Det här dokumentet är ett utdrag från EUR-Lex webbplats
Dokument 52011PC0779
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on specific requirements regarding statutory audit of public-interest entities
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí
/* COIM/2011/0779 leagan deireanach - 2011/0359 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí /* COIM/2011/0779 leagan deireanach - 2011/0359 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Dhírigh na bearta ar glacadh leo san Eoraip
agus in áiteanna eile díreach i ndiaidh na géarchéime airgeadais go príomha ar
an riachtanas práinneach an córas airgeadais a chobhsú. Cé gur ceistíodh agus
go ndearnadh anailís dhomhain in a lán cásanna ar an ról a bhí ag bainc, cistí
fálaithe, gníomhaireachtaí fálaithe, maoirseoirí nó bainc ceannais, is beag
aird a tugadh ar ról na n‑iniúchóirí sa ghéarchéim – nó go deimhin ar an
ról ar chóir dóibh a bheith acu. Ag cur san áireamh gur nocht a lán banc
caillteanais ollmhóra ó 2007 go 2009 ón seasamh a bhí acu ar an gclár
comhardaithe agus lasmuigh de, is deacair le go leor saoránach agus le
hinfheisteoirí a thuiscint cén chaoi a bhféadfadh iniúchóirí tuarascálacha iniúchóireachta
glana a thabhairt dá gcliaint (do na bainc go háirithe) do na tréimhsí sin. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird i
ngéarchéim inar tiomnaíodh €4 588.9 billiún d’airgead cáiníocóirí chun
tacú le bainc idir Deireadh Fómhair 2008 agus Deireadh Fómhair 2009 agus inar
bhfiú cúnamh dá leithéid 39 % de OTI 27 an AE i 2009[1],
go gcaithfear feabhas a chur ar gach comhpháirt den chóras airgeadais. Tá iniúchóireacht dhian ríthábhachtach chun
iontaoibh agus muinín an mhargaidh a athbhunú. Cuireann sé le cosaint
infheisteora trí eolas muiníneach, costas‑éifeachtach, ar féidir teacht
air go héasca a sholáthar faoi ráitis airgeadais. D’fhéadfadh sé freisin costas
caipitil do chuideachtaí a ndéantar iniúchadh orthu a laghdú trí níos mó
trédhearcachta agus trí iontaofacht ráiteas airgeadais a chinntiú. Tá sé tábhachtach freisin a chur i bhfios go
láidir go gcuirtear ar iontaoibh iniúchóirí le dlí iniúchóireachtaí reachtúla a
dhéanamh ar ráitis airgeadais cuideachtaí a bhfuil dliteanas teoranta acu
agus/nó atá údaraithe seirbhísí a sholáthar san earnáil airgeadais. Freagraíonn
an cúram seo do chomhlíonadh ról sochaíoch trí thuairim a thabhairt ar fhírinne
agus ar chothroime ráiteas airgeadais na gcuideachtaí sin. Ó 1984, tá rialacháin AE tar éis
iniúchóireacht reachtúil a rialú go páirteach ó rinne
Treoir (Treoir 1984/253/CEE ) nósanna imeachta d’fhormheas iniúchóirí
a chomhchuibhiú. Glacadh le Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchóireachtaí
reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear
Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear
Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (Treoir 2006/43/CE ina dhiaidh seo) i
2006 agus leathnaigh sé raon feidhme na hiar-Treorach cuid mhór. Tá an ghéarchéim airgeadais tar éis béim a
chur ar laigeachtaí san iniúchóireacht reachtúil go háirithe maidir le
hEintitis Leasa Phoiblí (ELPanna), eintitis ar díol suntasach spéise iad mar
gheall ar a ngnó, a méid, líon a bhfostaithe nó go bhfuil a stádas
corparáideach de chineál go bhfuil raon leathan páirtithe leasmhara acu. Mar
sin leagann an togra seo coinníollacha amach do dhéanamh na hiniúchóireachta
reachtúla ar ráitis airgeadais ELPanna. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR Reáchtáil an Coimisiún comhairliúchán ó
13 Deireadh Fómhair go 8 Nollaig 2010[2]. Tríd is tríd fuarthas beagnach 700 freagairt ó
pháirtithe leasmhara éagsúla; áiríodh orthu seo comhaltaí gairme, maoirseoirí,
infheisteoirí, lucht acadúil, cuideachtaí, údaráis rialtais, comhlachtaí gairme
agus daoine aonair. Léirigh an comhairliúchán go bhfuil fonn ar
dhaoine tabhairt faoi athrú maille le seasamh ina aghaidh; go háirithe,
cuireann páirtithe leasmhara atá bunaithe go maith faoi láthair, in aghaidh
athruithe. Ar an taobh eile, chinn cleachtóirí beaga agus meánmhéide go
háirithe, mar aon le hinfheisteoirí gur chuir an ghéarchéim airgeadais le
deireanaí béim ar easnaimh thromchúiseacha. Is féidir achoimre ar aighneachtaí
poiblí a fuarthas a fháil ar: http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/docs/2010/audit/summary_responses_en.pdf Ina theannta sin, cheadaigh comhdháil
ardleibhéal ar iniúchóireachtaí a d’eagraigh an Coimisiún ar
10 Feabhra 2011[3] malartú tuairimí eile. Ghlac Parlaimint na hEorpa le tuarascáil
féintionscnaimh ar an ábhar seo an 13 Meán Fómhair 2011 mar
fhreagairt ar Pháipéar Uaine an Choimisiúin agus áitíonn ar an gCoimisiún níos
mó trédhearcachta agus iomaíochta sa mhargadh iniúchóireachta[4]
a áirithiú. Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CES) le
tuarascáil dá samhail an 16 Meitheamh 2011.[5]
Tarraingíodh aird na mBallstát ar na
saincheisteanna seo freisin ag cruinniú den Choiste um Sheirbhísí Airgeadais an
16 Bealtaine 2011 agus ag cruinniú den Choiste Rialála
Iniúchóireachta an 24 Meitheamh 2011. Ag teacht le prionsabail ‘Rialáil Níos Fearr’,
aithníonn an Measúnú Tionchair na réimsí fadhbanna éagsúla a bhféadfadh go
mbeadh gníomh rialála uathu: ·
Tá bearna ionchais idir
an rud a mbíonn páirtithe leasmhara ag súil leis ó iniúchóireacht agus an rud a
dhéanann iniúchóirí iarbhír. ·
Níl neamhspleáchas
cinntithe nó inléirithe i bparaidím ina bhfuil iniúchóireacht anois le fírinne
ar cheann de raidhse seirbhísí tráchtála. Tá easpa tairisceana rialta ar
sheirbhísí iniúchóireachta agus sealaíocht thréimhsiúil gnólachtaí
iniúchóireachta tar éis a phríomh‑éiteas a cheilt ar an iniúchadh:
sceipteachas gairmiúil. ·
Comhdhlúthacht an
mhargaidh agus easpa rogha: Tá an margadh chomh polaraithe sin gur annamh an
rud nuair nach gnólacht leis ‘Na Ceithre Cinn Mhóra’ iniúchóir ELP. I bhformhór na mBallstát, déanann na Ceithre Cinn Mhóra iniúchadh ar
níos mó ná 85 % de chuideachtaí liostaithe móra. Bhí na roghanna beartais seo a leanas mar thoradh
ar an measúnú tionchair: ·
Ba chóir raon feidhme na hiniúchóireachta reachtúla
a shoiléiriú agus a shonrú agus an t‑eolas a chuireann an t‑iniúchóir
ar fáil d’úsáideoirí, do na heintitis a ndéantar iniúchóireacht orthu, do na
coistí iniúchóireachta agus do na maoirseoirí a fheabhsú. ·
Thabharfadh an cosc ar sholáthar seirbhísí neamh‑iniúchóireachta
do na heintitis a ndéantar iniúchóireacht orthu agus fiú an cosc ar sholáthar
seirbhísí neamh‑iniúchóireachta go ginearálta, aghaidh i ndáiríre ar an
riachtanas neamhspleáchas agus sceipteachas gairmiúil a athneartú. Ina theannta
sin, chuirfeadh rialacha níos déine sa nós imeachta do cheapadh iniúchóirí agus
do shealaíocht gnólacht iniúchóireachta shainordaitheach le hiniúchóireachtaí
ar chaighdeán níos airde. ·
Chun rogha oibiachtúil soláthraí iniúchóireachta a
éascú, ba cheart cosc a chur ar chlásail chonarthacha a theorannaíonn rogha
gnólachta iniúchóireachta, ba cheart an trédhearcacht ar cháilíocht
iniúchóireachta agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta a mhéadú agus ba chóir
deimhniú cáilíochta iniúchóireachta a bhunú. ·
Chun rogha soláthraithe iniúchóireachta a mhéadú, ba
cheart deireadh a chur le srianta úinéireachta. ·
Ba chóir údaráis mhaoirseachta iniúchóireachta
náisiúnta a neartú agus comhoibriú ar fud an AE laistigh den Údarás Eorpach
Urrús agus Margaí (ÚEUM) a bhunú. Is féidir an measúnú tionchair ar an togra seo
a fháil ag: http://ec.europa.eu/internal_market/auditing/index_en.htm 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1 Bunús Dlí Tá Treoir 2006/43/CE atá ann cheana
bunaithe ar Airteagal 50 CFAE. Fanann na riachtanais atá bainteach le bunú
(e.g. na ceanglais sin a dhéileálann le formheas/clárú iniúchóirí), agus na
leasaithe a ghabhann leis laistigh de sholáthar na Treorach[6]. Leagtar amach ceanglais bhreise shonracha a
dhéileálann le déanamh iniúchóireachta reachtúla ELM sa rialachán seo, bunaithe
ar Airteagal 114 CFAE. 3.2. Coimhdeacht agus
comhréireacht Go dtí seo, d’fhág rialacháin AE rogha mór
faoi Bhallstáit, a bhí ag brath go príomha, ina seal, ar fhéinrialúchán na
gairme. Léirigh an ghéarchéim nach leor féinrialúchán tráth a mbítear ag
breathnú i dtreo an todhchaí. Ina theannta sin, ní féidir na fadhbanna ar
leagadh béim orthu sa Mheasúnú Tionchair a réiteach ag leibhéal náisiúnta mar
go dtiocfadh difríochtaí tábhachtacha chun cinn sa chreat reachtúil agus ar a
sheal lagfadh sé seo an margadh aonair go mór. Ag cur nádúr idirnasctha margaí urrús agus
gníomhaithe airgeadais san áireamh, ba chóir iniúchóireacht a dhéanamh laistigh
de chreat comhchuibhithe ar fud an Aontais. Tá sé ríthábhachtach go gcaitear le
ról, le neamhspleáchas iniúchóirí agus le struchtúr an mhargaidh ag leibhéal an
Aontais toisc gur minic go mbíonn gníomhaíochtaí trasteorann ag ELPanna san
Eoraip. Is fiú a thabhairt ar aird go bhfuil reachtaíocht, a chlúdaíonn cosaint
an infheisteora chomh maith le hinstitiúidí airgeadais, achtaithe cheana féin
ag leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, d’ísleodh cur chuige
comhordaithe ag leibhéal an Aontais, arna bhforlíonadh ag tacaíocht
idirnáisiúnta, baol arbatráiste rialála. Urramaíonn an togra prionsabal na
comhréireachta agus ní sháraíonn a bhfuil riachtanach leis na cuspóirí atá á
saothrú a bhaint amach. 3.3. Míniú mionsonraithe ar an
togra Déileálann Airteagail 39 go 43 de Threoir 2006/43/CE
cheana le ceanglais áirithe a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ELPanna.
Ní chuimseofar na riachtanais seo níos mó sa Treoir, ach déanfar iad a
chomhtháthú (agus a fhorbairt tuilleadh) sa Rialachán seo. Is ionstraim dlí comhréireach agus oiriúnach é
Rialachán chun ardcháilíocht iniúchóireachtaí ELPanna a áirithiú. Tugann
infheidhmeacht dhíreach Rialacháin deimhneacht dhlíthiúil níos mó. Freisin
thiocfadh an reachtaíocht chun a bheith infheidhmithe ar an dáta céanna ar fud
an Aontais, rud a sheachnódh fadhbanna a bhaineann le trasuí mall reachtaíochta
ag Ballstáit[7]. Ina theannta sin tugann
rialachán comhchuibhiú den ghrád is airde: dhéanfaí iniúchóireachtaí reachtúla
faoi rialacha a bheadh chomhionann cuid mhór i ngach Ballstát. 3.3.1. Teideal I (ábhar, raon
feidhme agus sainmhínithe) Baineann an Rialachán le hiniúchóirí a
dhéanann iniúchóireachtaí reachtúla ar ELPanna agus leis na ELPanna a ndéantar
iniúchóireacht orthu, e. g. rialacha maidir leis an gcoiste iniúchóireachta ar
ghá do ELP a bheith aige. Chun críocha an Rialacháin ba chóir na
sainmhínithe a bhaineann le Treoir 2006/43/CE leasaithe a chur i bhfeidhm
anseo freisin. De réir mar a éabhlaíonn an earnáil airgeadais cruthaítear catagóirí
nua institiúidí airgeadais faoi dhlí an Aontais agus tá sé iomchuí mar sin go
gcuimsíonn sainmhíniú ELPanna gnólachtaí infheistíochta, institiúidi
íocaíochta, gnóthais do chomhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (UCITS),
institiúidí airgid leictreonacha agus cistí infheistíochta malartacha freisin. 3.3.2. Teideal II (Coinníollacha
do dhéanamh iniúchóireachta reachtúla ar eintitis leasa phoiblí) Caibidil I (Neamhspleáchas agus
coinbhleacht leasa a sheachaint) Ba chóir d’iniúchóir beartais agus nósanna
imeachta leordhóthanacha a bhunú chun comhlíonadh na n‑oibleagáidí faoin
Rialachán maidir le neamhspleáchas, córais rialú cáilíochta inmheánacha agus
maoirseacht fostaithe a áirithiú. Ní cheadaítear d’iar-iniúchóirí, do phríomh‑chomhpháirtithe
nó dá bhfostaithe príomhphost bainistíochta a ghlacadh san eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air, a bheith ina gcomhaltaí de choiste iniúchóireachta an
eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, a bheith ina gcomhaltaí neamh‑fheidhmiúcháin
den chomhlacht riaracháin nó dul isteach i gcomhlacht maoirseoireachta an
eintitis a ndéantar iniúchóireacht air laistigh de dhá bhliain ó chríochnú an
ghnóthais iniúchóireachta. Ba chóir do na táillí do sholáthar seirbhísí
iniúchóireachta airgeadais gaolmhara don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht
air a bheith teoranta do 10 % de na táillí iniúchóireachta a íocann an t‑eintiteas
sin. De bhreis air sin nuair a shroicheann na táillí iomlána, an iniúchóireacht
agus na seirbhísí iniúchóireachta airgeadais a fhaigheann an t‑iniúchóir
ó ELP, céatadán suntasach dá t(h)áillí bliantúla iomlána, ba chóir coimircí
iomchuí a chur i bhfeidhm. Cuirfear cosc ar an iniúchóir reachtúil, ar an
ngnólacht iniúchóireachta nó ar an mball de líonra an ghnólachta
iniúchóireachta seirbhísí áirithe neamhiniúchóireachta a sholáthar atá
lánchontrátha leis an bhfeidhm leasa phoiblí atá ag iniúchóireacht i leith an
eintitis iniúchta i ngach cás; i gcás neamhsheirbhísí eile nach bhfuil
lánchontrátha leis na seirbhísí iniúchóireachta, tabharfar de chumhacht don
choiste iniúchóireachta nó don údarás inniúil, de réir an cháis atá i gceist,
cinneadh a dhéanamh cé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar iad a sholáthar don
eintitieas iniúchta. Ach d’fhéadfaí seirbhísí iniúchóireachta airgeadais
gaolmhara a sholáthar. Tá de chumhacht ag an gCoimisiún liostaí seirbhísí
údaraithe agus seirbhísí coiscthe a oiriúnú de réir na coinníollacha a leagtar
amach i dTeideal VI. Ina theannta sin ba chóir do ghnólachtaí iniúchóireachta
ar mhéid shuntasach a ngníomhaíochtaí gairmiúla a dhíriú ar dhéanamh
iniúchóireachta reachtúla agus níor chóir go gceadófaí dóibh neamhsheirbhísí
eile a dhéanamh. Roimh dó ghlacadh nó leanúint le fostaíocht,
ba chóir d’iniúchóir measúnú a dhéanamh ar na bagairtí ionchasacha go léir ar a
neamhspleáchas agus a neamhspleáchas a dheimhniú don choiste iniúchóireachta. Caibidil II (Rúndacht agus rún
gairmiúil) Níor chóir d’iniúchóirí rialacha rúndachta
gairmiúla a agairt chun feidhmiú forálacha an togra seo a chosc. Cinntíonn Airteagal 13 gur féidir an t‑eolas
riachtanach a mhalartú le linn déanamh na hiniúchóireachta. Ach ní cheadódh
rialacha dá leithéid d’iniúchóir comhoibriú le húdaráis tríú tíre lasmuigh de
na bealaí comhoibrithe a bhfuil coinne leo i gCaibidil XI de Threoir 2006/43/CE.
Caibidil III (Feidhdmíocht na
hiniúchóireachta reachtúla) Leagan an Rialachán síos gur chóir don
iniúchóir na bearta riachtanacha a dhéanamh d’fhonn teacht ar thuairim faoi
cibé acu an dtugann na ráitis airgeadais léargas cothrom agus fíor agus ar
ullmhaíodh iad de réir an chreat tuairiscithe airgeadais iomchuí. Ní áirítear
ann dearbhú faoi inmharthanacht an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air amach
anseo ná éifeacht agus éifeachtúlacht lenar reáchtáil nó lena reáchtálfaidh an
bhainistíocht nó an comhlacht riaracháin gnóthaí an eintitis. Ach níor chóir
don eisiamh seo baint ó na cúraimí ar ghá d’iniúchóir a dhéanamh chun an
iniúchóireacht a dhéanamh i gceart, ná ó aon riachtanais tuairiscithe. Athneartaítear sceipteachas gairmiúil. Ba
chóir don iniúchóir a bheith ar an airdeall i gcónaí faoin bhféidearthacht go
mbeadh míráiteas ábhartha ann ag éirí as earráid nó calaois, d’ainneoin taithí
an iniúchóra leis an eintiteas san am atá caite. Bunaítear ceanglais bhunaidh d’fheidhmíocht na
hiniúchóireachta reachtúla. Ba cheart don ghnólacht iniúchóireachta príomh‑chomhpháirtí
iniúchóireachta ar a laghad a ainmniú ar chóir dó a bheith bainteach go
gníomhach le déanamh na hiniúchóireachta reachtúla. Ba cheart acmhainní
leordhóthanacha a shannadh freisin. Ba cheart taifead cuntais chliaint a
choinneáil agus ba cheart cód iniúchóireachta a chruthú. Ina theannta sin ba
chóir don iniúchóir a chinntiú go bhfeidhmítear na ceanglais eagraíochtúla go
léir i gceart. Nuair a tharlaíonn teagmhas a bhfuil nó a
bhféadfadh go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha aige ar shláine na
ngníomhaíochtaí iniúchóireachta reachtúla, ba chóir don iniúchóir bearta cuí a
ghlacadh d’fhonn iarmhairtí an teagmhais a bhainistiú agus aon atarlú a chosc. I gcás iniúchóireachta ar ráitis airgeadais
chomhdhlúite, nuair nach bhfuil an grúp-iniúchóir i riocht an obair
iniúchóireachta a rinne iniúchóir(í) tríú tíre a dhoiciméadú, caithfidh sé
bearta cuí a ghlacadh lena n‑áirítear obair iniúchóireachta bhreise agus
an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas. Ba chóir d’iniúchóir/gnólacht iniúchóireachta
a athbhreithniú inmheánach féin ar rialú cáilíochta a dhéanamh sula gcuireann
siad an tuarascáil iniúchóireachta isteach. Ba chóir go mbeadh freagracht an
athbhreithnithe ar iniúchóir nach bhfuil bainteach le feidhmíocht na hiniúchóireachta
reachtúla a mbaineann an t‑athbhreithniú cáilíochta inmheánach léi. Caibidili IV (Tuairisciú inniúchóireachta) Leathnaítear amach ábhar na tuarascála
iniúchóireachta a nochtar don phobal sa chaoi go míníonn sí an mhodheolaíocht a
úsáidtear, go háirithe cé mhéid den chlár comhardaithe a fíoraíodh go díreach
agus cé mhéid a bunaíodh ar thástáil chomhlíonta agus chórais, leibhéil na
hábharthachta a feidhmíodh leis an iniúchóireacht a dhéanamh, na príomhréimsí
riosca de mhíráitis ábhartha na ráiteas airgeadais, cibé an raibh an
iniúchóireacht reachtúil ceaptha calaois a nochtadh agus, i gcás go mbeadh
tuairim dhiúltach nó cháilithe nó séanadh tuairime, na cúiseanna le cinneadh dá
leithéid. Ba chóir di míniú a thabhairt freisin ar an éagsúlacht in ualú tástáil
chomhlíontachta agus tástála substaintí i gcomparáid leis an mbliain roimhe. Ina theannta sin, ba chóir don iniúchóir
tuarascáil níos faide agus níos mionsonraithe a ullmhú don choiste
iniúchóireachta. Chuirfeadh an tuarascáil eolas níos mionsonraithe ar fáil
faoin iniúchóireacht a rinneadh, faoi staid an ghnóthais ann féin (e.g. gnóthas
leantach) agus cinntí na hiniúchóireachta mar aon leis na mínithe riachtanacha.
Chuirfeadh an tuarascáil bhreise seo an obair iniúchóireachta a rinneadh i
láthair an choiste iniúchóireachta freisin (agus dhéanfadh í a fhíorú). Chuirfí
an tuarascáil níos faide seo faoi bhráid an choiste iniúchóireachta agus
bhainistíocht an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, ach ní faoi bhráid an
phobail (ag cur san áireamh go mbeadh rúin ghnó agus eolas a d’fhéadfadh a
bheith goilliúnach ó thaobh praghais san áireamh inti). Ach, arna iarraidh, ba
chóir don iniúchóir an tuarascáil seo a chur ar fáil don údarás inniúil. I bhformhór na dtreoracha um sheirbhísí
airgeadais, tá ceangal cheana féin ar an iniúchóir aon fhíric nó cinneadh
maidir leis an ELP a chur in iúl do na húdaráis inniúla atá ag déanamh
maoirseachta ar an ELP. Tá an oibleagáid seo leathnaithe amach anois go dtí
gach ELP. Ina theannta sin, ba chóir d’údaráis inniúla atá ag déanamh
maoirseachta ar instiúidí creidmheasa agus ar ghnóthais árachais idirphlé
rialta a bhunú leis na hiniúchóirí. Caibidil V (Tuairisciú trédhearcachta
ó iniúchóirí reachtúla agus ó ghnólachtaí iniúchóireachta agus coinneáil
taifead) Ceanglófar ar iniúchóirí eolas airgeadais a
nochtadh a léiríonn go háirithe a láimhdeachas iomlán roinnte i dtáilli
iniúchóireachta íoctha ag ELPanna, táillí iniúchóireachta íoctha ag eintitis
eile agus táillí do sheirbhísí eile. Ba chóir dóibh eolas airgeadais ag leibhéal
an líonra lena mbaineann siad a nochtadh freisin. Ba chóir tuarascálacha trédhearcachta
iniúchóirí ELPanna a thabhairt chun críche le ráiteas ar rialachas
corparáideach na ngnólachtaí féin. Ba chóir eolas forlíontach breise ar tháillí
iniúchóireachta a chur ar fáil do na húdaráis inniúla d’fhonn a gcúraimí
maoirseachta a éascú. Ba chóir don iniúchóir doiciméid agus eolas
áirithe a choinneáil ar feadh tréimhse chúig bliana. 3.3.3. Teideal III (Ceapachán
iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta ag eintitis leasa phoiblí) Chun neamhspleáchas agus cumas an choiste
iniúchóireachta a athneartú, ba chóir dó a bheith comhdhéanta de chomhaltaí
neamh‑fheidhmiúcháin, agus ba chóir do chomhalta amháin ar a laghad
taithí agus eolas a bheith aige ar iniúchóireacht agus duine eile ar
chuntasaíocht agus/nó ar iniúchóireacht. Ba cheart go mbeadh an togra leis an iniúchóir
a cheapadh ar chruinniú scairshealbhóirí bunaithe ar mholadh ón gcoiste
iniúchóireachta. Ba cheart don mholadh fírinniú an chinnidh a bheith ann i
gcónaí. Ina theannta sin, mura mbaineann sé le hathnuachan fostaíochta
iniúchóireachta, ba cheart dhá rogha ar a laghad a bheith sa mholadh (gan an t‑iniúchóir
atá ann faoi láthair san áireamh) agus ba cheart don choiste iniúchóireachta
fabhar fírinnithe go cuí a chur in iúl do cheann amháin acu. Ba cheart moladh
an choiste iniúchóireachta a dhéanamh tar éis comhlíonadh próiseas tairisceana
cuí. I gcás institiúidí creidmheasa nó gnóthais árachais, ba cheart don choiste
iniúchóireachta a mholadh a chur faoi bhráid an údaráis mhaoirseachta
stuamachta, ar chóir go mbeadh an ceart aige an rogha molta a chrosadh. Ba chóir cosc a chur ar chlásail chonarthacha
le tríú páirtithe a chuireann teorainn le rogha iniúchóra an eintitis a
ndéantar iniúchóireacht air. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar bhaol an
róchaidrimh a éiríonn ón ngnóthas iniúchóireachta a cheapann agus a athcheapann
an gnólacht iniúchóireachta céanna go minic ar feadh deich nó fiche bliain,
tugann an rialachán sealaíocht shainordaitheach gnólachtaí iniúchóireachta
isteach tar éis uasthréimhse sé bliana, tréimhse a fhéadfar a shíneadh, in
imthosca eisceachtúla, go hocht mbliana. I gcás ina bhfuil péire iniúchóirí
reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta, nó níos, ceaptha ag eintiteas leasa
phoiblí, naoi mbliana an t‑uasfhad a bheidh sa tréimhse fostaíochta; i
gcásanna eisceachtúla féadfar í a shíneadh go 12 bhliain. Foráiltear ann
freisin maidir le tréimhse mharana sular féidir leis an ngnólacht
iniúchóireachta iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar an eintiteas céanna
aris. Chun aistriú réidh a chinntiú ceanglaítear ar an iar-iniúchóir comhad
aistrithe a chur ar fáil le heolas iomchuí don iniúchóir nua. Tá de chumhacht ag an gcoiste iniúchóireachta,
ag scairshealbhóir amháin nó níos mó, ag na húdaráis inniúla agus na húdaráis
inniúla do mhaoirseacht ELPanna, éileamh a thabhairt os comhair cúirte
náisiúnta do dhífhostú iniúchóra i gcás go bhfuil bonn maith leis. 3.3.4. Teideal IV (Faireachas ar
ghníomhaíochtaí iniúchóirí agus gnólachtaí iniúchóireachta agus iad i mbun
iniúchóireachta reachtúla ar eintitis leasa phoiblí). Caibidil I (Údaráis inniúla) Ba cheart do gach Ballstát údarás inniúil a
ainmniú le bheith freagrach as maoirseacht ar iniúchóirí agus ar ghnólachtaí
iniúchóireachta a iniúchann ELPanna. Ba cheart go mbeadh foireann a ndóthain ag
na húdaráis seo agus iad neamhspleách ar iniúchóirí. Baineann oibleagáidí
rúndachta gairmiúla le fostaithe údarás inniúla. Ba cheart go mbeadh gach cumhacht imscrúdaithe
agus maoirseachta a theastaíonn ag na húdaráis inniúla chun a bhfeidhm a
chleachtadh ach níor chóir dóibh cur isteach ar ábhar tuarascáil
iniúchóireachta. Ba chóir do na húdaráis inniúla comhoibriú ag
an leibhéal náisiúnta leis an údarás atá freagrach as formheas agus clárú
iniúchóirí reachtúla agus gnolachtaí iniúchóireachta (Treoir 2006/43/CE)
agus le maoirseoirí eile ELPanna e.g. an maoirseoir baincéireachta nó arachais.
Caibidil II (Dearbhú cáilíochta,
imscrúdú, faireachán margaidh, pleanáil theagmhasach agus trédhearcacht údarás
inniúla) Áirítear ar chúraimí na n‑údarás
inniúla: ·
athbhreithnithe dearbhú cáilíochta a dhéanamh ar na
hiniúchóireachtaí reachtúla a rinneadh. Ba cheart go mbeadh na hathbhreithnithe
seo comhréireach le scála agus le diminsean gníomhaíochta an iniúchóra
athbhreithnithe; ·
imscrúdú a dhéanamh d’fhonn iniúchóireachtaí
reachtúla neamhleor ELPanna a aimsiú, a cheartú agus a chosc; ·
faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí an mhargaidh do
sholáthar seirbhísi iniúchóireachta reachtúla do ELPanna; ·
faireachán rialta a dhéanamh ar bhagairtí
ionchasacha ar leanúnachas gníomhaíochtaí gnólachtaí iniúchóireachta móra, lena
n‑áirítear na rioscaí a eascraíonn as comhchruinniú ard agus a cheanglódh
ar ghnólachtaí iniúchóireachta móra pleananna teagmhais a bhunú chun aghaidh a
thabhairt ar bhagairtí dá leithéid; ·
a bheith trédhearcach faoina ngníomhaíochtaí lena n‑áirítear
foilsiú tuarascálacha athbhreithnithe aonair ar dhearbhú cáilíochta. Caibidil III (Comhoibriú idir údaráis
inniúla agus caidreamh leis na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha) Ceanglaíonn an rialachán go mbeadh comhoibriú
ar fud an AE idir údaráis áitiúla laistigh de ÚEUM, ag glacadh ceannais mar sin
ar an sásra comhoibrithe reatha ar fud an AE faoi choimirce an Ghrúpa Eorpach
Comhlachtaí Maoirseachta Iniúchóirí (GECMI), grúpa saineolaithe faoi
chathaoirleacht an Choimisiúin Eorpaigh. Tá ÚEUM ag obair cheana féin i réimse
na hiniúchóireachta (agus cuntasaíochta) maidir le ELPanna agus tá coinne ag an
gcreat dlíthiúil le comhoibriú ó ÚEUM, ón Údarás Eorpach Baincéireachta (ÚEB)
agus ón Údarás Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpach (ÚÁPGE) laistigh dá
gcomhchoiste i réimse na hiniúchóireachta. Éilítear ar ÚEUM coiste inmheánach
buan a chruthú ar chóir ar a laghad go mbeadh sé comhdhéanta d’údaráis inniúla
náisiúnta. Ba chóir do ÚEUM Treoir a eisiúint ar
roinnt saincheisteanna: e.g. ar ábhar agus ar chur i láthair na tuarascála
iniúchóireachta agus na tuarascála breise don choiste iniúchóireachta, ar
ghníomhaíocht maoirseachta an choiste iniúchóireachta nó ar sheoladh
athbhreithnithe ar dhearbhú cáilíochta. Tugtar deimhniú cáilíochta iniúchóireachta pan‑Eorpach
‘deonach’ isteach chun infheictheacht, aitheantas agus cáil ghnólachtaí
iniúchóireachta a mhéadú, a bhfuil cumas acu iniúchóireachtaí ardcháilíochta
ELPanna a dhéanamh. Ba chóir do ÚEUM na riachtanais chun an deimhniú seo a
bhaint amach a fhoilsiú mar aon le haon impleachtaí táille agus riaracháin. Ba
cheart d’údaráis inniúla náisiúnta a bheith bainteach le scrúdú ar an iarratas
ar an deimhniú. Maidir le himscrúdú agus cigireacht ar an láthair, ba cheart
d’údaráis inniúla fógra a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit eile má
chinneann siad go bhfuil nó go raibh gníomhaíochtaí contrártha d’fhorálacha an
Rialacháin ar siúl. Ina theannta sin féadfaidh údarás inniúil Bhallstáit a iarraidh
go ndéanfadh údarás inniúil Bhallstáit eile fiosrúchan i gcríoch an Bhallstáit
dheiridh sin. Thairis sin, féadfaidh ÚEUM coláistí údarás
inniúla a bhunú ar iarratas ó cheann amháin nó níos mó d’údaráis inniúla chun
cur i ngníomh cúraimí áirithe a éascú. Caibidil IV (Comhoibriú le hiniúchóirí
tríú tíre agus le heagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta) Ní féidir le húdaráis inniúla agus ÚEUM
comhaontuithe comhoibrithe a thabhairt chun críche ar mhalartú eolais le
húdaráis inniúla tríú tíortha ach amháin má bhíonn an t‑eolas a nochtar
faoi réir ag urraí rúndachta gairmiúla agus má urramaítear rialacha cosaint
sonraí. 3.3.5. Teideal V (Bearta maoirseachta
agus pionóis) Chun comhlíonadh riachtanais an Rialacháin seo
a mhéadú agus tar éis Cumarsáid ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2010 dar
teideal ‘Athneartú córas smachtbhanna san earnáil airgeadais’[8],
tá cumhachtaí bearta maoirseachta a ghlacadh agus cumhachtaí smachtbhannaí
údaráis inniúlathe feabhsaithe. Tá smachtbhannaí airgid riaracháin ar
iniúchóirí agus ar ELPanna do shárú sainaitheanta faoi chaibidil. Ba chóir
d’údaráis a bheith trédhearcach faoi na smachtbhannaí agus na bearta a
chuireann siad i bhfeidhm. 3.3.6. Teideal VI (Tuairisciú agus
forálacha aistrithe agus deiridh) Tugtar córas idirthréimhseach isteach maidir
le teacht i bhfeidhm na hoibleagáide sealaíochta ar ghnólachtaí iniúchóireachta,
oibleagáid chun nós imeachta a eagrú chun gnólacht iniúchóireachta a roghnú,
agus bunú gnólachtaí iniúchóireachta nach gcuireann ach seirbhísí
iniúchóireachta ar fáil. 3.3.7. Caighdeáin theicniúla rialála
agus comhlíontacht le hAirteagal 290 TFE Chun féachaint do na forbairtí san
iniúchóireacht agus sa mhargadh iniúchóireachta, iarrtar ar ÚEUM caighdeáin
theicniúla rialála a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun ceanglais theicniúla
a shonrú maidir le hinneachar an chomhaid aistrithe ar cheart don iniúchóir nua
a fháil agus bunú deimhniú cáilíochta Eorpaigh d’iniúchóirí a dhéanann
iniúchóireachtaí reachtúla ar ELPanna. Ta de chumhacht ag an gCoimisiún na
caighdeáin theicniúla seo a ghlacadh chuige mar ionstraimí tarmligthe. An 23 Meán Fómhair 2009, ghlac an
Coimisiún le tograí do Rialacháin a bhunaíonn EBA, ÚÁPGE (Údarás Árachais agus
Pinsin Ghairme Eorpach (ÚÁPGE), agus ÚEUM (an tÚdarás Eorpach um Urrús agus Margaí)[9].
Maidir leis seo is mian leis an gCoimisiún na Ráitis a mheabhrú i dtaca le
hAirteagail 290 agus 291 CFAE a rinne sé ag glacadh na Rialachán a bhunaigh
Údaráis Eorpacha Mhaoirseachta ar dá réir: “Maidir leis an bpróiseas do
ghlacadh caighdeáin rialála, cuireann an Coimisiún béim ar charachtar uathúil
na hearnála seirbhíse airgeadais, ag teacht chun cinn ó struchtúr Lamfalussy
agus a aithníodh go sainráite i nDearbhú 39 don CFAE. Ach ina dhiaidh sin, tá
amhras trom ar an gCoimisiún an bhfuil na srianta ar a ról agus ionstraimí
tarmligthe á nglacadh agus bearta á bhfeidhmiú ag teacht le hAirteagail 290
agus 291 CFAE.” 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Níl aon tionchar díreach nó indíreach ag togra
an Choimisiúin ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh. Go háirithe ní bheadh aon
mhaoiniú breise AE i gceist i gcúraimí a thabharfaí ar lámh do chomhlachtaí
maoirseachta AE. 2011/0359 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le
hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint do thuairim Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[10], Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí[11], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)
Cuirtear cúram ar iniúchóirí reachtúla agus ar
ghnólachtaí iniúchóireachta de réir dlí iniúchóireachtaí reachtúla a dhéanamh
ar eintitis leasa phoiblí d’fhonn cur le méid muiníne an phobail i ráitis
airgeadais chomhdhlúite agus bhliantúla eintiteas dá leithéid. Ciallaíonn
feidhm leasa phoiblí iniúchóireachta reachtúla go mbraitheann pobal leathan
daoine agus institiúidí ar cháilíocht oibre iniúchora reachtúil. Rannchuidíonn
cáilíocht mhaith iniúchóireachta le feidhmiú ordúil margaí trí chur le sláine
agus le héifeachtúlacht ráiteas airgeadais. Ar an mbealach seo comhlíonann
iniúchóirí ról sochaíoch a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis. (2)
Ceanglaíonn reachtaíocht Aontais go ndéanfaí
iniúchóireacht ar ráitis airgeadais, a chuimsíonn cuntais bhliantúla nó cuntais
chomhdhlúite institiúidí creidmheasa, gnóthais árachais, eisitheoirí urrús a
ligtear isteach sa trádáil ar mhargadh rialaithe, institiúidí íocaíochta,
UCITS, institiúidí airgeadais leictreonacha agus cistí infheistíochta
malartacha, ag duine amháin nó níos mó atá i dTeideal Iniúchóireachtaí dá
leithéid a dhéanamh de réir dlí an Aontais, eadhon: Airteagal 1(1) de Threoir 86/635/CEE
ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir leis na cuntais bhliantúla
agus na cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile[12],
Airteagal 1(1) de Threoir 91/674/CEE ón gComhairle an
19 Nollaig 1991 maidir leis na cuntais bhliantúla agus na cuntais
chomhdhlúite gnóthas árachais[13], Airteagal 4(4) de Threoir 2004/109/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir
le comhchuibhiú ceanglais trédhearcachta maidir le heolas faoi eisitheoirí ar
ligeadh a n‑urrais isteach i dtrádáil ar mhargadh rialaithe agus lena
leasaítear 2001/34/CE[14], Airteagal 15(2) de
Threoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach
lena leasaítear Treoracha 97/7/CE, 2002/65/CE, 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus
lena n‑aisghairtear Treoir 97/5/CE[15], Airteagal 73
de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialacháin agus forálacha
riaracháin i dtaca le gnóthais do chomh‑infheistíocht in urrúis
inaistrithe (UCITS)[16], Airteagal 3(1) de Threoir 2009/110/CE
ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009
maidir le glacadh, saothrú agus maoirseacht stuamachta ghnóthas institiúidí
airgeadais leictreonacha lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48CE
agus lena n‑aisghairtear Treoir 2000/46/CE[17],
agus Airteagal 22(3) de Threoir 2011/61/CE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Ciste
Infheistíochta Malartaigh agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus
2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh 1060/2009 agus (AE) Uimh 1095/2010[18].
Thairis sin, ceanglaíonn Airteagal 4(1)(1) de Threoir 2004/39/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí
airgeadais lena leasaítear Treoracha 85/611/CEE agus 93/6/CEE ón gComhairle
agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n‑aisghairtear
Treoir 93/22/CEE[19] ón gComhairle go
ndéanfaí iniúchóireacht ar ráitis airgeadais bhliantúla gnólachtaí
infheistíochta nuair nach infheidhme an Ceathrú Treoir 78/660/CEE ón
gComhairle an 25 Iúil 1978 maidir leis na cuntais bhliantúla de
chineálacha áirithe cuideachtaí[20] nó an Seachtú
Treoir 83/349/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1983 maidir le
cuntais chomhdhlúite[21]. (3)
Leagtar síos na coinníollacha d’fhormheas na
ndaoine atá freagrach as déanamh na hiniúchóireachta reachtúla mar aon leis na
híoscheanglais do dhéanamh iniúchóireachta reachtúla dá leithéid i
dTreoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006
maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla cuntas bliantúla agus cuntas comhdhlúite,
lena leasaítear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE agus lena n‑aisghairtear
Treoir 84/253/CEE[22] ón gComhairle. (4)
Le linn na géarchéime airgeadais le deireanaí,
nocht na bainc caillteanais mhóra ó 2007 go 2009 ar an seasamh a bhí acu ar an
gclár comhardaithe agus lasmuigh de. Thóg sé seo an cheist ní hamháin faoin
gcaoi a bhféadfadh iniúchóirí tuarascálacha iniúchóireachta neamhcháilithe a
thabhairt dá gcliaint do na tréimhsí sin ach freisin faoi oiriúnacht agus faoi
leordhóthanacht an chreata reachtúla reatha. An 13 Deireadh
Fómhair 2010 d’fhoilsigh an Coimisiún Páipéar Uaine ar Bheartas
Iniúchóireachta: Ceachtanna ón nGéarchéim[23], a sheol
comhairliúchán poiblí leathan, i gcomhthéacs ginearálta leasaithe reachtúil an
mhargaidh airgeadais, ar ról agus ar raon feidhme iniúchóireachta agus an chaoi
a bhféadfaí an fheidhm iniúchóireachta a fheabhsú chun rannchuidiú le
cobhsaíocht airgeadais mhéadaithe. D’éirigh sé as an gcomhairliúchán poiblí go
bhféadfaí rialacha Treoir 2006/43/CE maidir le déanamh iniúchóireachta
reachtúla ar chuntais bhliantúla agus chomhdhlúite eintiteas leasa phoiblí a
fheabhsú go substaintiúil. D’eisigh Parlaimint na hEorpa tuarascáil
féintionscnaimh ar an bPáipéar Uaine an 13 Meán Fómhair 2011. Ghlac
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa le tuarascáil ar an bPáipéar Uaine
sin freisin an 16 Meitheamh 2011. (5)
Tá sé tábhachtach rialacha mionsonraithe a leagan
síos d’fhonn a áirithiú go bhfuil cáilíocht leordhóthanach ag iniúchóireachtaí
reachtúla eintiteas leasa phoiblí agus gur iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí
iniúchóireachta a dhéanann iad faoi réir diancheanglais. Ba cheart go
gcuirfeadh cur chuige reachtúil comhchoiteann le hionracas, neamhspleáchas, oibiachtúlacht,
trédhearcacht agus iontaofacht iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí
iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí,
ag rannchuidiú le cáilíocht iniúchóireachta reachtúla san Aontas, rud a
rannchuidíonn le feidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal
chosaint infheisteora agus tomhaltóra á bhaint amach. Ba cheart freisin go n‑áiritheodh
forbairt achta ar leith d’eintitis leasa phoiblí comhchuibhiú comhsheasmhach
agus feidhmiú aonfhoirmeach rud a rannchuideodh mar sin le feidhmiú níos
éifeachtúla an mhargaidh inmheánaigh. (6)
Tá an earnáil airgeadais ag éabhlóidiú agus
catagóirí nua institiúidí airgeadais á gcruthú ag dlí an Aontais. Tá tábhacht
eintiteas agus gníomhaíochtaí nua lasmuigh den ghnáthchóras baincéireachta ag
fás agus tá a dtionchar ar an gcobhsaíocht airgeadais tar éis dul i méid. Mar
sin is cuí go gcuimsíonn an sainmhíniú ar eintiteas leasa phoiblí institiúidí
airgeadais agus eintitis eile freisin mar ghnólachtaí iniúchóireachta,
institiúidí íocaíochta, gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis
inaistrithe (GCUI), institiúidí airgid leictreonacha agus cistí infheistíochta
malartacha. (7)
Tá iniúchóireacht ráiteas airgeadais comdhlúite
agus bliantúla ceaptha mar choimirce reachtúil d’infheisteoirí, d’iasachtóirí
agus do chontrapháirtithe gnó a bhfuil bun nó leas gnó acu in eintitis leasa
phoiblí. Dá bhrí sin ba cheart go mbeadh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí
iniúchóireachta neamhspleách go hiomlán agus iniúchóireachtaí reachtúla ar eintiteas
dá leithéid á ndéanamh, agus ba cheart coinbhleachta leasa a sheachaint. Chun
neamhspleáchas iniúchóirí agus gnólachtaí iniúchóireachta a mheas, ní mór
coincheap an líonra ina bhfeidhmíonn iniúchóirí agus gnólachtaí a chur san
áireamh. (8)
Ba cheart go gcuideodh eagrú inmheánach
leordhóthanach iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta chun aon
bhagairtí ar a neamhspleáchas a chosc. Mar sin níor cheart d’úinéirí nó
scairshealbhóirí gnólachta iniúchóireachta, mar aon leo siúd a dhéanann bainistiú
air, idiragairt i ndéanamh iniúchóireachta reachtúla ar aon bhealach a
chuirfeadh neamhspleáchas agus oibiachtúlacht an iniúchóra reachtúil a dhéanann
an iniúchóireacht reachtúil thar ceann an ghnólachta iniúchóireachta i mbaol.
Ina theannta sin ba cheart d’iniúchóirí reachtúla agus do ghnólachtaí
iniúchóireachta beartais agus nósanna imeachta iomchuí a bhunú i dtaca le
fostaithe agus le daoine eile bainteach le gníomhaíocht iniúchóireachta
reachtúla laistigh dá n‑eagraíochtaí chun comhlíonadh a n‑oibleagáidí
reachtúla a áirithiú. Ba cheart do na beartais agus do na nósanna imeachta sin
féachaint le haon bhagairtí ar neamhspleáchas a chosc agus aghaidh a thabhairt
orthu agus cáilíocht, sláine agus críochnúlacht na hiniúchóireachta reachtúla a
áirithiú. Ba cheart go mbeadh na beartais agus na nósanna imeachta sin
comhréireach, ag cur scála agus castacht gnó na hiniúchóireachta reachtúla nó
na gnólachta iniúchóireachta san áireamh. (9)
Ba cheart d’iniúchóirí, do ghnólachtaí
iniúchóireachta agus dá bhfostaithe staonadh go háirithe ó dhéanamh
iniúchóireachta reachtúla ar eintiteas má bhíonn leas gnó nó leas airgeadais
acu ann, agus ó dhul i mbun trádála ar ionstraimí airgeadais a eisíodh, a
ráthaíodh nó ar tacaíodh leis ar aon bhealach eile ag eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air, seachas sealúchas i gcomhscéimeanna infheistíochta
éagsúlaithe. Ba cheart don iniúchóir nó don ghnólacht iniúchóireachta staonadh
ó phróisis chinnteoireachta inmhéanacha an eintitis a ndéantar iniúchóireacht
air. Ba cheart cosc a chur ar iniúchóirí reachtúla nó a bhfostaithe ó dhul i
mbun dualgas san eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air ag leibhéal boird nó
bainistíochta go dtí go mbíonn tréimhse iomchuí caite ó dheireadh na
fostaíochta iniúchóireachta. (10)
Féadfaidh leibhéal na dtáillí a fhaightear ó
eintiteas amháin a ndéantar iniúchóireacht air, agus struchtúr na dtáillí,
bagairt a dhéanamh freisin ar neamhspleáchas iniúchóra reachtúil nó gnólachta
reachtúil. Dá bhrí sin tá sé tábhachtach a áirithiú nach bhfuil táillí
iniúchóireachta bunaithe ar aon chineál teagmhais agus, nuair is táillí
suntasacha iad na táillí iniúchóireachta ó chliant aonair, go mbunaítear nós
imeachta ar leith chun cáilíocht na hiniúchóireachta a áirithiú. Má bhíonn an
spleáchas ar chliant aonair iomarcach, ba chóir don iniúchóir nó don ghnólacht
iniúchóireachta staonadh ó dhul i mbun na hiniúchóireachta reachtúla atá i
gceist. (11)
Féadfaidh soláthar seirbhísí seachas iniúchóireacht
reachtúil d’eintitis a ndéantar iniúchóireacht orthu ó iniúchóirí reachtúla, ó
ghnólachtaí iniúchóireachta nó ó chomhaltaí dá líonra, cur as dá
neamhspleáchas. Tá sé iomchuí mar sin a cheangal ar an iniúchóir reachtúil, ar
an ngnólacht iniúchóireachta agus ar chomhaltaí dá líonra gan seirbhísí neamh‑iniúchóireachta
a sholáthar dá n‑eintitis a ndéantar iniúchóireacht orthu. Chuirfeadh
soláthar seirbhísí neamh‑iniúchóireachta do chuideachta ó ghnólacht
iniúchóireachta bac ar an ngnólacht iniúchóireachta sin ó iniúchóireacht
reachtúil a dhéanamh ar an gcuideachta sin, rud a d’fhágfadh go mbeadh laghdú
ar na gnólachtaí iniúchóireachta atá ar fáil chun iniúchóireacht reachtúil a
sholáthar, agus go háirithe maidir le hiniúchóireacht eintiteas leasa phoiblí
móra áit a bhfuil comhdhlúthacht an mhargaidh. Dá thoradh seo, chun a áirithiú
gur féidir le híosmhéid gnólachtaí iniúchóireachta seirbhísí iniúchóireachta a
sholáthar d’eintitis leasa phoiblí, tá sé iomchuí a iarraidh go ndíríonn
gnólachtaí iniúchóireachta, de dhiminsean suntasach, a ngníomhaíocht ghairmiúil
ar dhéanamh iniúchóireachta reachtúla agus nach gceadaítear dóibh seirbhísí
eile nach bhfuil ceangailte lena bhfeidhm iniúchóireachta reachtúla mar
chomhairleacht nó seirbhísí comhairliúcháin. (12)
D’fhonn coinbhleachtaí leasa a sheachaint tá sé
tábhachtach go ndéanfadh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht
iniúchóireachta, roimh ghlacadh nó leanúint le fostaíocht d’iniúchóireacht
reachtúil eintitis leasa phoiblí, measúnú cibé ar freastalaíodh ar na ceanglais
neamhspleáchais, agus go háirithe ar eascair aon bhagairtí ar an neamhspleáchas
de thoradh an chaidrimh leis an eintiteas sin. Chun an neamhspleáchas seo a
choinneáil, tá sé tábhachtach freisin go gcoinníonn siad taifid de na bagairtí
go léir ar a neamhspleáchas agus ar neamhspleáchas a bhfostaithe agus daoine
eile bainteach leis an bpróiseas iniúchóireachta reachtúla, chomh maith leis an
gcoimirce is infheidhme chun na bagairtí sin a mhaolú. Thairis sin, i gcás go
mbíonn na bagairtí ar a neamhspleáchas ró-shuntasach, fiú tar éis an choimirce
a chur i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú, ba cheart dóibh éirí as nó
staonadh ón bhfostaíocht iniúchóireachta. Ba cheart don iniúchóir reachtúil nó
don ghnólacht iniúchóireachta a neamhspleáchas a dheimhniú go bliantúil don
choiste iniúchóireachta den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, agus aon
bhagairt ar a neamhspleáchas a phlé le coiste dá leithéid mar aon leis an
gcoimirce a cuireadh i bhfeidhm leis na bagairtí sin a mhaolú. (13)
Rialaíonn Treoir 95/46 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint
daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus ar shaorghluaiseacht
sonraí dá leithéid[24], próiseáil sonraí
pearsanta a dhéantar sna Ballstáit i gcomhthéacs an Rialacháin seo agus faoi
mhaoirseacht údarás inniúla na mBallstát, go háirithe na húdaráis neamhspleácha
phoiblí ainmnithe ag na Ballstáit. Rialaíonn Rialachán (AE) Uimh 45/2001 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le
cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus
comhlachtaí AE agus i dtaca le saorghluaiseacht sonraí dá leithéid[25],
próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann ÚEUM laistigh de chreat an Rialacháin seo
agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. Ba cheart go
mbeadh aon mhalartú nó tarchur eolais ag údaráis inniúla de réir na rialacha
maidir le haistriú sonraí pearsanta mar atá leagtha síos i
dTreoir 95/46/CE agus ba cheart d’aon mhalartú nó tarchur eolais ag ÚEUM a
bheith de réir na rialacha ar aistriú sonraí pearsanta mar atá leagtha síos i
Rialachán (CE) Uimh 45/2001. (14)
Tá sé tábhachtach go n‑urramódh iniúchóirí
reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta cearta do shaol príobháideach agus
cosaint sonraí a gcliant. Ba cheart dóibh mar sin a bheith faoi cheangal ag
rialacha diana ar rúndacht agus ar rúndacht ghairmiúil rud nár cheart, mar sin
féin, bac a chur ar fhorfheidhmiú ceart an Rialacháin seo nó ar an gcomhoibriú
leis an ngrúp-iniúchóir le linn feidhmiú na hiniúchóireachta ar ráitis
airgeadais chomhdhlúite nuair atá an mháthairghnóthas i dtríú tír ar chuntar go
gcomhlíontar Treoir 95/46/CE. Ach ní cheadódh rialacha dá leithéid
d’iniúchóir reachtúil nó do ghnólacht iniúchóireachta comhoibrí le húdaráis
tríú tíre lasmuigh de na bealaí comhoibrithe a bhfuil coinne leo i
gCaibidil XI de Threoir 2006/43/CE. Ba cheart feidhm a bheith ag na
rialacha rúndachta sin freisin le haon iniúchóir reachtúil nó gnólacht
iniúchóireachta nach bhfuil baint níos mó aige le cúram iniúchóireachta
sonrach. (15)
Beidh tuairim ar fhírinne agus ar chothroime
ráiteas airgeadais eintiteas a ndéantar iniúchóireacht orthu de thoradh ar
iniúchóireacht reachtúil. Ach d’fhéadfadh mar sin féin, nach mbeadh
scairshealabhóirí ar an eolas faoi theorannú iniúchóireachta (ábharthacht,
teicnící samplála, ról an iniúchóra i mbrath calaoise and freagracht
bainisteoirí), ar féidir bearna ionchais a bheith mar thoradh orthu. Chun
bearna dá leithéid a laghdú tá sé tábhachtach níos mó soiléireachta a sholáthar
ar cad is raon feidhme iniúchóireachta reachtúla ann. (16)
Cé gur chóir don phríomhfhreagracht as seachadadh
eolais airgeadais a bheith ar bhainistíocht na n‑eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht orthu, bíonn ról ag iniúchóirí trí dhúshlán gníomhach na
bainistíochta a thabhairt ó pheirspictíocht an úsáideora de. Chun cáilíocht
iniúchóireachta a fheabhsú tá sé tábhachtach mar sin go ndéantar athneartú ar
an sceipteachas gairmiúil a chleachtann iniúchóirí vis‑à-vis an t‑eintiteas
a ndéantar iniúchóireacht air. Ba cheart d’iniúchóirí an féidearthacht a
aithint go bhféadfadh míráiteas ábhartha de bharr calaoise nó earráide a bheith
ann, d’ainneoin táithí an iniúchóra san am atá caite ar fhírinne agus ar
shláine bhainistíocht an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air. Ba cheart gur
áirithiú cáilíochta iniúchóireachta an príomhchritéar leis an obair
iniúchóireachta a eagrú agus leis na hacmhainní riachtanais do na cúraimí a
leithdháileadh. Tá sláine an iniúchóra reachtúil, an ghnólachta reachtúil agus
a bhfoirne ríthábhachtach chun muinín an phobail in iniúchóireachtaí reachtúla
agus margaí airgeadais a áirithiú. Mar sin ba chóir aon teagmhas a bhféadfadh
iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aige ar shláine gníomhaíochtaí na
hiniúchóireachta reachtúla a bhainistiú go cuí. Ba cheart don iniúchóir
reachtúil nó don ghnólacht iniúchóireachta an obair iniúchóireachta a dhoiciméadú
go cuí. (17)
I gcás na ráiteas airgeadais comhdhlúite, tá sé
tábhachtach go mbeadh sainmhíniú soiléir ar fhreagrachtaí na n‑iniúchóirí
reachtúla a dhéanann iniúchóireacht ar eintitis éagsúla an ghrúpa. Chun na
críche seo ba cheart don ghrúp-iniúchóir lánfhreagracht as an tuarascáil
iniúchóireachta a ghlacadh. (18)
Ba ceart go gcuideodh athbhreithniú rialaithe
cáilíochta inmheánach fónta ar an obair a rinneadh i ngach fostaíocht
iniúchóireachta reachtúla le hiniúchóireacht ardcháilíochta. Mar sin níor
cheart don iniúchóir nó don ghnólacht iniúchóireachta a t(h)uarascáil
iniúchóireachta a eisiúint go dtí go mbíonn athbhreithniú rialaithe cáilíochta
dá leithéid tugtha chun críche. (19)
Ba cheart torthaí na hiniúchóireachta reachtúla a
chur i láthair na scairshealbhóirí sa tuarascáil iniúchóireachta. Chun muinín
scairshealbhóirí i ráitis airgeadais an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air
a mhéadú, tá sé tábhachtach go háirithe go mbeadh búnús maith leis an
tuarascáil iniúchóireachta agus é réasúnaithe go dlúth agus go mbeadh a hábhar
leathnaithe amach chun eolas sonrach breise faoin iniúchóireacht a rinneadh a
bheith san áireamh ann. Ba cheart don tuarascáil iniúchóireachta go háirithe go
leor eolais a bheith san áireamh inti ar an modheolaíocht a úsáideadh san iniúchóireacht,
go háirithe cé mhéid den chlár comhardaithe a fíoraíodh agus cé mhéid a
bunaíodh ar thástáil comhlíontachta agus córais, ar na leibhéil ábharthachta a
feidhmíodh chun an iniúchóireacht a dhéanamh, ar na príomhréimsí riosca de
mhíráitis ábhartha na ráiteas airgeadais chomhdhlúite agus bliantúla, ar cibé
ar ceapadh an iniúchóireacht reachtúil le calaois a bhrath agus, i gcás
tuairime diúltaí nó cáilithe nó séanadh tuairime, ar na fáthanna a bhí le
cinneadh dá leithéid. (20)
Chuirfí go mór le luach na hiniúchóireachta
reachtúla don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air dá n‑athneartófaí
an chumarsáid idir an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht
iniúchóireachta, ar thaobh amháin, agus an coiste iniúchóireachta, ar an taobh
eile. Anuas ar an idirphlé rialta le linn déanamh iniúchóireachta reachtúla, tá
sé tábhachtach go gcuireann an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht
iniúchóireachta tuarascáil bhreise níos mionsonraithe ar thorthaí na
hiniúchóireachta reachtúla faoi bhráid an choiste iniúchóireachta. Ba cheart go
mbeadh sé indéanta tuarascálacha mionsonraithe breise dá leithéid a chur ar
fáil do mhaoirseoirí eintiteas leasa phoiblí, ach ní don phobal. (21)
Cuireann iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí
iniúchóireachta faisnéis faoi fhíricí nó faoi chinntí ar fáil cheana féin do
mhaoirseoirí eintiteas leasa phoiblí a bhféadfadh a bheith ina sárú ar na
rialacha a bhaineann le gníomhaíochtaí an eintitis a ndéantar iniúchóireacht
air nó i lagú ar fheidhmiú leantach an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air.
Dhéanfaí cúraimí maoirseachta a éascú freisin dá gceanglófaí ar mhaoirseoirí
institiúidí airgeadais agus creidmheasa idirphlé rialta a bhunú lena n‑iniúchóirí
reachtúla agus a ngnólachtaí iniúchóireachta. (22)
Chun muinín sna hiniúchóirí reachtúla agus sna
gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht reachtúil ar eintitis
leasa phoiblí, agus a ndliteanas, a mhéadú, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh
méadú ar thuairisciú trédhearcachta iniuchóirí reachtúla agus gnólachtai
iniúchóireachta. Dá bhrí sin ba cheart a cheangal ar iniúchóirí reachtúla agus
ar ghnólachtaí iniúchóireachta faisnéis airgeadais a ndearnadh iniúchóireacht
uirthi a nochtadh, a léiríonn go háirithe a láimhdeachas iomlán roinnte i
dtáillí iniúchóireachta a d’íoc eintitis leasa phoiblí, táillí iniúchóireachta
a d’íoc eintitis eile agus táillí do sheirbhísí eile. Ní mór dóibh freisin
faisnéis airgeadais ag leibhéal an líonra lena mbaineann a nochtadh. Ba cheart
tuarascálacha trédhearcachta gnólachtaí iniúchóireachta a chríochnú le ráiteas
ar rialachas corparáideach d’fhonn a léiriú cibé an gcoimeádann an gnólacht
iniúchóireachta na socruithe do rialachas corparáideach fónta. Ba cheart
faisnéis fhorlíontach bhreise ar tháillí iniúchóireachta a sholáthar d’údaráis
inniúla d’fhonn a gcúraimí maoirseachta a éascú. (23)
Tá ról cinntitheach ag coistí iniúchóireachta, nó
comhlachtaí a mbíonn feidhm choibhéiseach leo laistigh den eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air, i rannchuidiú le hiniúchóireacht reachtúil d’ardeibhéal. Tá
sé tábhachtach go háirithe neamhspleáchas agus inniúlacht theicniúil an choiste
iniúchóireachta a athneartú trína cheangal go mbeadh formhór a chomhaltaí
neamhspleách agus go mbeadh inniúlacht san iniúchóireacht ag comhalta amháin
den choiste ar a laghad agus ag comhalta eile san iniúchóireacht agus/nó sa
chuntasaíocht. Tá an chaoi ar cheart coistí iniúchóireachta a bhunú agus a
fheidhmiú leagtha amach i Moladh ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2005,
maidir le ról stiúrthóirí maoirseachta nó neamh‑fheidhmiúcháin
cuideachtaí liostaithe agus maidir le coistí an bhoird (maoirseachta)[26].
Ach ag cur san áireamh diminsean na mbord i gcuideachtaí le caipitliú margaidh
laghdaithe agus in eintitis leasa phoiblí bheaga agus meánmhéide, bheadh sé
iomchuí gur féidir leis an gcomhlacht maoirseachta nó riaracháin ina iomlán na
feidhmeanna a sannadh don choiste iniúchóireachta do na heintitis sin, nó do
chomhlacht a dhéanann feidhmeanna coibhéiseacha laistigh den eintiteas a
ndéantar iniúchóireacht air. Ba cheart go mbeadh eintitis leasa phoiblí ar
UCITS iad, nó cistí infheistíochta malartacha díolmhaithe freisin ón oibleagáid
coiste iniúchóireachta a bheith acu. Cuireann an díolúine seo san áireamh i
gcás go bhfeidhmíonn na cistí sin d’fhonn sócmhainní a chomhthiomsú amháin,
nach bhfuil úsáid coiste iniúchóireachta iomchuí. Oibríonn UCITS agus cistí
infheistíochta malartacha, mar aon lena gcuideachtaí bainistíochta, i
dtimpeallacht rialála sainmhínithe go docht agus tá faoi réir sásra rialála
sonrach mar shrianta arna bhfeidhmiú ag a dtaisceánach. (24)
Tá sé tábhachtach freisin go n‑athneartófaí
ról an choiste iniúchóireachta i roghnú iniúchóra reachtúil nó gnólachta
iniúchóireachta nua, chun tairbhe cinneadh níos eolasaí ó chruinniú ginearálta
de scairshealbhóirí nó comhaltaí den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air.
Mar sin, agus moladh á dhéanamh don chruinniú ginearálta, ba cheart don bhord a
mhíniú cibé an leanann sé moladh an choiste iniúchóireachta agus mura ndéanann,
cén fáth nach ndéanann. Ba cheart do mholadh an choiste iniúchóireachta dhá
rogha indéanta ar a laghad a áireamh don fhostaíocht iniúchóireachta agus
fabhar fírinithe go cuí do cheann amháin acu, sa chaoi gur féidir leis an
gcruinniú ginearálta rogha ceart a dhéanamh. Chun fírinniú cóir agus ceart a
sholáthar dá mholadh, ba cheart don choiste iniúchóireachta torthaí nós
imeachta roghnúcháin sainordaitheach a úsáid, a d’eagraigh an t‑eintiteas
a ndéantar iniúchóireacht air, faoi fhreagracht an choiste iniúchóireachta. I
nós imeachta roghnúcháin dá leithéid, ba cheart don eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air cuireadh a thabhairt d’iniúchóirí reachtúla nó do
ghnólachtaí iniúchóireachta, lena n‑áirítear cinn níos lú, tograí a chur
ar fáil don fhostaíocht iniúchóireachta. Ní mór do dhoiciméid tairisceana
critéir roghnaithe neamh‑idirdhealaitheacha agus trédhearcacha a bheith
iontu le húsáid do mheasúnú tograí. Ach ag cur san áireamh go bhféadfadh an nós
imeachta roghnaithe seo costais dhíréireacha a bheith bainteach leis do
chuideachtaí le caipitliú margaidh laghdaithe nó d’eintitis leasa phoiblí
bheaga agus meánmhéide, ag féachaint dá ndiminsin, tá sé iomchuí eintitis dá
leithéid a scaoileadh ón oibleagáid seo. (25)
Ní bhainfeadh luach ar bith le ceart an chruinnithe
ghinearálta scairshealbhóirí nó comhaltaí an eintitis a ndéantar iniúchóireacht
air an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a roghnú dá
ngabhfadh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air isteach i gconradh
le tríú páirtí ag soláthair srianadh ar rogha dá leithéid. Dá bhrí sin ba
cheart go mbreithneofaí aon chlásail chonarthach a ndeachaigh an t‑eintiteas
a ndéantar iniúchóireacht air isteach ann le tríú páirtí, maidir le ceapachán
nó le srianadh rogha iniúchóra ar leith nó gnólacht iniúchóireachta, mar
chlásail ar neamhní. (26)
Dá ndéanfadh an t‑eintiteas leasa phoiblí
níos mó ná aon iniúchóir reachtúil amháin nó aon ghnólacht iniúchóireachta
amháin a cheapadh d'athneartófaí sceipteachas gairmiúil agus chuirfí feabhas ar
cháilíocht iniúchóireachtaí. Ina theannta sin, ach an beart sin a chur i
bhfeidhm agus gnólachtaí iniúchóireachta níos lú bheith ann, b'fhusa acmhainn
na ngnólachtaí sin a mhéadú agus, ar an dóigh sin, an rogha iniúchóirí
reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireactha atá ar fáil d'eintitis leasa phoiblí
a leathnú. Ba cheart, dá bhrí sin, na gnólachtaí sin a spreagadh agus dreasachtaí
a thabhairt dóibh níos mó ná aon iniúchóir reachtúil amháin nó aon ghnólacht
iniúchóireachta amháin a cheapadh chun an iniúchadh a dhéanamh. (27)
Chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt an róchaidrimh
agus neamhspleáchas iniúchóirí agus gnólachtaí iniúchóireachta a athneartú dá
réir, tá sé tábhachtach uasfhad fostaíocht iniúchóireachta d’iniúchóir
reachtúil nó gnólacht iniúchóireacha a bhunú in eintiteas ar leith a bhfuil
iniúchóireacht déanta air. Ba cheart sásra sealaíochta céimseach cuí a bhunú
freisin maidir leis an bpearsanra is sinsearaí a mbaineann an iniúchóireacht
reachtúil leo, lena n‑áirítear na príomhpháirtithe iniúchóireachta a
bhfuil an iniúchóireacht reachtúil á dhéanamh acu thar ceann an ghnólachta
iniúchóireachta. Tá sé tábhachtach freisin d’fhoráil do thréimhse chuí ar
laistigh di nach féidir le hiniúchóir reachtúil dá leithéid nó gnólacht
iniúchóireachta an iniúchóireacht reachtúil den eintiteas céanna a dhéanamh.
Chun aistriú réidh a chinntiú, ba cheart don iar-iniúchóir comhad aistrithe a
aistriú leis an bhfaisnéis iomchuí don iniúchóir nua. (28)
Chun neamhspleáchas an iniúchóra a chosaint, tá sé
tábhachtach nach féidir dífhostú a bheith ann ach sa chás go mbíonn bonn ceart
leis agus go gcuirtear an bonn seo in iúl don údarás nó dona húdaráis atá
freagrach as maoirseacht. I gcás go mbíonn bonn ceart ann ach nach ngníomhaíonn
an t‑eintiteas a bhfuil iniúchóireacht déanta air, ba cheart go mbeadh de
chumhacht ag an gcoiste iniúchóireachta, na scairshealbhóiri, na húdaráis
inniúla a bhfuil freagracht acu as maoirseacht iniúchóirí agus ghnólachtaí
iniúchóireachta nó na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht an eintitis
leasa phoiblí, cás a thógáil os comhair cúirte náisiúnta ar dhífhostú an
iniúchóra. (29)
Chun ardleibhéal infheisteora agus muinín an
tomhaltóra sa mhargadh inmheánach a chinntiú trí choinbhleachtaí leasa a
sheachaint, ba cheart go mbeadh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí
iniúchóireachta faoi réir ag maoirseacht chuí ó údaráis inniúla atá
neamhspleách ar ghairm na hiniúchóireachta agus a bhfuil cumas, saineolas agus
acmhainní leordhóthanach acu. Ba cheart go mbeadh na cumhachtaí riachtanacha ag
na húdaráis inniúla náisiúnta chun tabhairt faoina gcúraimí maoirseachta, lena n‑áirítear
an cumas doiciméid a rochtain, faisnéis a éileamh ó aon duine agus cigireachtaí
a dhéanamh. Ba cheart dóibh sainfheidhmiú i maoirseacht mhargaí airgeadais, i
gcomhlíonadh oibleagáidí tuairiscithe airgeadais nó i bhformhaoirseacht
iniúchóireachta reachtúil. Ina dhiaidh sin, ba cheart go mbeadh sé indéanta go
mbeadh an mhaoirseacht ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí atá leagtha ar
eintitis leasa phoiblí á déanamh ag na húdaráis inniúla atá freagrach as
maoirseacht na n‑eintiteas sin. Ba cheart go mbeadh maoiniú na n‑údarás
inniúla saor ó aon tionchar míchuí ionchais ó iniúchóirí reachtúla nó ó
ghnólachtaí iniúchóireachta. (30)
Ba cheart go bhfeabhsódh cáilíocht na maoirseachta
má bhíonn comhoibriú éifeachtach idir na húdaráis a bhfuil cúraimí éagsúla
curtha orthu ag an leibhéal náisiúnta. Mar sin, ní mór do na húdaráis atá
inniúil maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí ar
iniúchóireacht reachtúil eintitis leasa phoiblí, comhoibriú leis na húdaraís
atá freagrach as formheas agus clárú iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí
iniúchóireachta, leo siúd atá ag déanamh maoirseachta ar eintitis leasa phoiblí
agus leis na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais dá dtagraítear i
dTreoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
26 Deireadh Fómhair 2006 maidir le cosc ar úsáid an chórais airgeadais
d’fhonn sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí[27]. (31)
Is rud bunúsach é dearbhú cáilíochta seachtrach don
iniúchóireacht reachtúil le haghaidh iniúchóireachta ardcháilíochta. Cuireann
sé inchreidteacht le faisnéis airgeadais foilsithe agus soláthraíonn cosaint níos
fearr scairshealbhóirí, infheisteoirí, creidiúnaithe agus páirtithe leasmhara
eile. Ba cheart mar sin d’iniúchóirí reachtúla agus do ghnólachtaí
iniúchóireachta a bheith faoi réir chóras dearbhú cáilíochta faoi fhreagracht
na n‑údarás inniúla, oibiachtúlacht agus neamhspleáchas ó ghairm na
hiniúchóireachta á áirithiú ar an mbealach seo. Ba cheart athbhreithnithe
dearbhú cáilíochta a eagrú ar bhealach go mbeidh gach iniúchóir reachtúil nó
gach gnólacht iniúchóireachta atá i mbun iniúchóireachtaí eintitis leasa
phoiblí faoi réir ag athbhreithniú dearbhú cáilíochta gach trí bliana ar a
laghad. Soláthraíonn Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2008 maidir
le dearbhú cáilíochta seachtrach d’iniúchóirí reachtúla agus do ghnólachtaí
iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht ar eintitis leasa phoiblí[28]
faisnéis ar an gcaoi ar chóir tabhairt faoi chigireachtaí. Ní mór
d’athbhreithnithe dearbhú cáilíochta a bheith comhréireach i gcomhthéacs scála
agus castachta gnó an ghnólachta iniúchóireachta nó an iniúchóra reachtúil a
ndearnadh athbhreithniú orthu. (32)
Cuidíonn cigireachtaí chun déanamh neamhleor na
hiniúchóireachta reachtúla ar eintitis leasa phoiblí a bhrath, a chosc agus a
cheartú. Mar sin ba cheart an chumhacht a bheith ag údaráis inniúla
cigireachtaí ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta a
dhéanamh. (33)
Tagann athrú ar an margadh le haghaidh soláthar
seirbhísí iniúchóireachta d’entitis leasa phoiblí le himeacht ama. Tá sé
riachtanach mar sin go ndéanann údaráis inniúla faireachán ar fhorbairtí sa
mhargadh, go háirithe maidir le rogha iniúchóra a d’fhéadfadh a bheith teoranta
and na rioscaí a éiríonn ó chomhdhlúthacht ard margaidh. (34)
Féadfaidh forléasadh gnólachtaí iniúchóireachta
tábhachtacha cur isteach ar sholáthar seirbhísí iniúchóireachta sa mhargadh
agus d’fhéadfadh carnadh struchtúrtha breise riosca sa mhargadh a bheith mar
thoradh air. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis inniúla, mar ghníomh coisctheach,
iarraidh ar na gnólachtaí iniúchóireachta is mó i ngach Ballstát pleananna
teagmhais a chur ar bun ag tabhairt aghaidh ar imeacht a d’fhéadfadh bagairt ar
leanúnachas oibríochtaí an ghnólachta lena mbaineann. Féadfaidh pleananna dá
leithéid bearta a aithint chun teip ordúil an ghnólachta lena mbaineann a
ullmhú. (35)
Ní mór do thrédhearcacht ghníomhaíochtaí údarás
inniúla rannchuidiú chun muinín infheisteoirí agus tomhaltóirí sa mhargadh
inmheánach a mhéadú. Ba cheart mar sin go gceanglófaí ar údaráis inniúla
tuairisc rialta a thabhairt ar a ngníomhaíochtaí agus tuarascálacha
cigireachtaí aonair a fhoilsiú. (36)
Féadfaidh an comhoibriú idir údaráis inniúla na
mBallstát rannchuidiú tábhachtach a dhéanamh trí ardcháilíocht chomhsheasmhach
a áirithiú in iniúchóireacht reachtúil an Aontais. Dá bhrí sin ba cheart
d’údaráis inniúla na mBallstát comhoibriú lena chéile, nuair is cuí, d’fhonn a
ndualgais mhaoirseachta maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla a dhéanamh. Ba
cheart dóibh urraim a thabhairt do phrionsabal rialáil tíre baile agus
formhaoirseachta ag an mBallstáit ina bhfuil an t‑iniúchóir reachtúil nó
gnólacht iniúchóireachta formheasta agus a bhfuil oifig chláraithe ag an
eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air. D’fheabhsófaí an comhoibriú idir
údaráis inniúla cuid mhór dá n‑eagrófaí é laistigh de chreat an
Chomhchoiste d’Údaráis Eorpacha Mhaoirseachta (ESA), faoi cheannaireacht an
Údaráis Eorpaigh Urrúis agus Margaí (ÚEUM) curtha ar bun ag Rialachán (AE) Uimh
1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Eorpach Maoirseachta (an
tÚdarás Eorpach Urrúis agus Margaí)[29]. Ba cheart d’ÚEUM, le
cúnamh ón Údarás Eorpach Baincéireachta (EBA) curtha ar bun ag Rialachán (AE)
Uimh 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Eorpach Maoirseachta (Údarás
Eorpach Baincéireachta)[30] agus don Údarás Árachais
agus Pinsin Ghairme Eorpach (ÚÁPGE) curtha ar bun ag Rialachán (AE) Uimh
1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Eorpach Maoirseachta (Údarás
Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpach)[31], rannchuidiú leis an
gcomhoibriú sin trí chomhairle agus trí threoirlínte a sholáthar d’údaráis
inniúla náisiúnta. (37)
Ba cheart do raon feidhme an chomhoibrithe idir
údaráis inniúla na mBallstát na nithe seo a leanas a áireamh: malartú
faisnéise, comhoibriú maidir le hathbhreithnithe dearbhú cáilíochta, cúnamh
d’imscrúduithe bainteach le déanamh iniúchóireachtaí reachtúla eintiteas leasa
phoiblí, lena n‑áirítear i gcásanna nach ionann an t‑iompar atá
faoi imscrúdú agus sárú aon fhoráil reachtach nó rialála i bhfeidhm sna
Ballstáit lena mbaineann agus pleanáil teagmhasach. D’fhéadfaí go n‑áireofaí
ar rialacha mionsonraithe an chomhoibrithe idir údaráis inniúla na mBallstát
cruthú coláistí údarás inniúla agus tarmligean cúraimí ina measc féin. Ba cheart
coincheap an líonra ina n‑oibríonn iniúchóirí agus gnólachtaí a chur san
áireamh i gcomhoibriú dá leithéid. Ba cheart d’údaráis inniúla agus Údaráis
Eorpacha Mhaoirseachta meas a bheith acu ar rúndacht iomchuí agus ar rialacha
rúndachta gairmiúla. (38)
Ba cheart go n‑éascódh aitheantas inniúlachta
iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta chun iniúchóireachtaí
reachtúla a dhéanamh ar eintiteas leasa phoiblí, rochtain iniúchóirí agus
gnólachtaí ar chliaint eile. Dá bhrí sin ta sé tábhachtach soláthar do Theastas
Cáilíochta de dhiminsean Eorpach ar chóir d’ÚEUM a fhorbairt. Ba cheart go
mbeadh údaráis inniúla bainteach le scrúdú na n‑iarratas ar an teastas. (39)
Éilíonn idirghaol margaí caipitil go ndéanfaí
údaráis inniúla náisiunta agus na hÚdaráis Eorpacha Mhaoirseachta a chumasú
chun comhoibriú le húdaráis mhaoirseachta agus comhlachtaí tríú tíre maidir le
malartú faisnéise nó athbhreithnithe dearbhú cáilíochta. Ina dhiaidh sin, i
gcás go mbaineann an comhoibriú le húdaráis tríú tíre le páipéir oibre iniúchóireachta
nó doiciméid eile atá á gcoinneáil ag iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí
iniúchóireachta, ba chóir go mbeadh feidhm le nósanna imeachta
Treoir 2006/43/CE.. (40)
D'fhonn feidhmiú rianúil na margaí caipitil a
áirithiú tá gá le hacmhainn iniúchóireachta chobhsaí agus margadh seirbhísí
iniúchóireachta reachtúla atá iomaíoch agus ina bhfuil rogha leathan a dóthain
de chomhlachtaí iniúchóireachta atá in ann iniúchóireachtaí reachtúla a
dhéanamh ar eintitis leasa phoiblí. Ba cheart don ÚEUM tuairisciú ar na
hathruithe a thagann ar struchtúr an mhargaidh iniúchóireachta de thoradh an
Rialacháin seo. Ba cheart don ÚEUM a chur san áireamh sa tuairisciú sin an
tionchar atá ag rialacha náisiúnta maidir le dliteanas sibhialta iniúchóirí
reachtúla ar an margadh iniúchóireachta. Ar bhonn an tuairiscithe sin agus ar
bhonn fianaise eile iomchuí, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thíolacadh
ar an tionchar atá ag rialacha náisiúnta maidir le dliteanas sibhialta
iniúchóirí reachtúla ar struchtúr an mhargaidh, agus ba cheart dó na bearta a
dhéanamh a mheasann sé a bheith iomchuí i bhfianaise chinntí na tuarascála sin. (41)
Chun comhlíonadh ceanglais an Rialacháin seo a
fheabhsú agus tar éis Cumarsáid ón gCoimisiun an 9 Nollaig 2010 dar
teideal ‘Athneartú córas smachtbhanna san earnáil airgeadais'[32],
ba cheart an chumhacht chun bearta maoirseachta a ghlacadh agus cumhachtaí
smachtbhannaí údaráis inniúla a fheabhsú. Ba cheart go mbeadh coinne le
smachtbhannaí airgid riaracháin ar iniúchóirí reachtúla, ar ghnólachtaí
iniúchóireachta agus ar eintitis leasa phoiblí do shárú sainaitheanta. Ní mór
do na húdaráis inniúla a bheith trédhearcach faoi na smachtbhannaí agus na
beartais a fheidhmíonn siad. Ba cheart go n‑urramódh glacadh agus foilsiú
smachtbhannaí cearta bunúsacha mar atá leagtha síos i gCairt um Chearta
Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart um meas ar an saol
príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), an ceart um
chosaint sonraí pearsanta (Airteagal 8) agus an ceart chun leighis
éifeachtaigh agus chun trialach cothroime (Airteagal 47). (42)
Féadfaidh sceithirí faisnéis nua a chur faoi bhráid
údarás inniúla a chuidíonn leo mírialtachtaí a bhrath agus smachtbhannaí a chur
orthu, lena n‑áirítear calaois. Ach d’fhéadfadh go ndíspreagfaí sceithiri
ó sin a dhéanamh ar fhaitíos an díoltais, nó d’fhéadfadh go mbeadh easpa
dreasachta ann é sin a dhéanamh. Ba cheart do Bhallstáit mar sin a áirithiú go
bhfuil socruithe leordhóthanacha ann le sceithirí a spreagadh chun iad a chur
ar an airdeall faoi shárú ionchasach an Rialacháin seo agus chun iad a chosaint
ar dhíoltas. Féadfaidh Ballstáit dreasachtaí a chur ar fáil dóibh freisin chun
déanamh amhlaidh; ach níor cheart do sceithirí a bheith incháilithe do
dhreasachtaí dá leithéid ach amháin nuair a thugann siad faisnéis nua chun
solais nach bhfuil oibleagáid orthu cheana a chur in iúl agus sa chás go mbíonn
smachtbhanna faoi shárú an Rialacháin seo mar thoradh ar an bhfaisnéis. Ba
cheart do Bhallstáit a áirithiú freisin go n‑áirítear sna scéimeanna
sceithireachta a fheidhmíonn siad, sásra a sholáthraíonn cosaint iomchuí do
dhuine a ndearnadh tuairisciú faoi, go háirithe maidir le ceart um chosaint a
shonraí pearsanta agus nósanna imeachta chun ceart um chosaint an duine a
ndearnadh tuairisciú faoi a áirithiú, agus go dtabharfaí éisteacht dó roimh
ghlacadh cinnidh atá bainteach leis mar aon leis an gceart chun leigheas
éifeachtach a lorg os comhair binse fiosraithe maidir le cinneadh a bhaineann
leis. (43)
Chun forbairtí san iniúchóireacht agus sa mhargadh
iniúchóireachta a chur san áireamh ní mór don Choimisiún an chumhacht a bheith
aige ceanglais theicniúla a shonrú ar inneachar an chomhaid aistrithe gur
cheart don iniúchóir reachtúil nua nó gnólacht iniúchóireachta nua a fháil agus
ar bhunú deimhniú cáilíochta Eorpach d’iniúchóirí reachtúla agus do ghnólachtaí
iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa
phoiblí. (44)
Chun féachaint d’fhorbairtí teicniúla sna margaí
airgeadais, san iniúchóireacht agus i ngairm na hiniúchóireachta agus chun
ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a shonrú, ní mór don Choimisiún an
chumhacht a bheith aige glacadh le gníomhartha tarmligthe de réir Airteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Go háirithe tá úsáid gníomhartha
tarmligthe riachtanach chun liosta na seirbhísí iniúchóireachta gaolmhara agus
seirbhísí neamh‑iniúchóireachta chomh maith, a oiriúnú mar aon le
leibhéal na dtáillí a leagan síos a bhféadfadh ÚEUM a ghearradh as seachadadh
an Deimhniú Cáilíochta Eorpach d’iniúchóirí reachtúla agus do ghnólachtaí
iniúchóireachta. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún comhairliúcháin
iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na
saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a
ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur
chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach,
tráthúil agus iomchuí. (45)
Chun cinnteacht dhlíthiúil agus an t‑aistriú
réidh chuig an gcóras a tugadh isteach faoin Rialachán seo a áirithiú, tá sé
tábhachtach go dtabharfaí córas aistrithe isteach maidir le teacht i bhfeidhm
na hoibleagáide sealaíocht a dhéanamh ar ghnólachtaí iniúchóireachta, an
oibleagáid nós imeachta a eagrú chun gnólacht iniúchóireachta a roghnú, agus
tiontú gnólachtaí iniúchóireachta ina ngnólachtaí a chuirfeadh seirbhísí
iniúchóireachta amháin ar fáil. (46)
Os rud é nach féidir le Ballstáit cuspóirí an
Rialacháin seo, is iad sin ról na hiniúchóireachta reachtúla maidir le
heintitis leasa phoiblí a shoiléiriú, an fhaisnéis a chuireann an t‑iniúchóir
reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta ar fáil don eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air, infheisteoirí agus páirtithe leasmhara eile a fheabhsú, na
bealaí cumarsáide idir iniúchóirí agus maoirseoirí eintitis leasa phoiblí a
fheabhsú, aon choinbhleacht leasa ag éirí as soláthar seirbhísí neamh‑iniúchóireachta
d’eintitis leasa phoiblí a chosc, baol aon choinbhleacht leasa ionchasach ag
éirí as an gcóras láithreach “roghnaíonn agus íocann an t‑iniúchaí an t‑iniúchóir”
nó as bagairt ó róchaidreamh a mhaolú, malartú iniúchóra reachtúil nó gnólachta
iniúchóireachta agus rogha soláthraí iniúchóireachta d’eintitis leasa phoiblí a
éascú, rogha soláthraithe iniúchóireachta d’eintitis leasa phoiblí a mhéadú
agus éifeachtúlacht, neamhspleáchas agus comhsheasmhacht rialachán agus
maoirseacht iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a
sholáthraíonn iniúchóireachtaí reachtúla d’eintitis leasa phoiblí a fheabhsú
lena n‑áirítear maidir le comhoibrí ag leibhéal an Aontais, a bhaint
amach go leordhóthanach agus ar féidir dá bhrí sin, mar gheall ar a scála, a
bhaint amach níos fearr ag leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a
ghlacadh, de réir prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5
den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na
comhréireachta a leagtar amach san Airteagal in, ní théann an Rialachán
seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach, (47)
Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus
urramaíonn na prionsabail a shainaithnítear go háirithe i gCairt um Chearta
Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart um meas ar an saol
príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), an ceart um
chosaint sonraí pearsanta (Airteagal 8), an saoirse chun gnó a dhéanamh (Airteagal 16),
agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach cothroime (Airteagal 47),
toimhde na neamhchiontachta agus an ceart um chosaint (Airteagal 48),
prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla
agus pionóis (Airteagal 49), an ceart chun nach ndéanfar duine a thriail
nó a phionósú faoi dhó i ngeall leis an gcion céanna (Airteagal 50), agus
caithfear é a fheidhmiú de réir na gceart agus na bprionsabal sin. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: Teideal I Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe Airteagal 1 Ábhar Leagann an Rialachán seo síos ceanglais do
dhéanamh iniúchóireachta reachtúil ar ráitis airgeadais chomhdlúite agus
bhliantúla eintitis leasa phoiblí, rialacha ar eagrúchán agus roghnúchán
iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta ag eintitis leasa phoiblí
chun a neamhspleáchas agus seachaint coinbhleachta leasa a chur chun cinn agus
rialacha ar mhaoirseacht chomhlíonadh na gceanglas sin ag iniúchóirí reachtúla
agus gnólachtaí iniúchóireachta. Airteagal 2 Raon feidhme 1. Tá feidhm ag an Rialachán seo
le seo a leanas: (a) iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí
iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa
phoiblí; (b) eintitis leasa phoiblí. 2. Tá feidhm ag an Rialachán seo
gan dochar do Threoir 2006/43/CE. Airteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm
leis na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2 de Threoir 2006/43/CE,
seachas na sainmhínithe ar ‘thuarascáil iniúchóireachta’ agus ‘údarás inniúil’.
Airteagal 4 Eintitis leasa phoibli mhóra Chun críocha an Rialacháin seo, clúdóidh
‘eintitis leasa phoiblí mhóra’ seo a leanas (a) i ndáil le heintitis a
shainmhínítear i bpointe 13(a) d’Airteagal 2 de Threoir 2006/43/CE,
an 10 eisitheoir scaireanna is mó i ngach Ballstát arna dtomhas ag caipitliú an
mhargaidh ar bhonn luachan dheireadh na bliana agus i gcás gach eisitheora
scaireanna a raibh meánchaipitliú margaidh sa bhreis ar EUR 1 000 000 000 acu
ar bhonn luachan dheireadh na bliana do na trí bliana féilire roimhe sin; (b) i ndáil le heintitis a
shainmhínítear i bpointí 13(b) go (f) d’Airteagal 2 de Threoir 2006/43/CE,
aon eintiteas a bhfuil ar dháta a chláir chomhardaithe iomlán cláir
chomhardaithe sa bhreis ar EUR 1 000 000 000 acu; (c) i ndáil le heintitis a
shainmhínítear i bpointí 13(g) agus (h) d’Airteagal 2 de Threoir 2006/43/CE,
aon eintiteas a bhfuil ar dháta a chláir chomhardaithe sóchmhainní iomlána faoi
bhainistíocht sa bhreis ar EUR 1 000 000 000 acu. Teideal II Coinníollacha do dhéanamh iniúchóireachta reachtúla
ar eintitis leasa phoiblí CAIBIDIL I NEAMHSPLEÁCHAS AGUS COINBHLEACHTAÍ LEASA A
SHEACHAINT Airteagal 5 Neamhspleáchas agus oibiachtúlacht Déanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht
iniúchóireachta gach beart is gá chun a chinntiú nach gcuirtear as do dhéanamh
iniúchóireachta reachtúla ar eintiteas leasa phoiblí ag aon choinbhleacht leasa
nó gnó, reatha nó ionchasach, nó caidreamh eile bainteach leis an iniúchóir
reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta atá ag déanamh na hiniúchóireachta
reachtúla agus, nuair is cuí, an líonra, na bainisteoirí, na hiniúchóirí, na
fostaithe, agus aon daoine nádúrtha eile a gcuirtear a seirbhísí faoi réir ag
an iniúchóir reachtúil nó ag an ngnólacht iniúchóireachta nó faoina rialú, nó
aon duine atá nasctha le rialú go díreach nó go hindíreach leis an iniúchóir
reachtúil nó leis an ngnólacht iniúchóireachta. Airteagal 6 Eagrú inmheánach iniúchóirí agus gnólachtaí
iniúchóireachta 1.
Comhlíonfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht
iniúchóireachta na ceanglais eagraíochtúla seo a leanas: (a) bunóidh gnólacht iniúchóireachta beartais
agus nósanna imeachta leordhóthanacha chun a áirithiú nach gcuireann a úinéirí
nó scairshealbhóirí nó comhaltaí de chomhlachtaí maoirseachta, bainistíochta nó
riaracháin na gnólachta, nó gnólachta comhcheangailte, isteach ar dhéanamh
iniúchóireachta reachtúla ar aon bhealach a chuireann neamhspleáchas agus
oibiachtúlacht an iniúchóra reachtúil a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil
thar ceann na gnólachta iniúchóireachta i mbaol; (b) beidh nósanna imeachta cuntasaíochta agus
riaracháin fónta ag iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta, sásra
faireacháin inmheánach, nósanna imeachta éifeachtúlacha do mheasúnú riosca,
agus socruithe cosanta agus rialaithe éifeachtúla do chórais phróiseála
faisnéise. Ceapfar an sásra faireacháin inmheánach sin chun
comhlíonadh cinntí agus nósanna imeachta a áirithiú ag gach leibhéal den
ghnólacht iniúchóireachta nó de struchtúr oibre an iniúchóra reachtúil. Feidhmeoidh agus coinneoidh iniúchóir reachtúil nó
gnólacht iniúchóireachta nósanna imeachta cinnteoireachta agus struchtúir
eagraíochtúla a shonraíonn línte tuairiscithe agus a leithdháileann feidhmeanna
agus freagraíochtaí go soiléir agus ar bhealach doiciméadaithe; (c) bunóidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht
iniúchóireachta beartais agus nósanna imeachta leordhóthanacha chun a áirithiú
go bhfuil faisnéis agus taithí chuí do na dualgais a shanntar dóibh ag a
c(h)uid fostaithe nó ag aon daoine nádúrtha eile a gcuirtear a seirbhísí faoina
réir nó faoina rialú agus a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí na
hiniúchóireachta reachtúla; (d) bunóidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht
iniúchóireachta beartais agus nósanna imeachta leordhóthanacha chun a áirithiú
nach ndéantar seachfhoinsiú feidhmeanna iniúchóireachta tábhachtacha ar
bhealach a dhéanfadh dochar do cháilíocht rialaithe inmheánaigh an iniúchóra
reachtúil nó na gnólachta iniúchóireachta agus do chumas na n‑údarás
inniúla maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht an iniúchóra reachtúil nó na
gnólachta iniúchóireachta maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa
Rialachán seo; (e) bunóidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht
iniúchóireachta socruithe riaracháin agus eagraíochtúla atá éifeachtach agus iomchuí
chun aon bhagairtí ar neamhspleáchas dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a
chosc, a shainaithint, a dhíchur nó a bhainistiú agus a nochtadh; (f) bunóidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht
iniúchóireachta nósanna imeachta agus caighdeáin iomchuí do dhéanamh
iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí, d’oiriniú, do
mhaoirseacht agus d’athbhreithniú gníomhaíochtaí fostaithe agus d’eagrú
struchtúr an chomhaid iniuchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 15(5); (g) bunóidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht
iniúchóireachta córas rialaithe cáilíochta inmheánaigh chun cáilíocht na
hiniúchóireachta reachtúla ar eintitis leasa phoiblí a áirithiú. Clúdóidh an
córas rialaithe cáilíochta na nósanna imeachta agus na caighdeáin a ndéantar
cur síos orthu i bpointe (f) ar a laghad. I gcás gnólachta
iniúchóireachta, beidh freagracht an chórais rialaithe cáilíochta inmheánaigh
ar dhuine a cháilíonn mar iniúchóir reachtúil; (h) úsáidfidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht
iniúchóireachta córais, acmhainní agus nósanna imeachta iomchuí chun
leanúnachas agus rialtacht i bhfeidhmiú a ghníomhaíochtai iniúchóireachta
reachtúla a áirithiú; (i) bunóidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht
iniúchóireachta beartas chun bac a chur ar a rannpháirtíocht agus
rannpháirtíocht a fhostaithe in aon chion coiriúil nó i sárú dlí i ndéanamh a
gcuid oibre. Bunóidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht
iniúchóireachta socruithe riaracháin agus eagraíochtúla freisin atá éifeachtach
agus iomchuí chun deileáil le teagmhais a raibh nó a bhféadfadh go mbeadh
iarmhairtí tromchúiseacha acu ar shláine a g(h)níomhaíochtaí iniúchóireachta
reachtúla agus taifead a dhéanamh orthu; (j) beidh beartais luach saothair
leordhóthanacha ag iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta lena
bhforáiltear dreasacht feidhmíochta leordhóthanach chun cáilíocht
iniúchóireachta a áirithiú. Go háirithe ní bheidh cúiteamh agus measúnú
feidhmíochta fostaithe teagmhasach ar mhéid an ioncaim a fhaigheann an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta ón eititeas a ndéantar iniúchóireacht
air; (k) déanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht
iniúchóireachta faireachán agus meastóireacht ar leordhóthanacht agus ar
éifeachtúlacht a c(h)óras, a rialaithe inmheánaigh agus a shásra rialaithe
cáilíochta inmheánaigh agus socruithe a bunaíodh de réir an Rialacháin seo agus
glacfaidh bearta cuí chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh. Déanfaidh
iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta go háirithe, measúnú bliantúil
ar an gcóras rialaithe cáilíochta inmheánach dá dtagraítear i bpointe (g).
Coinneoidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta taifid de chinntí an
mheasúnaithe sin agus aon bheart molta chun an córas rialaithe cáilíochta
inmheánach a mhionathrú. Déanfar na beartais agus na nósanna imeachta dá
dtagraítear sa chéad fhomhír a dhoiciméadú agus a chur in iúl d’fhostaithe an
iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta. Ní chuirfidh aon seachfhoinsiú feidhmeanna
iniúchóireachta dá dtagraítear i bpointe (d) isteach ar dhliteanas an
iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta i dtaca leis an eintiteas
a ndéantar iniúchóireacht air. 2.
Cuirfidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an
gnólacht iniúchóireachta san áireamh a m(h)éid agus castacht a
g(h)níomhaíochtaí agus ceanglais mír 1 den Airteagal eo á gcomhlíonadh. Beidh an t‑iniúchóir reachtúil nó gnólacht
iniúchóireachta ábalta a léiriú don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1)
go bhfuil comhlíonadh dá leithéid comhréireach le méid agus le castacht
ghníomhaíochtaí an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta. Airteagal 7 Neamhspleáchas ón eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air 1. Beidh iniúchóir reachtúil nó
gnólacht iniúchóireachta agus aon sealbhóir cearta vótála i ngnólacht
iniúchóireachta, neamhspleách ar an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air
agus ní bheidh siad bainteach le cinnteoireacht an eintitis a ndéantar
iniúchóireacht air. 2. Ní cheannóidh nó ní
dhíolfaidh nó ní bheidh páirt ag iniúchóir reachtúil, ag gnólacht
iniúchóireachta, a bpríomh‑chomhpháirtithe iniúchóireachta, a bhfostaithe
mar aon le haon duine nádúrtha eile a gcuirtear a seirbhísí faoi réir nó faoi
rialú iniúchóir nó gnólacht dá leithéid agus a bhfuil baint dhíreach acu le
gníomhaíochtaí iniúchóireachta reachtúla, agus daoine atá bainteach go dlúth
leo laistigh de bhrí Airteagail 1(2) ó Threoir 2004/72/CE ón gCoimisiún[33],
in aon idirbheart in aon ionstraim airgeadais a eisítear, a urraítear nó a
dtacaítear leis ag aon eintiteas a dhéantar iniúchóireacht air laistigh dá
réimse gníomhaíochtaí iniúchóireachta reachtúla seachas sealúchas i
gcomhscéimeanna infheistíochta éagsúlaithe, lena n‑áirítear cistí
bainistithe mar chistí pinsin nó árachas saoil. 3. Ní bheidh daoine nó
gnólachtaí dá dtagraítear i mír 2 rannpháirteach i gcinneadh nó ní ghabhfaidh
siad i bhfeidhm ar aon bhealach eile ar chinneadh iniúchóireachta reachtúla ar
aon eintiteas ar leith a ndéantar iniúchóireacht air: (a) más leo ionstraimí airgeadais an eintitis
a ndéantar iniúchóireacht air, seachas sealúchas i ngnóthas comhinfheistíochta
éagsúlaithe; (b) más leo ionstraimí airgeadais aon
eintitis atá bainteach le heintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, a
bhféadfadh go mbeadh a n‑úinéireacht ina choinbhleacht leasa, nó a
bhféadfadh go mbrathfaí go forleathan iad mar choinbhleacht leasa, seachas
sealúchas eile i ngnóthas comhinfheistíochta éagsúlaithe; (c) má bhí fostaíocht, gnó nó caidreamh eile
leis an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air le deireanaí a bhféadfadh
bheith ina chúis nó go mbrathfaí go forleathan é a bheith ina chúis
choinbhleachta leasa 4. Ní dhéanfaidh daoine nó
gnólachtaí dá dtagraítear i mír 2 airgead, bronntanais nó fabhair a shireadh ná
a ghlacadh ó aon duine a bhfuil caidreamh conartha ag an iniúchóireacht
reachtúil nó ag an ngnólacht iniúchóireachta leis. 5. Ní bheidh feidhm le bearta
náisiúnta ar eiticí gairmiúla arna achtú de bhun Airteagal 21(1) de Threoir 2006/43/CE
nach bhfuil ag luí le mír 2, 3 agus 4. Airteagal 8 Fostú iar-iniúchóirí reachtúla nó fostaithe
iniúchóirí nó gnólachtaí iniúchóireachta ag eintitis leasa phoiblí 1 Níor cheart d’iniúchóir
reachtúil nó príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta a dhéanann
iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí thar ceann gnólachta
iniúchóireachta, sula mbíonn tréimhse dhá bhliain ar a laghad caite ó d’éirigh
sé nó sí as mar iniúchóir reachtúil nó príomh‑chomhpháirtí
iniúchóireachta ón ngnóthas iniúchóireachta, dul i mbun aon cheann de na
dualgais seo a leanas: (a) príomhphost bainistíochta a ghabháil san
eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air; (b) teacht chun a bheith ina c(h)omhalta de
choiste iniúchóireachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, nó i gcás
nach ann do choiste dá leithéid, den chomhlacht a dhéanann feidhmeanna is
comhionann le coiste iniúchóireachta; (c) teacht chun a bheith ina c(h)omhalta neamh‑fheidhmiúcháin
den chomhlacht riaracháin nó ina c(h)omhalta de chomhacht maoirseachta eintitis
iniúchóireachta. 2. Níor cheart d’fhostaithe
iniúchóra reachtúil nó gnólachta iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht
reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí mar aon le duine nádúrtha ar bith eile a
gcuirtear a seirbhísí faoi réir nó faoi rialú iniúchóir nó gnólacht dá
leithéid, nuair atá fostaithe dá leithéid nó daoine nádúrtha eile formheasta go
pearsanta mar iniúchóirí reachtúla, sula mbíonn tréimhse bliana ar a laghad
caite ó bhí sé nó sí bainteach go díreach le gníomhaíochtaí iniúchóireachta
reachtúla, dul i mbun aon cheann de na dualgais dá dtagraítear i bpointí (a),
b) agus (c) de mhír 1. Airteagal 9 Táillí Iniúchóireachta 1. Ní táillí teagmhasacha a
bheidh i dtáillí d’fhoráil iniúchóireachtaí reachtúla d’eintitis leasa phoiblí.
Chun críocha an chéad fhomhír, ciallaíonn táillí
teagmhasacha táillí do ghnóthais iniúchóireachta bunaithe ar bhonn
réamhchinntithe bainteach lena thiocfadh as nó le toradh idirbhearta nó le
toradh na hoibre a rinneadh. Ní mheasfar táillí a bheith teagmhasach más cúirt
nó údarás inniúil a bhunaigh iad. 2. I gcás go soláthraíonn
iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta seirbhísí iniúchóireachta
airgeadais gaolmhara don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, amhail dá
dtagraítear in Airteagal 10(2), beidh na táillí do sheirbhísí dá leithéid
teoranta do nach mó ná 10 % de na táillí íoctha ag an eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air don iniúchóireacht reachtúil. 3. Nuair is ionann na táillí
iomlána a fhaightear ón eintiteas leasa phoiblí atá faoi réir na
hiniúchóireachta reachtúla agus níos má ná 20 % nó, do dhá bhliain as a
chéile, níos mó ná 15 % de na táillí bliantúla iomlána a fhaigheann an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht
reachtúil, nochtóidh an t‑iniúchóir sin nó an gnólacht sin do choiste
iniúchóireachta an fíoras gurb ionann iomlán na dtáillí sin agus níos mó ná
20 % nó 15 %, mar is cuí, de na táillí iomlána a fuair an gnólacht
agus rachfar i mbun na bpléití dá dtagraítear in Airteagal 11(4)(d).
Breithneoidh an coiste iniúchóireachta cibé an mbeidh an fhostaíocht
iniúchóireachta faoi réir ag athbhreithniú rialaithe cáilíochta ag iniúchóir
reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta eile roimh eisiúint na tuarascála
iniúchóireachta. Nuair is ionann na táillí iomlána a fhaightear ó
eintiteas leasa phoiblí faoi réir ag an iniúchóireacht reachtúil, do dhá
bhliain as a chéile, agus 15 % nó níos mó de na táillí bliantúla iomlána a
fhaigheann an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a
dhéanann an iniúchóireacht reachtúil, déanfaidh an t‑iniúchóir nó an
gnólacht an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1) a
chur ar an eolas ina leith. Déanfaidh an t‑údarás inniúil dá dtagraítear
in Airteagal 35(1) cinneadh ar bhonn foras oibiachtúil arna soláthar ag an
iniúchóir reachtúil nó ag an ngnólacht iniúchóireachta cé acu a fhéadfaidh nó
nach bhféadfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta
leanúint de bheith ag déanamh iniúchta go ceann tréimhse breise nach mbeidh
níos faide, i ngach cás, ná dhá bhliain. I gcás go mbíonn an t‑eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air díolmhaithe ón oibleagáid coiste iniúchóireachta a bheith
aige, cinnfidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air cén comhlacht
nó orgán an eintitis a ghabhfaidh i dteagmháil leis an iniúchóir reachtúil nó
an gnólacht iniúchóireachta chun críocha na n‑oibleagáidí a leagtar síos
sa mhír seo. Airteagal 10 Cosc ar sholáthar seirbhísí neamh‑iniúchóireachta
1. Aon iniúchóirí reachtúla nó
gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht reachtúil ar eintitis
leasa phoiblí, féadfaidh siad seirbhísí iniúchóireachta reachtúla agus
seirbhísí iniúchóireachta airgeadais gaolmhara a sholáthar don eintiteas a
ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas agus dá ghnóthais rialáilte. I gcás go mbaineann an t‑iniúchóir reachtúil
le líonra, féadfaidh aon chomhalta den líonra sin seirbhísí iniúchóireachta
reachtúla nó seirbhísí iniúchóireachta airgeadais gaolmhara a sholáthar don
eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas agus dá ghnóthais
rialaithe laistigh den Aontas. 2. Chun críocha an Airteagail
seo, ciallóidh seirbhísí iniúchóireachta airgeadais gaolmhara: (a) iniúchóireacht nó athbhreithniú ar ráitis
airgeadais eatramhacha; (b) dearbhú a sholáthar ar ráitis rialachais
chorparáideacha; (c) dearbhú a sholáthar ar chúrsaí
freagrachta sóisialta corparáideacha; (d) dearbhú nó rianú a sholáthar ar
thuairisciú rialaithe chuig rialtóirí institiúidí airgeadais lasmuigh de raon
feidhme na hiniúchóireachta reachtúla agus é ceaptha cuidiú le rialtóirí a ról
a chomhlíonadh, mar shampla ar riachtanais chaipitiúla nó ar chiondáil
sóchmhainneachta shonracha a chinneann cé chomh dóchúil is a bheidh go
leanfaidh gnóthas ag freastal ar a oibleagáidí fiachais; (e) deimhniú maidir le comhlíonadh ceanglas
cánach a sholáthar i gcás ina gceanglaítear sin faoin dlí náisiúnta; (f) aon dualgas reachtúil eile a bhaineann
le hobair iniúchóireachta arna fhorchur ag reachtaíocht an Aontais ar an
iniúchóir reachtúil nó ar an ngnólacht iniúchóireachta. 3. Ní dhéanfaidh iniúchóir
reachtúil ná gnólacht iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht reachtúil ar
eintitis leasa phoiblí aon seirbhísí nach seirbhísí iniúchóireachta iad a
sholáthar go díreach ná go hindíreach don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht
air, dá mháthairghnóthas agus dá ghnóthais rialáilte. I gcás go mbaineann an t‑iniúchóir reachtúil
le líonra, ní fhéadfaidh aon chomhalta den líonra sin aon seirbhísí nach
seirbhísí iniúchóireachta iad a sholáthar don eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas agus dá ghnóthais rialaithe laistigh
den Aontas. Chun críocha an Airteagail seo ciallóidh seirbhísí
nach seirbhísí iniúchóireachta iad: (a) seirbhísí faoi deara coinbhleacht leasa i
ngach cás: (i) seirbhísí saineolais nach mbaineann le
hiniúchóireacht, sainchomhairliúchán cánach, bainistiú ginearálta ná le
seirbhísí eile comhairleacha; (ii) leabharchoimeád agus ullmhú taifid
chuntasaíochta agus ráiteas airgeadais: (iii) ceapadh agus feidhmiú nós imeachta rialaithe
inmheánaigh nó bainistithe riosca bainteach le hullmhú agus/nó rialú faisnéise
airgeadais a áirítear sna ráitis airgeadais; (iv) seirbhísí
luachála, agus tuairimí maidir le cothroime agus tuarascálacha ar
ranníocaíochtaí comhchineáil a sholáthar; (v) seirbhísí
achtúireacha agus seirbhísí dlí, lena n‑áirítear réiteach dlíthíochta; (vi) córais faisnéise teicneolaíochta
d'eintitis leasa phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 2(13)(b) go (j) de Threoir 2006/43/CE
a cheapadh agus a chur chun feidhme; (vii) rannpháirteacht in iniúchóireacht
inmheánach chliaint na hiniúchóireachta agus i soláthar seirbhísí bainteach
leis an bhfeidhm iniúchóireachta inmheánaigh: (viii) seirbhísí a bhaineann le bróicéirí nó
déileálaithe, le comhairleoirí infheistíochta, nó le baincéireacht
infheistíochta; (b) seirbhísí faoi deara coinbhleacht leasa : (i) human resources
services, including recruiting senior management; seirbhísí acmhainní daonna,
lena n‑áirítear baill foirne den bhainistíocht shinsearach a earcú; (ii) litreacha suaimhnis a
sholáthar d’infheisteoirí i gcomhthéacs eisiúint urrúis idirbhirt; (iii) córais faisnéise teicneolaíochta d'eintitis
leasa phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 2(13)(a)de Threoir 2006/43/CE
a cheapadh agus a chur chun feidhme; (iv) seirbhísí díchill chuí don díoltóir nó taobh
an cheannaigh de chumaisc agus eadálacha ionchasacha agus dearbhú a sholáthar
ar an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air do pháirtithe eile ag idirbheart
corparáideach nó airgeadais; De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an dara
fomhír, féadfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta
na seirbhísí atá luaite i bpointe (b)(iii) agus (iv) a sholáthar, faoi réir
réamhcheadú an údaráis inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1). De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an dara
fomhír, féadfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta
na seirbhísí atá luaite i bpointe (b)(i) agus (ii) a sholáthar, faoi réir
réamhcheadú an choiste iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 31 den
Rialachán seo. 4. Nuair a dhéanann comhalta den
líonra lena mbaineann an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht
iniúchóireachta atá ag déanamh iniúchóireachta reachtúla ar eintiteas leasa
phoiblí seirbhísí nach seirbhísí iniúchóireachta iad a sholáthar do ghnóthas
incorpraithe i dtríú tír arna rialú ag an eintiteas leasa phoiblí a ndéantar
iniúchóireacht air, déanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht
iniúchóireachta lena mbaineann measúnú an gcuirfeadh soláthar seirbhísí dá
leithéid ag comhalta den líonra as dá neamhspleáchas. Má chuirtear isteach ar a neamhspleáchas, cuirfidh
an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta coimircí i
bhfeidhm chun na bagairtí a d’éirigh ó sholáthar seirbhísí dá leithéid i dtríú
tír a mhaolú. Ní fhéadfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht
iniúchóireachta leanúint leis an iniúchóireacht reachtúil a bhí á déanamh ar an
eintiteas leasa phoiblí ach amháin más féidir leis nó léi a fhírinniú, de réir Airteagal 11,
nach gcuireann an soláthar seirbhísí sin isteach ar a b(h)reithiúnas gairmiúil
agus ar an tuarascáil iniúchóireachta. Breithneofar rannpháirteacht i gcinnteoireacht an
eintitis a ndéantar iniúchóireacht air agus soláthar na seirbhísí dá
dtagraítear i bpointí (ii) agus (iii) de mhír 3(a) mar chur isteach ar an
neamhspleáchas i ngach cás. Féadefar a mheas go gcuireann soláthar na seirbhísí
dá dtagraítear i bpointe (i) agus i bpointe (iv) go (viii) de mhír 3(a),
isteach ar an neamhspleáchas sin. Féadfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an
gnólacht iniúchóireachta dul i gcomhairle leis an údarás inniúil le tuairim a
fháil ar an saincheist seo. 5. I gcás go ngineann gnólacht
iniúchóireachta níos mó ná aon trian dá ioncam iniúchóireachta bliantúil ó
eintitis leasa phoiblí mhóra agus go mbaineann sé le líonra a bhfuil comhioncam
iniúchóireachta bliantúil ag a gcomhaltaí ar mó ná EUR 1 500 milliún
laistigh den Aontas Eorpach, comhlíonfaidh sé na coinníollacha seo a leanas: (a) ní sholáthróidh sé go díreach nó go hindíreach
seirbhísí nach seirbhísí iniúchóireachta iad d’aon eintiteas leasa phoiblí; (b) ní bhainfidh sé le líonra a sholáthraíonn
seirbhísí nach seirbhísí iniúchóireachta iad laistigh den Aontas; (c) ní shealbhóidh aon eintiteas a
sholáthraíonn na seirbhísí atá liostaithe i mír 3, go díreach nó go hindíreach,
breis agus 5 % den chaipiteal nó de na cearta vótála sa ghnólacht
iniúchóireachta; (d) na heintitis a sholáthraíonn na seirbhísí
atá liostaithe i mír 3, ní shealbhóidh siad i dteannta a chéile go díreach ná
go hindíreach níos mó ná 10 % de chaipiteal ná de chearta vótála an
ghnólachta iniúchóireachta; (e) ní shealbhóidh an gnólacht
iniúchóireachta sin go díreach nó go hindíreach breis agus 5 % den
chaipiteal nó de na cearta vótála in aon eintiteas a sholáthraíonn na seirbhísí
atá liostaithe i mír 3. 6. Beidh de chumhacht ag an
gCoimisiún gníomhartha tarmligthe de réir Airteagal 68 a ghlacadh d’fhonn
an liosta seirbhísí iniúchóireachta airgeadais gaolmhara dá dtagraítear i mír 2
agus liosta na seirbhísí neamh‑iniúchóireachta dá dtagraítear i mír 3 den
Airteagal eo a oiriúnú. Agus cumhachtaí dá leithéid á n‑úsáid,
cuirfidh an Coimisiún forbairtí san iniúchóireacht agus i ngairm na
hiniúchóireachta san áireamh. Airteagal 11 Ullmhú don iniúchóireacht reachtúil agus
measúnú ar bhagairtí ar an neamhspleáchas 1. Roimh ghlacadh nó leanúint le
fostaíocht d’iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí, déanfaidh
iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta an méid seo a leanas a mheasúnú
agus a dhoiciméadú: –
an gcomhlíonannn sé nó sí ceanglais eagraíochtúla
inmheánacha Airteagal 6; –
an gcomhlíonann sé nó sí ceanglais Airteagail 7, 9
agus 10; –
an bhfuil na fostaithe inniúla, an t‑am agus
na hacmhainní aige nó aici an iniúchóireacht a dhéanamh ar bhealach iomchuí; –
i gcás gnólachta iniúchóireachta, an bhfuil an
príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta formheasta mar iniúchóir reachtúil sa
Bhallstát a dteastaíonn an iniúchóireacht reachtúil uathu; –
an gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 33; –
gan dochar do Threoir 2005/60//CE, sláine an
eintitis leasa phoiblí. 2. Measúnóidh an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta an bhfuil bagairtí ann dá
neamhspleáchas nó nach bhfuil. Ní dhéanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an
gnólacht iniúchóireachta iniúchóireacht reachtúil má tá aon chaidreamh
airgeadais, gnó, fostaíochta nó eile, díreach nó indíreach, idir an t‑iniúchóir
reachtúil, an gnólacht iniúchóireachta, nó líonra agus an t‑eintiteas a
ndéantar iniúchóireacht air a bhféadfadh tríú páirtí eolasach, réasúnta agus
oibiachtúil a bhaint de thátal as gur imríodh tionchar ar neamhspleáchas an
iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta. Má chuireann bagairtí féin‑athbhreithnithe
nó féinleasa isteach ar neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta
iniúchóireachta, ní dhéanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó gnólacht
iniúchóireachta an iniúchóireacht reachtúil. Má chuireann bagairtí abhcóideachta, róchaidrimh
nó iontaoibhe nó imeaglaithe as do neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil nó an
ghnólachta iniúchóireachta, cuirfidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an
gnólacht iniúchóireachta coimircí i bhfeidhm leis na bagairtí sin a mhaolú. Má
tá brí na mbagairtí i gcomparáid leis na coimircí a chuirtear i bhfeidhm de
chineál go n‑imrítear tionchar ar a neamhspleáchas, ní dhéanfaidh an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta an iniúchóireacht reachtúil. 3. Coinneoidh iniúchóir
reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta taifid ar na measúnaithe dá dtagraítear i
míreanna 1 agus 2 agus déanfaidh doiciméadacht sna páipéirí oibre
iniúchóireachta ar gach bagairt shuntasach ar a neamhspleáchas mar aon leis na
coimircí a cuireadh i bhfeidhm leis na bagairtí sin a mhaolú. 4 Déanfaidh iniúchóir reachtúil
nó gnólacht iniúchóireachta: (a) dearbhú bliantúil i scríbhinn a thabhairt
don choiste iniúchóireachta ar a neamhspleáchas ón eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air; (b) dearbhú bliantúil i scríbhinn a thabhairt
don choiste iniúchóireachta ar ainmneacha na gcomhpháirtithe iniúchóireachta,
bainisteoir sinsearach agus bainisteoir na croí-foirne a dhéanann an
iniúchóireacht reachtúil, ag deimhniú nach bhfuil aon choinbhleactaí leasa ann;
(c) cead a iarraidh ón gcoiste
iniúchóireachta an tseirbhís nach seirbhís iniúchóireachta í dá dtagraítear in Airteagal 10(3)(b)(i)
agus (ii) a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air; (d) cead a iarraidh ón údarás inniúil dá
dtagraítear in Airteagal 36(1) na seirbhísí nach seirbhísí iniúchóireachta
iad dá dtagraítear in Airteagal 10(3)(b)(iiii) a sholáthar don eintiteas a
ndéantar iniúchóireacht air (e) na bagairtí ar a neamhspleáchas agus na
coimircí a cuireadh i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú, mar atá
doiciméadaithe acu de bhun mír 3, a phlé leis an gcoiste iniúchóireachta. I gcás go bhfuil díolúine ag an eintiteas a
ndéantar iniúchóireacht air ón oibleagáid coiste iniúchóireachta a bheith aige,
cinnfidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air cén comhlacht nó
orgán den eintiteas a chomhlíonfaidh na feidhmeanna a sannadh don choiste
iniúchóireachta sa mhír seo. CAIBIDIL II RÚNDACHT AGUS RÚNDACHT GHAIRMIÚIL Airteagal 12 Rúndacht agus rúndacht ghairmiúil Ní dhéanfaidh iniúchóirí reachtúla nó
gnólachtaí iniúchóireachta, lena n‑áirítear iad siúd nach bhfuil ag
gabháil a thuilleadh do shannadh iniúchóireachta áirithe agus iar-iniúchóirí
reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta, na rialacha ar rúndacht agus ar
rúndacht ghairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 23(1) de Threoir 2006/43/CE
a agairt chun feidhmiú forálacha an Rialacháin seo a chosc. Airteagal 13 Nochtadh d’iniúchóirí tríú tíre agus
d’údaráis tríú tíre 1. I gcás go ndéanann iniúchóir
reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta iniúchóireacht ar eintiteas leasa phoiblí
ar chuid de ghrúpa gnóthas é a bhfuil a mháthairghnóthas lonnaithe i dtríú tír,
ní chuirfidh na rialacha rúndachta agus rúndachta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 23(1)
de Threoir 2006/43/CE bac ar aistriú ón iniúchóir reachtúil nó ón
ngnólacht iniúchóireachta, de dhoiciméadú iomchuí den obair iniúchóireachta a
rinneadh don ghrúp-iniúchóir lonnaithe i dtríú tír má tá an doiciméadacht sin
riachtanach go heisiach d’ullmhú na hiniúchóireachta ar ráitis airgeadais
chomhdhlúite an mháthairghnóthais. Ní mór d’aistriú faisnéise don ghrúp-iniúchóir
lonnaithe i dtríú tír Caibidil IV de Threoir 95/46/CE agus na
rialacha náisiúnta is infheidhme ar chosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh. 2. Ní fhéadfaidh iniúchóir
reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht reachtúil ar
eintiteas leasa phoiblí a d’eisigh urrúis i dtríú tír nó ar chuid de ghrúpa é a
eisíonn ráitis airgeadais chomhdhlúite reachtúla i dtríú tír, na páipéir oibre
iniúchóireachta nó doiciméid eile bainteach le hiniúchóireacht an eintitis sin
a shealbhaíonn sé/sí, a aistriú chuig na húdaráis inniúla sna tríú tíortha
iomchuí faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 47 de Threoir 2006/43/CE. CAIBIDIL III FEIDHMIÚ NA HINIÚCHÓIREACHTA REACHTÚLA Airteagal 14 Raon feidhme na hiniúchóireachta reachtúla 1. Agus iniúchóireacht reachtúil
á déanamh ar eintiteas leasa phoiblí, déanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil
nó an gnólacht iniúchóireachta na bearta is gá d’fhonn tuairim a bheith acu
faoi an dtugann ráitis airgeadais chomhdhlúite nó bliantúla an eintitis leasa
phoiblí dearcadh cothrom agus cóir de réir an chreat tuairiscithe airgeadais
iomchuí agus, nuair is cuí, cibé an gcomhlíonann na ráitis airgeadais
chomhdhlúite nó bhliantúla na ceanglais reachtúla dá dtagraítear in Airteagal 22.
Áireofar ar na bearta sin ceann amháin ar a laghad
de na ceanglais atá leagtha síos in Airteagail 15 go 20. Léireofar tuairim an iniúchóra reachtúil nó an
ghnólachta iniúchóireachta de réir Airteagail 21 go 25. 2. Gan dochar do na ceanglais
tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagail 22 agus 23, ní áireofar i raon
feidhme na hiniúchóireachta reachtúla an dearbhú ar inmharthanacht an eintitis
a ndéantar iniúchóireacht air, sa todhchaí, ná ar an éifeachtacht nó ar an
éifeachtúlacht lenar sheol nó lena sheolfaidh an bhainistíocht nó an comhlacht
riaracháin gnóthaí an eintitis. Airteagal 15 Sceipteachas gairmiúil Agus an iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas
leasa phoiblí á dhéanamh, cothóidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an
gnólacht iniúchóireachta sceipteachas gairmiúil le linn na hiniúchóireachta, an
féidearthacht á sainaithint go bhféadfadh míráiteas ábhartha a bheith ann, ag
éirí as fíricí nó iompar a léiríonn mírialtachtaí, lena n‑áirítear
calaois nó earráid, d’ainneoin taithí an iniúchóra nó an ghnólachta san am atá
caite ar fhírinne agus ar ionracas bhainistíocht an eintitis a ndéantar
iniúchóireacht air agus na ndaoine a bhfuil cúram a rialachais leagtha orthu. Cothóidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an
gnólacht iniúchóireachta sceipteachas gairmiúil go háirithe agus athbhreithniú
á dhéanamh ar mheastacháin bhainistíochta a bhaineann le luachanna cothroime
agus lagú cáilmheasa and le sreabhadh airgid todhchaí agus soláimhsithe eile
bainteach le breithniú an ghnóthais leantaigh. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn
‘sceipteachas gairmiúil’ dearcadh lena n‑áirítear intinn a cheisteodh
cúrsaí, a bheith san airdeall ar choinníollacha a d’fhéadfadh míráiteas
ionchasach a léiriú ag éirí as caolaois nó earráid, agus measúnú criticiúil ar
fhianaise iniúchóireachta. Airteagal 16 Eagrúchán na hoibre 1. I gcás gur gnólacht
iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa
phoiblí, ainmneoidh an gnólacht iniúchóireachta sin príomh‑chomhpháirtí
iniúchóireachta amháin ar a laghad. Cuirfidh an gnólacht iniúchóireachta
acmhainní leordhóthanacha ar fáil don chomhpháirtí (do na comhpháirtithe)
iniúchóireachta ainmnithe, lena (n)dualgais a dhéanamh go cuí. Cáilíocht iniúchóireachta, neamhspleáchas agus
inniúlacht a áirithiú a bheidh mar phríomhchritéir ag an ngnólacht
iniúchóireachta chun an príomh‑chomhpháirtí/na príomh‑chomhpháirtithe
iniúchóireachta atá le hainmniú a roghnú. Beidh an comhpháirtí (na comhpháirtithe) ainmnithe
bainteach go gníomhach le déanamh na hiniúchóireachta reachtúla. 2. Sa chás go ndéanann iniúchóir
reachtúil an iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí, caithfidh sé
nó sí go leor ama leis an bhfostaíocht agus sannfaidh go leor acmhainní i measc
a f(h)ostaithe chun a d(h)ualgais a chomhlíonadh go cuí, 3. Coinneoidh an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta taifid de na cásanna nuair nach n‑urramaíonn
a bhfostaithe an Rialachán seo. Coinneoidh siad taifid freisin ar aon iarmhairt
de thoradh air sin lena n‑áirítear na bearta a rinneadh i leith na
bhfostaithe sin agus na bearta a rinneadh chun an córas rialaithe cáilíochta
inmheánach a mhodhnú. Ullmhóidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an comhlacht
iniúchóireachta tuarascáil bhliantúil le forléargas ar aon bhearta dá leithéid
a rinneadh agus é sin a chur in iúl do na fostaithe. Nuair a lorgaíonn an t‑iniúchóir reachtúil
nó an gnólacht iniúchóireachta comhairle ó shaineolaithe seachtracha, déanfaidh
sé nó sí an t‑iarratas a rinneadh agus an chomhairle a fuarthas a
dhoiciméadú. 4. Coinneoidh iniúchóir
reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta taifead de chuntas cliaint. Áireofar na
sonraí seo a leanas do gach cliant iniúchóireachta sa taifead sin: (a) ainm, seoladh agus láthair an ghnó; (b) i gcás gnólachta iniúchóireachta, na
príomh‑chomhpháirtithe (an príomh‑chomhpháirtí) iniúchóireachta; (c) na táillí a gearradh ar an iniúchóireacht
reachtúil agus na táillí a gearradh ar sheirbhísí eile in aon bhliain
airgeadais. 5. Cruthóidh iniúchóir reachtúil
nó gnólacht iniúchóireachta comhad iniúchóireachta do gach iniúchóireacht
reachtúil a dhéantar. Beidh na sonraí agus na doiciméid seo a leanas ar a
laghad sa chomhad iniúchóireachta, i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach: (a) an conradh idir an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta agus an t‑eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air, agus aon leasuithe a ghabhann leis; (b) an comhfhreagras leis an eintiteas a
ndéantar iniúchóireacht air a bhaineann leis an iniúchóireacht reachtúil; (c) plean iniúchóireachta a leagan amach raon
feidhme agus modh dóchúil na hiniúchóireachta reachtúla; (d) cur síos ar nádúr agus ar mhéid na
ngníomhaíochtaí iniúchóireachta a rinneadh; (e) dátaí tosaithe agus críochnaithe na
gcéimeanna de nósanna imeachta na hiniúchóireachta a leagadh amach sa phlean
iniúchóireachta; (f) príomhchinntí na nósanna imeachta
iniúchóireachta a rinneadh; (g) na tátail a baineadh as na cinntí dá
dtagraítear faoi phointe (f); (h) tuairim an iniúchóra reachtúil nó an
phríomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta arna bhfianú trí na dréachtanna de
na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagail 22 agus 23; (i) na sonraí a taifeadadh de bhun Airteagal 11(3),
Airteagal 16(3), Airteagail 17 agus 18 agus 19(6); (j) sonraí agus doiciméid ábhartha eile a
bhfuil tábhacht leo mar thaca leis na tuarascálacha dá dtagraítear in
Airteagail 22 agus 23 agus d’fhaireachán comhlíontachta an Rialacháin seo agus
ceanglais dlíthiúla infheidhmithe eile. Dúnfar an comhad iniúchóireachta tráth nach déanaí
ná dhá mhí tar éis dáta na tuarascála iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 22
a shíniú. 6. Coinneoidh an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta taifid d’aon ghearáin faoi
fheidhmíocht na hiniúchóireachta reachtúla. Airteagal 17 Sláine an mhargaidh 1. I gcás ina dtarlaíonn
teagmhais a raibh nó a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aige do
shláine ghníomhaíochtaí iniúchóireachta reachtúla iniúchóra reachtúil nó
gnólacht iniúchóireachta, déanfaidh iniúchóir reachtúil nó an gnólacht
iniúchóireachta seo a leanas: (a) taifead an teagmhais a choinneáil; (b) bearta iomchuí a dhéanamh d’fhonn
iarmhairtí an teagmhais a bhainistiú agus aon atarlú a chosc; (c) an t‑údarás inniúil dá dtagraítear
in Airteagal 35(1) a chur ar an eolas faoin teagmhas. Áireofar sa taifead dá dtagraítear i
bpointe (a) den chéad fhomhír fíorais agus tosca an teagmhais, eolas faoin
duine nó na daoine a bhí bainteach leis agus mionsonraí na mbeart a rinneadh de
bhun pointe (b) den fhomhír sin. 2. Gan dochar do Threoir 2005/60/CE,
i gcás go mbíonn amhras ar iniúchóir reachtúil nó ar ghnólacht iniúchóireachta
a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí, nó go mbíonn
forais réasúnacha aige a bheith in amhras faoi fhíorais nó iompar a léiríonn
neamhrialtachtaí, lena n‑áirítear calaois maidir le ráitis airgeadais an
eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, a bheith á ndéanamh nó gur féachadh
lena ndéanamh, cuirfidh sé nó sí in iúl don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht
air agus iarrfar air an cás a fhiosrú agus bearta iomchuí a dhéanamh chun
déileáil le neamhrialtachtaí dá leithéid agus chun atarlú neamhrialtachtaí dá
leithéid a chosc sa todhchaí. I gcás nach bhfiosraíonn an t‑eintiteas a
ndéantar iniúchóireacht air an cás nó nach ndéanann sé bearta ar bith, nó sa
chás go gcreideann an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht
iniúchóireachta nach leor na bearta a rinne an t‑eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air chun déileáil le neamhrialtachtaí dá leithéid, cuirfidh an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta na húdaráis inniúla a dhéanann
maoirseacht ar eintitis leasa phoiblí ar an eolas faoi na neamhrialtachtaí sin.
Ní sárú an nochtadh faisnéise de mheon macánta do
na húdaráis inniúla ag an iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta,
d’aon fhíoras dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar shrianta dlíthúla nó
conarthaigh ar nochtadh faisnéise agus ní ghabhfaidh dliteanais de chineál ar
bith leis na daoine sin. Airteagal 18 Iniúchóireacht ráiteas airgeadais
comhdhlúite 1 I gcás iniúchóireachta
reachtúla na ráiteas airgeadais comhdhlúite de ghrúpa gnóthas nuair is
eintiteas leasa phoiblí an máthairghnóthas, déanfaidh an grúp-iniúchóir seo a
leanas: (a) freagracht iomlán a ghlacadh don
tuarascáil iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 22 agus don
tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 23
maidir leis na ráitis airgeadais chomhdhlúite; (b) pé obair iniúchóireachta a dhéanann iniúchóirí
tríú tíre, iniúchóir reachtúil (iniúchóirí reachtúla), eintiteas(is) nó
gnólacht(aí) iniúchóireachta tríú tíre a dhoiciméadú chun críocha na
grúp-iniúchóireachta; (c) athbhreithniú a dhéanamh agus
doiciméadacht a choinneáil ar a (h)athbhreithniú ar an obair iniúchóireachta a
rinne iniúchóir(í) tríú tíre, iniúchóir reachtúil (iniúchóirí reachtúla),
eintiteas(is) iniúchóireachta nó gnólacht(aí) iniúchóireachta tríú tíre chun
críocha na grúp-iniúchóireachta. Cuirfidh an doiciméadacht a choinníonn an
grúpiniúchóir ar chumas an údaráis inniúil iomchuí obair an ghrúp-iniúchóra a
athbhreithniú mar is ceart. Chun críocha pointe (c) den chéad fhomhír,
áiritheoidh an grúp-iniúchóir comhaontú iniúchóir(í) tríú tíre, iniúchóra
reachtúil (iniúchóirí reachtúla), eintiteas(is) iniúchóireachta nó gnólacht(aí)
iniúchóireachta tríú tíre d’aistriú doiciméadachta iomchuí le linn stiúradh na
hiniúchóireachta ar ráitis airgeadais chomhdhlúite, mar choinníoll d’iontaoibh
an ghrúpiniúchóra as obair iniúchóir(í) na tríú tíre sin, iniúchóir reachtúil
(iniúchóirí reachtúla), eintiteas(is) iniúchóireachta nó gnólacht(aí)
iniúchóireachta tríú tíre. 2. I gcás nach bhfuil an
grúp-iniúchóir in ann pointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 a chomhlíonadh,
glacfaidh sé nó sí na bearta cuí agus cuirfidh sé sin in iúl don údarás inniúil
dá dtagraítear in Airteagal 35(1) dá réir. D’fhéadfadh go n‑áireofaí ar na bearta sin obair
iniúchóireachta reachtúil bhreise a dhéanamh, go díreach nó trí sheachfhoinsiú
cúraimí dá leithéid, sa bhfochuideachta iomchuí den eintiteas leasa phoiblí. 3. I gcás go mbíonn an
grúpiniúchóir faoi réir ag athbhreithniú dearbhú cáilíochta nó imscrúdaithe
maidir le hiniúchóireacht reachtúil ráiteas airgeadais comhdhlúite de ghrúpa
gnóthas nuair is eintiteas leasa phoiblí an máthairghnóthas, cuirfidh an
grúpiniúchóir an doiciméadacht iomchuí ar fáil don údarás inniúil, nuair a
iarrtar é, a choinníonn sé nó sí bainteach leis an obair iniúchóireachta a
dhéanann iniúchóir(í) tríú tíre, iniúchóir reachtúil (iniúchóirí reachtúla),
eintiteas(is) iniúchóireachta nó gnólacht(aí) iniúchóireachta tríú tíre chun
críocha na grúpiniúchóireachta, lena n‑áiritear páipéir oibre is iomchuí
don ghrúpiniúchóireacht. Iarrfaidh an t‑údarás inniúil doiciméadacht
bhreise ar an obair iniúchóireachta a rinne an t‑iniúchóir reachtúil (na
hiniúchóirí reachtúla) nó gnólacht(aí) iniúchóireachta chun críocha na
grúpiniúchóireachta do na húdaráis inniúla iomchuí de bhun Caibidil III de
Theideal IV den Rialachán seo. I gcás go ndéanann iniúchóir(í) nó eintiteas(is)
iniúchóireachta ó thríú tír iniúchóireacht ar chomhpháirt de ghrúpghnóthais,
iarrfaidh an t‑údarás inniúil doiciméadacht bhreise ar an obair
iniúchóireachta a rinne iniúchóir(í) tríú tíre nó eintiteas(is) iniúchóireachta
tríú tíre do na húdaráis inniúla iomchuí ó thríú tíortha trí na socruithe oibre
dá dtagraítear in Airteagal 47 de Threoir 2006/43/CE. De mhaolú ar an tríú fomhír, nuair a dhéanann
iniúchóir(í) nó eintiteas(is) iniúchóireachta ó thríu tír nach bhfuil aon
socruithe oibre acu dá dtagraítear in Airteagal 47 de Threoir 2006/43/CE
ar chomhpháirt de ghrúpa gnóthas, beidh an grúpiniúchóir, nuair a iarrfar air
é, freagrach as a áirithiú go seachadtar i gceart an doiciméadacht bhreise den
obair iniúchóireachta a rinne iniúchóir(í) nó eintiteas(is) tríú tíre, lena n‑áirítear
na páipéir oibre is iomchuí don ghrúpiniúchóireacht. Chun an seachadadh sin a
áirithiú, coinneoidh an grúpiniúchoir cóip den doiciméadacht sin, nó ina
mhalairt de chás, tiocfaidh sé ar shocrú le hiniúchóir(í) nó eintiteas(is)
iniúchóireachta tríú tíre, maidir le rochtain neamhshrianta ar é a iarraidh, nó
aon ghníomh iomchuí eile a ghlacadh. I gcás nach féidir páipéir oibre
iniúchóireachta a aistriú ó thríú tír go dtí an grúpiniúchóir, ar bhonn dlithiúil
nó eile, áireofar sa doiciméadacht a choinníonn an grúpiniúchóir fianaise go
bhfuil sé nó sí tar éis dul i mbun na nósanna imeachta cuí chun rochtain a
fháil ar an doiciméadacht iniúchóireachta, agus i gcás bac seachas cinn
dlíthiúla ag éirí as reachtaíocht na tríú tíre, fianaise a thacaíonn leis an
mbac sin. Airteagal 19 Athbhreithniú rialaithe cáilíochta
inmheánach 1. Sula n‑eisítear na
tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagail 22 agus 23, ba cheart athbhreithniú
rialaithe cáilíochta inmheánach a dhéanamh chun a mheas cibé an bhféadfadh an t‑iniúchóir
reachtúil nó an príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta a bheith tagtha le
réasún ar an tuairim agus na cinntí a áiríodh i ndréacht na dtuarascálacha seo. 2. Déanfaidh athbhreithnitheoir
rialaithe cáilíochta inmheánach an t‑athbhreithniú rialaithe cáilíochta
inmheánach. Is iniúchóir reachtúil a bheidh san athbhreithnitheoir nach bhfuil
bainteach le feidhmíocht na hiniúchóireachta reachtúla lena mbaineann an t‑athbhreithniú
cáilíochta inmheánach. 3. Agus athbhreithniú á dhéanamh
ar an rialú cáilíochta inmheánach, déanfaidh an t‑athbhreithnitheoir an
méid seo a leanas ar a laghad a thaifeadadh: (a) an fhaisnéis scríofa agus ó bhéal a chuir
an t‑iniúchóir reachtúil nó an príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta
ar fáil chun tacú le príomhchinntí na nósanna imeachta iniúchóireachta a
rinneadh agus na tátail a baineadh as na cinntí sin, cibé an ar iarratas ón
athbhreithnitheoir rialaithe cáilíochta inmheánach nó nach ea; (b) na ráitis airgeadais a ndéantar iniúchóireacht
orthu; (c) príomhchinntí na nósanna imeachta
iniúchóireachta a rinneadh agus na tátail a baineadh as na cinntí sin; (d) tuairimí an iniúchóra reachtúil nó an
phríomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta mar a léiríodh i ndréacht na
dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagail 22 agus 23; 4. Déanfaidh an t‑athbhreithniú
rialaithe cáilíochta inmheánach measúnú ar na gnéithe seo a leanas ar a laghad:
(a) neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil nó
an ghnólachta iniúchóireachta ón eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air; (b) na rioscaí suntasacha a shainaithin an t‑iniúchóir
reachtúil nó an príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta le linn déanamh na
hiniúchóireachta reachtúla agus na bearta atá déanta aige nó aici chun na
rioscaí sin a bhainistiú go leordhóthanach; (c) réasúnaíocht an iniúchóra reachtúil nó an
phríomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta, go háirithe maidir leis an
ábharthacht agus leis na rioscaí suntasacha dá dtagraítear i bpointe (b); (d) aon iarratas ar chomhairle ó
shaineolaithe seachtracha agus feidhmiú na comhairle sin; (e) nádúr agus raon feidhme na míráiteas
ceartaithe agus gan a bheith ceartaithe sna ráitis airgeadais a sainaithníodh
le linn déanamh an iniúchóireachta; (f) na hábhair a pléadh leis an gcoiste
iniúchóireachta agus le bainistíocht agus/nó comhlachtaí maoirseachta an
eintitis a ndéantar iniúchóireacht air; (g) na hábhair a pléadh le húdaráis inniúla
agus, más infheidhme, le tríú páirtithe eile; (h) cibé an léiríonn na doiciméid agus an
fhaisnéis a roghnaíodh ón gcomhad na seasaimh a thóg na fostaithe a bhí
páirteach san iniúchóireacht go sásúil, agus cibé an dtacaíonn na doiciméid
agus an fhaisnéis sin le tuairim an iniúchóra reachtúil nó príomh‑chomhpháirtí
mar a léirítear é i ndréacht na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagail 22
agus 23. 5. Pléifidh an t‑athbhreithnitheoir
rialaithe cáilíochta inmheánach torthaí an athbhreithnithe rialaithe cáilíochta
inmheánaigh leis an iniúchóir reachtúil nó leis an bpríomh‑chomhpháirtí
iniúchóireachta. Cinnfidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht
iniúchóireachta an nós imeachta a leanfar nuair nach n‑aontaíonn an t‑athbhreithnitheoir
agus an t‑iniúchóir reachtúil nó an príomh‑chomhpháirtí
iniúchóireachta faoi thorthaí an athbhreithnithe. 6. Coinneoidh an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta taifead de thorthaí an athbhreithnithe
rialaithe cáilíochta inmheánaigh, in éineacht le bunbhreithniú na dtorthaí sin.
Airteagal 20 Úsáid caighdeán idirnáisiúnta ar
iniúchóireacht Comhlíonfaidh an t‑iniúchóir reachtúil
(na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht (na gnólachtaí) iniúchóireachta na
caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 26 de
Threoir 2006/43/CE agus iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa
phoiblí á dhéanamh, chomh fada agus a thagann na caighdeáin sin le ceanglais an
Rialacháin seo. CAIBIDIL IV TUAIRISCIÚ INIÚCHÓIREACHTA Airteagal 21 Torthaí na hiniúchóireachta reachtúla Cuirfidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an
gnólacht iniúchóireachta torthaí na hiniúchóireachta reachtúla i láthair sna
tuarascálacha seo a leanas: –
tuarascáil iniúchóireachta de réir Airteagal 22; –
tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta de
réir Airteagal 23. Cuirfidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an
gnólacht iniúchóireachta torthaí na hiniúchóireachta reachtúla i láthair an
choiste iniúchóireachta de réir Airteagal 24 agus maoirseoirí eintiteas
leasa phoiblí de réir Airteagal 25. Airteagal 22 Tuarascáil Iniúchóireachta 1. Cuirfidh an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta torthaí na hiniúchóireachta reachtúla
ar an eintiteas leasa phoiblí i láthair i dtuarascáil iniúchóireachta. 2. Beidh an tuarascáil
iniúchóireachta i scríbhinn. Ba chóir di ar a laghad: (a) an t‑eintiteas a bhfuil
iniúchóireacht déanta ar a ráitis airgeadais chomhdhlúite nó bhliantúla a shainaithint;
(b) na ráitis airgeadais chomhdhlúite nó
bhliantúla a shonrú mar aon leis an dáta agus an tréimhse a chlúdaíonn siad; (c) i gcás go bhfuil athbhreithniú déanta ar
thuarascálacha breise, raon feidhme an athbhreithnithe sin a mhíniú; (d) an comhlacht laistigh den eintiteas a
ndéantar iniúchóireacht air a cheap an t‑iniúchóir reachtúil (na
hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht (na gnólachtaí) iniúchóireachta a
shainaithint; (e) dáta an cheapacháin agus an tréimhse
fostaíochta neamhbhriste iomlán lena n‑áirítear athnuachan agus
athcheapacháin roimhe seo a shonrú; (f) tabhairt le fios go ndearnadh an
iniúchóireacht reachtúil i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le
hiniúchóireacht dá dtagraítear in Airteagal 20; (g) an creat tuairiscithe airgeadais a
feidhmíodh in ullmhú na ráiteas airgeadais a shainaithint; (h) cur síos a dhéanamh ar an modheolaíocht a
úsáideadh, lena n‑áiritear cé mhéid den chlár comhardaithe a fíoraíodh go
díreach agus cé mhéid atá bunaithe ar thástáil chomhlíontachta agus córais; (i) aon éagsúlacht in ualú tástála
comhlíontachta agus substaintí agus é á chur i gcomparáid leis an mbliain
roimhe a mhíniú, fiú má rinne iniúchóir reachtúil (iniúchóirí reachtúla) nó
gnólacht(aí) iniúchóireachta eile iniúchóireacht reachtúil na bliana roimhe; (j) mionsonraí an leibhéil ábharthachta a
feidhmíodh leis an iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh a leagan amach; (k) príomhréimsí riosca miráitis ábhartha na
ráiteas airgeadais comhdhlúite nó bliantúla a shainaithint, lena n‑áirítear
meastacháin chuntasaíochta chriticiúla nó réimsí neamhchinnteachta tomhais; (l) ráiteas a sholáthar ar staid an eintitis
a bhfuil iniúchóireacht déanta air, nó i gcás iniúchóireachta reachtúla ar
ráitis airgeadais chomhdhlúite, an mháthairghnóthais agus an ghrúpa, go
háirithe measúnú ar chumas an eintitis nó an mháthairghnóthais agus an ghrúpa
freastal ar a (n)oibleagáidí sa todhchaí is intuartha agus leanúint orthu mar
sin mar ghnóthas leantach; (m) córas rialaithe an eintitis, nó i gcás
ráiteas airgeadais comhdhlúite, an mháthairghnóthais a mheasúnú, lena n‑áirítear
easnaimh rialaithe inmheánacha shuntasacha a aithníodh le linn na
hiniúchóireachta reachtúla, mar aon leis an gcóras cuntasaíochta agus
leabharchoimeádta; (n) míniú a thabhairt ar a mhéid ar ceapadh
an iniúchóireacht reachtúil chun neamhrialtachtaí, lena n‑áirítear
calaois, a bhrath; (o) aon sárú ar rialacha cuntasaíochta nó
sárú dlíthe nó na n‑Airteagal ar chorprú, cinntí beartais
cuntasaíochta agus nithe eile a bhfuil suntas ag baint leo do rialachas an
eintitis a shonrú agus a mhíniú; (p) deimhniú go bhfuil an tuairim
iniúchóireachta i gcomhréir leis an tuarascáil bhreise don choiste
iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 23; (q) dearbhú nár soláthraíodh na seirbhísí
neamh‑iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 10(3) agus go
raibh an t‑iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht
(na gnólachtaí) iniúchóireachta neamhspleách go hiomlán i gcónaí agus an
iniúchóireacht á déanamh. I gcás gur gnólacht iniúchóireachta a rinne an
iniúchóireacht reachtúil, sainaithneoidh an tuarascáil gach comhalta den
fhoireann fostaíochta iniúchóireachta agus deimhneoidh go raibh na comhaltaí go
léir neamhspleách go hiomlán i gcónaí and nach raibh leas díreach nó indíreach
acu san eintiteas a bhfuil iniúchóireacht déanta air; (r) na seirbhísí nach seirbhísí
iniúchóireachta í dá dtagraítear in Airteagal 10(3)(b)(i) agus (ii) agus a
cheadaigh an coiste iniúchóireachta don iniúchóir reachtúil nó don ghnólacht
iniúchóireachta a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireachta air a lua; (s) na seirbhísí nach seirbhísí
iniúchóireachta í dá dtagraítear in Airteagal10(3)(b)(iii) agus a cheadaigh an t‑údarás
inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1) don iniúchóir reachtúil nó don
ghnólacht iniúchóireachta a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireachta
air a lua; (t) tuairim a thabhairt a dheimhneoidh go
soiléir tuairim an iniúchóra reachtúil (na n‑iniúchóirí reachtúla) nó an
gnólacht (na gnólachtaí) iniúchóireachta cibé acu an dtugann na ráitis
airgeadais chomhdhlúite nó bhliantúla dearcadh fíor agus cothrom agus ar
ullmhaíodh iad de réir an chreat tuairiscithe airgeadais iomchuí, agus, nuair
is iomchuí, cibé an gcomhlíonann na ráitis airgeadais chomhdhlúite nó
bhliantúla na ceanglais reachtúla; is tuairim neamhcháilithe, cháilithe,
tuairim chodarsnach nó mura féidir leis an iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí
reachtúla) nó an gnólacht (na gnólachtaí) iniúchóireachta tuairim
iniúchóireachta a thabhairt, séanadh tuairime a bheidh sa tuairim
iniúchóireachta. I gcás tuairime cáilithe nó tuairime codarsnaí nó séanadh
tuairime, míneoidh an tuarascáil na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin; (u) tagairt do chúrsaí ar bith a
dtarraingíonn an t‑iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an
gnólacht (na gnólachtaí) iniúchóireachta aird orthu trí bhéim a chur orthu gan
an tuairim iniúchóireachta a cháiliú; (v) tuairim a thabhairt maidir le
comhsheasmhacht nó eile na tuarascála bliantúla leis na ráitis airgeadais
bhliantúla don bhliain fhioscach chéanna; (w) an áit ina bhfuil an t‑iniúchóir
reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht (na gnólachtaí)
iniúchóireachta bunaithe. 3. I gcás go gceaptar níos mó ná
iniúchóir reachtúil amháin nó gnólacht iniúchóireachta amháin chun iniúchóireacht
reachtúil a dhéanamh ar an eintiteas leasa phoiblí, aontóidh siad ar thorthaí
na hiniúchóireachta reachtúla agus cuirfidh siad chomhthuarascáil agus
comhthuairim ar fáil. I gcás easaontais, cuirfidh gach iniúchóir reachtúil nó
gnólacht iniúchóireachta a t(h)uairim ar leith féin ar fáil. Má cháilíonn
iniúchóir reachtúil amháin nó gnólacht iniúchóireachta amháin a t(h)uairim, má
chuireann sé nó sí tuairim chodarsnach nó séanadh tuairime ar fáil,
breithneofar an tuairim fhoriomlán mar cháilithe, mar thuairim chodarsnach nó
séanadh tuairime. I mír ar leith deimhneoidh gach iniúchóir reachtúil nó
gnólacht iniúchóireachta cúiseanna an easaontais. 4. Ní bheidh an tuarascáil
iniúchóireachta níos faide ná ceithre leathanach nó 10000 carachtar (gan
spásanna). Ní bheidh aon trasthagairtí ann don tuarascáil bhreise don choiste
iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 23. 5. Cuirfidh an t‑iniúchóir
reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht (na gnólachtaí)
iniúchóireachta ainm agus dáta leis an tuarascáil iniúchóireachta. I gcás gur
gnólacht iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil, beidh an
tuarascáíl iniúchóireachta sínithe ar a laghad ag an iniúchóir reachtúil (na
hiniúchóirí reachtúla) a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil thar ceann an
ghnólachta iniúchóireachta. 6. Ní bheidh feidhm maidir le
tuarascálacha iniúchóireachta eintiteas leasa phoiblí ag Airteagal 35 de Threoir [XXX]
maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus
tuarascálacha gaolmhara cinéalacha áirithe gnóthas. 7. Ní bhainfidh an t‑iniúchóir
reachtúil ná an gnólacht iniúchóireachta úsáid as ainm aon údaráis inniúil ar
bhealach a léireodh nó a thugadh formhuiniú nó formheas don tuarascáil
iniúchóireachta ón údarás sin le fios. Airteagal 23 Tuarascáil bhreise don choiste
iniúchóireachta 1. Déanfaidh an t‑iniúchóir
reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht iniúchóireachta (na
gnólachtaí iniúchóireachta) a sheolann iniúchóireacht reachtúil ar eintitis
leasa phoiblí tuarascáil bhreise a thíolacadh do choiste iniúchóireachta an
eintitis a ndéantar iniúchóireacht air. Más rud é nach bhfuil coiste iniúchóireachta ag an
eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, tíolacfar an tuarascáil bhreise don
chomhlacht a chomhlíonann feidhmeanna coibhéiseacha laistigh den eintiteas a
ndéantar iniúchóireacht air. Ceadófar don choiste iniúchóireachta nó don
chomhlacht a chomhlíonann feidhmeanna coibhéiseacha an tuarascáil bhreise a
tharchur chuig comhlacht bainistíochta, riaracháin nó maoirseachta an eintitis a
ndéantar iniúchóireacht air. Déanfar an tuarascáil bhreise a nochtadh do
chruinniú ginearálta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air más rud é go
gcinneann comhlacht bainistíochta nó riaracháin an eintitis a ndéantar
iniúchóireacht air déanamh amhlaidh. 2. Is i scríbhinn a bheidh an
tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta. Tabharfar míniú mionsonraithe
sainráite inti ar thorthaí na hiniúchóireachta reachtúla a rinneadh agus, ar a
laghad, déanfar an méid seo a leanas inti: (a) áireofar dearbhú neamhspleáchais inti de
réir mar a fhoráiltear ina leith sin i bpointe (q) d’Airteagal 22(2); (b) sainaithneofar dátaí na gcruinnithe leis
an gcoiste iniúchóireachta nó leis an gcomhlacht a chomhlíonann feidhmeanna
coibhéiseacha laistigh den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air; (c) sainaithneofar dátaí na gcruinnithe, más
ann, le comhlacht bainistíochta, riaracháin nó maoirseachta an eintitis a
ndéantar iniúchóireacht air; (d) tuairisceofar an nós imeachta maidir le
ceapacháin; (e) tuairisceofar idirdhealú na gcúraimí i
measc an iniúchóra reachtúil (na n‑iniúchóirí reachtúla) agus/nó an
ghnólachta iniúchóireachta (na ngnólachtaí iniúchóireachta); (f) léireofar agus míneofar breithiúnais
maidir le héiginnteacht ábharthach a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar chumas
an eintitis leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach; (g) déanfar cinneadh mionsonraithe i dtaobh
an dtaispeántar cuibheas sa leabharchoimeád, sa chuntasaíocht, sna doiciméid
iniúchta go léir, sna ráitis bhliantúla airgeadais nó sna ráitis chomhdhlúite
airgeadais agus sna tuarascálacha breise a d’fhéadfadh a bheith ann; (h) léireofar agus míneofar go mionsonraithe
gach cás ina dtarlaíonn neamhchomhlíonadh, lena n‑áirítear cásanna
neamhábharthacha a mhéid a mheastar go bhfuil tábhacht leis an méid sin don
choiste iniúchóireachta chun a chúraimí a chomhall; (i) déanfar measúnú ar na modhanna luachála
a cuireadh i bhfeidhm maidir leis na hítimí éagsúla sna ráitis bhliantúla
airgeadais nó sna ráitis chomhdhlúite airgeadais, lena n‑áirítear aon
tionchar a bhainfeadh le hathruithe ar na modhanna sin; (j) soláthrófar mionsonraí iomlána na
ráthaíochtaí go léir, na litreacha sóláis go léir, na ngealltanas go léir
maidir le hidirghabháil phoiblí agus na mbeart eile tacaíochta go léir a
rabhthas ag brath orthu nuair a bhí measúnú á dhéanamh ar ghnóthas leantach; (k) daingneofar an tinreamh ar stocáireamh
agus, chomh maith leis sin, ar gach ócáid eile inar tharla fíorúchán fisiciúil,
i gcás inar tharla stocáireamh nó fíorúcháin den sórt sin iarbhír; (l) i gcás iniúchóireachta reachtúla ar
ráitis chomhdhlúite airgeadais, léireofar agus míneofar prionsabail an
chomhdhlúthúcháin ; (m) i gcás iniúchóireachta reachtúla ar ráitis
chomhdhlúite airgeadais, léireofar cén obair iniúchóireachta a rinne
iniúchóir(í) tríú tír, iniúchóir Reachtúil (iniúchóirí reachtúla), eintiteas
(eintitis) iniúchóireachta tríú tír nó gnólacht(aí) iniúchóireachta; (n) tabharfar léiriú i dtaobh an ndearna an t‑eintiteas
a ndearnadh iniúchóireacht air na mínithe agus na doiciméid go léir a iarradh a
sholáthar. 3. I gcás easaontais idir na
iniúchóirí reachtúla nó na gnólachtaí iniúchóireachta a cheaptar, ar easaontas
é maidir le nósanna imeachta iniúchóireachta, le rialacha cuntasaíochta nó le
haon saincheist eile a bhaineann le seoladh na hiniúchóireachta reachtúla,
déanfar na cúiseanna leis an easaontas sin a mhíniú sa tuarascáil bhreise a
thugtar don choiste iniúchóireachta. 4. Déanfaidh an t‑iniúchóir
reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht iniúchóireachta (na
gnólachtaí iniúchóireachta) an tuarascáil bhreise a thugtar don choiste
iniúchóireachta a shíniú agus a dhátú. I gcás ina seolann gnólacht
iniúchóireachta an iniúchóireacht reachtúil, is é nó í nó iad, ar a laghad, a
shíneoidh an tuarascáil bhreise a thugtar don choiste iniúchóireachta ná an t‑iniúchóir
reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) a sheolann an iniúchóireacht reachtúil
thar ceann an ghnólachta iniúchóireachta. 5. Arna iarraidh sin, déanfaidh
an t‑iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht iniúchóireachta
(na gnólachtaí iniúchóireachta) an tuarascáil bhreise a chur ar fáil gan mhoill
do na húdaráis inniúla. Airteagal 24 Formhaoirseacht ag an gcoiste
iniúchóireachta ar an iniúchóireacht reachtúil Déanfaidh coiste iniúchóireachta an eintitis
leasa phoiblí faireachán ar obair an iniúchóra reachtúil (na n‑iniúchóirí
reachtúla) nó an ghnólachta iniúchóireachta (na ngnólachtaí iniúchóireachta) a
sheolann an iniúchóireacht reachtúil. Tabharfaidh an t‑iniúchóir reachtúil (na
hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht iniúchóireachta (na gnólachtaí
iniúchóireachta) tuarascáil don choiste iniúchóireachta maidir le nithe
tábhachtacha a éiríonn as an iniúchóireacht reachtúil, agus go háirithe maidir
le laigí ábharthacha i rialú inmheánach i ndáil leis an bpróiseas tuairiscithe
airgeadais. Arna iarraidh sin ag aon cheann de na páirtithe, déanfaidh an t‑iniúchóir
reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) na nithe sin a phlé leis an gcoiste
iniúchóireachta. Déanfaidh an coiste iniúchóireachta comhlacht
riaracháin nó maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air a chur ar
an eolas faoi thoradh na hiniúchóireachta reachtúla. Tabharfaidh an coiste
iniúchóireachta míniú i dtaobh conas a rannchuidigh an iniúchóireacht reachtúil
le hiomláine an tuairiscithe airgeadais agus cén ról a bhí aige sa phróiseas
sin. I gcás ina ndéantar an t‑eintiteas a
ndéantar iniúchóireacht air a dhíolmhú ón oibleagáid chun coiste
iniúchóireachta a bheith aige, cinnfidh an t‑eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air cén comhlacht nó cén t‑orgán de chuid an eintitis a
dhéanfaidh teagmháil leis an iniúchóir reachtúil nó leis an ngnólacht
iniúchóireachta chun críocha na n‑oibleagáidí a leagtar amach san Airteagal eo. Airteagal 25 Tuarascáil do mhaoirseoirí eintiteas leasa
phoiblí 1. Gan dochar d’Airteagal 55
de Threoir 2004/39/CE, d’Airteagal 53 de Threoir 2006/48/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[34], d’Airteagal 15(4)
de Threoir 2007/64/CE, d’Airteagal 106 de Threoir 2009/65/CE,
don chéad mhír d’Airteagal 3 de Threoir 2009/110/CE agus d’Airteagal 72
de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[35],
beidh dualgas ar an iniúchóir reachtúil nó ar an ngnólacht iniúchóireachta a
sheolann an iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí chun tuarascáil
a thabhairt go pras do na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar eintitis
leasa phoiblí faoi aon fhíoras nó faoi aon chinneadh a bhaineann leis an
eintiteas leasa phoiblí sin agus a bhfuil sé nó sí tagtha ar an eolas faoi le
linn an iniúchóireacht reachtúil sin a sheoladh agus ar fíoras nó cinneadh é is
dóigh a bheith ina chúis le haon cheann de na nithe seo a leanas: (a) sárú ábharthach ar na dlíthe, ar na
rialacháin nó ar na forálacha riaracháin lena leagtar síos, i gcás inarb
iomchuí, na coinníollacha lena rialaítear údarú ghníomhaíochtaí an eintitis
leasa phoiblí sin nó lena ndéantar saothrú na ngníomhaíochtaí sin a rialú go
sonrach; (b) lagú fheidhmiú leantach an eintitis leasa
phoiblí; (c) diúltú ráitis airgeadais a dheimhniú, sin
nó forchoimeádais a léiriú. Beidh dualgas ar an iniúchóir reachtúil nó ar an
ngnólacht iniúchóireachta freisin chun tuarascáil a thabhairt faoi aon fhíorais
nó faoi aon chinntí a dtagann sé nó sí ar an eolas fúthu le linn iniúchóireacht
reachtúil a dhéanamh ar ghnóthas a bhfuil dlúthbhaint aige leis an eintiteas
leasa phoiblí a bhfuil iniúchóireacht reachtúil á seoladh aige nó aici air
freisin. 2. Déanfaidh údaráis inniúla a
dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnóthais árachais
idirphlé rialta a bhunú leis na hiniúchóirí reachtúla agus leis na gnólachtaí
iniúchóireachta a sheolann iniúchóireacht reachtúil ar na hinstitiúidí agus ar
na gnóthais sin. Chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear sa chéad
fhomhír a éascú, déanfaidh ÚBE agus ÚEÁPC treoirlínte a bheidh dírithe ar na
húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus ar
ghnóthais árachais a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán
(AE) Uimh. 1093/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 faoi
seach. 3. I gcás ina ndéanfadh an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta aon fhíoras nó aon chinneadh dá
dtagraítear i mír 1 nó aon fhíoras a nochtadh de mheon macánta do na húdaráis
inniúla le linn an idirphlé a shamhlaítear i mír 2, ní hionann an nochtadh sin
agus sárú ar aon srian conarthach nó dlíthiúil agus ní bheidh aon dliteanas
d’aon chineál ar na daoine sin dá bharr. CAIBIDIL V TUAIRISCIÚ AG INIÚCHÓIRÍ REACHTÚLA AGUS AG
GNÓLACHTAÍ INIÚCHÓIREACHTA AR MHAITHE LE TRÉDHEARCACHT AGUS COIMEÁD TAIFEAD Airteagal 26 Faisnéis airgeadais a nochtadh 1. Déanfaidh gnólacht
iniúchóireachta a sheolann iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí
a thuarascáil bhliantúil airgeadais, de réir bhrí Airteagal 4(2) de Threoir 2004/109/CE,
a phoibliú ceithre mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais. Déanfaidh iniúchóirí reachtúla a sheolann
iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí a ráiteas bliantúil
ioncaim a fhoilsiú. 2. Sa tuarascáil bhliantúil
airgeadais agus sa ráiteas bliantúil ioncaim, taispeánfar an láimhdeachas
iomlán arna roinnt i dtáillí ó iniúchóireacht reachtúil ar ráitis bhliantúla
airgeadais agus ar ráitis chomhdhlúite airgeadais de chuid eintiteas leasa
phoiblí agus ar eintitis a bhaineann le grúpa gnóthas ar eintiteas leasa
phoiblí a máthairghnóthas, i dtáillí ó iniúchóireacht reachtúil ar ráitis
bhliantúla airgeadais agus ar ráitis chomhdhlúite airgeadais de chuid eintiteas
eile agus i dtáillí arna muirearú i ndáil le seirbhísí gaolmhara
iniúchóireachta airgeadais arna sainmhíniú in Airteagal 10(2). Déanfar an tuarascáil bhliantúil airgeadais nó an
ráiteas bliantúil ioncaim a iniúchadh i gcomhréir le forálacha an Rialacháin
seo. 3. I gcás inar cuid de ghréasán
an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta, déanfaidh an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta an fhaisnéis bhreise seo a leanas a
sholáthar sa tuarascáil bhliantúil airgeadais nó mar iarscríbhinn a ghabhann
leis an ráiteas bliantúil ioncaim: (a) ainm gach iniúchóra reachtúil nó gach
gnólachta iniúchóireachta ar cuid den ghréasán é nó í; (b) an tír (na tíortha) ina bhfuil gach
iniúchóir reachtúil nó gach gnólacht iniúchóireachta ar cuid den ghréasán é nó
í cáilithe mar iniúchóir reachtúil nó ina bhfuil a oifig chláraithe nó a hoifig
chláraithe, a riarachán lárnach nó a phríomháit ghnó nó a príomháit ghnó aige
nó aici; (c) an láimhdeachas iomlán arna ghiniúint ag
na hiniúchóirí reachtúla agus ag na gnólachtaí iniúchóireachta ar cuid den
ghréasán iad, arb é an láimhdeachas é a éiríonn as iniúchóireacht reachtúil a
dhéanamh ar ráitis bhliantúla airgeadais agus ar ráitis chomhdhlúite
airgeadais; (d) na ráitis chomhdhlúite airgeadais
iniúchta don ghréasán agus, i gcás eintiteas dlíthiúil a rialaíonn an gréasán a
bheith ann, ráitis iniúchta airgeadais an eintitis dhlíthiúil sin arna n‑ullmhú
i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Threoir 2004/109/CE. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, beidh sé de chead
ag an iniúchóir reachtúil nó ag an ngnólacht iniúchóireachta gan an fhaisnéis
bhreise a nochtadh i gcás ina nochtann an t‑eintiteas dlíthiúil a
rialaíonn an gréasán nó ionadaí eile de chuid an ghréasáin í. Sa chás sin,
déanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta an áit
ina bhfuil rochtain ar an bhfaisnéis sin a léiriú san iarscríbhinn a ghabhann
leis an ráiteas bliantúil ioncaim nó leis an tuarascáil bhliantúil airgeadais. 4. Déanfar an tuarascáil
bhliantúil airgeadais nó an ráiteas bliantúil ioncaim a fhoilsiú ar láithreán
gréasáin an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta agus beidh an
tuarascáil nó an ráiteas sin ar fáil ar an láithreán gréasáin sin ar feadh cúig
bliana ar a laghad. Cuirfidh iniúchóirí
reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta in iúl do na húdaráis inniúla go
ndearnadh an ráiteas bliantúil ioncaim nó an tuarascáil bhliantúil airgeadais a
fhoilsiú ar láithreán gréasáin an iniúchóra reachtúil nó ar láithreán gréasáin
an ghnólachta iniúchóireachta. Airteagal 27 Tuarascáil Trédhearcachta 1. Déanfaidh iniúchóir reachtúil
nó gnólacht iniúchóireachta a sheolann iniúchóireacht reachtúil
(iniúchóireachtaí reachtúla) ar eintitis leasa phoiblí tuarascáil bhliantúil
trédhearcachta a phoibliú trí mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh gach bliana
airgeadais. Déanfar an tuarascáil bhliantúil trédhearcachta a fhoilsiú ar
láithreán gréasáin an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta agus
beidh an tuarascáil sin ar fáil ar an láithreán gréasáin sin ar feadh cúig
bliana ar a laghad. Ceadófar d’iniúchóir reachtúil nó do ghnólacht
iniúchóireachta a thuarascáil bhliantúil trédhearcachta, mar a foilsíodh í, a
uasdátú. I gcás den sórt sin, léireoidh an t‑iniúchóir nó an gnólacht gur
leagan uasdátaithe den tuarascáil é agus leanfaidh an leagan bunaidh den
tuarascáil de bheith ar fáil ar an láithreán gréasáin. Cuirfidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí
iniúchóireachta in iúl do ÚEUM agus do na húdaráis inniúla go ndearnadh an
tuarascáil trédhearcachta a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an iniúchóra
reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta nó, de reir mar is iomchuí, go
ndearnadh í a uasdátú. 2. Áireofar an méid seo a leanas
ar a laghad sa tuarascáil bhliantúil trédhearcachta: (a) tuairisc ar struchtúr dlíthiúil agus ar
úinéireacht dhlíthiúil an ghnólachta iniúchóireachta; (b) i gcás inar cuid de ghréasán an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta, tuairisc ar an ngréasán agus ar na
socruithe dlíthiúla agus ar na socruithe struchtúracha atá ann sa ghréasán; (c) tuairisc ar struchtúr rialachais an
ghnólachta iniúchóireachta; (d) tuairisc ar chóras inmheánach rialaithe
cáilíochta an ghnólachta iniúchóireachta agus ráiteas ón gcomhlacht riaracháin
nó bainistíochta maidir le héifeachtacht fheidhmiú an chórais sin; (e) léiriú i dtaobh cén uair a seoladh an t‑athbhreithniú
deimhnithe cáilíochta is déanaí den chineál dá dtagraítear in Airteagal 40;
(f) liosta eintiteas leasa phoiblí ar ina
leith atá iniúchóireachtaí reachtúla déanta ag an iniúchóir reachtúil nó ag an
ngnólacht iniúchóireachta le linn na bliana airgeadais roimhe sin agus liosta
na n‑eintiteas ar uathu a fhaigheann an t‑iniúchóir reachtúil nó an
gnólacht iniúchóireachta níos mó ná 5 % dá ioncam bliantúil nó dá hioncam
bliantúil; (g) ráiteas a bhaineann le cleachtais
neamhspleáchais an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta, ar
ráiteas é lena ndaingnítear freisin gur seoladh athbhreithniú inmheánach ar
chomhlíonadh maidir le neamhspleáchais; (h) ráiteas ar an mbeartas ar dá réir a
d’fheidhmigh an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta i
ndáil le hoiliúint leantach iniúchóirí dá dtagraítear in Airteagal 13 de Threoir 2006/43/CE;
(i) faisnéis a bhaineann leis an mbonn le
luach saothair comhpháirtithe i ngnólachtaí iniúchóireachta; (j) tuairisc ar a bheartas maidir le
sealaíocht comhpháirtithe tábhachtacha iniúchóireachta agus daoine tábhachtacha
den fhoireann iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 33(5); (k) i gcás inarb iomchuí, ráiteas rialachais
chorparáidigh. Féadfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an
gnólacht iniúchóireachta, in imthosca eisceachtúla, a chinneadh gan an
fhaisnéis a éilítear i bpointe (f) den chéad fhomhír a nochtadh a mhéid is
gá sin chun maolú a dhéanamh ar gharbhagairt shuntasach ar shlándáil phearsanta
aon duine áirithe. Ní mór don iniúchóir reachtúil nó don ghnólacht
iniúchóireachta a bheith in ann a thaispeáint don údarás inniúil gurb ann do
bhagairt den sórt sin. 3. Déanfaidh an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta an tuarascáil trédhearcachta a shíniú. Airteagal 28 Ráiteas rialachais chorparáidigh 1. I gcás ina ngineann gnólacht
iniúchóireachta níos mó ná an tríú cuid dá ioncam bliantúil iniúchóireachta ó
eintitis mhóra leasa phoiblí, déanfaidh sé ráiteas rialachais chorparáidigh a
phoibliú. Áireofar an ráiteas sin sa Tuarascáil Trédhearcachta mar roinn
shonrach di. 2. Déanfar an fhaisnéis seo a
leanas ar a laghad a áireamh sa ráiteas rialachais chorparáidigh: (a) tagairt do cheann amháin, ar a laghad, de
na nithe seo a leanas: (i) an cód rialachais chorparáidigh a bhfuil
an gnólacht iniúchóireachta faoina réir, (ii) an cód rialachais chorparáidigh a bhféadfadh
sé gurb amhlaidh ina leith gur chinn an gnólacht iniúchóireachta go saorálach é
a chur i bhfeidhm; (iii) an fhaisnéis ábhartha go léir faoi na
cleachtais rialachais chorparáidigh a cuireadh i bhfeidhm de bhreis ar na
ceanglais faoin dlí náisiúnta. I gcás ina ndéantar an fhaisnéis dá dtagraítear i
bpointe (i) agus i bpointe (ii) a áireamh, tabharfaidh an gnólacht
iniúchóireachta léiriú freisin i dtaobh cén áit ina bhfuil na téacsanna
ábhartha ar fáil go poiblí. I gcás ina ndéantar an fhaisnéis dá dtagraítear i
bpointe (iii) a áireamh, déanfaidh an gnólacht iniúchóireachta a
chleachtais rialachais chorparáidigh a chur ar fáil go poiblí. Más rud é nach bhfuil an gnólacht iniúchóireachta
faoi réir aon chóid rialachais chorparáidigh agus nach gcuireann sé cód
rialachais chorparáidigh i bhfeidhm, luafaidh sé an méid sin. (b) i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an
méid a imíonn an gnólacht iniúchóireachta ó chód rialachais chorparáidigh dá
dtagraítear i bpointe (a)(i) nó i bpointe (a)(ii), míniú ón ngnólacht
iniúchóireachta i dtaobh cé na codanna den chód rialachais chorparáidigh a n‑imíonn
sé uathu agus na cúiseanna le déanamh amhlaidh. I gcás ina mbeidh cinneadh
déanta ag an ngnólacht iniúchóireachta gan aon fhorálacha de chuid cóid
rialachais chorparáidigh dá dtagraítear i bpointe (a)(i) nó i
bpointe (a)(ii), míneoidh se na cúiseanna atá aige le déanamh amhlaidh; (c) tuairisc ar phríomhghnéithe chórais
rialaithe inmheánaigh agus bhainistithe rioscaí an ghnóthais i ndáil leis an
bpróiseas tuairiscithe airgeadais; (d) an fhaisnéis seo a leanas: (i) sealúchais shuntasacha, idir dhíreach
agus indíreach, i dtaca le cearta vótála, ar sealúchais iad atá comhionann le
5 % de na cearta vótála iomlána sa ghnólacht iniúchóireachta, nó atá níos
mó ná an méid sin, lena n‑áirítear sealúchais indíreacha ceart vótála trí
struchtúir phirimide agus trí thras‑sealúchais ceart vótála; (ii) céannacht shealbhóirí aon cheart
speisialta rialaithe agus tuairisc ar na cearta sin, an éiríonn na cearta sin
as sealbhú aon urrús, trí chonradh nó ar shlí eile; (iii) aon srianta ar chearta vótála, lena n‑áirítear
teorannú ar chearta vótála sealbhóirí céatadáin áirithe nó líon áirithe vótaí,
spriocamanna maidir le cearta vótála a fheidhmiú, (iv) na rialacha lena rialaítear ceapadh agus
ionadú comhaltaí boird agus leasú na n‑Airteagal comhlachais; (v) cumhachtaí chomhaltaí an bhoird; (e) mura rud é go ndéantar foráil iomlán
cheana féin maidir leis an bhfaisnéis i ndlíthe náisiúnta nó i rialacháin
náisiúnta, oibriú an chruinnithe scairshealbhóirí nó sealbhóirí ceart vótála
agus príomhchumhachtaí an chruinnithe sin, agus tuairisc ar chearta na
scairshealbhóirí nó na sealbhóirí ceart vótála agus ar conas is féidir na
cearta sin a fheidhmiú; (f) comhdhéanamh agus oibriú na gcomhlachtaí
riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta agus a gcuid coistí. Airteagal 29 Faisnéis a thabhairt d’údaráis inniúla Déanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht
iniúchóireachta liosta de na heintitis leasa phoiblí a ndéantar iniúchóireacht
orthu a thabhairt gach bliain dá údarás inniúil nó dá húdarás inniúil de réir
an ioncaim arna ghiniúint uathu. Airteagal 30 Coinneáil taifead Déanfaidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí
iniúchóireachta na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(1),
in Airteagal 9(3), in Airteagal 11(3) agus (4), in Airteagal 16(2)
go (6), in Airteagal 17(1) agus (2), in Airteagal 18(1) agus (3), in Airteagal 19(3)
go (6), in Airteagail 22, 23 agus 24, in Airteagal 25(1) agus (2), in Airteagal 29,
in Airteagal 32(2), (3), (5) agus (6), in Airteagal 33(6) agus in Airteagal 43(4)
a choinneáil ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis na doiciméid nó an fhaisnéis
sin a ullmhú. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar
iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta na doiciméid agus an
fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a choinneáil ar feadh tréimhse níos
faide ná sin i gcomhréir lena rialacha ar chosaint sonraí pearsanta agus ar
imeachtaí riaracháin agus breithiúnacha. Teideal III Eintitis leasa phoiblí do cheapadh iniúchóirí
reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta Airteagal 31 An Coiste Iniúchóireachta 1. Beidh coiste iniúchóireachta
ag gach eintiteas leasa phoiblí. Beidh an coiste iniúchóireachta comhdhéanta de
chomhaltaí neamhfheidhmiúcháin chomhlacht riaracháin agus/nó de chomhaltaí
chomhlacht maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air agus/nó de
chomhaltaí arna gceapadh ag cruinniú ginearálta scairshealbhóirí an eintitis a
ndéantar iniúchóireacht air nó, i gcás eintiteas nach bhfuil scairshealbhóirí
aige, de chomhlacht coibhéiseach. Beidh comhalta amháin ar a laghad den choiste
iniúchóireachta inniúil ar iniúchóireacht a dhéanamh agus beidh comhalta amháin
eile inniúil ar chuntasaíocht agus/nó iniúchóireacht a dhéanamh. Maidir le
comhaltaí an choiste ina iomláine, beidh inniúlacht acu atá ábhartha i dtaca
leis an earnáil ina bhfuil an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air
ag oibriú. Beidh tromlach chomhaltaí an choiste
iniúchóireachta neamhspleách. Is iad comhaltaí an choiste iniúchóireachta a
cheapfaidh cathaoirleach an choiste iniúchóireachta agus beidh an cathaoirleach
neamhspleách. 2. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal eo,
in eintitis leasa phoiblí a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i
bpointe (f) agus i bpointe (t) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2003/71/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[36], féadfaidh an
comhlacht riaracháin nó maoirseachta ina iomláine na feidhmeanna a shanntar don
choiste iniúchóireachta a chomhlíonadh ar choinníoll, ar a laghad, i gcás inar
comhalta feidhmiúcháin é nó í cathaoirleach comhlachta den sórt sin, nach é nó
í cathaoirleach an choiste iniúchóireachta é nó í. 3. De mhaolú ar mhír 1,
féadfaidh na heintitis leasa phoiblí seo a leanas a chinneadh gan coiste
iniúchóireachta a bheith acu: (a) aon eintiteas leasa phoiblí ar foghnóthas
é de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir 83/349/CEE má chomhlíonann an t‑eintiteas
na ceanglais i mír 1 go mír 4 den Airteagal in ar leibhéal grúpa; (b) aon eintiteas leasa phoiblí ar gnóthas é
le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) de réir mar a
shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE nó i gciste
malartach infheistíochta (AIF) de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(a)
de Threoir 2011/61/AE; (c) aon eintiteas leasa phoiblí arb é an gnó
aonair atá aige ná gníomhú mar árachóir urrús sócmhainní de réir mar a
shainmhínítear in Airteagal 2(5) de Rialachán (CE) Uimh. 809/2004 ón
gCoimisiún[37]; (d) aon institiúid creidmheasa de réir bhrí Airteagal 1(1)
de Threoir 2006/48/CE, ar institiúid creidmheasa í nach gceadaítear a
scaireanna a bheith á dtrádáil ar mhargadh rialáilte de chuid aon Bhallstáit de
réir bhrí phointe 4 d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE agus nach
bhfuil eisithe aici, ar mhodh leanúnach nó athfhillteach, ach urrúis fhiachais
a cheadaítear a bheith á dtrádáil i margadh rialáilte, ar choinníoll go
bhfanann méid iomlán ainmniúil na n‑urrús fiachais sin go léir faoi bhun
EUR 100 000 000 agus nach bhfuil réamheolaire foilsithe aici faoi Threoir 2003/71/CE.
Tabharfaidh na heintitis leasa phoiblí dá
dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) míniú don phobal ar na
cúiseanna ar dá réir a mheasann siad nach iomchuí go mbeadh sé de chúram ar
choiste iniúchóireachta ná ar chomhlacht riaracháin nó maoirseachta feidhmeanna
coiste iniúchóireachta a chur i gcrích. 4. De mhaolú ar mhír 1,
féadfaidh eintiteas leasa phoiblí ag a bhfuil comhlacht a chomhlíonann
feidhmeanna atá coibhéiseach le feidhmeanna a chomhlíonann coiste
iniúchóireachta, ar comhlacht é arna bhunú, agus a fheidhmíonn, de réir
forálacha atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina bhfuil an t‑eintiteas a bhfuil
iniúchóireacht le déanamh air a chinneadh gan coiste iniúchóireachta a bheith
aige. I gcás den sórt sin, nochtfaidh an t‑eintiteas cén comhlacht a
sheolann na feidhmeanna sin agus conas atá an comhlacht sin comhdhéanta. 5. Gan dochar don fhreagracht
atá ar chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, nó
atá ar chomhaltaí eile arna gceapadh ag cruinniú ginearálta scairshealbhóirí an
eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, déanfaidh an coiste iniúchóireachta na
nithe seo a leanas inter alia: (a) faireachán a dhéanamh ar an bpróiseas
tuairiscithe airgeadais agus moltaí nó tograí a thíolacadh chun iomláine an
phróisis sin a áirithiú; (b) faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht chóras
rialaithe inmheánaigh, ar chóras iniúchóireachta inmheánaí, i gcás inarb
infheidhme, agus ar chóras bainistíochta rioscaí an ghnóthais; (c) faireachán a dhéanamh ar an
iniúchóireacht reachtúil a dhéantar ar na ráitis bhliantúla airgeadais agus ar
na ráitis chomhdhlúite airgeadais agus maoirseacht a dhéanamh ar shláine agus
ar iomláine na ndréacht‑tuarascálacha iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 22
go hAirteagal 23; (d) athbhreithniú agus faireachán a dhéanamh
ar neamhspleáchas na n‑iniúchóirí reachtúla nó na ngnólachtaí
iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 5 go hAirteagal 11, agus go
háirithe ar sholáthar seirbhísí breise don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht
air i gcomhréir le hAirteagal 10; (e) beidh sé freagrach as an nós imeachta a bhaineann
le roghnú iniúchóra reachtúil (iniúchóirí reachtúla) nó gnólachta
iniúchóireachta (gnólachtaí iniúchóireachta) agus moladh a dhéanamh maidir leis
an iniúchóir reachtúil (na hiniúchóirí reachtúil) nó maidir leis an ngnólacht
iniúchóireachta (na gnólachtaí iniúchóireachta) atá le ceapadh i gcomhréir le hAirteagal 32
agus le hAirteagal 33. (f) cead a thabhairt, gach cás á mheas ar a
fhiúntas féin, don iniúchóir reachtúil nó don ghnólacht iniúchóireachta na
seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 10(3)(b)(i) agus (ii) den Rialachán
seo a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchadh air. Airteagal 32 Na hiniúchóirí reachtúla nó na gnólachtaí
iniúchóireachta a cheapadh 1. Chun Airteagal 37 de Threoir 2006/43/CE
a chur i bhfeidhm, beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 go
mír 5 den Airteagal eo maidir le ceapadh iniúchóirí reachtúla nó
gnólachtaí iniúchóireachta. I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 37(2)
de Threoir 2006/43/CE, cuirfidh an t‑eintiteas leasa phoiblí an t‑údarás
inniúil ar an eolas faoi úsáid córas malartach nó rialacha mionsonraithe
malartacha dá dtagraítear san Airteagal in. 2. Déanfaidh an coiste
iniúchóireachta moladh faoi cheapadh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí
iniúchóireachta a thíolacadh do bhord riaracháin nó maoirseachta an eintitis a
ndéantar iniúchóireacht air. Déanfaidh an coiste iniúchóireachta údar maith a
léiriú maidir leis an moladh a dhéantar. Mura rud é go bhfuil baint ag an moladh le
hathnuachan fostaíochta iniúchóireachta i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 33(1),
beidh dhá rogha ann sa mholadh maidir leis an bhfostaíocht iniúchóireachta agus
léireoidh an coiste iniúchóireachta cén rogha is fearr leo mar aon le húdar
maith a léiriú maidir leis an rogha a dhéanann siad. Nuair a bhaineann an moladh le hathnuachan
fostaíochta iniúchóireachta i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 33(1),
déanfaidh an coiste iniúchóireachta, chun a mholadh a ullmhú, aon chinntí agus
aon chonclúidí maidir leis an iniúchóir reachtúil nó leis an ngnólacht iniúchóireachta
atá molta agus dá dtagraítear in Airteagal 40(6) agus atá foilsithe ag an
údarás inniúil de bhun Airteagal 44(d) a chur san áireamh. Luafaidh an coiste iniúchóireachta ina mholadh go
bhfuil an moladh saor ó thionchar ar thaobh tríú páirtí agus nach ndearnadh aon
chlásal conarthach dá dtagraítear i mír 7 a fhorchur air. 3. Mura rud é go mbaineann an
moladh le hathnuachan fostaíochta iniúchóireachta i gcomhréir leis an dara
fomhír d’Airteagal 33(1), déanfar an moladh ón gcoiste iniúchóireachta dá
dtagraítear i mír 2 den Airteagal eo a ullmhú tar éis nós imeachta maidir
le roghnóireacht ar nós imeachta é a eagróidh an t‑eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air agus urraim á tabhairt do na critéir seo a leanas: (a) beidh an t‑eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air saor chun cuireadh a thabhairt d’aon iniúchóirí reachtúla nó
d’aon ghnólachtaí iniúchóireachta tograí a thíolacadh maidir leis an tseirbhís
reachtúil iniúchóireachta a sholáthar ar choinníoll go n‑urramaítear Airteagal 34(2)
agus nach amhlaidh, maidir le ceann amháin ar a laghad de na hiniúchóirí nó de
na gnólachtaí dá dtugtar cuireadh, gurb iniúchóir é nó í, nó gur gnólacht é, a
fuair níos mó ná 15 % de na táillí iomlána iniúchóireachta ó eintitis
mhóra leasa phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann sa bhliain fhéilire roimhe sin;
(b) beidh an t‑eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air saor chun an modh ina ndéanfar teagmháil leis an iniúchóir
reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó leis an ngnólacht iniúchóireachta (na
gnólachtaí iniúchóireachta) dá dtugtar cuireadh a roghnú agus ní bheidh aon
cheangal air iarraidh ar thairiscintí a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh agus/nó in irisí oifigiúla náisiúnta nó i nuachtáin
náisiúnta; (c) ullmhóidh an t‑eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air doiciméid tairisceana mar eolas don iniúchóir reachtúil (do
na hiniúchóirí reachtúla) nó don ghnólacht iniúchóireachta (do na gnólachtaí
iniúchóireachta) dá dtugtar cuireadh. Ligfidh na doiciméid tairisceana sin
dóibh tuiscint a bheith acu ar ghnó an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air
agus ar an gcineál iniúchóireachta reachtúla atá le seoladh. Beidh critéir
thrédhearcacha neamh‑idirdhealaitheacha sna doiciméid tairisceana ar
critéir iad a úsáidfidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air chun
meastóireacht a dhéanamh ar na tograí a dhéanfaidh iniúchóirí reachtúla nó
gnólachtaí iniúchóireachta; (d) beidh an t‑eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air saor chun an nós imeachta maidir le roghnóireacht a shainiú
agus, le linn an nós imeachta sin, féadfaidh sé caibidlíochtaí díreacha a
sheoladh le tairgeoirí ar spéis leo an t‑ábhar; (e) más rud é, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais, go
gceanglóidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 35 ar
iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta caighdeáin áirithe
cáilíochta a chomhlíonadh, cuirfear na caighdeáin sin san áireamh sna doiciméid
tairisceana; (f) déanfaidh an t‑eintiteas a
ndéantar iniúchóireacht air meastóireacht ar na tograí a dhéanfaidh na
hiniúchóirí reachtúla nó na gnólachtaí iniúchóireachta i gcomhréir leis na
critéir maidir le roghnóireacht arna réamhshainiú sna doiciméid tairisceana;
Déanfaidh an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air tuarascáil a
ullmhú ar chonclúidí an nós imeachta roghnóireachta agus déanfaidh an coiste
iniúchóireachta na conclúidí sin a bhailíochtú. Déanfaidh an t‑eintiteas
a ndéantar iniúchóireacht air agus an coiste iniúchóireachta aon tuarascáil
chigireachta faoin iniúchóir reachtúil nó faoin ngnólacht is iarratasóir a chur
san áireamh, ar tuarascáil í dá dtagraítear in Airteagal 40(6) agus atá
foilsithe ag an údarás inniúil de bhun Airteagal 44(d); (g) beidh an t‑eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air in ann a thaispeáint don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35
go ndearnadh an nós imeachta maidir le roghnóireacht a sheoladh ar mhodh
cothrom. Beidh an coiste iniúchóireachta freagrach as an
nós imeachta roghnóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír,
déanfaidh an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1)
liosta de na hiniúchóirí agus de na gnólachtaí iniúchóireachta lena mbaineann a
phoibliú agus déanfar an liosta sin a uasdátú ar bhonn bliantúil. Déanfaidh an t‑údarás
inniúil an fhaisnéis arna soláthar ag iniúchóirí reachtúla agus ag gnólachtaí
iniúchóireachta de bhun Airteagal 28 a úsáid chun na ríomhaireachtaí
ábhartha a dhéanamh. 4. Ní bheidh aon cheangal ar
eintitis leasa phoiblí a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i
bpointe (f) agus i bpointe (t) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2003/71/CE
an nós imeachta maidir le roghnóireacht dá dtagraítear i mír 4 a chur i
bhfeidhm. 5. Déanfar an moladh ón gcoiste
iniúchóireachta a áireamh sa togra ón mbord riaracháin nó maoirseachta maidir
le ceapadh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta ar togra é a
thabharfar do chruinniú ginearálta scairshealbhóirí nó chomhaltaí an eintitis a
ndéantar iniúchóireacht air. Má imíonn togra an bhoird riaracháin nó
maoirseachta ó mholadh an choiste iniúchóireachta, déanfar údar maith leis na
cúiseanna gan déanamh de réir mholadh an choiste iniúchóireachta a thabhairt sa
togra. 6. I gcás institiúide
creidmheasa nó gnóthais árachais, déanfaidh an bord riaracháin nó maoirseachta
a dhréacht‑togra a thíolacadh don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(2).
Beidh an ceart ag an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(2) chun
crosadh a chur ar an rogha a thairgtear sa mholadh. Má chuirtear i gcoinne an
rogha sin, tabharfar údar maith leis sin. Mura dtugann an t‑údarás inniúil freagra
laistigh den teorainn ama fhorordaithe tar éis moladh an choiste
iniúchóireachta a thíolacadh measfar gurb ionann an méid sin agus toiliú
intuigthe leis an moladh. 7. Aon chlásal conarthach a
dhéantar idir eintiteas leasa phoiblí agus tríú páirtí agus lena ndéantar rogha
chruinniú ginearálta scairshealbhóirí nó chomhaltaí an eintitis sin de bhun Airteagal 37
de Threoir 2006/43/CE a shrianadh do chatagóirí áirithe nó liostaí
iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanfaidh an iniúchóireacht
reachtúil ar an eintiteas sin, beidh sé ar neamhní. Déanfaidh eintiteas leasa phoiblí na húdaráis
inniúla dá dtagraítear in Airteagal 35 ar an eolas faoi aon iarracht ar
thaobh tríú páirtí clásal conarthach den sórt sin a fhorchur nó tionchar a
imirt ar slí eile ar chinneadh chruinniú ginearálta na scairshealbhóirí maidir
le roghnú iniúchóra reachtúil nó gnólachta iniúchóireachta. 8. I gcás ina ndéantar an t‑eintiteas
a ndéantar iniúchóireacht air a dhíolmhú ón oibleagáid chun coiste
iniúchóireachta a bheith aige, cinnfidh an t‑eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air cén comhlacht nó cén t‑orgán de chuid an eintitis a
chomhlíonfaidh feidhmeanna an choiste iniúchóireachta chun críocha na n‑oibleagáidí
a leagtar amach san Airteagal eo. 9. Féadfaidh na Ballstáit a
chinneadh go ndéanfaidh eintitis leasa phoiblí líon íosta iniúchóirí reachtúla
nó gnólachtaí iniúchóireachta a cheapadh in imthosca áirithe agus na
coinníollacha a bhunú lena rialófar an caidreamh idir na hiniúchóirí nó na
gnólachtaí a cheapfar. Má bhunaíonn Ballstát ceanglas den sórt sin,
cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún agus do ÚEUM. 10. I gcomhréir le hAirteagal 16
de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010
agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, faoi seach, chun go n‑éascófar
feidhmiú chúram an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air maidir le heagrú nós
imeachta roghnóireachta i ndáil le hiniúchóir reachtúil nó gnólacht
iniúchóireachta a cheapadh, eiseoidh ÚBE, ÚEÁPC agus ÚEUM treoirlínte a bheidh
dírithe ar na heintitis leasa phoiblí agus a bhainfidh leis na critéir lena
rialófar an nós imeachta roghnóireachta dá dtagraítear i mír 3. Airteagal 33 Fad na fostaíochta
iniúchóireachta 1. Déanfaidh an t‑eintiteas
leasa phoiblí iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a cheapadh le
haghaidh fostaíochta tosaigh a mhairfidh tréimhse nach giorra ná dhá bhliain. Ní fhéadfaidh an t‑eintiteas leasa phoiblí
an fostaíocht sin a athnuachan ach aon uair amháin. Ní bheidh uasfhad an dá fhostaíocht sin le chéile níos faide ná sé mbliana. I gcás fostaíochta leanúnaí sé mbliana a gceaptar
dhá iniúchóir reachtúla nó dhá ghnólacht iniúchóireachtaí lena linn, ní bheidh
uasfhad fostaíocht gach iniúchóra reachtúil nó gach gnólachta iniúchóireachta
níos faide ná naoi mbliana. 2. Tar éis dul in éag uasfhad na
fostaíochta dá dtagraítear i mír 1, ní dhéanfaidh an t‑iniúchóir
reachtúil ná an gnólacht iniúchóireachta ná aon chomhalta dá líonra laistigh
den Aontas, nuair is infheidhme, ní dhéanfaidh sé an t‑iniúchóireacht
reachtúil ar an eintiteas leasa phoiblí lena mbaineann go dtí go mbeidh ar a
laghad ceithre bliana caite. 3. De mhaolú ar mhír 1 agus ar
mhír 2, féadfaidh an t‑eintiteas leasa phoiblí, in imthosca eisceachtúla,
iarraidh an an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1) síneadh
ama a dheonú sa chaoi is go bhféadfaidh sé an t‑iniúchóir reachtúil nó an
gnólacht iniúchóireachta a cheapadh arís. I gcás dhá iniúchóir reachtúla nó dhá
ghnólacht iniúchóireachta a cheapadh, ní bheidh an tríú fostaíocht sin níos
faide ná trí bliana. I gcás aon iniúchóir reachtúil amháin nó aon ghnólacht
iniúchóireachta amháin a cheapadh, ní bheidh an tríú fostaíocht sin níos faide
ná dhá bhliain. 4. Maidir leis an bpríomh‑chomhpháirtí
iniúchóireachta (na príomh‑chomhpháirtithe iniúchóireachta) a bheidh
freagrach as iniúchóireacht reachtúil a chur i gcrích, scoirfidh sé, sí nó siad
dá rannpháirtíocht in iniúchóireacht ar an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht
air tar éis tréimhse seacht mbliana a bheith imithe in éag ón dáta ceapacháin.
Féadfaidh sé, sí nó siad páirt a ghlacadh arís in iniúchóireacht an eintitis a
ndéantar iniúchóireacht air tar éis treimhse trí bliana ar a laghad. Déanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an
gnólacht iniúchóireachta sásra iomchuí sealaíochta comhleanúnaí a bhunú maidir
leis an bpearsanra is sinsearaí atá bainteach leis an iniúchóireacht reachtúil,
lena n‑áirítear, ar a laghad, na daoine atá cláraithe mar iniúchóirí
reachtúla. Rachfar i mbun an tsásra sealaíochta comhleanúnaí ina chéimeanna ar
bhonn pearsana aonair seachas ar bhonn foirne iomláine. Beidh sé comhréireach i
bhfianaise scála agus méid na gníomhaíochta dá ngabhann an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta. Beidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an
gnólacht iniúchóireachta in ann a thaispeáint don údarás inniúil go ndéantar an
sásra sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go n‑oiriúnaítear é do
scála agus do mhéid na gníomhaíochta dá ngabhann an t‑iniúchóir reachtúil
nó an gnólacht iniúchóireachta. 5. I gcás ina ndéantar iniúchóir
reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta eile a chur in ionad iniúchóra reachtúil
nó gnólachta iniúchóireachta, déanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an
gnólacht iniúchóireachta is déanaí atá luaite comhad aistrithe a sholáthar don
iniúchóir reachtúil nua nó don ghnólacht iniúchóireachta nua. Áireofar sa
chomhad sin faisnéis ábhartha maidir leis an eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air de réir mar is gá le réasún chun cineál ghnó an eintitis a
ndéantar iniúchóireacht air agus eagrúchán inmheánach an eintitis a ndéantar
iniúchóireacht air a thuiscint agus chun leanúnachas na hiniúchóireachta
reachtúla agus inchomparáideacht leis na hiniúchóireachtaí a rinneadh sna
blianta roimhe sin a áirithiú. Déanfaidh an seaniniúchóir reachtúil nó an
seanghnólacht iniúchóireachta rochtain a dheonú freisin don iniúchóir reachtúil
nua nó don ghnólacht iniúchóireachta nua ar na tuarascálacha breise don choiste
iniúchóireachta a bhaineann le blianta roimhe sin agus dá dtagraítear in Airteagal 23
agus ar aon fhaisnéis arna tarchur chuig údaráis inniúla de bhun Airteagal 25
agus Airteagal 27. Beidh an seaniniúchóir reachtúil nó an
seanghnólacht iniúchóireachta in ann a thaispeáint don údarás inniúil go
ndearnadh an fhaisnéis sin a sholáthar don iniúchóir reachtúil nua nó don
ghnólacht iniúchóireachta nua. 6. Déanfaidh ÚEUM
dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun ceanglais theicniúil a
shonrú maidir le hinneachar an chomhaid aistrithe dá dtagraítear i mír 6. I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán
(AE) Uimh. 1095/2010, tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na
caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 6 a ghlacadh. Airteagal 34 Cur as oifig agus éirí as oifig na n‑iniúchóirí
reachtúla nó na ngnólachtaí iniúchóireachta 1. Gan dochar d’Airteagal 38(1)
de Threoir 2006/43/CE, déanfaidh an t‑eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air agus an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht
iniúchóireachta an t‑údarás inniúil ar an eolas maidir leis an iniúchóir
reachtúil nó leis an ngnólacht iniúchóireachta a chur as oifig nó d'éirí as
oifig le linn théarma an cheapacháin agus tabharfaidh siad míniú leordhóthanach
ar na cúiseanna leis sin. I gcás ina mbeidh Ballstát tar éis údaráis inniúla
eile a cheapadh chun críche Theideal III den Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 35(2),
cuirfidh an t‑údarás inniúil sin an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig an
údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1). 2. Beidh an coiste
iniúchóireachta, scairshealbhóir amháin nó níos mó, na húdaráis inniúla dá
dtagraítear in Airteagal 35(1) nó in Airteagal 35(2) in ann éileamh a
thabhairt os comhair cúirte náisiúnta chun an t‑iniúchóir reachtúil (na
hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht iniúchóireachta (na gnólachtaí
iniúchóireachta) a chur as oifig i gcás forais chuí a bheith ann chuige sin. I gcás ina bhfuil feidhm ag an gcoinníoll a
leagtar síos in Airteagal 6(2) de Threoir 2007/36/CE, beidh feidhm
aige freisin maidir le scairshealbhóirí a fheidhmíonn an chumhacht a
thuairiscítear sa chéad fhomhír. I gcás ina ndéantar an t‑eintiteas a
ndéantar iniúchóireacht air a dhíolmhú ón oibleagáid chun coiste
iniúchóireachta a bheith aige, cinnfidh an t‑eintiteas a ndéantar
iniúchóireacht air cén comhlacht nó cén t‑orgán de chuid an eintitis a
chomhlíonfaidh feidhmeanna an choiste iniúchóireachta chun críocha na míre seo. Teideal IV Faireachas ar ghníomhaíochtaí iniúchóirí agus
gnólachtaí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireacht reachtúil ar eintitis
leasa phoiblí i gcrích CAIBIDIL I ÚDARÁIS INNIÚLA Airteagal 35 Údaráis inniúla a ainmniú 1. Ainmneoidh gach Ballstát
údarás inniúil chun na cúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i gcrích
agus chun a áirithiú go gcuirtear forálacha an Rialacháin seo i bhfeidhm. Is é a bheidh san údarás inniúil ná ceann amháin
díobh seo a leanas: (a) an t‑údarás inniúil dá dtagraítear
in Airteagal 24(1) de Threoir 2004/109.CE; (b) an t‑údarás inniúil dá dtagraítear
in Airteagal 24(4)(h) de Threoir 2004/109/CE; (c) an t‑údarás inniúil dá dtagraítear
in Airteagal 32 de Threoir 2006/43/CE. 2. De mhaolú ar mhír 1,
féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfar an fhreagracht as a áirithiú go
gcuirtear forálacha uile nó cuid d’fhorálacha Theideal III den Rialachán seo i
bhfeidhm a leagan, de réir mar is iomchuí, ar na húdaráis inniúla dá
dtagraítear sna hAirteagail seo a leanas: (a) Airteagal 24(1) de Threoir 2004/109/CE; (b) Airteagal 24(4)(h) de Threoir 2004/109/CE; (c) Airteagal 40 de Threoir 2006/48/CE; (d) Airteagal 30 de Threoir 2009/138/CE; (e) Airteagal 20 de Threoir 2007/64/CE; (f) Airteagal 3(1) de Threoir 2009/110/CE; (g) Airteagal 48 de Threoir 2004/39/CE; (h) Airteagal 97 de Threoir 2009/110/CE; (h) Airteagal 44 de Threoir 2011/61/CE. 3. I gcás ina mbeifear tar éis
níos mó ná údarás inniúil amháin a ainmniú de bhun mhír 1 agus mhír 2, déanfar
na húdaráis sin a eagrú ar shlí ina bhfuil a gcuid cúraimí cionroinnte go
soiléir. 4. Beidh mír 1, mír 2 agus mír 3
gan dochar don fhéidearthacht go ndéanfaidh Ballstát socruithe dlíthiúla agus
riaracháin ar leithligh i gcomhair críoch Eorpach thar lear a bhfuil an
Ballstát sin freagrach as a gcaidreamh seachtrach. 5. Beidh dóthain foirne ag na
húdaráis inniúla a mhéid a bhaineann le cumas agus saineolas, agus beidh
acmhainní dóthanacha acu chun bheith in ann a gcúraimí dá bhforáiltear sa
Rialachán seo, a chomhall. 6. Déanfaidh na Ballstáit
ceapadh údarás inniúil chun críocha an Rialacháin seo a chur in iúl dá chéile,
do ÚBE, do ÚEÁPC agus do ÚEUM i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de chuid
Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus
Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus cuirfidh siad an méid sin in iúl don
Choimisiún. Déanfaidh ÚEUM an fhaisnéis sin a chomhdhlúthú
agus poibleoidh sé í. Airteagal 36 Coinníollacha maidir le neamhspleáchas Beidh na húdaráis inniúla agus aon údarás a
mbeidh cúraimí tarmligthe chuige ag an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1)
neamhspleách ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta. Ní ghabhfaidh duine do rialachas na n‑údarás
sin más rud é, le linn na dtrí bliana roimhe sin: (a) gur chuir sé nó sí iniúchóireachtaí
reachtúla ar eintitis leasa phoiblí a chur i gcrích; (b) go raibh cearta vótála aige nó aici
i ngnólacht iniúchóireachta; (c) go raibh sé nó sí ina chomhalta nó
ina comhalta de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta gnólachta
iniúchóireachta; (d) go raibh sé nó sí ina fhostaí nó ina
fostaí de chuid gnólachta iniúchóireachta nó go raibh sé nó sí comhlachaithe ar
shlí eile le gnólacht iniúchóireachta. Beidh maoiniú na n‑údarás sin daingean
agus saor ó aon tionchar ionchasach míchuí ó iniúchóirí reachtúla agus ó
ghnólachtaí iniúchóireachta. Airteagal 37 Rúndacht ghairmiúil Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta
gairmiúla maidir le gach duine atá nó a bhí ar fostú ag údaráis inniúla nó ag
aon údarás ar chuige a rinne an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1)
cúraimí a tharmligean, lena n‑áirítear saineolaithe atá ar fostú faoi
chonradh ag údaráis den sórt sin. Ní fhéadfar aon fhaisnéis atá clúdaithe faoi
rúndacht ghairmiúil a nochtadh d’aon duine eile ná d’aon údarás eile ach amháin
de bhua oibleagáidí an Rialacháin seo nó de bhua dlíthe, rialachán nó nósanna
imeachta riaracháin de chuid Ballstáit. Airteagal 38 Cumhachtaí na n‑údarás inniúil 1. Gan dochar d’Airteagal 40
ná d’Airteagal 41, le linn a gcúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích,
ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla nó aon údaráis inniúla eile de chuid
Ballstáit cur isteach ar inneachar tuarascálacha iniúchóireachta. 2. Ionas go ndéanfaidh siad a
gcuid dualgas faoin Rialachán seo a fheidhmiú, agus i gcomhréir leis an dlí
náisiúnta, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe ar fad ag údaráis
inniúla a bheidh de dhíth orthu chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú.
Feidhmeoidh siad a gcuid cumhachtaí ar aon cheann de na slite seo a leanas: (a) trí fheidhm dhíreach; (b) i gcomhar le húdaráis eile; (c) faoina bhfreagracht féin, trí tharmligean
a dhéanamh chuig eintitis a bhfuil cúraimí tarmligthe chucu de réir Airteagal 35(1);
(d) trí iarratas a chur isteach chuig na
húdaráis bhreithiúnacha inniúla. 3. Chun a gcúraimí a chur i
gcrích faoin Rialachán seo, beidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla, i
gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chun an méid seo a leanas a dhéanamh ina gcáil
mhaoirseachta: (a) rochtain a fháil ar aon doiciméad in aon
fhoirm atá ábhartha maidir le cur i gcrích a gcúraimí agus cóip d’aon doiciméad
den sórt sin a fháil nó a thógáil; (b) faisnéis a éileamh ó dhuine ar bith agus,
más gá, duine a thoghairm agus ceisteanna a chur air nó uirthi d'fhonn faisnéis
a fháil; (c) tabhairt faoi chigireachtaí ar an láthair
le fógra nó dá uireasa; (d) taifid ar thrácht teileafóin agus ar
thrácht sonraí a phróiseálann iniúchóirí reachtúla agus gnólachta
iniúchóireacht a éileamh; (e) nithe a tharchur i gcomhair ionchúisimh
choiriúil; (f) a iarraidh ar shaineolaithe fíorúcháin
nó imscrúdúcháin a dhéanamh; (g) na bearta riaracháin agus na
smachtbhannaí dá dtagraítear in Airteagal 61 a chur i bhfeidhm. Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí dá
dtagraítear sa chéad fhomhír a úsáid ach amháin i ndáil le hiniúchóirí
reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireacht reachtúil
i gcrích ar eintitis leasa phoiblí, i ndáil le daoine a ghabhann do
ghníomhaíochtaí iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a
chuireann iniúchóireacht reachtúil i gcrích ar eintitis leasa phoiblí, i ndáil
le heintitis a ndéantar iniúchóireacht orthu, lena gcomhlaigh agus le tríú
páirtithe gaolmhara, i ndáil le tríú páirtithe a bhfuil feidhmeanna nó
gníomhaíochtaí áirithe eisfhoinsithe chucu ag na hiniúchóirí reachtúla agus ag
na gnólachtaí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireacht reachtúil i gcrích ar
eintitis leasa phoiblí, agus i ndáil le daoine atá gaolmhar nó bainteach ar
shlí eile le hiniúchóirí reachtúla agus le gnólachtaí iniúchóireachta a
chuireann iniúchóireacht reachtúil i gcrích ar eintitis leasa phoiblí. 3.
Chun iarraidh a dhéanamh ar thaifid ar thrácht
teileafóin nó ar thrácht sonraí, ar iarraidh í dá dtagraítear i mír 3, beidh gá
le húdarú ó údarás breithiúnach. 5. I gcás
ina bhfuil ceangal faoin dlí náisiúnta ar chomharchumann de réir bhrí Airteagal 2(14)
de Threoir 2006/43/CE nó ar eintiteas comhchosúil dá dtagraítear in Airteagal 45
de Threoir 86/635/CEE bheith ina bhall d'eintiteas iniúchóireachta
neamhbhrabhúsmhar, féadfaidh an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1)
cinneadh a dhéanamh nach mbeidh feidhm ag forálacha áirithe atá leagtha amach
faoin Rialachán seo maidir leis an iniúchóireacht reachtúil ar an eintiteas sin
ar chuntar go bhfuil na prionsabail maidir le neamhspleáchas atá leagtha síos i
gCaibidil I den Rialachán seo á gcomhlíonadh ag an iniúchóir reachtúil atá ag
déanamh na hiniúchóireachta reachtúla agus ag daoine a d'fhéadfadh tionchar a
imirt ar an iniúchóireacht reachtúil. Chun críocha cinneadh a dhéanamh maidir
leis an gcás eisceachtúil gan forálacha áirithe an Rialacháin seo a chur i
bhfeidhm, rachaidh an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1)
i gcomhairle le húdarás maoirseachta an chomharchumainn nó le húdarás
maoirseachta an eintitis chomhchosúil nuair is iomchuí. Déanfaidh
an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 35(1) ÚEUM a chur ar
an eolas maidir leis na cásanna eisceachtúla sin nach gcuirtear forálacha
áirithe den Rialachán seo i bhfeidhm iontu. Cuirfidh an t‑údarás inniúil
chuig ÚEUM liosta na bhforálacha den Rialachán seo nár cuireadh i bhfeidhm
maidir leis an iniúchóireacht reachtúil ar na heintitis dá dtagraítear i mír 5
agus na cúiseanna a thug údar le gan iad a chur i bhfeidhm. 6. Is i gcomhréir le
Treoir 95/46/CE a dhéanfar próiseáil sonraí pearsanta a phróiseáiltear i
bhfeidhmiú na gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin de bhun an Airteagail
seo. Airteagal 39 Comhar le húdaráis inniúla eile ar an
leibhéal náisiúnta Déanfaidh an t‑údarás inniúil a
ainmneofar de bhun Airteagal 35(1) agus, i gcás inarb iomchuí, aon údarás
a mbeidh cúraimí tarmligthe chuige ag an údarás inniúil sin, comhoibriú leo seo
a leanas ar an leibhéal náisiúnta: (a) na húdaráis inniúla atá freagrach as
formheas agus clárú iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta de
bhun Threoir 2006/43/CE; (b) na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 35(2),
cibé acu a bhí siad, nó nach raibh siad, ina n‑údaráis inniúla chun
críocha an Rialacháin seo; (c) na haonaid um fhaisnéis airgeadais
agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 21 agus 37 de Threoir 2005/60/CE. CAIBIDIL II DEIMHNIÚ CÁILÍOCHTA, IMSCRÚDÚCHÁN,
FAIREACHÁN MARGAIDH, PLEANÁIL THEAGMHASACH AGUS TRÉDHEARCACHT CHÚRAIMÍ NA
nÚDARÁS INNIÚIL Airteagal 40 Deimhniú Cáilíochta 1. Chun críocha an Airteagail
seo: (a) ciallaíonn "cigireachtaí”
athbhreithnithe, ó thaobh deimhnithe cáilíochta de, ar iniúchóirí reachtúla
agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta, ar athbhreithnithe iad a dhéantar faoi
cheannas cigire agus nach ionann iad agus imscrúdúchán de réir bhrí Airteagal 41;
(b) ciallaíonn “cigire” athbhreithnitheoir a
chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i bpointe (a) den dara fomhír de
mhír 3 den Airteagal eo agus atá ar fostú ag údarás inniúil; (c) ciallaíonn “saineolaí” duine nádúrtha ag
a bhfuil saineolas sonrach maidir le margaí airgeadais, tuairisciú airgeadais,
iniúchóireacht nó réimsí eile atá ábhartha i ndáil le cigireachtaí, lena n‑áirítear
iniúchóirí reachtúla cleachtacha. 2. Déanfaidh na húdaráis inniúla
dá dtagraítear in Airteagal 35(1) córas éifeachtach a bhunú maidir le
deimhniú cáilíochta iniúchóireachta. Uair amháin ar a laghad gach trí bliana, déanfaidh
an t‑údarás inniúil athbhreithnithe, ó thaobh deimhnithe cáilíochta de,
ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann
iniúchóireachtaí ar eintitis leasa phoiblí 3. Beidh an t‑údarás
inniúil freagrach as an gcóras deimhnithe cáilíochta agus eagróidh sé é ar shlí
atá neamhspleách ar na hiniúchóirí reachtúla agus ar na gnólachtaí
iniúchóireachta a ndéantar athbhreithniú orthu. Beidh na freagrachtaí seo a leanas ar an údarás
inniúil agus ní fhéadfar na freagrachtaí sin a tharmligean chuig aon
chomhlachas nó chuig aon chomhlacht atá cleamhnaithe leis an ngairm
chuntasaíochta nó iniúchóireachta: (a) formheas agus leasú na modheolaíochtaí
cigireachta, lena n‑áirítear lámhleabhair chigireachta agus gníomhartha a
leanfaidh as cigireacht, na modheolaíochtaí tuairiscithe agus na cláir
chigireachta tréimhsiúla; (b) formheas agus leasú tuarascálacha
cigireachta agus tuarascálacha ar ghníomhartha a leanfaidh as cigireacht; (c) formheas agus sannadh cigirií le haghaidh
gach cigireachta. Déanfaidh an t‑údarás inniúil dóthain
acmhainní a chionroinnt don chóras deimhnithe cáilíochta. 4. Áiritheoidh an t‑údarás
inniúil go ndéanfar beartais agus nósanna imeachta iomchuí a bhaineann le
neamhspleáchas agus oibiachtúlacht na foirne, lena n‑áirítear cigirí,
agus le bainistiú an chórais chigireachta a chur i bhfeidhm. Comhlíonfaidh an t‑údarás inniúil na critéir
seo a leanas nuair a bheidh cigirí á gceapadh: (a) beidh oideachas iomchuí gairmiúil agus
taithí ábhartha ag cigirí i dtaca le hiniúchóireacht reachtúil agus le
tuairisciú airgeadais, mar aon le hoiliúint shonrach maidir le hathbhreithnithe
deimhnithe cáilíochta; (b) ní cheadófar do dhuine ar iniúchóir
reachtúil cleachtach é nó í nó atá ar fostú ag iniúchóir reachtúil nó ag
gnólacht iniúchóireachta, nó atá comhlachaithe ar shlí eile le hiniúchóir
reachtúil nó le gnólacht iniúchóireachta, gníomhú mar chigire; (c) ní cheadófar do dhuine gníomhú mar
chigire i gcigireacht ar an iniúchóir reachtúil nó ar an ngnólacht
iniúchóireachta go dtí go mbeidh dhá bhliain ar a laghad inithe in éag ón tráth
ar scoir an duine sin de bheith ina chomhpháirtí nó ina comhpháirtí nó ina
fhostaí nó ina fostaí de chuid an iniúchóra sin nó an ghnólachta
iniúchóireachta sin nó sa ghnólacht iniúchóireachta sin nó de bheith
comhlachaithe ar shlí eile leis an iniúchóir sin nó leis an ngnólacht
iniúchóireachta sin; (d) dearbhóidh cigirí nach bhfuil aon
coimhlintí leasa idir iad agus an t‑iniúchóir reachtúil agus an gnólacht
iniúchóireachta a bhfuil cigireacht le déanamh air. Féadfaidh an t‑údarás inniúil saineolaithe a
fháil ar chonradh chun cigireachtaí sonracha a chur i gcrích nuair nach leor an
líon cigirí atá ann laistigh den údarás. Féadfaidh an t‑údarás inniúil
cúnamh a fháil ó shaineolaithe freisin nuair tá sé sin riachtanach i ndáil le
seoladh cuí cigireachta. In imthosca den sórt sin, comhlíonfaidh na húdaráis
inniúla agus na saineolaithe ceanglais na míre seo. Beidh saineolaithe
neamhspleách ar chomhlachais ghairmiúla agus ar chomhlachtaí gairmiúla. 5. Clúdóidh raon feidhme
cigireachtaí an méid seo a leanas: (a) measúnú ar dhearadh córas inmheánach
rialaithe cáilíochta an ghnólachta iniúchóireachta nó an iniúchóra reachtúil; (b) tástáil dhóthanach maidir le comhlíonadh
ó thaobh nósanna imeachta agus athbhreithniú ar chomhaid iniúchóireachta
eintiteas leasa phoiblí chun éifeachtacht an chórais inmheánaigh rialaithe
cáilíochta a fhíorú; (c) i bhfianaise chinntí na cigireachta faoi
phointe (a) agus faoi phointe (b) den mhír seo, measúnú ar inneachar na
tuarascála bliantúla trédhearcachta is déanaí arna foilsiú ag iniúchóir
reachtúil nó ag gnólacht iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 27. Ar a laghad, déanfar na beartais rialaithe
inmheánaigh agus na nósanna imeachta seo a leanas de chuid an iniúchóra
reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta a athbhreithniú: (a) comhlíonadh caighdeán infheidhme maidir
le hiniúchóireacht agus rialú cáilíochta, agus comhlíonadh ceanglas maidir le
heitic neamhspleáchas, ag an iniúchóir reachtúil nó ag an ngnólacht
iniúchóireachta, lena n‑áirítear na caighdeáin agus na ceanglais sin a
bhaineann le Caibidil IV de Threoir 2006/43/CE agus le hAirteagal 5
go hAirteagal 10 den Rialachán seo, chomh maith le dlíthe, rialacháin agus
forálacha riaracháin ábhartha de chuid na mBallstát lena mbaineann a
chomhlíonadh; (b) cainníocht agus cáilíocht na n‑acmhainní
a úsáidtear, lena n‑áirítear comhlíonadh ceanglas maidir le hoideachas de
réir mar a leagtar amach in Airteagal 13 de Threoir 2006/43/CE; (c) comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach
in Airteagal 9 i ndáil leis na táillí iniúchóireachta a mhuirearaítear. Chun críocha na tástála ar chomhlíonadh, déanfar
cuid shuntasach ar a laghad de na comhaid iniúchóireachta a roghnú ar bhonn
anailíse ar an riosca go ndearnadh an iniúchóireacht reachtúil a chur i gcrích
ar shlí neamhdhóthanach. Déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú
tréimhsiúil freisin ar na modheolaíochtaí arna n‑úsáid ag iniúchóirí
reachtúla agus ag gnólachtaí iniúchóireachta chun iniúchóireacht reachtúil a
chur i gcrích. Beidh cigireachtaí iomchuí agus comhréireach i
bhfianaise scála agus chastacht ghníomhaíochtaí an ghnólachta iniúchóireachta
nó an iniúchóra reachtúil a ndéantar athbhreithniú air nó uirthi. 6. Sula ndéanfar bailchríoch a
chur ar thuarascáil chigireachta, déanfar cinntí agus conclúidí cigireachtaí ar
a mbunaítear moltaí, lena n‑áirítear cinntí agus conclúidí a bhaineann le
tuarascáil trédhearcachta, a chur in iúl don iniúchóir reachtúil nó don
ghnólacht iniúchóireachta agus pléifear na cinntí agus na conclúidí sin leis an
iniúchóir reachtúil nó leis an ngnólacht iniúchóireachta. Déanfaidh an t‑iniúchóir reachtúil nó an
gnólacht iniúchóireachta a ndéantar cigireacht air nó uirthi gníomhartha a chur
i gcrích laistigh de thréimhse arna socrú ag údarás inniúil ar gníomhartha iad
a leanann as moltaí cigireachtaí. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 12
mhí i gcás moltaí faoi chóras inmheánach rialaithe cáilíochta an ghnólachta
iniúchóireachta. 7. Beidh an chigireacht ina
hábhar le haghaidh tuarascála ina mbeidh príomhchonclúidí an athbhreithnithe
deimhnithe cáilíochta. Airteagal 41 Imscrúdúchán Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear
in Airteagal 35(1) córais éifeachtacha imscrúdúcháin a bhunú d’fhonn cur i
gcrích neamhdhóthanach na hiniúchóireachta reachtúla ar eintitis leasa phoiblí
a bhrath, a cheartú agus a chosc. I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil
saineolaithe ar chonradh chun tascanna sonracha a chur i gcrích, áiritheoidh an
t‑údarás nach bhfuil aon choimhlintí leasa ann idir na saineolaithe sin
agus an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a ndéantar
imscrúdúchán air nó uirthi. Airteagal 42 Monatóireacht ar an margadh 1. Déanfaidh na húdaráis inniúla
dá dtagraítear in Airteagal 35(1) faireachán go rialta ar na forbairtí sa
mhargadh ina soláthraítear seirbhísí iniúchóireachta reachtúla d’eintitis leasa
phoiblí. Go háirithe, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú
ar na nithe seo a leanas: (a) rioscaí a éiríonn as ard-chomhdhlúthacht,
lena n‑áirítear scor gnólachtaí iniúchóireachta ag a bhfuil sciar
shuntasach den mhargadh, as saobhadh maidir le soláthar seirbhísí
iniúchóireachta reachtúla, cibé acu in earnáil shonrach nó thar earnálacha
éagsúla, as carnadh eile rioscaí sa mhargadh agus as an tionchar ar
chobhsaíocht fhoriomlán na hearnála airgeadais; (b) an gá le bearta a ghlacadh chun na
rioscaí sin a mhaolú. 2. Faoin X X 20XX [2 bhliain
tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin], agus ar bhonn dhá bhliain ar a
laghad dá éis sin, déanfaidh gach údarás inniúil tuarascáil a tharraingt suas
maidir leis a tsaincheist seo agus an tuarascáil sin a thíolacadh do ÚEUM, do
ÚBE agus do ÚEÁPC. Déanfaidh ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC na tuarascálacha
sin a úsáid chun tuarascáil chomhpháirteach a tharraingt suas maidir leis an
staid ar leibhéal an Aontais. Tíolacfar an tuarascáil don Choimisiún, don Bhanc
Ceannais Eorpach agus don Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach. Airteagal 43 Pleanáil theagmhasach 1. Gan dochar d’Airteagal 52,
déanfaidh údaráis inniúla arna n‑ainmniú de bhun Airteagal 35(1) a
cheangal ar na sé ghnólacht iniúchóireachta is mó ar a laghad, i dtéarmaí
iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis mhóra leasa phoiblí, i ngach Ballstát ar
leith, plean teagmhasach a bhunú trína dtugtar aghaidh ar imeacht ionchasach a
d’fhéadfadh bagairt a dhéanamh ar leanúnachas oibríochtaí an ghnólachta lena
mbaineann. Déanfaidh an t‑údarás inniúil liosta de na
gnólachtaí a mbaineann an chéad fhomhír leo a phoibliú agus déanfaidh sé an
liosta sin a uasdátú ar bhonn bliantúil. Déanfaidh an t‑údarás inniúil an
fhaisnéis arna soláthar ag iniúchóirí reachtúla agus ag gnólachtaí
iniúchóireachta de bhun Airteagal 28 a úsáid chun a ríomh cad iad na sé
ghnólacht iniúchóireachta is mó. 2. Sna pleananna teagmhasacha,
sainaithneofar bearta chun saobhadh ar sholáthar seirbhísí iniúchóireachta
reachtúla d’eintitis leasa phoiblí a sheachaint, chun éifeacht na tógálachta
mar thoradh ar rioscaí i dtaobh dliteanas nó clú, i gcás gnólachtaí iniúchóireachta
eile cibé is cuid den ghréasán céanna iad nó nach ea, a chosc, agus chun
carnadh struchtúrach eile rioscaí sa mhargadh a chosc. Léireofar an méid seo a leanas sa phlean
teagmhasach: (a) an leibhéal dliteanais a bhfuil gach
comhpháirtí faoina réir laistigh den ghnólacht iniúchóireachta; (b) A mhéid is féidir le dliteanas dlíthiúil
leathadh chuig gnólachtaí iniúchóireachta eile ar cuid den ghréasán céanna iad,
ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal
idirnáisiúnta. 3. Gan dochar do na dlíthe
náisiúnta infheidhme maidir le dócmhainneacht, féadfaidh údaráis inniúla a
cheangal go sonrach go ndéanfar bearta a shainaithint sna pleananna
teagmhasacha chun teip ordúil an ghnólachta lena mbaineann a ullmhú. 4. Déanfaidh na gnólachtaí
iniúchóireachta lena mbaineann a bpleananna teagmhasacha faoi seach a
thíolacadh do na húdaráis inniúla laistigh d'amscála arna shocrú ag na húdaráis
inniúla. Déanfar na pleananna teagmhasacha a uasdátú de réir mar is iomchuí. Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla na pleananna
teagmhasacha a fhormheas go foirmiúil ná ní thacóidh siad leo go foirmiúil.
Féadfaidh siad tuairim a sholáthar, áfach, faoi na pleananna teagmhasacha nó
faoi dhréachtphleananna teagmhasacha i gcás ina rachaidh na gnólachtaí iniúchóireachta
i gcomhairle leo roimh ré. Airteagal 44 Trédhearcacht Údarás Inniúil Beidh údaráis inniúla trédhearcach agus
foilseoidh siad na nithe seo a leanas ar a laghad: (a) tuarascálacha bliantúla
gníomhaíochta maidir leis na cúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo; (b) cláir bhliantúla oibre maidir leis
na cúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo; (c) tuarascáil maidir le torthaí
foriomlána an chórais deimhnithe cáilíochta, ar bhonn bliantúil. Áireofar sa
tuarascáil sin faisnéis faoi mholtaí a eisítear, gníomhartha a leanann as na
moltaí, bearta maoirseachta a dhéantar agus pionóis a fhorchuirtear. Áireofar
inti freisin faisnéis chainníochtúil agus faisnéis thábhachtach feidhmíochta
eile maidir le hacmhainní airgeadais agus faoin líon foirne, agus faoi éifeachtúlacht
agus éifeachtacht an chórais deimhnithe cáilíochta; (d) cinntí agus conclúidí na
gcigireachtaí, dá dtagraítear in Airteagal 40(6). CAIBIDIL III COMHOIBRIÚ IDIR ÚDARÁIS INNIÚLA AGUS
CAIDREAMH LEIS NA hÚDARÁIS EORPACHA MAOIRSEACHTA Airteagal 45 Oibleagáid an chomhair Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát
lena chéile i gcás inar gá sin chun críocha an Rialacháin seo, lena n‑áirítear
cásanna nach amhlaidh ina leith gurb ionann an t‑iompraíocht atá faoi
imscrúdú agus sárú ar aon fhoráil reachtach nó rialála atá i bhfeidhm sa
Bhallstát lena mbaineann. Airteagal 46 ÚEUM 1. Déanfar an comhoibriú idir
údaráis inniúla a eagrú faoi chuimsiú ÚEUM. Chuige sin, cruthóidh ÚEUM coiste inmheánach buan
de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Beidh an
coiste inmheánach sin comhdhéanta ar a laghad de na húdaráis inniúla dá
dtagraítear in Airteagal 35(1) den Rialachán seo. Iarrfar ar na húdaráis
inniúla dá dtagraítear in Airteagal 32 de Threoir 2006/43/CE freastal
ar chruinnithe an choiste inmheánaigh sin a bhaineann le nithe i dtaca le
formheas agus clárú iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta agus i
dtaca le caidreamh le tríú tíortha a mhéid atá ábhartha i ndáil le
hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí. Comhoibreoidh ÚEUM le ÚBE agus le ÚEÁPC faoi
chuimsiú Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach arna bhunú in Airteagal 54
de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ÚEUM gach cúram atá ann cheana agus gach
cúram leanúnach a ghlacadh chuige féin ón nGrúpa Eorpach Comhlachtaí
Formhaoirseachta Iniúchóireachta (GECFI) arna chruthú le Cinneadh 2005/909/CE. 2. Cuirfidh ÚEUM comhairle ar
fáil do na húdaráis inniúla, sna cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
Déanfaidh na húdaráis inniúla an chomhairle sin a mheas sula nglactar cinneadh
críochnaitheach ar bith faoin Rialachán seo. 3. Chun feidhmiú na gcúraimí dá
dtagraítear sa Rialachán seo, déanfaidh ÚEUM, i gcomhréir le hAirteagal 16
de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, treoirlínte ar na nithe seo a leanas a
eisiúint de réir mar is iomchuí: (a) caighdeáin chomhchoiteanna maidir le
hinneachar agus tíolacadh na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 22; (b) caighdeáin chomhchoiteanna maidir le
hinneachar agus tíolacadh na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 23; (c) caighdeáin chomhchoiteanna maidir le
gníomhaíocht fhormhaoirseachta an choiste iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 24; (d) caighdeáin chomhchoiteanna agus
dea-chleachtais maidir le hinneachar agus tíolacadh na tuarascála dá
dtagraítear in Airteagal 27, lena n‑áirítear an ráiteas dá
dtagraítear in Airteagal 28; (e) caighdeáin chomhchoiteanna agus
dea-chleachtais maidir leis an sásra sealaíochta comhleanúnaí dá dtagraítear in
Airteagal 33; (f) caighdeáin chomhchoiteanna agus
dea-chleachtais maidir le cur as oifig iniúchóirí, go háirithe maidir le forais
chuí a bheith ann ina leith sin, ar ní é sin dá dtagraítear in Airteagal 34; (g) cleachtais agus gníomhaíochtaí
forghníomhaithe a bheidh le déanamh ag na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo; (h) caighdeáin chomhchoiteanna agus
dea-chleachtais maidir le seoladh athbhreithnithe deimhnithe cáilíochta dá
bhforáiltear in Airteagal 40, agus an méid seo a leanas go háirithe á chur
san áireamh: (i) scála agus méid éagsúil na gníomhaíochta
dá ngabhann iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí reachtúla agus scála agus méid
éagsúil beartas; (ii) comhchoitiantacht na gcaighdeán
cáilíochta, na mbeartas agus na nósanna imeachta lena gcloíonn comhaltaí de
chuid gréasán iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta; (i) caighdeáin chomhchoiteanna agus
dea-chleachtais maidir le himscrúdúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 41 a
sheoladh; (j) nósanna imeachta maidir le malartú
faisnéise dá bhforáiltear Airteagal 49; (k) nósanna imeachta agus modhanna oibre
maidir le hathbhreithnithe deimhnithe cáilíochta dá bhforáiltear in Airteagal 49; (l) nósanna imeachta agus rialacha
mionsonraithe maidir le himscrúdúcháin agus cigireachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 51; (m) feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí dá
bhforáiltear in Airteagal 53, lena n‑áirítear na rialacha
mionsonraithe maidir le comhaltas na gcoláistí a chinneadh, roghnú
éascaitheoirí, na socruithe i scríbhinn maidir le hoibriú na gcoláistí agus na
socruithe comhordúcháin idir coláistí. Sula n‑eiseoidh sé na treoirlínte dá
dtagraítear sa chéad fhomhír, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le ÚBE agus le ÚEÁPC. 4. Faoin X X 20XX [ceithre
bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin], agus ar bhonn dhá bhliain
ar a laghad dá éis sin, ullmhóidh ÚEUM tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an
Rialacháin seo. Sula bpoibleoidh sé a thuarascáil, rachaidh ÚEUM i
gcomhairle le ÚBE agus le ÚEÁPC. Sa chéad tuarascáil ó ÚEUM atá le hullmhú faoin X
X 20XX 20XX [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin], déanfaidh
ÚEUM athbhreithniú ar struchtúr an mhargaidh iniúchóireachta. Chun críocha an athbhreithnithe sin scrúdóidh ÚEUM
an tionchar atá ag córais shibhialta na mBallstát i leith iniúchóirí ar
struchtúr an mhargaidh iniúchóireachta. I dtuarascáil atá le hullmhú faoin X X 20XX [ceithre
bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin], déanfar scrúdú i dtaobh
an bhfuil dóthain cumhachtaí ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 35(1)
agus an bhfuil acmhainní dóthanacha acu chun a gcúraimí a chur i gcrích. I dtuarascáil atá le hullmhú faoin X X 20XX [sé
bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse], déanfaidh sé scrúdú i dtaobh
na saincheisteanna seo a leanas: (a) na hathruithe ar struchtúr an mhargaidh
iniúchóireachta; (b) na hathruithe ar na pátrúin gníomhaíochta
trasteorann, lena n‑áirítear mar thoradh ar na hathruithe a thugtar
isteach i gCaibidil II de Threoir 2006/43/CE le
Treoir xxxx/xx/AE; (c) measúnú eatramhach ar fheabhsú na
cáilíochta iniúchóireachta agus ar thionchar an Rialacháin seo ar fhiontair
bheaga agus mheánmhéide ar eintitis leasa phoiblí iad. I dtuarascáil atá le hullmhú faoin X X 20XX [dhá
bhliain déag tar éis dheireadh na hidirthréimhse], déanfaidh ÚEUM
meastóireacht ar thionchar an Rialacháin seo. 5. Roimh an X X 20XX [trí
bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin] tíolacfaidh an Coimisiún
tuarascáil, ar bhonn thuarascálacha ÚEUM agus ar bhonn fianaise eile iomchuí,
ar an tionchar atá ag na rialacha náisiúnta maidir le dliteanas iniúchóirí
reachtúla ar an margadh iniúchóireachta. I bhfianaise chinntí na tuarascála
sin, déanfaidh an Coimisiún na bearta a mheasann sé bheith iomchuí. Airteagal 47 An prionsabal a bhaineann leis an mBallstát
Baile 1. Urramóidh na Ballstáit an
prionsabal a bhaineann le rialáil ag an mBallstát Baile agus le formhaoirseacht
ag an mBallstát ina bhfuil an t‑iniúchóir reachtúil nó an gnólacht
iniúchóireachta arna fhormheas agus ina bhfuil oifig chláraithe an eintitis a
ndéantar iniúchóireacht air suite. 2. I gcás iniúchóireachta
reachtúla ar ráitis chomhdhlúite airgeadais, ní fhéadfaidh an Ballstát a
éilíonn an iniúchóireacht reachtúil ar na ráitis chomhdhlúite airgeadais
ceanglais bhreise i ndáil leis an iniúchóireacht reachtúil, ar ceanglais iad a
bhaineann le clárú, le hathbhreithniú deimhnithe cáilíochta, le caighdeáin iniúchóireachta,
le heitic ghairmiúil agus le neamhspleáchas, a fhorchur ar iniúchóir reachtúil
ná ar ghnólacht iniúchóireachta a bhfuil iniúchóireacht reachtúil á cur i
gcrích aige nó aici ar fhochuideachta arna bunú i mBallstát eile. 3. I gcás gnóthais a ndéantar a n‑urrúis
a thrádáil ar mhargadh rialáilte i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil
oifig chláraithe an ghnóthais sin suite, ní fhéadfaidh an Ballstát ina ndéantar
na hurrúis a thrádáil aon cheanglais bhreise i ndáil leis an iniúchóireacht
reachtúil, ar ceanglais iad a bhaineann le clárú, le hathbhreithniú deimhnithe
cáilíochta, le caighdeáin iniúchóireachta, le heitic ghairmiúil agus le
neamhspleáchas, a fhorchur ar iniúchóir reachtúil ná ar ghnólacht
iniúchóireachta a bhfuil iniúchóireacht reachtúil á cur i gcrích aige nó aici
ar ráitis bhliantúla airgeadais nó ar ráitis chomhdhlúite airgeadais an
ghnóthais sin. Airteagal 48 Malartú faisnéise 1. Déanfaidh na húdaráis inniúla
dá dtagraítear in Airteagal 35, gan aon mhoill mhíchuí, an fhaisnéis a éilítear
chun a gcúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo a sholáthar dá chéile agus
do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha ábhartha. 2. Nuair atá iarraidh ar
fhaisnéis á glacadh ó údarás inniúil eile nó ó Údarás Maoirseachta Eorpach,
déanfaidh an t‑údarás a mbeidh an iarraidh á glacadh aige, na bearta
riachtanacha a dhéanamh, gan aon mhoill mhíchuí, chun an fhaisnéis a iarrtar a
bhailiú. Más rud é nach bhfuil an t‑údarás inniúil iarrtha in ann an
fhaisnéis a iarrtar a sholáthar gan aon mhoill mhíchuí, déanfaidh sé na
cúiseanna atá leis sin a chur in iúl don údarás inniúil iarrthach. 3. Féadfaidh na húdaráis inniúla
diúltú gníomhú de réir iarrata ar fhaisnéis in aon cheann de na himthosca seo a
leanas: (a) go bhféadfadh sé tarlú go ndéanfaí difear
dochrach do cheannasacht, do shlándáil nó d’ord poiblí an Bhallstáit iarrtha,
nó go ndéanfaí rialacha náisiúnta um urrúis a shárú, dá soláthrófaí faisnéis; (b) go bhfuiltear tar éis imeachtaí
breithiúnacha i leith na gcaingne céanna agus i gcoinne na n‑iniúchóirí
reachtúla nó na ngnólachtaí iniúchóireachta céanna a thionscnamh cheana féin os
comhair údaráis an Bhallstáit iarrtha; (c) go bhfuil údaráis inniúla an Bhallstáit
iarrtha tar éis breithiúnas críochnaitheach a thabhairt cheana féin i leith na
gcaingne céanna agus i gcoinne na n‑iniúchóirí reachtúla nó na
ngnólachtaí iniúchóireachta céanna. Gan dochar do na hoibleagáidí a bhfuil siad faoina
réir in imeachtaí breithiúnacha, ní fhéadfaidh údaráis inniúla ná na hÚdaráis
Mhaoirseachta Eorpacha a fhaigheann faisnéis de bhun mhír 1 an fhaisnéis sin a
úsáid ach amháin chun a gcúraimí a fheidhmiú laistigh de raon feidhme an
Rialacháin seo agus i gcomhthéacs imeachtaí riaracháin nó imeachtaí
breithiúnacha a bhaineann go sonrach le feidhmiú na gcúraimí sin. 4. Féadfaidh na húdaráis inniúla
faisnéis rúnda atá beartaithe lena húsáid i ndáil le comhlíonadh a gcúraimí a
tharchur chuig na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar
eintitis leasa phoiblí, chuig bainc cheannais, chuig Córas Eorpach na mBanc Ceannais
agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach, ina gcáil mar údaráis airgeadaíochta,
agus chuig an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach. Ní choiscfear ar na húdaráis
sin faisnéis a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ó na húdaráis inniúla chun a
ndualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo a chur in iúl do na húdaráis
inniúla. Airteagal 49 Comhoibriú maidir le hathbhreithnithe
deimhnithe cáilíochta 1. Déanfaidh údaráis inniúla
bearta chun comhoibriú éifeachtach a áirithiú ag leibhéal an Aontais i leith
athbhreithnithe deimhnithe cáilíochta. 2. Féadfaidh údarás inniúil
Ballstáit amháin cúnamh a iarraidh ar údarás inniúil Ballstáit eile maidir leis
na hathbhreithnithe deimhnithe cáilíochta a dhéantar ar iniúchóirí reachtúla nó
ar ghnólachtaí iniúchóireachta ar cuid de ghréasán a fheidhmíonn gníomhaíochtaí
suntasacha sa Bhallstát sin iad. Déanfaidh an t‑údarás inniúil a mbeidh aon
iarraidh den sórt sin á déanamh aige ÚEUM a chur ar an eolas ina leith sin. I
gcás imscrúdúcháin nó cigireachta lena ngabhann éifeacht trasteorann, féadfaidh
na húdaráis inniúla a iarraidh ar ÚEUM comhordú a dhéanamh ar an imscrúdúchán
nó ar an gcigireacht. 3. I gcás ina bhfaighidh údarás
inniúil iarraidh ó údarás inniúil Ballstáit eile chun bheith páirteach in
athbhreithniú deimhnithe cáilíochta ar iniúchóirí reachtúil nó ar ghnólacht
iniúchóireachta ar cuid de ghréasán a fheidhmíonn gníomhaíochtaí suntasacha sa
Bhallstát sin é nó í, ceadóidh sé don údarás inniúil iarrthach a bheith
páirteach san athbhreithniú deimhnithe cáilíochta sin. Ní bheidh an ceart ag an údarás inniúil iarrthach
chun rochtain a fháil ar fhaisnéis a d’fhéadfadh difear dochrach a dhéanamh do
cheannasacht, do shlándáil nó d’ord poiblí an Bhallstáit iarrtha nó a
d’fhéadfadh rialacha náisiúnta um urrúis a shárú. Airteagal 50 Deimhniú Cáilíochta Eorpach 1. Bunóidh ÚEUM deimhniú
cáilíochta Eorpach le haghaidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí
iniúchóireachta a chuireann iniúchóireachtaí reachtúla i gcrích ar eintitis
leasa phoiblí. Comhlíonfaidh an deimhniú cáilíochta Eorpach na
coinníollacha seo a leanas: (a) is é ÚEUM a sholáthróidh an deimhniú
cáilíochta Eorpach agus beidh an deimhniú sin bailí ar fud an Aontais; (b) beidh iniúchóirí agus gnólachtaí
iniúchóireachta de chuid an Aontais a chomhlíonann na ceanglais ábhartha i
dTeideal Iarratas a dhéanamh ar an deimhniú cáilíochta Eorpach; (c) foilseoidh ÚEUM na ceanglais ar dá réir a
gheofar an deimhniú cáilíochta Eorpach. Beidh na ceanglais sin bunaithe ar
cháilíocht iniúchóireachta agus ar thaithí na gcóras deimhnithe cáilíochta dá
dtagraítear in Airteagal 30 de Threoir 2006/43/CE agus in Airteagal 40
den Rialachán seo; (d) muirearóidh ÚEUM táillí ar na hiniúchóirí
reachtúla agus ar na gnólachtaí iniúchóireachta is iarratasóirí as an deimhniú
cáilíochta Eorpach a sholáthar i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá
dtagraítear i mír 4 den Airteagal eo. Clúdóidh na táillí sin go hiomlán
caiteachas riachtanach ÚEUM i ndáil leis an deimhniú a sholáthar agus i ndáil
le haisíoc aon chostas a thabhóidh na húdaráis inniúla le linn obair a chur i
gcrích de bhun an Airteagail seo; (e) luafaidh ÚEUM na cúiseanna leis an
deimhniú a sholáthar nó le diúltú don iarratas; (f) déanfaidh iniúchóir reachtúil nó
gnólacht iniúchóireachta na coinníollacha a ghabhann le deonú tosaigh an
deimhnithe a chomhlíonadh gach tráth; (g) beidh ÚEUM i dteideal athscrúdú a
dhéanamh ar aon deimhniú arna dheonú d’aon iniúchóir reachtúil nó d’aon
ghnólacht iniúchóireachta, arna iarraidh sin ag údarás inniúil nó ar a
thionscnamh féin. Déanfar torthaí na n‑athbhreithnithe deimhnithe
cáilíochta a chur san áireamh; (h) beidh ÚEUM i dteideal an deimhniú
cáilíochta Eorpach a tharraingt siar i gcás nach gcomhlíonann an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a thuilleadh na coinníollacha a
bhaineann leis an deimhniú a fháil; (i) coinneoidh ÚEUM clár d'iniúchóirí
reachtúla agus de ghnólachtaí iniúchóireachta a bhfuil an deimhniú faighte acu; (j) beidh carachtar saorálach ag an deimhniú
cáilíochta Eorpach agus ní hionann é agus coinníoll a bheidh ann chun go mbeidh
iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta in ann iniúchóireachtaí
reachtúla a chur i gcrích ar eintitis leasa phoiblí, chun go bhformheasfar iad
i mBallstát eile i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2006/43/CE
nó chun go n‑aithneofar iad i mBallstát eile i gcomhréir le hAirteagal 3a
den Treoir sin. 2. Forbróidh ÚEUM
dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an nós imeachta a shonrú ar dá réir
a dhéanfaidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a chuireann
iniúchóireachtaí reachtúla i gcrích ar eintitis leasa phoiblí deimhniú
cáilíochta Eorpach a fháil. Comhlíonfar na prionsabail seo a leanas leis na
caighdeáin theicniúla sin: (a) tíolacfar iarratais do ÚEUM i dteanga a
nglactar léi sa Bhallstát ina bhfuil an t‑iniúchóir reachtúil nó an
gnólacht iniúchóireachta arna fhormheas nó arna formheas nó i dteanga atá
coitianta i réimse an airgeadais idirnáisiúnta. I gcás ina ndéanann grúpa gnólachtaí
iniúchóireachta iarratas ar an deimhniú cáilíochta Eorpach, féadfaidh comhaltaí
an ghrúpa sainordú a thabhairt do cheann amháin dá gcomhaltaí na hiarratais go
léir a thíolacadh thar ceann an ghrúpa; (b) tarchuirfidh ÚEUM cóip den iarratas chuig
údaráis inniúla na mBallstát a mbaineann an t‑iarratas leo; (c) déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát a
mbaineann an t‑iarratas leo scrúdú comhpháirteach ar an iarratas ar an
deimhniú laistigh de choláiste údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 53.
Clúdóidh an scrúdú sin nithe i dtaobh an bhfuil an t‑iarratas iomlán agus
an gcomhlíonann sé na coinníollacha a bhaineann le soláthar an deimhnithe.
Déanfar faisnéis a gheofar ó athbhreithnithe deimhnithe cáilíochta ar
iarratasóir áirithe a úsáid sa scrúdú sin; (d) déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát a
mbaineann an t‑iarratas leo comhairle a sholáthar do ÚEUM i dtaobh an
mbeidh an t‑iarratasóir i dteideal an deimhniú a fháil; (e) déanfaidh ÚEUM cinneadh maidir leis an
iarratas; (f) déanfaidh ÚEUM na céimeanna
mionsonraithe nós imeachta agus na teorainneacha ama a bhunú; Chun críocha phointe (ii), is iad seo a leanas, ar
a laghad, na Ballstáit sin: –
más iniúchóir reachtúil an t‑iarratasóir, an
Ballstát (na Ballstáit) ina bhfuil an t‑iniúchóir reachtúil arna
fhormheas nó arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2006/43/CE
agus, más infheidhme, an Ballstát (na Ballstáit) ina bhfuil an t‑iniúchóir
reachtúil arna fhormheas nó arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 14 den
Treoir sin agus/nó an Ballstát (na Ballstáit) ina bhfuil iniúchóir
reachtúil i mbun tréimhse oiriúnúcháin de bhun Airteagal 14 de Threoir 2006/43/CE;
–
más gnólacht iniúchóireachta an t‑iarratasóir,
an Ballstát (na Ballstáit) ina bhfuil an gnólacht iniúchóireachta arna
fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2006/43/CE agus, más
infheidhme, an Ballstát (na Ballstáit) ina bhfuil an gnólacht iniúchóireachta
aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 3a den Treoir sin agus/nó an
Ballstát (na Ballstáit) ina bhfuil gnólachtaí rialaithe, gnólachtaí
comhlachaithe nó máthairghnólacht ag an ngnólacht iniúchóireachta. 3. Déanfaidh ÚEUM na
dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 2 a thíolacadh don
Choimisiún faoin [trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán
(AE) Uimh. 1095/2010, tarmligtear cumhachtaí chuig an gCoimisiún chun na
caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh. 4. Cumhachtófar don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 68 chun na
táillí dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 a chinneadh. Leis na gníomhartha tarmligthe, cinnfear go
háirithe na cineálacha táillí agus na nithe a bhfuil táillí dlite ina leith,
méid na dtáillí, an tslí ina bhfuil siad le híoc agus an tslí ina bhfuil ÚEUM
chun aisíocaíocht a thabhairt d’údaráis inniúla i leith aon chostas a thabhóidh
siad le linn obair a chur i gcrích de bhun an Airteagail seo. Clúdóidh méid na táille a mhuirearófar ar
iniúchóir reachtúil nó ar ghnólacht iniúchóireachta na costais riaracháin go
léir. Airteagal 51 Comhoibriú maidir le himscrúdúcháin nó
maidir le cigireachtaí ar an láthair 1. I gcás ina dtagann údarás
inniúil ar an gconclúid go bhfuil gníomhaíochtaí atá contrártha d’fhorálacha an
Rialacháin seo á gcur i gcrích, nó go ndearnadh gníomhaíochtaí den sórt sin a
chur i gcrích, ar chríoch Ballstáit eile, déanfaidh siad an chonclúid sin a
chur in iúl d'údarás inniúil an Bhallstáit sin ar shlí chomh sonrach agus is
féidir. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit eile gníomhaíocht iomchuí a chur
i gcrích. Cuirfidh sé an t‑údarás inniúil a chuir an chonclúid in iúl dó
ar an eolas faoi thoradh na gníomhaíochta sin agus, a mhéid is féidir, faoi
fhorbairtí suntasacha eatramhacha. 2. Féadfaidh údarás inniúil
Ballstáit amháin a iarraidh go ndéanfaidh údarás inniúil Ballstáit eile
imscrúdúchán a chur i gcrích ar chríoch an Bhallstáit is déanaí atá luaite. Féadfaidh sé a iarraidh freisin go gceadófar do
roinnt daoine dá phearsanra féin a bheith in éineacht pearsanra údarás inniúil
an Bhallstáit sin le linn an imscrúdúcháin, lena n‑áirítear maidir le
cigireachtaí ar an láthair. Déanfaidh an t‑údarás inniúil a dhéanfaidh
aon iarraidh den sórt sin ÚEUM a chur ar an eolas faoi aon iarraidh dá
dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír. Beidh an t‑imscrúdúchán nó an chigireacht
faoi réir a rialaithe go foriomlán ag an mBallstát ar a chríoch a chuirtear i
gcrích é nó í. I gcás imscrúdúcháin nó cigireachta lena ngabhann éifeacht
trasteorann, áfach, féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar ÚEUM comhordú a
dhéanamh ar an imscrúdúchán nó ar an gcigireacht. 3. Sna cásanna seo a leanas,
féadfaidh an t‑údarás inniúil iarrtha diúltú gníomhú ar bhonn iarrata ar
imscrúdúchán a chur i gcrích de réir mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír de mhír
2 nó ar bhonn iarrata go mbeidh pearsanra de chuid údaráis inniúil Ballstáit
eile in éineacht lena phearsanra féin de réir mar a fhoráiltear sa dara fomhír
de mhír 2: (a) go bhféadfadh imscrúdúchán nó cigireacht
ar an láthair den sórt sin difear dochrach a dhéanamh do cheannasacht, do
shlándáil nó d’ord poiblí an Bhallstáit iarrtha; (b) go bhfuiltear tar éis imeachtaí
breithiúnacha i leith na gcaingne céanna agus i gcoinne na ndaoine céanna a
thionscnamh cheana féin os comhair údaráis an Bhallstáit iarrtha; (c) go bhfuil údaráis inniúla an Bhallstáit
iarrtha tar éis breithiúnas críochnaitheach a thabhairt cheana féin i leith na
gcaingne céanna agus i gcoinne na ndaoine céanna. Airteagal 52 Comhoibriú maidir le pleanáil theagmhasach Más rud é, maidir leis na gnólachtaí
iniúchóireachta lena mbaineann an ceanglas in Airteagal 43, gur cuid de
ghréasáin iad de mhéid Aontais ar a laghad, comhoibreoidh údaráis inniúla
laistigh de ÚEUM d’fhonn a áirithiú go ndéanfar gné an ghréasáin a chur san
áireamh sna ceanglais éagsúla náisiúnta. Déanfaidh na húdaráis inniúla na pleananna
teagmhasacha a bheidh faighte de bhun Airteagal 43(4) a chur ar fáil do
ÚEUM agus do na húdaráis inniúla eile. Ní dhéanfaidh ÚEUM na pleananna teagmhasacha a
fhormheas go foirmiúil ná ní thacóidh siad leo go foirmiúil ach féadfaidh sé
tuairim a sholáthar maidir leo. Airteagal 53 Coláistí na n‑údarás inniúil 1. Féadfar coláistí údarás
inniúil a bhunú chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagail 40, 41,
50, 51, 52, agus 61 maidir le hiniúchóirí reachtúla sonracha, maidir le
gnólachtaí iniúchóireachta sonracha nó maidir lena ngréasáin a éascú. 2. Maidir le hiniúchóirí
reachtúla sonracha nó maidir le gnólachtaí iniúchóireachta sonracha, bunóidh
údarás inniúil an Bhallstáit baile coláistí údarás inniúil. Beidh an coláiste comhdhéanta d’údarás inniúil an
Bhallstáit baile agus d’aon údarás inniúil eile de chuid Ballstát eile, ar
choinníoll: (a) go bhfuil an t‑iniúchóir reachtúil
nó an gnólacht iniúchóireachta ag soláthar seirbhísí iniúchóireachta reachtúla
d’eintitis leasa phoiblí laistigh dá dhlínse; nó (b) go bhfuil brainse ar cuid den ghnólacht
iniúchóireachta é bunaithe laistigh dá dhlínse. Gníomhóidh údarás inniúil an Bhallstáit baile mar
éascaitheoir. 3. Maidir le gréasáin shonracha,
déanfaidh ÚEUM coláistí údarás inniúil a bhunú arna iarraidh sin ag údarás
inniúil amháin nó níos mó. Beidh an coláiste comhdhéanta d’údaráis inniúla na
mBallstát ina bhfeidhmíonn an gréasán gníomhaíochtaí suntasacha. 4. Laistigh de 15 lá ón tráth a
bhunaítear an coláiste údarás inniúil maidir le gréasán sonrach, roghnóidh a
chomhaltaí éascaitheoir. In éagmais comhaontaithe, ceapfaidh ÚEUM éascaitheoir. Déanfaidh comhaltaí an choláiste athbhreithniú
gach cúig bliana ar a laghad ar roghnú an éascaitheora chun a áirithiú gurb é
an t‑éascaitheoir a roghnaíodh an t‑éascaitheoir is iomchuí i gcónaí. 5. Is é an t‑éascaitheoir
a bheidh ina chathaoirleach ar chruinnithe an choláiste, déanfaidh sé comhordú
ar ghníomhaíochtaí an choláiste agus áiritheoidh sé go mbeidh malartú
éifeachtúil faisnéise ann idir comhaltaí an choláiste. 6. Déanfaidh an t‑éascaitheoir,
laistigh de 10 lá oibre ón tráth a roghnaítear é nó í, socruithe comhordúcháin
i scríbhinn a bhunú faoi chuimsiú an choláiste maidir leis na nithe seo a
leanas: (a) faisnéis atá le malartú i measc údarás
inniúil; (b) cásanna ina gcaithfidh údaráis inniúla
dul i gcomhairle lena chéile; (c) na cásanna ina ndéanann na húdaráis
inniúla cúraimí maoirseachta a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 54. 7. In éagmais chomhaontaithe
maidir leis na socruithe scríofa comhordaithe faoi mhír 6, féadfaidh aon
chomhalta den choláiste an cheist a tharchur chuig ÚEUM. Déanfaidh an t‑éascaitheoir
tuairim a thugann ÚEUM uaidh maidir leis na socruithe scríofa comhordaithe a
bhreithniú go cuí sula gcomhaontófar an téacs críochnaitheach. Déanfar na
socruithe scríofa comhordaithe a leagan amach i ndoiciméad ina mbeidh míniú
lánréasúnaithe ar aon imeacht suntasach ón tuairim a thug ÚEUM maidir leis na
socruithe scríofa comhordaithe. Tarchuirfidh an t‑éascaitheoir an
doiciméad seo chuig comhaltaí an choláiste agus chuig ÚEUM. Airteagal 54 Cúraimí a tharmligean Féadfaidh an t‑údarás inniúil sa
Bhallstát baile ceann ar bith dá chúraimí a tharmligean ar údarás inniúil i
mBallstát eile faoi réir comhaontaithe an údaráis sin. Ní dhéanfaidh tarmligean
cúraimí difear do fhreagracht an údaráis inniúil atá ag déanamh an tarmligin. Airteagal 55 Rúndacht agus sicréideacht ghairmiúil i
ndáil le ÚEUM 1. Beidh feidhm ag oibleagáid na
sicréideachta gairmiúla maidir le gach duine a oibríonn, nó a d’oibrigh, do
ÚEUM nó d’aon duine eile a bhfuil cúraimí tarmligthe chuige nó chuici ag ÚEUM,
lena n‑áirítear saineolaithe atá fostaithe ar chonradh ag ÚEUM. Ní
dhéanfar faisnéis atá cumhdaithe ag an rúndacht ghairmiúil a nochtadh le duine
nó le húdarás ar bith eile ach amháin i gcás ina mbeidh an nochtadh sin
riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla. 2. Ní choiscfidh mír 1 den Airteagal eo
agus Airteagal 37 ar ÚEUM agus ar na húdaráis inniúla ó fhaisnéis rúnda a
mhalartú. Beidh faisnéis a mhalartaítear amhlaidh clúdaithe le hoibleagáid na
sicréideachta gairmiúla a bhfuil daoine atá fostaithe, nó a bhí fostaithe
tráth, ag údaráis inniúla faoina réir. 3. Maidir leis an bhfaisnéis go
léir a mhalartaítear faoin Rialachán seo idir ÚEUM, na húdaráis inniúla agus
údaráis agus comhlachtaí eile, measfar gur faisnéis rúnda í ach amháin más rud
é, an tráth a thugtar an fhaisnéis, go luann ÚEUM nó an t‑údarás inniúil
nó an t‑údarás nó an comhlacht eile lena mbaineann go bhféadfar an
fhaisnéis sin a nochtadh nó más rud é gur gá an nochtadh sin i gcomhair imeachtaí
dlíthiúla. Airteagal 56 Cosaint sonraí pearsanta 1. Déanfaidh na Ballstáit
Treoir 95/46/CE a chur i bhfeidhm maidir le próiseáil sonraí pearsanta a
dhéantar sna Ballstáit de bhun an Rialacháin seo. 2. Beidh feidhm ag Rialachán
(CE) Uimh. 45/2001 maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann ÚEUM,
ÚBE agus ÚEÁPC i gcomhthéacs an Rialacháin seo. CAIBIDIL IV COMHOIBRIÚ LE hÚDARÁIS TRÍÚ TÍR AGUS LE
hEAGRAÍOCHTAÍ AGUS COMHLACHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA Airteagal 57 Comhaontú maidir le malartú faisnéise 1. Ní fhéadfaidh na húdaráis
inniúla agus ÚEUM comhaontuithe comhoibrithe a thabhairt i gcrích maidir le
malartú faisnéise le húdaráis inniúla tríú tíortha ach amháin más rud é, sna
tríú tíortha lena mbaineann, go bhfuil an fhaisnéis a nochtar faoi réir
ráthaíochtaí i ndáil le sicréideacht ghairmiúil ar ráthaíochtaí iad atá
coibhéiseach, ar a laghad, leo sin a leagtar amach in Airteagal 37 agus in
Airteagal 55. Beidh malartú faisnéise den sórt sin beartaithe le
húsáid chun cúraimí na n‑údarás inniúil sin a chur i gcrích. Más rud é, maidir leis an malartú faisnéise sin,
go ngabhann aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír leis, comhlíonfaidh na
Ballstáit Treoir 95/46/CE agus comhlíonfaidh ÚEUM Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.
2. Comhoibreoidh na húdaráis
inniúla leis na húdaráis inniúla nó le comhlachtaí ábhartha eile de chuid tríú
tíortha maidir le hathbhreithnithe deimhnithe cáilíochta agus imscrúdúcháin ar
iniúchóirí agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta. Rannchuideoidh ÚEUM leis an
gcomhoibriú sin. Rannchuideoidh ÚEUM le bunú cóineasú maoirseachta
le tríú tíortha. 3. I gcás ina mbaineann an
comhoibriú nó an malartú faisnéise le páipéir oibre iniúchóireachta nó le
doiciméid eile a shealbhaíonn iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí
iniúchóireachta, beidh feidhm ag Airteagal 47 de Threoir 2006/43/CE. Airteagal 58 Faisnéis a fhaightear ó thríú tíortha a
nochtadh Féadfaidh an t‑údarás inniúil i
mBallstát an fhaisnéis a fhaightear ó údaráis inniúla i dtríú tíortha a
nochtadh más rud é go bhfuil comhaontú go sainráite faighte ag an údarás
inniúil sa Bhallstát lena mbaineann ón údarás inniúil a d’aistrigh an fhaisnéis
amháin agus, nuair is infheidhmithe, gur chun na gcríoch dár thug an t‑údarás
inniúil sin amháin a chomhaontú a nochtfar an fhaisnéis gan dochar don
riachtanas an fhaisnéis a nochtadh i ndáil le himeachtaí dlíthiúla. Airteagal 59 Faisnéis a aistrítear chuig tríú tíortha a
nochtadh Ceanglóidh údarás inniúil Ballstáit nó ÚEUM,
maidir le faisnéis a chuireann siad in iúl d’údarás inniúil de chuid tríú tír,
nach bhféadfaidh an t‑údarás inniúil sin an fhaisnéis sin a nochtadh do
thríú páirtithe nó d’údaráis ach amháin le comhaontú sainráite roimh ré ón
údarás inniúil a tharchuir an fhaisnéis, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta agus
ar choinníoll nach ndéantar an fhaisnéis a nochtadh ach amháin chun na gcríoch
ar ina leith a thug údarás inniúil sin an Bhallstáit nó ÚEUM a chomhaontú nó i
gcás ina bhfuil gá leis an nochtadh sin i ndáil le himeachtaí dlíthiúla. Airteagal 60 Comhoibriú le heagraíochtaí agus
comhlachtaí idirnáisiúnta Comhoibreoidh ÚEUM le heagraíochtaí agus
comhlachtaí idirnáisiúnta a ullmhaíonn caighdeáin idirnáisiúnta
iniúchóireachta. Teideal V Smachtbhannaí agus bearta riaracháin Airteagal 61 Smachtbhannaí agus bearta riaracháin 1. Déanfaidh na Ballstáit na
rialacha ar smachtbhannaí agus ar bhearta riaracháin a leagan síos is
infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo, ar sáruithe iad a
shainaithnítear san Iarscríbhinn agus is infheidhme ar na daoine atá freagrach
as na sáruithe sin agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go
gcuirtear na smachtbhannaí agus na bearta riaracháin sin chun feidhme. Beidh na
smachtbhannaí agus na bearta dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus
athchomhairleach. 2. Faoin [24 mhí tar éis theacht
i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na Ballstáit na rialacha dá
dtagraítear i mír 1 a chur in iúl don Choimisiún agus do ÚEUM. Déanfaidh siad
aon leasú iardain ar na rialacha sin a chur in iúl gan mhoill don Choimisiún
agus do ÚEUM. 3. Tá an tAirteagal eo agus
Airteagal 62 go hAirteagal 66 gan dochar d’fhorálacha an dlí
choiriúil náisiúnta. Airteagal 62 Cumhachtaí chun smachtbhannaí a fhorchur 1. Beidh feidhm ag an Airteagal eo
maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo, ar sáruithe iad a
shainaithnítear san Iarscríbhinn. 2. Gan dochar do na cumhachtaí
maoirseachta atá ag údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 38, i gcás
sáraithe dá dtagraítear i mír 1, beidh cumhacht ag údaráis inniúla, i gcomhréir
leis an dlí náisiúnta, chun na bearta agus na smachtbhannaí riaracháin seo a
leanas ar a laghad a fhorchur: (a) ordú á cheangal ar an duine atá freagrach
as an sárú scor den iompraíocht agus gan gabháil don iompraíocht athuair; (b) ráiteas poiblí trína léirítear an duine
atá freagrach agus cineál an tsáraithe, agus é a fhoilsiú ar láithreán gréasáin
údarás inniúil; (c) toirmeasc sealadach ar an iniúchóir
reachtúil, ar an ngnólacht iniúchóireachta nó ar an bpríomh‑chomhpháirtí
iniúchóireachta iniúchóireachtaí reachtúla a dhéanamh ar eintitis leasa phoiblí
agus/nó tuarascálacha iniúchóireachta de réir bhrí Airteagal 22 a shíniú,
ar toirmeasc é a mbeidh éifeacht aige ar fud an Aontais go dtí go mbeidh
deireadh curtha leis an sárú; (d) dearbhú a dhéanamh á rá nach gcomhlíonann
an tuarascáil iniúchóireachta ceanglais Airteagal 22, go dtí go mbeidh
deireadh curtha leis an sárú; (e) urchosc sealadach i gcoinne comhalta de
chuid gnólachta iniúchóireachta nó comhlachta riaracháin nó bainistíochta
eintitis leasa phoiblí feidhmeanna a fheidhmiú i ngnólachtaí iniúchóireachta nó
in eintitis leasa phoiblí; (f) smachtbhannaí riaracháin airgid suas go
dhá oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar
gheall ar an sárú i gcás inar féidir na nithe sin a chinneadh; (g) i leith duine nádúrtha, smachtbhannaí
riaracháin airgid suas go EUR 5 000 000 nó, sna Ballstáit nach bhfuil an Euro
acu mar airgeadra oifigiúil, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar
dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo; (h) i leith duine dhlítheanaigh,
smachtbhannaí riaracháin airgid suas go 10 % dá láimhdeachas iomlán
bliantúil sa bhliain ghnó roimhe sin; i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach
ina fhochuideachta nó ina fochuideachta de chuid máthairghnóthais, arna
shainmhíniú in Airteagal 1 agus in Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE,
is é a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha ná an láimhdeachas
bliantúil iomlán a éiríonn as cuntas comhdhlúite an mháthairghnóthais deiridh
sa bhliain ghnó roimhe sin. 3. Féadfaidh na Ballstáit
cumhachtaí eile forchurtha smachtbhannaí a thabhairt d’údaráis inniúla de
bhreis ar na cinn sin dá dtagraítear i mír 2 agus féadfaidh siad foráil a
dhéanamh maidir le leibhéil níos airde smachtbhannaí riaracháin airgid ná mar
atá bunaithe sa mhír sin. Airteagal 63 Smachtbhannaí a chur i bhfeidhm go
héifeachtach 1. Nuair a bheidh an cineál
smachtbhannaí agus beart riaracháin á gcinneadh, déanfaidh údaráis inniúla na
himthosca ábhartha go léir a chur san áireamh, lena n‑áirítear: (a) tromchúis agus fad an tsáraithe; (b) an méid freagrachta atá ar an duine
freagrach; (c) neart airgeadais an duine fhreagraigh, de
réir mar a léirítear le láimhdeachas iomlán an ghnóthais fhreagraigh nó ioncam
bliantúil an duine nádúrtha fhreagraigh; (d) tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh, nó na
gcaillteanas a sheachain, an duine freagrach, a mhéid is féidir iad a
chinneadh; (e) leibhéal an chomhoibrithe, ar thaobh an
duine fhreagraigh, leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá lena áirithiú go
ndéanfar brabúis a ghnóthaigh, nó caillteanais a sheachain, an duine sin a
thabhairt suas; (f) sáruithe roimhe sin ag an duine
freagrach. Féadfaidh údaráis inniúla nithe eile a chur san
aireamh má tá na nithe sin arna sonrú sa dlí náisiúnta. 2. Déanfaidh ÚBE, ÚEÁPC agus
ÚEUM treoirlínte a eisiúint go comhpháirteach ar treoirlínte iad a bheidh
dírithe ar údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010,
de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010
maidir le cineálacha beart agus smachtbhannaí riaracháin agus le leibhéal na
smachtbhannaí riaracháin airgid atá le cur i bhfeidhm i gcásanna ar leithligh
laistigh den chreat náisiúnta dlíthiúil. Airteagal 64 Smachtbhannaí agus bearta a fhoilsiú Déanfar gach beart nó smachtbhanna riaracháin
i leith sáraithe ar an Rialachán seo a fhoilsiú gan aon mhoill mhíchuí, lena n‑áirítear,
ar a laghad, faisnéis maidir le cineál agus nádúr an tsáraithe agus céannacht
na ndaoine atá freagrach as an sárú, mura rud é go ndéanfadh foilsiú den sórt
sin cobhsaíocht na margaí airgeadais a chur i mbaol go tromchúiseach. I gcás
ina mbeadh foilsiú ina chúis le damáiste díréireach do na páirtithe atá i
gceist, foilseoidh údaráis inniúla na bearta agus na smachtbhannaí ar bhonn
anaithnid. Déanfaidh údaráis inniúla aon smachtbhanna nó
aon bheart arna ghlacadh i leith sáraithe ar an Rialacháin seo a chur in iúl do
ÚEUM gan aon mhoill mhíchuí. Urramóidh foilsiú smachtbhannaí cearta
bunúsacha arna leagan síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an AE, go háirithe an
ceart maidir le meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus
an ceart maidir le sonraí pearsanta a chosaint. Airteagal 65 Achomharc Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cinntí arna
ndéanamh ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi réir an
chirt chun achomharc a dhéanamh. Airteagal 66 Sáruithe a thuairisciú 1. Déanfaidh na Ballstáit sásraí
éifeachtúla a bhunú chun go spreagfar tuairisciú sáruithe ar an Rialachán seo
do na húdaráis inniúla. 2. Áireofar an méid seo a leanas
ar a laghad i measc na sásraí dá dtagraítear i mír 1: (a) nósanna imeachta sonracha chun tuairiscí
ar sháruithe a fháil agus chun gníomhartha a leanann astu a chur i gcrích; (b) cosaint iomchuí do dhaoine a
thuairiscíonn sáruithe ionchasacha nó sáruithe iarbhír; (c) cosaint sonraí pearsanta a bhaineann leis
an duine a thuairiscíonn sáruithe ionchasacha nó iarbhír agus leis an duine
cúisithe araon i gcomhlíonadh na bprionsabal a leagtar síos i
dTreoir 95/46/CE; (d) nósanna imeachta iomchuí chun go n‑áiritheofar
ceart an duine chúisithe chun cosaint agus éisteacht a fháil agus sula nglactar
cinneadh a bhaineann leis agus an ceart chun leigheas éifeachtach a lorg os
comhair binse i gcoinne aon chinnidh nó birt a bhaineann leis. 3. Bunóidh gnólachtaí
iniúchóireachta agus eintitis leasa phoiblí nósanna imeachta iomchuí dá
bhfostaithe chun sáruithe ionchasacha nó iarbhír ar an Rialachán seo a
thuairisciú go hinmheánach trí bhealach sonrach. Airteagal 67 Faisnéis a mhalartú le ÚEUM 1. Déanfaidh údaráis inniúla
agus údaráis bhreithiúnacha faisnéis chomhiomlánaithe a sholáthar ar bhonn
bliantúil do ÚEUM maidir le gach beart, smachtbhanna agus fíneáil riaracháin a
fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagail 61, 62, 63, 64, 65 agus 66. Déanfaidh
ÚEUM an fhaisnéis sin a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil. 2. I gcás ina mbeidh an t‑údarás
inniúil tar éis bearta, smachtbhannaí agus fíneálacha riaracháin a nochtadh don
phobal, déanfaidh sé an méid sin a thuairisciú go comhuaineach do ÚEUM. Teideal VI Gníomhartha tarmligthe, tuairisciú agus forálacha
idirthréimhseacha agus críochnaitheacha Airteagal 68 An tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá
leagtha síos san Airteagal eo. 2. Maidir leis an gcumhacht chun
gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 10(6) agus in Airteagal 50(4)
a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse neamhchinntithe ón [dáta
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. 3. Maidir le tarmligean
cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 10(6) agus 50(4), féadfaidh
Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean sin a chúlghairm tráth ar
bith. Le cinneadh chun tarmligean a chúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean
na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar
éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos
déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon
ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint
na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna. 5. Ní thiocfaidh gníomh
tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 10(6) agus Airteagal 50(4)
i bhfeidhm ach amháin más rud é nach bhfuil aon agóid léirithe ag Parlaimint na
hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse [dhá mhí] ón tráth a cuireadh
an gníomh sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é,
roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid.
Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó
na Comhairle. Airteagal 69 Tuarascáil Faoin X X 20XX [cúig bliana tar éis
dheireadh na hidirthréimhse], ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur i
bhfeidhm an Rialacháin seo. Sa tuarascáil sin, tabharfar aird chuí ar an
tuarascáil arna hullmhú ag ÚEUM agus dá dtagraítear sa cheathrú fomhír d’Airteagal 46(4). Airteagal 70 Foráil idirthréimhseach 1. De mhaolú ar Airteagal 32
agus ar Airteagal 33, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas maidir le
conarthaí chun iniúchóireacht a sholáthar d’eintitis leasa phoiblí, ar
conarthaí iad atá i bhfeidhm an [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]: (a) leanfaidh aon chonradh iniúchóireachta
arna dhéanamh roimh an XX/XX/XXXX [dáta glactha thogra an Choimisiúin]
agus atá i bhfeidhm fós an [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]
de bheith infheidhme go ceann tréimhse uasta ceithre bliana cuntasaíochta tar
éis [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]; (b) leanfaidh aon chonradh iniúchóireachta
arna dhéanamh tar éis an XX/XX/XXXX [dáta glactha thogra an Choimisiúin]
ach roimh an XX/XX/XXXX [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus
atá i bhfeidhm fós de bheith infheidhme go ceann tréimhse uasta cúig bliana
cuntasaíochta tar éis an XX/XX/XXXX [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin
seo]; (c) nuair a théann conradh iniúchóireachta dá
dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) in éag nó nuair a
fhoirceanntar é, féadfaidh an t‑eintiteas leasa phoiblí an conradh sin a
athnuachan uair amháin leis an iniúchóir reachtúil céanna nó leis an ngnólacht
iniúchóireachta céanna, gan forálacha Airteagal 31(3) a bheith infheidhme.
Beidh conradh athnuaite den sórt sin faoi réir an uasfhaid seo a leanas: (i) 1 bhliain: má tá an t‑iniúchóir
tar éis a bheith ag soláthar seirbhísí, ar feadh tréimhse comhleanúnaí is faide
ná 100 bliain, don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air; (ii) 2 bhliain: má tá an t‑iniúchóir
tar éis a bheith ag soláthar seirbhísí, ar feadh tréimhse comhleanúnaí idir 51
bhliain agus 100 bliain, don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air; (iv) 3 bliana: má tá an t‑iniúchóir tar
éis a bheith ag soláthar seirbhísí, ar feadh tréimhse comhleanúnaí idir 21
bhliain agus 50 bliain, don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air; (v) 4 bliana: má tá an t‑iniúchóir tar
éis a bheith ag soláthar seirbhísí, ar feadh tréimhse comhleanúnaí idir 11
bhliain agus 20 bliain, don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air; (vi) 5 bliana: má tá an t‑iniúchóir tar
éis a bheith ag soláthar seirbhísí, ar feadh tréimhse comhleanúnaí nach faide
ná 10 mbliana, don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air; De mhaolú ar na critéir a leagtar amach i
bpointe (c), féadfaidh an conradh iniúchóireachta leanúint de bheith
infheidhme go dtí deireadh na chéad bhliana cuntasaíochta [2 bhliain tar éis
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. De mhaolú ar phointe (a) go pointe (c), nuair a
dhéantar uasfhad an chaidrimh conartha idir an t‑iniúchóir reachtúil nó
an gnólacht iniúchóireachta agus an t‑eintiteas a ndéantar iniúchóireacht
air a bhunú le rialacha náisiúnta, ar fad é nach faide ná 9 mbliana, agus nuair
a cheanglaítear ar an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air iniúchóir
reachtúil difriúil nó gnólacht iniúchóireachta difriúil a roghnú nuair a
shroichtear an t‑uasfhad sin, féadfaidh an conradh iniúchóireachta
leanúint de bheith infheidhme go dtí deireadh thréimhse an uasfhaid sin. 2. Beidh feidhm ag Airteagal 33
maidir le haon chonradh iniúchóireachta arna dhéanamh tar éis an [...] [dáta
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ach roimh an [...] [2 bhliain tar
éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 32(3) maidir le
conradh den sórt sin ach amháin tar éis dheireadh nó fhoirceannadh na chéad
athnuachana a dhéantar ar an gconradh sin. Airteagal 71 Forálacha náisiúnta Déanfaidh na Ballstáit cibé foráil is iomchuí
chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú. Airteagal 72 Teacht i bhfeidhm. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [2 bhliain tar éis
theacht i bhfeidhm an Rialacháin]. Ar a shon sin, beidh feidhm ag Airteagal 32(7)
ón [...] [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin] agus beidh feidhm ag Airteagal 10(5)
ón [...] [3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin]. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar
ceann na Comhairle, An tUachtarán An
tUachtarán IARSCRÍBHINN I. Sáruithe ag iniúchóirí
reachtúla, ag gnólachtaí iniúchóireachta nó ag príomh‑chomhpháirtithe
iniúchóireachta A. Sáruithe a bhaineann le coimhlintí
leasa, ceanglais eagrúcháin nó ceanglais oibríochtúla 1. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 6(1) más rud é nach
mbunaíonn sé nó sí beartais dhóthanacha agus nósanna imeachta dóthanacha chun a
áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais íosta eagrúcháin, de réir mar a leagtar
amach i mír 1(a) go (k). 2. Déanann an t‑iniúchóir
reachtúil nó an príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta a chuireann
iniúchóireacht reachtúil i gcrích thar ceann gnólachta iniúchóireachta Airteagal 8(1)(a)
a shárú má théann sé nó sí i mbun príomhphoist bainistíochta san eintiteas a
ndéantar iniúchóireacht air sula mbeidh tréimhse dhá bhliain ar a laghad imithe
in éag ón tráth a d’éirigh sé nó sí as oifig mar iniúchóir reachtúil nó mar
phríomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta san fhostaíocht iniúchóireachta. 3. Déanann an t‑iniúchóir
reachtúil nó an príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta a chuireann
iniúchóireacht reachtúil i gcrích thar ceann gnólachta iniúchóireachta Airteagal 8(1)(b)
a shárú má thagann sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de
choiste iniúchóireachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air nó de
chomhlacht coibhéiseach sula mbeidh tréimhse dhá bhliain ar a laghad imithe in
éag ón tráth a d’éirigh sé nó sí as oifig mar iniúchóir reachtúil nó mar phríomh‑chomhpháirtí
iniúchóireachta san fhostaíocht iniúchóireachta. 4. Déanann an t‑iniúchóir
reachtúil nó an príomh‑chomhpháirtí iniúchóireachta a chuireann
iniúchóireacht reachtúil i gcrích thar ceann gnólachta iniúchóireachta Airteagal 8(1)(c)
a shárú má thagann sé nó sí chun bheith ina chomhalta neamhfheidhmiúcháin nó
ina comhalta neamhfheidhmiúcháin de chomhlacht riaracháin, nó ina chomhalta nó
ina comhalta de chomhlacht maoirseachta, an eintitis a ndéantar iniúchóireacht
air sula mbeidh tréimhse dhá bhliain ar a laghad imithe in éag ón tráth a
d’éirigh sé nó sí as oifig mar iniúchóir reachtúil nó mar phríomh‑chomhpháirtí
iniúchóireachta san fhostaíocht iniúchóireachta. 5. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 9(2) más rud é nach n‑áirithíonn
sé nó sí nach dtéann seirbhísí gaolmhara iniúchóireachta airgeadais arna
soláthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air thar 10 % de na
táillí arna n‑íoc ag an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air as an
iniúchóireacht reachtúil. 6. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 10 má dhéanann sé nó sí
seirbhísí seachas seirbhísí iniúchóireachta reachtúla nó seirbhísí gaolmhara
iniúchóireachta airgeadais a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht
air. B. Sáruithe a bhaineann le déanamh na
hiniúchóireachta reachtúla 7. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 16(3) más rud é nach
gcoinníonn sé nó sí taifid ar na cásanna nuair nach n‑urramaíonn a
fhostaithe nó a fostaithe na forálacha atá sa Rialachán seo nó más rud é nach n‑ullmhaíonn
sé nó sí tuarascáil bhliantúil maidir leis na bearta a rinneadh chun
comhlíonadh na bhforálacha sin a áirithiú. 8. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 16(4) más rud é nach
gcothabhálann sé nó sí taifead ar chuntais chliaint ar taifead é ina n‑áirítear
na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i
bpointe (c) den mhír chéanna. 9. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 16(5) más rud é nach
gcruthaíonn sé nó sí comhad iniúchóireachta i ndáil le gach iniúchóireacht
reachtúil ar leith a chuirtear i gcrích, ar comhad é ina bhfuil an fhaisnéis dá
dtagraítear i bpointe (a) go pointe (j) den mhír chéanna. 10. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 17(1)(c) más rud é nach
gcuireann sé nó sí an t‑údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 36
ar an eolas faoi theagmhas lena ngabhann iarmhairtí tromchúiseacha, nó a bhféadfadh
iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag gabháil leis, i ndáil le sláine a
ghníomhaíochta reachtúla nó a gníomhaíochta reachtúla. 11. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 17(2) más rud é nach
ndéanann sé nó sí an t‑údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar eintitis
leasa phoiblí a chur ar an eolas faoi aon chalaois a rinneadh, nó ar féachadh
lena déanamh, maidir le ráitis airgeadais an eintitis a ndéantar iniúchóireacht
air. 12. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 19 más rud é nach n‑áirithíonn
sé nó sí go ndéantar athbhreithniú deimhnithe cáilíochta a chur i gcrích de
réir na gceanglas a leagtar amach i mír 2 go mír 6 den Airteagal in. C. Sáruithe a bhaineann le tuairisciú iniúchóireachta
13. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 22 más rud é nach
soláthraíonn sé nó sí tuairim iniúchóireachta arna hullmhú i gcomhréir leis na
ceanglais i míreanna 2, 3, 4, 5 agus 7 den Airteagal in. 14. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 23 más rud é nach
dtíolacann sé nó sí tuarascáil bhreise do choiste iniúchóireachta an eintitis a
ndéantar iniúchóireacht air, ar tuarascáil í a ullmhaítear i gcomhréir leis na
ceanglais a leagtar amach i mír 2 go mír 5 den Airteagal in. 15. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 25 más rud é nach
ndéanfaidh sé nó sí tuairisciú pras do na húdaráis inniúla a dhéanann
maoirseacht ar eintitis leasa phoiblí faoi aon fhíoras nó aon chinneadh a
bhaineann leis an eintiteas leasa phoiblí sin agus ar tháinig sé nó sí ar an
eolas faoi le linn an iniúchóireacht reachtúil sin a chur i gcrích agus a
d’fhéadfadh baint a bheith aige le haon cheann de na sáruithe a luaitear i
bpointe (a) go pointe (c) den chéad mhír d’Airteagal 25. D. Sáruithe a bhaineann le forálacha maidir
le nochtadh 16. Sáraíonn an gnólacht
iniúchóireachta an chéad fhomhír d’Airteagal 26(1), a mhéid a bhaineann le
hAirteagal 26(4), más rud é nach ndéanann sé a thuarascáil bhliantúil
airgeadais, de réir bhrí mhír 2 d’Airteagal 4 de Threoir 2004/109/CE,
a phoibliú ar a láithreán gréasáin ceithre mhí ar a dhéanaí tar éis gach bliana
airgeadais ar leith agus más rud é nach gcuireann sé ar fáil í ar feadh cúig
bliana ar a laghad. 17. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil an dara fomhír d’Airteagal 28(2), a mhéid a bhaineann le hAirteagal 27(1),
más rud é nach ndéanann sé a ráiteas bliantúil ioncam a phoibliú ar a láithreán
gréasáin agus más rud é nach gcuireann sé ar fáil é ar feadh cúig bliana ar a
laghad. 18. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 26(2) más rud é nach
ndéanann sé nó sí na táillí a fuarthas ó iniúchóireacht reachtúil a dhéantar ar
ráitis bhliantúla airgeadais nó ar ráitis chomhdhlúite airgeadais de chuid
eintiteas leasa phoiblí agus eintiteas ar cuid de ghrúpa cuideachtaí iad a
bhfuil a máthairghnóthas ina eintiteas leasa phoiblí a thaispeáint ina ráiteas
bliantúil ioncaim nó ina thuarascáil bhliantúil airgeadais nó ina tuarascáil
bhliantúil airgeadais ar leithligh ó na táillí a fuarthas ón iniúchóireacht
reachtúil a dhéantar ar ráitis bhliantúla airgeadais agus ar ráitis
chomhdhlúite airgeadais de chuid eintiteas eile agus ó tháillí a mhuirearaítear
ar sheirbhísí gaolmhara iniúchóireachta airgeadais arna sainmhíniú in Airteagal 10. 19. Déanann an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta ar cuid de ghréasán é nó í Airteagal 26(3)
a shárú más rud é nach ndéanann sé nó sí an fhaisnéis dá dtagraítear i
bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 26(3) a sholáthar mar
iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas ioncaim nó leis an tuarascáil
bhliantúil airgeadais, mura rud é go bhfuil feidhm ag an maolú sa dara fomhír
den mhír sin. 20. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 27 más rud é nach
ndéanann sé nó sí tuarascáil trédhearcachta a fhoilsiú go tráthúil, lena n‑áirítear
faisnéis a leagtar amach i mír 2 den Airteagal in agus, i gcás inarb
infheidhme, an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 28. 21. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 29 más rud é nach
ndéanann sé nó sí liosta de na heintitis leasa phoiblí a ndéantar
iniúchóireacht orthu a thabhairt gach bliain dá údarás inniúil nó dá húdarás
inniúil, dá dtagraítear in Airteagal 35(1), de réir an ioncaim arna
ghiniúint uathu. 22. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 30(1) más rud é nach
gcoinníonn sé nó sí na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 30(1). E. Sáruithe a bhaineann le heintitis leasa
phoiblí do cheapadh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta 23. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 33(2) más rud é go
dtéann sé nó sí i mbun iniúchóireachta reachtúla ar an eintiteas leasa phoiblí
tar éis dhá fhostaíocht chomhleanúnacha dá dtagraítear in Airteagal 33(1)
a bheith imithe in éag agus sula mbeidh an tréimhse ceithre bliana caite. 24. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 33(6) más rud é nach
ndéanann sé nó sí comhad aistrithe iomlán ag deireadh na fostaíochta
iniúchóireachta a thíolacadh don iniúchóir reachtúil nua nó don ghnólacht
iniúchóireachta nua. F. Sáruithe a bhaineann le deimhniú
cáilíochta 25. Sáraíonn an t‑iniúchóir
reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta Airteagal 40(6) más rud é nach
ndéanann sé nó sí gníomhartha a leanann as moltaí a éiríonn as cigireachtaí a
chur i gcrích laistigh den tréimhse arna leagan amach ag an údarás inniúil. II. Sáruithe ag eintitis leasa
phoiblí A. Sáruithe a bhaineann le ceapadh
iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta 1. Gan dochar d’Airteagal 31(2).
(3) agus (4), sáraíonn eintiteas leasa phoiblí Airteagal 31(1) más rud é
nach mbunaíonn sé coiste iniúchóireachta agus/nó más rud é nach gceapann sé an
líon riachtanach comhaltaí neamhspleácha agus/nó más rud é nach gceapann sé an
líon riachtanach comhaltaí ag a bhfuil inniúlacht shonrach maidir le
cuntasaíocht agus/nó iniúchóireacht. 2. Sáraíonn eintiteas leasa
phoiblí Airteagal 32(1) más rud é nach ndéanann sé an t‑iniúchóir
reachtúil (na hiniúchóirí reachtúla) nó an gnólacht iniúchóireachta (na
gnólachtaí iniúchóireachta) a cheapadh i gcomhréir leis na coinníollacha a
leagtar amach in Airteagal 32(2) go (6). 3. Sáraíonn eintiteas leasa
phoiblí Airteagal 33 trí bhíthin an t‑iniúchóir reachtúil céanna nó
an gnólacht iniúchóireachta céanna a fhostú ar feadh tréimhse is faide ná an
tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 33. 4. Sáraíonn eintiteas leasa phoiblí
Airteagal 34 más rud é go ndéanann sé iniúchóir reachtúil nó gnólacht
iniúchóireachta a chur as oifig gan aon fhorais chuí. [1] Féadtar míniú a thabhairt ar na méideanna móra
tacaíochta a ceadaíodh faoi scéimeanna sa mhéid gur ghlac Ballstáit áirithe scéimeanna
ilráthaíochta chucu a chlúdaigh fiachanna a mbanc uile. Bhí Ballstáit ag brath
go príomha ar bhearta ráthaíochta. Ceadaíodh €546.08 billiún (4.5 % de
OTI) mar bhearta athchaipitlithe, ar bhain Ballstáit úsáid iarbhír thart ar
€141.5 billiún astu i 2009. Sa tréimhse idir Deireadh Fómhair 2008 agus Deireadh
Fómhair 2010 d’údaraigh an Coimisiún bearta géarchéime airgeadais i réimse
chúnamh Stáit i 22 Ballstát: i.e. i ngach Ballstát seachas an Bhulgáir,
Poblacht na Seice, an Eastóin, Málta agus an Rómáin. [2] An Coimisiún Eorpach, Páipéar Uaine ar Bheartas
Iniúchta: Ceachtanna ón nGéarchéim, COM (2010)561, 13.10.2010. [3] http://ec.europa.eu/internal_market/accounting/conferenc_20110209_en.htm [4] http://www.europarl.europa.eu/oeil/FindByProcnum.do?lang=en&procnum=INI/2011/2037 [5] COM(2010)561 críochnaitheach, IO C 248, 25.8.2011, lch. 92. [6] Féach alt 4.3 den Meamra Míniúchán ar an togra do leasú
Treoir 2006/43/CE le haghaidh eolas níos mionsonraithe ar scóip gach
togra. [7] Faoi réir, nuair is iomchuí, socruithe idirthréimhseacha
leordhóthanacha. [8] COM(2010) 716 críochnaitheach. [9] COM(2009) 501 críochnaitheach, COM(2009) 502
críochnaitheach, COM (2009) 503 críochnaitheach. [10] IO C , , lch. . [11] Dáta na tuairime ón MECS. [12] IO L 372, 31.12.1986, lch. 1. [13] IO L 374, 31.12.1991, lch. 7. [14] IO L 390, 31.12.2004, lch. 38. [15] IO L 319, 05.12.2007, lch. 1. [16] IO L 302, 17.11.2009, lch. 32. [17] IO L 267, 10.10.2009, lch. 7. [18] IO L 174, 1.7.2011, lch. 1. [19] IO L 145, 30.04.2004, lch. 1. [20] IO L 222, 14.8.1978, lch. 11. [21] IO L 193, 18.07.1983, lch. 1. [22] IO L 157, 9.6.2006, lch. 87. [23] COM(2010) 561 críochnaitheach. [24] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. [25] IO L 8, 12.01.2001, lch. 1. [26] IO L 52, 25.02.2005, lch. 51. [27] IO L 309, 25.11.2005, lch. 15. [28] IO L 120, 7.5.2008, lch. 20. [29] IO L 331, 15.12.2010, lch. 84. [30] IO L 331, 15.12.2010, lch. 12. [31] IO L 331, 15.12.2010, lch. 48. [32] COM(2010)716 Críochnaitheach [33] IO L 162, 30.4.2004, lch. 70. [34] IO L 177, 30.6.2006, lch. 1. [35] IO L 335, 17.12.2009, lch. 1. [36] IO L 345, 31.12.2003, lch.64. [37] IO L 149, 30.4.2004, lch. 1.