar próiseáil orthu lena n-aghaidh; (d)
beidh siad cruinn agus, áit is gá, coimeádfar suas
le dáta iad; ní mór gach céim réasúnta a ghlacadh chun áirithiú go ndéanfar
sonraí pearsanta atá míchruinn, ag féachaint chuig na cuspóirí a ndéantar
próiseáil orthu lena n-aghaidh, a scriosadh nó a chur i gceart gan mhoill; (e)
coimeádfar i bhfoirm iad a cheadóidh ábhair sonraí
a aithint agus ar feadh tréimhse ama nach bhfuil níos faide ná an tréimhse atá
riachtanach le haghaidh na gcuspóirí a ndéantar próiseáil ar na sonraí
pearsanta dóibh. Airteagal 35 Céimeanna éagsúla de chruinneas agus
d’iontaofacht sonraí pearsanta 1. Déanfaidh an Ballstát a chuir
na sonraí ar fáil measúnú an oiread is féidir ar an bhfoinse faisnéise a
eascraíonn ó Bhallstát agus úsáid á baint acu as na cóid mheasúnaithe foinse
seo a leanas: (A): áit nach bhfuil aon amhras i gceist maidir le
barantúlacht, le hiontaofacht agus hinniúlacht na foinse, nó má chuirtear an
fhaisnéis ar fáil ag foinse a fuarthas go raibh sí iontaofa i gcónaí; (B): áit a gcuirtear an fhaisnéis ar fáil ag
foinse a fuarthas go raibh sí iontaofa an chuid is mó den am; (C): áit a gcuirtear an fhaisnéis ar fáil ag
foinse a fuarthas go raibh sí neamhiontaofa an chuid is mó den am; (X): áit nach féidir iontaofacht na foinse a
mheas. 2. Déanfaidh an Ballstát a
sholáthróidh an fhaisnéis measúnú an oiread is féidir ar fhaisnéis de
thionscnamh Ballstáit ar bhonn a hiontaofachta agus úsáid á baint as na cóid
seo a leanas um measúnú faisnéise: (1): faisnéis nach bhfuil aon amhras i gceist
maidir lena cruinneas; (2): faisnéis a bhfuil eolas pearsanta ag an
bhfoinse fúithi ach nach bhfuil eolas pearsanta ag an oifigeach a bhfuil sí á
cur ar aghaidh acu uirthi; (3): faisnéis nach bhfuil eolas pearsanta ag an
bhfoinse fúithi ach a gcomhthacaíonn faisnéis eile atá taifeadta cheana féin
leis; (4): faisnéis nach bhfuil eolas pearsanta ag an
bhfoinse fúithi agus nach féidir comhthacú leis. 3. Áit a dtagann Europol, ar
bhonn faisnéise atá ina sheilbh cheana féin ar an gconclúid gur gá an measúnú a
cheartú, cuirfidh sé an Ballstát atá i gceist ar a eolas agus déanfaidh sé
iarracht aontú ar leasú don mheasúnú. Ní athróidh Europol an measúnú gan an
comhaontú sin. 4. Áit a bhfaigheann Europol
sonraí nó faisnéis ó Bhallstát gan mheasúnú, déanfaidh Europol iarracht an
oiread is féidir measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na foinse nó na faisnéise ar
bhonn faisnéise atá ina sheilbh cheana féin. Déanfar measúnú ar shonraí agus
fhaisnéis shonrach i gcomhaontú leis an mBallstát soláthair. Féadfaidh Ballstát
teacht ar chomhaontú freisin le Europol i dtéarmaí ginearálta maidir le measúnú
ar chineálacha sonraithe sonraí agus fhoinsí sonraithe. Mura dtagtar ar
chomhaontú i gcás sonrach, nó mura bhfuil aon chomhaontú i dtéarmaí ginearálta
ann, déanfaidh Europol measúnú ar an bhfaisnéis nó na sonraí agus cuirfidh sé
na cóid mheasúnaithe (X) agus (4), a bhfuil tagairt dóibh i mír 1 agus i mír 2,
i leith na faisnéise nó na sonraí sin. 5. Áit a bhfaigheann Europol
sonraí nó faisnéis ó thríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta, nó ó chomhlacht
Aontais, beidh feidhm ag an Airteagal seo dá réir sin. 6. Déanfaidh Europol measúnú ar
fhoinsí atá ar fáil don phobal agus úsáid á baint as na cóid atá leagtha amach
i mír 1 agus i mír 2. Airteagal 36 Próiseáil catagóirí speisialta de shonraí
pearsanta agus catagóirí éagsúla d’ábhair sonraí 1. Toirmiscfear próiseáil sonraí
pearsanta ar íospartaigh ciona choiriúil, ar fhinnéithe nó dhaoine eile a
fhéadann faisnéis a chur ar fáil faoi chiontaí coiriúla nó ar dhaoine faoi bhun
18 mbliana d’aois ach má tá dearbhghá léi chun críocha coireacht a thagann faoi
chuspóirí Europol a chosc nó a chomhrac. 2. Toirmiscfear próiseáil sonraí
pearsanta ag modhanna uathoibríocha nó modhanna eile, a nochtann bunús
eitneach, tuairimí polaitiúla, reiligiún nó creidimh, ballraíocht ar cheardchumann
agus sonraí a bhaineann le sláinte nó saol gnéis, ach má tá dearbhghá leis chun
coireacht a thagann faoi chuspóirí Europol a chosc nó a chomhrac agus má
chuireann na sonraí sin le sonraí pearsanta atá próiseáilte ag Europol cheana
féin. 3. Ní bheidh rochtain ach ag
Europol ar na sonraí pearsanta a bhfuil tagairt déanta dóibh i mír 1 agus i mír
2. Tabharfaidh an Stiúrthóirí Feidhmiúcháin údarás mar is cuí do líon teoranta
oifigeach a mbeadh an rochtain sin acu, má tá sé sin riachtanach chun a gcuid
cúraimí a chomhlíonadh 4. Ní bheidh aon sonraí a mbeidh
éifeachtaí dlí aige a bhaineann le duine is ábhair do shonraí bunaithe go
hiomlán ar uathphróiseáil sonraí a bhfuil tagairt déanta di i mír 2, ach amháin
má tá an cinneadh údaraithe go soiléir de bhun reachtaíochta náisiúnta nó
Aontais, nó, más gá, ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. 5. Ní tharchuirfear sonraí
pearsanta a bhfuil tagairt déanta di i mír 1 agus i mír 2 chuig na Ballstáit,
comhlachtaí Aontais, tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta ach má tá
dearbhghá leis i gcásanna aonair a bhaineann le coireacht a thagann faoi
chuspóirí Europol. 6. Gach sé mí, tabharfaidh
Europol forbhreathnú don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar na sonraí
pearsanta go léir a bhfuil tagairt déanta dóibh i mír 2. Airteagal 37 Teorainneacha ama chun sonraí pearsanta a
stóráil agus a scriosadh 1. Ní dhéanfaidh Europol sonraí
pearsanta arna próiseáil aige a stóráil ach le haghaidh na tréimhse ama atá
riachtanach chun a chuid cuspóirí a chomhlíonadh. 2. In aon chás, déanfaidh
Europol athbhreithniú an ngá le stóráil leantach faoi thrí bliana ar a dhéanaí
tar éis tús a chur leis an bpróiseáil tosaigh ar shonraí pearsanta. Féadfaidh
Europol cinneadh faoi stóráil leantach sonraí pearsanta anuas go dtí an t-athbhreithniú
ina dhiaidh sin, a tharlóidh tar éis tréimhse eile de thrí bliana má tá stóráil
leantach fós riachtanach chun cúraimí Europol a chomhlíonadh. Déanfar na
cúiseanna leis an stóráil leantach a dhlisteanú agus a thaifeadadh. Mura
ndéantar aon chinneadh faoi stóráil leantach sonraí pearsanta, scriosfar na
sonraí sin go huathrialach tar éis trí bliana. 3. Má stóráiltear sonraí a
bhaineann le daoine a bhfuil tagairt déanta dóibh in Airteagal 36(1) agus (2)
ar feadh tréimhse a sháraíonn cúig bliana, cuirfear an Maoirseoir Eorpach ar
Chosaint Sonraí ar a eolas dá réir. 4. Áit a bhfuil aon srian maidir
le scriosadh nó milleadh sonraí pearsanta níos luaithe tugtha le fios ag
Ballstát, comhlacht Aontais, tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta ag nóiméad an
aistrithe i gcomhréir le hAirteagal 25(2), scriosfaidh Europol na sonraí
pearsanta i gcomhréir leis na srianta sin. Má mheastar go bhfuil stóráil
leantach na sonraí riachtanach chun go bhféadann Europol a chuid cúraimí a
chomhlíonadh, ar bhonn faisnéise atá níos fairsinge ná an méid atá i seilbh an
soláthraí sonraí, iarrfaidh Europol cead an soláthraí sonraí chun leanúint ar
aghaidh ag stóráil na sonraí agus chun bonn cirt a thabhairt leis an iarratas
sin. 5. Áit a scriosann Ballstát,
comhlacht Aontais, tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta sonraí arna soláthar do
Europol óna gcomhaid sonraí náisiúnta, cuirfidh siad Europol ar a eolas dá
réir. Scriosfaidh Europol na sonraí ach má mheastar go bhfuil stóráil leantach
na sonraí riachtanach chun go bhféadann Europol a chuid cúraimí a chomhlíonadh,
ar bhonn faisnéise atá níos fairsinge ná an méid atá i seilbh an soláthraí
sonraí. Cuirfidh Europol an soláthraí sonraí ar a eolas faoi stóráil leantach
na sonraí sin agus tabharfaidh sé bonn cirt leis an stóráil leantach sin. 6. Ní scriosfar sonraí pearsanta
más amhlaidh: (a)
go ndéanfadh sé sin dochar do leas an duine is
ábhar do na sonraí a bhfuil cosaint ag teastáil uathu. I gcásanna den sórt sin
ní úsáidfear na sonraí ach le cead an duine is ábhar do na sonraí. (b)
go gcuireann an duine is ábhar do na sonraí in
aghaidh a gcruinnis, ar feadh tréimhse a chuireann ar chumas Ballstáit, nó
Europol, áit is cuí, cruinneas na sonraí a fhíorú. (c)
nach mór na sonraí pearsanta a choimeád chun
críocha cruthúnais (d)
go gcuireann an duine is ábhar do na sonraí i
gcoinne a scriosta agus go n-iarrann siad in ionad sin, srian a chur ar a
n-úsáid. Airteagal 38 Slándáil próiseála 1. Cuirfidh Europol na bearta
teicniúla agus eagrúcháin oiriúnacha i bhfeidhm chun sonraí pearsanta a
chosaint ó mhilleadh tionóisceach nó neamhdhleathach, chaillteanas tionóisceach
nó nochtadh, leasú agus rochtain neamhdhleathach nó aon fhoirm neamhúdaraithe
eile de phróiseáil. 2. I dtaobh uathphróiseáil
sonraí cuirfidh Europol bearta i bhfeidhm a bheidh ceaptha chun: (a)
rochtain ar threalamh um próiseáil sonraí a
úsáidtear um próiseáil sonraí pearsanta a dhiúltú do dhaoine neamhúdaraithe
(rialú rochtana ar threalamh); (b)
léamh, cóipeáil, athrú nó baint neamhdhleathach
mheáin sonraí a chosc (rialú mheáin sonraí); (c)
ionchur neamhúdaraithe sonraí a chosc chomh maith
le cigireacht neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta stóráilte agus athrú nó
scriosadh na sonraí (rialú stórála); (d)
úsáid córas um uathphróiseáil sonraí ag daoine
neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu a chosc (rialú
úsáideoirí); (e)
áirithiú nach bhfuil rochtain ag daoine atá
údaraithe chun córas um uathphróiseáil sonraí a úsáid ach shonraí atá clúdaithe
ag a n-údarú rochtana (rialú rochtana ar shonraí); (f)
áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shocrú cén
comhlachtaí a bhféadfaí sonraí pearsanta a tharchur chucu nó a bhfuil sonraí
pearsanta tarchurtha chucu agus úsáid á baint as trealamh cumarsáide sonraí
(rialú cumarsáide); (g)
áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shocrú cén
sonraí pearsanta a cuireadh isteach i gcórais um uathphróiseáil sonraí, cén
uair ar cuireadh na sonraí isteach agus cé a chuir isteach iad (rialú
ionchuir); (h)
léamh, cóipeáil, athrú nó scriosadh neamhúdaraithe
sonraí pearsanta a chosc le linn aistrithe sonraí pearsanta nó le linn iompar
mheáin sonraí (rialú iompair); (i)
áirithiú gur féidir córais suiteáilte, i gcás cur
isteach, a thabhairt ar ais láithreach (aisghabháil); (j)
áirithiú go bhféadann feidhmeanna an chórais oibriú
gan locht, go ndéantar tarlú lochtanna sna feidhmeanna a thuairisciú láithreach
(iontaofacht) agus nach féidir sonraí stóráilte a thruailliú ag mífheidhmeanna
córais (sláine). 3. Saineoidh Europol agus na Ballstáit
sásraí chun áirithiú go dtógtar riachtanais slándála san áireamh ar fud theorainneacha
córais faisnéise. Airteagal 39 Ceart rochtana don duine is ábhar do na
sonraí 1. Beidh sé de cheart ag aon
duine is ábhar do na sonraí, ag idirthréimhsí réasúnta, eolas a fháil maidir le
cibé acu an bhfuil próiseáil á déanamh ag Europol ar shonraí pearsanta a
bhaineann leis/léi. Áit a bhfuil sonraí pearsanta den sórt sin á bpróiseáil ,
cuirfidh Europol an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don duine is ábhar do na
sonraí: (k) dearbhú maidir le cibé acu an bhfuil sonraí a bhaineann leis/léi á
bpróiseáil; (a) faisnéis maidir le cuspóirí na
hoibríochta próiseála, na catagóirí sonraí atá i gceist, (b) agus na faighteoirí a bhfuil na sonraí
nochta dóibh (c) cumarsáid
i bhfoirm intuisceana faoi na sonraí a bhfuil próiseáil á déanamh orthu agus
faoi aon fhaisnéis atá ar fáil dá gcuid foinsí 2. Féadfaidh aon duine is ábhar
do na sonraí ar mian leis an ceart chun rochtana ar shonraí pearsanta a
fheidhmiú iarratas a dhéanamh chuige sin gan chostais iomarcacha don údarás a
ceapadh don chuspóir sin sa Bhallstát dá rogha féin. Déanfaidh an t-údarás sin
an t-iarratas sin a chur faoi bhráid Europol laistigh d’aon mhí amháin óna
fháil. 3. Tabharfaidh Europol freagra
gan mhoill mhíchuí ar an iarratas agus in aon chás laistigh de thrí mhí óna
fháil.. 4. Rachadh Europol i gcomhairle
le húdaráis inniúla na mBallstát atá i gceist maidir le cinneadh atá le
glacadh. Beidh cinneadh faoi rochtain ar shonraí ag brath ar dhlúthchomhar idir
Europol agus na Ballstáit a bhfuil baint dhíreach ag rochtain ag an duine is
ábhar do na sonraí ar na sonraí sin leo. Má chuireann Ballstát i gcoinne
freagra beartaithe Europol, tabharfaidh sé fógra do Europol faoi na fáthanna go
bhfuil sé ag cur ina choinne. 5. Diúltófar rochtain ar shonraí
pearsanta nó cuirfear srian uirthi, más amhlaidh go bhfuil sé comhionann le
beart atá riachtanach chun: (a)
cur ar chumas Europol a chuid cúraimí a
chomhlíonadh i gceart; (b)
slándáil agus ord poiblí a chosaint sa Bhallstát nó
coireacht a chosc; (c)
ráthú nach gcuirfear aon imscrúdú náisiúnta i
gcontúirt; (d)
cearta agus saoirse tríú páirtithe a chosaint. 6. Cuirfidh Europol an duine is
ábhar do na sonraí ar a eolas i scríbhinn faoi dhiúltú do rochtain nó srian
uirthi, faoi na fáthanna leis an gcinneadh sin agus faoina cheart chun gearán a
lóisteáil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Féadfar eolas ar na fáthanna
fíorasacha agus dlí a bhfuil an cinneadh bunaithe orthu a fhágáil amach áit a
gceilfeadh soláthar faisnéise den sórt sin an srian arna leagan ag mír 5 i
dtaobh a éifeachta. Airteagal 40 An ceart chun ceartúcháin, scriosta agus
bactha 1. Beidh sé de cheart ag aon
duine is ábhar do na sonraí iarraidh ar Europol sonraí pearsanta a bhaineann
leis/léi a cheartú má tá siad mícheart agus, áit ar féidir agus a bhfuil sé
riachtanach, iad a chríochnú nó a nuashonrú. 2. Beidh sé de cheart ag aon
duine is ábhar do na sonraí iarraidh ar Europol sonraí pearsanta a bhaineann
leis/léi a scriosadh, mura bhfuil siad ag teastáil a thuilleadh do na cuspóirí
a ndéantar iad a bhailiú go dlisteanach nó a ndéantar tuilleadh próiseála
dlisteanaí orthu lena n-aghaidh. 3. Déanfar sonraí pearsanta a
bhac seachas iad a scriosadh má tá cúiseanna réasúnta le creidiúint go
bhféadfadh scriosadh dul i bhfeidhm ar leas dlisteanach an duine is ábhar do na
sonraí. Ní dhéanfar sonraí bactha a phróiseáil ach don chuspóir ar cuireadh cosc
ar a scriosadh mar gheall air. 4. Más amhlaidh gur chuir tríú
tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta sonraí mar a chuirtear síos orthu i mír
1,2,3 thuas atá i seilbh Europol ar fáil dó nó má tháinig na sonraí chun cinn
mar thoradh ar anailís Europol é féin is é Europol a cheartóidh, a scriosfaidh
nó a bhacfaidh na sonraí sin. 5. Más amhlaidh gur chuir na Ballstáit
sonraí mar atá cur síos orthu i mír 1 agus i mír 2 atá i seilbh Europol ar fáil
go díreach dó, is iad na Ballstáit atá i gceist a cheartóidh, a scriosfaidh nó
a bhacfaidh na sonraí sin i gcomhpháirt le Europol. 6. Má aistríodh sonraí míchearta
trí mheán modha oiriúnaigh eile nó má tharla na hearráidí sna sonraí arna
soláthar ag na Ballstáit mar thoradh ar aistriú lochtach nó má aistríodh iad de
shárú ar an Rialachán seo nó má tháinig siad chun cinn toisc gur ionchuireadh,
go ndeachthas i gceannas orthu nó gur stóráladh ar bhealach mícheart iad nó de
shárú ar an Rialachán seo ag Europol, ceartóidh Europol nó scriosfaidh Europol
na sonraí i gcomhpháirt leis na Ballstáit atá i gceist. 7. Sna cásanna a bhfuil tagairt
déanta dóibh i mír 4, mír 5 agus mír 6 tabharfar fógra láithreach dóibh siúd go
léir a bhfuil na sonraí díríodh chucu. I gcomhréir leis na rialacha atá
infheidhme dóibh, ceartóidh, scriosfaidh nó bacfaidh iad siúd a bhfuil na
sonraí dírithe chucu na sonraí ina gcuid córas féin. 8. Cuirfidh Europol in iúl don
duine is ábhar do na sonraí atá i gceist i scríbhinn gan mhoill mhíchuí agus in
aon chás laistigh de thrí mhí gur ceartaíodh, gur scriosadh nó gur bacadh na
sonraí a bhaineann leis nó léi. 9. Cuirfidh Europol in iúl don
duine is ábhar do na sonraí atá i gceist i scríbhinn faoi dhiúltú ceartaithe,
scriosta nó bactha agus faoin bhféidearthacht gearán a lóisteáil leis an
Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus leigheas breithiúnach a lorg. Airteagal 41 Freagracht maidir le hábhair cosanta
sonraí 1. Stórálfaidh Europol sonraí
pearsanta ar bhealach gur féidir a bhfoinse a shocrú i gcomhréir le hAirteagal
23. 2. Is é an Ballstát a chuir na sonraí
pearsanta ar fáil do Europol a bheidh freagrach as cáilíocht sonraí pearsanta
mar a thagraítear di in Airteagal 34(d)agus is é Europol a bheidh freagrach as
sonraí pearsanta arna gcur ar fáil ag comhlachtaí Aontais, tríú tíortha nó
eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus as sonraí pearsanta arna n-aisghabháil ag
Europol ó fhoinsí atá ar fáil don phobal. 3. Is é Europol a bheidh
freagrach as na prionsabail mar atá sonraithe in Airteagal 34 (a), (b), (c)
agus (e) a chomhlíonadh 4. Seo a leanas na dreamanna a
bheidh freagrach freagrach as dlisteanacht an aistrithe: (a)
an Ballstát a sholáthair na sonraí i gcás sonraí
pearsanta arna soláthar ag na Ballstáit do Europol; agus (b)
Europol i gcásanna sonraí pearsanta arna soláthar
ag Europol do na Ballstáit agus do thríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta 5. I gcás aistrithe idir Europol
agus comhlacht Rialtais, is é Europol a bheidh freagrach as dlíthiúlacht an
aistrithe. Gan dochar don abairt roimhe seo, áit a n-aistríonn Europol sonraí
tar éis iarratais ón bhfaighteoir, beidh Europol agus an faighteoir araon
freagrach as dlíthiúlacht an aistrithe sin. Ina theannta sin, beidh Europol
freagrach as gach oibríocht próiseála sonraí arna déanamh aige. Article 42 Réamhsheiceáil 1. Beidh próiseáil sonraí
pearsanta a bheidh mar chuid de chóras comhdaithe nua le cruthú faoi réir réamhsheiceála
sna cásanna seo a leanas: (a)
go bhfuil catagóirí speisialta sonraí a thagraítear
dóibh in Airteagal 36(2) le próiseáil; (b)
go bhfuil rioscaí sonracha ar bhealach eile maidir
le cearta agus saoirsí bunúsacha, agus go háirithe cosaint sonraí pearsanta
daoine is ábhar do na sonraí an chineál próiseála, ag baint leis an gcineál
próiseála. 2. Déanfaidh an Maoirseoir
Eorpach ar Shonraí na réamhsheiceálacha tar éis dó fógra a fháil ón Oifigeach
Cosanta Sonraí a rachaidh i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint
Sonraí, i gcás go bhfuil amhras ann maidir leis an ngá le réamhsheiceáil. 3. Tabharfaidh an Maoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí a bharúil laistigh de dhá mhí ó fhógra a fháil.
Féadfar an tréimhse sin a chur ar fionraí go mbeidh aon fhaisnéis bhreise a
bhféadfadh gur iarr sé faighte ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Áit
is gá, mar gheall ar chastacht an ábhair, féadfar an tréimhse seo a shíneadh ar
feadh dhá mhí breise, ag cinneadh ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
Tabharfar fógra do Europol faoin gcinneadh sin tar éis éag na tréimhse tosaigh
de dhá mhí. Mura bhfuil an bharúil tugtha faoi dheireadh na
tréimhse dhá mhí, nó tar éis shíneadh na tréimhse sin, measfar go bhfuil sí
fabhrach. Más é barúil an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint
Sonraí go bhféadfadh go mbeadh sárú ar aon fhoráil den Rialachán seo i gceist
leis an bpróiseáil ar tugadh fógra fúithi, déanfaidh sé tograí áit is cuí chun
sárú den sórt sin a sheachaint. Áit nach ndéanann Europol leasú dá réir ar an
oibríocht próiseála, feidhmeoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí na
cumhachtaí arna ndeonú dó faoi Airteagal 46(3). 4. Coimeádfaidh an Maoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí clár de gach oibríocht próiseála ar tugadh fógra dó
fúthu faoi bhun mhír 1. Cuimseofar clár den sórt sin sa chlár a thagraítear dó
in Airteagal 27(5) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Airteagal 43 Logáil agus doiciméadú 1. Chun críocha dlisteanacht na
próiseála sonraí a fhíorú, féinmhonatóireachta agus chun sláinte agus slándáil
cheart sonraí a áirithiú coimeádfaidh Europol taifid faoi bhailiú, athrú,
rochtain, nochtadh, mheascadh nó scriosadh sonraí pearsanta. Scriosfar logaí nó
doiciméadacht den sórt sin tar éistrí bliana, ach má theastaíonn na sonraí le
haghaidh rialaithe leanúnaigh. Ní bheifear in ann na logaí a leasú. 2. Cuirfear logaí nó
doiciméadacht arna n-ullmhú faoi mhír 1 in iúl ar iarratas don Mhaoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí chun cosaint sonraí a rialú. Ní úsáidfidh an
Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an fhaisnéis sin ach chun críocha cosaint
sonraí a rialú agus próiseáil cheart sonraí chomh maith le sláine agus slándáil
sonraí. Airteagal 44 An tOifigeach Cosanta Sonraí 1. Ceapfaidh an Bord
Bainistíochta Oifigeach Cosanta Sonraí a bheidh ina bhall foirne. Gníomhóidh sé
go neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid dualgas. 2. Roghnófar an tOifigeach
Cosanta Sonraí ar bhonn a chuid cáilíochtaí pearsanta agus gairmiúla, agus go
háirithe an saineolas ar chosaint sonraí 3. Ní
bheidh sé cosúlach go dtiocfaidh coinbhleacht leasa idir a chuid dualgas mar
Oifigeach Cosanta Sonraí agus aon dualgais oifigiúla eile chun cinn mar thoradh
ar roghnú an Oifigeach Cosanta Sonraí, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm
fhorálacha an Rialacháin seo. 4. Ceapfar
an tOifigeach Cosanta Sonraí ar feadh tréimhse de idir dhá agus cúig bliana.
Beidh sé incháilithe um athcheapadh suas go tréimhse iomlán uasta de dheich
mbliana. Ní fhéadfaidh an institiúid nó comhlacht Comhphobail a rinne an
ceapachán é a bhriseadh as an bpost mar Oifigeach Cosanta Sonraí ach le cead ón
Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, más amhlaidh nach gcomhlíonann sé na
coinníollacha a theastaíonn chuid a chuid dualgas a chomhlíonadh a thuilleadh. 5. Tar éis
a cheapacháin cláróidh an institiúid nó an comhlacht a rinne an ceapachán é
leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. 6. Maidir
le comhlíonadh a chuid dualgas, ní fhéadfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí
glacadh le haon treoracha. 7. Beidh na
cúraimí seo a leanas go háirithe maidir le sonraí pearsanta ag an Oifigeach
Cosanta Sonraí, ach amháin sonraí pearsanta bhaill foirne Europol chomh maith
le sonraí pearsanta atá de nádúr riaracháin amháin: (a)
áirithiú, ar bhealach neamhspleách, go bhfuil
próiseáil sonraí pearsanta dlisteanach agus go gcloíonn sí le forálacha an
Rialacháin seo; (b)
áirithiú go gcoimeádtar taifead faoi aistriú agus
fháil sonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán seo; (c)
áirithiú go gcuirtear ábhair sonraí ar a n-eolas
faoina gcuid ceart faoin Rialachán seo arna iarraidh sin dóibh; (d)
comhoibriú le baill foirne Europol atá freagrach as
nósanna imeachta, oiliúint agus comhairle faoi phróiseáil sonraí; (e)
comhoibriú leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint
Sonraí; (f)
tuarascáil bhliantúil a ullmhú agus an tuarascáil
sin a chur in iúl don Bhord Bainistíochta agus don Mhaoirseoir Eorpach ar
Chosaint Sonraí. 8. Sa bhreis air sin,
comhlíonfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí na feidhmeanna atá tuartha i
Rialachán (CE) Uimh 45/2001 i ndáil le sonraí pearsanta bhaill foirne Europol
chomh maith le sonraí pearsanta atá de nádúr riaracháin. 9. I bhfeidhmiú a chuid dualgas,
beidh rochtain ag an Oifigeach Cosanta Sonraí ar na sonraí go léir arna
bpróiseáil ag Europol agus ar áitribh go léir Europol. 10. Má mheasann an tOifigeach
Cosanta Sonraí nár comhlíonadh forálacha an Rialacháin seo maidir le próiseáil
sonraí, cuirfidh sé an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar a eolas, ag éileamh air nó
uirthi an neamhchomhlíonadh a chur i gceart laistigh de thréimhse ama
shonraithe. Mura gcuireann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhchomhlíonadh na
próiseála i gceart laistigh de thréimhse ama shonraithe, cuirfidh an tOifigeach
Cosanta Sonraí an Bord Bainistíochta ar a eolas agus tiocfaidh siad ar
chomhaontú maidir le tréimhse ama shonraithe le haghaidh freagra. Mura
gcuireann an Bord Bainistíochta neamhchomhlíonadh na próiseála i gceart
laistigh den tréimhse ama shonraithe, cuirfidh an tOifigeach Cosanta Sonraí an
t-ábhar faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. 11. Glacfaidh an Bord Bainistíochta
rialacha cur chun feidhme maidir leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Bainfidh na
rialacha cur chun feidhme sin go háirithe leis an nós imeachta roghnúcháin um
post an Oifigeach Cosanta Sonraí agus dá bhriseadh as oifig, le cúraimí,
dualgais agus cumhachtaí agus cosaintí do Neamhspleáchas an Oifigeach Cosanta
Sonraí. Cuirfidh Europol na baill foirne agus na hacmhainní a bheidh
riachtanach dó chun a chuid dualgas a chomhlíonadh ar fáil don Oifigeach
Cosanta Sonraí. Ní bheidh rochtain ag na baill foirne sin ach ar na sonraí
pearsanta arna bpróiseáil ag Europol agus áitribh Europol ach a mhéid is gá
chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh. Airteagal 45 Maoirseacht ag an údarás náisiúnta
maoirseachta 1. Ainmneoidh gach Ballstát
údarás náisiúnta maoirseachta a mbeidh sé mar chúram orthu maoirsiú
neamhspleách a dhéanamh i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, chun socrú an bhfuil
aistriú, aisghabháil agus aon chur in iúl sonraí pearsanta chuig Europol ag an
mBallstát atá i gceist incheadaithe agus chun scrúdú an sáraíonn an t-aistriú,
an aisghabháil nó an cur in iúl sin cearta an duine is ábhar do na sonraí. Don
chuspóir sin, beidh rochtain ag an údarás maoirseachta náisiúnta, san Aonad
Náisiúnta nó in áitribh na n-oifigeach idirchaidrimh, ar sonraí arna gcur faoi
bhráid ag a Bhallstát chuig Europol i gcomhréir leis na nósanna imeachta
náisiúnta ábhartha. 2. Chun críocha a bhfeidhm
mhaoirseachta a fheidhmiú, beidh rochtain ag údaráis mhaoirseachta náisiúnta ar
oifigí agus dhoiciméid a gcuid oifigeach idirchaidrimh faoi seach i Europol. 3. I gcomhréir leis na nósanna
imeachta náisiúnta ábhartha, déanfaidh údaráis náisiúnta mhaoirseachta
maoirseacht ar ghníomhaíochtaí Aonad Náisiúnta agus ar ghníomhaíochtaí
oifigeach idirchaidrimh, sa mhéid is go bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin
ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Freisin coimeádfaidh siad an
Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar a eolas faoi aon ghníomhartha a
ghlacann siad i dtaobh Europol. 4. Beidh sé de cheart ag aon
duine iarraidh ar an údarás náisiúnta maoirseachta a fhíorú go bhfuil aistriú
sonraí a bhaineann leis/léi nó cur in iúl na sonraí chuig Europol i bhfoirm ar
bith agus go bhfuil rochtain ar na sonraí ag an mBallstát atá i gceist
dlisteanach. Cleachtfar an ceart sin i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit
a ndéantar iarraidh ann. Airteagal 46 Maoirseacht ag an
Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí 1. Beidh an Maoirseoir Eorpach
ar Chosaint Sonraí freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm
fhorálacha an Rialacháin seo i ndáil le cosaint cearta agus saoirsí bunúsacha
daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag Europol agus as
áirithiú go gcuirtear na forálacha sin i bhfeidhm, agus as comhairle a chur ar
Europol agus ar dhaoine is ábhar do na sonraí maidir le gach ábhar a bhaineann
le próiseáil sonraí pearsanta. Chuige sin comhlíonfaidh sé na dualgais atá
leagtha amach dóibh i mír 2 agus cleachtfaidh sé na cumhachtaí arna dtabhairt i
mír 3. 2. Faoin Rialachán seo beidhna
dualgais seo a leanas ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí: (a)
éisteacht le gearáin, agus an duine is ábhar do na
sonraí a chur ar a n-eolas faoin toradh laistigh de thréimhse ama réasúnta ; (b)
imscrúduithe a dhéanamh as a stuaim féin nó ar
bhonn gearáin agus na daoine is ábhar do na sonraí a chur ar n-eolas laistigh
de thréimhse ama réasúnta (c)
monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm
fhorálacha an Rialacháin seo agus aon achta eile a bhaineann le cosaint daoine
nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag Europol agus cur i bhfeidhm a
áirithiú; (d)
comhairle a chur ar Europol, as a stuaim féin nó
mar fhreagra ar chomhairliúchán, ar gach ábhar a bhaineann le sonraí pearsanta,
go háirithe sula gceapann siad rialacha inmheánacha i ndáil le cosaint saoirsí
agus ceart bunúsach maidir le próiseáil sonraí pearsanta. (e)
na díolúintí, na cosaintí, na húdaruithe agus na
coinníollacha a thagraítear dóibh in Airteagal 36(4) a shainiú, fáthanna a
thabhairt dóibh agus a nochtadh don phobal (f)
clár a choimeád faoi oibríochtaí próiseála a
dtugtar fógra dó/dí fúthu de bhua Airteagal 42(1) agus arna gclárú i
gcomhréir le hAirteagal 42(4), (g)
réamhsheiceáil a dhéanamh ar phróiseáil a dtugtar
fógra dó fúithi. 3. Faoin Rialachán seo féadfaidh
an tOifigeach Cosanta Sonraí: : (a)
comhairle a chur ar dhaoine is ábhar do na sonraí
agus a gcuid ceart á gcleachtadh acu; (b)
an t-ábhar a chur faoi bhráid Europol, i gcás
sáraithe líomhanta ar na forálacha a rialaíonn próiseáil sonraí pearsanta,
agus, áit is cuí, moltaí a dhéanamh chun an sárú sin a mheas agus cosaint
daoine is ábhar do na sonraí a fheabhsú; (c)
ordú go gcloífí le hiarratais chun cearta áirithe
maidir le sonraí a chleachtadh áit ar diúltaíodh d’iarratais den sórt sin de
shárú ar Airteagal 39 agus 40. (d)
rabhadh a thabhairt do Europol (e)
ordú go ndéanfaí na sonraí go léir a cheartú, a
bhacadh, scriosadh nó a mhilleadh áit a ndearnadh próiseáil orthu de shárú ar
na forálacha a rialaíonn próiseáil sonraí pearsanta agus go dtabharfaí fógra
faoi na gníomhartha sin do thríú páirtithe ar nochtadh na sonraí dóibh; (f)
bac sealadach nó críochnaitheach a chur ar phróiseáil (g)
an t-ábhar a chur faoi bhráid Europol agus, más
gá, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (h)
an t-ábhar a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais
an Aontais Eorpaigh faoi na coinníollacha a bhforáiltear dóibh sa Chonradh (i)
Idirghabháil a dhéanamh i gcaingne arna dtabhairt
os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh 4. Beidh na cumhachtaí seo a
leanas ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí: (a)
rochtain a fháil ó Europol ar na sonraí pearsanta
go léir agus an bhfaisnéis go léir atá riachtanach dá chuid fiosrúchán; (b)
rochtain a fháil ar aon áitribh a ndéanann Europol
a chuid gníomhaíochtaí orthu áit a bhfuil cúiseanna réasúnta le ceapadh go
bhfuil gníomhaíocht atá clúdaithe ag an Rialachán seo á déanamh ansin. 5. Ceapfaidh an Maoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí tuarascáil bhliantúil ar na gníomhaíochtaí
maoirseachta ar Europol. Beidh n tuarascáil sin mar chuid de thuarascáil
bhliantúil an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a thagraítear dó in
Airteagal 48 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 6. Beidh comhaltaí agus baill
foirne an Mhaoirseora Eorpaigh um Chosaint Sonraí faoi cheangal na hoibleagáide
chun rúndachta i gcomhréir le hAirteagal 69. Airteagal 47 Comhar idir an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis
náisiúnta um chosaint sonraí 1. Gníomhóidh an Maoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí i ndlúthchomhar le húdaráis náisiúnta mhaoirseachta
ar ábhair shonracha áit a bhfuil rannpháirtíocht náisiúnta ag teastáil, go
háirithe má fhaigheann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó údarás
maoirseachta náisiúnta go bhfuil neamhréitigh mhóra idir cleachtais Ballstát nó
aistriú a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach in úsáid chainéil Europol um
malartú faisnéise, nó i bhfianaise ceisteanna arna n-ardú ag údarás náisiúnta
maoirseachta amháin nó níos mó ar chur chun feidhme agus léirmhíniú an
Rialacháin seo. 2. Sna cásanna a bhfuil tagairt
déanta dóibh faoi mhír 1 déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, agus ceachtar acu ag feidhmiú
laistigh de raon feidhme a gcuid inniúlachtaí faoi seach, faisnéis ábhartha a
mhalartú, cabhrú leo féin chun iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh, scrúdú a
dhéanamh ar dheacrachtaí maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Rialacháin
seo, staidéar a dhéanamh ar fhadhbanna le maoirseacht neamhspleách a fheidhmiú
nó feidhmiú ceart na ndaoine is ábhar do na sonraí , tograí comhchuibhithe a
cheapadh le haghaidh comhréiteach ar aon fhadhbanna agus feasacht a chur chun
cinn faoi chearta um chosaint sonraí, de réir mar is gá. 3. Reáchtálfaidh na húdaráis
náisiúnta mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
cruinnithe áit is gá sin.. Iompróidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
costais agus seirbhísiú na gcruinnithe. Glacfar le rialacha nós imeachta ag an
gcéad chruinniú. Déanfaidh na húdaráis agus an maoirseoir tuilleadh modhanna
oibre a fhorbairt i dteannta a chéile mar is gá. Airteagal 48 Sonraí pearsanta riaracháin agus sonraí ball
foirne Beidh Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 infheidhme
do shonraí pearsanta go léir bhaill foirne Europol chomh maith le sonraí
pearsanta riaracháin i seilbh Europol. Caibidil
VIII LEIGHEASANNA AGUS DLITEANAS
Airtegal 49
An ceart chun gearán a chur faoi bhráid an Mhaoirseora
Eorpaigh ar Chosaint Sonraí
1. Beidh sé de cheart ag aon
duine is ábhar do na sonraí gearán a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar
Chosaint Sonraí má mheasann sé nach bhfuil a chuid sonraí pearsanta arna
bpróiseáil i gcomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo. 2. I gcás ina mbaineann gearán
le cinneadh a dtagraítear dó in Airteagal 39 nó 40, rachaidh an Maoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhairle leis na comhlachtaí náisiúnta
maoirseachta nó leis an gcomhlacht breithiúnach inniúil sa Bhallstát arbh é
foinse na sonraí é nó leis an mBallstát lena mbaineann go díreach. Déanfar
cinneadh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí i ndlúthchomhar leis an
gcomhlacht náisiúnta maoirseachta nó leis an gcomhlacht breithiúnach inniúil
agus féadfar a bheith dá thoradh go ndiúltófar faisnéis ar bith a chur in iúl. 3. I gcás ina mbaineann gearán
le seiceáil ar shonraí arna soláthar do Europol ag Ballstát, áiritheoidh an
Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí go mbeidh na seiceálacha riachtanacha
arna ndéanamh i gceart agus i ndlúthchomhar le comhlacht náisiúnta maoirseachta
an Bhallstáit a bhfuil na sonraí arna soláthar aige. 4. gcás ina mbaineann gearán le
seiceáil ar shonraí arna soláthar do Europol ag eintitis AE, ag tríú tíortha,
ag eagraíochtaí nó ag páirtithe príobháideacha, áiritheoidh an Maoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí go mbeidh na seiceálacha riachtanacha déanta ag
Europol. Airteagal 50 An ceart chun leighis bhreithiúnaigh i
gcoinne an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí Tógfar caingne i gcoinne chinntí an Mhaoirseora
Eorpaigh ar Chosaint Sonraí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais
Eorpaigh. Airteagal 51 Forálacha ginearálta ar dhliteanas agus an ceart chun cúitimh 1. Beidh dliteanas conarthach
Europol faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i gceist. 2. Beidh dlínse ag Cúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun
aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag
Europol. 3. Gan dochar d’Airteagal 52, i
gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh Europol, i gcomhréir leis na
prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a
shlánú arb iad a ranna nó a bhaill foirne féin is cúis leis agus iad i mbun a
ndualgas. 4. Beidh dlínse ag Cúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as
damáiste a dtagraítear dói mír 3. 5. Beidh dliteanas pearsanta a
bhall foirne i leith Europol faoi rialú ag na forálacha arna leagan síos
sna Rialacháin Foirne agus sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir
leo. Airteagal
52 Dliteanas
i leith próiseála míchirte sonraí agus an ceart chun cúitimh 1. Beidh sé de cheart ag aon
duine aonair a bhfuil damáiste arna bhaint dó de thoradh oibríochta
neamhdhleathaí próiseála cúiteamh a fháil i leith an damáiste arna bhaint dó ó
Europol i gcomhréir le hAirteagal 340 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais
Eorpaigh nó ó Bhallstát, inar tharla an teagmhas ba shiocair don damáiste, i
gcomhréir lena dhlí náisiúnta. 2. Déanfar aon díospóid idir
Europol agus Ballstát maidir le cúiteamh arna íoc nó maidir le méid na
haisíocaíochta a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta a shocróidh an ní trí
thromlach dhá thrian dá chomhaltaí gan dochar don cheart chun dúshlán a chur
faoin gcinneadh sin i gcomhréir le hairteagal 263 CFAE. Caibidil
IX INIÚCHADH PARLAIMINTEACH Airteagal 53 Grinnscrúdú parlaiminteach 1. Tiocfaidh Cathaoirleach an
Bhoird Bainistíochta agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin os comhair Pharlaimint na
hEorpa, i gcomhpháirt le Parlaimintí náisiúnta, arna iarraidh sin acu chun
cúrsaí a bhaineann le Europol a phlé, agus oibleagáidí discréide agus rúndachta
á gcur san áireamh. 2. Déanfaidh Parlaimint na
hEorpa, in éineacht le Parlaimintí náisiúnta, grinnscrúdú parlaiminteach a
fheidhmiú ar ghníomhaíochtaí Europol i gcomhréir le forálacha an rialacháin
seo. 3. I dteannta na n-oibleagáidí
faisnéise agus comhairliúcháin a leagtar amach sa rialachán seo, déanfaidh
Europol an méid a leanas a tharchur, mar eolas, chuig Parlaimint na hEorpa agus
chuig Parlaimintí náisiúnta: (a)
measúnuithe ar bhagairt, anailísí straitéiseacha
agus tuairiscí ginearálta staide a bhaineann le cuspóir Europol chomh maith le
torthaí staidéar agus measúnachtaí arna gcoimisiúnú ag Europol; (b)
na socruithe arna nglacadh i gcomhréir le
hAirteagal 31(1). Airteagal 54 Rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar
Fhaisnéis Rúnaicmithe arna próiseáil ag nó trí Europol 1. D’fhonn iniúchadh
parlaiminteach a fheidhmiú ar ghníomhaíochtaí Europol i gcomhréir le hAirteagal
53, féadfar rochtain ar Fhaisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh agus ar
fhaisnéis íogair neamh-rúnaicmithe arna próiseáil ag nó trí Europol a cheadú do
Pharlaimint na hEorpa nó dá hionadaithe arna iarraidh sin. 2. Beidh rochtain ar Fhaisnéis
Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh agus ar fhaisnéis íogair neamh-rúnaicmithe i
gcomhréir leis na prionsabail bhunúsacha agus na híoschaighdeáin mar a
thagraítear dóibh in Airteagal 69. Beidh na mionsonraí faoi rialú ag socrú
oibre arna thabhairt i gcrích idir Europol agus Parlaimint na hEorpa. Caibidil X BAILL FOIRNE Airteagal 55 Forálacha ginearálta 1. Maidir leis na Rialacháin
Foirne agus le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus leis na
rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht
a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin, cuirfear i bhfeidhm ar fhoireann
Europol iad cé is moite de na baill foirne sin a bheidh, ar dháta theacht i
bhfeidhm an rialacháin seo, faoi chonradh arna thabhairt i gcrích ag Europol
mar a bhunaítear le Coinbhinsiún Europol 2. Cuimseofar i bhfoireann
Europol baill foirne shealadacha agus/nó baill foirne ar conradh. Cinnfidh an
Bord Bainistíochta cad iad na poist shealadacha, a bhforáiltear leo sa phlean
bunaíochta, nach bhféadfar a líonadh ach le baill foirne arna gceapadh ó
údaráis inniúla na mBallstát. Beidh na baill foirne a earcófar chuig na poist
sin ina ngníomhairí sealadacha faoi Airteagal 2(a) de na Coinníollacha
Fostaíochta agus ní fhéadfar ach conradh ar théarma seasta a dhámhachtain
orthu, ar conradh é is féidir a athnuachan aon uair amháin go ceann tréimhse. Airteagal
56 An Stiúrthóir Feidhmiúcháin 1. Ceapfar an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin mar ghníomhaire sealadach de chuid Europol faoi
Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile. 2. Ceapfaidh an Bord
Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ó liosta iarrthóirí arna moladh ag
an gCoimisiún, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach. D’fhonn an conradh a thabhairt i gcrích leis an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta
ionadaíocht thar ceann Europol. Sula ndéanfar an ceapachán, féadfar a iarraidh ar
an iarrthóir a roghnóidh an Bord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh os comhair
choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste
sin a fhreagairt. 3. Cúig bliana a mhairfidh
téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin,
déanfaidh an Coimisiún measúnú a chuimseoidh meastóireacht ar fheidhmíocht an
Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar na cúraimí a bheidh ag Europol agus na
dúshláin a bheidh roimhe san am atá le teacht. 4. Féadfaidh an Bord
Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus an measúnú a
dtagraítear dó i mír 3 á chur san áireamh, téarma oifige an Stiúrthóra
Feidhmiúcháin a shíneadh uair amháin, ar feadh cúig bliana ar a mhéid. 5. Cuirfidh an Bord
Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas má tá sé de rún aige téarma
oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadhSa mhí sula síneofar a théarma
oifige, féadfar iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os
comhair choiste inniúil na Parlaiminte agus ceisteanna a chuirfidh comhaltaí an
choiste a fhreagairt. 6. Ní fhéadfaidh Stiúrthóir
Feidhmiúcháin, a ndearnadh síneadh ar a chonradh, páirt a ghlacadh i nós
imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.
7. Ní fhéadfar an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta ag
gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún. 8. Tiocfaidh an Bord
Bainistíochta ar chinneadh faoi cheapachán, faoi shíneadh téarma oifige agus
faoi chur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus/nó an Leas-Stiúrthóra (na
Leas-Stiúrthóirí) ar bhonn thromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí a bhfuil
ceart vótála acu. Airteagal 57 Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin 1. Cabhróidh ceathrar
Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, lena n-áirítear duine amháin a bheidh freagrach
as oiliúint, leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Beidh an Leas-Stiúrthóir
Feidhmiúcháin um Oiliúint freagrach as Acadamh Europol agus a chuid
gníomhaíochtaí a bhainistiú. Saineoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cúraimí na
Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin eile. 2. Beidh feidhm ag Airteagal 56
leis na Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin. Téifear i gcomhairle leis an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin sula gceapfar nó sula mbainfear as oifig iad. Airteagal 58 Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile 1. Feadfaidh Europol leas a
bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as baill foirne eile nach
fostaithe de chuid na gníomhaireachta iad. 2. Glacfaidh an Bord
Bainistíochta cinneadh a leagfaidh síos rialacha faoi shaineolaithe náisiúnta a
thabhairt ar iasacht chuig Europol. Caibidil XI FORÁLACHA AIRGEADAIS Airteagal 59 Buiséad 1. Ullmhófar meastacháin ar
ioncam agus ar chaiteachas go léir Europol do gach bliain airgeadais, a fhreagraíonn
don bhliain féilire, agus léireofar i mbuiséad Europol iad 2. Comhardófar buiséad Europol i
dtéarmaí ioncaim agus caiteachais araon. 3. Gan dochar d’acmhainní eile,
cuimseofar in ioncam Europol ranníocaíocht ón Aontas arna cur i mbuiséad
ginearálta an Aontais Eorpaigh. 4. Féadfaidh Europol leas a
bhaint as cistiú an Aontais i bhfoirm chomhaontuithe tarmligin nó deontais
ad-hoc agus eisceachtúla i gcomhréir le forálacha na n-ionstraimí ábhartha a
thacaíonn le beartais an Aontais. 5. Cuirfear pá foirne, speansais
riaracháin agus bonneagair, agus costais oibriúcháin san áireamh i gcaiteachas
Europol. Airteagal 60 An buiséad a bhunú 1. Déanfaidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin dréachtráiteas a tharraingt suas uair sa bhliain ar mheastacháin
ar ioncam agus ar chaiteachas Europol don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin,
lena n-áirítear an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an mBord
Bainistíochta é. 2. Ar bhonn an dréachta sin,
ullmhóidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus ar chaiteachas
Europol don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Seolfar an dréachtmheastachán
sealadach faoi ioncam agus chaiteachas Europol chuig an gCoimisiún gach bliain
[dáta leagtha amach sa Rialachán Réime Airgeadais]. Seolfaidh an Bord
Bainistíochta dréachtmheastachán deireanach, a chuimseoidh dréachtphlean
bunaithe, chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa agus an gComhairle
faoin 31 Márta. 3. Cuirfidh an Coimisiún an
ráiteas ar mheastacháin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (an
t-údarás buiséadach) mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. 4. Ar bhonn an ráitis ar
mheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais
Eorpaigh na meastacháin sin a mheasann sé atá riachtanach don phlean bunaíochta
agus do mhéid an fhóirdheontais a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad
ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir
le hAirteagal 313 agus le hAirteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh. 5. Údaróidh an t-údarás
buiséadach na leithreasuithe don fhóirdheontas a íocfar le Europol. 6. Glacfaidh an t-údarás
buiséadach plean bunaíochta Europol. 7. Glacfaidh an Bord
Bainistíochta buiséad Europol. Tiocfaidh sé chun bheith críochnaitheach tar éis
ghlacadh cinntitheach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás
inar gá, coigeartófar é dá réir. 8. Le haghaidh aon tionscadal,
tionscadail tógála go háirithe, ar cosúil go mbeidh impleachtaí móra aige ar an
mbuiséad, beidh feidhm ag forálacha [an Rialachán Réime Airgeadais]. Airteagal
61 An buiséad a chur chun feidhme 1. Cuirfidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin buiséad Europol chun feidhme. 2. Déanfaidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin gach faisnéis ábhartha a bhaineann le torthaí na nósanna imeachta
meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach uair sa bhliain. Airteagal
62 Na
cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh 1. Faoin 1 Márta tar éis gach
bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta Europol na cuntais
sealadacha in iúl d’Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin agus don Chúirt
Iniúchóirí. 2. Seolfadh Europol tuarascáil
faoin mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais do Pharlaimint na hEorpa, don
Chomhairle agus don Chúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta na bliana dar gcionn. 3. Faoin 31 Márta tar éis gach
bliana airgeadais, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais
sealadacha Europol agus iad comhdhlúite le cuntais an Choimisiúin chuig an
gCúirt Iniúchóirí. 4. Ar bharúlacha na Cúirte
Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha Europol, de bhun Airteagal 148
den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntais
chríochnaitheacha Europol a tharraingt suas ar a fhreagracht féin agus a chur
faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta chun tuairim a fháil. 5. Tabharfaidh an Bord Bainistíochta
tuairim maidir le cuntais chríochnaitheacha Europol. 6. Faoin 1 Iúil tar éis gach
bliana airgeadais, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais
chríochnaitheacha, mar aon le tuairim an Bhoird Bainistíochta, chuig Parlaimint
na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí
agus chuig Parlaimintí náisiúnta. 7. Foilseofar na cuntais
chríochnaitheacha 8. Cuirfidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir lena cuid barúlacha
faoi [dáta leagtha amach sa Rialachán Réime Airgeadais]. Cuirfidh sé an freagra
sin chuig an mBord Bainistíochta freisin. 9. Aon fhaisnéis is gá chun nós
imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil don bhliain airgeadais
i gceist, mar atá leagtha síos in Airteagal 165(3) den
Rialachán Airgeadais, cuirfidh an Stiúrthóir faoi bhráid Pharlaimint na
hEorpa í, arna iarraidh sin don Pharlaimint. 10. Déanfaidh Parlaimint na
hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe,
urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine den
bhliain N + 2, i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain N. Airteagal 63 Rialacha
airgeadais 1. Tar éis dul i gcomhairle leis
an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme
ar Europol. Ní imeoidh siad ón [Rialachán Réime Airgeadais] mura mbeidh gá
sonrach leis an imeacht sin d’fheidhmiú Europol agus mura mbeidh toiliú tugtha
ag an gCoimisiún roimh ré. 2. Mar gheall ar shainiúlacht na
gComhaltaí de Líonra na n-Institiúidí Náisiúnta Oiliúna arb iad na haon
chomhlachtaí amháin a bhfuil tréithe sonracha agus inniúlachtaí teicniúla acu
chun gníomhaíochtaí oiliúna ábhartha a dhéanamh, féadfaidh na comhaltaí sin
deontais a fháil gan ghairm tograí i gcomhréir le hAirteagal 190(1)(d) de
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún.[41] Caibidil
XII FORÁALCHA ILGHNÉITHEACHA Airteagal
64 Stádas dlíthiúil 1. Comhlacht de chuid an Aontais
a bheidh in Europol. Beidh pearsantacht dhlíthiúil aige. 2. I ngach ceann de na Ballstáit,
beidh an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar do dhaoine
dlítheanacha faoi dhlíthe na mBallstát sin ag Europol. Féadfaidh Europol, go
háirithe, maoin shochorraithe agus réadmhaoin a fháil nó a dhiúscairt agus
féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla. 3. Beidh suíomh Europol sa Háig,
san Ísiltír. Airteagal 65 Pribhléidí agus díolúine 1. Beidh feidhm maidir le
Europol agus a bhaill foirne ag an bPrótacal maidir le Pribhléidí agus
Díolúintí an Aontais Eorpaigh. 2. Beidh pribhléidí agus
díolúintí oifigigh idirchaidrimh agus a gcuid ball teaghlaigh faoi réir
comhaontaithe idir Ríocht na hÍsiltíre agus na Ballstáit eile. Forálfaidh an
comhaontú sin do na pribhléidí agus na díolúintí sin atá riachtanach chun
cúraimí na n-oifigeach idirchaidrimh a chomhlíonadh i gceart. Airteagal 66 Socruithe teanga 1. Beidh feidhm maidir le
Europol ag na forálacha atá leagtha síos i Rialachán Uimh.[42]. 2. Soláthróidh Lárionad
Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh
chun go bhfeidhmeoidh Europol. Airteagal 67 Trédhearcacht 1. Beidh Rialachán (CE) Uimh.
1049/2001[43]
maidir le doiciméid a shealbhaíonn Europol. 2. Ar bhonn togra ón Stiúrthóir
Feidhmiúcháin, agus tar éis sé mhíosa ar a dhéanaí ó theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe
maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm i dtaca le doiciméid
Europol. 3. Féadfaidh cinntí a dhéanfaidh
Europol de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a
bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó ina n-ábhar caingne os comhair
Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha atá
leagtha síos in Airteagal 228 agus in Airteagal 263 den Chonradh faoi
seach. Airteagal 68 Calaois a chomhrac 1. Chun an comhrac in aghaidh na
calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a éascú faoi
Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999, laistigh de thréimhse sé mhí ón lá a thiocfaidh
Europol chun bheith oibríochtúil, aontóidh sé do Chomhaontú Idirinstitiúideach
an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an
Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)[44]
agus glacfaidh sé forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile
Europol ag úsáid an teimpléid atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann
leis an gcomhaontú sin. 2. Beidh cumhacht
iniúchóireachta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ar bhonn doiciméad agus ar an
láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach
fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais ó Europol. 3. Féadfaidh OLAF imscrúduithe a
dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, agus é
mar aidhm a shocrú cibé acu gur tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht
mhídhleathach eile a mbeidh tionchar aige ar leas airgeadais an Aontais i ndáil
le deontas nó conradh arna chistiú ag Europol, i gcomhréir leis na forálacha
agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle den 25 Bealtaine 1999 maidir
le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus
Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle den
11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair
arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach
a chosaint in aghaidh calaoise agus mírialtachtaí eile[45]. 4. Gan dochar do mhíreanna 1, 2
agus 3, beidh i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí
idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais
Europol forálacha a thugann de chumhacht go sainráite do Chúirt Iniúchóirí na
hEorpa agus do OLAF na hiniúchtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh de réir
a n-inniúlachtaí faoi seach. Airteagal 69 Rialacha slándála maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe Bunóidh Europol a rialacha féin maidir le
rúndacht agus le faisnéis rúnaicmithe an AE (FRAE) agus faisnéis íogair
neamh-rúnaicmithe a chosaint, ag cur san áireamh bunphrionsabail agus
caighdeáin íosta Chinneadh 2011/292/AE ón gComhairle faoi na rialacha slándála
maidir le faisnéis rúnaicmithe an AE a chosaint. Cuimseofar leis sin, inter alia, forálacha
maidir leis an bhfaisnéis sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil. Airteagal 70 Meastóireacht agus athbhreithniú 1. Tráth nach déanaí ná cúig
bliana tar éis [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo,] agus gach cúig
bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht a choimisiún chun
measúnú a dhéanamh go háirithe ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar
éifeachtúlacht Europol agus a chleachtas oibre. Díreofar sa mheastóireacht go
háirithe ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le cuspóirí Europol a mhodhnú, agus
ar na himpleachtaí airgeadais a ghabhfaidh leis an modhnú sin. 2. Cuirfidh an Coimisiún an
tuarascáil mheastóireachta mar aon lena chonclúidí ar an tuarascáil ar aghaidh
chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig na parlaimintí náisiúnta
agus chuig an mBord Bainistíochta. 3. Nuair a dhéanfar gach dara
meastóireacht, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar na torthaí a bheidh
bainte amach ag Europol ag féachaint dá chuspóirí, dá shainordú agus dá
chúraimí. Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil bonn cirt a thuilleadh le
Europol a choinneáil ar bun ag féachaint dá chuspóirí agus dá chúraimí sannta,
féadfaidh sé a mholadh go ndéanfar an Rialachán seo a leasú dá réir nó a
aisghairm. Airteagal 71 Imscrúduithe riaracháin Beidh gníomhaíochtaí
Europol faoi réir rialuithe an Ombudsman i gcomhréir le hAirteagal 228 den
Chonradh. Airteagal 72 Ceanncheathrú 1. Maidir leis na socruithe
riachtanacha a bhaineann leis an gcóiríocht le cur ar fáil do Europol sa
Bhallstát ósta agus na saoráidí le cur ar fáil ag an mBallstát sin i dteannta
leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát ósta don Stiúrthóir
Feidhmiúcháin, do chomhaltaí den Bhord Bainistíochta, do bhaill foirne Europol
agus do dá mbaill teaghlaigh, leagfar síos iad i gComhaontú Ceanncheathrún idir
Europol agus Ballstát a bhfuil an oifig lonnaithe ann, tar éis faomhadh an
Bhoird Bainistíochta a fháil agus faoi [2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo] ar a dhéanaí. 2. Cuirfidh Ballstát ósta
Europol na coinníollacha is fearr is féidir ar fáil chun feidhmiú Europol a
áirithiú, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach a bhfuil gné Eorpach ag baint
leis agus naisc iomchuí iompair. Caibidil
XIII FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA Airteagal 73 Comharbas dlíthiúil ginearálta 1. Beidh Europol, arna bhunú ag
an Rialachán seo, ina chomharba dlíthiúil ginearálta ar gach conradh arna
thabhairt i gcrích ag Europol, ar dhliteanas is dlite do Europol, agus ar
mhaoin arna sealbhú ag Europol, arna bhunú ag Cinneadh 2009/371/JHA, agus ar
CEPOL, arna bhunú faoin gCinneadh 2005/681/JHA. 2. Ní dhéanfaidh an Rialachán
seo difear d’fheidhm dhlíthiúil chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag
Europol arna bhunú ag Cinneadh 2009/371/JHA roimh dháta theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo. 3. Ní dhéanfaidh an Rialachán
seo difear d’fheidhm dhlíthiúil chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag CEPOL
arna bhunú ag Cinneadh 2009/371/JHA roimh dháta theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo. 4. De mhaolú ar mhír 3, déanfar
an Comhaontú Ceanncheathrún arna thabhairt i gcrích ar bhonn Chinneadh
2005/681/JHA a fhoirceannadh ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Airteagal 74 Socruithe idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta 1. Déanfar téarma oifige
chomhaltaí Bhord Rialúcháin CEPOL arna bhunú ar bhonn Airteagal 10 de Chinneadh
2005/681/CGB a fhoirceannadh ar [dáta an teachta i bhfeidhm]. 2. Déanfar téarma oifige
chomhaltaí Bhord Bainistíochta Europol arna bhunú ar bhonn Airteagal 37 de
Chinneadh 2009/371/CGB a fhoirceannadh ar [dáta theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo ]. 3. Déanfaidh an Bord
Bainistíochta arna bhunú ar bhonn Airteagal 37 de Chinneadh 2009/371/JHA na
nithe seo a leanas sa tréimhse idir dáta an teachta i bhfeidhm agus dáta an
chuir i bhfeidhm: (a)
feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta a dtagraítear
dóibh in Airteagal 14 a den Rialachán seo a fheidhmiú; (b)
glacadh na rialacha maidir leis na hoibleagáidí
rúndachta agus discréide agus le cosaint faisnéise rúnaicmithe an AE a
dtagraítear dóibh in Airteagal 69 den Rialachán seo a ullmhú; (c)
aon ionstraim is gá an Rialachán seo a chur a
ullmhú; agus (d)
bearta neamhreachtacha lena gcuirtear chun feidhme
Cinneadh 2009/371/JHA a leasú chun go ndéanfaidh an Bord Bainistíochta arna
bhunú ar bhonn Airteagal 13 den Rialachán seo cinneadh a dtagraítear dó in
Airteagal 78(2). 4. Glacfaidh an Coimisiún, gan
mhoill tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, na bearta is gá chun a
áirithiú go gcuirfidh an Bord Bainistíochta arna bhunú i gcomhréir le
hAirteagal 13 tús lena chuid oibre ar [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo]; 5. Tráth nach déanaí ná 6 mhí ó
dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tabharfaidh na Ballstáit fógra don
Choimisiún maidir le hainm na ndaoine arna gceapadh acu mar chomhalta agus mar
chomhalta malartach ar an mBord Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 13. 6. Reáchtálfaidh an Bord
Bainistíochta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo a chéad
chruinniú ar [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin]. Ansin, más gá, glacfaidh
sé cinneadh mar a thagraítear dó in Airteagal 78(2). Airteagal 75 Socruithe idirthréimhseacha maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin
agus na Leas-Stiúrthóirí 1. Ar feadh na dtréimhsí atá fanta
dá dtéarmaí oifige, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin arna cheapadh ar bhonn
Airteagal 38 de Chinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle ina Stiúrthóir
Feidhmiúcháin mar a fhoráiltear dó in Airteagal 19 den Rialachán seo. Ní
athrófar coinníollacha eile a chonartha. Má thagann deireadh leis an téarma
oifige tar éis [dáta iontrála an Rialacháin seo] ach roimh [dáta chur chun
feidhme an Rialacháin seo] , déanfar é nó í a shíneadh go huathoibríoch go
ceann bliana amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. 2. I gcás nach mbeidh an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin toilteanach nó ábalta gníomhú i gcomhréir le mír 1,
ceapfaidh an Bord Bainistíochta Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach chun
gníomhú mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach agus na dualgais arna sannadh
don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chomhlíonadh ar feadh tréimhse nach mó ná 18 mí,
ar fheitheamh na gceapachán a bhforáiltear leo in Airteagal 56. 3. Beidh forálacha mhíreanna 1
agus 2 infheidhme dá réir sin ar Leas-Stiúrthóirí arna gceapadh ar bhonn Airteagal
38 de Chinneadh 2009/371/CGB. 4. Ar feadh na dtréimhsí atá
fanta dá théarma oifige, sannfar Stiúrthóir Feidhmiúcháin he CEPOL arna
cheapadh ar bhonn Airteagal 11(1) de Chinneadh 2005/681/CGB, d’fheidhmeanna an
Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin um oiliúint i Europol. Ní athrófar coinníollacha
eile a chonartha. Má thagann deireadh leis an téarma oifige tar éis [dáta
iontrála an Rialacháin seo] ach roimh [dáta chur chun feidhme an Rialacháin seo
date], déanfar é a shíneadh go huathoibríoch go dtí aon bhliain amháin tar éis
dháta chur chun feidhme an Rialacháin seo. Airteagal 76 Forálacha buiséadacha idirthréimhseacha 1. I ngach ceann de na trí
bliana buiséadacha tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar 8
milliún EUR, ar a laghad, de na speansais oibriúcháin a fhorchoimeád le
haghaidh oiliúna mar a thuairiscítear i gCaibidil II. 2. Cuirfear an nós imeachta
urscaoilte maidir leis na buiséid arna bhformheas ar bhonn Airteagal 42 de
Chinneadh 2009/371/JHA i ngníomh i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú ag
Airteagal 43 de Chinneadh 2009/371/CGB agus le rialacha airgeadais Europol. Caibidil
XIV FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 77 Cur in ionad Tiocfaidh an Rialachán seo in ionad Chinneadh
2009/371/CGB agus Chinneadh 2005/681/CGB, agus déantar iad a aisgharm. Déanfar tagairtí do na Cinntí aisghairthe sin
a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. Airteagal 78 Aisghairm 1. Déanfar gach beart reachtach
a chuireann na Cinntí 2009/371/CGB agus Cinneadh 2005/681/CGB chun feidhme a
aisghairm le héifeacht ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. 2. Déanfar gach beart
neamhreachtach a chuireann Cinneadh 2009/371/JHA, a chuireann an Oifig Eorpach
Póilíní (Europol) ar bun, agus Cinneadh 2005/681/JHA, a chuireann CEPOL ar bun,
chun feidhme a choimeád i bhfeidhm tar éis [dháta chur chun feidhme an
Rialacháin seo], mura gcinnfidh Bord Bainistíochta Europol a mhalairt agus an
Rialachán seo á chur chun feidhme. Airteagal 79 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm 1. Tiocfaidh an Rialachán seo i
bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais
Eorpaigh. 2. Beidh séinfheidhme ó [dáta
anchur chun feidhme] 3. Ach beidh Airteagal 73, 74
agus 75 infheidhme ó dháta dhul i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann
Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán AGUISÍN 1 Liosta
de na ciontaí a ndéanfaidh Europol gníomh ag údaráis inniúla na mBallstát agus
a gcomhar frithpháirteach a neartú ina dtaobh i gcomhréir
le hAirteagal 3(1) den Rialachán seo - sceimhlitheoireacht, - coireacht eagraithe, - gáinneáil aindleathach drugaí, - sciúradh neamhdhleathach airgid, - cóireáil a bhaineann le substaintí
núicléacha agus radaighníomhacha, - smuigleáil inimirceach neamhdhleathach, - gáinneáil ar dhaoine, - coireacht mhótarfheithicle, - dúnmharú, mórdhíobháil choirp, - trádáil neamhdhleathach in orgán agus i
bhfíochán an duine, - fuadach, srianadh agus tógáil giall
neamhdhleathach, - ciníochas agus seineafóibe, - robáil, - gáinneáil neamhdhleathach earraí cultúrtha,
lena n-áirítear ársaíochtaí agus saothair ealaíne, - caimiléireacht agus calaois, lena n-áirítear
calaois a mbíonn tionchar aici ar leas airgeadais an Aontais Union - cambheartaíocht agus sracadh, - góchumadh agus píoráideacht táirgí, - brionnú doiciméad riarachán agus gáineáil
orthu, - brionnú airgid agus mhodhanna íocaíochta, - coireacht ríomhaire, - éilliú, - gáinneáil neamhdhleathach arm, armlón agus
pléascán, - gáinneáil aindleathach i speicis ainmhithe i
mbaol, - gáinneáil aindleathach i speicis agus
cineálacha plandaí i mbaol - coireacht chomhshaoil, lena n-áirítear
truailliú ó longfhoinsí - ceannaíocht aindleathach i substaintí
hormónacha agus fástionscnóirí eile - mí-úsáid ghnéasach agus tír ghnéasach ban
agus leanaí. AGUISÍN 2 Catagóirí de shonraí pearsanta agus catagóirí de dhaoine is ábhar do na
sonraí a fhéadfar a gcuid sonraí a bhailiú agus a phróiseáil chun críocha
cros-seiceála mar a thagraítear dó in Airteagal 24(1)(a) 1. Bainfidh sonraí pearsanta arna mbailiú agus
arna bpróiseáil chun críocha cros-seiceála le: (a) daoine a gceaptar, i
gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit atá i gceist, go
ndearna siad cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina thaobh, gur ghlac siad
páirt ann, nó a ciontaíodh as an gcion sin; (b) daoine a bhfuil tásca fíorasacha nó
cúiseanna réasúnta faoi dhlí an Bhallstáit atá i gceist le creidiúint go
ndéanfaidh siad ciontaí coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh. 2. Ní fhéadfar ach na catagóirí seo a leanas
de shonraí pearsanta a chur san áireamh i sonraí a bhaineann leis na daoine a
thagraítear dóibh i mír 1: (a) sloinne, sloinne roimh phósadh nó aon
ailias nó ainm bréige; (b) dáta agus ionad breithe; (c) náisiúntacht; (d) inscne; (e) áit chónaithe, gairm agus ionad an duine
atá i gceist; (f) uimhreacha slándála sóisialaí, ceadanna
tiomána, doiciméid aitheantais agus sonraí pas; agus (g) áit is gá, tréithe eile ar cosúil go
gcabhróidís leis an duine a aithint, lena n-áirítear aon tréithe fisiceacha
sonracha oibiachtúla a nach bhféadfaí athrú mar shonraí dactalascópacha agus
próifíl DNA (arna socrú ón gcuid neamhchomhdaithe de DNA). 3. I dteannta leis na sonraí a thagraítear
dóibh i mír 2, féadfar na catagóirí seo a leanas de shonraí pearsanta a
bhaineann leis na daoine a thagraítear dóibh i mír 1 a bhailiú agus a
phróiseáil: (a) ciontaí coiriúla, ciontaí coiriúla
líomhanta, agus cathain, cá háit agus cén chaoi (a líomhnaítear) a ndearnadh
iad; (b) na modhanna a úsáideadh nó a bhféadfaí a
úsáid chun na ciontaí coiriúla sin a dhéanamh lena n-áirítear faisnéis a
bhaineann le daoine dlítheanacha; (c) na ranna atá ag láimhseáil an cháis agus a
gcuid tagairtí comhdaithe; (d) ballraíocht amhrasta ar eagraíocht
choiriúil; (e) ciontuithe, áit a mbaineann siad le
ciontaí coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh; (f) an páirtí ionchuir. Féadfar na sonraí sin a chur ar fáil do
Europol fiú nuair nach bhfuil aon tagairtí do dhaoine iontu . 4. Féadfar faisnéis bhreise atá i seilbh
Europol nó Aonad Náisiúnta agus a bhaineann leis na daoine a thagraítear dóibh
in mír 1 a chur in iúl d’aon aonad náisiúnta nó do Europol dá n-iarrfadh
ceachtar díobh é sin. Déanfaidh aonaid náisiúnta amhlaidh agus iad ag cloí lena
ndlí náisiúnta. 5. Má chuirtear deireadh gan amhras ar
imeachtaí i gcoinne an duine atá i gceist nó má éigiontaítear an duine sin go
cinntitheach, scriosfar na sonraí a bhaineann leis an gcás ar tógadh ceachtar
cinneadh ina thaobh. Catagóirí de
shonraí pearsanta agus catagóirí de dhaoine is ábhar do na sonraí a bhféadfar a
gcuid sonraí a bhailiú agus a phróiseáil chun críocha anailíse de nádúr
straitéiseach nó de nádúr ginearálta eile agus chun críocha anailíse
oibriúcháin (mar a thagraítear di in Airteagal 24(1)(b) agus (c) 1. Bainfidh
sonraí pearsanta arna mbailiú agus arna bpróiseáil chun críocha anailíse de
nádúr straitéiseach nó de nádúr ginearálta eile le: (a)
daoine a gceaptar, i gcomhréir
le dlí náisiúnta an Bhallstáit atá i gceist, go ndearna
siad cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina thaobh, gur ghlac siad páirt
ann, nó a ciontaíodh as an gcion sin; (b)
daoine a bhfuil tásca fíorasacha nó cúiseanna
réasúnta faoi dhlí an Bhallstáit atá i gceist le creidiúint go ndéanfaidh siad
ciontaí coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh. (c)
daoine a d’fhéadfadh go n-iarrfaí orthu fianaise a
thabhairt in imscrúduithe i gceangal leis na ciontaí á mbreithniú nó in
imeachtaí coiriúla ina dhiaidh sin; (d)
daoine a bhí mar íospartaigh i gceann de na ciontaí
atá á mbreithniú nó a dtugann fíricí áirithe maidir leo cúis le creidiúint go
bhféadfadh go mbeidís ina n-íospartaigh i gcion den sórt sin; (e)
teagmhálaithe agus páirtithe; agus (f)
daoine a fhéadann faisnéis a chur ar fáil faoi na
ciontaí coiriúla atá á mbreithniú. 2. Féadfar
na catagóirí seo a leanas de shonraí pearsanta, sonraí riaracháin bainteacha
san áireamh, a phróiseáil ar na catagóirí de dhaoine a thagraítear dóibh i mír
1 pointe (a) agus (b): (a)
Sonraí pearsanta: (i) Sloinnte reatha iar-shloinnte; (ii) Réamhainmneacha reatha agus
iar-réamhainmneacha; (iii) Sloinne roimh phósadh; (iv) Ainm an athar (áit is gá chun críocha aitheantais); (v) Ainm na máthar (áit is gá chun críocha
aitheantais): (vi) Inscne; (vii) Dáta breithe; (viii) Áit breithe; (ix) Náisiúntacht; (x) Stádas pósta; (xi) Ailias; (xii) Leasainm; (xiii) Ainm bréige; (xiv) Áit chónaithe reatha agus iaráit chónaithe
(b)
Cur síos fisiceach: (i) Cur síos fisiceach; (ii) Tréithe idirdhealaitheacha
(marcanna/coilm/tatúnna srl.) (c)
Modhanna aitheantais: (i) Doiciméid aitheantais/ceadúnas tiomána; (ii) Cárta náisiúnta aitheantais /uimhreacha
pas; (iii) Uimhir náisiúnta aitheantais/uimhir
shlándála sóisialaí, más infheidhme (iv) Íomhánna físe agus faisnéis eile faoi
chuma (v) Faisnéis aitheantais fhóiréinsigh mar
mhéarloirg, próifíl DNA (arna socrú ón gcuid neamhchomhdaithe de), próifíl
gutha, grúpa fola, faisnéis déidliachta (d)
Gairm agus scileanna: (i) Fostaíocht agus gairm reatha; (ii) Iarfhostaíocht agus iarghairm; (iii) Oideachas (scoil/ollscoil/gairmiúil); (iv) Cáilíochtaí; (v) Scileanna agus réimsí eile eolais
(teanga/eile) (e)
Faisnéis eacnamaíochta agus airgeadais: (i) Sonraí airgeadais (cuntais agus cóid
bhainc, cártaí creidmheasa srl.); (ii) Sócmhainní airgid; (iii) Scairshealbha/sócmhainní eile; (iv) Sonraí réadmhaoine; (v) Naisc le cuideachtaí; (vi) Teagmhálacha bainc agus creidmheasa; (vii) Staid chánach; (viii) Faisnéis eile a léiríonn bainistíocht an
duine ar a gcuid gnóthaí airgeadais (f)
Sonraí iompraíochta: (i) Slí bheatha (ag caitheamh níos mó ná a
n-acmhainn) agus gnáthamh; (ii) Gluaiseachtaí; (iii) Áiteanna a dtugtar cuairt orthu go
minic; (iv) Airm agus uirlisí contúirteacha eile; (v) Rátáil chontúirte; (vi) Rioscaí sonracha mar dhóchúlacht
éalaithe, úsáid gníomhairí an dá thaobh, naisc le comhaltaí pearsanra um fhorfheidhmiú
an dlí; (vii) Tréithe agus próifílí a bhaineann le
coirpigh; (viii) Mí-úsáid drugaí; (g)
Teagmhálacha agus páirtithe, lena n-áirítear cineál
agus nádúr na teagmhála nó an cheangail leis an bpáirtí; (h)
Modh cumarsáide a úsáidtear, mar fhón (fón
statach/fón póca), facs, glaoire, post leictreonach, seoltaí poist, na(i)sc
Idirlín (i)
Bealaí iompair a úsáidtear, mar fheithiclí, bháid,
aerárthaigh, lena n-áirítear faisnéis a aithníonn na modhanna iompair sin
(cláruimhreacha); (j)
Faisnéis a bhaineann le hiompraíocht choiriúil: (i) Ciontuithe roimhe sin; (ii) Rannpháirtíocht amhrasta i
ngníomhaíochtaí coiriúla; (iii) Modi operandi; (iv) Bealaí a úsáideadh nó a bhféadfaí a úsáid
chun coireanna a ullmhú agus/nó a dhéanamh; (v) Ballraíocht ar ghrúpaí/eagraíochtaí
coiriúla agus ról sa ghrúpa/eagraíocht; (vi) Ról san eagraíocht choiriúil; (vii) Raon geografach na ngníomhaíochtaí coiriúla; (viii) Ábhar a bailíodh le linn imscrúdaithe,
lena n-áirítear íomhánna físe agus grianghraif (k)
Tagairtí do chórais faisnéise eile ina stóráiltear
faisnéis faoin duine: (i) Europol; (ii) Gníomhaireachtaí póilíní/custaim; (iii) Gníomhaireachtaí forfheidhmithe eile; (iv) Eagraíochtaí idirnáisiúnta; (v) Eintitis phoiblí; (vi) Eintitis phríobháideacha (l)
Faisnéis faoi dhaoine dlíthiúla a bhaineann leis na
sonraí a thagraítear dóibh i bpointe (e) agus (j): (i) Sannadh an duine dlíthiúil; (ii) Ionad; (iii) Dáta agus áit bhunaithe; (iv) Cláruimhir riaracháin; (v) Foirm dhlíthiúil; (vi) Caipiteal; (vii) Réimse gníomhaíochta; (viii) Fochomhlachtaí náisiúnta agus
idirnáisiúnta; (ix) Stiúrthóirí; (x) Naisc le bainc. 3. Is é atá
i “teagmhálacha agus páirtithe” mar a thagraítear dóibh i mír 1 pointe (e), ná
daoine trína bhfuil dóthain cúiseanna le creidiúint gur féidir faisnéis, a
bhaineann leis na daoine a thagraítear dóibh i mír 1 pointe (a) agus (b) den
Aguisín seo agus atá ábhartha don anailís, a fháil, ar choinníoll nach bhfuil
siad san áireamh i gceann de na catagóirí de dhaoine a thagraítear dóibh i mír1
(a), (b), (c), (d) agus (f). Is iad “teagmhálacha” ná na daoine úd a mbíonn
teagmháil fhánacha acu leis na daoine a thagraítear dóibh i mír 1 pointe (a)
agus (b). Is iad “páirtithe’” ná daoine sin a mbíonn teagmháil rialta acu leis
na daoine a thagraítear dóibh i mír (a) agus (b). Maidir le teagmhálacha agus páirtithe, féadfar na
sonraí faoi réir mhír 2 de réir mar is gá, ar choinníoll go bhfuil cúis ann le
ceapadh go bhfuil sonraí den sórt sin riachtanach don anailís ar ról na ndaoine
sin mar theagmhálacha nó pháirtithe. Sa chomhthéacs sin, cloífear leis an méid seo a
leanas: (a)
déanfar gaol na ndaoine sin leis na daoine a
thagraítear dóibh i mír 1 pointe (a) agus (b) a shoiléiriú chomh luath is
féidir; (b)
má tharlaíonn nach bhfuil aon bhunús leis an
toimhde go bhfuil gaol ann idir na daoine sin agus na daoine a thagraítear
dóibh i mír 1 pointe (a) agus (b) scriosfar na sonraí gan mhoill; (c)
má cheaptar go ndearna na daoine sin cion a thagann
faoi chuspóirí Europol, nó má ciontaíodh iad as cion den sórt sin, nó má tá
tásca fíorasacha nó cúiseanna réasúnacha faoi dhlí an Bhallstáit atá i gceist
le creidiúint go ndéanfaidh siad cion den sórt sin, féadfar na sonraí go léir i
gcomhréir le mír 2 a stóráil; (d)
ní stórálfar sonraí faoi theagmhálacha agus
pháirtithe teagmhálacha ná sonraí faoi theagmhálacha agus pháirtithe de chuid
páirtithe, ach amháin na sonraí ar nádúr a gcuid teagmhálacha nó ceangal leis
na daoine a thagraítear dóibh i mír 1 pointe (a) agus (b); (e)
murar féidir soiléiriú a fháil i gcomhréir leis na
pointí roimhe seo, tógfar é sin san áireamh agus cinneadh á dhéanamh faoin ngá
le stóráil le haghaidh níos mó anailíse agus faoi mhéid na stórála. 4. Maidir
le daoine, mar a thagraítear dóibh i mír 1 pointe (d), a bhí mar íospartaigh i
gceann de na ciontaí á mbreithniú nó má tá cúis le creidiúint mar thoradh ar
fhíricí ábhartha, go bhféadfadh go mbeidís mar íospartaigh i gcion den sórt
sin, féadfar sonraí a thagraítear dóibh i mír 2 pointe (a) fleasc ‘i’ go mír 2
(c) fleasc ‘iii’ den Aguisín seo, chomh maith leis na catagóirí seo a leanas de
shonraí a stóráil: (a)
Sonraí aitheantais an íospartaigh; (b)
Cúis le híospairt; (c)
Dochar (fisiceach/airgeadais/síceolaíoch /eile); (d)
Cibé acu an féidir anaithnideacht a ráthú; (e)
Cibé acu an bhfuil rannpháirtíocht in éisteacht
chúirte féideartha; (f)
Sonraí bainteach le coireacht arna soláthar ag nó
trí dhaoine a thagraítear dóibh i mír 1 pointe ‘d’, lena n-áirítear faisnéis
faoina gcaidreamh le daoine eile, áit is gá, chun na daoine a thagraítear dóibh
i mír 1 pointe ‘a’ agus ‘b’ a aithint Féadfar sonraí eile i gcomhréir le mír 2 a stóráil
de réir mar is gá, ar choinníoll nach bhfuil cúis ann le ceapadh go bhfuil siad
ag teastáil don anailís ar ról duine mar íospartach nó íospartach féideartha. Scriosfar sonraí nach bhfuil ag teastáil le
haghaidh tuilleadh anailíse. 5. Maidir
le daoine, mar a thagraítear dóibh i mír 1 (c), a bhféadfadh go n-iarrfaí orthu
fianaise a thabhairt in imscrúduithe i ndáil leis na ciontaí atá á mbreithniú
nó in imeachtaí coiriúla ina dhiaidh sin, féadfar sonraí a thagraítear dóibh i
mír 2 pointe (a) fleasc ‘i’ go mír 2 (c) fleasc ‘iii’ den Aguisín seo chomh
maith le catagóirí de shonraí a chomhlíonann na critéir seo a leanas, a stóráil: (a)
faisnéis bainteach le coireacht arna soláthar ag na
daoine sin, lena n-áirítear a ngaol le daoine eile atá sa chomhad oibre
anailíse; (b)
cibé acu an ráthófar anaithnideacht; (c)
cibé acu an ráthófar cosaint agus cé a ráthóidh; (d)
aitheantas; (e)
cibé acu an bhfuil rannpháirtíocht in éisteacht
chúirte féideartha. Féadfar sonraí eile i gcomhréir le mír 2 a stóráil
de réir mar is gá, ar choinníoll nach bhfuil cúis le ceapadh go bhfuil siad
riachtanach don anailís ar ról na ndaoine sin mar fhinnéithe. Scriosfar sonraí nach bhfuil ag teastáil le
haghaidh anailíse breise. 6. Maidir
le daoine, mar a thagraítear dóibh i mír 1 pointe (f), a fhéadann faisnéis a
chur ar fáil faoi na ciontaí coiriúla á mbreithniú, féadfar sonraí a
thagraítear dóibh i mír 2 pointe (a) fleasc ‘i’ go mír 2 (c) fleasc ‘iii’ den
Aguisín seo a stóráil, chomh maith le catagóirí de shonraí a chomhlíonann na
critéir seo a leanas: (a)
sonraí pearsanta códaithe; (b)
an cineál faisnéise atá á cur ar fáil; (c)
cibé acu an ráthófar anaithnideacht; (d)
cibé acu an ráthófar cosaint agus cé a ráthóidh; (e)
aitheantas; (f)
cibé acu an bhfuil rannpháirtíocht in éisteacht
chúirte féideartha; (g)
taithí dhiúltach; (h)
luaíochtaí (luaíochtaí airgeadais/fabhair). Féadfar sonraí eile i gcomhréir le mír 2 a stóráil
de réir mar is gá, ar choinníoll go bhfuil cúis ann le ceapadh go bhfuil siad
ag teastáil don anailís ar ról na ndaoine sin mar fhaisnéiseoirí. Scriosfar sonraí nach bhfuil ag teastáil d’anailís
bhreise. 7. Má
thagann sé chun solais, uair ar bith le linn anailíse, ar bhonn tásc
tromchúiseach agus comhthacaíoch, gur cheart duine a chur faoi chatagóir
daoine, mar atá sainithe san Aguisín seo, atá difriúil leis an gcatagóir ar
cuireadh an duine sin ann ar dtús, ní fhéadfaidh Europol próiseáil a dhéanamh
ach ar na sonraí faoin duine sin atá ceadaithe faoin gcatagóir sin, agus
scriosfar na sonraí eile go léir. Má thagann sé chun solais, ar bhonn tásc den sórt
sin, gur cheart duine a chur in dá chatagóir éagsúla nó níos mó, mar atá
sainithe san Aguisín seo, féadfaidh Europol na sonraí go léir atá ceadaithe
faoi na catagóirí sin a phróiseáil. RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN
TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh Togra
um Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar Ghníomhaireacht an
Aontais Eorpaigh um Chomhar agus Oiliúint na Seirbhísí Forfheidhmithe Dlí
(EUROPOL) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/371/CGB agus Cinneadh 2005/681/CGB
ón gComhairle 1.2. Réimsí beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[46] Réimse
beartais: Gnóthaí Baile Gníomhaíocht:
18.02 An tSlándáil Inmheánach 1.3. An cineál togra/tionscnaimh þ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/
réamhghníomhaíocht[47]
¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar
ghníomhaíocht atá ann cheana ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe orthu Ag an tús, bhí an
Oifig Eorpach Póilíní (Europol) ina comhlacht idir-rialtasach faoi rialáil ag
Coinbhinsiún arna thabhairt i gcrích idir na Ballstáit agus a tháinig i
bhfeidhm i 1999. Ón 1 Eanáir 2010 rinne Cinneadh 2009/371/JHA ón gComhairle
Europol a chlaochlú ina ghníomhaireacht dhíláraithe de chuid an AE chun
tacaíocht agus neart a thabhairt d’údaráis inniúla na Ballstát um fhorfheidhmiú
an dlí gníomhú in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí
eagraithe. Shainigh an Cinneadh ón gComhairle cuspóirí agus cúraimí Europol go
mionsonraithe freisin. Tá Conradh
Liospóin tar éis struchtúr colúnach an Aontais Eorpaigh a dhíothú agus réimse
an chomhair phóilíneachta a chur ar chomhréim leis an acquis communautaire.
Tá sé mar choinníoll in Airteagal 88 den CFAE go mbeidh Europol faoi rialú ag
rialachán atá le glacadh trí chomhchinnteoireacht. Éilíonn sé go mbunófar
nósanna imeachta agus sásra le haghaidh iniúchta ag Parlaimint na hEorpa agus
ag na parlaimintí náisiúnta ar ghníomhaíochtaí Europol. Ina theannta sin, i gClár
Stócólm[48],
ina leagtar síos straitéis ilbhliantúil de chuid an AE maidir le ceartas agus
slándáil, iarrtar ar Europol dul i mbun éabhlóide agus teacht chun bheith “ina
mhol maidir le malartú faisnéise idir údaráis na mBallstát um fhorfheidhmiú an
dlí, ina sholáthraí seirbhíse agus ina chlár le haghaidh seirbhísí um fhorfheidhmiú
an dlí.” Foráiltear le
hAirteagal 87(2)(b) den CFAE na bearta maidir le tacaíocht d’oiliúint foirne
agus comhar i leith malartú foirne. Luaitear i gClár Stócólm go bhfuil sé riachtanach
borradh a chur faoi oiliúint ar shaincheisteanna a bhaineann leis an Aontas
ionas go gcothófar cultúr breithiúnach agus forfheidhmithe dlí a bheidh
fíor-Eorpach, agus gur chóir go saothrófaí an cuspóir maidir le Scéimeanna
córasacha um Oiliúint Eorpach a bheith ann. Dá réir sin, tá an Coimisiún ag
moladh, le taobh an togra seo, go mbeadh Scéim Eorpach um Oiliúint i bhForfheidhmiú
an Dlí (LETS) ann a dhéanfadh tuilleadh forbartha ar na gníomhaíochtaí a
dhéanann CEPOL faoi láthair. Dhéanfadh an togra reatha an dá ghníomhaireacht a
chumasc agus cúram a thabhairt don ghníomhaireacht nua (cumaiscthe) an scéim
oiliúna a chur chun feidhme. 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Gníomhaíocht ABB 18 05: An tslándáil agus saoirsí a choimirciú CUSPÓIR SONRACH 3 D’fhonn
cur le comhar forfheidhmithe an dlí idir Ballstáit, go háirithe trí mhalartú
faisnéise idir údaráis um fhorfheidhmiú dlí a éascú, á chur ar a gcumas
rochtain a fháil ar shonraí ábhartha agus urraim ar phrionsabail chosanta
sonraí á háirithiú, agus ról Europol agus CEPOL mar chomhpháirtithe Bhallstát i
ndul i ngleic le coireacht thromchúiseach agus in oiliúint póilíní Príomh-aschuir
bheartais i 2013 – Rialachán a chumascann EUROPOL agus CEPOL Rialachán Europol: Cuspóir sonrach Uimh.1: D’fhonn
feidhmiú mar phríomhionad tacaíochta d’oibríochtaí forfheidhmithe an dlí agus
le haghaidh saineolais i bhforfheidhmiú an dlí. Cuspóir sonrach Uimh.2: D’fhonn
feidhmiú mar mhol faisnéise coiriúla an AE Cuspóir sonrach Uimh. 3: D’fhonn
cur chun feidhme bheartas an AE ar oiliúint oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí a
chomhordú agus d’fhonn oiliúint agus malartuithe ábhartha ag leibhéal an AE a
thabhairt Cuspóir sonrach Uimh. 4: D’fhonn
cumas an AE dul i ngleic le cibearchoireacht a neartú ionas go seachnófar
dochar do shaoránaigh an AE agus do ghnólachtaí mar aon le caillteanais i
ngeilleagar an AE. Gníomhaíocht(aí) ABM/ABB lena mbaineann Gníomhaíocht 18 05: An tslándáil agus saoirsí a choimirciú 1.4.3. An toradh agus an tionchar a
bhfuil súil leis Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí a bhfuil sé dírithe
orthu. Is
é ról Europol tacaíocht a thabhairt do sheirbhísí náisiúnta um fhorfheidhmiú an
dlí agus iad i mbun comhoibrithe le chéile chun coireacht thromchúiseach agus
sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac. Foráiltear leis an togra, i.e. an
rialachán ar Europol, go mbeidh creat dlíthiúil nua ag Europol. Beidh de
thoradh ar thabhairt isteach an bhunúis dhlíthiúil nua go méadófar ar shlándáil
an AE trí fheabhas a chur le héifeachtacht agus le héifeachtúlacht Europol agus
é ag tacú leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí trasteorann agus
na sceimhlitheoireachta, agus lena gcosc, agus mar aon leis sin go dtabharfar
cúraimí nua do Europol maidir le hoiliúint i bhforfheidhmiú an dlí ag leibhéal
an AE agus maidir le bheith ina óstach d’ionaid um fhorfheidhmiú an dlí de
chuid an AE a bhaineann le sainfheiniméin choireachta dála na
cibearchoireachta. Féachann
an togra le cur le cumas faisnéise Europol ionas go bhfónfaidh sé níos fearr do
Bhallstáit agus go soláthróidh sé faisnéis níos fearr don lucht déanta beartais
san AE. Déanfaidh sé Europol agus a chuid gníomhaíochtaí a chur ar chomhréim
níos fearr le ceanglais Chonradh Liospóin agus Chlár Stócólm. Déanfaidh an
togra cuntasacht Europol a threisiú agus a réimeas cosanta sonraí a neartú
tuilleadh. Beidh Europol ábalta gach seirbhís agus táirge nuashonraithe a
theastóidh ó na Ballstáit a sholáthar dóibh le go n-éascófar agus go dtacófar leis
an gcomhrac in aghaidh coireachta tromchúisí a chuireann isteach ar shaoránaigh
an AE. De bharr an mhéadaithe ar an sreabhadh faisnéise ó na Ballstáit, lena
n-áireofaí faisnéis ar chibearchoireacht, agus de bharr an fheabhsaithe ar
shocruithe cosanta sonraí, a bheadh arna ndéanamh cothrom ag réimeas láidir
cosanta sonraí agus ag cumas méadaithe oiliúna, neartófaí ról Europol arb é
tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit. D’fhéadfadh
aon Bhallstát (Aonad Náisiúnta Europol) sonraí ó pháirtithe príobháideacha a
chur faoi bhráid Europol, rud a laghdódh ar an moill a d’fhéadfadh a bheith ann
agus ar an mbaol nach dtarchuirfí sonraí. Dhéanfaí malartuithe sonraí le tríú
tíortha a athchóiriú níos fearr chun éifeachta, rud a d’imreodh dea-thionchar
ar an gcomhar agus ar an tslándáil inmheánach san AE agus sna tríú tíortha.
D’éascófaí dá bharr sin freagairt dhomhanda níos comhoibrithe ar fheiniméin
choiriúla. Tugann
an togra cúram nua do Europol, a chuimsíonn agus a leathnaíonn go pointe ar na
cúraimí a bhaineann le hoiliúint oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí agus atá á
ndéanamh ag CEPOL faoi láthair. De bharr feidhmeanna oibríochta agus oiliúna a
chomhtháthú agus a chuíchóiriú san aon ghníomhaireacht amháin, táthar ag súil
go gcruthófar dinimic ina dtreiseoidh na feidhmeanna sin a chéile. Na
hacmhainní a shábhálfar trí fheidhmeanna tacaíochta comhionanna a dhíchur,
féadfar feidhm tacaíochta a bhaint arís astu, mar shampla tríd an Scéim Eorpach
um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (LETS) a chur chun feidhme. De bharr an
leibhéal oiliúna a chuirfear ar fáil a bheith níos airde, beidh an caighdeán
póilíneachta ar fud an AE níos airde leis, beidh iontaoibh níos fearr ag
gníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí as a chéile, cuirfear le cultúr
coiteann maidir le forfheidhmiú an dlí agus dá bharr sin beidh freagairt an AE
ar dhúshláin choitianta slándála níos éifeachtaí. Ina
theannta sin, déanfaidh an togra cuntasacht Europol a neartú agus rialachas
Europol a chur ar chomhréim le gníomhaireachtaí eile rialála na hEorpa. Tugann
an togra cúram nua eile do Europol, is é sin bheith ina óstach don Lárionad
Eorpach um Chibearchoireacht (EC3) arna bhunú ag tús 2013. Cuirfidh EC3 go
suntasach le cumas an AE aghaidh a thabhairt ar bhagairt na cibearchoireachta,
atá ag dul i méid, d’fhonn tacú le hiarrachtaí na mBallstát agus iad a
chomhlánú. Bainfidh Ballstáit leas suntasach as pointe comhtheagmhála a bheith
acu a mbeidh teicneolaíocht úrscothach aici mar aon le líon lucht oibre
ardcháilithe agus speisialaithe a sholáthróidh réimse leathan seirbhísí agus
táirgí. Ina theannta sin, beidh luach breise suntasach le fáil ag na Ballstáit
as lárionad a bheith ann ina mbreathnófar chun cinn chun treochtaí a
réamh-mheas, chun anailís a dhéanamh ar bhagairtí agus chun treoir
straitéiseach a thabhairt maidir le dul i ngleic leis an gcibearchoireacht.
Chuirfí freisin le cumas ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí an AE tabhairt
faoi na dúshláin a bhaineann leis an gcibearchoireacht . 1.4.4. Táscairí aléirítear toradh
agus tionchar leo Sonraigh na táscairí
aléirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh leo. -
-Sásamh úsáideora faoi thacaíocht oibríochta arna tabhairt d’oibríochtaí nó
d’imscrúduithe; -
-Céatadán gach teachtaireacht SIENA arna seoladh ag Ballstáit agus arna roinnt
le Europol; -
-An oiread faisnéise arna seoladh ag gach Ballstát agus a cáilíocht i
gcoibhneas leis an oiread foriomlán faisnéise arna seoladh ag Ballstáit agus a
cáilíocht fhoriomlán; -
-An líon imscrúduithe arna dtacú ag Europol leo; -
-An líon tuarascálacha crosmheaits arna seachadadh; -
-An líon tuarascálacha anailíse oibríochtúla arna seachadadh; -
-An líon comh-imscrúduithe, na Foirne Comh-Imscrúdaithe (JITs) go sonrach, arna
dtacú ag Europol leo; -
-An líon iarratas SIENA agus teachtaireachtaí le haghaidh faisnéise arna
seoladh ag Europol chuig comhpháirtithe seachtracha; -
-An líon iarratas SIENA agus teachtaireachtaí le haghaidh faisnéise arna
seoladh ag comhpháirtithe seachtracha chuig Europol; -
-An líon cás SIENA arna dtionscnamh; -
-An líon amhrastach arna n-aithint, arna ngabháil agus arna n-ionchúiseamh sna
Ballstáit; -
-An líon tacaíochtaí arna dtabhairt ar shaincheisteanna teicniúla agus/nó
fóiréinseacha (ar an láthair san áireamh); -
-An líon ball foirne arna n-oiliúint; -
-Cáilíocht na dtáirgí straitéiseacha (mionsonraí, raon, modh anailíse). Maidir
le hoiliúint: -
-An líon anailísí ar riachtanais; -
-An líon táirgí dearbhaithe cáilíochta; -
-An líon curaclam coiteann; -
-An líon modúl oiliúna (agus ríomhoiliúna); -
-An líon cúrsaí arna dtabhairt; -
-An líon malartuithe arna n-eagrú; -
-Sásamh úsáideora. Ar
deireadh, féadfar na príomhtháscairí a leanas a úsáid chun meastóireacht a
dhéanamh ar an tionchar a imreoidh gníomhaíochtaí EC3 maidir le líonraí
cibearchoireachta a shuaitheadh agus le Ballstáit a chuidiú lena gcomhrac in
aghaidh na cibearchoireachta, i.e. ráta sásaimh Ballstáit faoi thacaíocht
oibríochta EC3: -
A mhéid a ghlacann an EC3 páirt i ngréasáin chibearchoireachta a dhíchóimeáil
trí hoibríochtaí rathúla trasteorann arna gcomhordú agus/nó arna dtacú ag an
EC3 (ar bhonn líon na n-amhrastach arna n-aithint, arna ngabháil agus arna
n-ionchúiseamh agus líon na n-íospartach arna n-aithint) –
Tionchar straitéiseach agus/nó oibriúcháin
mheasúnuithe bagartha/réamhaisnéisí treochta an EC3 ar leibhéal an AE agus na
mBallstát; –
Méadú ar líon na gcomhaltaí pearsanra (comhaltaí
pearsanra um fhorfheidhmiú an dlí nó comhaltaí pearsanra eile) a fhaigheann
sainoiliúint sa chibearchoireacht; –
A mhéid a úsáidtear uirlisí teicneolaíochta nua
arna dtionscain, arna gcomhordú nó arna bhforbairt ag an EC3 le linn
oibríochtaí EC3 agus/nó ag na Ballstáit; –
A mhéid a d’éascaigh tionscnaimh um
chomhpháirtíocht phoiblí phríobháideach obair EC3; –
An ráta sástachta foriomlán maidir le táirgí agus
seirbhísí EC3; 1.5. Na forais atá leis an
togra/tionscnamh Na
ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma<0}Tá an t-athchóiriú ar Europol i bpáirt le próiseas leathan a fhéachann
le hEoraip a bhaint amach a bheidh oscailte, slán, agus a chosnóidh agus a fhónfaidh
dá cuid saoránach, mar a leagtar amach i gClár Stócólm. I measc bealaí eile
chun an cuspóir sin a chomhlíonadh, iarrtar ar Europol, i gClár Stócólm,
“teacht chun bheith ina mhol maidir le malartú faisnéise idir údaráis na
mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí, ina sholáthraí seirbhíse agus ina chlár le
haghaidh seirbhísí um fhorfheidhmiú an dlí”. Is faoi réir comhthola láidre
idir-institiúidí mar sin é ról Europol, arb é tacú le húdaráis um fhorfheidhmiú
an dlí sna Ballstáit é, agus an treo ginearálta a rachaidh sé amach anseo. Ag
an am céanna, tar éis Chonradh Liospóin agus an Chomhráitis ar na
Gníomhaireachtaí Rialála, is gá go mbeidh gníomhaíochtaí Europol faoi réir
iniúchta rialta ag Parlaimint na hEorpa agus ag na parlaimintí náisiúnta agus
go gcuirfear a rialachas ar chomhréim le caighdeáin ghníomhaireachtaí rialála
uile an AE. Ina
theannta sin, maidir le cosaint sonraí, is gá caighdeáin réimeas cosanta sonraí
Europol a chur ar chomhréim tuilleadh le caighdeáin ionstraimí eile cosanta
sonraí agus is gá treisiú a dhéanamh ar an gceart rochtana ag daoine aonair ar
shonraí pearsanta a bhaineann leo trí nós imeachta malartach a chur ar fáil le
haghaidh dhlíthiúlacht na próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta a
sheiceáil. De
bharr go dtabharfaidh an togra seo leibhéal oiliúna níos airde i bhforfheidhmiú
an dlí i gcrích, beidh an caighdeán póilíneachta ar fud an AE níos airde, beidh
iontaoibh níos fearr ag gníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí as a chéile,
cuirfear le cultúr coiteann maidir le forfheidhmiú an dlí agus dá bharr sin
beidh freagairt an AE ar dhúshláin choitianta slándála níos éifeachtaí. Cé
go bhfuil feiniméan na cibearchoireachta ag dul i méid agus i gcastacht, sular
bunaíodh EC3 ní raibh dóthain cumais ag an AE dul i ngleic leis an gcibearchoireacht
toisc go bhfuil an chibearchoireacht fíorchasta, toisc go dtagann forás uirthi
go fíorthapa agus toisc go n-éilítear saineolas teicniúil ardleibhéil chun
tuiscint a fháil ar a tréithe agus ar a modus operandi, ach, freisin, toisc gan
sreabhadh dóthanach faisnéise a bheith ann. Is gá saineolas ardoilte arna fháil
ag an leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal an AE a mhalartú idir gach Ballstát
ionas go bhfeabhsóidh an tAE a fhreagairt ar an gcibearchoireacht, ar feiniméan
é a éilíonn comhar de bharr na dtréithe trasteorann is dual dó. 1.5.1. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE Ní
ann do chomhar i bhforfheidhmiú an dlí san AE gan malartú éifeachtach eolais
agus faisnéise coiriúla a bheith idir údaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí
agus eintitis ábhartha eile laistigh agus lasmuigh den AE. Chun coireacht a
chomhrac go héifeachtach, tá sé ríthábhachtach go mbeidh rochtain ar fhaisnéis
choiriúil ábhartha nuashonraithe, go roinnfear an fhaisnéis sin agus go
ndéanfar anailís uirthi. Is foirfe iad dálaí Europol chun tacú le comhar sa
réimse seo agus comhordú ag leibhéal an AE a ráthú. Ní
féidir le fórsaí náisiúnta póilíneachta coireacht thrasteorann a chosc agus a
chomhrac go héifeachtach ina n-aonar. Chuige sin, is gá cur chuige comhordaithe
agus comhoibríoch le páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha ar fud an
AE. Is é Europol an t-aon ghníomhaireacht amháin de chuid an AE a thacaíonn le
gníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí sna Ballstáit san iarracht seo.
Soláthraíonn sé saintacar seirbhísí oibríochta dóibh chun coireacht
thromchúiseach trasteorann a chomhrac (i.e: anailísí coiriúla, tacaíocht
fhóiréinseach agus oibríochta le himscrúduithe trasteorann). Bíodh sin mar atá,
coisceann an socrú reachtach reatha ar Europol a bheith go hiomlán éifeachtach
agus a bheith ábalta na huirlisí nuashonraithe iomlána is gá do na Ballstáit a
thabhairt dóibh. Ní féidir an socrú reachtach sin a leasú ach amháin trí
hathchóiriú reachtach ag leibhéal an AE. Ní féidir é a dhéanamh ag leibhéal
náisiúnta, réigiúnach ná áitiúil ná ní féidir le Europol é féin tabhairt faoi
trí ghníomh inmheánach. Ina
theannta sin, iarrtar i gConradh Liospóin go mbunófaí sásra le haghaidh an
iniúchta pharlaimintigh ar ghníomhaíochtaí Europol agus ceanglaítear leis an
gComhráiteas ar Ghníomhaireachtaí Rialála go gcuirfí rialachas Europol ar
chomhréim le rialachas ghníomhaireachtaí eile de chuid an AE. Éilíonn sin
idirghabháil ón AE ó thaobh reachtaíochta de. Is
é an luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE in oiliúint i bhforfheidhmiú
an dlí a áirithiú go mbeidh cur chuige comhordaithe ann maidir leis an
oiliúint sin a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Tá go leor déanta sa réimse
seo cheana féin, ag Ballstáit ag an leibhéal náisiúnta agus ag CEPOL ag
leibhéal an AE. Mar sin féin, mar a mhínítear sa Chumarsáid ar Scéim Eorpach um
Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí a ghabhann leis seo, is gá tuilleadh a
dhéanamh, mar shampla chun a áirithiú go bhfreagróidh oiliúint do na
riachtanais a bhaineann le hábhair choiriúla a bhfuil tús áite arna thabhairt
dóibh ag leibhéal an AE agus a áirithiú go mbeidh cur chuige comhtháite ann
maidir le hoiliúint a chur ar fáil ag leibhéal an AE de réir na gcaighdeán
cáilíochta is airde. Bunaítear
an EC3 d’fhonn iliomad bacainní ar an imscrúdú éifeachtach ar chibearchoireacht
agus ar an ionchúiseamh ciontóirí ag leibhéal an AE a shárú. Is príomhchéim í
atá glactha i straitéis fhoriomlán an AE chun cibearshlándáil a fheabhsú agus
riocht an cheartais a chur ar chibearspás ina ráthófar cearta daonna agus
saoirsí bunúsacha trí hiarrachtaí comhoibríocha na bpáirtithe leasmhara uile. 1.5.2. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart Tá
an mheastóireacht sheachtrach ar an gCinneadh ón gComhairle maidir le Europol tar
éis lón machnaimh a thabhairt maidir le héifeachtacht Europol a fheabhsú.
Deimhníodh inti gur gníomhaireacht é Europol a fheidhmíonn go maith, atá
ábhartha ó thaobh oibríochta de agus a chuireann luach breise le slándáil
saoránach an AE. Mar sin féin, sainíodh sa mheastóireacht roinnt réimsí is gá a
fheabhsú. Chuir an comhairliúchán le páirtithe leasmhara seachtracha ar
athchóiriú Europol, mar aon le roinnt tuarascálacha bliantúla agus sonracha
arna soláthar ag Europol, le tuiscint shoiléir ar na nithe atá le hathrú in
Europol. Is iad seo a leanas na saincheisteanna a tháinig chun cinn go minic:
gan dóthain faisnéise a bheith á soláthar ag Ballstáit, srianta dlí ar chomhar
díreach leis an earnáil phríobháideach agus réimeas docht dlí maidir le comhar
le tríú tíortha (ar réimeas é, nota bene, is gá a athrú de thoradh ar
theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin). I
gcomhthéacs níos leithne, tá fianaise ann gur ríthábhachtach an rud é go mbeadh
rochtain ag gníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí ar fhaisnéis choiriúil atá
ábhartha agus nuashonraithe agus go roinnfí an fhaisnéis sin eatarthu chun dul
i ngleic go rathúil le coireacht thrasteorann. Tá sé sin deimhnithe ag cur chun
feidhme roinnt beart de chuid an AE dála, mar shampla, "Cinneadh Réime
Prüm", agus Cinneadh Réime "an Tionscnaimh Shualannaigh". Maidir
le hoiliúint, tarraingítear sa Chumarsáid ar Scéim Eorpach um Oiliúint i bhForfheidhmiú
an Dlí, a ghabhann leis seo, ar fhreachnamh léarscáile arna dhéanamh ag CEPOL i
2012 agus ar chomhairliúchán fairsing le saineolaithe ó Bhallstáit agus ó
ghníomhaireachtaí CGB. Léirigh na torthaí go bhfuil gá le cur chuige níos
comhordaithe, lena n-áireofaí ról láidir do ghníomhaireacht de chuid an AE a
bheadh ina ceann tiomána agus ina comhordaitheoir ar chur chun feidhme na
Scéime, i ndlúthchomhar le gníomhaireachtaí eile agus le hacadaimh oiliúna
náisiúnta. Ba é CEPOL an t-ábhar iniúchta ag meastóireacht chúig bliana a
tugadh i gcrích i 2011 agus ag staidéar seachtrach a choimisiúnaigh an
Coimisiún chun tacú le hullmhúchán ar mheasúnacht tionchair. Léirigh na torthaí
go bhfuil gá le breis oiliúna ar ghnéithe den phóilíneacht a bhaineann leis an
AE, le comhordú níos fearr idir CEPOL, Ballstáit agus gníomhaireachtaí eile,
agus le feabhas ar rialachas agus struchtúr reatha CEPOL. Ina
theannta sin, fágann an tsofaisticiúlacht theicniúil a theastaíonn chun dul i
ngleic go cuimsitheach le cibearchoireacht nach leor bealaí traidisiúnta chun
an cineál seo coireachta a imscrúdú. Leanfaidh cumas an AE dul i ngleic go
sásúil le cibearchoireacht de bheith ag titim chun deiridh mura mbeidh
ardoiliúint i dteicneolaíocht faisnéise ag seirbhísí um fhorfheidhmiú an dlí sa
chaoi go dtuigfidh siad na castachtaí a bhaineann leis an teicneolaíocht i
gceist mar aon le tírdhreach na fóiréinsice digití, agus sa chaoi go mbeidh
siad ábalta iad féin a choinneáil ar an eolas faoi theicneolaíocht agus faoi
modus operandi na gcibearchoirpeach a bhíonn ag athrú go mear. Chun aghaidh na
teicneolaíochta mearathraithí a thabhairt, tá gá le huirlisí teicneolaíochta
mearfhorbartha a úsáidfear chun cibearchoireacht a chomhrac agus le foireann a
mbeidh ar a gcumas tógáil ar thaithí agus ar shaineolas roimhe seo agus sin a
chur in oiriúint. 1.5.3. Comhoiriúnacht d'ionstraimí
iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann De
bharr an rialacháin maidir le Europol, lena mbunaítear gur mol faisnéise
coiriúla na hEorpa é, cuirfear le baint amach na sprice go mbeidh an tAE
oscailte agus slán agus go gcosnóidh sé agus go bhfónfaidh sé dá cuid
saoránach, mar a leagtar amach i gClár Stócólm. Trí fheidhmeanna oibríochta
agus oiliúna a thabhairt le chéile san aon ghníomhaireacht amháin, cruthófar
dinimic ina dtreiseoidh na feidhmeanna sin a chéile agus a chuirfidh feabhas ar
éifeachtacht na gníomhaíochta oibríochta agus ar ábharthacht agus ar fhócas
oiliúna an AE. Ina
theannta sin, is fearr a bheidh Europol éifeachtach in ann cuidiú le baint
amach na spriocanna a luaitear i gCumarsáid an Choimisiúin ar an Straitéis
Slándála Inmheánaí á Cur i nGníomh agus comhar póilíneachta san AE go
ginearálta a threisiú. Cuireann
rialachas Europol, mar a mholtar é, le comhtháthú foriomlán shamhail rialachas
ghníomhaireachtaí an AE atá beartaithe sa Chomhráiteas ar Ghníomhaireachtaí
Rialála an AE. Cuireann cur ar bun an iniúchta pharlaimintigh ar
ghníomhaíochtaí Europol agus na modhanna nua comhair le tríú tíortha Europol ar
chomhréim le ceanglais Chonradh Liospóin (a fhágann go bhfuil ar chumas an
Choimisiúin, seachas Europol, idirbheartaíocht a dhéanamh i gcomhaontuithe
idirnáisiúnta ar roinnt faisnéise). Féachann
an togra freisin le teorainneacha inniúlachta Europol a shainmhíniú go soiléir,
leis an dúbailt le gníomhaireachtaí CGB eile a sheachaint agus lena gcomhar le
Europol a athchóiriú chun éifeachta. D’fhonn an próiseas seo a threisiú, ba ghá
na réitigh a mholtar sa rialachán seo (m.sh., Eurojust a choinneáil ar an eolas
faoi iarratais ar Bhallstáit imscrúduithe coiriúla a thionscnamh) bheith ar aon
dul le bunúis dlí ghníomhaireachtaí eile (Eurojust, m.sh.) thar am. 1.6. Fad agus tionchar airgeadais ¨ Togra/tionscnamh d’fhad teoranta –
¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM
]BBBB –
¨ Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB þ Togra/tionscnamh d’fhad neamhtheoranta –
Cur chun feidhme ina mbeidh tréimhse nuathionscanta
ó 2013 i dtaca leis an EC3 agus ó 2015 i dtaca le hathchóiriú Europol agus
comhtháthú gníomhaíochtaí oiliúna, –
cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é. 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[49] þ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
¨ gníomhaireachtaí feidhmiúcháin –
þ comhlachtaí arna mbunú ag an Aontas Eorpach[50] –
¨ comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean
de sheirbhís phoiblí acu –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun
feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá
sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den
Rialachán Airgeadais ¨ Comhbhainistíocht le
heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí) I gcás ina sonraítear
níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí"
le do thoil. Nótaí Comhcheanglaítear
sna figiúirí ar acmhainní daonna agus airgeadais Europol an méid iomlán
abhfuiltear ag súil leis mar a bheartaítear go dtí 2020 é agus sonraítear san
fhoirm láithreach na riachtanais bhreise airgeadais is gá chun an sainordú níos
leithne a bheartaítear do Europol, lena n-áirítear oiliúint, a chur chun
feidhme. 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Sonraigh cé chomh
minic, agus na coinníollacha. Beidh
sé tábhachtach faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme
ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta d’fhonn éifeachtacht Europol a áirithiú. I
gcomhréir leis an gComhráiteas ar Ghníomhaireachtaí Rialála an AE, gabhfaidh
príomhtháscairí feidhmíochta leis na gníomhaíochtaí atá i gclár oibre Europol.
Déanfar gníomhaíochtaí Europol a thomhas de réir na dtáscairí sin sa Tuarascáil
Bhliantúil Gníomhaíochta. I
dteannta na rialacha cothrománacha rialachais is infheidhme ar
ghníomhaireachtaí, déanfaidh Europol tuarascáil bhliantúil a mhionsaothrú, go
háirithe, agus déanfar foráil go gcoimisiúnóidh an Coimisiún meastóireacht
thréimhsiúil fhoriomlán gach 5 bliana. D’fhonn
faireachán rialta a dhéanamh ar sholáthar faisnéise na mBallstát, tabharfaidh
Europol tuairisc gach bliain do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar
fheidhmíocht gach ceann de na Ballstáit. Cuimseofar sna tuairiscí sin
saintáscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla agus léireofar iontu treochtaí. Leagtar
síos freisin sa togra na rialacha a bhaineann le hiniúchadh Pharlaimint na
hEorpa agus na bparlaimintí náisiúnta ar ghníomhaíochtaí Europol, i.e. ar chur
chun feidhme chlár oibre Europol agus ar chur i ngníomh an bhuiséid faoi
dheoidh. Beidh
Bord Bainistíochta Europol freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhainistíocht
éifeachtúil na Gníomhaireachta maidir le cúrsaí riaracháin, oibriúcháin agus
buiséid. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh Sa
lá atá inniu ann, bíonn gníomhaíochtaí coirpeach níos casta, níos ilghnéithí
agus níos idirnáisiúnta ná riamh. Tá mórlíonraí coiriúla agus
sceimhlitheoireachta ina mbagairt shuntasach ar shlándáil inmheánach an AE agus
a chuid saoránach. Le himeacht ama, is mó atá gníomhaíochtaí coiriúla ag teacht
chun a bheith bainteach le tráchtearraí iomadúla, le líon mór coirpeach agus le
gníomh trasteorann. Ní féidir le fórsaí náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí a
bheith ag obair ina n-aonar a thuilleadh; ní mór dóibh dul i gcomhar lena
chéile agus le Europol, atá ceaptha mar mhol faisnéise coiriúla an AE. Is gá
foireann Europol a threisiú chun na cúraimí agus ceanglais nua a leagtar síos
sa rialachán nua a chomhlíonadh. Tá leas iomlán arna bhaint as deiseanna ath-imlonnaithe
don fhoireann atá ann cheana. De dheasca nár soláthraíodh na poist nua arna
n-iarraidh beidh dlí an Aontais is infheidhme á sárú go buan agus beidh
leibhéal slándála inmheánaí san AE á lagú. 2.2.2. Modhanna rialaithe atá
beartaithe Beidh
Europol faoi réir an rialaithe seo a leanas: rialú buiséid, iniúchadh
inmheánach, tuarascálacha bliantúla ón gCúirt Iniúchóirí, urscaoileadh
bliantúil do chur i ngníomh bhuiséad an Chomhphobail agus na himscrúduithe a
d’fhéadfadh a bheith arna ndéanamh ag OLAF lena áirithiú, go háirithe, go
mbainfear an úsáid chuí as na hacmhainní a leithroinntear ar na
gníomhaireachtaí. Beidh gníomhaíochtaí Europol faoi réir mhaoirseacht an
Ombudsman freisin i gcomhréir le hAirteagal 228 den Chonradh. De bharr an
rialaithe riaracháin seo cosnófar nósanna imeachta chun a áirithiú go
bhféachfar do leas na bpáirtithe leasmhara. 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. D’fhonn
calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh
feidhm gan srian ag forálacha Rialacháin (CE) Uimh. 1073/1999 ar an
nGníomhaireacht, mar atá mar choinníoll in Airteagal 21 den Rialachán. 3. TIONCHAR AIRGEADAIS AN
TOGRA/TIONSCNAIMH 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar · Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil agus línte buiséid an
chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Cineál caiteachais || Ranníocaíocht Líon [Ceannteideal……………………...……….] || LD/LN ([51]) || ó thíortha CSTE[52] || ó thíortha is iarrthóirí[53] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais || [XX.YY.YY.YY] || LD/LN || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL · Línte nua buiséid arna n-iarraidh([54]) In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Cineál caiteachais || Ranníocaíocht Líon [Ceannteideal……………………...……….] || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais 3 || 18.02YYYY: Europol || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 3 || Slándáil agus saoránacht Europol || || || Bliain 2015[55] || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN Teideal 1 || Gealltanais || (1) || || || || || || || Íocaíochtaí || (2) || || || || || || || Teideal 2 || Gealltanais || (1a) || || || || || || || Íocaíochtaí || (2a) || || || || || || || Teideal 3 || Gealltanais || (3a) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (3b) || || || || || || || IOMLÁN na leithreasuithe do EUROPOL[56][57] || Gealltanais || =1+1a +3a || 99.675 || 100. 667 || 102.657 || 104.689 || 108.874 || 111.200 || 623.322 Íocaíochtaí || =2+2a +3b || 99.675 || 100.667 || 102.657 || 104.689 || 108.874 || 111.200 || 623.322 Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || ‘Caiteachas riaracháin EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) || || || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN AS: Gnóthaí Baile || Acmhainní daonna || 0.615 || 0.615 || 0.615 || 0.615 || 0.615 || 0.615 || 3.690 Caiteachas riaracháin eile || 0.038 || 0.288 || 0.288 || 0.038 || 0.288 || 0.288 || 1.228 IOMLÁN DON A.S. GNÓTHAÍ BAILE || Leithreasuithe || 0.653 || 0.903 || 0.903 || 0.653 || 0.903 || 0.903 || 4.918 IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 0.653 || 0.903 || 0.903 || 0.653 || 0.903 || 0.903 || 4.918 EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) || || || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 100.328 || 101.570 || 103.560 || 105.342 || 107.663 || 109.777 || 628.240 Íocaíochtaí || 100.328 || 101.570 || 103.560 || 105.342 || 107.663 || 109.777 || 628.240 Tionchar ar chaiteachas an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí || ||
EUR milliún (go trí hionad deachúlach) || || || Bliain 2015 || Bliain 2015 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN Acmhainní Daonna || 0.111 || 0.111 || 0.111 || 0.111 || 0.111 || 0.111 || 0.666 Caiteachas riaracháin eile || 0.139 || 0.142 || 0.145 || 0.148 || 0.150 || 0.153 || 0.877 IOMLÁN AN EDPS || (Iomlán na ngealltanas=Iomlán na n-íocaíochtaí) || 0.250 || 0.253 || 0.256 || 0.259 || 0.261 || 0.264 || 1.543 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ar leithreasuithe na Gníomhaireachta –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi
chomhair oibríochtaí –
þ Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi
chomhair oibríochtaí, mar a thuairiscítear thíos: Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR
milliúin (go dtí an tríú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN Cineál[58] || Meánchostas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon iomlán || Costas iomlán || CUSPÓIR SONRACH UIMH. 1[59] D’fhonn feidhmiú mar phríomhionad tacaíochta d’oibríochtaí forfheidhmithe an dlí agus le haghaidh saineolais i bhforfheidhmiú an dlí || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || Tacaíocht d’imscrúduithe trasteorann trí fhaisnéis agus thuairiscí ar anailísí oibríochta a thabhairt; comhordú comhoibríochtaí || 0.009 || 3800 || 31.244 || 3509 || 31.582 || 3560 || 32.041 || 3660 || 32.400 || 3660 || 32.941 || 3745 || 33.704 || 21874 || 193.912 || - Aschur || Cláir le haghaidh réimsí speisialaithe a sholáthar, táirgí eolais agus teicnící ceannródaíochta a roinnt chun coireacht a chomhrac || 0.163 || 50 || 7.811 || 48 || 7.895 || 49 || 8.010 || 50 || 8.100 || 51 || 8.235 || 52 || 8.426 || 300 || 48.477 || Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1 || || 39.055 || || 39.477 || || 40.051 || || 40.501 || || 41.177 || || 42.131 || || 242.390 || CUSPÓIR SONRACH UIMH. 2 D’fhonn feidhmiú mar mhol faisnéise coiriúla an AE || || - Aschur || Measúnachtaí straitéiseacha ar bhagairt na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta a sholáthar || 0.298 || 45 || 12.888 || 44 || 13.027 || 44 || 13.217 || 45 || 13.365 || 47 || 13.588 || 47 || 13.903 || 271 || 79.988 || - Aschur || Uirlisí agus cainéil chumarsáide a sholáthar do Bhallstáit le haghaidh roinnt faisnéise a bheidh éifeachtúil agus slán 33% || 0.672 || 20 || 12.888 || 19 || 13.027 || 20 || 13.217 || 20 || 13.365 || 20 || 13.588 || 21 || 13.903 || 120 || 79.988 || - Aschur || Cumas feabhsaithe anailíse trí chórais anailíse agus speisialú na foirne a fheabhsú || 0.554 || 25 || 13.279 || 24 || 13.423 || 25 || 13.617 || 25 || 13.771 || 25 || 14.001 || 26 || 14.325 || 150 || 82.416 || Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2 || || 39.055 || || 39.477 || || 40.051 || || 40.501 || || 41.177 || || 42.131 || || 242.390 || CUSPÓIR SONRACH UIMH. 3 D’fhonn cur chun feidhme bheartas an AE ar oiliúint oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí a chomhordú agus d’fhonn oiliúint agus malartuithe ábhartha ag leibhéal an AE a thabhairt. || || - Aschur || Táirgí a fhreagróidh do riachtanais agus táirgí um chomhordú agus dhearbhú cáilíochta || 0.222 || 6 || 1.301 || 6 || 1.301 || 6 || 1.301 || 6 || 1.301 || 6 || 1.301 || 6 || 1.301 || 36 || 7.807 || - Aschur || Modúil oiliúna agus ríomhfhoghlama comhchuraclaim || 0.108 || 18 || 1.899 || 18 || 1.899 || 18 || 1.899 || 18 || 1.899 || 18 || 1.899 || 18 || 1.899 || 108 || 11.393 || - Aschur || Ní sheachadfar cúrsaí || 0.038 || 135 || 5.121 || 135 || 5.121 || 135 || 5.121 || 135 || 5.121 || 135 || 5.121 || 135 || 5.121 || 810 || 30.728 || - Aschur || Ní eagrófar malartuithe || 0.003 || 415 || 1.245 || 145 || 0.434 || 196 || 0.587 || 248 || 0.743 || 300 || 0.901 || 354 || 1.063 || 1658 || 4.971 || Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 3 || || 9.566 || || 8.755 || || 8.908 || || 9.064 || || 9.222 || || 9.384 || || 54.899 || CUSPÓIR SONRACH UIMH. 4 D’fhonn cumas an AE dul i ngleic le cibearchoireacht a neartú ionas go seachnófar dochar do shaoránaigh an AE agus do ghnólachtaí mar aon le caillteanais i ngeilleagar an AE || || - Aschur || Tacaíocht le himscrúduithe de chuid na mBallstát ar oibríochtaí líonraí cibearchoireachta a dhíchur || 1.237 || 2 || 4.500 || 2 || 4.860 || 2 || 5.117 || 2 || 5.484 || 3 || 5.695 || 3 || 5.711 || 14 || 31.367 || - Aschur || Malartú faisnéise idir gach páirtí leasmhar agus comhcheangal sonraí || 0.516 || 4 || 3.750 || 4 || 4.049 || 5 || 4.265 || 5 || 4.570 || 5 || 4.745 || 5 || 4.759 || 28 || 26.138 || - Aschur || Measúnachtaí straitéiseacha ar fud an AE a sholáthar, uirlisí fóiréinseacha agus oiliúint PPP a fhorbairt || 0.344 || 6 || 3.750 || 6 || 4.049 || 7 || 4.265 || 7 || 4.570 || 8 || 4.745 || 8 || 4.759 || 42 || 26.138 || Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 4 || || 12.000 || || 12.958 || || 13.647 || || 14.624 || || 15.185 || || 15.229 || || 83.643 || COSTAS IOMLÁN || || 99.675 || || 100.667 || || 102.657 || || 104.689 || || 106.76 || || 108.874 || || 623.322 || 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar acmhainní daonna an [chomhlachta] 3.2.3.1. Achoimre –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de
chineál riaracháin –
þ Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe de chineál
riaracháin, mar a thuairiscítear thíos: –
Toimhde: tarlaíonn athruithe foirne i lár na
bliana. –
Tógann na figiúir seo san áireamh coigiltis ag
eascairt ó chumasc CEPOL go Europol, ar cóimhéid le 14 phost sealadach
gníomhaire, atá comhionann le €10.1m, thar an tréimhse 2015-2020.
Líon foirne || Bliain 2015[60] || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 Oifigigh (Gráid AD) || || || || || || Oifigigh (Gráid AST) || || || || || || Gníomhairí conartha || 106 || 106 || 106 || 106 || 106 || 106 Gníomhairí sealadacha || 502 || 497 || 492 || 492 || 496 || 500 Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht || 45.5 || 45.5 || 45.5 || 45.5 || 45.5 || 45.5 IOMLÁN || 653.5 || 648.5 || 643.5 || 643.5 || 647.5 || 651.5 EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) || Bliain 2015[61] || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN Oifigigh (Gráid AD) || || || || || || || Oifigigh (Gráid AST) || || || || || || || Gníomhairí ar conradh || 7.420 || 7.420 || 7.420 || 7.420 || 7.420 || 7.420 || 44.520 Gníomhairí sealadacha || 65.107 || 65.435 || 64.780 || 64.452 || 64.714 || 65.238 || 389.726 Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht || 3.549 || 3.549 || 3.549 || 3.549 || 3.549 || 3.549 || 21.294 IOMLÁN || 76.076 || 76.404 || 75.749 || 75.421 || 75.683 || 76.207 || 455.540 3.2.3.2. Riachtanais acmhainní daonna
réamh-mheasta don mháthair-Ard-Stiúrthóireacht –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna. –
þ Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a
thuairiscítear thíos: Sloinnfear an meastachán in aonaid coibhéise
lánaimseartha (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad) || || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 Poist an phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) || || 18 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 3.5 || 3.5 || 3.5 || 3.5 || 3.5 || 3.5 || 18 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || Foireann sheachtrach (i gCoibhéis Lánaimseartha: FTE)[62] || 18 01 02 01 (CA. SNE. INT ón ‘imchlúdach domhanda’) || 2 || 2 || 2 || 2 || 2 || 2 || XX 01 02 02 (CA. LA. SNE. INT agus JED sna toscaireachtaí) || || || || || || || XX 01 04 yy[63] || - sa Cheanncheathrú[64] || || || || || || || - i dtoscaireachtaí || || || || || || || XX 01 05 02 (CA. SNE. INT – Taighde indíreach) || || || || || || || 10 01 05 02 (CA. SNE. INT- Taighde díreach) || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || IOMLÁN || 5.5 || 5.5 || 5.5 || 5.5 || 5.5 || 5.5 Is é XX an réimse beartais nó an
teideal buiséida mbaineann sé leis. Comhlíonfar na
riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil
bainistíocht an bhirt faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe nó a
dhéanfar a athlonnú. Ní thiocfaidh méadú ar líon na mball foirne san AS
bhainistíochta le haghaidh na gcuspóirí sin mar thoradh ar bhainistíocht an
ghnímh. Cur síos ar na
cúraimí le comhlíonadh: taobh istigh den
Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a
d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi
chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na
srianta buiséadacha. Cur síos ar na
cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus foireann shealadach || Ionadaíocht a dhéanamh don Choimisiún i mBord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Tuairim an Choimisiúin ar an gclár oibre bliantúil a tharraingt suas agus faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid.. Cuirtear de chúram ar oifigeach amháin faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus cúnamh a thabhairt i bhforbairt gníomhaíochtaí oiliúna. Cuirtear de chúram ar oifigeach amháin maoirseacht a dhéanamh ar obair an EC3 d’fhonn a áirithiú, go háirithe, go mbainfidh sé a chuspóirí amach. Áirítear leis seo ionadaíocht a dhéanamh don Choimisiún ar Bhord Cláir EC3. Déanfaidh an t-oifigeach idirphlé freisin idir an EC3 agus an Coimisiún maidir le hobair bheartais a bhaineann le leas an EC3. Foireann sheachtrach || Cabhróidh dhá SNI leis na hoifigigh agus na baill foirne sealadacha sna cúraimí seo a leanas agus cabhróidh siad leis an nGníomhaireachta lena cuid gníomhaíochtaí a fhorbairt de réir bheartais an AE, lena n-áirítear trí pháirt a ghlacadh i gcruinnithe saineolaithe. Ba chóir tuairisc ar ríomh an chostais don
choibhéis lánaimseartha a bheith i mír 3 san Iarscríbhinn. 3.2.3.3. Riachtanais mheasta acmhainní
daonna don EDPS – ¨ Ní gá acmhainní
daonna a úsáid don togra/tionscnamh. –
þ Is gá acmhainní daonna a úsáid don togra/tionscnamh mar a
thuairiscítear thíos: Meastachán le
léiriú i méideanna iomlána (nó ag dhá hionad deachúil ar a mhó) || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 Poist phlean bunaithe (oifigigh agus baill foirne sealadacha) || XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta an Choimisiúin) || 0.65 || 0.65 || 0.65 || 0.65 || 0.65 || 0.65 XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || XX 01 05 01 (Taighde neamhdhíreach) || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde dhíreach) || || || || || || Baill foirne seachtracha (i gCoibhéis Lánaimseartha:FTE)[65] XX 01 02 01 (CA. SNE. INT ón imchlúdach domhanda’) || 0.35 || 0.35 || 0.35 || 0.35 || 0.35 || 0.35 XX 01 02 02 (CA. LA. SNE. INT agus JED sna toscaireachtaí) || || || || || || XX 01 04 yy[66] || - i gCeanncheathrú[67] || || || || || || - i dtoscaireachtaí || || || || || || || XX 01 05 02 (GC. SNI. INT –Taighde neamhdhíreach) || || || || || || 10 01 05 02 (GC. SNI. INT- Taighde dhíreach) || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || IOMLÁN || 1 || 1 || 1 || 1 || 1 || 1 3.2.3.4. Riachtanais mheasta maidir le
caiteachas riaracháin eile don EDPS Caiteachas Riaracháin || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || IOMLÁN || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Cruinnithe || 0,082 || 0,084 || 0,085 || 0,087 || 0,089 || 0,091 || 0,517 || Misin || 0,007 || 0,007 || 0,007 || 0,007 || 0,008 || 0,008 || 0,044 || Foilseacháin/Aistriúcháin || 0,050 || 0,051 || 0,052 || 0,053 || 0,054 || 0,055 || 0,315 || IOMLÁN || (Iomlán na gceangaltas= Iomlán na n-íocaíochtaí) || 0,139 || 0,142 || 0,145 || 0,148 || 0,150 || 0,153 || 0,877 || 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha –
þTá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil
reatha. –
¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i
bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[68]. Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na
ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna
comhfhreagracha. 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe –
þ Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú
páirtithe. –
¨ Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá
réamh-mheasta thíos: Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú
deachúil) || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || || IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || || 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam –
þ Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar
ioncam. –
¨ Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: –
¨ ar acmhainní dílse –
¨ ar ioncam ilghnéitheach EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) Líne buiséid ioncaim: || Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha || Tionchar an togra/tionscnaimh[69] Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) Airteagal …………. || || || || || || || || I gcás ioncaim
ilghnéithigh atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a n-imrítear tionchar
orthu. […] Sonraigh an modh chun an
tionchar ar ioncam a ríomh. […] Aguisíní leis an Ráiteas Airgeadais
Reachtach Aguisín 1: Riachtanais fhoirne EC3 2013 -
2019 Foireann - 2013 Déanfaidh Europol 5
phost lúide 7 bhfolúntas a athleithdháileadh chuig an ECS. Earcófar
na folúntais seo san ord seo a leanas: –
1 Anailíseoir, AD6, tar éis earcaíocht ghinearálta
Anailíseoir Europol –
3 Saineolaithe AD6 Cyborg – Twins - Terminal –
2 Saineolaithe AD6 Comhleá –
1 Saineolaí Sinsearach AD7 Fóiréinseach D’fhéadfadh go
bhfaigheadh an t-ionad SNI breise (fós á gcaibidil) 2013 || Straitéis agus cosc || For-rochtain agus cumarsáid || T&F, Foiréinseach agus oiliúint || Comhleá sonraí || Oibríocht || Bainistíocht || IOMLÁN Bonnlíne 2012 GS || 4 || 1 || 1 || 1 || 17 || 1 || 25 Bonnlíne 2012 SNInna || || 1 || || || 5 || || 6 athleithdháileadh GS || || || +1 || || || +3 || +4 athleithdháileadh SNI || || || +1 || || || || +1 athleithdháileadh folúntas || || || +1 || +2 || +4 || || +7 SNInna nua || || +1 || || || || || +1 IOMLÁN GS 2013 || 4 || 1 || 3 || 3 || 21 || 4 || 36 IOMLÁN SNI 2013 || || 2 || 1 || || 5 || || 8 Baill foirne - 2014 Toisc nach
bhféadfaimis clúdach do riachtanas gnó an EC3 i 2013, is é an t-iarratas do
ghníomhairí sealadacha i 2014 ná 17 bpost. Féach aguisín 2 le haghaidh
bonn cirt shonraigh. Seo a leanas ranganna na 17 bpoist: –
11 AD (Riarthóir) 5:
Comhleá - 1, Oibríochtaí – 7, For-rochtain/Cumarsáid – 2, Oiliúint - 1 –
3 AD6: Fóiréinseach - 3 –
2 AD7: Bainistíocht –
1, Straitéis – 1 –
1 AD12: Bainistíocht -
1 2014 || Straitéis agus cosc || For-rochtain agus cumarsáid || T&F, Fóiréinseach agus oiliúint || Comhleá sonraí || Oibríocht || Bainistíocht || IOMLÁN GSanna Bonnlíne || 4 || 1 || 3 || 3 || 21 || 4 || 36 SNInna Bonnlíne || || 2 || 1 || || 5 || || 8 GSanna Breise || +1 || +2 || +4 || +1 || +7 || +2 || +17 SNInna Breise || || || || || || || IOMLÁN NA GSANNA || 5 || 3 || 7 || 4 || 28 || 6 || 53 IOMLÁN || || 2 || 1 || || 5 || || 8 Foireann - 2015 Is é an t-iarratas le haghaidh ball foirne i 2015 ná 21 phost.
Is féidir an bonn cirt sonrach a fháil in aguisín 2. Seo a leanas ranganna na 21 phoist: –
19 AD5: Oibríochtaí – 10, For-rochtain/Cumarsáid –
1, Taighde – 1, Comhleá - 7 –
1 AD6: Straitéis – 1 –
1 AD7: Fóiréinseach – 1 2015 || Straitéis agus cosc || For-rochtain agus cumarsáid || T&F, Fóiréinseach agus oiliúint || Comhleá sonraí || Oibríochtaí || Bainistíocht || IOMLÁN GS Bonnlíne || 5 || 3 || 7 || 4 || 28 || 6 || 53 SNInna Bonnlíne || || 2 || 1 || || 5 || || 8 GSanna Breise || +1 || +1 || +2 || +7 || +10 || || +21 SNInna Breise || || || || || || || IOMLÁN GS || 6 || 4 || 9 || 11 || 38 || 6 || 74 IOMLÁN SNI || || 2 || 1 || || 5 || || 8 Foireann - 2016 Is é an t-iarratas
foirne le haghaidh 2016 ná 4 phost. Is féidir an bonn cirt sonrach a
fháil in aguisín 2. Seo a leanas
ranganna na 4 phoist: –
4 AD5: Oibríochtaí – 2, Fóiréinseach – 1, Straitéis
– 1 2016 || Straitéis agus cosc || For-rochtain agus cumarsáid || T&F, Fóiréinseach agus oiliúint || Comhleá sonraí || Oibríochtaí || Bainistíocht || IOMLÁN GS Bonnlíne || 6 || 4 || 9 || 11 || 38 || 6 || 74 SNInna Bonnlíne || || 2 || 1 || || 5 || || 8 GS Breise || +1 || || +1 || || +2 || || +4 SNInna Breise || || || || || || || IOMLÁN GSanna || 7 || 4 || 10 || 11 || 40 || 6 || 78 IOMLÁN SNInna || || 2 || 1 || || 5 || || 8 Foireann - 2017 Is é an t-iarratas
foirne le haghaidh 2017 ná 4 phost. Is féidir an bonn cirt sonrach a
fháil in aguisín 2. Seo a leanas
ranganna na 4 phoist: –
4 AD5: Oibríochtaí – 3, For-rochtain - 1 2017 || Straitéis agus cosc || For-rochtain agus cumarsáid || T&F, Fóiréinseach agus oiliúint || Comhleá sonraí || Oibríochtaí || Bainistíocht || IOMLÁN GS Bonnlíne || 7 || 4 || 10 || 11 || 40 || 6 || 78 SNInna Bonnlíne || || 2 || 1 || || 5 || || 8 GS Breise || || +1 || || || +3 || || +4 SNInna Breise || || || || || || || IOMLÁN GSanna || 7 || 5 || 10 || 11 || 43 || 6 || 82 IOMLÁN SNInna || || 2 || 1 || || 5 || || 8 Foireann - 2018 Is é an t-iarratas
foirne i 2017 ná 4 phost. Is féidir an bonn cirt sonrach a fháil in
aguisín 2. Seo a leanas ranganna
na 4 phoist: –
3 AD5: Oibríochtaí – 3 –
1 AD6: Fóiréinseach - 1 2018 || Straitéis agus cosc || For-rochtain agus cumarsáid || T&F, Fóiréinseach agus oiliúint || Comhleá sonraí || Oibríochtaí || Bainistíocht || IOMLÁN IOMLÁN GSanna || 7 || 5 || 10 || 11 || 43 || 6 || 82 IIOMLÁN SNInna || || 2 || 1 || || 5 || || 8 GSanna Breise || || || +1 || || +3 || || +4 SNInna Breise || || || || || || || IOMLÁN GSanna || 7 || 5 || 11 || 11 || 46 || 6 || 86 IOMLÁN SNInna || || 2 || 1 || || 5 || || 8 Foireann - 2019 Is é an t-iarratas
le haghaidh ball foirne i 2017 ná 4 phost. Is féidir an bonn cirt
sonrach a fháil in aguisín 2. Seo a leanas
ranganna na 4 phoist: –
4 AD5: Oibríochtaí – 2, Comhleá – 1, Oiliúint - 1 2019 || Straitéis agus cosc || For-rochtain agus cumarsáid || T&F, Fóiréinseach agus oiliúint || Comhleá sonraí || Oibríochtaí || Bainistíocht || IOMLÁN IOMLÁN GSanna || 7 || 5 || 11 || 11 || 46 || 6 || 86 IOMLÁN SNInna || || 2 || 1 || || 5 || || 8 GS Breise || || || +1 || +1 || +2 || || +4 SNInna Breise || || || || || || || IOMLÁN GSanna || 7 || 5 || 12 || 12 || 48 || 6 || 90 IOMLÁN SNInna || || 2 || 1 || || 5 || || 8 Aguisín
2: Bonn cirt sonrach le riachtanais fhoirne EC3 Réimsí oibriúcháin EC3 1. COMHLEÁ SONRAÍ Sainmhíniú Is é atá i gComhleá Sonraí ná cumas nua laistigh de Europol a
theastaíonn mar thoradh ar chur chun feidhme an EC3. Aithnítear ag anailís an
Choimisiúin agus RAND é mar bheith ríthábhachtach le haghaidh rath an
EC3. Ina Chumarsáid don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa, shonraigh
an Coimisiún: “Le feidhm chomhleá sonraí áiritheofaí go mbaileofaí faisnéis faoi
chibearchoireacht ón réimse is leithne d’fhoinsí poiblí, príobháideacha agus
oscailte, chun na sonraí atá ar fáil do na póilíní a shaibhriú” agus tugann an Chomhairle faoi deara ina cuid Conclúidí gur cheart go
mbeadh sé mar “an bpointe lárnach sa troid i gcoinne na cibearchoireachta
san Aontas, ag cur le freagraí níos tapa i gcás cibear-ionsaithe”. Seirbhísí Is féidir an tsraith seirbhísí arna cur ar fáil ag Comhleá Sonraí a
bhraisliú mar seo a leanas. Le haghaidh gach ceann díobh sonraítear an bhfuil
sí mar chúram nua le haghaidh Europol nó an é feabhas ar chúram reatha atá i
gceist: 1. CÚRAM NUA – Na bearnaí
reatha a líonadh san fhaisnéis atá ar fáil ó na pobail atá freagrach as
cibearshlándáil agus as dul i ngleic le cibearchoireacht. Ceann amháin de na
gníomhartha a bheidh i gceist ná feabhas a chur ar na ceanglais chun ciontaí
cibearchoireachta a thuairisciú d’údaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí; 2. CÚRAM NUA – Maoirseacht
a chur ar fáil do Bhallstáit ar chásanna agus imscrúduithe tábhachtacha san AE,
chun comhordú coisctheach nó imscrúdaitheach a chumasú agus chun an toradh a
uasmhéadú agus infheistíocht acmhainní a íoslaghdú; 3. CÚRAM NUA – An
timpeallacht a scrúdú go réamhghníomhach, agus bagairtí nua á n-aithint de réir
mar a thagann siad chun cinn, páirtithe leasmhara a chur ar a n-eolas dá réir; 4. CÚRAM NUA – Deasc
Chabhrach 24/7 ar Chibearchoireacht a chur ar fáil d’aonaid BS um fhorfheidhmiú
an dlí; 5. CÚRAM NUA – Comhordú a
dhéanamh ar ghníomhaíochtaí EUROPOL-CERT chun feabhas a chur ar mhalairt
faisnéise laistigh de phobal CERT; Acmhainní Níl próifíl an-sonrach intí ag Europol chun feidhm chomhleá sonraí a
chomhlíonadh. Sin an fáth nach mór tosaíocht a thabhairt don chuid sin den EC3
i 2014 agus 2015. I 2013, agus go dtí leithdháileadh
iomlán ball foirne, tugtar isteach modhanna sealadacha chun seirbhís
an-bhunúsach um chomhleá sonraí a chruthú. Ní bheidh sé sin mar réiteach
fadtéarmach agus mar an tseirbhís is fearr a bhfuil súil ag an gCoimisiún, an
gComhairle agus BS agus páirtithe leasmhara go gcuirfidh an EC3 ar fáil í. 2014 (+ 1 AD5) = 4 GS I 2014, díreoidh baill foirne um chomhleá sonraí ar chúraimí 1, 4 agus
5 thuas. Tosófar Cúram 2 3 agus 2013 ach táthar ag feitheamh le 2015 go mbeidh
siad á gcomhlíonadh de réir na hacmhainne iomláine. 2015 (+ 7 AD5) = 11 GS Is é líon na mball foirne a iarradh le haghaidh 2015 ná an t-íosmhéid
is gá chun an tseirbhís ríthábhachtach seo a thabhairt go leibhéal inghlactha.
Tógfaidh na baill foirne breise arna n-iarraidh i 2015 Comhleá Sonraí go luas
cúrsála. Cabhróidh sé le híoscheanglais arna gcur in iúl ag an gCoimisiún agus
an gComhairle a chomhlíonadh. Toisc gur cheart go bhfeidhmeodh Comhleá Sonraí
ar bhonn 24/7, is é an t-íosleibhéal foirne a theastaíonn chun seirbhís 24/7 a
chur ar fáil ná 8 FTE + 1 ceannaire foirne. Díreoidh an 2 FTE eile ar chúram 1,
2 agus 3. 2016 – 2019 (+ 1 AD5) = 12 GS Is í an aidhm atá i gceist ná leibhéal foirne de 12 GS a bhaint amach i
2019, tacaíocht cheart i ngach cúram a chinntiú, agus leas á bhaint cheana féin
as na treochtaí suas i méid agus líon na cibearfhaisnésie. 2. OIBRÍOCHTAÍ Sainmhíniú Déanann oibríochtaí comhordú ar oibríochtaí
(nó imscrúduithe) trasteorann ardphróifíle, cuireann sé anailís oibriúcháin
agus tacaíocht ar fáil chomh maith le scrúduithe fóiréinseacha teicniúla agus
digiteacha sa tSaotharlann agus ar an láthair. Déanann sé saineolas ardleibhéil teicniúil,
anailíseach agus fóiréinseach a sheachadadh i gcomhimscrúduithe ar chásanna
cibearchoireachta agus déanann sé iarracht tacú leis an toradh is fearr is
féidir agus idirchaidreamh a éascú le Forfheidhmiú an Dlí lasmuigh den AE. I ndlúthchomhar le EUROJUST agus INTERPOL,
tacaíonn sé le cásanna casta trasnáisiúnta agus déanann sé comhordú orthu chun
forluí agus dúbláil iarrachtaí a sheachaint i measc na n-aonad
cibearchoireachta sna Ballstáit agus sna tíortha comhpháirtí. Seirbhísí Is féidir an tsraith seirbhísí arna soláthar ag Oibríochtaí a bhraisliú
mar seo a leanas. Le haghaidh gach ceann díobh sonraítear an cúram nua é le
haghaidh Europol nó an é feabhas ar chúram reatha atá i gceist: 1. FEABHAS – Anailís ar
fhaisnéis EC3 chun tacú le hoibríochtaí BS agus chun seachadadh na faisnéise
oibriúcháin a éascú. Tacaíonn sé sin le himscrúduithe/hoibríochtaí
ardphróifíle, le cásanna casta trasnáisiúnta agus le Comhfhoirne Imscrúdaithe; 2. FEABHAS – Tacaíocht
theicniúil arna seachadadh ar an láthair nó ó cheanncheathrú Europol do BS. Is
féidir é sin a úsáid trí fhoireann uirlisí soghluaiste a úsáid, trí cheadú
d’anailíseoirí agus/nó shaineolaithe tacaíocht fhóiréinseach dhíreach a
thabhairt d’imscrúduithe leanúnacha. Is féidir é a dhéanamh freisin tríd an
tSaotharlann Chibearfhoréinseach i gCeanncheathrú Europol a úsáid; 3. FEABHAS – Comhordú
oibríochtaí trí cruinnithe oibriúcháin a eagrú, trí thacú le Comhfhoirne
Imscrúdaithe, agus trí chabhrú le tosaíochtaí EMPACT a chomhlíonadh maidir le
cibearchoireacht, teacht i dtír ghnéasach ar leanaí ar líne agus calaois cárta
íocaíochta. Acmhainní 2014 (+ 7 AD5) = 28 GS 2015 (+ 10 AD5) = 38 GS 2016-2019 (+10 AD5) = 48 GS Tá an
leithdháileadh acmhainní d’Oibríochtaí bunaithe go dlúth ar staidéar
indéantachta RAND na hEorpa a bhí mar bhonn do Chumarsáid an Choimisiúin ar
bhunú EC3. Go bunúsach, braitheann leithdháileadh acmhainní RAND ag deireadh
2014 ar scála na cibearchoireachta agus ar líon na gcásanna arna dtacú. Ag coimeád i
gcuimhne go bhfuil an sreabhadh faisnéise atá ag teacht isteach trí chóras an
Fheidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA) de chuid Europol
méadaithe go mór le dhá bhliain anuas, sonraíonn treochtaí sonraí ar úsáid
SIENA go soiléir go bhfuil méadú beag tagtha ar líon na n-iarratas arna seoladh
agus arna bhfáil ag Europol (14%) chomh maith le méadú mór ar líon na
n-oibríochtaí ardphróifíle (OAP) arna dtacú ag Europol trí TWINS, TERMINAL agus
CYBORG (62%). Tá méadú ag teacht ar an ngá le hacmhainn chun cinntiú go mbeidh
dóthain caipitil daonna ag na sainaonaid chun leanúint ar aghaidh ag soláthar
anailís ardcháilíochta riachtanach ar fhaisnéis choiriúil le haghaidh ábhar
cibearchoireachta. I 2012, bhí 17 GS
ag tabhairt tacaíochta do 44 hoibríocht ardphróifíle agus do 2593 iarratas
oibriúcháin. Thug sé sin cóimheas de níos lú ná 1 GS ag déileáil le 2 hoibríocht
ardphróifíle agus le 153 iarratas oibriúcháin. Téitear i ngleic leis sin i
bpáirt trí 4 GS a chur leis i 2013, ach de réir mar a leanann líon na gcásanna
ar aghaidh ag dul i méid agus de réir mar a theastaíonn tacaíocht leanúnach ó
oibríochtaí ardphróifíle ar feadh 6 mhíosa go 24 mhíosa, tá easpa ball foirne
fós ag Oibríochtaí. Taispeánann an
tábla thíos réamh-mheastachán den leibhéal tacaíochta arna sholáthar ag
Oibríochtaí go dtí 2019 ar choinníoll go leanfadh líon na n-iarratas ar aghaidh
ag dul i méid ag an ráta céanna agus go n-éireodh líon na n-oibríochtaí
ardphróifíle seasta ag thart ar 100 ó 2014 ar aghaidh. || 2012 || 2013 || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 Líon GS || 17 || 21 || 28 || 38 || 40 || 43 || 46 || 48 Líon iarratas || 2593 || 2956 || 3369 || 3841 || 4379 || 4992 || 5691 || 6488 Cóimheas iarratas/ GS || 153 || 141 || 120 || 101 || 109 || 116 || 124 || 135 Líon OAP || 44 || 71 || 100 || 100 || 100 || 100 || 100 || 100 Cóimheas GS/ oibríocht ardphróifíle || 0.39 || 0.29 || 0.28 || 0.38 || 0.40 || 0.43 || 0.46 || 0.48 Taispeánann an
tábla seo nach gcuirfidh méadú ar an soláthar foirne feabhas mór ar an tacaíocht
oibriúcháin. Is é a dhéanfaidh sé go príomha ná é a choimeád ar leibhéal
réasúnta. Toisc go dteastaíonn tacaíocht leanúnach ar feadh 6 go 24 mhíosa ó
oibríocht ardphróifíle (OAP), leanfaidh beartú tosaíochta ar aghaidh i ngach
réimse faoi shainordú nuair a chuirfear cás isteach. Is é an toradh a bheidh
air sin fós ná go ndéanfar seirbhís bhunúsach a sheachadadh chuig cásanna ar
gnách go mbeadh tacaíocht lánfheidhme ag teastáil dóibh. Is fiú a thabhairt
faoi deara dá ndéanfaí caipitliú ar an treocht suas sin d’ualach oibre
bainteach le cibearchoireacht gurb é an tagarmharc a bheidh i gceist do phoist
coibhéise lánaimseartha (FTEnna) ná níos mó ná 70 GS in Oibríochtaí i 2014 ar
bhonn an cur chuige arna ghlacadh sa Staidéar Indéantachta RAND. Chuige sin, le
hiarratas de 48 GS fadaithe faoi 2 go 6 SNI i 2019 (ag brath ar chumais
an BS), tá cur chuige Europol thar a bheith réasúnta agus iarracht á déanamh
freastal ar mhian shaoránach an AE le linn déine buiséadaí. Is iad na poist a
iarradh ná saineolaithe agus anailíseoirí agus iad scaipthe ar
fud réimse sainordaithe an AE. Réimsí neamhoibriúcháin an EC3 Cé go mbeidh
gníomhaíocht lárnach an EC3 de nádúr oibriúcháin, leag an Coimisiún agus an
Chomhairle béim ar an ngá le comhpháirtíochtaí níos leithne a bhunú agus
cibearchoireacht á comhrac ní hamháin leis na seirbhísí inniúla ach le
comhlachtaí poiblí agus príobháideacha eile chomh maith. Seo a leanas a
dhéanann an Chomhairle ina cuid conclúidí, “LEAGANN sí
béim ar an tábhacht a bhaineann le háirithiú go n-oibríonn Lárionad
Cibearchoireachta na hEorpa i ndlúthchomhar le gníomhaireachtaí agus le
gníomhairí ábhartha eile mar Eurojust, CEPOL, Interpol, ENISA, pobal níos
leithne an fhoireann phráinnfhreagartha ríomhaire (FPFR) gan trácht ar an
earnáil phríobháideach, chun an pictiúr faisnéise agus malairt dea-chleachtas
ar chibearchoireacht san Eoraip a leathnú i gcleachtas; LEAGANN sí béim
ar an ngá le háirithiú go n-oibreoidh Lárionad Cibearchoireachta na hEorpa i
ndlúthpháirt le fóraim reatha an Aontais a dhéileálann le cibearchoireacht,
agus go dtacóidh an Lárionad leis na gníomhaíochtaí agus go mbainfidh sé leas
as an saineolas laistigh de na fóraim sin;” 3. T&F, FOIRÉINSEACH agus
OILIÚINT Sainmhíniú Tá
T&F-Fóiréinseach-Oiliúint tiomanta do thaighde ar anailís theicniúil
bhagartha agus ar scanadh leochaileachta, fóiréinsic statach, dea-chleachtas
agus oiliúint, agus forbairt uirlisí. Comhordaíonn sé cur chuige
costéifeachtach chun leas a bhaint as sineirgí le gníomhairí eile mar JRC an
AE. Forbraíonn sé
cumais ardleibhéil maidir le fóiréinsic dhigiteach agus cumais bhainteacha le
húsáid mar thacaíocht d’imscrúduithe Ballstát. Dearann agus
bainistíonn sé seachadadh oiliúna a bhaineann le teicneolaíocht na faisnéise i
ndlúthpháirt le CEPOL agus ECTEG agus le cuideachtaí príobháideacha agus
comhlachtaí príobháideacha. Seirbhísí Is féidir an tsraith seirbhísí arna soláthar ag T&F
-Fóiréinseach-Oiliúint a bhraisliú mar seo a leanas. Le haghaidh gach ceann
díobh, sonraítear an cúram nua le haghaidh Europol é nó an é feabhas ar chúram
reatha atá i gceist: 1. NUA – Cruinniú lárnach
de riachtanais BS le haghaidh uirlisí fóiréinseacha, chun an leas is fearr a
bhaint as cistí an AE (m.sh. clár FP7) chun forbairt a dhéanamh ar na huirlisí
sin a bhfuil géarghá leo agus iad a scaipeadh chuig údaráis inniúla BS. 2. FEABHAS – Cumas
fóiréinseach creidiúnaithe a sholáthraíonn réitigh úrscothacha mar dhíchriptiú,
aisghabháil agus anailís ardleibhéil maidir le faisnéis oibriúcháin arna baint
ó ríomhairí, ó fhearais dhigiteacha nó meáin atá á stóráil go digiteach.
Cuimsíonn sé gréasán tiomanta TFC, sainuirlisí crua-earraí agus bogearraí, agus
tacaíonn sé le próiseáil faisnéise faoin gcóras AWF. Cloífidh sé le caighdeáin
ISO chun iontaofacht na bpróiseas agus a dtorthaí a uasmhéadú; 3. FEABHAS – Próiseas
aonfhoirmeach um oiliúint agus forbairt acmhainne i BS, leis an raon feidhme
chun uasghrádú a dhéanamh ar eolas bunúsach agus ardeolas faoi uirlisí, nósanna
imeachta agus treochtaí imscrúdaitheacha chun go mbeidh gach BS in ann dul i ngleic
leis an dúshlán sin i réimse na coireachta atá ag dul i méid agus ag forbairt
go tapa; 4. NUA – dea-chleachtas a
aithint maidir le teicnící imscrúdaitheacha ar líne agus caighdeáin a bhunú
chun faisnéis dhigiteach a chruinniú agus a sholáthar, i gcomhar le EUROJUST
agus le comhpháirtithe ábhartha eile. Acmhainní 2014 (+ 1 AD5 agus 3 AD6) = 7 GS Fóiréinseach: +
3 saineolaithe sinsearacha AD6 Beidh an tacaíocht
fhóiréinseach do na seirbhísí inniúla ar cheann de na feidhmeanna is tábhachtaí
a bheidh ag EC3. Beidh saotharlann fhóiréinseach ag gach seirbhís inniúil ach
le haghaidh cuid den anailís is casta is minic a iarrtar taithí Europol ach
bíonn formhór na gcásanna ag lorg tacaíocht sheachtrach ó shainsaotharlanna
lasmuigh d’fhorfheidhmiú an dlí. Le dóthain acmhainní féadann an ECS na
seirbhísí sin a chur ar fáil. Anuas air sin, tá saotharlanna BS ag tabhairt
aghaidhe ar mhéadú mór ar anailís ar fhaisnéis dhigiteach sa mhéid is go bhfuil
níos mó ná 2 bhliain de riaráiste ag roinnt saotharlann. Tríd an tsaotharlann
EC3 a lárú, déanfaidh an tsaotharlann teicnící agus tuarascálacha a sheachadadh
in ardfhóiréinsic, ar bhonn intí agus ar an láthair, a thacódh le bailiú
fhaisnéis dhigiteach an BS ar bhealach tapa. Bainfidh an fhoireann seo úsáid as
ardteicnící arna n-aimsiú ag T&F na hEorpa chun uirlisí níos éifeachtúla a
chur ar fáil d’imscrúdaitheoirí. Chun foireann a chur ar fáil don tsaotharlann
atá beartaithe don EC3, beidh 3 Speisialtóirí Sinsearacha ag teastáil i 2014
chun na réimsí bunúsacha mar atá saineolas, fóiréinsic dhigiteach,
fóiréinsic shoghluaiste, fóiréinsic líonra agus innealtóireacht chúltaca Earraí
Mailíseacha a chlúdach. Oiliúint: + 1
AD5 speisialtóra Ina cumarsáid,
dearbhaíonn an Chomhairle “gur cheart go bhfeidhmeodh Lárionad Cibearchoireachta
na hEorpa mar phointe lárnach na hEorpa um fhaisnéis faoi chibearchoireacht,
gur cheart go ndéanfadh sé saineolas faoi chibearchoireacht a chomhthiomsú chun
tacú le Ballstáit i bhforbairt acmhainne agus gur cheart dó tacaíocht a chur ar
fáil d’imscrúduithe cibearchoireachta i mBallstáit” Cé go ndéanfar
tógáil oiliúna agus acmhainne i gcomhar le CEPOL agus comhpháirtithe eile,
beidh 1 sainchomhordaitheoir oiliúna ag teastáil chun na gníomhaíochtaí sin a
dhéanamh. Is é an t-íosleibhéal foirne a theastaíonn chun forbairt
chomhordaithe a áirithiú agus chun oiliúint a sheachadadh chomh maith le
tionscnaimh a sheachadadh um múscailt feasachta faoi Fhorfheidhmiú an Dlí,
údaráis bhreithiúnacha agus faoin earnáil phríobháideach. Beidh na baill foirne
sin freagrach freisin as comhchuibhiú nósanna imeachta i bhforfheidhmiú an
chibeardlí a mholadh, as cinntiú go n-aithneofar an fhaisnéis go léir a
bhaileofar i BS amháin i BS eile agus go nglacfaidh na cúirteanna léi. 2015 (+ 1 AD5 agus 1 AD7) = 9 TA R&D: + 1
AD5 speisialtóra Leanfaidh líon na
dtionscadal féideartha san AE ar aghaidh ag dul i méid. Mar gheall air sin
beidh gá le speisialtóir breise amháin chun tionscnaimh a aithint a
mbainfeadh an EC3 agus na BS leas astu. Beidh
comhordú an éilimh ar ghníomhaíochtaí taighde agus forbartha san AE maidir le
cibearchoireacht i gcomhar le ENLETS riachtanach chun go mbainfeadh forfheidhmiú
an dlí leas as taighde ar uirlisí agus eolas slán, costéifeachtach agus tapa
chun freastal ar an éileamh a bhíonn ag dul i méid i gcónaí. Ansin beidh EC3 in
ann na tionscadail shlána agus úsáideacha a mholadh do chlár Horizon 2020.
Déanfaidh an fhoireann sin freastal ar an éileamh méadaitheach chun páirt a
ghlacadh i gcuibhreannais T&F i gcáil chomhairleach. Fóiréinseach: +
1 speisialtóir sinsearach AD7 Ceadóidh earcú
ball foirne ard-oilte méadú a dhéanamh ar cháilíocht na hanailíse fóiréinsí.
Faoi 2015 beidh sé riachtanach áirithiú go leanfaidh gach gníomhaíocht
fhóiréinseach arna déanamh sa tsaotharlann ar aghaidh. Áiritheoidh sé go ndéanfar
réitigh fhóiréinseacha ardleibhéil a sheachadadh chomh luath is féidir i 2015
(ardán díchriptithe a bhunú, creidiúnú ISO 17020 don Chibearshaotharlann).
Déanfaidh an duine sin comhordú ar ghníomhaíochtaí fóiréinseacha agus beidh
siad mar chomhordaitheoir fóiréinsice digití ar láithreacha coire le haghaidh
cibearoibríochtaí tábhachtacha áit is gá cinntí a dhéanamh a chuimseoidh
sruthanna oibre fóiréinseacha éagsúla. 2016-2019: (+1AD6 +2AD5) = 12 GS Áiritheoidh na baill foirne breise go ndéanfar comhordú ceart ar
ghníomhaíochtaí oiliúna, ar ghníomhaíochtaí fóiréinseacha doimhne agus go
mbeidh raon feidhme níos mó ann do thacaíocht le haghaidh thionscadail T&F
an AE. 4. STRAITÉIS-COSC-FOR-ROCHTAIN Sainmhíniú Déanann Straitéis-Cosc-For-rochtain anailís treochta,
scanadh rabhaidh luath agus ionchais, cosc na coireachta agus obair bheartais,
pleanáil straitéiseach agus bainistíocht páirtithe leasmhara. Toisc go gcoimeádtar an chuid is mó
d’fhaisnéis ábhartha lasmuigh de shainchúram Fhorfheidhmiú an Dlí, déanann sé
iontaoibh agus muinín a chothú idir an earnáil phríobháideach agus na húdaráis
um Fhorfheidhmiú an Dlí, ag baint leasa as comhpháirtíochtaí lárnacha leis na
CERTanna agus ENISA, le seirbhísí míleata agus slándála, le heagraíochtaí
sochaí sibhialta agus le páirtithe leasmhara eile i réimsí na
cibearchoireachta, an teacht i dtír ghnéasach ar leanaí ar líne, agus na
calaoise ar líne. Gníomhaíonn sé mar phointe tionóil
d’imscrúdaitheoirí cibearchoireachta na hEorpa, ag tabhairt guth coiteann dóibh
agus comhrá á dhéanamh le comhpháirtithe príobháideacha, leis an lucht acadúil
agus le saoránaigh. Tabharfaidh Straitéis-Cosc-For-rochtain
seasamh pribhléide idir earnálacha poiblí agus príobháideacha do EC3, a
chuirfidh ar a chumas cur amach níos fearr a bheith aige i bhfíor-am ar
thírdhreach na ciberchoireachta agus i ndearadh cnámhscéil a bheidh
straitéiseach agus réamhbhreathnaitheach. Seirbhísí Is féidir an tsraith seirbhísí arna soláthar ag
Straitéis-Cosc-For-rochtain a bhraisliú mar seo a leanas. Le haghaidh gach
ceann díobh, sonraítear an cúram nua le haghaidh Europol é nó an feabhas é ar
chúram reatha: 1. FEABHAS: Anailís
straitéiseach a dhéanamh trí mheasúnú bagartha an AE a dhéanamh ar
chibearchoireacht, theacht i dtír ghnéasach ar leanaí ar líne, ar chalaois
cárta íocaíochta agus ar bhagairtí bainteacha ar líne; trí shainmheasúnaithe
téamacha ar threochtaí nua, ar mhodhanna agus éascaitheoirí coiriúla; scanadh
atá dírithe ar an todhchaí ar fhorbairtí teicneolaíochta agus seachtracha eile,
agus é mar aidhm rioscaí, leochaileachtaí agus saincheisteanna lárnacha do
dhéantóirí beartais agus do reachtóirí a aithint. 2. FEABHAS: Cosc na
cibearchoireachta a chinntiú i gcomhar le páirtithe ábhartha, tionscnaimh
reatha um chosc agus um múscailt feasachta i réimsí na cibearchoireachta, an
teacht i dtír ghnéasach ar leanaí ar líne, an chalaois cárta íocaíochta agus na
mbagairtí eile ar líne a chur chun cinn agus cur le tionscnaimh nua a fhorbairt
chun forbairt beartais agus táirgí a mbeidh dearadh níos sábháilte i gceist léi
a threorú. 3. FEABHAS: Caidrimh
iontaofa a bhunú agus a choimeád laistigh de phobal fhorfheidhmiú an dlí
(EMPACT, CIRCAMP, EUCTF, VGT); naisc oibriúcháin líonra an EC3 agus an ELO a
bhainistiú, cumarsáid agus rannpháirtíocht cheart a chinntiú; líonra
iontaobhais a bhunú a mbeidh eagraíochtaí fhorfheidhmiú an dlí, tionscadail,
acadúla agus sochaí sibhialta rannpháirteach iontu agus é mar aidhm freagraí
oibriúcháin agus straitéiseacha ar chibearchoireacht a fheabhsú. 4. NUA: Bheith mar ghuth
coiteann d’imscrúdaitheoirí cibearchoireachta san AE: tuairimí, seasaimh agus
torthaí an AE i réimse na cibearchoireachta a chur in iúl; bheith mar Lároifig
an AE do Chibearchoireacht; comhordú a dhéanamh ar Bhallstáit an AE agus ar
ionchuir ghníomhaireachtaí an AE i rialachas Idirlín agus caighdeánú cur chuige
agus glacadh dea-chleachtais i réimse na cibearchoireachta a chur chun cinn. 5. NUA: Bainistíocht agus
forbairt a dhéanamh ar ardán um chomhar ar líne (SPACE) a cheadaíonn eolas agus
saineolas straitéiseach agus teicniúil a mhalartú agus a roinnt ar bhealach
níos éasca idir forfheidhmiú an dlí agus an earnáil phríobháideach i réimsí na
cibearchoireachta, an teacht i dtír ghnéasach ar leanaí ar líne agus na
calaoise ar líne. 6. NUA: Fothaí nuachta
saincheaptha a sheachadadh faoi threochtaí coiriúla nua, faoi fhorbairtí
teicneolaíochta agus faoi fhaisnéis ábhartha eile de réir mar a thagann sí chun
cinn. Beidh siad sin treoraithe ag comhpháirtíocht ghníomhach le hinstitiúidí
acadúla, leis an lucht acadúil agus le comhpháirtithe tionscail. Tiocfaidh níos mó
acmhainní chun cinn nuair a cheadóidh an creat dlí plé níos fearr le páirtithe
príobháideacha. Acmhainní 2014 (+ 2 AD5 agus 1 AD7) = 8 TA Straitéis: +1
speisialtóir sinsearach AD7 Chun “an
pictiúr domhanda a leathnú i gcleachtas” iarrtar 1 Anailíseoir
Straitéiseach Sinsearach. Tá faisnéis chibearchoireachta difriúil ar go
leor bealaí leis an bpost traidisiúnta anailíse straitéisí i Europol sa mhéid
is gur minic go bhfaightear í ó chomhpháirtíocht ghníomhach le comhlachtaí mar
an Lucht Acadúil, thaighdeoirí eolaíochta agus comhlachtaí árachais agus go
n-úsáidtear í chun treochtaí agus bagairtí Cibearchoireachta a thuar agus chun
an straitéis sa réimse sin a threorú. Ar an gcúis sin, teastaíonn sraith inniúlachtaí
don phost seo a bhfuil difríocht mhór eatarthu agus na cinn a iarrtaí de ghnáth
le haghaidh anailíseoirí Europol. Tá an cumas measúnuithe bagartha cruinne a
dhéanamh agus an straitéis a threorú sa Chibearchoireacht mar fhachtóir lárnach
ratha do ghníomhaíochtaí EC3. Teastaíonn leibhéal sinsearach chun treoir a chur
ar fáil laistigh den fhoireann chun áirithiú go ndéanfar táirgí anailíse
comhtháite agus spriocdhírithe de leibhéal cáilíochta dóthanach a sheachadadh. For-rochtain: + 2 speisialtóirí AD5 Tugann Conclúidí
na Comhairle bonn cirt freisin leis an ngá le baill foirne chun gníomhaíochtaí
riachtanacha for-rochtana agus cumarsáide a chur i bhfeidhm le haghaidh EC3. Is
ó fhoinsí lasmuigh de Fhorfheidhmiú an Dlí a thagann an chuid is mó d’fhaisnéis
faoi chibearchoireacht. Más mian leis an EC3 bheith mar phointe tagartha sa
réimse sin agus luach breise a thabhairt do na gníomhaíochtaí oibriúcháin, tá
sé riachtanach caidreamh agus comhar láidir a chothú le comhpháirtithe eile a
chuireann spéis i gcibearchoireacht. Chun tacú leis an ngníomhaíocht sin,
teastaíonn 1 speisialtóir for-rochtana i 2014. Ina theannta sin, chun cumarsáid a éascú idir speisialtóirí
cibearchoireachta, beidh ar an Ardán Slán um Shaineolaithe Cibearchoireachta
Creidiúnaithe (SPACE) a acmhainn iomlán a chomhlíonadh. Beidh 1 speisialtóir
ag teastáil i 2014 chun an t-ábhar a bhainistiú agus bheith i gceannas ar an
ardán. Sa bhreis air sin, beidh ról ag an speisialtóir sin in eagrú imeachtaí a
bhaineann le cibearchoireacht, lena n-áirítear an Chomhdháil bhliantúil ar
Chibearchoireacht de chuid Interpol/Europol. 2015 (+ 1 AD5 agus 1 AD6) = 10 GS Straitéis: + 1
speisialtóir sinsearach AD6 Mar gheall ar
chastacht agus éagsúlacht réimse na cibearchoireachta teastaíonn acmhainn
bhreise chun monatóireacht a dhéanamh ar an speictream straitéiseach agus chun
measúnuithe ardchaighdeáin réamhbhreathnaitheacha a sheachadadh. Díreoidh an
obair sin ar chosc le cur chuige ildisciplíneach a chuimsíonn gach comhpháirtí
ábhartha, ar leibhéal beartais agus oibriúcháin araon. Chun an réimse sin a
chlúdach teastaíonn 1 speisialtóir sinsearach AD7. For-rochtain: + 1 speisialtóir AD5 Earcófar
speisialtóir breise chun raon feidhme ghníomhaíochtaí for-rochtana an EC3 a
fhadú agus an lárionad fós ag luas cúrsála. Ní hamháin go gcuimseoidh obair an
speisialtóra sin bainistíocht caidreamh le comhpháirtithe príobháideacha agus
poiblí, ach beidh soláthar faisnéise mar ionchur don chumarsáid do ghrúpaí
sprice éagsúla inmheánacha agus seachtracha ar bhonn na hoibre arna déanamh
agus an taithí arna fháil in EC3 mar chuid den obair freisin. 2016-2019: (+ 2 AD5) = 12 TA Feabhsóidh na baill foirne breise cáilíocht agus ráta seachadta na
dtáirgí anailíse straitéise. Freisin tacóidh siad leis an bhfeabhsú ar
ghníomhaíochtaí for-rochtana an lárionaid. 5. Bainistíocht Ní bheidh ach beirt GSanna breise ann idir 2014 agus 2019. Athsholáthar
phost AD12 Europol chun an lárionad a bhainistiú a bheidh i bpost amháin. Freagraíonn an ceann eile do shraith nua cúraimí atá nasctha le gníomhaíochtaí
straitéiseacha an EC3: –
NUA: cathaoirleacht
agus comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí bhord EC3 –
NUA: bainistíocht a
dhéanamh ar na grúpaí comhairleacha arna gcruthú i gcreat bhord cláir an EC3 –
NUA: comhordú agus
rúnaíocht a chur ar fáil do CIRCAMP, VGT, EUCTF, EFC, ECTEG Anuas ar bhainistíocht na gcúraimí sin, áiritheoidh an post sin
comhordú ceart oibriúcháin agus riaracháin idir gach cumas EC3. Áiritheoidh sé
freisin go mbeidh gníomhaíochtaí EC3 ailínithe le straitéis agus plean oibre
Europol. 2014 – 2019 (+ 1 AD12 agus 1 AD7) = 6 GS [1] IO C115, 4.5.2010 p.1 [2] COM (2010) 673 final. [3] Europol (2011). Measúnú an AE ar Bhagairt na Coireachta
Eagraithe (SOCTA). [4] Europol (2013). Measúnú an AE ar
Bhagairt na Coireachta Eagraithe (SOCTA) [5] Europol (2013). Measúnú an AE ar
Bhagairt na Coireachta Eagraithe (SOCTA) [6] Europol (2011). Measúnú an AE ar
Bhagairt na Coireachta Eagraithe [7] Measann UNOCD (2010) “go bhfuil thart ar 140 000
íospartach gáinneála san Eoraip, a ghineann ollioncam bliantúil de US$3
bhilliún dóibh siúd a dhéanann dúshaothrú orthu. Le meántréimhse dúshaothraithe
de dhá bhliain, thabharfadh sé sin le tuiscint go mbíonn 70 000 iontráil nua
gach bliain. Is cosúil go bhfuil an treocht seasta.” [8] Dar le tuarascáil bhliantúil an Lárionad Faireacháin
Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí ar staid fhadhb na ndrugaí san
Eoraip, bhí básanna de bharr drugaí freagrach as 4% de na básanna go léir i
measc Eorpach 15-39 mbliana d’aois i 2011 agus úsáideann méid measta de 1.4
milliún Eorpach drugaí ópóideacha. [9] Fuair UNOCD (2010) go bhfuil “luach na trádála domhanda
údaraithe in airm thine a bhfuil taifead déanta uirthi measta ag tuairim is US$1.58
billiún i 2006, agus idirbhearta dleathacha nach bhfuil taifeadta comhionann le
US$100 milliún breise nó níos mó. Is é an meastachán is
coitianta a luaitear do mhéid an mhargadh neamhdhleathaigh ná 10%-20% den mhargadh dleathach, a bheadh
comhionann le thart ar US$170 milliún go US$320 milliún in aghaidh na bliana.” [10] Meastar go n-íocann geilleagar an
AE costas de 120 billiún euro in aghaidh na bliana as éilliú, féach COM (2011) 308 deireanach. [11] Dar le Measúnú an AE ar Bhagairt
na Coireachta Eagraithe de chuid Europol i 2011, fuair grúpaí coireachta
eagraithe níos mó ná 1.5 billiún euro ó chalaois cárta íocaíochta i 2009. [12] Dar le meastachán ag UNODC, bhí
fáltais ó choireacht dhomhanda (lena n-áirítear seachaint cánach) comhionann le
2.1 trilliún Dollar SAM i 2009 agus
meastar go ndearnadh suas go 70% de
sin a sciúradh. [13] Fuarthas i Measúnú Europol ar Bhagairt
na coireachta tromchúise agus na
Coireachta Eagraithe (SOCTA) go dtéann cibearchoireacht i bhfeidhm ar gach
ballstát. Tagraíonn an staidéar do thaighde ag an gCoimisiún Eorpach a
shonraíonn gur tharla goid aitheantais do 8% d’úsáideoirí an idirlín san AE
agus gur tharla foirm éigin de chalaois ar líne do 12% díobh. Ina theannta sin, téann bogearraí mailíseacha i bhfeidhm ar na mílte
teaghlach agus go bhfuil an méid ginearálta de chalaois bhaincéireachta a
bhaineann le cibearchoireacht ag dul i méid gach bliain. [14] Straitéis Shlándála Inmheánach an
AE i nGníomh: Five steps towards a more secure Europe.
COM(2010) 673 deireanach. I 2011 rinneadh 174 ionsaí sceimhlitheora i mBallstáit an AE. Te-SAT 2012. [15] Eurabhairaiméadar 77, Earrach 2012. [16] Eurabharaiméadar 77, Earrach 2012. Luaigh 27% d’Eorpaigh
gur cheart d’institiúidí AE béim a leagan béim a leagan ar an troid i gcoinne
na coireachta sna blianta atá le teacht. [17] Eurabhairaiméadar 390 ar Chibearshlándáil, Iúil 2012. Shonraigh
74% d’fhreagróirí go bhfuil an baol go mbeifí mar íospartach cibearchoireachta
méadaithe le bliain anuas. [18] Comhráiteas Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle an AE agus
an Choimisiúin Eorpaigh ar ghníomhaireachtaí díláraithe 19.7.2012
(http://europa.eu/agencies/documents/joint_statement_and_common_approach_2012_en.pdf) [19] SWD (2013)98 final. [20] COM(2010)
776 deireanach. [21] COM (2013) 172 deireanach. [22] IO L 8,
12.1.2001, p. 1-22. [23] An Coinbhinsiún ar Chosaint Daoine
maidir le hUathphróiseáil Sonraí Pearsanta, Strasbourg,
28.1.1981. [24] Moladh Uimh. R(87) 15 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa
do na Ballstáit maidir le húsáid sonraí pearsanta in earnáil na bpóilíní a
rialú, 17.9.1987. [25] IO L 350,
30.12.2008, p. 60. Mhol an Coimisiún Treoir a chur in
ionad na hionstraime sin, COM (2012) 10 deireanach. [26] Tá líon deireanach na bpost faoi réir thoradh
athbhreithnithe inmheánaigh ag an gCoimisiún ar riachtanais acmhainne
gníomhaireachtaí díláraithe le haghaidh na tréimhse 2014-2020 agus caibidlí an
MFF agus aird speisialta á tabhairt ar mheasúnú ar ‘riachtanais iarbhír’ i
gcomhthéacs éileamh iomaíoch ar acmhainní buiséid an-teoranta i dtaobh an
laghdú foirne de 5% sna Gníomhaireachtaí a urramú. [27] IO L 121, 15.05.2009, p. 37. [28] IO C 316,
27.11.1995, p. 1. [29] IO L 256, 1.10.2005, p. 63. [30] IO C 115, 4.5.2010,
p. 1. [31] Tagairt le cur isteach
don Treoir ghlactha (Togra: COM (2013) 48 deireanach). [32] IO L 8, 12.1.2001, p. 1. [33] An Coinbhinsiún chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le
Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch, Strasbourg, 28.1.1981. [34] Moladh Uimh. R87(15) ó Choiste
Airí Chomhairle na hEorpa do na Ballstáit ar úsáid sonraí pearsanta in earnáil
na bpóilíní a rialáil, 17.9.1987. [35] IO L 350, 30.12.2008, p. 60. [36] IO L 56, 4.3.1968, p. 1. [37] IO L 298, 26.10.2012, p. 1. [38] IO L 136, 31.5.1999, p. 1. [39] IO L 141, 27.05.2011, p. 17. [40] IO L 185,
16.07.2005, p. 35. [41] IO L 362, 31.12.2012, p. 1. [42] IO L 145, 31.5.2001, p. 43. [43] IO L 145, 31.5.2001, p. 43. [44] IO L 136, 31.5.1999, lch. 15. [45] IO L 292, 15.11.1996, lch. 2. [46] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an
bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [47] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den
Rialachán Airgeadais. [48] Clár Stócólm ar Eoraip a bheidh oscailte agus slán, a
fhónfaidh do na saoránaigh agus a chosnóidh iad, IO C115,4.5.2010. [49] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus
tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg:
http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [50] Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán
Airgeadais. [51] LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe
neamhdhifreáilte. [52] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [53] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha sna
Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí. [54] Cuirfear aon líne buiséid amháin in ionad na línte buiséid
18.050201, 18.050202, 18.050501 agus 18.050502 atá ann cheana agus a bhaineann
le Europol agus le CEPOL faoi seach. [55] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun
feidhme an togra/tionscnaimh. [56] Tá líon deireanach na bpost faoi réir thoradh
athbhreithnithe inmheánaigh ag an gCoimisiún ar riachtanais acmhainne
gníomhaireachtaí díláraithe don tréimhse 2014-2020 agus caibidlí an MFF agus
aird speisialta á tabhairt ar mheasúnú ar ‘riachtanais iarbhír’ i gcomhthéacs éileamh
iomaíoch ar acmhainní buiséid an-teoranta agus i bhfianaise an laghdú de 5% ar
líon na mball foirne sna Gníomhaireachtaí a urramú. [57] Tógann na figiúir sin san áireamh coigiltis ag eascairt ó
chumasc CEPOL go Europol, atá comhionann le €17.2m (€10.1m i gcostais foirne
agus €7.1m i gcostais tógála agus i gcostais riaracháin eile) thar an tréimhse 2015-2020. [58] Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le
soláthar (m.sh.: an líon malartuithe mac léinn arna maoiniú, an líon ciliméadar
de bhóithre a tógadh, etc.). [59] Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha…’ [60] Is í Bliain N an bhliain ina
thosaíonn cur i bhfeidhm an togra/an tionscnaimh. [61] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun
feidhme an togra/tionscnaimh. [62] CA= Gníomhaire ar conradh; LA = Gníomhaire áitiúil; SNE=
Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Foireann ghníomhaireachta (‘Intérimaire’);
SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht. [63] Fo-uasteorainn do phearsanra seachtrach arna
chumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte
"BA"). [64] Go príomha do na Cistí Struchtúracha, don Chiste Eorpach
Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (EAFRD) agus don Chiste Eorpach Iascaigh
(EFF). [65] GC= Gníomhaire Conartha; GA =Gníomhaire Áitiúil; SNI=Saineolaí
Náisiúnta ar Iasacht; INT= baill foirne gníomhaireachta (‘Intérimaire’); SNE=Saineolaí
Náisiúnta ar Iasacht. [66] Fotheorainn do bhaill foirne seachtracha clúdaithe ag
leithreasuithe oibriúcháin (línte “BA” a tugadh orthu roimhe sin. [67] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Ciste Eorpach
Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Ciste Eorpach Iascaigh (CEI)
go príomha. [68] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach. [69] A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta
(dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith
ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25% de chostais bhailiúcháin
a bheith bainte astu.