This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document ff2700c7-ac72-11ef-acb1-01aa75ed71a1
Regulation (EU) No 167/2013 of the European Parliament and of the Council of 5 February 2013 on the approval and market surveillance of agricultural and forestry vehicles (Text with EEA relevance)
Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
02013R0167 — GA — 27.11.2024 — 006.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) Uimh. 167/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 060 2.3.2013, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) No 1322/2014 of 19 September 2014 (*) |
L 364 |
1 |
18.12.2014 |
|
RIALACHÁN (AE) 2016/1628 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Meán Fómhair 2016 |
L 252 |
53 |
16.9.2016 |
|
COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2016/1788 of 14 July 2016 (*) |
L 277 |
1 |
13.10.2016 |
|
COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2018/830 of 9 March 2018 (*) |
L 140 |
15 |
6.6.2018 |
|
RIALACHÁN (AE) 2019/519 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 19 Márta 2019 |
L 91 |
42 |
29.3.2019 |
|
RIALACHÁN (AE) 2024/2838 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 23 Deireadh Fómhair 2024 |
L 2838 |
1 |
7.11.2024 |
Arna cheartú le:
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 167/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Feabhra 2013
maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le ceadú feithiclí aonair. Glacfaidh Ballstáit a dheonaíonn na ceaduithe aonair den sórt sin, áfach, le haon chineálcheadú ar fheithiclí, ar chórais, ar chomhpháirteanna agus ar aonaid theicniúla ar leithligh a dheonaítear faoin Rialachán seo in ionad glacadh leis faoi na forálacha ábhartha náisiúnta.
Airteagal 2
Raon Feidhme
Beidh feidhm ag an Rialachán seo go sonrach maidir leis na feithiclí seo a leanas:
tarracóirí (earnáil T agus earnáil C);
leantóirí (earnáil R); agus
trealamh idirmhalartaithe ar tarraingt (earnáil S).
Maidir leis na feithiclí seo a leanas, tá rogha ag an monaróir an ndéanfaidh sé iarratas ar chineálcheadú faoin Rialachán seo nó an gcomhlíonfaidh sé na ceanglais ábhartha náisiúnta:
leantóirí (catagóir R) agus trealamh idirmhalartaithe ar tarraingt (catagóir S);
tarracóirí snámhaíochta (catagóir C);
tarracóirí sainchuspóireacha ar rothaí (catagóir T4.1 agus T4.2).
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo agus chun críocha na ngníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I ach amháin má fhoráiltear a mhalairt iontu, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “cineálcheadú” an nós imeachta trína ndeimhníonn údarás ceadaithe go gcomhlíonann cineál feithicle, cineál córais, cineál comhpháirte nó cineál aonaid theicniúil ar leithligh na forálacha riaracháin ábhartha agus na ceanglais theicniúla ábhartha;
ciallaíonn “cineálcheadú feithicle iomláine” cineálcheadú trína ndeimhníonn údarás ceadaithe go gcomhlíonann cineál feithicle neamhiomlán, iomlán nó lánchríochnaithe na forálacha riaracháin ábhartha agus na ceanglais theicniúla ábhartha;
ciallaíonn “cineálcheadú córais” cineálcheadú trína ndeimhníonn údarás ceadaithe go gcomhlíonann córas atá ionsuite i gcineál sonrach feithicle na forálacha riaracháin ábhartha agus na ceanglais theicniúla ábhartha;
ciallaíonn “cineálcheadú comhpháirte” cineálcheadú trína ndeimhníonn údarás ceadaithe go s gcomhlíonann comhpháirt gan spleáchas d’fheithicil na forálacha riaracháin ábhartha agus na ceanglais theicniúla ábhartha;
ciallaíonn “cineálcheadú aonaid theicniúil ar leithligh” cineálcheadú trína ndeimhníonn údarás ceadaithe go gcomhlíonann aonad teicniúil ar leithligh na forálacha riaracháin ábhartha agus na ceanglais theicniúla ábhartha maidir le cineál amháin sonraithe feithicle nó níos mó;
ciallaíonn “cineálcheadú náisiúnta” nós imeachta cineálcheadaithe arna leagan síos faoi dhlí náisiúnta Ballstáit, ar cineálcheadú é atá srianta do chríoch an Bhallstáit sin, agus don chríoch sin amháin;
ciallaíonn “cineálcheadú AE” an nós imeachta trína ndeimhníonn údarás ceadaithe go gcomhlíonann cineál feithicle, cineál córais, cineál comhpháirte nó cineál aonaid theicniúil ar leithligh forálacha riaracháin ábhartha agus ceanglais theicniúla ábhartha an Rialacháin seo;
ciallaíonn “tarracóir” aon fheithicil talmhaíochta nó foraoiseachta atá innealta, ar rothaí nó ar rian, a bhfuil ar a laghad dhá acastóir uirthi agus nach lú a huasluas dearaidh ná 6 km san uair, arb é a cumhacht tarraingthe an phríomhfheidhm léi agus ar dearadh í chun trealamh idirmhalartaithe áirithe, a dearadh chun obair thalmhaíochta nó fhoraoiseachta a dhéanamh, a tharraingt, a bhrú, a iompar agus a ghníomhú, nó chun leantóirí nó trealamh talmhaíochta nó foraoiseachta a tharraingt; is féidir an fheithicil a chur in oiriúint chun ualach a iompar i gcomhthéacs obair thalmhaíochta nó foraoiseachta agus/nó is féidir suíochán paisinéara amháin nó níos mó a bheith inti;
ciallaíonn “leantóir” aon fheithicil talmhaíochta nó foraoiseachta atá ceaptha go príomha le bheith ar tarraingt ag tarracóir agus arb é is príomhaidhm léi ualaí a iompar chun ábhair a phróiseáil sa chás go bhfuil an cóimheas idir an uasmhais ualaithe atá ceadaithe go teicniúil agus mais na feithicle sin gan ualach cothrom le nó níos mó ná 3,0;
ciallaíonn “trealamh idirmhalartaithe ar tarraingt” aon fheithicil a úsáidtear i gcúrsaí talmhaíochta nó foraoiseachta agus a dearadh le bheith ar tarraingt ag tarracóir, a athraíonn feidhmeanna an tarracóra nó a chuireann leo, a ionchorpraíonn uirlis go buan nó a dearadh chun ábhair a phróiseáil, lena n-áirítear ardán iompair arna dhearadh agus arna thógáil chun glacadh le haon uirlisí agus le haon fhearais is gá chun na gcríoch sin agus chun aon ábhair a tháirgtear nó a theastaíonn le linn na hoibre a stóráil go sealadach agus a bhfuil an cóimheas idir an uasmhais ualaithe atá ceadaithe go teicniúil agus mais na feithicle sin gan ualach níos lú ná 3,0;
ciallaíonn “feithicil” tarracóir, leantóir, nó trealamh idirmhalartaithe ar tarraingt mar a shainmhínítear iad i bpointe 8, pointe 9 agus pointe 10;
ciallaíonn “bonnfheithicil” aon fheithicil a úsáidtear ag an gcéim thosaigh i bpróiseas cineálcheadaithe ilchéime;
ciallaíonn “feithicil neamhiomlán” aon fheithicil nach mór céim chríochnaithe amháin, ar a laghad, a dhéanamh uirthi chun ceanglais theicniúla ábhartha an Rialacháin seo a chomhlíonadh;
ciallaíonn “feithicil lánchríochnaithe” feithicil ar toradh í ar phróiseas cineálcheadaithe ilchéime agus a chomhlíonann ceanglais theicniúla ábhartha an Rialacháin seo;
ciallaíonn “feithicil iomlán” aon fheithicil nach gá a chríochnú d’fhonn ceanglais theicniúla ábhartha an Rialacháin seo a chomhlíonadh;
ciallaíonn “feithicil ceann sraithe” aon fheithicil ar cuid de stoc í nach féidir a chur ar fáil ar an margadh nó nach féidir a chur ar fáil ar an margadh a thuilleadh, nach féidir a chlárú ná a chur i seirbhís toisc go bhfuil ceanglais theicniúla nua nár ceadaíodh í dá réir ag teacht i bhfeidhm;
ciallaíonn “córas” cóimeáil d’fheistí arna gcur le chéile chun feidhm shonrach amháin nó níos mó a dhéanamh i bhfeithicil agus atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo nó faoi réir cheanglais aon cheann de na gníomhartha tarmligthe nó na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo;
ciallaíonn “comhpháirt” feiste atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo nó faoi réir cheanglais aon cheann de na gníomhartha tarmligthe nó na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo agus atá ceaptha le bheith ina páirt d’fheithicil agus a fhéadfar a chineálcheadú go neamhspleách ar fheithicil i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe nó na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo sa chás go bhforáiltear go sainráite le gníomhartha den sórt sin go ndéanfar amhlaidh;
ciallaíonn “aonad teicniúil ar leithligh” feiste atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo nó faoi réir aon cheann de na gníomhartha tarmligthe nó na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo agus atá ceaptha a bheith ina pháirt d’fheithicil a fhéadfar a chineálcheadú ar leithligh, ach amháin maidir le cineál sonraithe amháin feithicle nó níos mó i gcás ina bhforáiltear go sonrach dó sin sna gníomhartha sin;
ciallaíonn “páirteanna” earraí a úsáidtear chun feithicil a chóimeáil, mar aon le páirteanna spártha;
ciallaíonn “trealamh” aon earraí, seachas páirteanna, is féidir a chur le feithicil nó a shuiteáil ar fheithicil;
ciallaíonn “páirteanna bunaidh nó trealamh bunaidh” páirteanna nó trealamh a mhonaraítear de réir na sonraíochtaí agus na gcaighdeán táirgthe a sholáthraíonn monaróir na feithicle le haghaidh tháirgeadh na bpáirteanna nó an trealaimh chun an fheithicil atá i gceist a chóimeáil; áirítear leis seo na páirteanna sin nó an trealamh sin a mhonaraítear ar an líne tháirgthe chéanna leis na páirteanna seo, nó leis an trealamh sin; mura gcruthófar a mhalairt, toimhdeofar gur páirteanna bunaidh nó trealamh bunaidh iad páirteanna nó trealamh má dheimhníonn an monaróir go bhfuil siad den cháilíocht chéanna is atá na comhpháirteanna a úsáideadh chun an fheithicil atá i gceist a chóimeáil agus a monaraíodh i gcomhréir le sonraíochtaí agus caighdeáin tháirgthe mhonaróir na feithicle;
ciallaíonn “páirteanna spártha” earraí atá le suiteáil i bhfeithicil nó ar fheithicil ionas go ngabhfadh siad ionad pháirteanna bunaidh na feithicle sin, lena n-áirítear earraí ar nós bealaí a bhfuil gá leo in úsáid na feithicle, cé is moite de bhreosla;
ciallaíonn “sábháilteacht fheidhmiúil” gan aon riosca do-ghlactha díobhála coirp nó damáiste do shláinte daoine nó do mhaoin a bheith ann de thoradh guaiseacha arbh é iompar mífheidhmiúil córais de chineál meicniúil, hiodrálach, neomatach, leictreach nó leictreonach, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leithligh ba chúis leo;
ciallaíonn “monaróir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach don údarás ceadaithe as gach gné den chineálcheadú nó den phróiseas údaraithe as comhréireacht táirgeachta a áirithiú agus atá freagrach freisin as cúraim a bhaineann le faireachas margaidh ó thaobh na bhfeithiclí, na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na n-aonad teicniúil ar leithligh a tháirgtear, is cuma cé acu atá baint dhíreach ag an duine nádúrtha nó dlítheanach le gach céim de dhearadh agus de thógáil na feithicle, an chórais, na comhpháirte nó an aonaid theicniúil ar leithligh is ábhar don phróiseas ceadaithe, nó nach bhfuil;
ciallaíonn “ionadaí monaróra” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus atá ceaptha go hiomchuí ag an monaróir chun a bheith ina ionadaí thar ceann an mhonaróra os comhair an údaráis ceadaithe nó os comhair an údaráis um fhaireachas margaidh agus chun gníomhú thar ceann an mhonaróra in ábhair atá cumhdaithe leis an Rialachán seo;
ciallaíonn “údarás ceadaithe” údarás Ballstáit arna bhunú nó arna cheapadh ag an mBallstát agus ar chuir an Ballstát an Coimisiún ar an eolas ina leith agus atá inniúil maidir le gach gné a bhaineann le cineál feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leithligh a cheadú, maidir leis an bpróiseas údaraithe, maidir le deimhnithe ceadaithe a eisiúint agus, más iomchuí, iad a tharraingt siar nó a dhiúltú, maidir le gníomhú mar phointe teagmhála d’údaráis cheadaithe Bhallstáit eile, maidir leis na seirbhísí teicniúla a ainmniú agus maidir lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an monaróir a chuid oibleagáidí i leith chomhréireacht na táirgeachta;
ciallaíonn “seirbhís theicniúil” eagraíocht nó comhlacht arna ainmniú ag údarás ceadaithe Ballstáit mar shaotharlann tástála chun tástálacha a dhéanamh, nó mar chomhlacht measúnaithe comhréireachta chun an measúnú tosaigh agus tástálacha nó cigireachtaí eile a dhéanamh, thar ceann an údaráis ceadaithe agus gur féidir leis an údarás ceadaithe é féin na feidhmeanna sin a dhéanamh;
ciallaíonn “féintástáil” tástálacha a dhéanamh i saoráidí an mhonaróra féin, torthaí na dtástálacha sin a chlárú agus monaróir do chur tuarascáil ina bhfuil conclúidí a chur isteach chuig an údarás ceadaithe, ar monaróir é a ainmníodh mar sheirbhís theicniúil chun comhlíonadh ceanglas áirithe a mheasúnú, do chur tuarascáil ina bhfuil conclúidí faoi bhráid an údaráis ceadaithe;
ciallaíonn “modh fíorúil tástála” ionsamhlúcháin ar ríomhaire, lena n-áirítear ríomhanna lena thaispeáint cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leithligh ceanglais theicniúla gnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 27(6) gan gá le feithicil fhisiciúil, córas fisiciúil, comhpháirt fhisiciúil nó aonad teicniúil ar leithligh fisiciúil a úsáid;
ciallaíonn “deimhniú ar chineálcheadú” an doiciméad trína ndeimhníonn an t-údarás ceadaithe go hoifigiúil go bhfuil cineál feithicle, cineál córais, cineál comhpháirte nó cineál aonaid theicniúil ar leithligh ceadaithe;
ciallaíonn “deimhniú ar chineálcheadú AE” an deimhniú arna bhunú ar an teimpléad a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo nó an fhoirm chumarsáide a leagtar amach i rialacháin ábhartha CENAE dá dtagraítear sa Rialachán seo nó sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo;
ciallaíonn “deimhniú comhréireachta” an doiciméad a eisíonn an monaróir, lena ndeimhnítear go bhfreagraíonn an fheithicil táirgthe don chineál feithicle atá ceadaithe;
ciallaíonn “córas diagnóiseach ar bord” nó “córas DAB” córas a bhfuil sé de chumas ann réimse dóchúil na mífheidhme a shainaithint trí bhíthin lochtchóid a stóráiltear i gcuimhne ríomhaire;
ciallaíonn “faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithicle” gach faisnéis is gá chun diagnóis, seirbhísiú, iniúchadh, faireachán tréimhsiúil, deisiú, athchlárú nó atúsú a dhéanamh ar an bhfeithicil, faisnéis a sholáthraíonn na monaróirí dá ndéileálaithe údaraithe agus dá ndeisitheoirí údaraithe lena n-áirítear gach leasú nó forlíonadh iardain ar an bhfaisnéis sin; áiritear san fhaisnéis sin an fhaisnéis uile is gá chun páirteanna agus trealamh a fheistiú d’fheithiclí;
ciallaíonn “oibreoir neamhspleách” gnóthais seachas déileálaithe údaraithe agus deisitheoirí údaraithe atá páirteach go díreach nó go neamhdhíreach i ndeisiú agus i gcothabháil feithiclí, go háirithe deisitheoirí, monaróirí nó dáileoirí trealaimh dheisiúcháin, uirlisí nó páirteanna spártha, foilsitheoirí faisnéise teicniúla, clubanna gluaisteán, oibreoirí cabhrach ar thaobh an bhóthair, oibreoirí a thairgeann seirbhísí iniúchta agus tástála, oibreoirí a thairgeann oiliúint do shuiteálaithe, do mhonaróirí agus do dheisitheoirí trealaimh le haghaidh feithiclí ►C1 breosla mhalartaigh ◄ ;
ciallaíonn “feithicil nua” feithicil nár cláraíodh riamh nó nár cuireadh i seirbhís;
ciallaíonn “clárú” údarú riaracháin a thabhairt d’fheithicil dul i seirbhís, lena n-áirítear i dtrácht bóthair, arb é atá ann an fheithicil sin a shainaithint agus sraithuimhir a eisiúint di, rud dá ngairfear “cláruimhir”, bíodh sé sin ar bhonn buan, sealadach nó ar feadh tréimhse ghearr;
ciallaíonn “cur ar an margadh” feithicil, córas, comhpháirt, aonad teicniúil ar leithligh, páirt nó trealamh a chur ar fáil den chéad uair san Aontas;
ciallaíonn “cur i seirbhís” an chéad úsáid san Aontas, le haghaidh na críche a ceapadh di nó dó, a bhaintear as feithicil, córas, comhpháirt, aonad teicniúil ar leithligh, páirt nó trealamh;
ciallaíonn “allmhaireoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a chuireann feithicil, córas, comhpháirt, aonad teicniúil ar leithligh, páirt nó trealamh ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;
ciallaíonn “dáileoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir agus an t-allmhaireoir, a chuireann feithicil, córas, comhpháirt, aonad teicniúil ar leithligh, páirt nó trealamh ar fáil ar mhargadh an Aontais;
ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch” an monaróir, ionadaí an mhonaróra, an t-allmhaireoir nó an dáileoir;
ciallaíonn “faireachas margaidh” gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis náisiúnta, agus bearta a ghlacann siad, lena áirithiú go gcomhlíonann feithiclí, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leithligh a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais na ceanglais a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais agus nach bhfuil siad ina riosca do shláinte, do shábháilteacht nó d’aon ghné eile de chosaint an leasa phoiblí;
ciallaíonn “údarás um fhaireachas margaidh” údarás de chuid Ballstáit atá freagrach as faireachas margaidh a dhéanamh ina chríoch;
ciallaíonn “údarás náisiúnta” údarás ceadaithe nó aon údarás eile a bhfuil baint aige le agus atá freagrach as faireachas margaidh, rialú teorann nó clárú i mBallstát i ndáil le feithiclí, córais, comhpháirteanna, aonaid theicniúla ar leithligh, páirteanna ar leithligh nó trealamh ar leithligh;
ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh” aon soláthar feithicle, córais, comhpháirte, aonaid theicniúil ar leithligh, páirte nó trealaimh lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais, mar chuid de ghníomhaíocht tráchtála, bíodh sé sin ar íocaíocht nó saor in aisce;
ciallaíonn “cineál feithicle” grúpa feithiclí, lena n-áirítear malairtí agus leaganacha den chatagóir chéanna nach bhfuil aon difríocht eatarthu i leith na ngnéithe fíor-riachtanacha seo a leanas ar a laghad:
ciallaíonn “malairt” feithiclí den chineál céanna nach bhfuil éagsúil le chéile maidir leis na gnéithe seo a leanas ar a laghad:
le haghaidh tarracóirí:
le haghaidh leantóirí nó trealaimh idirmhalartaithe ar tarraingt:
ciallaíonn “feithicil hibrideach” feithicil chumhachtaithe a bhfuil ar a laghad dhá thiontaire fuinnimh éagsúla agus dhá chóras stórála fuinnimh éagsúla feistithe air (san fheithicil) chun críche an fheithicil a thiomáint;
ciallaíonn “feithicil leictreach hibrideach” feithicil, a tharraingíonn fuinneamh, ar mhaithe le tiomáint mheicniúil, ón dá cheann de na foinsí fuinnimh/cumhachta stóráilte seo a leanas atá san fheithicil;
breosla inídithe;
ceallra, toilleoir, roth lústair/gineadóir nó feiste eile stórála fuinnimh leictrigh nó cumhachta eile.
Áirítear leis an sainmhíniú seo freisin feithiclí a tharraingíonn fuinneamh as breosla inídithe chun an feiste stórála fuinnimh leictrigh/cumhachta a athluchtú agus chun na críche sin amháin;
ciallaíonn “feithicil iomlán leictreach” feithicil atá cumhachtaithe ag córas ina bhfuil feiste stórála fuinnimh leictrigh amháin nó níos mó, feiste comhoiriúnaithe cumhachta leictrí amháin nó níos mó agus meaisín leictreach amháin nó níos mó a dhéanann fuinneamh stóráilte leictreach a thiontú go fuinneamh meicniúil a sheoltar ag na rothaí chun an fheithicil a thiomáint;
ciallaíonn “leagan de mhalairt” feithiclí ina bhfuil teaglaim d’eilimintí arna dtaispeáint sa phacáiste faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 24(10).
Léifear tagairtí sa Rialachán seo do cheanglais, do nósanna imeachta nó do shocruithe a leagtar síos sa Rialachán seo mar thagairtí do na ceanglais, na nósanna imeachta nó na socruithe sin a leagtar síos sa Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.
Airteagal 4
Catagóirí feithiclí
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na catagóirí feithiclí seo a leanas:
cuimsíonn “catagóir T” gach tarracóir ar rothaí; déantar gach catagóir tarracóra ar rothaí a thuairiscítear i bpointe 2 go pointe 8 a fhorlíonadh ag an deireadh le hinnéacs “a” nó “b” de réir a luas dearaidh:
“a” le haghaidh tarracóirí ar rotha ag a bhfuil uasluas dearaidh is lú ná 40 km/h nó cothrom leis;
“b” le haghaidh tarracóirí ar rotha ag a bhfuil uasluas dearaidh is mó ná 40 km/h;
cuimsíonn “catagóir T1” tarracóirí ar rothaí, nach lú ná 1 150 mm leithead rian an acastóra is gaire don tiománaí, ar mó ná 600 kg an mhais gan ualach agus iad in ord reatha, agus nach mó ná 1 000 mm an scóip ón talamh; do tharracóirí ag a bhfuil suíomh tiomána iniompaithe acu (suíochán iniompaithe agus roth stiúrtha iniompaithe), is é an t-acastóir is gaire don tiománaí an ceann ar a bhfuil na boinn leis an trastomhas is mó feistithe;
cuimsíonn “earnáil T2” tarracóirí ar rothaí ar lú ná 1 150 mm leithead íosta na rianta, ar mó ná 600 kg an mhais gan ualach agus iad réidh chun imeachta, nach mó ná 600 mm an scóip ón talamh; i gcásanna inarb airde mheáchanlár an tarracóra (arna chinneadh i gcomhréir le caighdeán ISO 789-6:1982 agus arna thomhas i gcoibhneas leis an talamh) arna roinnt ar mheánleithead íosta rian gach acastóra ar leithligh ná 0,90, beidh teorainn 30 km/h leis an uasluas dearaidh;
cuimsíonn “catagóir T3”tarracóirí ar rothaí ag a bhfuil mais gan ualach nach mó ná 600 kg, agus iad in ord reatha;
cuimsíonn “earnáil T4” tarracóirí sainchuspóireacha ar rothaí;
cuimsíonn “earnáil T4.1” (tarracóirí ardscóipe) tarracóirí arna ndearadh chun oibriú le barra a fhásann go hard, ar nós fíniúnacha. Bíonn fonnadh ardaithe nó cuid den fhonnadh ardaithe iontu, rud a fhágann gur féidir leo dul ar aghaidh i gcomhthreo leis an mbarr agus na rothaí ar gach aon taobh den líne bairr nó de na línte bairr. Tá sé beartaithe iad a úsáid le huirlisí a iompar nó a oibriú, uirlisí is féidir a shocrú ar aghaidh an tarracóra, idir na hacastóirí, ar a chúl, nó ar ardán. Nuair a bhíonn an tarracóir sa staid oibre, is mó ná 1 000 mm an scóip ón talamh go hingearach leis na línte bairr. Má tá airde mheáchanlár an tarracóra, arna tomhas i gcoibhneas leis an talamh, agus ag úsáid bonn atá socraithe mar is iondúil, arna roinnt ar mheánleithead íosta rian gach acastóra ar leithligh níos mó ná 0,90, bíonn teorainn 30 km/h leis an uasluas dearaidh;
cuimsíonn “earnáil T4.2” (tarracóirí ríleathana) tarracóirí arb iad a saintréith an mhéid mhór atá iontu, agus atá beartaithe go príomha chun obair a dhéanamh ar limistéir mhóra de thalamh feirme;
cuimsíonn “earnáil T4.3” (tarracóirí ísealscóipe) tarracóirí faoi thiomáint ceithre roth a bhfuil a dtrealamh idirmhalartaithe beartaithe le haghaidh úsáide talmhaíochta nó foraoiseachta agus arb iad a saintréithe fráma tacaíochta, atá feistithe le cumhachtdúiseacht amháin nó níos mó, agus mais nach mó ná 10 dtonna atá ceadaithe go teicniúil, agus ar lú ná 2,5 an cóimheas idir an mhais sin agus an uasmhais gan ualach agus iad in ord reatha ag a bhfuil an meáchanlár is lú ná 850mm arna tomhas i gcoibhneas leis an talamh ag úsáid bonn atá socraithe mar is iondúil;
cuimsíonn “earnáil C” tarracóirí leagtha bóthair a ghluaiseann ar rianta éigríochta nó ar theaglaim de rothaí agus de rianta éigríochta, agus sainítear fochatagóirí de réir analaí le hearnáil T;
cuimsíonn “earnáil R” leantóirí; déantar gach leantóra a thuairiscítear i bpointe 11 go pointe 14 a fhorlíonadh ag an deireadh le hinnéacs “a” nó “b” de réir a luas dearaidh:
“a” le haghaidh leantóirí ar cothrom le nó ar lú ná 40 km/h an t-uasluas dearaidh;
“b” le haghaidh leantóirí ar mó ná 40 km/h an t-uasluas dearaidh;
cuimsíonn “earnáil R1” leantóirí nach sáraíonn suim na maiseanna atá ceadaithe go teicniúil in aghaidh an acastóra 1 500 kg;
cuimsíonn “earnáil R2” leantóirí ar mó ná 1 500 kg ach nach sáraíonn 3 500 kg suim na maiseanna atá ceadaithe go teicniúil in aghaidh an acastóra;
cuimsíonn “earnáil R3” leantóirí ar mó ná 3 500 kg ach nach sáraíonn 21 000 kg suim na maiseanna atá ceadaithe go teicniúil in aghaidh an acastóra;
cuimsíonn “earnáil R4” leantóirí ar mó ná 21 000 kg suim na maiseanna atá ceadaithe go teicniúil in aghaidh an acastóra;
cuimsíonn “earnáil S” trealamh idirmhalartaithe ar tarraingt.
Déantar gach catagóir de threalamh idirmhalartaithe ar tarraingt a fhorlíonadh ar deireadh de réir a luais dearaidh:
“a” le haghaidh trealaimh idirmhalartaithe ar tarraingt ar cothrom le nó ar lú ná 40 km/h an t-uasluas dearaidh;
“b” le haghaidh trealaimh idirmhalartaithe ar tarraingt ar mó ná 40 km/h an t-uasluas dearaidh;
cuimsíonn “earnáil S1” trealamh idirmhalartaithe ar tarraingt nach sáraíonn suim na maiseanna atá ceadaithe go teicniúil in aghaidh an acastóra 3 500 kg;
cuimsíonn “earnáil S2” trealamh idirmhalartaithe ar tarraingt ar mó ná 3 500 kg suim na maiseanna atá ceadaithe go teicniúil in aghaidh an acastóra.
CAIBIDIL II
OIBLEAGÁIDÍ GINEARÁLTA
Airteagal 5
Oibleagáidí na mBallstát
Áireofar san fhógra i dtaobh na n-údarás ceadaithe agus na n-údarás um fhaireachas margaidh a n-ainm, a seoladh, lena n-áirítear a seoladh leictreonach, agus a réimse. Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin liosta de na húdaráis ceadaithe mar aon le mionsonraí ina dtaobh.
Airteagal 6
Oibleagáidí na n-údarás ceadaithe
Airteagal 7
Bearta um fhaireachas margaidh
Féadfaidh údaráis um fhaireachas margaidh a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha cibé doiciméid agus faisnéis a chur ar fáil a measann siad gá a bheith leo chun a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh.
Más rud é go dtugann oibreoirí eacnamaíocha deimhnithe comhréireachta ar aird, beidh aird chuí ag na húdaráis um fhaireachas margaidh ar na deimhnithe sin.
Airteagal 8
Oibleagáidí monaróirí
Airteagal 9
Oibleagáidí monaróirí maidir lena dtáirgí nach bhfuil i gcomhréireacht nó a mbaineann riosca tromchúiseach leo
Cuirfidh an monaróir an neamh-chomhréireacht agus aon bhearta ceartaitheacha in iúl láithreach don údarás ceadaithe a dheonaigh an ceadú, agus, go háirithe, tabharfaidh sé mionsonraí ina thaobh.
Airteagal 10
Oibleagáidí ionadaithe monaróra maidir le faireachas margaidh
Is é ionadaí an mhonaróra maidir le faireachas margaidh a dhéanfaidh na cúraimí a shonraítear sa sainordú a fuarthas ón monaróir. Leis an sainordú sin ligfear d’ionadaí na nithe a leanas ar a laghad a dhéanamh:
rochtain a bheith aige ar an bhfillteán faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 22 agus ar na deimhnithe comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 33 ionas go bhféadfar iad a chur ar fáil do na húdaráis ceadaithe ar feadh tréimhse 10 mbliana i ndiaidh feithicil a chur ar an margadh agus ar feadh tréimhse cúig bliana i ndiaidh córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leithligh a chur ar an margadh;
ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás ceadaithe, gach faisnéis agus doiciméad is gá chun léiriú a thabhairt ar chomhréireacht táirgeachta feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leithligh a sholáthar don údarás sin;
comhoibriú leis na húdaráis ceadaithe nó leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun an riosca tromchúiseach a chothaíonn feithiclí, córais, comhpháirteanna, aonaid theicniúla ar leithligh, páirteanna nó trealamh atá cumhdaithe lena sainordú a dhíchur.
Airteagal 11
Oibleagáidí allmhaireoirí
Airteagal 12
Oibleagáidí allmhaireoirí maidir lena dtáirgí nach bhfuil i gcomhréireacht nó a chothaíonn riosca tromchúiseach
Airteagal 13
Oibleagáidí dáileoirí
Airteagal 14
Oibleagáidí dáileoirí maidir lena dtáirgí nach bhfuil i gcomhréireacht nó a chothaíonn riosca tromchúiseach
Airteagal 15
Cásanna ina mbaineann oibleagáidí monaróirí le hallmhaireoirí agus le dáileoirí
Measfar gur monaróir é allmhaireoir nó dáileoir chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra faoi Airteagal 8 go hAirteagal 10 i gcás ina ndéanann an t-allmhaireoir nó an dáileoir feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leithligh a chur ar fáil ar an margadh nó a chlárú faoina ainm nó faoina thrádmharc, nó i gcás ina bhfuil sé freagrach as iad a chur i seirbhís faoina ainm nó faoina thrádmharc, nó i gcás ina modhnaíonn sé feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leithligh ar shlí go bhféadfaí difear a dhéanamh do chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme.
Airteagal 16
Sainaithint oibreoirí eacnamaíocha
Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin, céannacht na n-oibreoirí seo a leanas a chur in iúl do na húdaráis ceadaithe agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh, ar feadh tréimhse cúig bliana:
aon oibreoir eacnamaíoch a sholáthair feithicil, córas, comhpháirt, aonad teicniúil ar leithligh, páirt nó trealamh dóibh;
aon oibreoir eacnamaíoch ar sholáthair siad feithicil, córas, comhpháirt, aonad teicniúil ar leithligh, páirt nó trealamh dóibh.
CAIBIDIL III
CEANGLAIS SHUBSTAINTEACHA
Airteagal 17
Ceanglais um shábháilteacht fheidhmiúil feithiclí
Áiritheoidh monaróirí go gcomhlíonann na feithiclí, na córais, na comhpháirteanna agus na haonaid theicniúla ar leithligh na ceanglais ábhartha atá leagtha amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear na ceanglais a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
sláine struchtúr na feithicle;
córais a chabhraíonn le smacht an tiománaí an bhfeithicil, go háirithe maidir le córais stiúrtha agus córais choscánaithe, lena n-áirítear ardchórais choscánaithe agus córais leictreonacha rialaithe cobhsaíochta;
córais trína soláthraítear infheictheacht agus faisnéis don tiománaí faoi staid na feithicle agus faoin spás a thimpeallaíonn í, lena n-áirítear gloiniú, scátháin agus córais faisnéise don tiománaí;
córais soilsiúcháin feithicle;
cosaint do dhaoine atá i bhfeithicil, lena n-áirítear feistis inmheánacha, ceannbhaic, criosanna sábhála, doirse na feithicle;
an taobh amuigh den fheithicil agus na gabhálais;
comhoiriúnacht leictreamaighnéadach;
feistí rabhaidh inchloiste;
córais téimh;
feistí chun úsáid neamhúdaraithe a chosc;
córais sainaitheanta feithicle;
maiseanna agus toisí;
sábháilteacht leictreach, lena n-áirítear leictreachas statach;
struchtúir chosanta ag cúl na feithicle;
cosaint chliathánach;
ardáin iompair;
feistí tarraingthe;
boinn;
córais choiscthe sprae;
giar cúlaithe;
rianta;
cúpláin mheicniúla; lena n-áirítear cosaint in aghaidh earráidí maidir le feistiú.
Beidh na ceanglais mhionsonraithe de chineál a mhéadóidh leibhéal na sábháilteachta feidhmiúla dá bhforáiltear sna Treoracha dá dtagraítear in Airteagal 76(1) agus in Airteagal 77, nó ar a laghad an leibhéal sin a choimeád, agus áiritheofar an méid seo a leanas leo:
go gcomhlíonann feithiclí ag a bhfuil uasluas dearaidh níos mó ná 40 km/h leibhéal coibhéiseach sábháilteachta feidhmiúla maidir le feidhmíocht choscánaithe agus, i gcás inarb iomchuí, córais choscánaithe frithghlasála mar mhótarfheithiclí agus a leantóirí;
nach mó an t-uasbhrú teagmhála a chuireann boinn nó rianta i bhfeidhm ar chruadhromchla bóthair ná 0,8 MPa.
Airteagal 18
Ceanglais um shábháilteacht ceirde
Áiritheoidh monaróirí go gcomhlíonann na feithiclí, na córais, na comhpháirteanna agus na haonaid theicniúla ar leithligh na ceanglais ábhartha atá leagtha amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear na ceanglais a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
struchtúir chosanta iompaithe (“ROPS”);
struchtúir chosanta ar rudaí atá ag titim (“FOPS”);
suíocháin phaisinéara;
neamhchosaint an tiománaí ar leibhéal torainn;
suíochán an tiománaí;
spás oibriúcháin agus rochtain ar an suíomh tiomána, lena n-áirítear cosaint ar sciorradh, ar thuisliú nó ar thitim;
cumhachtdúiseachtaí;
cosaint ar chomhpháirteanna tiomána;
pointí ancaireachta criosanna sábhála;
criosanna sábhála;
cosaint an tiománaí ar rudaí treáiteacha (Struchtúir Chosanta le haghaidh an Oibreora “OPS”);
cosaint an tiománaí ar shubstaintí guaiseacha;
Cosaint óna bheith neamhchosanta ar pháirteanna nó ar ábhair ag teochtaí foircneacha;
an lámhleabhar don oibreoir;
rialuithe, lena n-áirítear sábháilteacht agus iontaofacht córas rialaithe, feistí éigeandála agus feistí do stopadh uathoibríoch;
cosaint ar ghuaiseacha meicniúla seachas na cinn a luaitear i bpointí (a), (b), (g), (k), lena n-áirítear cosaint ar dhromchlaí garbha, cosaint ar chiumhaiseanna géara agus ar uillinneacha géara, cosaint ar réabadh na bpíobán ina n-iompraítear sreabháin agus cosaint ar ghluaiseacht gan smacht na feithicle;
oibriú agus cothabháil, lena n-áirítear glanadh sábháilte na feithicle;
sciatha agus feistí cosanta;
faisnéis, rabhaidh agus marcálacha;
ábhair agus táirgí;
ceallraí.
Beidh na ceanglais theicniúla mhionsonraithe sin de chineál a mhéadóidh an leibhéal sábháilteachta ag an obair dá bhforáiltear leis na Treoracha dá dtagraítear in Airteagal 76(1) agus in Airteagal 77, nó ar a laghad a choimeádfaidh an leibhéal sin, agus eirgeanamaíocht (lena n-áirítear cosaint ar mhí-úsáid intuartha, inúsáidteacht córas rialaithe, inrochtaineacht na rialaitheoirí chun gníomhachtúchán neamhthoiliúil a sheachaint, oiriúnú chomhéadan an duine/na feithicle do shaintréithe intuartha an tiománaí, do chreathanna agus d’idirghabháil an oibreora), cobhsaíocht agus sábháilteacht dóiteáin á gcur san áireamh.
Airteagal 19
Ceanglais um fheidhmíocht chomhshaoil
Áiritheoidh monaróirí go gcomhlíonann na feithiclí, na córais, na comhpháirteanna agus na haonaid theicniúla ar leithligh na ceanglais ábhartha atá leagtha amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear na ceanglais a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
astaíochtaí truailleán;
leibhéal fuaime seachtraí.
Chun tarracóirí de chatagóirí T2, T4.1 agus C2 a chur ar an margadh, a chlárú nó a chur i seirbhís, measfar gurb innill idirthréimhseacha mar a shonraítear i bpointe (32) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/1628 iad na hinnill sa réimse cumhachta 56 — 130 kW a chomhlíonann ceanglais Chéim IIIB.
Ní fhéadfaidh na luachanna teorann do na leibhéil shonracha fuaime seachtraí a bheith níos mó ná na leibhéil seo a leanas:
89 dB(A) do tharracóirí ag a bhfuil mais gan ualach nach mó ná 1 500 kg, agus iad in ord reatha;
85 dB(A) do tharracóirí ag a bhfuil mais gan ualach nach mó ná 1 500 kg, agus iad in ord reatha.
Tomhaisfear iad i gcomhréir leis an nós imeachta tástála a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 6.
Beidh na ceanglais theicniúla shonracha de chineál a mhéadóidh leibhéal na feidhmíochta comhshaoil dá bhforáiltear sna Treoracha dá dtagraítear in Airteagal 76(1) agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 77, nó ar a laghad an leibhéal sin a choimeád.
De mhaolú ar an bprionsabal a leagtar amach sa dara fomhír, cumhachtófar don Choimisiún leasú a dhéanamh, faoin 31 Nollaig 2016, ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/96 (
3) ón gCoimisiún, ionas go mbeidh an méid seo a leanas fíor:
chun críocha chineálcheadú AE le haghaidh tarracóirí de chatagóirí T2, T4.1 agus C2, beidh ceithre bliana ann mar thréimhse chur siar mar a leagtar amach in Airteagal 11(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/96 í; agus
faoin scéim solúbthachta dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/96, go méadófar go dtí 150 % an tsolúbthacht a cheadaítear de bhun phointe 1.1.1 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe sin do tharracóirí de chatagóirí T2, T4.1 agus C2.
CAIBIDIL IV
NÓSANNA IMEACHTA CINEÁLCHEADAITHE AE
Airteagal 20
Nósanna imeachta le haghaidh chineálcheadú AE
Agus monaróir ag cur isteach ar chineálcheadú feithicle ina hiomláine, féadfaidh sé ceann amháin de na nósanna imeachta a leanas a roghnú:
cineálcheadú céim ar chéim;
cineálcheadú aonchéime;
cineálcheadú measctha.
De bhreis air sin, féadfaidh an monaróir cineálcheadú ilchéime a roghnú.
I gcás cineálcheadú córas, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leithligh, is é an nós imeachta do chineálcheadú aonchéime amháin a bheidh infheidhme.
Déanfar cineálcheadú ilchéime a dheonú i leith cineál feithicle neamhiomláine nó lánchríochnaithe a chomhlíonann na sonraí san fhillteán faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 22 agus a chomhlíonann na ceanglais theicniúla a leagtar síos sna gníomhartha ábhartha a liostaítear in Iarscríbhinn I, ag cur staid chríochnaithe na feithicle san áireamh.
Airteagal 21
Iarratas ar chineálcheadú
Airteagal 22
Fillteán faisnéise
Beidh na nithe seo a leanas san fhillteán faisnéise:
doiciméad faisnéise;
gach sonra, líníocht, grianghraf agus faisnéis eile;
i gcás feithiclí, léiriú ar an nós imeachta nó na nósanna imeachta arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 20(1);
aon fhaisnéis bhreise a iarrann an t-údarás ceadaithe i gcomhthéacs an nós imeachta iarratais.
Airteagal 23
Ceanglais shonracha maidir le faisnéis atá le soláthar san iarratas ar chineálcheadú faoi nósanna imeachta éagsúla
Maidir le cineálcheadú córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leithligh, de bhun na ngníomhartha is infheidhme atá liostaithe in Iarscríbhinn I, beidh rochtain ag an údarás ceadaithe ar an bhfillteán faisnéise gaolmhar go dtí go n-eisítear cineálcheadú nó go dtí go ndiúltaítear do chineálcheadú.
Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 ná do mhír 3, soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas chun críocha cineálcheadaithe ilchéime:
sa chéad chéim, na codanna sin den fhillteán faisnéise agus de na deimhnithe ar chineálcheadú AE a bhaineann le staid chríochnaithe na bonnfheithicle;
sa dara céim agus sna céimeanna ina dhiaidh sin, na codanna sin den fhillteán faisnéise agus de dheimhnithe ar chineálcheadú AE a bhaineann leis an gcéim reatha tógála, móide cóip de dheimhniú ar chineálcheadú AE le haghaidh na feithicle a eisíodh sa chéim tógála roimhe sin mar aon le mionsonraí iomlána maidir le haon athruithe a rinne an monaróir ar an bhfeithicil nó maidir le haon ní a chuir an monaróir léi.
Féadfar an fhaisnéis atá sonraithe i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír den mhír seo a sholáthar i gcomhréir le mír 3.
CAIBIDIL V
SEOLADH NÓSANNA IMEACHTA CINEÁLCHEADAITHE AE
Airteagal 24
Forálacha ginearálta
Airteagal 25
Forálacha sonracha maidir leis an deimhniú ar chineálcheadú AE
Beidh an méid seo a leanas, i bhfoirm cheangaltán, ag gabháil leis an deimhniú ar chineálcheadú AE:
an pacáiste faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 24(10);
bileog thorthaí na tástála;
ainm(neacha) agus cóip(eanna) samplach(a) de shíniú(de shínithe) an duine(na ndaoine) atá údaraithe chun deimhnithe comhréireachta a shíniú agus ráiteas faoina bpost sa chuideachta;
i gcás cineálcheadaithe AE don fheithicil ina hiomláine, cóip shamplach den deimhniú comhréireachta agus í comhlánaithe.
Maidir le gach cineál feithicle, déanfaidh an t-údarás ceadaithe na nithe seo a leanas:
na ranna ábhartha uile den deimhniú ar chineálcheadú AE a chomhlánú, lena n-áirítear bileog thorthaí na tástála atá i gceangal leis an deimhniú;
an t-innéacs a ghabhann leis an bpacáiste faisnéise a thiomsú;
an deimhniú comhlánaithe, chomh maith leis na ceangaltáin a ghabhann leis, a eisiúint don iarratasóir gan mhoill.
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an teimpléad a leagan síos do bhileog thorthaí na tástála dá dtagraítear i bpointe (a). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69(2). Déanfar na chéad ghníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2014.
Airteagal 26
Forálacha sonracha maidir le córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leith
Sna cásanna sin, sonrófar sa deimhniú ar chineálcheadú AE aon srianta ar úsáid na comhpháirte nó an aonaid theicniúil ar leithligh agus luafar ann na coinníollacha speisialta maidir lena suiteáil.
I gcás ina bhfeistíonn monaróir na feithicle a leithéid de chomhpháirt nó d’aonad teicniúil ar leithligh, fíorófar le linn don fheithicil a bheith á ceadú go bhfuil an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leithligh sin i gcomhréir le haon srianta is infheidhme maidir lena n-úsáid nó le haon choinníollacha is infheidhme maidir lena suiteáil.
Airteagal 27
Tástálacha arna gceangal le haghaidh chineálcheadú AE
Is sna gníomhartha ábhartha a liostaítear in Iarscríbhinn I a leagfar síos na nósanna imeachta tástála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus an trealamh sonrach agus na huirlisí sonracha a fhorordaítear chun na tástálacha sin a dhéanamh.
Déanfaidh formáid na tuarascála ar an tástáil na ceanglais ghinearálta arna leagan síos ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe a chomhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69(2). Déanfar na chéad ghníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2014.
Féadfaidh an monaróir, áfach, le comhaontú an údaráis ceadaithe, feithicil, córas, comhpháirt nó aonad teicniúil ar leithligh a roghnú nach bhfuil ionadaíoch don chineál atá le ceadú ar chuntar go mbeidh roinnt de na gnéithe is neamhfhabhraí inti ó thaobh an leibhéil feidhmíochta atá ag teastáil. Féadfar úsáid a bhaint as modhanna fíorúla tástála chun cabhrú le cinnteoireacht le linn an phróisis roghnaithe.
Airteagal 28
Socruithe maidir le comhréireacht táirgeachta
CAIBIDIL VI
LEASUITHE AR CHINEÁLCHEADUITHE AE
Airteagal 29
Forálacha ginearálta
Déanfaidh an t-údarás ceadaithe sin cinneadh maidir le cé acu de na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 30 a leanfar.
I gcás inar gá, féadfaidh an t-údarás ceadaithe a chinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an monaróir, go ndeonófar cineálcheadú AE nua.
Ní bheidh feidhm ag na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 30 ach amháin, ar bhonn na gcigireachtaí agus na dtástálacha, má thagann an t-údarás ceadaithe ar an tátal go bhfuiltear ag leanúint de na ceanglais a bhaineann le cineálcheadú AE a chomhlíonadh.
Airteagal 30
Cineálcheaduithe AE a athbhreithniú agus a fhadú
I gcásanna den sórt sin, eiseoidh an t-údarás ceadaithe na leathanaigh athbhreithnithe den phacáiste faisnéise de réir mar is gá, agus marcálfaidh sé gach ceann de na leathanaigh athbhreithnithe chun an cineál athraithe agus dáta na hatheisiúna a léiriú. Measfar go ndéanann leagan comhdhlúite nuashonraithe den phacáiste, móide tuairisc mhionsonraithe ar na hathruithe, an ceanglas sin a chomhlíonadh.
“Fadú” a thabharfar ar an leasú nuair atá athrú tagtha ar shonraí a taifeadadh sa phacáiste faisnéise nuair a tharlaíonn aon cheann de na nithe seo a leanas:
is gá cigireachtaí nó tástálacha breise a dhéanamh;
athraíodh faisnéis sa deimhniú ar chineálcheadú AE, cé is moite d’fhaisnéis sna ceangaltáin;
tá feidhm tagtha le ceanglais nua faoi aon ghníomh a liostaítear in Iarscríbhinn I, ar ceanglais iad is infheidhme maidir leis an gcineál feithicle nó maidir leis an gcóras, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leithligh atá ceadaithe.
I gcás fadú, eiseoidh an t-údarás ceadaithe deimhniú nuashonraithe ar chineálcheadú AE a mbeidh uimhir an fhadaithe luaite air, ar uimhir í a ardaíonn de réir líon na bhfaduithe leantacha atá deonaithe cheana. Taispeánfar go soiléir ar an deimhniú ceadaithe sin an chúis a bhí leis an bhfadú agus an dáta a atheisíodh é.
Airteagal 31
Leasuithe a eisiúint agus a fhógairt
CAIBIDIL VII
BAILÍOCHT CHINEÁLCHEADÚ AE
Airteagal 32
Bailíocht a fhoirceannadh
Tiocfaidh cineálcheadú AE chun bheith neamhbhailí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
más rud é, go dtagann ceanglais nua chun bheith éigeantach, ar ceanglais iad is infheidhme maidir leis an gcineál feithicle ceadaithe, maidir le feithiclí a chur ar fáil ar an margadh, a chlárú nó a chur i seirbhís agus más rud é nach féidir an cineálcheadú a nuashonrú dá réir;
má scoirtear go críochnúil agus go deonach de bheith ag táirgeadh na feithicle ceadaithe;
má imíonn bailíocht an cheadaithe in éag de bhun sriain speisialta i gcomhréir le hAirteagal 35(6);
má dhéantar an ceadú a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 28(5), le hAirteagal 44(1) nó le hAirteagal 47(4).
Laistigh de mhí amháin tar éis dó an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil, déanfaidh an t-údarás ceadaithe a dheonaigh cineálcheadú AE don fheithicil é sin a chur in iúl d’údaráis cheadaithe na mBallstát eile.
Déanfaidh an t-údarás ceadaithe a dheonaigh cineálcheadú AE gach faisnéis ábhartha a chur gan mhoill chuig údaráis cheadaithe na mBallstát eile ionas go bhféadfar, i gcás inarb iomchuí, Airteagal 39 a chur i bhfeidhm.
Sonrófar san fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír, go háirithe, an dáta táirgthe agus an uimhir aitheantais feithicle don fheithicil is deireanaí a táirgeadh.
CAIBIDIL VIII
AN DEIMHNIÚ COMHRÉIREACHTA AGUS MARCANNA
Airteagal 33
Deimhniú comhréireachta
Seachadfar deimhniú den sórt sin saor in aisce ar an gceannaitheoir in éineacht leis an bhfeithicil. Ní fhéadfaidh seachadadh an deimhnithe a bheith ag brath ar iarraidh shainráite a dhéanamh ar an monaróir nó ar fhaisnéis bhreise a chur isteach chuige.
Arna iarraidh sin ag úinéir na feithicle, déanfaidh an monaróir feithicle, go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis dháta táirgthe na feithicle dúblach den deimhniú comhréireachta a eisiúint ar íocaíocht nach mó ná costas na heisiúna. Beidh an focal “dúblach” le feiceáil go soiléir ar éadan aon deimhnithe dhúblaigh.
Airteagal 34
Pláta reachtúil le marcáil iomchuí feithiclí agus marc cineálcheadaithe comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leithligh
I gcás nach n-éilítear marc cineálcheadaithe den sórt sin, déanfaidh an monaróir trádainm nó trádmharc an mhonaróra, uimhir an chineáil nó uimhir aitheantais a ghreamú.
CAIBIDIL IX
DÍOLÚINTÍ DO THEICNEOLAÍOCHTAÍ NUA NÓ DO CHOINCHEAPA NUA
Airteagal 35
Díolúintí le haghaidh teicneolaíochtaí nua nó le haghaidh coincheap nua
Deonóidh an t-údarás ceadaithe cineálcheadú AE dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina mbeidh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:
luaitear ar an iarratas na cúiseanna a fhágann na teicneolaíochtaí nó na coincheapa atá i gceist nach bhfuil an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leithligh ag luí le ceann amháin nó níos mó de na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I;
tuairiscítear ar an iarratas na himpleachtaí sábháilteachta agus comhshaoil a ghabhann leis an teicneolaíocht nua agus na bearta a rinneadh lena áirithiú go mbeidh ar a laghad leibhéal sábháilteachta agus leibhéal cosanta comhshaoil ann atá coibhéiseach leis an leibhéal dá bhforáiltear leis na ceanglais óna bhfuiltear ag iarraidh díolúine;
cuirtear i láthair tuairiscí ar na tástálacha agus na torthaí a chruthaíonn go gcomhlíontar an coinníoll i bpointe (b).
Beidh an nádúr sealadach agus an bhailíocht theoranta chríochach le feiceáil ón gceannteideal a bheidh ar dheimhniú cineálcheadaithe agus ó cheannteideal an deimhnithe comhréireachta. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun foráil a dhéanamh do theimpléid chomhchuibhithe le haghaidh an deimhnithe cineálcheadaithe agus le haghaidh an deimhnithe comhréireachta chun críocha na míre seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69(2).
Maidir le feithiclí a mhonarófar i gcomhréir leis an gceadú sealadach sula scoirfidh sé de bheith bailí, áfach, féadfar iad a chur ar an margadh, a chlárú nó a chur i seirbhís in aon Bhallstát a mbeidh an ceadú sealadach glactha acu.
Airteagal 36
Oiriúnú iardain ar ghníomhartha tarmligthe agus ar ghníomhartha cur chun feidhme
I gcás ina mbaineann an díolúine faoi Airteagal 35 le rialachán CENAE, molfaidh an Coimisiún leasú ar an rialachán CENAE is ábhartha i gcomhréir leis an nós imeachta is infheidhme faoi Chomhaontú Leasaithe 1958.
Mura ndéantar na céimeanna is gá chun na gníomhartha tarmligthe nó na gníomhartha cur chun feidhme a oiriúnú, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don Bhallstát a dheonaigh an ceadú, a údarú don Bhallstát an cineálcheadú a fhadú, trí chinneadh i bhfoirm gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69(2).
CAIBIDIL X
FEITHICLÍ A THÁIRGTEAR I SRAITHEANNA BEAGA
Airteagal 37
Cineálcheadú náisiúnta sraitheanna beaga
Maidir le cineálcheadú náisiúnta sraitheanna beaga, féadfaidh an t-údarás ceadaithe, má tá forais réasúnta aige leis, ceann amháin nó níos mó de na forálacha i gceann amháin nó níos mó de na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a tharscaoileadh, ar choinníoll go sonróidh sé ceanglais mhalartacha.
CAIBIDIL XI
CUR AR FÁIL AR AN MARGADH, CLÁRÚ NÓ CUR I SEIRBHÍS
Airteagal 38
Feithiclí a chur ar fáil ar an margadh, a chlárú nó a chur i seirbhís
I gcás gur feithiclí neamhiomlána iad na feithiclí sin, ceadaítear feithiclí den sórt sin a chur ar fáil ar an margadh nó a chur i seirbhís, ach féadfaidh na húdaráis atá freagrach as clárú feithiclí sna Ballstáit diúltú cead a thabhairt na feithiclí sin a chlárú nó iad a úsáid ar an mbóthar.
Airteagal 39
Feithiclí ceann sraithe a chur ar fáil ar an margadh, a chlárú nó a chur i seirbhís
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin maidir le feithiclí laistigh de chríoch an Aontais a bhí cumhdaithe ag deimhniú bailí ar chineálcheadú AE tráth a dtáirgthe, ach nár cláraíodh nó nár cuireadh i seirbhís sular chaill an deimhniú sin ar chineálcheadú AE a bhailíocht.
Laistigh de thrí mhí tar éis dóibh an t-iarraidh a fháil, cinnfidh na húdaráis náisiúnta lena mbaineann cibé acu a cheadóidh siad clárú na bhfeithiclí sin ina gcríocha nó nach gceadóidh agus, má cheadóidh, cinnfidh siad an líon feithiclí a chlárófar.
Airteagal 40
Comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a chur ar fáil ar an margadh nó a chur i seirbhís
CAIBIDIL XII
CLÁSAIL CHOSANTA
Airteagal 41
Nós imeachta chun déileáil le feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leithligh atá ina n-ábhar riosca thromchúisigh ar an leibhéal náisiúnta
Más rud é, agus an mheastóireacht sin á déanamh, go bhfionnann an t-údarás ceadaithe a dheonaigh an ceadú nach gcomhlíonann an fheithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leithligh na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh sé gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha an ghníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanamh chun go gcomhlíonfaidh an fheithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leithligh na ceanglais sin, nó ceanglóidh sé ar an oibreoir an fheithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leithligh a tharraingt siar ón margadh, nó a aisghlaoch laistigh de thréimhse réasúnta, ar gníomhaíocht í a bheidh comhréireach leis an gcineál riosca atá ann.
Beidh feidhm ag Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo.
Áiritheofar san fhaisnéis a sholáthrófar gach mionsonra atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an fheithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leithligh neamh-chomhlíontach a shainaithint, sonraí maidir lena thionscnamh, an cineál neamh-chomhréireachta a líomhnaítear agus an riosca a bhaineann leis, mar aon le cineál agus ré na mbeart náisiúnta a glacadh agus na hargóintí a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha chun tosaigh. Go háirithe, cuirfidh na húdaráis ceadaithe in iúl cibé ar ceachtar díobh seo a leanas is cúis leis an neamh-chomhréireacht:
an fheithicil, an córas, an chomhpháirt nó an t-aonad teicniúil ar leithligh gan a bheith ag comhlíonadh na gceanglas maidir le sláinte nó sábháilteacht daoine, le cosaint an chomhshaoil nó le gnéithe eile de chosaint leasanna poiblí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo;
easnaimh sna gníomhartha ábhartha a liostaítear in Iarscríbhinn I.
Airteagal 42
Nós imeachta cosanta an Aontais
Cuirfidh an Coimisiún a chinneadh in iúl do na Ballstáit uile agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.
I gcás ina meastar go bhfuil údar maith leis an mbeart náisiúnta agus gur toradh é sin ar easnaimh sa Rialachán seo sna gníomhartha tarmligthe nó sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, molfaidh an Coimisiún bearta iomchuí mar seo a leanas:
sa chás gur gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo atá i gceist, molfaidh an Coimisiún na leasuithe is gá ar an ngníomh lena mbaineann;
sa chás gur rialacháin CENAE atá i gceist, molfaidh an Coimisiún na dréacht-leasuithe is gá ar na rialacháin ábhartha de chuid CENAE i gcomhréir leis an nós imeachta is infheidhme faoi Chomhaontú Leasaithe 1958.
Airteagal 43
Feithiclí comhlíontacha, córais chomhlíontacha, comhpháirteanna comhlíontacha nó aonaid theicniúla ar leithligh chomhlíontacha a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo
Airteagal 44
Feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leithligh nach bhfuil i gcomhréir leis an gcineál ceadaithe
Iarrfaidh an t-údarás ceadaithe ar an údarás ceadaithe a dheonaigh cineálcheadú AE do chóras, do chomhpháirt, d’aonad teicniúil ar leithligh nó d’fheithicil neamhiomlán an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar feithiclí a bhfuiltear i mbun a dtáirgthe a thabhairt ar ais chun comhréireachta sna cásanna seo a leanas:
i gcás cineálcheadú feithicle AE, más féidir neamh-chomhréireacht feithicle a lua go heisiach le neamh-chomhréireacht córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leithligh;
maidir le cineálcheadú ilchéime, i gcás ina bhfuil neamh-chomhréireacht feithicle lánchríochnaithe inchurtha go heisiach i leith neamh-chomhréireacht córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leithligh ar cuid den fheithicil neamhiomlán é nó í nó i leith neamh-chomhréireacht na feithicle neamhiomláine féin.
Cuirfidh na húdaráis ceadaithe a chéile ar an eolas laistigh de mhí amháin faoi aon tarraingt siar de chineálcheadú AE agus faoi na cúiseanna atá leis an tarraingt siar sin.
Airteagal 45
Páirteanna nó trealamh a d’fhéadfadh riosca tromchúiseach a chothú do dhea-fheidhmiú córas atá fíor-riachtanach a chur ar an margadh agus a chur i seirbhís
Chun a áirithiú go ndéanfar mír 1 a chur i bhfeidhm ar bhealach comhionann, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun liosta de na páirteanna nó den trealamh sin a tharraingt suas bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, agus go háirithe faisnéis a bheidh curtha in iúl ag na Ballstáit maidir leis an méid seo a leanas:
a thromchúisí atá an riosca do shábháilteacht nó d’fheidhmíocht chomhshaoil na bhfeithiclí ar a bhfuil na páirteanna nó an trealamh i gceist feistithe;
an tionchar féideartha a bheadh ar thomhaltóirí agus ar mhonaróirí iarmhargaidh dá ndéanfaí ceanglas údaraithe féideartha maidir le páirteanna nó trealamh a fhorchur faoin Airteagal seo.
Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin.
Airteagal 46
Páirteanna nó trealamh a d’fhéadfadh riosca tromchúiseach a chothú d’fheidhmiú ceart córas fíor-riachtanach — ceanglais ghaolmhara
Má iarrann údarás inniúil Ballstáit eile cóip den deimhniú ar chineálcheadú AE, déanfaidh an t-údarás ceadaithe a dheonaigh cineálcheadú AE, laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil, an deimhniú ar chineálcheadú AE a iarradh, in éineacht leis na ceangaltáin, a sheoladh trí chóras leictreonach malairte comhchoiteann slán chuig an údarás inniúil sin. Féadfaidh an chóip sin a bheith i bhfoirm comhaid leictreonaigh shláin freisin.
Nuair is deimhin leis an údarás ceadaithe, tar éis dó an tuarascáil ar thástálacha agus fianaise eile a chur san áireamh, go gcomhlíonann na páirteanna nó an trealamh atá i gceist na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 45(4), údaróidh sé na páirteanna nó an trealamh a chur ar an margadh agus a chur i seirbhís faoi réir an dara fomhír de mhír 4 den Airteagal seo.
Déanfaidh an t-údarás ceadaithe deimhniú a eisiúint don mhonaróir gan mhoill.
Beidh an monaróir freagrach as a áirithiú go ndéantar na páirteanna nó an trealamh sin a tháirgeadh, nó go leantar de bheith á dtáirgeadh, faoi na coinníollacha faoinar eisíodh an t-údarú.
I gcás ina bhfionnann an t-údarás ceadaithe nach bhfuil na coinníollacha faoinar eisíodh an t-údarú á gcomhlíonadh a thuilleadh, iarrfaidh sé ar an monaróir na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar na páirteanna nó an trealamh a thabhairt chun comhréireachta. Más gá, déanfaidh sé an t-údarú a tharraingt siar.
Airteagal 47
Feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leithligh a aisghlaoch
Áiritheoidh na húdaráis ceadaithe go ndéanfar na leigheasanna a chur chun feidhme go héifeachtach ina mBallstáit faoi seach.
Ina dhiaidh sin, cuirfidh an t-údarás ceadaithe a thug cineálcheadú AE an monaróir ar an eolas faoi. Mura molann an monaróir bearta ceartaitheacha éifeachtacha agus mura gcuireann sé chun feidhme iad, déanfaidh an t-údarás ceadaithe a thug cineálcheadú AE gach beart cosanta is gá, lena n-áirítear cineálcheadú AE a tharraingt siar. I gcás ina ndéantar cineálcheadú AE a tharraingt siar, déanfaidh an t-údarás ceadaithe, laistigh de mhí amháin ón tarraingt siar sin, fógra a thabhairt don mhonaróir, d’údaráis cheadaithe na mBallstát eile agus don Choimisiún i litir chláraithe nó trí mhodh coibhéiseach leictreonach.
Airteagal 48
Fógra faoi chinntí agus faoi leigheasanna atá ar fáil
CAIBIDIL XIII
RIALACHÁIN IDIRNÁISIÚNTA
Airteagal 49
Rialacháin CENAE atá riachtanach le haghaidh chineálcheadú AE
Déanfar na dátaí ar a gcuirfear an rialachán CENAE nó leasuithe air i bhfeidhm go sainordaitheach a shonrú sa ghníomh tarmligthe sin agus déanfar forálacha idirthréimhseacha a áireamh ann i gcás inarb iomchuí.
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe ar leithligh a ghlacadh ina léireofar cur i bhfeidhm sainordaitheach rialacháin CENAE.
Airteagal 50
Tuarascálacha ECFE ar thástálacha a aithint chun críche chineálcheadú AE
CAIBIDIL XIV
FAISNÉIS THEICNIÚIL A SHOLÁTHAR
Airteagal 51
Faisnéis atá ceaptha d’úsáideoirí
Airteagal 52
Faisnéis atá ceaptha do mhonaróirí comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leithligh
Féadfaidh monaróir na feithicle comhaontú ceangailteach a fhorchur ar mhonaróirí na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil ar leithligh rúndacht aon fhaisnéise nach bhfuil san fhearann poiblí, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le cearta maoine intleachtúla, a chosaint.
Má fhoráiltear amhlaidh i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo, soláthróidh monaróir na gcomhpháirteanna nó na n-aonad teicniúil ar leithligh, in éineacht leis na comhpháirteanna nó na haonaid theicniúla ar leithligh a tháirgtear, treoracha a bhaineann le srianta ar úsáid nó coinníollacha speisialta maidir le suiteáil nó an dá rud.
CAIBIDIL XV
ROCHTAIN AR FHAISNÉIS FAOI DHEISIÚ AGUS FAOI CHOTHABHÁIL
Airteagal 53
Oibleagáidí monaróirí
Féadfar bogearraí atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú ceart an chórais sábháilteachta agus rialaithe comhshaoil a chosaint ar oibriú neamhúdaraithe. Maidir le haon oibriú ar na córais sin, áfach, a bhfuil gá leis ar mhaithe le deisiú agus cothabháil nó atá inrochtana do dhéileálaithe údaraithe nó do dheisitheoirí údaraithe, déanfar rochtain orthu a chur ar fáil d’oibreoirí neamhspleácha ar mhodh neamh-idirdhealaitheach.
Déanfaidh na monaróirí rochtain, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar ábhar oiliúna agus ar uirlisí oibre ábhartha a sholáthar do dhéileálaithe údaraithe, do dheisitheoirí údaraithe agus d’oibreoirí neamhspleácha. Áiritheofar ar an rochtain sin, i gcás inarb infheidhme, oiliúint dhóthanach i ndáil le bogearraí a íoslódáil, bainistiú ar chóid dhiagnóiseacha ainghléis agus úsáid uirlisí oibre.
Gan dochar do mhír 1, áiritheofar san fhaisnéis dá dtagraítear inti:
cineál agus múnla an tarracóra;
uimhir aitheantais aonchiallach feithicle;
lámhleabhair seirbhíse, lena n-áirítear taifid do dheisiú agus do chothabháil agus sceidil seirbhíse;
lámhleabhair theicniúla agus feasacháin don tseirbhís theicniúil;
faisnéis faoi chomhpháirteanna agus faoi dhiagnóis (amhail íosluachanna agus uasluachanna teoiriciúla na dtomhas);
léaráidí den sreangú;
cóid dhiagnóiseacha ainghléis, lena n-áirítear cóid shonracha an mhonaróra;
an fhaisnéis go léir is gá chun bogearraí nua nó nuashonraithe a shuiteáil ar fheithicil nua nó ar chineál feithicle nua (mar shampla uimhir pháirte an bhogearra);
faisnéis a bhaineann le huirlisí agus trealamh dílsithe agus a chuirtear ar fáil tríothu;
faisnéis faoi thaifead sonraí, sonraí tástála agus aon fhaisnéis theicniúil eile (amhail sonraí faireacháin déthreo, más infheidhme don teicneolaíocht atá in úsáid);
aonaid oibre nó tréimhsí ama caighdeánaithe i gcomhair cúraimí deisiúcháin agus cothabhála má chuirtear ar fáil iad, go díreach nó trí thríú páirtí, do dhéilálaithe údaraithe agus do dheisitheoirí údaraithe na monaróirí.
Sa chás nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil, nó sa chás nach bhfuil sí i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo agus atá infheidhme tráth a bheidh iarratas á dhéanamh ar chineálcheadú AE aige, déanfaidh an monaróir an fhaisnéis sin a sholáthar laistigh de shé mhí ó dháta an cheadaithe.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléad a leagan síos le haghaidh deimhniú do rochtain ar fhaisnéis DAB agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí lena soláthraítear an cruthúnas comhréireachta sin don údarás ceadaithe. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69(2).
Airteagal 54
Oibleagáidí maidir le sealbhóirí éagsúla cineálcheadaithe
I gcás cineálcheadú céim ar chéim, cineálcheadú measctha agus cineálcheadú ilchéime, beidh an monaróir atá freagrach as an gcineálcheadú faoi seach freagrach freisin as an monaróir deiridh agus na hoibreoirí neamhspleácha araon a chur ar an eolas maidir le faisnéis faoi dheisiú a bhaineann leis an gcóras áirithe sin, leis an gcomhpháirt áirithe sin, nó leis an aonad teicniúil ar leithligh áirithe sin nó leis an gcéim áirithe sin.
Beidh an monaróir deiridh freagrach as faisnéis faoin bhfeithicil ina hiomláine a chur ar fáil do na hoibreoirí neamhspleácha.
Airteagal 55
Táillí maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí
Airteagal 56
Fóram maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoi Fheithiclí
Déanfar raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanann an Fóram maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoi Fheithiclí, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 13(9) de Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ( 5 ) a leathnú go dtí feithiclí atá clúdaithe ag an Rialachán seo.
Ar bhonn fianaise ar mhí-úsáid faisnéise faoi DAB feithicle agus faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithicle, bíodh an mhí-úsáid sin á déanamh d’aon ghnó nó go neamhdheonach, tabharfaidh an Fóram dá dtagraítear sa chéad mhír comhairle don Choimisiún faoi bhearta a chuirfeadh cosc ar mhí-úsáid faisnéise den sórt sin.
CAIBIDIL XVI
SEIRBHÍSÍ TEICNIÚLA A AINMNIÚ AGUS A FHÓGAIRT
Airteagal 57
Ceanglais maidir le seirbhísí teicniúla
Maidir le comhlacht a bhaineann le comhlachas gnó nó le cónaidhm ghairmiúil a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthais atá páirteach i ndearadh, monarú, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil feithiclí, córas, comhpháirteanna nó aonad teicniúil ar leithligh atá á measúnú, á dtástáil nó á n-imscrúdú ag an gcomhlacht, féadfar a mheas go bhfuil an comhlacht sin ag comhlíonadh cheanglais na chéad fhomhíre, ar choinníoll go léireofar go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa i gceist.
Áiritheoidh seirbhís theicniúil nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a fochuideachtaí nó a fochonraitheoirí difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht nó do neamhchlaontacht na gcatagóirí gníomhaíochtaí a bhfuil sí ainmnithe faoina gcomhair.
Beidh seirbhís theicniúil ábalta na catagóirí gníomhaíochtaí uile a bhfuil sí ainmnithe faoina gcomhair, i gcomhréir le hAirteagal 59(1), a chomhlíonadh trína léiriú, chun sástachta an údaráis ceadaithe ainmniúcháin, go bhfuil an méid seo a leanas aici:
pearsanra ag a bhfuil na scileanna iomchuí, eolas teicniúil sainiúil agus gairmoiliúint mar aon le taithí leordhóthanach agus iomchuí chun an cúram a dhéanamh;
tuairiscí ar nósanna imeachta is ábhartha do na catagóirí gníomhaíochtaí dá bhfuil sí ag lorg ainmniú, lena n-áiritheofar trédhearcacht agus in-atáirgeacht na nósanna imeachta sin;
nósanna imeachta maidir le feidhmíocht na gcatagóirí gníomhaíochtaí dá bhfuil sí ag lorg ainmniú, ar nósanna imeachta iad ina dtugtar aird chuí ar a chasta atá teicneolaíocht na feithicle, an chórais, na comhpháirte nó an aonaid theicniúil ar leithligh atá i gceist agus ar chineál olltáirgthe nó sraitheach an phróisis táirgeachta; agus
an acmhainn is gá chun na cúraimí a bhaineann leis na catagóirí gníomhaíochtaí dá bhfuil sí ag lorg ainmniú a dhéanamh ar mhodh iomchuí agus go bhfuil rochtain aici ar gach trealamh nó saoráid is gá.
Sa bhreis air sin, léireoidh sí don údarás ceadaithe ainmniúcháin go bhfuil sí ag comhlíonadh na gcaighdeán a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 61 agus atá ábhartha do na catagóirí gníomhaíochtaí dá bhfuil sé ainmnithe.
Airteagal 58
Fochuideachtaí seirbhísí teicniúla agus fochonraitheoireacht ag seirbhísí teicniúla
Airteagal 59
Seirbhísí teicniúla a ainmniú
Déanfar seirbhísí teicniúla a ainmniú i leith ceann amháin nó níos mó de na catagóirí gníomhaíochtaí seo a leanas, ag brath ar a réimse inniúlachta:
catagóir A: seirbhísí teicniúla a dhéanann na tástálacha dá dtagraítear sa Rialachán seo agus sna gníomhartha a liostaítear in Iarscríbhinn I ina saoráidí féin;
catagóir B: seirbhísí teicniúla a dhéanann maoirseacht ar na tástálacha dá dtagraítear sa Rialachán seo agus sna gníomhartha a liostaítear in Iarscríbhinn I, nuair a dhéantar na tástálacha sin i saoráidí an mhonaróra nó i saoráidí de chuid tríú páirtí;
catagóir C: seirbhísí teicniúla a dhéanann measúnú agus faireachán ar bhonn rialta ar nósanna imeachta an mhonaróra maidir le comhréireacht táirgeachta a rialú;
catagóir D: seirbhísí teicniúla a dhéanann tástálacha nó cigireachtaí nó a dhéanann maoirseacht ar thástálacha nó ar chigireachtaí maidir le faireachas ar chomhréireacht táirgeachta.
Airteagal 60
Seirbhísí teicniúla creidiúnaithe intí an mhonaróra
Comhlíonfaidh seirbhís theicniúil chreidiúnaithe intí na ceanglais seo a leanas:
sa bhreis ar a bheith ainmnithe ag údarás ceadaithe Ballstáit, beidh sí creidiúnaithe ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta de réir mar a shainítear é i bpointe 11 d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus i gcomhréir leis na caighdeáin agus an leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 61 den Rialachán seo;
beidh an tseirbhís theicniúil chreidiúnaithe intí agus a pearsanra inaitheanta ó thaobh eagraíochta de agus beidh modhanna tuairiscithe acu, laistigh den ghnóthas ar cuid de iad, a áiritheoidh go bhfuil siad neamhchlaonta agus a léireoidh a neamhchlaontacht don chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta ábhartha;
ní ghabhfaidh an tseirbhís theicniúil chreidiúnaithe intí ná a pearsanra d’aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le neamhspleáchas a mbreithiúnais nó a n-ionracas i ndáil leis na catagóirí gníomhaíochtaí ar ina leith a ainmnítear iad;
ní chuirfidh an tseirbhís theicniúil chreidiúnaithe intí a cuid seirbhísí ar fáil ach amháin don ghnóthas ar cuid de í.
Airteagal 61
Nósanna imeachta maidir le caighdeáin fheidhmíochta agus le measúnú seirbhísí teicniúla
Chun a áirithiú go mbaineann na seirbhísí teicniúla an t-ardleibhéal céanna de chaighdeáin fheidhmíochta amach i ngach Ballstát, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 maidir leis na caighdeáin nach mór do na seirbhísí teicniúla a chomhlíonadh agus maidir leis an nós imeachta chun iad a mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 62 agus chun iad a chreidiúnú i gcomhréir le hAirteagal 60.
Airteagal 62
Measúnú a dhéanamh ar scileanna na seirbhísí teicniúla
Airteagal 63
Nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt
Airteagal 64
Athruithe ar ainmnithe
Airteagal 65
Agóid i gcoinne inniúlacht seirbhísí teicniúla
Airteagal 66
Oibleagáidí oibriúcháin na seirbhísí teicniúla
Is iad na seirbhísí teicniúla féin a dhéanfaidh na tástálacha agus a dhéanfaidh maoirseacht ar na tástálacha a cheanglaítear a dhéanamh le haghaidh ceadaithe nó le haghaidh cigireachtaí faoi mar a leagtar amach sa Rialachán seo iad nó i gceann de na gníomhartha a liostaítear in Iarscríbhinn I, ach amháin sa chás ina gceadaítear a mhalairt de nósanna imeachta. Ní dhéanfaidh na seirbhísí teicniúla tástálacha, measúnúcháin ná cigireachtaí a sheoladh nach bhfuil siad ainmnithe go cuí ag a n-údarás ceadaithe lena ndéanamh.
Déanfaidh na seirbhísí teicniúla ag gach tráth:
a cheadú dá n-údarás ceadaithe ainmniúcháin an tseirbhís theicniúil a fhianú le linn an mheasúnaithe comhréireachta, de réir mar is iomchuí; agus
gan dochar d’Airteagal 57(9) agus d’Airteagal 67, a sholáthar dá n-údarás ceadaithe ainmniúcháin an fhaisnéis sin maidir lena gcatagóirí gníomhaíochtaí a thig faoi raon feidhme an Rialacháin seo, de réir mar a fhéadfar é sin a iarraidh.
Airteagal 67
Oibleagáidí faisnéise de chuid seirbhísí teicniúla
Cuirfidh seirbhísí teicniúla a n-údarás ceadaithe ainmniúcháin ar an eolas faoin méid seo a leanas:
aon neamh-chomhréireacht a thagann chun cinn a d’fhéadfadh a fhágáil gur gá deimhniú ar chineálcheadú a dhiúltú, a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar;
aon tosca a dhéanfaidh difear do raon feidhme a n-ainmnithe agus do na coinníollacha faoina dtugtar ainmniú dóibh;
aon iarraidh ar fhaisnéis a gheobhaidh siad ó údaráis um fhaireachas margaidh maidir lena ngníomhaíochtaí.
CAIBIDIL XVII
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 68
Gníomhartha cur chun feidhme
Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach agus chun coinníollacha comhionanna a leagan síos chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69(2), gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos na bearta cur chun feidhme seo a leanas:
na teimpléid don doiciméad faisnéise agus don fhillteán faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 22;
an córas uimhrithe le haghaidh deimhnithe ar chineálcheadú AE dá dtagraítear in Airteagal 24(4);
an teimpléad le haghaidh deimhnithe ar chineálcheadú AE dá dtagraítear in Airteagal 25(2);
an teimpléad le haghaidh bileog thorthaí na tástála a chuirtear i gceangal le deimhniú ar chineálcheadú AE dá dtagraítear i bpointe a d’Airteagal 25(3);
an teimpléad le haghaidh an liosta ceanglas nó gníomhartha infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 25(6);
na ceanglais ghinearálta d’fhormáid na tuarascála tástála dá dtagraítear in Airteagal 27(1);
an teimpléad don deimhniú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 33(2);
an tsamhail don mharc cineálcheadaithe AE dá dtagraítear in Airteagal 34;
na húdaruithe chun cineálcheaduithe AE a dheonú lena ndéantar teicneolaíochtaí nua nó coincheapa nua a dhíolmhú, dá dtagraítear in Airteagal 35(3);
na teimpléid le haghaidh an deimnithe cineálcheadaithe agus an deimhnithe comhréireachta i ndáil le teicneolaíochtaí nua nó le coincheapa nua dá dtagraítear in Airteagal 35(4);
na húdaruithe do na Ballstáit chun cineálcheadú a fhadú, dá dtagraítear in Airteagal 36(2);
an liosta de na páirteanna agus den trealamh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 45(2);
an teimpléad agus córas uimhrithe don deimhniú, dá dtagraítear in Airteagal 46(3), maille le gach gné a bhaineann leis an nós imeachta maidir le húdarú, dá dtagraítear san Airteagal sin;
an teimpléad do dheimhniú lena soláthraítear cruthúnas comhréireachta don údarás cineálcheadaithe, amhail dá dtagraítear in Airteagal 53(8).
Airteagal 69
Nós imeachta coiste
I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 70
Na hIarscríbhinní a leasú
Gan dochar d’fhorálacha eile an Rialacháin seo a bhaineann lena Iarscríbhinní a leasú, cumhachtófar don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71, maidir le leasuithe ar Iarscríbhinn I chun tagairtí do ghníomh rialála agus chun ceartúcháin a chur san áireamh.
Airteagal 71
An tarmligean a fheidhmiú
CAIBIDIL XVIII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 72
Pionóis
Ar na cineálacha sáruithe a bheidh faoi réir pionóis, beidh:
dearbhuithe bréagacha a dhéanamh le linn na nósanna imeachta ceadaithe nó le linn nósanna imeachta as a leanann aisghlaoch;
falsú a dhéanamh ar thorthaí tástála le haghaidh chineálcheadaithe nó le haghaidh comhréireachta inseirbhíse;
sonraí nó sonraíochtaí teicniúla a choinneáil siar a bhféadfadh aisghlaoch, diúltú nó tarraingt siar an chineálcheadaithe leanúint astu;
feistí sáraithe a úsáid;
diúltú rochtain ar fhaisnéis a chur ar fáil;
feithiclí, córais, comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leithligh atá faoi réir a gceadaithe a bheith á gcur ar fáil ar an margadh ag oibreoirí eacnamaíocha agus gan an ceadú sin a bheith acu nó doiciméid nó marcálacha a bheith á bhfalsú acu chun na críche sin.
Airteagal 73
Forálacha idirthréimhseacha
I gcás den sórt sin, ní dhéanfaidh údaráis náisiúnta clárú, cur ar an margadh nó cur i seirbhís na bhfeithiclí a chomhlíonann an cineálcheadú a thoirmeasc, a shrianadh ná a bhac.
▼M6 —————
Airteagal 76
Aisgairm
Airteagal 77
Leasú ar Threoir 2006/42/CE
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce de phointe (e) d’Airteagal 1(2) de Threoir 2006/42/CE:
tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta, cé is moite d’innealra a shuiteáiltear ar na feithiclí sin,”.
Airteagal 78
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Amhail ón 22 Márta 2013, ní dhiúltóidh údaráis náisiúnta cineálcheadú AE nó cineálcheadú náisiúnta a dheonú do chineál nua feithicle ná ní fhéadfaidh siad clárú, cur ar an margadh nó cur i seirbhís a thoirmeasc i gcás feithicle nua más rud é go gcomhlíonann an fheithicil i dtrácht an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, má iarrann monaróir an deonú, an clárú, an cur ar an margadh nó an cur i seirbhís sin.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
LIOSTA DE CHEANGLAIS CHUN CRÍOCHA CINEÁLCHEADAITHE AE AR FHEITHICILÍ
Uimh. |
Airteagal |
Ábhar |
Tagairt do ghníomh rialála |
Mótarfheithiclí |
Catagóirí feithiclí |
|||||||||||||||||
T1a |
T1b |
T2a |
T2b |
T3a |
T3b |
T 4.1a |
T4.1b (+) |
T 4.2a |
T 4.2b (+) |
T 4.3a |
T 4.3b |
Ca |
Cb (++) |
Ra |
Rb |
Sa |
Sb |
|||||
1 |
17(2)(a) |
Sláine struchtúr na feithicle |
RVFSR |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
X |
X |
X |
X |
X |
2 |
17(2)(b) |
Uasluas deartha, rialtóir luais agus feistí luasteorann |
RVFSR |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
X |
3 |
17(2)(b) |
Feistí coscánaithe agus cúplán coscán leantóra |
RVBR |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
4 |
17(2)(b) |
Stiúradh le haghaidh tarracóirí sciobtha |
RVFSR (bunaithe ar ECE 79 REV [uimhir nua]) |
NA |
X |
NA |
X |
NA |
X |
NA |
X |
NA |
X |
NA |
X |
NA |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
5 |
17(2)(b) |
Stiúradh |
RVFSR |
Y |
X |
NA |
X |
NA |
X |
NA |
X |
NA |
X |
NA |
X |
NA |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
6 |
17(2)(b) |
Luasmhéadar |
►M3 RVFSR ◄ |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
NA |
NA |
NA |
NA |
7 |
17(2)(c) |
Raon radhairc agus cuimilteoirí gaothscátha |
RVFSR (bunaithe ar ECE 71 REV. 1) |
Y |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
8 |
17(2)(c) |
Gloiniú |
RVFSR (bunaithe ar ECE 43 Rev2 Am3 Sup11) |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
9 |
17(2)(c) |
Scátháin chúlfhéachana |
RVFSR |
Y |
X |
X |
X |
X |
►M3 X ◄ |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
10 |
17(2)(c) |
Córais faisnéise don tiománaí |
RVFSR |
Y |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
11 |
17(2)(d) |
Feistí soilsiúcháin, feistí solaschomharthaíochta agus a bhfoinsí solais |
RVFSR (bunaithe ar ECE 3 Rev3 Am1 Sup11; ECE 4 Rev4 Sup14; ECE 5 Forlíonadh 7 a ghabhann le sraith leasuithe 02; ECE 6 Rev4 Sup17; ECE 7 Rev4 Sup15; ECE 19 Rev5 Sup1; ECE 23 Rev2 Sup15; ECE 31 Forlíonadh 7 a ghabhann le sraith leasuithe 02; ECE 37 Forlíonadh 36 a ghabhann le sraith leasuithe 03; ECE 38 Rev2 Sup14; ECE 98 Rev1 Sup11; ECE 99 Forlíonadh 6 a ghabhann leis an leagan bunaidh den Rialachán; ECE 112 sraith leasuithe 01; ECE 113 Forlíonadh 9 a ghabhann leis an leagan bunaidh den Rialachán;) |
Y |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
12 |
17(2)(d) |
Suiteáil soilse |
RVFSR (bunaithe ar ECE 86 Am [uimhir nua]) |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
X |
X |
X |
X |
13 |
17(2)(e) |
Cosaint do dhaoine atá i bhfeithicil, lena n-áirítear feistis inmheánacha, ceannbhaic, criosanna sábhála, doirse na feithicle |
RVFSR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
14 |
17(2)(f) |
An taobh amuigh den fheithicil agus na gabhálais |
RVFSR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
15 |
17(2)(g) |
Comhoiriúnacht leictreamaighnéadach |
RVFSR |
Y |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
16 |
17(2)(h) |
Feiste rabhaidh inchloiste |
RVFSR |
Y |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
17 |
17(2)(i) |
Córais téimh |
RVFSR |
Y |
X |
X |
X |
X |
X |
►M3 X ◄ |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
18 |
17(2)(j) |
Feistí chun úsáid neamhúdaraithe a chosc |
RVFSR |
Y (do chatagóirí T agus C amháin) |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
Z |
Z |
X |
X |
19 |
17(2)(k) |
Pláta clárúcháin |
RVFSR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
X |
X |
X |
X |
20 |
17(2)(k) |
Pláta agus marcáil reachtúil |
RVFSR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
X |
X |
X |
X |
21 |
17(2)(l) |
Toisí agus mais an leantóra |
RVFSR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
X |
X |
X |
X |
22 |
17(2)(l) |
Uasmhais ualaithe |
RVFSR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
23 |
17(2)(l) |
Maiseanna ballasta |
RVFSR |
|
X |
X |
X |
X |
►M3 X ◄ |
►M3 X ◄ |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
24 |
17(2)(m) |
Sábháilteacht na gcóras leictreach |
RVFSR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
25 |
17(2)(a), 17(2)(m), 18(2)(l) |
Umar breosla |
RVFSR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
NA |
NA |
NA |
NA |
26 |
17(2)(n) |
Struchtúir chosanta cúil |
RVFSR |
|
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
X |
X |
NA |
NA |
27 |
17(2)(o) |
Cosaint chliathánach |
RVFSR |
|
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
X |
NA |
NA |
28 |
17(2)(p) |
Ardáin iompair |
RVFSR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
29 |
17(2)(q) |
Feistí tarraingthe |
RVFSR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
30 |
17(2)(r) |
Boinn |
RVFSR (bunaithe ar ECE 106 Am5 Sup6) |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
►M3 X ◄ |
►M3 X ◄ |
X |
X |
X |
X |
31 |
17(2)(s) |
Córais choiscthe sprae |
RVFSR |
Y |
NA |
X |
NA |
X |
NA |
X |
NA |
X |
NA |
X |
NA |
X |
NA |
NA |
NA |
X |
NA |
NA |
32 |
17(2)(t) |
Giar cúlaithe |
RVFSR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
NA |
NA |
NA |
NA |
33 |
17(2)(u) |
Rianta |
RVFSR |
|
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
X |
X |
NA |
NA |
NA |
NA |
34 |
17(2)(v) |
Cúpláin mheicniúla |
RVFSR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
►M3 X ◄ |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
X |
X |
X |
X |
35 |
18(2)(a) |
ROPS |
RVCR (tuarascáil tástála mar mhalairt ar an gceann faoi réim réimse chur chun feidhme Chód ECFE 3, arna leasú) |
|
X |
X |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
X |
X |
X |
X |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
36 |
18(2)(a) |
ROPS (tarracóir snámhaíochta) |
RVCR (tuarascáil tástála mar mhalairt ar an gceann faoi réim réimse chur chun feidhme Chód ECFE 8, arna leasú) |
|
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
X |
X |
NA |
NA |
NA |
NA |
37 |
18(2)(a) |
ROPS (tástáil statach) |
RVCR (tuarascáil tástála mar mhalairt ar an gceann faoi réim réimse chur chun feidhme Chód ECFE 4, arna leasú) |
|
X |
X |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
NA |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
NA |
NA |
NA |
NA |
38 |
18(2)(a) |
ROPS, tulsuite (tarracóirí caolriain) |
RVCR (tuarascáil tástála mar mhalairt ar an gceann faoi réim réimse chur chun feidhme Chód ECFE 6, arna leasú) |
|
NA |
NA |
X |
X |
X |
X |
NA |
NA |
NA |
NA |
X |
X |
►M4 X ◄ |
►M4 X ◄ |
NA |
NA |
NA |
NA |
39 |
18(2)(a) |
ROPS, cúlsuite (tarracóirí caolriain) |
RVCR (tuarascáil tástála mar mhalairt ar an gceann faoi réim réimse chur chun feidhme Chód ECFE 7, arna leasú) |
|
NA |
NA |
X |
X |
X |
X |
NA |
NA |
NA |
NA |
X |
X |
►M1 X ◄ |
►M1 X ◄ |
NA |
NA |
NA |
NA |
40 |
18(2)(b) |
FOPS, Struchtúr cosanta ar rudaí atá ag titim |
RVCR (tuarascáil tástála mar mhalairt ar an gceann faoi réim réimse chur chun feidhme Chód ECFE 10, arna leasú) |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
41 |
18(2)(c) |
Suíocháin phaisinéara |
RVCR |
|
X |
X |
►M1 X ◄ |
►M1 X ◄ |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
42 |
18(2)(d) |
An tiománaí faoi lé ag leibhéal torainn |
RVCR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
NA |
NA |
NA |
NA |
43 |
18(2)(e) |
Suíochán an tiománaí agus suíomh an tsuíocháin |
RVCR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
►M1 X ◄ |
►M1 X ◄ |
NA |
NA |
NA |
NA |
44 |
18(2)(f) |
Spás oibriúcháin, rochtain ar an suíomh tiomána |
RVCR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
►M1 X ◄ |
►M1 X ◄ |
NA |
NA |
NA |
NA |
45 |
18(2)(g) |
Cumhachtdúiseachtaí |
RVCR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
NA |
NA |
NA |
NA |
46 |
18(2)(h) |
Cosaint ar chomhpháirteanna tiomána |
RVCR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
NA |
NA |
NA |
NA |
47 |
18(2)(i) |
Pointí ancaireachta criosanna sábhála |
RVCR (tuarascáil tástála mar mhalairt ar an gceann faoi réim réimse chur chun feidhme Chóid ECFE 3, 4, 6, 7, 8 arna leasú) |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
48 |
18(2)(j) |
Criosanna sábhála |
RVCR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
49 |
18(2)(k) |
OPS, Cosaint ar rudaí treáiteacha |
RVCR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
50 |
18(2)(l) |
Sceithchóras |
RVCR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
NA |
NA |
NA |
NA |
51 |
18(2)(l), 18(2)(m), 18(2)(q), 18(4) |
An lámhleabhar don oibreoir |
RVCR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
Z |
Z |
X |
X |
52 |
18(2)(n) |
Rialuithe, lena n-áirítear go háirithe feistí éigeandála agus feistí do stopadh uathoibríoch |
RVCR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
53 |
18(2)(p) |
Cosaint ar ghuaiseacha meicniúla seachas na cinn a luaitear in Airteagal 18(2) (a), (b), (g), (k), lena n-áirítear cosaint ar réabadh na bpíobán ina n-iompraítear sreabháin agus cosaint ar ghluaiseacht gan smacht na feithicle |
RVCR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
Z |
Z |
X |
X |
54 |
18(2)(r), 18(2)(p) |
Sciatha agus feistí cosanta |
RVCR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
Z |
Z |
X |
X |
55 |
18(2)(l), 18(2)(s), 18(2)(q), 18(4) |
Faisnéis, rabhaidh agus marcálacha |
RVCR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
Z |
Z |
X |
X |
56 |
18(2)(t) |
Ábhair agus táirgí |
RVCR |
Y |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
57 |
18(2)(u) |
Ceallraí |
RVCR |
Y |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
58 |
18(4) |
Bealach éalaithe |
RVCR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
59 |
18(2)(l), 18(4) |
Córas aeraithe agus scagaithe an chábáin |
RVCR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
60 |
18(4) |
Ráta dó ábhar an chábáin |
RVCR |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
61 |
19(2)(a) |
Astaíochtaí truailleán |
REPPR (céimeanna astaíochtaí ó 2000/25/CE agus 97/68/CE) |
|
X |
X |
X |
X |
X Má tá sé laistigh de raon feidhme na Treorach |
X Má tá sé laistigh de raon feidhme na Treorach |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
NA |
NA |
NA |
NA |
62 |
19(2)(b) |
Leibhéal fuaime (seachtrach) |
REPPR (luachanna teorann ó 2009/63/CE) |
Y |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
I |
I |
NA |
NA |
NA |
NA |
Eochair: (+) = má chruthaítear fochatagóir den sórt sin faoin gcatagóir (++) = sa chás go bhfreagraíonn na fochatagóirí do na catagóirí b-innéacsaithe faoi chatagóir T, agus sa chás sin amháin X = infheidhme I = mar an gcéanna le T de réir na catagóire Y = glactar leis gur coibhéiseach na gníomhartha ábhartha le haghaidh mótarfheithiclí, de réir mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe Z = ní infheidhme ach amháin maidir le trealamh idirmhalartaithe ar tarraingt a thig faoi chatagóir R de bharr an uasmhais ualaithe atá ceadaithe go teicniúil i gcóimheas leis an mais gan ualach a bheith comhionann le nó níos mó ná 3,0 (Airteagal 3, sainmhíniú 9) NA = ní infheidhme RVFSR = Rialachán maidir le Ceanglais i leith Sábháilteachta Feidhmiúla Feithicle (gníomh tarmligthe) RVCR = Rialachán maidir le Ceanglais i leith Thógáil Feithiclí (gníomh tarmligthe) REPPR = Rialachán maidir le Ceanglais ar Fheidhmíocht Chomhshaoil agus Modha Tiomána (gníomh tarmligthe) RVBR = Rialachán maidir le Ceanglais Choscánaithe Feithiclí (gníomh tarmligthe) |
IARSCRÍBHINN II
TEORAINNEACHA DO SHRAITHEANNA BEAGA
Maidir leis an líon aonad laistigh de chineál atá le cur ar fáil ar an margadh, le clárú nó le cur i seirbhís gach bliain i ngach Ballstát, ní rachaidh sé thar an luach a thaispeántar thíos le haghaidh na catagóire feithiclí atá i gceist.
Catagóir |
Aonaid (le haghaidh gach cineáil) |
T |
150 |
C |
50 |
IARSCRÍBHINN III
Tábla comhghaoil
(dá dtagraítear in Airteagal 76)
Treoir 2003/37/CE |
An Rialachán seo |
Airteagal 1 |
Airteagal 1 agus Airteagal 2 |
Airteagal 2 |
Airteagal 3 |
Airteagal 3 |
Airteagal 20 go hAirteagal 23 |
Airteagal 4 |
Airteagal 22, Airteagal 24 agus Airteagal 26 |
Airteagal 5 |
Airteagal 29 go hAirteagal 31 |
Airteagal 6 |
Airteagal 33 agus Airteagal 34 |
Airteagal 7 |
Airteagal 5, Airteagal 38 agus Airteagal 40 |
Airteagal 8(1) Airteagal 8(2) |
Airteagal 38(2) Airteagal 35 go hAirteagal 37 agus Airteagal 39 |
Airteagal 9 |
Airteagal 37 |
Airteagal 10 |
Airteagal 39 |
Airteagal 11 |
Airteagal 35 agus Airteagal 36 |
Airteagal 12 |
Airteagal 49 agus Airteagal 50 |
Airteagal 13 |
Airteagal 8 agus Airteagal 28 |
Airteagal 14 |
Airteagal 24 |
Airteagal 15 |
Airteagal 41 go hAirteagal 48 |
Airteagal 16 |
Airteagail 41 agus Airteagal 44 |
Airteagal 17 |
Airteagal 44 |
Airteagal 18 |
Airteagal 48 |
Airteagal 19 |
Airteagal 68, Airteagal 70 agus Airteagal 71 |
Airteagal 20 |
Airteagal 69 |
Airteagal 21 |
Airteagal 5 agus Airteagal 57 go hAirteagal 67 |
Airteagal 22 |
— |
Airteagal 23 |
— |
Airteagal 24 |
— |
Airteagal 25 |
— |
Airteagal 26 |
— |
( 1 ) IO L 374, 27.12.2006, lch. 10.
( 2 ) Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 agus lena leasaítear, agus lena n-aisghairtear Treoir 97/68/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 53).
( 3 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/96 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh.167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais ar fheidhmíocht chomhshaoil agus modha tiomána i leith feithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 16, 23.1.2015, lch. 1).
( 4 ) IO L 263, 9.10.2007, lch. 1.
( 5 ) IO L 199, 28.7.2008, lch. 1.