MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1408 ón gCoimisiún 1 , leasaítear Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air 2 ionas go mbeidh na Ballstáit in ann réamhíocaíochtaí a dhéanamh a mhéid a bhaineann le hidirghabhálacha dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2021/2115 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha faoin gcomhbheartas talmhaíochta 3 .
De bhun Airteagal 44(5) de Rialachán (AE) 2021/2116, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán sin trí choinníollacha sonracha a bhunú d’íocaíocht na réamhíocaíochtaí chun comhsheasmhacht agus neamh‑idirdhealú a áirithiú.
Chun a ráthú go mbainfidh na tairbhithe a chuireann na hidirghabhálacha dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2021/2115 chun feidhme, úsáid iomchuí as réamhíocaíochtaí i leith cistí de chuid an Aontais, ba cheart íocaíocht na réamhíocaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 44(3a) de Rialachán (AE) 2021/2116 a bheith faoi réir coinníollacha sonracha i bhfoirm céatadáin uasta den chaiteachas tuartha agus faoi réir an cheanglais go mbeidh ar na tairbhithe urrús a thaisceadh. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 4 a leasú, i gcomhréir le hAirteagal 44(5) de Rialachán (AE) 2021/2116, chun na coinníollacha sonracha sin a leagan síos agus chun na forálacha maidir le hurrúis a oiriúnú dá réir.
Thairis sin, a mhéid a bhaineann le híocaíochtaí cabhrach faoi chláir bheachadóireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta 5 , scoirfidh na rialacha atá ann faoi láthair maidir leis an teagmhas oibríochtúil don ráta malairte d’fheidhm a bheith acu ag deireadh 2022. Ar mhaithe le leanúnachas, ba cheart Rialachán (AE) 2022/127 a leasú chun an 1 Eanáir den bhliain ina ndéantar an íocaíocht a choimeád mar theagmhas oibríochtúil.
Tagraíonn Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2022/127 go hearráideach d’Airteagal 27, ach ina ionad sin ba cheart tagairt a dhéanamh ann d’Airteagal 26 den Rialachán sin. Ba cheart an tagairt a cheartú.
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Rinneadh comhairliúcháin le saineolaithe ó gach ceann de na 27 mBallstát laistigh den Sainghrúpa a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/2116, go háirithe le linn chruinnithe an 15 Feabhra, an 22 Márta agus an 13 Meán Fómhair 2022. Leis na cruinnithe sin, bhíothas in ann smaointí an Choimisiúin a chur i láthair maidir le raon feidhme an ghnímh tharmligthe agus na leasuithe atá beartaithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún, chomh maith le tuairimí a mhalartú leis na saineolaithe. Tar éis an chomhairliúcháin phoiblí 4 seachtaine, fuair an Coimisiún trí bharúil ó pháirtithe leasmhara agus ó shaoránaigh. Ós rud é go mbaineann na barúlacha sin le ceisteanna maidir le léirmhíniú dlí, le saincheisteanna a réitíodh cheana sa ghníomh dlí atá beartaithe nó le saincheisteanna nach gcumhdaítear leis an téacs dlíthiúil, níl aon athrú ar an ngníomh tarmligthe dá bhrí sin.
3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Leis an ngníomh tarmligthe seo, leasaítear agus ceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún trí chaibidil bhreise a ghabhann leis an Rialachán sin a chur isteach chun coinníollacha sonracha a leagan síos le haghaidh na réamhíocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 44(3a) de Rialachán (AE) 2021/2116 agus chun na forálacha maidir le hurrúis a leagtar amach i gCaibidil IV den Rialachán sin a oiriúnú. Leis an ngníomh tarmligthe, leasaítear Rialachán (AE) 2022/127 a thuilleadh chun an teagmhas oibríochtúil atá ann faoi láthair le haghaidh cláir bheachadóireachta a choinneáil ar bun agus chun crostagairt earráideach a cheartú.
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 31.10.2022
lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 6 , agus go háirithe Airteagal 44(5), Airteagal 64(3), pointe (d), agus Airteagal 94(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas: